We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

Toghchán Leas-Chathaoirligh

Summary

Naoise Ó Cearúil was elected Leas-Chathaoirleach, with members pledging cooperation to promote and strengthen the Irish language and Gaeltacht communities.

Rachaimid ar aghaidh anois le toghchán Leas-Chathaoirleach an choiste. Mar a chomhaontaíodh ag ár gcruinniú ar an 27 Bealtaine 2025, dúramar go dtoghfaimis Leas-Chathaoirleach ar an gcoiste. Tá dhá ainmniúchán faighte agam. Fuarthas ainmniúchán i dtaobh an Teachta Aengus Ó Snodaigh ar an 28 Bealtaine 2025 agus ansin fuarthas ainmniúchán i dtaobh an Teachta Naoise Ó Cearúil ar 29 Bealtaine 2025.

An bhfuil aon ainmniúchán eile ar mhaith le haon chomhalta eile a dhéanamh anois? Níl. Go raibh maith agaibh. Anois déanaimid ár mbreathnú ar na hainmniúcháin san ord a fuarthas iad.

Comment on this
Division Carried

Question put: "That Naoise Ó Cearúil be elected as Leas-Chathaoirleach of the joint committee."

Tá 7
·
Níl 5

Do you agree with this result?

Ba mhaith liom comhghairdeas a chur in iúl don Teachta Naoise Ó Cearúil – in ainneoin mo vóta. Beimid ag obair as lámh a chéile agus é mar Leas-Chathaoirleach ar an gcoiste.

Comment on this

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh, in ainneoin an vóta. Oibreoidh mé leat agus leis an gcoiste as seo amach. Táim ag súil le hobair an choiste seo. Bhí an oiread sin déanta ag Aengus Ó Snodaigh mar Chathaoirleach sa choiste deireanach agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt dó sin. Táim ag súil le bheith ag obair le hAengus agus leis an gcoiste san iomlán as seo amach. Tá an-obair le déanamh againn ó thaobh na Gaeilge agus ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge agus na nGaeltachtaí thart timpeall na tíre. Tá á lán bainte amach againn ach tá níos mó le déanamh agus tá mé ag súil le hobair an choiste seo. Guím gach rath ar an gCathaoirleach ina ról as seo amach.

Comment on this

Go raibh míle maith agat, a Theachta. An bhfuil éinne eile ag iarraidh labhairt?

Comment on this

Déanaim comhghairdeas le Naoise, in ainneoin mo vóta. Sin mar a bhíonn. Tá aithne agam ar Naoise le tamall anois agus tá a fhios agam gur díograiseoir é agus go bhfuil an Ghaeilge chun cinn aige. Is é an jab atá againn ná cinnte a dhéanamh de go bhfuil an Ghaeilge chun cinn agus gur féidir linn an méid tacaíochta is féidir a thabhairt do na heagrais Ghaeilge, chun an Ghaeilge a shlánú agus a chur chun cinn i ngach uile bhealach. Déanfaidh an coiste seo obair iontach má oibrímid le chéile agus measaim go bhfuil an toil sin inár measc.

Comment on this

Go raibh maith agaibh. Níl deis againn aon ghnó eile a dhéanamh, mar sin má tá aon ghnó eile, fanfaimid go dtí an chéad chruinniú eile. Ag an bpointe seo, molaim go gcuirfimid an cruinniú ar fionraí ar feadh cúpla nóiméad ionas gur féidir lenár bhfinnéithe a gcuid suíochán a ghlacadh agus go leanfaimid ar aghaidh ansin.

Comment on this