We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

Earcaíocht sa tSeirbhís Phoiblí: Plé

Summary

Phléigh an coiste sprioc dhlíthiúil 20% d’earcaigh sa tseirbhís phoiblí a bheith inniúil sa Ghaeilge, agus thacaigh Fórsa leis an aidhm sin ach chuir siad béim ar infheistíocht mhór i dtraenáil, am saor le pá, agus idirbheartaíocht leis na ceardchumainn. D’iarr siad ar an Rialtas dul i gcomhairle leo go práinneach, agus cuireadh in iúl freisin gur cheart an cur chuige a bheith bunaithe ar éileamh seirbhíse, ar chuimsiú, agus ar sheirbhís dhátheangach gan dochar do bhaill ná do dheiseanna ardú céime.

Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Anois déanfaimid ár mbreithniú ar ábhar na hearcaíochta sa tseirbhís phoiblí. Tógfaidh sé seo beagáinín am. Bíodh foighne agaibh liom, más é bhur dtoil é. Fearaim fáilte roimh na hionadaithe thar ceann an cheardchumainn Fórsa, Paul MacSweeney agus Aisling Cusack. Tá céad míle fáilte rompu.

Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 3, taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Sula leanfaidh muid ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe agus na gcomhaltaí uilig. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin a chur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime.

Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir go mbeadh a bhfíseáin ar siúl an t-am go léir agus iad le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu ó lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d'fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaím dóibh éirí as an bhfianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ní mór dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfaí a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an ordú sin láithreach. An nglacann na finnéithe leis na treoracha sin? Glacann.

Anois, iarrfaidh mé ar rúnaí cúnta Fhórsa a ráiteas a dhéanamh.

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Gabhaim buíochas le baill an choiste as an gcuireadh chun tuairimí Fhórsa d’earcaíocht sa tseirbhís phoiblí a chur i láthair ag tabhairt aird ar an bhforáil in Acht na dTeangacha Oifigiúla a éilíonn go mbeadh cumas maith Gaeilge ag 20% d’earcaigh sa tseirbhís phoiblí. Is aidhm leis an bhforáil sin a chinntiú go bhfuil teacht ag an bpobal ar sheirbhísí dátheangacha, i nGaeilge agus i mBéarla, agus go mbeidh an Stát in ann a chuid seirbhísí a chur ar fáil go héifeachtach sa dá theanga.

Tacaíonn Fórsa go hiomlán le tionscnaimh a chuireann ar chumas oibrithe úsáid a bhaint as an nGaeilge, ina saol gairmiúil agus ina saol sóisialta. Cuirimid fáilte roimh thuilleadh úsáide agus taitnimh a bheith á baint as ár dteanga náisiúnta inár láithreacha oibre agus inár bpobail, chomh maith le hoibrithe a bheith ag cur lena gcuid Gaeilge agus ag éirí níos líofa, dhá rud a bhfuilimid ag súil go mór leo freisin. Tá ár gceardchumann ag tacú lenár dteanga a chur chun cinn le fada an lá. Rithimid scéim Gaeltachta Fhórsa gach bliain, rud a chuireann ranníocaíocht ar fáil i leith táillí Gaeltachta a bhíonn le híoc ag leanaí. Rinneamar leathnú ar an scéim i mbliana ionas go mbeidh níos mó teaghlaigh in ann leas a bhaint as an scéim. Chuireamar feachtas ar bun freisin chun cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht do státseirbhísigh a mbeadh fonn orthu Gaeilge a úsáid ina gcuid oibre.

Anois ós rud é go bhfuil sprioc dhlíthiúil ann go mbeadh cumas sa teanga ag 20% d’earcaigh san earnáil poiblí, ba mhaith linn a chinntiú go mbeadh rochtain chóir dhóthanach ag ár mbaill ar oiliúint.

D’fhéadfaí go n-áireofaí leis sin fáil a bheith ar chúrsaí Gaeilge agus am saor le pá óna gcuid gnáthdhualgas chun a gcuid foghlamtha agus uasoiliúna sa teanga a éascú ionas go mbainfeadh siad amach an cumas atá ag teastáil.

Tá an sprioc atá leagtha amach sa dlí uaillmhianach. Mar sin féin, is cúis imní í nach bhfuil rannpháirtíocht nó idirbheartaíocht fhiúntach ag dul ar aghaidh leis na ceardchumainn, go háirithe i bhfianaise na n-impleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann don lucht oibre atá ann faoi láthair. Ní dheachaigh an Rialtas i gcomhairle le Fórsa, cé gurb é an ceardchumann is mó é a dhéanann ionadaíocht ar oibrithe san earnáil phoiblí, nuair a bhíothas ag ullmhú an phlean náisiúnta do sheirbhísí poiblí as Gaeilge, ná don phlean gníomhaíochta 2025-2027 atá ar na bacáin.

Tá a fhios againn gur ag thart ar 11% den tseirbhís phoiblí a bhfuil an cumas acu a gcuid oibre a dhéanamh i nGaeilge faoi láthair. Cuireadh béim ar an taighde seo sa phlean náisiúnta do sheirbhísí as Gaeilge a rinne Ollscoil na Gaillimhe. Tá a fhios againn chomh maith ó fhigiúirí an daonáirimh nach labhraíonn ach níos lú ná 2% den daonra an Ghaeilge ar bhonn laethúil.

Aontaímid go diongbháilte gur chóir go mbeadh an rogha ag daoine fáil a bheith acu ar ár seirbhísí poiblí inár dteanga náisiúnta. Mar sin féin, ní mór go mbeadh éileamh ar sheirbhísí poiblí le go ndéanfaí soláthar orthu, ar gné é atá aitheanta sa phlean náisiúnta freisin. Mar sin féin, níl an chuma ar an scéal go bhfuil aon sonraí ar fáil chun an méid éilimh atá ag úsáideoirí seirbhíse feadh na hearnála poiblí faoi láthair a aithint. Caithfidh aon dearadh ar chleachtais earcaíochta, a d’fhéadfadh srian nó teorainn a chur le deiseanna fostaíochta do dhaoine aonair nach bhfuil cumas sa Ghaeilge acu, a bheith bunaithe ar fhianaise agus nasctha le héileamh seirbhíse. Ina theannta sin, ní mór idirbheartaíocht a dhéanamh idir ceardchumainn agus an fostóir ar aon bhearta earcaíochta a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith leis ar ár mbaill trína ngluaiseacht laistigh den tseirbhís phoiblí a theorannú nó trína rochtain ar dheiseanna ardú céime a laghdú. Tá sé sin tábhachtach dúinn.

Tacaíonn ár mbaill le cur chuige dearfach, bunaithe ar réitigh, chun cur le húsáid na Gaeilge agus caighdeán na seirbhísí poiblí as Gaeilge. Mar sin féin, níor chóir go ndéanfaí faillí ar an lucht oibre diongbháilte atá san earnáil phoiblí faoi láthair agus a oibríonn go crua chun an cuspóir tábhachtach seo a bhaint amach. Iarraimid ar an Rialtas mar sin dul i dteagmháil láithreach le ceardchumainn maidir leis an ábhar agus molaimid go láidir don choiste seo an moladh sin a chur os comhair an Rialtais.

Sula dtagaimid chun críche, ba chóir dúinn aird a tharraingt ar an mbagairt ciníochais agus dearcadh frithimirceach atá ag dul i méid ar ár sráideanna. Nuair a bhíonn ciníochas ar na sráideanna, beidh sé inár láithreacha oibre freisin. Ba chóir d’earcaíocht san earnáil phoiblí féachaint le dul i ngleic le héagothroime chiníochais agus éagsúlacht agus cuimsiú a chur chun cinn ar feadh na sochaí. Is éard atá i gceist le cuimsiú dáiríre ná timpeallacht a chruthú go réamhghníomhach ina mbeidh gach duine in ann a bheith rannpháirteach. Sa chomhthéacs sin, tá freagracht ar an Stát a chinntiú go gcruthaíonn sé deiseanna cothroma do na seirbhísí poiblí atá ann agus a bheidh ann chun seirbhísí an Stáit a sheachadadh sa dá theanga, lena n-áitrítear iad siúd nach raibh aon taithí acu ar an teanga roimhe seo. Táimid ag súil le hoibriú leis na páirtithe ábhartha chun tacú le cuspóirí Acht na dTeangacha Oifigiúla (Léasú) 2021 a sheachadadh. Gabhaim buíochas leis an gcoiste arís as a chuireadh le cur i láthair a dhéanamh inniu.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Gabhaim míle buíochas le Paul MacSweeney. Tosóidh muid leis na ceisteanna. Tá cúpla ceist ag an Seanadóir Curley.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis na finnéithe go léir as an taispeántas. Uaireanta, ceapaim go mb'fhéidir go bhfuil míthuiscint ar an oileán seo maidir leis na stádais atá ag na teangacha éagsúla sa tír. Tá dhá theanga oifigiúla ann, is iad sin, an Ghaeilge, ár dteanga dhúchais, agus an Béarla, teanga a tháinig chun na tíre seo i bhfad níos déanaí. Rachaidh mé níos faide ná sin: tá cead comharthaí pobail, bóthair agus araile a scríobh i mBéarla a fhad is atá siad scríofa i nGaeilge freisin, ach tá cead iad a scríobh i nGaeilge amháin más mian leis an duine atá á gcur in airde. Céard atá míchothrom leis an gcur chuige agus córas atá á gcur i bhfeidhm faoi láthair?

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Is í an fhadhb faoi láthair ná nach bhfuil daoine ag fáil na seirbhíse atá á lorg acu trí Ghaeilge.

Comment on this

An í an tseirbhís traenála sa teanga atá i gceist?

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Tá gá le níos mó traenála a chur ar fáil. Tá roinnt taighde déanta a deir go bhfuil a lán traenála ag teastáil ionas go mbeidh Státseirbhísigh agus daoine san earnáil phoiblí in ann an tseirbhís sin a chur ar fáil go dátheangach.

Comment on this

Glacaim leis sin, ach an gceapann na finnéithe go bhfuil ciníochas leis an gcuspóir 20%?

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Tá sé an-ard. Is féidir linn é a bhaint amach, ach tá gá le hinfheistíocht mhór sa Státseirbhís ionas go mbeidh na cúrsaí ar fáil do dhaoine le go mbeidh siad in ann an tseirbhís sin a chur ar fáil.

Comment on this

Glacaim go bhfuil easpa infheistíochta i mbealach éigin uaireanta, ach tá ardú i mbliana sa mhaoiniú atá ag dul isteach ón Aire, an Teachta Calleary. I ráiteas tosaigh Fhórsa, tá go leor tagairt déanta do míchothromaíocht, ciníochas agus rudaí mar sin. An bhfuil spás á chruthú ag an gcuspóir 20% do chiníochas sa tír?

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Tá muid ag rá gur gá dúinn a bheith cúramach faoi sin. Tá thart ar 89% dóibh siúd atá sa Státseirbhís ina nÉireannaigh gheala. Tá sé sin difriúil i gcomparáid leis na daoine atá sa tír go hiomlán.

Comment on this

Glacaim leis sin. Is é fáth a gcuirim an cheist sin ná, má bhreathnaítear ar na Gaelscoileanna atá lonnaithe timpeall na tíre faoi láthair, tá go leor éagsúlachta iontu. Tá soláthar Gaeilgeoirí ag teacht amach astu i láthair na huaire a laghdófar an fhadhb seo diaidh ar ndiaidh thar na blianta atá romhainn. Nach cuspóir maith é go mbeidh teanga dhúchais na tíre seo feiceálach san earnáil phoiblí agus go mbeidh páiste óg in ann siúl isteach chuig oifig chomhairle contae agus Gaeilge a chloisteáil? Nach gceapann Fórsa gur gá an sprioc 20% a bhaint amach faoi 2030?

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Beidh sé deacair í a bhaint amach. Níl fágtha ach cúig bliana. Táthar ag rá go bhfuil 11% de dhaoine san earnáil phoiblí in ann an tseirbhís dhátheangach a chur ar fáil faoi láthair.

Ceapaim go bhfuil sé níos ísle ná sin. Beidh sé deacair dul go 20% i gcúig bliana.

Comment on this

Tá súil agam go mothaíonn gach duine a chuireann isteach ar phost go bhfuil fáilte go dtí an tír rompu agus ba mhaith liom a bheith cinnte go mothaíonn. Ba mhaith liom é sin a rá freisin. Bogfaidh mé ar aghaidh go dtí an bhunfhadhb a fheicim féin. Luadh go mbeidh gá le 6,000 nó 7,000 státseirbhíseach líofa chun an sprioc a bhaint amach. Aontaím leis sin. Caitheann daoine 14 bliana ar an meán ag foghlaim na Gaeilge sa bhunscoil agus sa mheánscoil. An gceapann na finnéithe go bhfuil an bhunfhadhb lonnaithe sna scoileanna agus go dtosaíonn an fhadhb ag aois i bhfad níos ísle cé go bhfuilimid ag caint faoi dhaoine atá sa Státseirbhís faoi láthair? Uaireanta, bíonn na poist atá acu chomh gnóthach nach bhfuil seans acu traenáil a fháil sa Ghaeilge. Tá saol príobháideach taobh amuigh den phost acu freisin. Tá go leor rudaí ag baint ama uathu. Nach gceapann na finnéithe go bhfuil bunfhadhb anseo nach mbaineann leis an Státseirbhís féin?

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Tá fadhb ann. Tá a lán daoine tar éis dul tríd an mbunscoil agus an mheánscoil nach bhfuil Gaeilge mhaith acu. Feidhmíonn 3% de mheánscoileanna trí mheán na Gaeilge - na Gaelscoileanna agus mar sin de. B'fhéidir go bhfuil gá le níos mó Gaelscoileanna a bhunú ionas, nuair a thagann daoine isteach-----

Comment on this

Tá mo smaointe féin agam maidir leis na meánscoileanna lán-Bhéarla ach is scéal eile é sin. Tá ceist dheireanach agam. Conas is féidir an sprioc 20% a bhaint amach gan córas dáshrutha a chruthú atá scoilte idir oibrithe le Gaeilge agus iad gan Ghaeilge? Rinneadh tagairt éigin dó sin.

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Beidh gá lena lán traenáil a chur ar fáil. Caithfidh go mbeidh daoine saor óna ngnáthobair chun an traenáil sin a dhéanamh. Má tá an infheistíocht sin ann, beifear in ann an sprioc 20% a chomhlíonadh. Bhí Gaeleagras ann cheana. Chuir an Rialtas an eagraíocht sin ar ceal le linn na géarchéime. B'fhéidir go bhfuil gá le heagraíocht mar sin a chur i bhfeidhm arís.

Comment on this

Gabhaim buíochas as an airgead a chaitheann Fórsa ar scoláireachtaí Gaeltachta. Tá sé sin an-dearfach. Gabhaim buíochas le Paul McSweeney agus Aisling Cusack as teacht isteach.

Comment on this

Níl mórán ceisteanna agam. Thug na finnéithe cur i láthair thar cionn agus láidir dúinn. Tá cúpla ceist beaga agam. Céard iad na hiarrachtaí atá déanta le Fórsa chun dul i ngleic leis an Roinn ná an coiste comhairliúcháin a bunaíodh chun an sprioc seo a chur i bhfeidhm?

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Maidir leis an Státseirbhís, de ghnáth téann muid tríd an general council agus slite mar sin. Is é an rud a bhí á rá againn ná nach dheachaigh aon eagraíocht i ngleic linn sular cuireadh an 20% i bhfeidhm. Ó thaobh an rud atá á iarraidh againn, tá níos mó 90,000 ball ag Fórsa san earnáil phoiblí. Táimid ag iarraidh ar an gcoiste seo moladh a dhéanamh don Rialtas dul i dteagmháil linn chun idirbheartaíocht a dhéanamh maidir leis an 20% a bhaint amach.

Comment on this

Táim sásta moladh a dhéanamh gur cheart don choiste comhairliúcháin um sheirbhísí teanga Gaeilge dul i ngleic le Fórsa. Táim thar a bheith sásta é sin a dhéanamh. Ba thús maith é sin. Is é sin an grúpa atá curtha le chéile chun an cuspóir seo a chur i bhfeidhm. Ba cheart do Fhórsa casadh leis. An measann Mr. MacSweeney go mbeidh chuile cheardchumann ag iarraidh an deis chéanna?

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Ceapaim go mbeidh ceardchumainn eile ag iarraidh an deis chéanna. Tá sé soiléir go bhfuil grá ag na ceardchumainn éagsúla don Ghaeilge. Ba mhaith linn a bheith ábalta an sprioc sin a bhaint amach. Ceapaim go mbeidh ceardchumainn eile ina bhfabhar seo. Baineann an t-aon chúis imní atá againn lenár mbaill agus leis an bhféidearthacht go gcaillfeadh siad amach ar arduithe céime agus mar sin de. Is cúis imní é sin ach, más féidir linn obair le chéile agus má tá infheistíocht déanta sa traenáil agus mar sin de, níor chóir gur fadhb é sin.

Comment on this

Tá rud amháin eile le hardú agam. An gceapann na finnéithe nach bhfuil gá ar bith le haon choinníollacha teanga in aon phróiseas earcaíochta riamh? An bhfuil siad ina gcoinne sin ar fad? Nach bhfeiceann siad go bhfuil ceantair sa tír inar cheart go gcuirfeadh eagraíochtaí coinníollacha teanga i bhfeidhm nuair atá próiseas earcaíochta ar siúl?

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Dá mbeadh aon athruithe mar sin ann, ba chóir go mbeadh cainteanna leis na ceardchumainn roimh ré. Mura fuil an saghas idirbheartaíochta sin ann, bíonn coimhlint ann agus bíonn daoine i gcoinne rudaí nuair nach bhfuil gá leis sin. Má oibríonn muid le chéile, beidh toradh maith air.

Comment on this

Glacaim leis sin ach feicim féin go bhfuil cúpla áit agus cúpla eagraíocht sa tír ina bhfuil gá le coinníollacha teanga a chur i bhfeidhm nuair atá próiseas earcaíochta ar siúl. Ní dóigh liom go bhfuil rogha ag cuid acu ach is rud eile é sin. Maidir leis an athoiliúint, is dóigh go mbeidh Fórsa sásta dá mbeadh ar na fostaithe atá faoina chúram tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht chun an athoiliúint sin a dhéanamh.

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Bhí cúrsaí mar sin ar fáil le linn am Ghaeleagras agus chuaigh a lán daoine orthu. Bheadh an-suim againn dul go dtí an Ghaeltacht chun ár nGaeilge a fheabhsú.

Comment on this

Tá brón orm go raibh mé déanach ag tús an chruinnithe. Gabhaim buíochas leis an mbeirt fhinné as teacht isteach le labhairt linn ar maidin. Tá soiléiriú uaim. Níl Fórsa ag rá go bhfuil gá leis an gcuspóir seo a athrú ach go bhfuil gá dul i ngleic leis an Rialtas go práinneach, an ea?

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Is é sin atá á rá againn go díreach. Beidh sé deacair go leor an cuspóir a bhaint amach i gcúig bliana ach, ag an am céanna, má tá an t-infheistiú sin ann, is féidir é a dhéanamh.

Comment on this

Céard iad na tograí agus beartais faoi leith atá ar intinn ag Fórsa leis an sprioc sin a bhaint amach? An féidir iad a leagan amach? I ndiaidh cainteanna a thosú leis an Rialtas, céard iad na rudaí a gceapann Fórsa gur chóir a chur i gcríoch leis an sprioc seo a bhaint amach?

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Beidh géarghá le dianchúrsaí Gaeilge ionas go mbeidh daoine in ann a gcuid Gaeilge a fheabhsú. Sa rud a chuir muid isteach, táimid ag caint faoina bheith líofa go leibhéal B2 agus faoi níos mó ná 1,000 uair de staidéar.

Tá sé tábhachtach na cúrsaí a chur ar fáil ach má chuirtear iad ar fáil agus má tá daoine ar na cúrsaí, níl siad ar fáil ag an am sin leis an obair a dhéanamh. B'fhéidir go mbeidh gá daoine a fhostú ar feadh cúpla bliain ionas go mbeidh daoine ábalta freastal ar na cúrsaí. B'fhéidir go mbeidh gá leis sin. Má tá an infheistiú sin déanta agus seans ag daoine san earnáil phoiblí Gaeilge a fhoghlaim, is féidir an sprioc a bhaint amach.

Comment on this

Nílimid ag labhairt faoi gach éinne san earnáil phoiblí. Bheadh orm machnamh a dhéanamh ar an ghá atá ann daoine breise a fhostú le háiteanna daoine atá á traenáil a thógáil. Ní dóigh liom go mbeadh an oiread sin daoine i gceist. D'fhéadfaí ragobair a úsáid le freastal ar na daoine sin.

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

B'fhéidir go bhfuil an ceart ag an Teachta. B'fhéidir go bhféadfaí ragobair a úsáid nó slite eile, agus sin an fáth go bhfuilimid á rá le bheith ag caint linn, agus is féidir linn teacht ar réiteach. Sin an rud is mó. Mar a deir an Teachta, ní bheidh gach duine líofa. Táimid ag caint faoi 20% d'oibrithe. Tá sé tábhachtach go dtuigeann an 80% eile go bhfuil seans acu an Ghaeilge a fhoghlaim agus nach bhfuil siad chun cailliúint amach ar ardú céime agus mar sin de. Freisin, mar a bhíomar á rá, tá sé tábhachtach go bhfuil seans ag daoine atá nua don tír teacht isteach san earnáil phoiblí agus nach balla í an Ghaeilge dóibh siúd. Tá sé tábhachtach go dtuigeann gach éinne gur rud maith é seo agus go bhfuil fáilte roimh gach duine an Ghaeilge a fhoghlaim. Lasmuigh de na cúrsaí, tá ciorcail comhrá agus rudaí eile. Tá sé tábhachtach go dtuigeann daoine go bhfuil foghlaimeoirí ag baint taitneamh as an teanga a fhoghlaim.

Comment on this

An dá rud - agus maith dom é má tá sé seo mícheart agam - ná go mbeadh acmhainní curtha ar fáil le deiseanna a thabhairt do dhaoine freastal ar dianchúrsaí agus nach mbeadh bac ar éinne nach bhfuil Gaeilge acu ardú céime a bhaint amach. Sin iad an dá thogra a bhfuil ann leis an sprioc a bhaint amach.

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Sea, go díreach é.

Comment on this

Ceapaim go bhfuil níos mó deimhneacht ag teastáil agus polasaí níos doimhne ag teastáil ina leith sin. Más rud é go bhfuil comhrá le bheith ann leis an Rialtas - tá an sprioc seo de dhíth ag gach éinne, tá sé ráite ag an gceardchumann agus ag an Rialtas go bhfuil an sprioc seo de dhíth. Caithfimid a bheith thar a bheith sonrach céard iad na huirlisí leis sin a bhaint amach. Tá níos mó ag teastáil ón taobh sin. An bhfuil aon machnamh nó staidéar déanta ag na finnéithe i dtaobh cad atá tarlaithe sa Bhreatain Bheag nó i gCeanada, áiteanna a bhfuil coinníoll teanga seirbhísí poiblí a chur ar fáil? An bhfuil bac ar dhaoine ardú céime a fháil sna tíortha sin mar shampla?

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Níl an taighde sin déanta againn faoi láthair. Nuair atá níos mó caint agus idirbheartaíocht idir muid féin agus an Rialtas, beimid ag féachaint ar na tíortha eile agus cad a tharla nuair a cuireadh na rudaí seo i bhfeidhm.

Comment on this

Mholfainn é sin. Ach go háirithe ag féachaint ar Cheanada, tá meon dhátheangach san earnáil phoiblí. Nuair a dhéantar duine éigin ón iasacht a earcú go dtí an earnáil phoiblí sa tír sin, ní fheictear ar mar bhac ach mar rud gur chóir a mholadh agus a mhúscailt. Bheadh drogall orm labhairt faoi chinntiú go mbíonn ardú céime ag duine éigin mura bhfuil teanga acu. A mhalairt ar fad a bheinn á rá. Ba chóir go mbeadh muid ag déanamh Gaeilge a spreagadh. Ceann de na conspóidí is mó a bhí ann nuair a ceapadh an coimisinéir ar An Garda Síochána, Drew Harris, ná go gcuireadh ceist air an raibh sé chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus léirigh sé go raibh sé toilteanach é sin a dhéanamh. Níl a fhios agam ar éirigh leis, ach bhí sé tábhachtach gur léirigh sé an toilteanas sin. Bheadh drogall orm teachtaireacht a chur amach ón gcoiste seo go bhfuil sé sásúil go mbeadh daoine in ann éalú ón gcoinníoll teanga sin le hardú céime a bhaint amach. Ní hé sin atá de dhíth uainn. Táimid ag iarraidh meon a chothú san earnáil phoiblí a chuireann fáilte roimh an dátheangachas. Maidir le daoine nua a thagann isteach sa tír, gan amhras níl éinne ag súil go mbeadh an dara teanga acu, a mhalairt ar fad, ach dá mba rud é gur tháinig duine éigin ón iasacht a bhí Gaeilge amháin acu, an mbeadh muid á rá go raibh orthu Béarla a fhoghlaim? Caithfimid a bheith ag cloí leis an riail céanna. Bheinn ag moladh nach mbeadh an meon sin ag teacht tríd.

Tuigim go maith na constaicí a bhaineann le hearcaíocht. D'oibrigh mé le comhlacht idirnáisiúnta roimhe seo. Tuigim go maith an bac a bhíonn ar dhaoine ó thaobh teangacha. Ach bíonn ar dhaoine teangacha a fhoghlaim mar chuid de bhogadh go dtí tír eile. Ní rud nua é sin agus ní bheinn ag iarraidh go mbeadh aon duine sa seomra seo á rá go bhfuil coinníoll teanga mar bhac ar ardú céime. Ní dóigh liom go bhfuil sibh á rá sin. Is a mhalairt ar fad ar chóir go mbeadh sé. Más rud é go bhfuil duine éigin ag dul isteach i leibhéal ardbhainistíochta in aon eagraíocht Stáit, bheinn ag súil faoi 2030 go mbeadh daoine ag súil go bhfuil Gaeilge ar a thoil acu. Sin é an díospóireacht is mó atá idir lámha sa bhfeachtas Uachtaránacht faoi láthair, ar chóir go mbeadh Gaeilge ag an Uachtarán.

Tá mé ag iarraidh a bheith thar a bheith cúramach faoi seo. Mholfainn don cheardchumann an taighde sin a dhéanamh i leith Ceanada agus na Breataine Bige, agus féachaint ar céard iad na rudaí sonracha a thuigeann sé. Tá tuiscint iontach ag na finnéithe ar an fórsa saothar. Tá tuiscint den scoth acu ar na baill atá acu sa cheardchumann. Bain úsáid as an saineolas sin i leith na tograí seo. Táimid ar fad ag iarraidh an sprioc seo a bhaint amach. Níor chóir go mbeadh daoine ag ceapadh gur sprioc é 20% d'oibrithe le Gaeilge agus á rá ansin go bhfuil sé bainte amach. Ba chóir go mbeadh muid ag iarraidh fás air sin amach anseo.

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Déanfaidh mé sin a fhreagairt. Cuireadh ceist mar gheall ar an scolaíocht in Éirinn. Tá daoine ag freastal ar scoileanna ar feadh ceithre bliana déag agus ag teacht amach agus níl líofacht sa Ghaeilge acu faoi láthair. I gCeanada, tá líofacht ag daoine sa Fhraincis nó sa Bhéarla nó mar sin. Faoi láthair, tá 2% den daonra ag labhairt Gaeilge gach lá. Tá gach duine ag iarraidh go mbeadh an figiúr sin níos airde agus go mbeidh na seirbhísí ar fáil don daonra sin nó d'éinne eile ar mhaith leo go mbeadh seirbhísí dhátheangach ar fáil. Cabhróidh sé sin le húsáid na Gaeilge. Is ceardchumann muid agus beimid ag féachaint ar ár mbaill agus an bhfuil aon bhacanna ann dóibh agus má tá, rachaimid i ngleic leo. Táimid an-dearfach faoi seo agus má oibríonn muid le chéile is féidir linn é a bhaint amach.

Comment on this

Le teacht ar ais aige sin, tá an 2% a luadh lonnaithe sna ceantair Ghaeltachta, gan amhras. Tá fás ollmhór ag teacht ar líon na ndaoine lasmuigh den Ghaeltacht atá ag úsáid Gaeilge ar bhonn laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Glacaim leis an bpointe faoin gcóras scolaíochta gan amhras, agus tá plé déanta agamsa leis an Leas-Chathaoirleach agus baill eile faoi chonas a théimid i ngleic leis seo, ach ní féidir le cuid amháin den chóras a rá nach bhfuil cuid áirithe ag obair agus nach bhfuilimid ag iarraidh dul i ngleic leis an gcuid eile. Caithfimid díriú isteach ar an gcuid sin den chóras. Tá áthas orm a chloisteáil go bhfuil an ceardchumann thar a bheith dearfach faoi mar is é sin an meon is ceart go mbeadh ann. Is baill de cheardchumann atá inár bhfinnéithe agus is páirtnéir shóisialta é an ceardchumann. Tá ról le himirt ag an gceardchumann agus tá súil agam go dtéann sé i ngleic leis an ról sin.

Comment on this

Cuirim fáilte ar na finnéithe agus gabhaim leithscéal go raibh mé déanach. Bhí mé ag éisteacht leis na ráitis tosaigh ar an mbealach isteach sa charr. Éinne a bhfuil post buan acu, tá post buan acu. Ní bheidh aon impleacht aige seo. Sin rud amháin. An bhfuil mórán caint sa ceardchumann ar an ábhar seo, ar an sprioc de 20%? An bhfuil mórán caint ag am lóin nó ag ócáidí éagsúla? An bhfuil na finnéithe ag cloisteáil mórán faoi?

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Tháinig sé chun cinn ag ár gcomhdháil bhliantúil. Bhí roinnt rún faoi ag ár gcomhdháil agus bhí na rúin sin ag teacht ó dhaoine a raibh imní orthu dá dtiocfadh sé seo isteach go gcaillfeadh daoine amach ar ardú céime agus mar sin de. Bhí imní ar roinnt daoine go mbeadh sé an-deacair sprioc 20% a bhaint amach thar thréimhse cúig bliana freisin. Mar a dúirt an Seanadóir, tá poist bhuana ag daoine. Níl an sprioc chun cur isteach ar dhaoine mar sin. Tá muidne ag rá go bhfuilimid dearfa faoi. Táimid ag tacú leis an athrú agus táimid ag iarraidh ár mbaill a thógaint linn freisin. Má dhéantar infheistiú i dtraenáil agus mar sin de, ba chóir go mbeadh muid in ann an 20% a bhaint amach.

Comment on this

Cén toradh a bhí ar na rúin sin ag an gcomhdháil?

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Bhí daoine i bhfabhar na rún toisc go raibh imní orthu. Luaigh muid é sa ráiteas inniu. Tá an imní sin ann go gcaillfidh daoine amach. Faoi láthair, tá seansanna acu ardú céime a fháil ach má tá níos mó gá go mbeadh Gaeilge líofa acu, tá an bhuairt ann go gcaillfeadh siad amach. Ag an am céanna beidh muidne ag rá go bhfuil seans ag daoine cúrsaí a dhéanamh chun a gcuid Gaeilge a fheabhsú agus nach mbeidh aon duine ag cailliúint amach. Freisin, mar a dúradh cheana, is 20% de na poist atá i gceist. Ní bheidh Gaeilge ag teastáil chun ardú céime a fháil do 80% de na poist. Tá muid ag súil go dtiocfaidh feabhas ar an méid Ghaeilge atá ag daoine san earnáil poiblí agus ar an líofacht atá acu. Ní tharlóidh sé sin gan infheistiú i gcúrsaí agus dianchúrsaí do na daoine san earnáil, áfach.

Comment on this

Tá sé ráite go mbeidh an sprioc de 20% deacair a shroichint. Tá a fhios ag chuile dhuine anseo go mbeidh deacrachtaí ann an sprioc sin a bhaint amach. Maidir leis an gcéad ghlúin eile, iad siúd atá le teacht isteach san earnáil, an bhfuil aon sórt faitíos ar na finnéithe go mbeidh sé níos deacra daoine a aimsiú don tseirbhís phoiblí?

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

An t-aon faitíos atá orainn ná go mbeadh aon bhac ar dhaoine nár tógadh le Gaeilge, daoine atá ag teacht isteach sa tír agus atá ag déanamh obair mhaith. Mar a dúramar, tá daoine ó 117 náisiúin difriúla ag obair mar bhanaltraí in Éirinn faoi láthair. Don chéad ghlúin eile, tá níos mó Gaelscoileanna agus mar sin de. Ba chóir go mbeadh níos mó daoine ag teacht isteach san earnáil phoiblí a bhfuil líofacht acu sa Ghaeilge. Cabhróidh sé sin leis.

Comment on this

Ceann de na rudaí a gcloistear ó dhaoine ná cén úsáid a bhainfear as an nGaeilge agus cad iad na deiseanna a bhéas ann í a húsáid. Anois, tá deiseanna ann poist a fháil sa tseirbhís phoiblí agus leanúint ar aghaidh agus ardú céime a fháil ina dhiaidh sin. Is é sin ceann de na rudaí atáimid ag iarraidh a dhéanamh - agus a bhíomar ag iarraidh a dhéanamh - leis an reachtaíocht. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht a gcur i láthair.

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Go raibh míle maith ag an Seanadóir.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Tá cúpla ceist agamsa. Aithním an ról lárnach atá ag Fórsa agus an taithí atá ag an eagraíocht mar cheardchumann agus go háirithe ag a chuid ball, agus tá sé seo tábhachtach ionas go mbeimid in ann dul i ngleic leis an sprioc 20% seo. Chun seasamh siar agus breathnú ar an ráiteas tosaigh a bhí ag na finnéithe, tá ceist amháin atá agam ó thaobh forbartha pearsanta agus forbartha proifisiúnta atá ar fáil faoi láthair. Mar chuid den ráiteas, bhí na finnéithe ag rá gur chóir am saor le pá a chur ar fáil do dhaoine agus iad ag foghlaim na Gaeilge. An cheist atá agam ná an mbíonn an rud céanna i gceist le foghlaim agus le forbairt phearsanta agus phroifisiúnta do rudaí eile?

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Faoi láthair, má tá gá le Gaeilge agus gá ag duine éigin feabhas a chur ar a chuid Gaeilge, go hiondúil bheadh airgead ar fáil chun go mbeadh an duine sin in ann dul ar chúrsa má tá siad ag úsáid na Gaeilge san obair ó lá go lá. Ach má tá an Rialtas ag caint ar dul ó 11%, nó b'fhéidir níos lú ná sin - go 20%, beidh gá le rud éigin níos eagraithe. Beidh gá cúrsaí a chur ar fáil ar an saghas Ghaeilge atá ag teastáil don earnáil phoiblí. Gan sin, seans go mbeadh daoine in ann seirbhís a chur ar fáil ó bhéal ach ní bheadh an cruinneas acu agus iad á scríobh.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Tuigim sin ach ní hí sin an cheist atá á cur. An cheist atá agam ná cad iad na socraithe atá ann ó thaobh forbartha pearsanta nó proifisiúnta - professional or personal development. Cad iad na socruithe atá ann faoi láthair chun, say, dul i ngleic le ciníochas - how to address racism in the workplace - nó cúrsa faoi chonas a bheith i do bhainisteoir maith - how to be a good manager - mar shampla? Cén sórt socraithe atá ann ó thaobh na forbartha sin? Cuirfimid an Ghaeilge ar leataobh i gcomhar soicind chun comparáid a dhéanamh.

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Faoi láthair, maidir leis an gciníochas, tá gá le níos mó a dhéanamh, go háirithe nuair a fhéachaimid ar na figiúirí agus go bhfuil 89%, ar a laghad, de na daoine atá fostaithe sa Státseirbhís bán agus gurb as Éirinn dóibh. Is gá dul i ngleic leis sin ionas go mbeidh daoine, nua-Éireannaigh nó pé focal a úsáidtear, á dtógaint isteach. Nuair a thagann daoine isteach sa tseirbhís phoiblí, tá gá go mbeadh oiliúint ar fáil mar gheall ar an gciníochas agus mar sin de. Tá oiliúint ar fáil ar chonas a bheith i do bhainisteoir maith agus mar sin de. B'fhéidir go bhfuil gá le níos mó de sin freisin.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Tuigim go bhfuil Fórsa ag smaoineamh ar conas gur féidir an Ghaeilge a chur chun cinn. Tuigim sin. I gcás amháin, áfach, tá na finnéithe ag rá linn gur chóir am saor le pá a chur ar fáil do dhaoine Gaeilge a fhoghlaim nuair is deis é seo, go háirithe má tá an cúrsa ar fáil saor in aisce, mar shampla. Ní hamháin gur scil nua í, is deis forbartha pearsanta agus proifisiúnta é an Ghaeilge a fheabhsú. An bhfuil sé mar an gcéanna maidir le rudaí eile?

Mar shampla, an bhfuil am saor le pá ar fáil do dhaoine ar mhaithe le forbairt proifisiúnta nó pearsanta chun aon rud a dhéanamh? Níl in íocaíocht ach sampla. An bhfuil cúrsaí sa bhainisteoireacht nó acmhainní daonna chun dul i ngleic le fadhbanna nó easpa scileanna in áit éigin? Mura bhfuil an freagra ag na finnéithe, tá sé sin togha. Táim ag déanamh iarrachta comparáid a dhéanamh. An bhfuil sé á chur ar fáil i gcomhair rudaí eile chomh maith?

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Má tá sé ceangailte leis an obair atá á dhéanamh ag duine, tá cúrsaí ar fáil. Má chuireann an coiste isteach go mbeadh gá le 20% de dhaoine san earnáil phoiblí bheith in ann caint as Gaeilge agus as Béarla agus an tseirbhís a chur ar fáil, is gá. Tá gá ann cúrsaí a chur ar fáil. Mura gcuirtear na cúrsaí sin ar fáil, ní bheidh 20% de dhaoine in ann an Ghaeilge a labhairt i gcúig bliana. Imeoidh cúig bliana an-tapa ar fad. Ní gá an infheistíocht a dhéanamh ach mura gcuirtear an infheistíocht ann, ní bheidh 20% de dhaoine san earnáil phoiblí in ann Gaeilge a labhairt agus seirbhís dhátheangach a chur ar fáil sa bhliain 2030.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Maith go leor. Chuir an Teachta Moynihan ceist cheana féin ó thaobh taighde i gCeanada agus sa Bhreatain Bheag. Is sampla maith í an Bhreatain Bheag, go háirithe le bhur gcomhghleacaithe sa cheardchumann sa Bhreatain Bheag. Bheadh sé suimiúil cloisteáil cad atá ráite acu, cad a d'oibrigh agus cad nár oibrigh, go háirithe don cheardchumann agus a bhaill. Bheadh an-suim agam é sin a chloisteáil ó Fhórsa amach anseo nuair atá an deis aige. Bhí suim ag SIPTU teacht isteach inniu chomh maith, ach tá a chomhdháil ar siúl. Ní raibh an deis aige teacht isteach. Ina ráiteas, dúirt Paul MacSweeney nach raibh an Rialtas i dteagmháil le Fórsa faoin bplean náisiúnta don Ghaeilge. An raibh Fórsa i dteagmháil leis an Rialtas? An ndúirt sibh leis an Rialtas nach raibh sé i dteagmháil libh agus gur mhaith leo cur isteach ar an bplean seo?

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Ní rabhamar.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Oibríonn sé ar dhá bhealach. Na príomhcheisteanna a bhí agam ná ó thaobh na traenála de. Bhíos ag déanamh iarracht tuiscint a fháil ar cad é an chomparáid anseo. Tuigim gur dúshlán é an sprioc 20%, ach tá deis mhór ann do dhaoine ag obair san earnáil phoiblí dul i ngleic le scileanna agus tosaíocht a thabhairt dóibh féin chomh maith. An bhfuil aon cheisteanna eile againn?

Comment on this
Mr. Paul MacSweeney

Tá rud amháin eile. Tá an earnáil phoiblí an-mhór ar fad. Tá cultúir dhifriúla. Tá oibrithe difriúla ann, mar shampla, san earnáil sláinte agus na daoine atá ag obair inti. Tá 117 náisiún difriúil ag obair mar bhanaltraí agus mar sin de. Beidh orainn é sin a thógáil san áireamh freisin. Seans go n-oibreodh rud sa Státseirbhís nach n-oibreodh san earnáil sláinte nó sna rialtais áitiúla nó mar sin de.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Tuigim sin. Déanann sé sin ciall. Leis sin, cuirfidh mé clabhsúr leis an seisiún seo. Cuireann sé sin deireadh lenár mbreithniú inniu. Gabhaim buíochas leis na hionadaithe, Aisling Cusack agus Paul MacSweeney ón gceardchumann Fórsa as an bplé fiúntach agus tairbheach a bhí againn leo inniu. Cuirfear an seisiún ar athló go dtí 11 a.m., Dé Máirt, 21 Deireadh Fómhair 2025, nuair a phléifear an t-ábhar earcaíocht sa tseirbhís phoiblí agus an t-oideachas atá de dhíth ina leith le hionadaithe thar ceann na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus ionadaithe thar ceann na Roinne Oideachais agus Óige.

Comment on this