Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé (Atógáil)
Pléadh an gá le teagasc agus stádas na Gaeilge a neartú san ardoideachas trí mhaoiniú fadtéarmach, suirbhé náisiúnta ar éileamh na mac léinn, agus straitéis níos córasaí seachas tionscadail ghearrthéarmacha. Mhol na finnéithe samhail cosúil le Coleg Cymraeg Cenedlaethol sa Bhreatain Bheag, le horgán náisiúnta agus ciste iomaíoch chun cúrsaí trí Ghaeilge a fhorbairt in institiúidí éagsúla. Aontaíodh nach leor an t-éileamh a thomhas gan margaíocht níos fearr, tacaíocht don fhoireann, agus nasc soiléir idir an dara leibhéal, an tríú leibhéal agus riachtanais na seirbhíse poiblí. Bhí comhaontú leathan ann go bhfuil an sprioc 20% den státseirbhís le Gaeilge dúshlánach ach gur féidir dul i dtreo í le pleanáil agus infheistíocht cheart.
Leanfaimid ar aghaidh lenár mbreathnú ar theagasc agus stádas na Gaeilge sna hinstitiúidí tríú leibhéal. Is iad na hionadaithe ó Ollscoil na Gaillimhe atá os ár gcomhair inniu ná an Dr. Fintan Hegarty, léachtóir in oideachas STEM trí Ghaeilge; an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, iaruachtarán na hollscoile; agus an tOllamh Cathal Seoighe, ollamh le bithionformaitic i scoil na n-eolaíochtaí matamaitice agus staitistice. Tá fáilte rompu.
Cuirim ar an taifead go bhfuil beirt de na finnéithe anseo i seomra coiste 3 agus go bhfuil an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh ar líne ar MS Teams. Sula leanfaidh mé ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe agus na gcomhaltaí uilig. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin a chur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir go mbeadh a bhfíseáin ar siúl an t-am go léir agus iad le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nó balbh nuair nach bhfuil siad ag caint.
Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu ó lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d'fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ní mór dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.
Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfaí a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an ordú sin láithreach. An nglactar leis na treoracha sin? Glactar.
Tuigim go bhfuil dhá ráiteas tosaigh faighte againn. Cé a chuirfidh tús leis an díospóireacht?
Comment on this
B'fhéidir go dtosóidh mise, más mian leis an gCathaoirleach. Tá mo chúlra ag tús an ráitis oscailte. Fágfaidh mé ansin é agus leanfaidh mé ar aghaidh ó bhun an leathanaigh. Mar a deirtear sa ráiteas, cé go bhfuil bláthú tagtha ar an meánscolaíocht trí Ghaeilge ó bhí mise ar an ollscoil, ní fheicim go bhfuil an borradh céanna ar chúrsaí tríú leibhéal sa Ghaeilge nó as Gaeilge. Bhí an Dr. Aodhán MacCormaic anseo ar an 10 Meitheamh, nuair a dúirt sé:
Má bhreathnaítear ar chóras na nGaelscoileanna agus na nGaelcholáistí, tá thart ar 57,000 gasúr in aghaidh na bliana sa chóras lán-Ghaeilge. Cailleann muid go leor acu sin nuair a théann siad chun na hollscoile agus nuair a dhéanann siad cúrsaí i mBéarla.
Cé go bhfuil Gaeilge na chéad bhliana beo bríomhar fós inár n-ollscoileanna agus cé go bhfuil cumainn Ghaelacha spridiúla ar an bhfód freisin, ní fheictear dom go bhfuil an t-éileamh céanna le feiscint fós sna blianta ina dhiaidh sin ar chúrsaí trí Ghaeilge, mar shampla.
Cé go bhfuil roinnt cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge nó, níos minice fós, le Gaeilge, cosúil le gnó le Gaeilge nó ábhair eile le Gaeilge, níl aon comparáid idir an dul chun cinn iontu siúd agus an méadú ar na Ghaelcholáistí le blianta anuas. Ní bhraithim gur aon easpa cur chuige foirne atá i gceist ansin. Mar shampla, tá straitéis uaillmhianach físiúil ag disciplín na Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, earcaíocht foirne rathúla le déanaí agus sár-obair, mar a luafaidh an tOllamh Seoighe agus an Dr. Fintan Hegarty, ar ábhair STEM trí Ghaeilge. Tá Fiontar fós in DCU - bhí baint agam le bunú Fiontar blianta ó shín - cé go bhfuil athrú tagtha ar a fhealsúnacht bunaíoch.
Tá an córas ollscolaíochta agus dualgais acadúla mífhabhrach agus tá straitéis nua de dhíth. Tá roinnt moltaí agam ina leith atá bunaithe ar straitéis don Ghaeilge a d'fhoilsíodh agus mé i m’uachtarán in Ollscoil na Gaeilge. Tá an nasc Idirlín ar fáil sa ráiteas tosaigh. Baineann na moltaí seo le héileamh agus soláthar. Maidir le héileamh, agus mé i m'uachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe, moladh go dtabharfaí faoi suirbhé ar mhic léinn dara leibhéal le féachaint cén suim a bheadh acu i gcúrsaí ollscoile trí Ghaeilge agus tuiscint a fháil ar mheon na ndaltaí agus na cúiseanna a roghnódh, nó nach roghnódh, siad modúil trí Ghaeilge. Leis sin, b’fhiú go mór taighde ar na cúrsaí atá á n-ofráil faoi láthair agus ar mheon na foirne acadúla faoi na féidearthachtaí agus na constaicí ina leith.
Go luath in 2024, d'ofrálamar i nGaillimh tabhairt faoi suirbhé dá leithéid go náisiúnta agus d'aontaigh an tÚdarás um Ard-Oideachas tacú leis an iarracht. Is cosúil go bhfuil meitheal tionólta in Ollscoil na Gaillimhe chun aghaidh a thabhairt ar an obair seo. Tá an tOllamh Seoighe mar chuid de sin agus tá an-obair déanta aige. Beidh dréachtiarratais ina leith seo á chur faoi bhráid an Údaráis um Ard-Oideachas go luath. Beidh tacaíocht earnálach agus maoiniú an údaráis riachtanach leis an suirbhé úd, a bheadh ina shlat tomhais thábhachtaigh, a chur i gcríoch. Chuirfeadh suirbhé dá leithéid bunchloch le paidrín straitéiseach.
Moladh eile a bhí ann ó thaobh éilimh de ná bolscaireacht bhreise a dhéanamh sna Ghaelcholáistí agus sa Tuaisceart go háirithe le meabhrú do scoláirí dara leibhéal na féidearthachtaí atá ann maidir le cúrsaí sa Ghaeilge agus trí Ghaeilge. Bheadh ról cuiditheach ar leith ag an ngréasán gairmthreorach agus ag an gComhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, sa bhfeachtas sin. Leis sin, tá mír oibre le déanamh maidir le gairmeacha le Gaeilge nó trí Ghaeilge. Ní mór a léiriú gurb ann do na gairmeacha sin sna meáin, teicneolaíocht, teangeolaíocht, aistriúchán agus ateangaireacht, idir in Éirinn agus sna hinstitiúidí Eorpacha. D'fhéadfaí súil eile, is é sin, dearcadh difriúil idirdhisciplíneach, a bheith mar chuid d'ofráil cúrsaí trí Ghaeilge leis.
Maidir le soláthar, tá roinnt mhaith fhoireann teagaisc a bhfuil an mianach agus an tsuim acu múineadh trí Ghaeilge. De bharr go mbíonn maoiniú poiblí agus neamhphoiblí ollscoile araon anois bunaithe a bheag nó a mhór ar líon na mac léinn, áfach, tá modúil le líon beag mac léinn dúshlánach go hinstitiúideach. Ní mór mar sin tuilleadh maoinithe ar leith a thabhairt do mhodúil trí Ghaeilge agus tacú leo mar chuid d’ualach oibre na hollscoile agus na foirne atá aici. Leis sin, tá gá le tacaíocht le haghaidh téacsleabhair, teicneolaíocht agus foinsí teagaisc eile trí Ghaeilge. Is é an rud is tábhachtaí ná aitheantais ama don obair bhreise theagaisc i gcomhthéacs ualach oibre acadúla atá i bhfad níos foirmeálta agus, mar is cóir, níos trédhearcaí ná mar a bhíodh. Mar sin, is iad na rudaí atá de dhíth ná éileamh agus soláthar; suirbhé ar cad is dúil do mhic léinn a thomhas; bolscaireacht bhreise faoi na cúrsaí atá ar fáil; agus tacaíocht don iarracht ó thaobh ábhair agus ama.
Ní mór dhá rud eile a lua. Is é an chéad ceann acu siúd ná an dualgas reachtúil ar an tseirbhís poiblí go mbeadh 20% don fhoireann in ann seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge faoi 2030. Tá sé sin pléite go mór ag an gcoiste seo. Is léir go bhfuil an cuspóir sin fíordhúshlánach agus go bhfuil cuid mhór oibre le déanamh ar fud an chórais lena bhaint amach. Mar chéad chéim, tá sé deacair fiú líon foirne le Gaeilge ar an gcaighdeán cuí a thomhas. Níl sé de nós ag eagraíochtaí Stáit ábaltacht Ghaeilge i measc na foirne atá acu a mheas fiú. Léigh mé a raibh le rá ag an Dr. Aodhán MacCormaic ag an gcoiste seo i mí an Mheithimh. Aontaím leis gur gá díriú ní hamháin ar na hollscoileanna ach ar na daoine a thagann amach as an gcóras dara leibhéal. Caithfear a rá, áfach, de bharr go dtéann thar 50% díobh siúd ar aghaidh go cúrsaí tríú leibhéal, tá gá agus tá deis díriú orthu siúd agus iad sa chóras tríú leibhéil sin.
Tá ceangal aige sin leis an dara rud is mian liom a lua, is é sin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Bíonn caint ar chúrsaí don seirbhís poiblí san IPA agus in áiteanna eile. Tá suíomh ar leith ag an acadamh, áfach, nach bhfuil fáil air in aon áit eile sa tír. Dar liom, tá féidearthachtaí an acadaimh le baint amach fós. Tá acmhainn ar leith ansin gur fiú a chíoradh maidir leis an dualgas reachtúil ar an tseirbhís poiblí agus, níos leithne fós, ceist na hollscolaíochta trí Ghaeilge.
Ar deireadh dhearfach, léirigh an toghchán uachtaránachta le déanaí go bhfuil taoide tacaíochta don Ghaeilge i measc an aois óig go háirithe. Is é sin a chonaic mé freisin san ollscoil. Mhothaigh mé spioraid na dea-mhéine don Ghaeilge i measc mac léinn go háirithe, rud a bhí an-suimiúil mar bhí na mic léinn ar son na Gaeilge níos mó ná an fhoireann, mar shampla. Ní mór don Stát tacú anois leis an mborradh sin. Fáiltím roimh ceisteanna agus díospóireacht agus táim buíoch den chuireadh. Gabhaim buíochas leis an gcoiste arís. Beidh mé an-sásta é seo a phlé níos mó le comhaltaí an choiste.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis seo a thabhairt dom labhairt leis. Is ollamh eolaíochta mé in Ollscoil na Gaillimhe. Cúpla bliain ó shin, fuair mé maoiniú ó chiste straitéiseach na hollscoile, mar a luaigh an tOllamh Ó hÓgartaigh, le forbairt a dhéanamh ar theagasc trí Ghaeilge i gcoláiste na heolaíochta agus na hinnealtóireachta san ollscoil. Roinnfidh mé cuid den mhéid a d'fhoghlaimíomar ón togra sin leis an gcoiste. Tríd an togra, chuireamar roghanna teagaisc nua ar fáil do mhic léinn an choláiste, sruth nua sa bhith-theicneolaíocht san áireamh. Bhunaíomar na timirí STEM as Gaeilge, grúpa fochéimithe le spéis sa Ghaeilge agus STEM agus, i gcomhpháirtíocht leo, chuireamar imeachtaí fo-rochtana spreagúla ar siúl ar nós léachtaí neamhfhoirmeálta san ollscoil agus sa chathair agus féile eolaíochta as Gaeilge.
Tar éis na hoibre ar fad, faraor, tá deireadh ag teacht leis an togra seo, mar níl aon fhoinse fhadtéarmach maoinithe le tacú lena leithéid. Reáchtálamar ceardlann náisiúnta chomh maith mar chuid den togra céanna dírithe ar an ollscolaíocht trí Ghaeilge ina raibh ionchur ag toscairí ó Choleg Cymraeg Cenedlaethol, an ollscoil chónaidhmeach atá i gceannas ar ollscolaíocht as Breatnais sa Bhreatain Bheag. Ón gceardlann, ba léir an méid seo a leanas: tá gá le heagraíocht náisiúnta a bheadh freagrach as an ollscolaíocht trí Ghaeilge a fhorbairt; ní féidir le haon ollscoil amháin an misean sin a chomhlíonadh ina haonar. Tá an t-oideachas ag gach leibhéal den chóras dlúth-nasctha le chéile. Mar shampla, cuireann Coleg Cymraeg Cenedlaethol scoláireachtaí dochtúireachta ar fáil a chinntíonn go mbeidh léachtóirí atá inniúil sa teanga ar fáil le cúrsaí ollscoile a mhúineadh sa todhchaí. Sampla suntasach in Éirinn is ea an gaol idir an easpa cúrsaí ollscoile trí Ghaeilge agus an ganntanas múinteoirí le haghaidh ábhair áirithe a mhúineadh sna Gaelcholáistí. Mar a luaigh an tOllamh Ó hÓgartaigh chomh maith, tá leibhéal níos airde maoinithe riachtanach le hollscolaíocht a chur ar fáil i mionteanga. Mar a léiríonn ár dtogra féin, ní bheidh ollscolaíocht trí Ghaeilge inbhuanaithe gan an maoiniú cuí a chur ar fáil. Tá na moltaí seo agus tuilleadh i dtuairisc ón gceardlann atá ar fáil ón suíomh Idirlín gaelollscolaiocht.ie.
Bunaithe ar an méid a chonaic mé sa cheardlann agus inár dtogra trí chéile, táim cinnte gur féidir ollscolaíocht a chur ar fáil trí Ghaeilge. Ní hamháin gur féidir, ach is ceart. Le bheith soiléir, is ceart spás a chruthú sna hollscoileanna don Ghaeilge mar mheán teagaisc d’ábhair nach iad an Ghaeilge féin iad. Tá bealaí éifeachtacha ann lena dhéanamh.
Is teanga bheo í an Ghaeilge agus is féidir aon ábhar a phlé inti. Tá saibhreas litríochta agus cultúrtha nach beag sa teanga féin, ar ndóigh, agus is mór is fiú an Ghaeilge mar ábhar ollscoile ach ní leor sin mar spás don Ghaeilge i gclár teagaisc na n-ollscoileanna. Ní ceart go mbeadh teanga bheo chomhaimseartha, teanga atá i measc na dteangacha oifigiúla san Aontas Eorpach, in úsáid le plé a dhéanamh ar chúrsaí cultúrtha agus oidhreachta amháin. Go deimhin, ba bhoichte i bhfad an dioscúrsa i nGaeilge d’uireasa an spáis chirt a chruthú di sna hinstitiúidí ardoideachais.
Tá na mílte páistí ag teacht tríd Gaelcholáistí, mar a luaigh an tOllamh Ó hÓgartaigh, chuile bhliain ach níl aon bhealach don chuid is mó acu siúd nach roghnaíonn an Ghaeilge mar ábhar leanúint ar aghaidh agus cuid dá n-ardoideachas a dhéanamh trí Ghaeilge. Tarlaíonn titim thubaisteach ar a n-inniúlacht sa teanga ag aois na hollscoile dá réir. Ag fágáil ar leataobh an tionchair atá aige sin ar an teanga féin, is sárú chearta na bpáistí sin, cearta phobail na nGaeltachtaí agus pobal labhartha na teanga trí chéile é nach bhfuil teagasc trí Ghaeilge ar fáil d'fhormhór mór na n-ábhar sna hollscoileanna.
Is é an bealach is fearr le tabhairt faoi oideachas ollscolaíochta i nGaeilge a fhorbairt ná ciste a bhunú faoi stiúir eagraíochta náisiúnta a bheadh freagrach as comhordú idir na hinstitiúidí tríú leibhéil maidir leis an teagasc trí Ghaeilge. Ba cheart an ciste sin a dháileadh ar ollscoileanna ar bhun iomaíoch, bunaithe ar na tairiscintí ar ardchaighdeán as Gaeilge a bheidís in ann a fhorbairt. Chinnteodh sé sin go gcuirfí acmhainní i dtreo na ranna a bhfuil sé ar a gcumas acu an dul chun cinn is mó a dhéanamh maidir le gnéithe éagsúla den ollscolaíocht trí Ghaeilge a sholáthar.
Rachadh sé sin go mór chun leasa na sprice earcaíochta san earnáil phoiblí, agus go mór chun leasa na meánscolaíochta chomh maith, de réir mar a cháileodh céimithe nua a bheadh tar éis cuid dá n-ollscolaíocht a dhéanamh trí Ghaeilge agus - cuid acu - ag roghnú na seirbhísí poiblí nó múinteoireacht meánscoile mar a ghairm bheatha.
In ainneoin gurb é an Béarla lingua franca na n-ollscoileanna go hidirnáisiúnta, bíonn go leor tíortha ag tabhairt faoi spás a chruthú dá dteangacha dúchasacha ina gcórais ollscolaíochta, fiú i gcás tíortha ina bhfuil an teanga sin á labhairt go rialta ag mionlach den daonra. B'fhiú mar shampla súil a chaitheamh ar an méid atá ar siúl sa Nua Shéalainn maidir le hollscolaíocht sa Mhaorais. Tá eiseamláir den scoth in aice linn anseo sa Bhreatain Bheag. Ba ar an gcúis sin a thugamar cuireadh do Coleg Cymraeg Cenedlaethol páirt a ghlacadh sa cheardlann a bhí againn ar an ollscolaíocht trí Ghaeilge. Ba mhór an fiúntas a bheadh ann macasamhail Coleg Cymraeg Cenedlaethol a chruthú sa tír seo. Is é sin an t-éileamh atá á dhéanamh ag feachtas nua ar son na Gaelollscolaíochta a seoladh ag Oireachtas na Samhna ar an chéad lá den mhí seo. Rud atá suntasach ná ó na mic léinn atá an t-éileamh don ollscolaíocht trí Ghaeilge ag teacht. Tá an feachtas ar son na Gaelscolaíochta á thiomáint ag scoláirí ollscoile i gcomhar le léachtóirí faoi cheannasaíocht Aontas na Mac Léinn in Éirinn. Tugann an t-éileamh ó na mic léinn dúshlán do lucht na léann agus polaiteoirí araon an cumas a fhorbairt agus córas a bhunú le go mbeidh an deis ann do mhic léinn a roghnaíonn é rochtain a bheith acu ar an oideachas ollscoile trí mheán na Gaeilge atá á éileamh acu.
Gabhaim buíochas leis an gcoiste as ucht an cuireadh teacht os a gcomhair lenár gcuid tuairimí a roinnt. Guím gach rath ar an gcoiste agus an t-ábhar cinniúnach seo á ciaradh aige.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as na ráitis tosaigh. Bogfaimid ar aghaidh go dtí ceisteanna ó na comhaltaí. Glaoim ar an Teachta Ó Snodaigh.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Maidir le ráiteas an Ollamh Seoighe, déanaim comhghairdeas leis go bhfuil sé tar éis leagan amach céard atá mise ag triall le rá anseo le tamall maith de bhlianta. Molaim don choiste an óráid sin a chur faoi bhráid Aire na Gaeltachta, an Aire leanaí, an Aire oideachais, an Aire breisoideachais agus an Aire caiteachais phoiblí. Leagann sé amach go lomnocht an fhadhb agus an cur chuige atá ag teastáil uainn tabhairt faoi má táimid chun an Bunreacht a chomhlíonadh maraon leis an dlí ó thaobh earcaíocht de. Mura bhfuil infheistíocht chuí ann ag gach uile leibhéal den chóras oideachais maidir leis an nGaeilge, teipfidh orainn. Mura nglacann muid an cur chuige atá de dhíth, ní bheimid in ann an 20% de na poist a bheidh ar fáil amach anseo a líonadh ó thaobh na Gaeilge de.
Molaim an méid atá ráite ag an Ollamh Seoighe agus an slí ar leag sé amach é. Molaim freisin an tOllamh Ó hÓgartaigh as an obair a dhein sé thar na blianta in Ollscoil na Gaillimhe, in ainneoin na hathruithe a tharla leis an reachtaíocht ó thaobh na hollscoile de. Bhí raic againn tamall de bhlianta ó shin maidir leis an reachtaíocht sin. B'fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais am éigin go dtí an reachtaíocht a mhol Éamon Ó Cuív ina dhiaidh sin ag triall an ollscoil a chur ar ais go dtí an staid ina raibh sé ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de. Is le haghaidh lá eile é sin, b'fhéidir.
Is é an príomhrud gur gá dúinn a dhéanamh, seachas foinse airgead a fháil, chun leanúint leis an gcúrsa a bhí á plé ag an tOllamh Seoighe ná cinntiú go ndéanfar suirbhé de dhaltaí meánscoile. Nuair a tháinig daoine os comhair an choiste roimhe seo, dúirt siad nach raibh éileamh ar na cúrsaí. Ní raibh a fhios ag éinne go raibh na cúrsaí ann. Go minic, níor lorg siad tuairimí na daltaí. Cén uair a bheidh an suirbhé seo déanta? An mbeidh suirbhé chomh maith céanna déanta ar na comhlachtaí Stáit agus na Ranna Stáit? Cad iad na folúntais a bheidh ann amach anseo? Tá sé sin chomh tábhachtach céanna. Nílimid díreach ag lorg múinteoirí nó oifigigh cléireach. Táimid ag lorg go mbeidh Gaeilgeoirí i ngach uile chuid den Státchóras. Tá roinnt den obair sin déanta ach níl sé críochnaithe go fóill. B'fhéidir go bhféadfadh duine de na finnéithe a thuairimí a thabhairt air sin.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis an Teachta as ucht a chuid ceisteanna. Maidir le cén uair a bheidh an suirbhé críochnaithe, is ceist cigilteach é maidir leis an t-éileamh, mar a luaigh an Teachta. Ní bhíonn daoine ar an eolas faoi céard gur féidir leo a dhéanamh. Ní bhíonn a fhios ag daoine céard atá i gceist le hollscolaíocht a dhéanamh trí Ghaeilge agus b'fhéidir go mbeadh faitíos orthu. Is dóigh liom go gcaithfear a bheith cúramach an taighde sin a dhéanamh go cúramach agus go cruinn. Mar a luaigh an tOllamh Ó hÓgartaigh, tá dréacht den iarratas ar an maoiniú atá ag teastáil le tabhairt faoin suirbhé curtha le chéile againn agus á phlé againn leis an tÚdarás um Ard-Oideachas. Táim ag súil go ceadófar tús a chur leis an obair agus go mbeidh sé indéanta go luath in 2026. Tá sé i gceist againn é a bheith críochnaithe laistigh de bhliain amháin.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht a gcuid fianaise. Maith dom é mura bhfuil an t-eolas agam. Bhí mé féin ar Ollscoil na Gaillimhe blianta ó shin.
Ó thaobh an taighde a rinne na finnéithe agus na cúrsaí atá ar fáil, bhí an tOllamh Seoighe ag caint ar STEM. An raibh sé soiléir sa chóras CAO go raibh rud éigin ó thaobh STEM de ar fáil i nGaeilge? Céard a dhein an ollscoil ó thaobh an chuid sin de? An raibh a fhios ag na mic léinn ag an dara leibhéal go raibh cúrsa maidir le STEM, nó ábhar ar leith, ar fáil go hiomlán trí Ghaeilge? Cén chaoi ar oibrigh sé sin?
Comment on this
Nílimid ag caint faoi rud éigin ar an scála sin. Ní bhfuaireamar maoiniú ar an scála sin. Bhí sé in acmhainn againn roinnt modúil a chur ar fáil agus chuireamar sruth nua ar fáil laistigh den bhiteicneolaíocht mar shampla. Bhí biteicneolaíocht le Fraincis nó biteicneolaíocht le Gearmáinis ar fáil. Bhí biteicneolaíocht á múineadh mar ábhar sna teangacha sin agus anois tá sruth le Gaeilge chomh maith.
Comment on this
Ní raibh sé in acmhainn againn rud nua ar nós eolaíocht trí Ghaeilge amháin a chur ar bun. B'fhéidir nach é sin an t-aon chur chuige atá ann agus go bhfuil bealaí eile le tabhairt faoi rudaí. Mar a luaigh mé i mo ráiteas, tá go leor bealaí le tabhairt faoi oideachas ollscolaíochta i mionteanga. Uaireanta is fearr rudaí a shnaidhm isteach le chéile, mar shampla trí chúrsaí modúlacha a chur ar fáil i nGaeilge le ranganna teagaisc a théann comhthreomhar leis na ranganna a chuirtear ar fáil i mBéarla. Mar a deirim chomh maith, tá go leor eiseamláir de sin ann agus is féidir linn go leor a fhoghlaim ónár gcomhleacaithe sa Bhreatain Bheag. Bhí sé sin á phlé againn leo. Tá go leor tábhacht ag baint leis na ranganna teagaisc, ach go háirithe mar is ansin a tharlaíonn an-chuid den cur agus cúiteamh i comparáid le léachtaí. Sna léachtaí is an léachtóir is mó a bhíonn ag déanamh na cainte ach sna ranganna teagaisc bíonn caint ar an dá thaobh agus uaireanta tá sé sin níos fearr maidir le húsáid na teanga. Tá go leor bealaí le tabhairt faoi. Ní gá go mbeadh an bealach is fearr le tabhairt faoi rud éigin iomlán difriúil; mar shampla sraith iomlán neamhspleách a chur ar fáil i nGaeilge in ábhar cosúil le STEM. Tá go leor i gceist leis an gcur chuige atá leagtha amach agam.
Comment on this
Nuair a tháinig an dream sa chéad bhliain isteach go dtí an coláiste, rinne an choláiste iarracht iad a mhealladh modúl, sruth nó sraith a dhéanamh as Gaeilge. An é sin an chaoi ar oibrigh sé?
Comment on this
Is é sin an chaoi ar oibrigh sé. Chuireamar deiseanna eile ar fáil dóibh chomh maith, mar shampla scéim na timirí. Is cineál scéim ambasadóra atá ann. Tugaimid ETIMirí orthu mar is é ETIM an leagan Gaeilge ar STEM agus is timire nó ambasadóir de shaghas éigin atá i gceist. Bhí siadsan ag obair ar dheiseanna a fhorbairt le haghaidh úsáid na Gaeilge i measc na mic léinn i gcoláiste na heolaíochta agus na hinnealtóireachta ar bhonn níos leithne le go leor imeachtaí for-rochtana agus rudaí mar sin. Táimid ag iarraidh go mbeidh rochtain ag roinnt mhaith mic léinn ar an teanga agus go mbeidh modúil ar fáil dóibh siúd a roghnaíonn é.
Tá gá le tuilleadh forbartha ar an gcaoi sin. An rud a bhí á dhéanamh againn, bhí sé ar scála i bhfad níos lú ná an rud atá ag teastáil atá ar scála náisiúnta.
Comment on this
Ó thaobh figiúirí de, abair gur tháinig grúpa 40 isteach sa chéad bhliain, cén chaoi ar éirigh leis an ollscoil ó thaobh an briseadh síos? Ar thóg 10% sruth? Ar thóg 20% modúl? An bhfuil aon eolas gur féidir leat a roinnt linn?
Comment on this
Tosaíonn sé amach go mall. Bhí an deis againn sruth de theicneolaíocht a chur ar fáil i nGaeilge faoi dhó. An chéad bhliain níor thóg ach sciar beag, thart ar triúr nó ceathrar, an sruth sin. An dara bliain, mhéadaigh sé go dtí naonúr as 30 nó mar sin de. Thart ar trian a bhí ann.
Comment on this
Tá dhá bhealach chun é a dhéanamh. Nuair a bhí mise ar an ollscoil na hochtóidí, rinne mé tráchtáil ach bhí deis agam mata nó geilleagar a ghlacadh trí Ghaeilge. Bhí deontas ann ag an am le haghaidh mic léinn a tháinig isteach. Ní aontaím leis sin mar choincheap, ach bhí ranganna réasúnta mór ann. Bhí thart ar 30 nó 40 mac léinn ag an am. Tá cúrsaí ar fáil faoi láthair, cumarsáid trí Ghaeilge agus gnó trí Ghaeilge. Tá roinnt cúrsaí ar fáil ach ní leor iad agus níl siad fairsing go leor. Ceapaim nach bhfuil eolas ag na mic léinn orthu an oiread sin. Tá an dá thrá ann gur féidir leat staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge mar chuid de chúrsa, mar a dúirt an tOllamh Seoighe, agus ansin mar chúrsa iomlán trí Ghaeilge. Tá an dá bhealach sodhéanta ach an maoiniú a bheith ann.
Comment on this
Ceapaim gur cuimhin liom ceimic a bheith ar fáil as Gaeilge.
Comment on this
Is ábhar deacair é ceimic ag an leibhéal sin. Bhí sé dúshlánach ceimic a dhéanamh as Gaeilge. Bhí sé ar fáil i nGaillimh ag an am.
Comment on this
Tá na huimhreacha mar an gcéanna i mBéarla agus i nGaeilge ach tá sé fós an-deacair.
Comment on this
Tá an cheimic deacair is cuma cén teanga.
Comment on this
Ag leanúint ar aghaidh ó cheist an Teachta Uí Mhuirí, an raibh a fhios ag an ollscoil gur maoiniú aon uaire a bhí ann ag an am? Bhí a fhios ag an ollscoil. Tá déagóir agam sa bhaile sa chúigiú bliain. Tá an cheist maidir le cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge á plé againn go minic anois. Bhí an tOllamh Ó hÓgartaigh ag caint faoi na ranganna a bhí ar fáil sna hochtóidí agus an soláthar atá ann. Tá an soláthar tar éis titim anois. Cén fáth, dar leis, go bhfuil níos lú rogha anois ná mar a bhí sna hochtóidí nuair atá forbairt ó thaobh na Gaeilge ag tarlú?
Comment on this
Ceapaim go bhfuil an comhthéacs athraithe go hiomlán. Nuair a bhí mise ann, bhí béim níos mó ar theagasc agus ní raibh an oiread sin béime ar thaighde. Ceapaim anois go bhfuil brú ar fhoireann ollscoile. Tá dhá chuid ann. Níl maoiniú ann do ranganna beaga a thuilleadh. Bíonn an ollscoil agus na húdaráis ag breathnú ar ranganna beaga agus ag rá nach féidir iad a bheith ann a thuilleadh mar tá siad róbheag agus níl an maoiniú ann dóibh. Ar an taobh eile de, níl an oiread sin ama ar fáil anois ag an bhfoireann mar go bhfuil brú taighde orthu. Nuair a bhí mise ann, mhúin an tOllamh Ó Cearúil an geilleagar, agus mhúin Martin Newell agus Tony Christofides mata. Sármhúineadh a bhí ann. Mhúin an tOllamh de Buitléir ceimic, mar a luadh. Ceapaim nach mbeadh an spás céanna ann anois ó thaobh ama de ag an bhfoireann. An phríomhchuid de ná an maoiniú atá ann anois. Tá sé faoi bhrú i bhfad níos mó ná mar a bhí. Tá brú níos mó anois ar líon na mac léinn sna ranganna. Bheadh ort a rá go bhfuil maoiniú breise ar fáil le haghaidh rang go bhfuil 20 nó 30 mac léinn ann, seachas léacht le haghaidh 100 mac léinn. Sin an fhadhb is mó atá ann ná an maoiniú a bheadh ar fáil le haghaidh ranganna beaga nach raibh chomh dúshlánach ag an am ach atá dúshlánach anois.
Comment on this
Ba mhaith liom teacht isteach ansin más féidir liom. An rud is minice a thagann chun cinn nuair a bhíonn tú ag caint le daoine a rinne cúrsaí trí Ghaeilge in Ollscoil na Gaillimhe ná go luann siad cuid na hainmneacha a luaigh an tOllamh Ó hÓgartaigh. Laochra a bhí iontu. Bhí an teagasc trí Ghaeilge ag brath go mór orthu. Ní féidir a bheith ag brath ar dhaoine go haonarach agus an meon atá acu agus cur chuige. Is minic a dúirt daoine ag an am gur ar son na cúise a bhí sé á dhéanamh acu. Níl sé sin inbhuanaithe. Tá tú ag iarraidh rud éigin atá córasach a chur le chéile a bheadh inbhuanaithe le go mbeadh deiseanna ag mac an Teachta agus ag daoine eile atá ag teach tríd an gcóras le go mbeadh siad in ann, dá roghnóidís é. Is iontach an rud faoin aos óg. Ní bhíonn an faitíos céanna orthu is a bhíonn ar dhaoine níos sine. Is minic nuair a bhí mise ag caint le daoine faoi scolaíocht trí Ghaeilge go mbíonn faitíos ar na daoine níos sine agus go mbeadh sé níos deacra. Feictear dom nach mbíonn an faitíos céanna ar na daoine óga. Ba cheart go mbeadh deiseanna ag mac an Teachta ag teacht tríd.
Comment on this
Aontaím. Tá ceist agam maidir le neamhspleáchas. Rud a deirtear linn go minic ná nach féidir leis an Roinn cur isteach ar neamhspleáchas na n-institiúidí tríú leibhéal. Cén bealach is éifeachtaí, dar leis na finnéithe, gur féidir leis an Roinn cur leis an soláthar gan cur as do phrionsabal an neamhspleáchais?
Comment on this
Ba mhaith liom é sin a fhreagairt. Ní dóigh liom go gcuireann sé isteach beag nó mór ar an neamhspleáchas. Seo an fáth. Ní chuireann sé isteach ar neamhspleáchas institiúidí ardoideachais nuair a chuireann Taighde Éireann ciste ar bun le go mbeadh taighde ar siúl i réimse ar leith. Cuirtear an spreagadh sin le chéile agus tá sé de rogha ag na hinstitiúidí cur isteach air nó gan cur isteach air. Mura gcuireann siad isteach air, ní fhaigheann siad an maoiniú. Ní dóigh liom go n-oibreoidh sé má dhéantar iarracht iallach a chur ar na hollscoileanna go gcaithfidh siad céatadán áirithe cúrsaí a chur ar fáil i nGaeilge. Ní dóigh liom go n-oibreoidh sé sin. Ní dóigh liom go mbeadh sé inbhuanaithe ach oiread. Arís eile, ag breathnú ar na múnlaí atá ann, is féidir breathnú thar sáile ar an mBreatain Bheag. Tá ciste i gceist. Tá spreagadh ann. Is féidir cur isteach air. Tá comhmhaoiniú i gceist má tá an céatadán seo, siúd nó eile ar fáil i nGaeilge do chúrsaí. Is féidir cur isteach air sin. Tá sé de rogha ag aon institiúid cur isteach air nó gan cur isteach air.
Comment on this
Aontaím go hiomlán leis sin. Má tá an maoiniú ar fáil, sin an deis atá ann. Mar a luaigh an tOllamh Seoighe, ní bheadh aon leithscéal ann maidir le neamhspleáchas ansin. An dara cuid de ná ar feadh na mblianta, bhí na hollscoileanna nó an tsochaí go ginearálta ag snámh in aghaidh easa leis an nGaeilge. Anois táimid ag snámh leis an eas. Mar a luaigh an tOllamh Seoighe agus mar a chonaic mé féin, tá éileamh ann anois i measc na mac léinn. Má tá, iad siúd a bheidh ag lorg na gcúrsaí. Bheadh deis ann do na hollscoileanna. Ní aon ualach é go mbeadh na cúrsaí sin ar fáil. Ní fheicim go mbeadh neamhspleáchas mar leithscéal, má bhíonn sé riamh mar leithscéal.
Comment on this
Táimid go léir ar an leathanach céanna.
Comment on this
Ar an ábhar céanna ar chríochnaigh an Teachta Ní Raghallaigh air maidir leis an neamhspleáchas, is dócha go n-oibríonn sé sin ar dhá bhealach. Tá dualgas ar an Roinn, agus glacann muid go bhfuil. Luaigh an tOllamh Seoighe gur chuir sé tús ar theagasc trí Ghaeilge san eolaíocht in Ollscoil na Gaillimhe ach tháinig deireadh leis mar gheall ar easpa maoinithe fadtréimhseach. Cé a chuir deireadh leis?
Comment on this
Bhí sé leis an tuiscint gur maoiniú aon uaire a bhí i gceist leis sin. Fuair muid maoiniú le togra dhá bhliain a chur le chéile. Ní raibh an maoiniú sin fadtréimhseach. Is maoiniú gearrthéarmach a bhí i gceist.
Comment on this
Nuair a tharlaíonn rud mar sin de ghnáth, déantar athbhreithniú ag deireadh an ruda. An raibh sé ag obair? An raibh éileamh air? An ndearna an ollscoil aon athbhreithniú ar sin?
Comment on this
Bhí sé ag obair. Tá tuairisc scríofa againn. An rud a chuireamar isteach air ná cuid de na féidearthachtaí a mheas chomh maith. Mar shampla, an tuairisc atá ar fáil ar an ollscolaíocht trí Ghaeilge. Tá tuairisc ar fáil ar an suíomh Idirlín a luaigh mé gaelollscolaiocht.ie. D'eascair sé sin as an togra sin agus as an gceardlann a bhí mar chuid de. B'fhiú go mór breathnú air sin. Feictear dom gur fhoghlaimíomar go leor tríd. B'fhéidir gurb é sin an fáth go bhfuil mise anseo inniu, toisc an méid atá foghlamtha againn tríd an bplean. Foghlaimíonn tú i bhfad níos mó trí rud éigin a dhéanamh seachas a bheith ag caint faoi. Bhí go leor le foghlaim ann.
Comment on this
Tá sé tábhachtach. Glacaim leis sin go hiomlán. Chuir sé as dom nuair a léigh mé gur tháinig deireadh leis mar gheall ar easpa maoinithe fadtréimhseach.
Comment on this
Níor cuireadh deireadh leis. Tháinig deireadh leis an maoiniú.
Comment on this
Bhí mise i m'uachtarán ag an am nuair a cuireadh an t-airgead sin ar fáil. Bhí orainn teacht ar airgead laistigh den chiste a bhí ann don ollscoil go ginearálta le maoiniú a dhéanamh ar an togra seo. Ar bhonn píolótach a rinneadh é. Níl mé i m'uachtarán a thuilleadh, ach sin a bhí ann.
Ní raibh an maoiniú ann ón údarás nó ón Roinn go fadtréimhseach. Thángamar air laistigh de straitéis na hollscoile. B'fhéidir go bhféadfaí anois tuilleadh maoinithe a fháil ach níl sé ar fáil don ollscoil. Thángamar air áfach laistigh den líonra a bhí againn. Dá mbeadh sé le bheith fadtréimhseach, bheadh ort sruth maoinithe fadtréimhseach, mar atá luaite ag an Ollamh Seoighe, go neamhspleách air sin. Sin a tharla. Thángamar ar chiste airgid agus rinneamar é seo ar bhonn píolótach.
Comment on this
Glacaim leis sin ach bhí an t-éileamh ann le haghaidh na gcúrsaí.
Comment on this
Bhí, agus bhí sé ag fás. Thosaigh sé amach go mall. Tá sé deacair ag an tús mar ní bhíonn a fhios ag daoine céard atá ar fáil. Caithfidh tú an scéal a scaipeadh agus tógann sé am le cur leis, mar a luaigh mé i sampla na teicneolaíochta. Tháinig fás an-mhór ó bhliain amháin go bliain eile. Bhí go leor cúiseanna nó ábhar dóchais ann maidir leis an éileamh a bheadh ann.
Comment on this
Cén bharúil a bhí ag na mic léinn a bhí páirteach ann faoi ag deireadh an ruda? Cén chaoi a raibh siad nuair a fuair siad amach go raibh deireadh ag teacht leis?
Comment on this
Níl deireadh ag teacht leis an sruth teicneolaíochta, mar shampla. Tá sé sin fós ar siúl. Is rud é sin atá ag teacht as. Táimid ag coinneáil an sruth sin ar siúl ag úsáid maoinithe nó eagraíocht atá ann. Táimid ag úsáid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, go bunúsach, mar tá sé sin fós ann. Maidir leis na cúrsaí eile, bíonn mic léinn ag tabhairt amach uaireanta agus iad díomách go leor nuair a fhaigheann siad amach nach bhfuil modúl a shíl siad a bheadh ar fáil dóibh i nGaeilge ar fáil a thuilleadh. Tarlaíonn sé sin. Tá scéalta go leor cloiste agam faoi sin ag mic léinn atá ag teacht isteach sna hollscoileanna. Rud eile é sin atá tábhachtach faoin bhfadtréimhse. Tugann sé an cumas duit a bheith ag pleanáil, ag déanamh margaíochta agus a tarraingt daoine isteach. Bíonn an scéal á scaipeadh agus tuiscint níos fearr ag leathnú faoi céard atá i gceist leis na modúil sin.
Comment on this
Tá an-díomá orm a chloisteáil go dtosaíonn duine éigin amach ag déanamh cúrsa trí Ghaeilge agus go dtarlaíonn sé go dtagann deireadh leis.
Comment on this
Ní mar sin a bhíonn sé. Bíonn modúil ar fáil i nGaeilge sa mhata don inbhuaine, mar shampla, a chur an Dr. Hegarty ar bun. Tá sé sin ar fáil. Is modúl aonuaire é. Déanann mic léinn modúl, bíonn sé déanta acu mar chuid de do chúrsa-----
Comment on this
Ach an mbíonn a fhios acu roimhe?
Comment on this
-----ach b'fhéidir nach mbeadh sé ar fáil an bhliain ina dhiaidh.
Comment on this
Cuirim fáilte roimh agus aontaím go huile is go hiomlán le tuairimí an t-iaruachtaráin maidir leis na féidearthachtaí san acadamh. Is dúshlán mór é don tír agus don Stát a bheith in ann an 20% de fhostaithe san earnáil phoiblí a fháil roimh 2030. Aontaím go bhfuil ról mór ag an acadamh. Ní fheicim cén chaoi gur féidir le daoine teagasc níos fearr a fháil sa Ghaeilge seachas má tá siad sásta agus go bhfuil orthu é a dhéanamh sa Ghaeltacht. Aontaím leis sin agus cuirim fáilte roimh na tuairimí sin. Ba mhaith liom féin an líon mac léinn atá ag freastal ar an acadamh a ardú. Cuirim fáilte roimhe sin.
Tá dhá cheist eile agam. Luaigh an t-iaruachtarán an easpa bolscaireachta maidir le cúrsaí atá ann do dhaoine atá sásta iad a dhéanamh i nGaeilge. Tá fianaise dhíreach agam féin air sin. Bhí m'iníon is sine ag iarraidh dul go Luimneach chun a bheith mar mhúinteoir. Tháinig daoine ó Institiúid Oideachais Marino go dtí a scoil chun an cúrsa sin a chur in iúl dóibh agus d'athraigh sí a hintinn ansin. Mar sin, tá sé sin tábhachtach. Arís, nach mbaineann sé sin le neamhspleáchas na hinstitiúide go bhfuil foireann aici chun é sin a dhéanamh? Ní fheicim go mbeadh ról ag an Roinn ardoideachais é sin a dhéanamh.
Comment on this
An rud a bhí i gceist agam ansin ná b'fhéidir maoiniú a chur ar fáil agus, laistigh den chóras go ginearálta, go mbeadh maoiniú ar fáil maidir le gairmthreoraithe ach go háirithe. Is iad sin an grúpa is tábhachtaí maidir leis sin. Tá an ceart ag an Teachta. Ní bhíonn a fhios go minic ag daoine go bhfuil cúrsaí ar fáil agus, mar a luadh cheana, deirtear nach bhfuil aon éilimh ar na cúrsaí seo. Ní a fhios againn an bhfuil nó nach bhfuil mura bhfuil a fhios ag na mic léinn fúthu. Is éard a bhí i gceist ansin ná go mbeadh maoiniú ar leith ar fáil le bolscaireacht a dhéanamh maidir leis na cúrsaí atá ar fáil agus leis na féidearthachtaí gairmthreorach freisin atá ar fáil. Déantar go minic an iomarca den neamhspleáchas. Má tá deis ann ag na hollscoileanna bolscaireacht a dhéanamh maidir leis na cúrsaí má tá maoiniú breise ann, is é sin a bhí i gceist. Ceapaim go mbeadh deis ag chuile institiúid nó ollscoil - Ollscoil na Gaillimhe ach go háirithe, mar a tharlaíonn sé - an bholscaireacht sin a dhéanamh maidir le cúrsaí. Is é sin a bhí i gceist ón taobh sin de. Aontaím leis an Teachta. Tá gá an t-eolas sin a chur ar fáil.
Comment on this
Sin ceann de na feidhmeanna a bhíonn ag an gcomhlacht Coleg Cymraeg Cenedlaethol sa Bhreatain Bheag. Déanann sé maoirseacht ar cén cúrsaí atá ar fáil, agus mura bhfuil an soláthar ann, ní fhaigheann na cúrsaí an maoiniú. Coinníonn sé súil ghéar air. Tá obair iontach á déanamh ag COGG faoi láthair. Cuireann sí liosta de na cúrsaí atá ar fáil ach níl sé soiléir i gcónaí cén céatadán den chúrsa atá ar fáil trí Ghaeilge. B'fhéidir go bhfuil cúrsa gnó le Gaeilge agus gnó trí Ghaeilge ann. Mar shampla, tá cúrsa ag Fiontar atá go hiomlán trí Ghaeilge ach níl sé soiléir in áiteanna eile má tá gnó agus Gaeilge mar ábhar ar leith. Tá suíomh ar fáil ag an Coleg Cymraeg Cenedlaethol agus léiríonn sé cén céatadán de na modúil atá ar fáil i mBreatnais, mar a tharlaíonn sé. Déanann sé maoirseacht air freisin.
Comment on this
Tá ceist amháin eile agam. Sula gcuirim an cheist, is trua nach raibh a fhios agam faoin gceardlann a bhí ag na finnéithe leis an dream ón mBreatain Bheag. Ní a fhios agam an raibh a fhios ag na baill eile faoi. Is léir go raibh sé an-suimiúil agus gur fhoghlaim na finnéithe go leor faoin córas atá acu sa Bhreatain Bheag. Más rud é go bhfuil aon rud mar sin á dhéanamh arís, an bhféadfaí cuireadh a thabhairt dúinn a bheith ann, más féidir?
Tá ceist deiridh agam maidir leis an suirbhé. Níl mé róshoiléir faoi. An iad na tuismitheoirí nó na daltaí a bheidh ag líonadh an tsuirbhé?
Comment on this
Is le daltaí scoile is mó a bheidh an suirbhé á gcur i gcrích. Ní cineál suirbhé ar líne atá i gceist. Beidh grúpaí fócais agus rudaí mar sin i gceist. Beidh sé níos idirghníomhaí ná sin. Beidh idirghníomhú le múinteoirí gairmoideachais, mar shampla, agus le daltaí agus beidh plé agus grúpaí fócais agus a leithéid.
Comment on this
An bhfuil an plean déanta amach lena haghaidh?
Comment on this
Tá dréachtphlean curtha le chéile.
Comment on this
An bhfuil na finnéithe sásta go bhfuil siad ag fáil dóthain tacaíochta ón Roinn ardoideachais lena haghaidh sin?
Comment on this
Níl an cinneadh faighte againn maidir leis an suirbhé sin go fóill.
Comment on this
Tá sé le plé anois leis an Údarás um Ard-Oideachas. Tá sé sin á phlé faoi láthair leis.
Comment on this
Le bheith cothrom faoi, tháinig sé seo as cruinniú a bhí againn mar uachtaránacht na n-ollscoileanna le Simon Harris thart ar dhá bhliain ó shin anois. Luaigh sé féin gur cheap sé nach raibh dóthain á dhéanamh don Ghaeilge. Ag teacht as sin, chuireamar litir ag an Údarás um Ard-Oideachas ag rá leis go mbeadh muid sásta suirbhé a dhéanamh. Bheinn ag súil, ar an mbonn sin, go mbeadh tacaíocht ann ón Roinn agus ón údarás. Tá an-obair déanta i nGaillimh maidir leis. Bheifeá ag súil go mbeadh tacaíocht ann. B'fhéidir go dtacódh tacaíocht an chomhchoiste seo leis an iarracht freisin.
Comment on this
Aontaím go hiomlán leis na finnéithe maidir leis an maoiniú do ranganna beaga agus go bhfuil sé deacair don ollscoil féin go neamhspleách an maoiniú a thabhairt do ranganna beaga agus léachtóirí a bheith ag múineadh nó ag tacú le ranganna beaga. Tá gá le fís fhadtréimhseach. Aontaím go hiomlán leo agus tá mé lánsásta tacú leis an gcur chuige sin. Tá sé in am a bheith diongbháilte maidir le turas fadtréimhseach na Gaeilge anseo, in ionad a bheith ag ticeáil boscaí. Tá díomá orm freisin gur maoiniú aonuaire a bhí ansin agus nach mbeidh sé ag leanúint ar aghaidh go fadtréimhseach. É sin ráite, nuair a thoghadh mé don Seanad, thug mé faoi deara nach raibh cliú agam an méid daoine i mo fhoireann féin i dTeach Laighean anseo a raibh Gaeilge acu. Uaireanta, bíonn an dearcadh againn nach bhfuil Gaeilge ag daoine mura bhfuil sí cloiste againn uathu. An bhfuil taighde déanta ag na finnéithe san Ollscoil i nGaillimh maidir le céatadán na foirne a bhfuil Gaeilge de chaighdeán sách ard acu go mbeadh siad in ann feidhmiú trí Ghaeilge le beagáinín tacaíochta, seachas a bheith i gcónaí ag iarraidh daoine a earcú chun líon na daoine le Gaeilge a chomhlíonadh?
Deir na finnéithe go bhfuil sé dúshlánach an 20% a bhaint amach roimh 2030 ach, fiú má tá a fhios againn anois nach mbeidh sé sodhéanta, ba chóir dúinn dul chomh fada agus is féidir ina ainneoin sin. Ba chóir dúinn an líon is mó daoine le Gaeilge a earcú agus gur féidir linn agus tacaíocht a thabhairt do na daoine taobh istigh den fhoireann a bhfuil beagáinín Gaeilge acu agus a bheidh in ann feidhmiú trí Ghaeilge roimh 2030 le beagáinín tacaíochta agus le beagáinín staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge arís chun rudaí a athnuachan, fiú mura bhfuil a fhios againn cé hiad na daoine sin. An bhfuil cliú ag na finnéithe cén céatadán d'fhoireann Ollscoil na Gaillimhe a bhfuil Gaeilge acu faoi láthair? An bhfuil an taighde sin déanta?
Comment on this
Tá dhá chuid leis sin. Nuair a bhí mise mar uachtarán, cuireadh ceist ar an bhfoireann acadúil le féachaint cé a bheadh suim acu nó a bheadh ábalta múineadh trí Ghaeilge. Bhí iontas orm. Bhí roinnt mhaith den fhoireann acadúil an-sásta múineadh trí Ghaeilge agus ábalta é sin a dhéanamh. Is cuid amháin de é sin. Maidir leis an dara chuid, cé go bhfuil sé deacair, rinneamar iarracht a fháil amach cé a bhfuil Gaeilge acu agus cén ábaltacht nó leibhéal atá acu. B'fhéidir go bhfuil níos mó déanta ó shin. An gcuireann tú é i suirbhé? An mbíonn orthu ceist a fhreagairt? An gcuireann tú faoi scrúdú iad? Rinneadh é sin. Iarradh cén céatadán a bhfuil Gaeilge acu. Arís, tá sé sách ard agus níos airde ná mar a cheapfá. Ní cuimhin liom anois an céatadán agus tá sé athraithe ó shin ach tá sé deacair teacht ar an eolas sin laistigh d'aon eagraíocht. An iarrann tú ceist ar dhaoine? An gcuireann tú faoi scrúdú iad? Tá sé deacair teacht air sin. Is dúshlán é sin a bheidh ann san earnáil phoiblí go ginearálta. Cén tslat tomhais a bheidh ann maidir le hábaltacht sa Ghaeilge? Tá sé níos airde ná mar a cheapfá. Tá i bhfad níos mó daoine báúil don Ghaeilge. Tá i bhfad níos mó daoine ná mar a cheapfá in aghaidh na Gaeilge freisin ach tá i bhfad níos mó báúil ná mar a cheapfá. Cheapfainn go bhfuil an 20% sodhéanta in Ollscoil na Gaillimhe. Níl a fhios agam an mbeidh sé sodhéanta in aon áit eile. Bhí suim ag roinnt mhaith dár bhfoireann acadúil múineadh trí Ghaeilge agus bhí siad ábalta é sin a dhéanamh. Is ceann de na dúshláin atá roimh an tslat tomhais de 20% ná fáil amach cá bhfuil muid faoi láthair agus cad atá le déanamh.
Comment on this
Tá sé sin ríthábhachtach. Aontaím leis an Ollamh Ó hÓgartaigh. Tá dualgas orainn ar fad. Tá dualgas ar pholaiteoirí ó thaobh an mhaoinithe de ach tá dualgas ar na hollscoileanna a bheith chomh cinnte agus gur féidir maidir lena stádas reatha. An bhfuil 10% den fhoireann i DCU in ann feidhmiú trí Ghaeilge? An bhfuil 15% i nGaillimh? Dúirt an tOllamh Ó hÓgartaigh go raibh ionadh air roimh an gcéatadán garbh a bhí ann. Deir sé go bhfuil sé sin sodhéanta i nGaillimh ach b'fhéidir nach bhfuil sé in áiteanna eile. Tá dualgas ar na hollscoileanna ar fad a fháil amach láithreach, nó chomh luath agus gur féidir, cá bhfuil siad faoi láthair agus cén céatadán atá in ann an Ghaeilge a labhairt. Má tá a fhios againn, mar pholaiteoirí, an méid cabhrach atá ag teastáil ó gach ollscoil, is féidir linn pleananna a dhéanamh ach, mura bhfuil cliú againn cá bhfuil gach ollscoil, conas gur féidir linn an droichead a chruthú idir an áit ina bhfuilimid faoi láthair agus an sprioc de 20%? Caithfidh go bhfuil sé difriúil i ngach ollscoil. Tá cultúr difriúil i ngach ollscoil. Níor fhreastail mé ar Ollscoil na Gaillimhe ach is as Gaillimh mé agus tá a fhios agam go bhfuil cultúr na Gaeilge láidir i nGaillimh agus san ollscoil. Feicim é sin chuile uair a thugaim cuairt ar an ollscoil. Tá cultúr ann nach bhfuil ann in ollscoileanna eile. Aontaím leis an Ollamh Ó hÓgartaigh.
Is é an t-aon éileamh atá agam ar na finnéithe ná níos mó brú a chur, más féidir, ar an Roinn oideachais agus ar an CNCM curaclam ceart a fhorbairt don Ghaeilge, go háirithe do na meánscoileanna a fheidhmíonn trí Bhéarla. Bhí comhrá faoi seo againn níos luaithe. Beidh an coiste ag obair ar an ábhar seo. Déanfaidh mé mo dhícheall. Bhí mé i mo mhúinteoir meánscoile ar feadh beagnach 12 bhliain agus d'fhulaing mé sa seomra ranga. Ní raibh mé ag múineadh riamh cé go raibh mé i mo mhúinteoir. Bhí mé ag déanamh force-feeding ar na daltaí maidir leis an teanga. Nuair a scriosann tú taitneamh na ndaltaí maidir leis an teanga ag an dara leibhéal, tá sé an-deacair iad a mhealladh isteach in oideachas trí Ghaeilge ag an tríú leibhéal. Tá a fhios agam go bhfuil maoiniú agus pleanáil ag teastáil san earnáil thríú leibhéal ach caithfidh gach duine a bheith ar an gcéim chéanna lena chéile. Ón luathoideachas ar aghaidh go dtí an bunoideachas agus an meánoideachas, caithfidh an sruth a bheith ann chun daoine a mhealladh isteach sa tríú leibhéal nó beidh muid caillte sula dtosaímid.
Comment on this
Is maith liom go luann an Seanadóir an nasc atá ann idir gach rud. Aontaím go huile agus go hiomlán leis go bhfuil gach rud nasctha le chéile. Maidir leis an sprioc 20%, tá ról níos mó ag na hollscoileanna ná díreach an sprioc sin a bhaint amach. Tá ról suntasach acu cabhrú le heagraíochtaí eile an sprioc sin a bhaint amach. Is fiú breathnú ar an gcóras trí chéile, mar a rinne an Seanadóir ansin, mar feiceann tú go mbíonn titim ollmhór ar an gcumas sa Ghaeilge atá ag na daoine óga nuair a théann siad isteach san ollscoil mar níl aon Ghaeilge sna cúrsaí a dhéanann an chuid is mó dóibh. Mar a luaigh mé sa ráiteas, caithfear a bheith ag smaoineamh faoi na daoine a bheidh in ann léachtaí a thabhairt ar chuid dá n-ábhar i nGaeilge sa todhchaí. Is é sin a dhéantar nuair a bhíonn an cineál dearcaidh ann faoin nasc atá idir gach céim den chóras. Tá tú in ann breathnú ar an soláthar sin. Má tá tú ag iarraidh a bheith in ann léachtaí a thabhairt i nGaeilge sa todhchaí, caithfidh forbairt a dhéanamh ar dhaoine atá ag déanamh, mar shampla, dochtúireacht in ábhar eile nach an Ghaeilge í.
Bhí mac léinn dochtúireachta agam féin sa ghéanómaíocht, genomics, agus bhí seisean ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge. Bhí páirtmhaoiniú aige ó Údarás na Gaeltachta, mar a tharla. D'éirigh liom páirtmhaoiniú a fháil dó toisc go raibh sé ag feidhmiú as Gaeilge. Déanann rudaí mar sin an-difríocht. Ní raibh aon deacracht againn. Bhí sé go maith. Bhí sé an-inniúil sa Ghaeilge. Bhíomar in ann an t-ábhar sin a phlé i nGaeilge. Bheadh sé de chumas ag daoine mar sin a bheith ag tabhairt léachtaí i nGaeilge amach anseo. Dá mbeadh sé sin fite fuaite isteach sa chóras, ní tharlódh an titim thubaisteach sin a tharlaíonn in inniúlacht na Gaeilge i mic léinn ag aois na hollscoile.
Tagann siad isteach san ollscoil agus is furasta dearmad a dhéanamh ar an nGaeilge. Tá a fhios ag an Seanadóir go n-éiríonn daoine meirgeach mura bhfuil sé mar chuid dá saol. Cailleann siad muinín. Téann sé i léig ar an gcaoi sin. Dá ndéanfaimis cinnte go bhfuil roghanna ann, d'fhéadfaimis é a fhí isteach san ollscolaíocht níos fearr agus é sin a sheachaint.
Comment on this
Táim sásta é sin a chloisteáil. Táim sásta go bhfuil fís fhadtéarmach ag an ollscoil i nGaillimh agus go bhfuil fís níos leithne ann ná mar a cheap mé. Deirim i gcónaí go bhfuil dualgas ar an oideachas sochaí a chruthú. Is sochaí leathan atá á cruthú ag an oideachas go ginearálta. Cén tsochaí atá ag teastáil uainn? Is bunphrionsabal é sin a bhfuil tionchar aige ar chuile rud eile. Mura bhfuil rud éigin feiceálach, ní bheidh daoine ag iarraidh é a bhaint amach. Is féidir féachaint ar dheisceart Bhaile Átha Cliath agus an méid Gaelscoileanna agus Gaeilge atá le feiceáil anois i gcomparáid le 50 nó 60 bliain ó shin. Feictear daoine ar nós Con O'Callaghan ar an teilifís agus é ag caint i nGaeilge ar RTÉ nuair a bhuann Baile Átha Cliath craobh na hÉireann. Ní raibh cliú agam go raibh Gaeilge aige go dtí gur chuala mé é sin. Bíonn tionchar ag daoine mar sin ar an tsochaí. Bíonn tionchar ag leithéidí an mac léinn dochtúireacht a luaigh an tOllamh Seoighe ar eolaithe eile. Caithfidh sé a bheith i bhfad níos leithne ná an bhunscoil, an mheánscoil agus an ollscoil. Caithfidh fís leathan a bheith ann.
Comment on this
Is pointe an-tábhachtach é sin. Ní hamháin gur oideachas trí Ghaeilge atá ann ach dearcadh éagsúil ar an saol freisin. Nuair a dhéantar an eacnamaíocht trí Ghaeilge i nGaillimh, ní hé an téacsleabhar clasaiceach a bhíonn ag chuile dhuine eile a bhíonn i gceist. Is téacsleabhar éagsúil Hiberno é agus bíonn dearcadh éagsúil aige ar an ngeilleagar. Mar aon le TG4, is súil eile ar an saol atá ann. Is cuid an-tábhachtach é freisin gur dearcadh éagsúil ar an saol atá ann, go bhfuil sé éagsúil agus go mbreathnaítear ar rudaí i mbealach difriúil. Tá éifeacht aige sin ar an tsochaí freisin atá dearfach agus suntasach.
Comment on this
Tá cúpla ceist agam. Tá sé suimiúil go raibh cúrsaí trí mheán na Gaeilge ar fáil sna hochtóidí. Bhí cúrsaí ar fáil i gColáiste Naoimh Phádraig i Maigh Nuad sna seascaidí agus seachtóidí. Bhí triúr léachtóir ann: an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich, léachtóir stáire; an Moinsíneoir Pádraig Ó Fiannachta, léachtóir reiligiúin a d’aistrigh an Bíobla; agus an Moinsíneoir Breandán Ó Doibhlin, léachtóir Fraincise. Tá an triúr acu imithe ar shíl na fírinne.
Is nuacht iontach í go bhfuil tús le cur leis an suirbhé go luath in 2026. Mar a dúirt an Seanadóir Curley fúthu siúd a bhfuil Gaeilge acu sna hollscoileanna, is í an fhadhb le suirbhéanna go ginearálta - bhíomar ag díospóireacht anseo faoi shuirbhé eile cúpla seachtain ó shín – ná go mbraitheann freagraí an tsuirbhé ar cheisteanna an tsuirbhé. Agus muid ag breathnú ar an suirbhé sin, seachas ceist oscailte a chur ann, an mbeadh sé níos fearr ceisteanna atá níos dírithe a chur isteach maidir leis na cineálacha cúrsaí ar mhaith le mic léinn a dhéanamh trí mheán na Gaeilge? Mar shampla, má tá ceist ann a fhiafraíonn de mhic léinn, “Ar mhaith leat cúrsa margaíocht agus gnó a dhéanamh?”, is féidir iad siúd a chur i dtreo Fiontar in DCU. Ar an mbealach céanna, má fhreagraíonn mic léinn go bhfuil spéis acu cúrsaí eolaíochta nó bitheolaíochta a dhéanamh, b’fhéidir go mbeidh cúrsaí STEM ar fail in Ollscoil na Gaillimhe. Ansin, deirimis leo siúd a bhfuil spéis acu i réimse na socheolaíochta agus na hantraipeolaíochta go mbeidh na cúrsaí sin á gcur ar fáil i Maigh Nuad. An mbeadh sé sin i bhfad níos dírithe? Bheadh muid in ann na cúrsaí sin a chur ar fáil, seachas ag rá gur bhreá linn cúrsaí a chur ar fáil, ach is iad seo na cúrsaí atá ag teastáil agus tá na léachtóirí againn.
Comment on this
Is féidir é sin a dhéanamh. Mar a dúirt mé, is ceist fíorleochaileach í cur i bhfeidhm an tsuirbhé. Rinne muid plé lenár gcairde i Coleg Cymraeg Cenedlaethol faoi sin chomh maith. Bhí an freagra a bhí acu siúd air an-spéisiúil. Dúirt siad, nuair atá siad ag déanamh suirbhé - rinne siad suirbhé den chineál seo - ní hamháin go bhfuil siad ag iarraidh oibriú amach an éileamh a bhí ar chúrsaí éagsúla ach tá siad ag iarraidh tuiscint a fháil ar na fáthanna a roghnódh, nó nach roghnódh, mic léinn cuid dá gcuid ardoideachais, nó é ar fad, a dhéanamh trí mheán na Breatnaise. Tá cíoradh déanta acu ar an gceist sin agus tá go leor faighte amach faoi. Tá ranna déanta acu de shaghsanna éagsúla mac léinn ina léirítear an spéis agus tuiscint atá acu ar an oideachas trí Bhreatnais chomh maith leis na fáthanna a roghnódh nó nach roghnódh siad é. Tá go leor i gceist leis. Ní ticeáil bosca atá i gceist. Ní oibreodh sé sin.
Ó thaobh ceist a chur sa suirbhé maidir le cad atá ag teastáil anseo agus ansiúd, braitheann sé sin go mór ar na háiteanna ina bhfuil an cumas le cúrsaí éagsúla a chur ar fáil. Tá muid in ainm is a bheith ag comhoibriú i bhfad níos fearr le chéile maidir le cúrsaí ollscoile a chur ar fáil go cianach, mar shampla, agus ar bhonn roinnte idir institiúidí éagsúla. Tá go leor féidearthachtaí maidir le rud nua agus bealaí nua le bheith ag tabhairt faoi na rudaí seo. Feictear dom go dtugann sé sin an-deis dúinn chomh maith. Tá an buntáiste sin againn i gcomparáid le mar a bhí an saol nuair a bhí Coleg Cymraeg Cenedlaethol á chur le chéile mar shampla.
Luaigh an Seanadóir Curley go bhfuil spéis aige sa cheardlann a bhí againn le Coleg Cymraeg Cenedlaethol. Is rud iontach é go bhfuil sé ar fáil agus tá sé ar fáil go leanúnach. Tá sé ag iarraidh cabhrú linn dul chun cinn a dhéanamh anseo ar an gcaoi céanna agus, b’fhéidir, ar an gcosán céanna. B’fhéidir go mbeidh muid ag baint buntáiste as na botúin a rinne sé ar an mbealach agus iad a dhéanamh ar bhonn níos fearr. Tá sé sin againn mar acmhainn.
Ag deireadh an lae, beidh sé seo ag brath ar chumas na n-ollscoileanna cúrsaí ar leith a chur ar fáil. Is é sin an fáth go raibh mise ag rá go spreagann an maoiniú atá ar fáil daoine éagsúla le cur isteach air sin. Ina dhiaidh sin, breathnaíonn tú ar céard atá agat agus céard atá in acmhainn agat a dhéanamh agus cuireann tú isteach ar rud éigin. Ansin thitfeadh sé amach go horgánach ar bhealach, más maith leat, na háiteanna ina mbeidh STEM, socheolaíocht, agus cúrsaí eile ar fáil. Thitfeadh sé sin amach ag brath ar sholáthar agus cumas na n-ollscoileanna.
Comment on this
Leantar ar aghaidh leis sin. Ní cuimhin liom an é an tOllamh Cathal Seoighe nó an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh a bhí ag rá sa ráiteas gur chóir ollscoil amháin breathnú ar oideachas trí mheán na Gaeilge sa tríú leibhéal.
Comment on this
Ní éireodh leis. Ní féidir le haon ollscoil é sin a dhéanamh ina haonar.
Comment on this
An mbeadh sé níos fearr go mbeadh, abraimis, Gaillimh ag breathnú ar STEM, UCD ag breathnú ar an dlí agus Corcaigh ag breathnú ar réimse eile? An ndéanann sé sin ciall?
Comment on this
Arís eile, ag breathnú ar an mBreatain Bheag, is cinnte go ndéantar é sin. Déantar comhordú ar sholáthar na gcúrsaí. Mar shampla, d’fhéadfadh dhá ollscoil cur isteach ar chúrsa dlí a dhéanamh, ach b’fhéidir go mbeadh ollscoil amháin rúinín beag níos fearr ná an ceann eile agus níorbh fhiú an dá cheann a bheith ann. Mar sin, bheadh an ollscoil amháin seo ag fáil an mhaoinithe agus ní fhaigheadh an ceann eile é. Tá bealaí-----
Comment on this
Tá a mhalairt á rá agamsa i gcomparáid leis an Ollamh Seoighe. Ba cheart go dtabharfaí an fhreagracht d’ollscoil amháin, is í sin Ollscoil na Gaillimhe mar go bhfuil sí taobh leis an nGaeltacht. Má tá freagracht ar chuile dhuine, ní bhíonn freagracht ar éinne. Is ceist saghas struchtúrach í sin agus beidh tuairimí éagsúla ag daoine éagsúla. Tá an-obair déanta ag an Ollamh Seoighe ó thaobh dianmhachnamh a dhéanamh ar an suirbhé.
Tá an ceart aige agus ag an Leas-Chathaoirleach; tá sé deacair suirbhé a dhéanamh agus freagraí cearta ionraic a fháil. Tá an suirbhé tábhachtach mar go bhfreagróidh sé an cheist shíoraí, is í sin, go mbíonn daoine ag rá nach bhfuil éileamh ar na cúrsaí seo agus sin an fáth nach bhfuil siad ar fáil. Is í an chéad chéim air sin ná féachaint má tá an t-éileamh ann, cibé bealach a ndéantar é, bíodh sin suirbhé, grúpaí fócais nó pé rud. Ansin, ní mór breathnú agus féachaint air sin. Mar shampla, sa Bhreatain Bheag, luíonn an fhreagracht le hOllscoil Aberystwyth. Luaigh an tOllamh Seoighe an Nua-Shéalainn, áit ina bhfuil na hollscoileanna Maoraise freagrach as, seachas an córas go ginearálta. Ceapaim go gcaithfidh ollscoil amháin a bheith freagrach as agus maoiniú a chur ar fáil ar an mbonn sin. Chaithfí go mbeadh cultúr i gceist, mar atá luaite, maidir leis an nGaeilge agus rudaí éagsúla mar sin a bheadh fite fuaite leis an ollscoil. Is ceist í sin don chéad chéim eile, áfach. Roimhe sin, is í an chéad chéim ná féachaint ar an éileamh atá ann agus an cur chuige a bheidh ann. Tá an-obair déanta ag an tOllamh Seoighe ina leith sin agus tréaslaím leis mar is í sin a bhí i gceist nuair a bhí an suirbhé in aigne againn.
Comment on this
Ó thaobh éileamh na gcúrsaí reatha de, is é an rud is tábhachtaí ná an margaíocht, go háirithe sna Gaelcholáistí agus na scoileanna a bhfuil aonad iontu. Leis an suirbhé, an mbreathnófar ar Ghaelcholáistí, scoileanna a bhfuil aonad iontu agus scoileanna a raibh sruthú iontu go dtí an tríú leibhéal, nó cén sórt scoileanna a bhfuiltear ag breathnú orthu?
Comment on this
Ní gá díriú isteach air sin amháin. Is féidir a bheith níos leithne ná sin ach tá muid ag súil go mbeidh céatadán níos airde ó na scoileanna sin go cinnte. Tá daoine a thagann ó scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla. B’fhéidir nach bhfuil aon Ghaelcholáiste sa cheantar ach go bhfuil an-spéis agus an-chumas acu sa Ghaeilge.
Níl muid ar aon intinn maidir le hollscoil amháin a bheith freagrach as seo. Aontaím muna bhfuil duine amháin freagrach, níl aon duine freagrach. Ní aontaím, áfach, gur chóir an fhreagracht a leagan ar ollscoil amháin. Is ceart an fhreagracht sin a leagan ar eagraíocht ach ní ceart é a leagan ar ollscoil amháin. Feictear dom go bhfuil go leor ar siúl in áiteanna eile. Mar shampla, tá cúrsa eiseamláireach in DCU, is é sin, gnó agus Gaeilge. Ba mhór an trua é ligin d’ollscoileanna imeacht ón bpictiúr mar tá go leor daoine sna hollscoileanna ar fad a bhfuil Gaeilge acu agus a bheadh in ann cúrsaí a chur ar fáil. Is gá chuile dhuine a thabhairt le chéile.
Ba cheart dom a rá nach bhfuilim ag labhairt ar son na n-ollscoileanna. Níl mé ag caint anseo ar son Ollscoil na Gaillimhe. Má tá tuairim fhadtéarmach agam féin faoin bhealach lena dhéanamh seo, is í mo thuairim pearsanta í. Ní labhraím thar ceann Ollscoil na Gaillimhe.
Comment on this
Tá rud amháin deireanach agam agus ansin bogfaidh mé ar aghaidh chuig na ceisteanna eile. Ó thaobh an éilimh de, mar shampla, nuair a bhí mé sa séú bliain ní raibh cúrsaí dlí agus Gaeilge ar fáil ach amháin i gCorcaigh. Ní raibh an t-airgead agam le dul síos go Corcaigh, áfach. Caithfidh muid smaoineamh ar na daltaí sa séú bliain ar mhaith leo dul go dtí Maigh Nuad, Gaillimh nó Corcaigh chun chúrsa trí mheán na Gaeilge a dhéanamh. Chun an fíoréileamh a mheas, ba chóir, b’fhéidir, deontas de shórt éigin a thabhairt ag an tús do na scoláirí sin atá ag bogadh go dtí an taobh eile den tír ionas go mbeidís in ann cúrsaí trí mheán na Gaeilge a dhéanamh.
Is ceist deontais airgid é sin ach ó thaobh cearta de, ba chóir a leithéid sin a chur ar fáil.
Comment on this
Bhíodh deontais ar fáil blianta ó shin. Tá fadhb ag baint le deontais, de réir dearcadh áirithe, ach tá an ceart ag an Leas-Chathaoirleach. B'fhéidir go mbeidh scoláireachtaí ar fáil, mar shampla. I nGaillimh agus in áiteanna eile, tá scoláireachtaí cónaithe ar fáil. B'fhéidir go mbeadh a leithéid mar chuid den fhreagra. Cosúil leis an Ollamh Seoighe, nílim ag caint ar son na Gaillimhe a thuilleadh - nílim ann a thuilleadh - ach ba mhaith liom rud amháin a rá faoin tsuirbhé maidir leis an margaíocht. Nuair atá suirbhé ann, tá sé mar chuid den choincheap nó den fhealsúnacht go gcuireann sé in aigne na ndaoine go bhfuil féidearthacht ann maidir leis an nGaeilge. Cuireann sé sin - an suirbhé a dhéanamh - an scéal amach go bhfuil an cheist seo á plé. Tá sé sin tábhachtach.
Comment on this
Leanfaidh mé leis an gceist faoin tsuirbhé. Tá sé tábhachtach go gcloiseann tuismitheoirí go bhfuil daoine ag smaoineamh air seo, go bhfuil tuairimí na mic léinn á lorg agus go bhfuil éisteacht á thabhairt dóibh. Chuala an choiste seo thar na blianta go bhfuil tuismitheoirí nach gcuireann a bpáistí ar aghaidh go dtí Gaelcholáistí ar an dara leibhéal toisc nach bhfuil cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge sna hollscoileanna agus ceistíonn siad cad is fiú. Tá a fhios againn cheana féin go mbeidh postanna ar fáil amach anseo, agus is léir go gcloistear an Ghaeilge níos mó. Tá sé an-tábhachtach go gcloisfidh daoine anois ní hamháin go mbeidh postanna ar fáil ach freisin go bhfuil an córas ardoideachais nó breisoideachais ag díriú isteach ar chúrsaí breise, nó ar a laghad ag féachaint ar na cúrsaí breise atá ag teastáil. Ba cheart dúinn gach bealach gur féidir a úsáid chun an cheist seo a chraobhscaoileadh, go háirithe i gceantair nach bhfuil Gaelcholáistí ar fáil.
Tá na díolúintí pléite againn anseo cheana. Go minic, bíonn daoine ag casadh agus ag rá nach fiú an Ghaeilge a fhoghlaim agus ag glacadh an bealach éasca chun díolúintí a fháil. Níl siad ag iarraidh stró a chur ar a mac nó a hiníon le tabhairt faoin nGaeilge nuair atá siad an-ábalta. Caithfidh go bhfuil bealach éigin ann chun tuairimí an pobal i gcoitinne, seachas an fhócasghrúpa amháin, a thabhairt isteach sa suirbhé. B'fhéidir gur féidir é seo a dhéanamh tríd na meáin. Molaimid do thuismitheoirí a dtuairimí a roinnt go hoscailte.
Nuair a tháinig daoine ón nGarda Síochána os ár gcomhair anseo tamall de bhlianta ó shin, dúirt siad nach raibh siad in ann postanna a líonadh de bharr nach raibh dóthain éilimh ar an sruth Gaeilge. Nuair a d'iarr muid orthu cén áit ar dhein siad fógraíocht nó craobhscaoileadh maidir leis an sruth sin, dúirt siad nach ndéantar a leithéid. Caithfear díriú ar an lucht féachana. Sa chás seo, tá sé riachtanach go mbeadh a fhios ag na daltaí agus na tuismitheoirí go bhfuil na cúrsaí seo ann. Déanann tuismitheoirí iarracht a bpáistí a threorú, cé nach éistíonn siad go minic.
Cé chomh fada is a thógfadh sé cúrsa trí Ghaeilge a mhúnlú nó a chur le chéile? Tuigim nach féidir leis an Ollamh Seoighe a rá anois go bhfuil sé chun cúrsa ar mhatamaitic trí Ghaeilge, mar shampla, a thosú an bhliain seo chugainn. Glacaim go bhfuil trí nó ceithre bhliain de chur chuige i gceist, go háirithe más gá foireann a tharraingt le chéile, srl.
Comment on this
Braitheann sé ar céard atá i gceist. Ní ghlacann sé an-fhada modúl nua a chur ar fáil, ach glacann sé sin tamall de bhlianta clár iomlán nua a chur le chéile. I gcás modúl amháin, caithfear é a chur tríd na scoile agus tríd an choláiste le faofadh a dhéanamh air; is dócha go mbeadh sé réidh laistigh de bhliain. Ceist difriúil atá ann i gcás clár iomlán. Má táthar ag iarraidh rud iomlán nua a bhunú ón talamh aníos, tógfadh sé trí bliana é a chur le chéile, b'fhéidir.
Comment on this
Tá fíorbheagán modúil i nGaeilge, fiú, ag roinnt de na hollscoileanna. Bheadh orthu tosú ón mbonn. Tuigim go bhfuil cúrsaí ann le modúil i nGaeilge in Ollscoil na Gaillimhe cheana féin. I gcoláistí eile, tá fíorbheagán i nGaeilge seachas an Ghaeilge mar ábhar, b'fhéidir.
Comment on this
Is cinnte go bhféadfaí modúil nua a chur ar bun furasta go leor. Ní ghlacfadh sé ach níos lú ná bliain le modúl nua a chur le chéile agus a chur a fáil i gclár teagaisc atá ansin cheana féin, agus ranganna teagaisc a chur ar fáil in éineacht le sin. Tá go leor rudaí gur féidir a dhéanamh ar bhonn gearrthéarmach agus tá rudaí eile gur féidir a dhéanamh ar bhonn níos fadtéarmaí.
Comment on this
Ar ábhar beagáinín difriúil, maidir leis na féidearthachtaí atá ag an acadamh, tá eagraíochtaí ar nós Gaelchultúr agus a leithéid ag insint dúinn go bhfuil éileamh mhór ar chúrsaí ó dhaoine sa Státseirbhís nó sa chóras poiblí atá ag iarraidh snas a chur ar a gcuid Gaeilge nó teacht athuair ar an nGaeilge atá acu. An féidir níos mó úsáide a bhaint as an acadamh, as na hollscoileanna nó as na hinstitiúidí tríú leibhéal le cinntiú gur féidir an t-éileamh nua atá ann a shásamh? Ba cheart dúinn a chinntiú go bhfuil deiseanna ann dóibh sin atá ag iarraidh an Ghaeilge a athfhoghlaim.
Comment on this
Tá suíomh ag an acadamh i nGaeltacht Chonamara agus i dTír Chonaill. Tá an Coleg Cymraeg Cenedlaethol luaite ag an Ollamh Seoighe. B’fhéidir gur fiú labhairt leo siúd ag an gcoiste seo. Tá féidearthachtaí san acadamh ach go háirithe nach bhfuil bainte amach go fóill, agus b’fhiú iad a chiaradh níos mó. Tá siad lonnaithe sa Ghaeltacht - ar An gCeathrú Rua, i nDún na nGall agus i gCarna - agus is é sin an rud is tábhachtaí. Tá na suíomhanna sin ar fáil i i dTír Chonaill agus i gConamara. Tá an fhoireann ann freisin leis an nGaeilge a chur chun cinn.
Comment on this
Cad é an srian faoi láthair nó an bhfuil aon shrian ann? An maoiniú atá i gceist nó easpa foirne?
Comment on this
Maoiniú atá i gceist mar shrian, agus b'fhéidir an dualgas atá ar na Ranna Stáit breathnú ar cad atá i ndan sa todhchaí. Caithfidh siad dul i dteagmháil leis an acadamh agus leis an gcóras go ginearálta le féachaint cén cur chuige a bheadh ann. An riachtanas is mó atá ann ná go mbeadh ceangal idir an acadamh agus an tseirbhís phoiblí.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis an Ollamh Ó hÓgartaigh.
Comment on this
Tá pointe an-tapa le déanamh agam. Ní ceist é i ndairíre. Dúirt mé níos luaithe gur cheart dúinn a bheith cinnte faoi líon na ndaoine sa chóras a bhfuil Gaeilge acu. Is sampla mé dóibh siúd nach raibh Gaeilge ag a dtuismitheoirí. D'fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge ar fad san earnáil oideachais. Uaireanta, le beagáinín cabhair, is féidir dul chun cinn ollmhór a dhéanamh. Uaireanta ní bhíonn a fhios againn cé mhéad Gaeilge atá ionainn. Caithfimid iarracht a dhéanamh cabhrú leis na daoine atá sa chóras cheana féin an méid is mó Gaeilge gur féidir leo a úsáid. Sin an t-éileamh atá agam.
Comment on this
Is smaoineamh dearfach bríomhar é sin. Is teanga beo í an Ghaeilge. Tá an fhoireann idirnáisiúnta sna hollscoileanna i bhfad níos fairsinge anois, agus is rud maith é sin. Uaireanta deirtear go tagann deacrachtaí as sin i dtaobh na Gaeilge, ach tá samplaí ráthúla i nGaillimh. Bheadh aithne ag an Dr. Hegarty agus an Ollamh Seoighe ar Tony Christofides, Gréigeach a d’fhoghlaim an Ghaeilge agus a mhúin mata trí Ghaeilge. D'fhoghlaim Gearóid Mac Niocaill as Sasana an Ghaeilge agus mhúin sé stair trí Ghaeilge. Tá deis ann freisin don fhoireann idirnáisiúnta agus tá roinnt mhaith acu báúil don Ghaeilge freisin. Is smaoineamh dearfach é sin mar tá go leor daoine atá níos Gaelaí ná na Gaeil féin.
Comment on this
Aontaím go hiomlán leis sin. Táimid ag iarraidh deiseanna a chruthú agus níos mó béime a chur ar deis ná ar dualgas.
Comment on this
Tógann tú daoine leat nuair atá deiseanna á chruthú agat.
Comment on this
Is ar an ábhar céanna atá mo chéad cheist eile, maidir le líon na mac léinn idirnáisiúnta a fheicim ag déanamh cúrsaí iarchéime anseo. Níl a fhios agam an mbeidh sé mar sin sa todhchaí nó an mbeimid ag dul sa treo sin le cúrsaí fochéime. An gcabhraíonn sé sin i ndáiríre? An gcuireann sé isteach ar na hiarrachtaí seo?
Comment on this
Tá an Teachta ag caint faoi na mac léinn idirnáisiúnta. Tá dhá chuid ag baint leis sin. Is é seo mo thuairim féin. Uaireanta labhraítear fúthu mar réiteach ar fhadhbanna mhaoinithe, ós rud é go dtagann maoiniú breise astu, ach ceapaim gur rud cultúrtha é. Is tír idirnáisiúnta muid anois. Táimid oscailte chuig an domhain mhór agus mar chuid de sin tá sé de dheis againn anois mic léinn idirnáisiúnta a bheith againn. An rud suimiúil faoi sin ná go gceapann na mic léinn a thagann go hÉirinn go bhfuil Gaeilge ar fáil anseo. Ceapann Meiriceánaigh, go háirithe, go mbeidh deis acu an Ghaeilge a fhoghlaim agus a labhairt.
Is cuimhin liom roinnt mhaith blianta ó shin nuair a bhí ceisteanna Gaeilge á bplé san ollscoil, luaigh uachtarán Comhaltas na Mac Léinn - ba as Meiriceá é - ag údarás na hollscoile gur cheap sé nuair a tháinig sé go Gaillimh nó go hÉirinn go mbeadh Gaeilge ar fáil, nó gur ghlac sé leis go mbeadh Gaeilge ar fáil. Chuir sé sin deireadh leis an díospóireacht. Tá na mic léinn á iarraidh. Is é sin an t-éileamh is mó nó an freagra is fearr ar an gceist seo. Ceapaim go bhfuil sé go maith go hidirnáisiúnta ó thaobh na sochaí agus an chultúir de go bhfuil an oiread sin mic léinn idirnáisiúnta ag teacht anseo. An dara cuid de ná má théann tú chuig an bhFrainc, tá tú ag súil go mbeidh Fraincis ann. Nuair a thagann duine go hÉirinn, go minic tagann siad toisc go bhfuil Gaeilge ar fáil agus ag ceapadh go bhfuil Gaeilge ar fáil. Ní fheicim gur constaic í nó gur rud é a bheadh sa bhealach, ach gur deis a bheadh ann.
Comment on this
Aontaím leis sin. Ní rud é atáimid ag iarraidh a úsáid le haon duine a choinneáil amach. Ní ábhar le daoine a dhúnadh amach atá i gceist leis. Mar a luaigh an tOllamh Ó hÓgartaigh, nuair a thagann daoine isteach is minic go mbíonn siad i bhfad níos dearfaí. Tá fear as Meiriceá anois ina oifigeach Gaeilge le hAontas na Mac Léinn in Éirinn - bhí sé ag an gcoiste seo le déanaí, mar a tharlaíonn sé - agus éacht déanta aige maidir leis an nGaeilge a fhoghlaim. Tá mac léinn dochtúireachta eile agam féin as Meiriceá faoi láthair. Tá sé ag fáil dioplóma sa Ghaeilge agus bronnfar céim air an tseachtain seo chugainn. Is minic a thagann daoine isteach a ghlacann spéis sa teanga agus is iontach an rud é sin. Is rud nádúrtha é go dtéitear áit éigin agus go gcuirtear spéis sa teanga agus sa chultúr áitiúil. Ní ábhar faitís é sin. B'fhéidir nach mbeadh an spéis sin ag daoine eile agus tá sé sin go breá chomh maith.
Comment on this
Fair play do Phádraig Mac Brádaigh. Leis sin, cuirfidh mé clabhsúr leis an seisiún seo. Cuireann sé sin deireadh lenár mbreithniú. Gabhaim buíochas leis an Ollamh Cathal Seoighe, an Ollamh Ciarán Ó hÓgartaigh agus an Dr. Fintan Hegarty as an bplé fiúntach agus tairbheach a bhí againn inniu.
Comment on this
Táimid i seisiún poiblí díreach chun deireadh a chur leis an gcruinniú. Molaim go gcuirfimid an cruinniú ar athló go dtí 11 a.m. ar an 25 Samhain 2025, nuair a phléifear maoiniú earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta, séanadh cearta teanga, tithíocht sa Ghaeltacht, agus soláthar an oideachais agus an Ghaeilge do dhaltaí ó Thuaidh agus ó Dheas le hionadaithe thar ceann Chonradh na Gaeilge. An aontaítear leis sin? Aontaítear.