We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

Earcaíocht sa tSeirbhís Phoiblí: Plé (Atógáil)

Summary

Dhírigh an seisiún ar ról Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) i dtacú le hearcaíocht sa tseirbhís phoiblí agus i gcur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla. Mhínigh ionadaithe Mhá Nuad gur córas neamhspleách, caighdeánaithe tástála teanga atá ann, bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, agus go bhfuil éileamh ag méadú go mór air, go háirithe don earnáil phoiblí. Luaigh siad go mbeidh gá le pleanáil, breis acmhainní, níos mó scrúduithe rialta, agus feachtas feasachta má tá an sprioc 20% d’fhostaithe inniúil sa Ghaeilge le baint amach. Ba léir go raibh an coiste dearfach faoi obair TEG agus gur mheas sé go mbeidh a ról níos tábhachtaí fós amach anseo.

Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Déanfaimid ár mbreithniú ar ábhar na hearcaíochta sa tseirbhís phoiblí leis na hionadaithe seo a leanas ó Theastas Eorpach na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad: Siuán Ní Mhaonaigh, stiúrthóir Theastas Eorpach na Gaeilge, agus Aoife Ní Ghloinn, stiúrthóir lárionad na Gaeilge le haghaidh taighde, teagaisc agus tástála. Cuirim fáilte rompu.

Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 3 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Sula leanfaimid ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe agus na gcomhaltaí uile. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin a chur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir go mbeadh a bhfíseáin ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiscint ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu ó lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d'fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ní mór dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfaí a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an ordú sin láithreach. An nglactar leis na treoracha fada sin? Glactar.

Anois, iarraim ar Shiuán Ní Mhaonaigh a ráiteas tosaigh a dhéanamh.

Comment on this
Ms Siuán Ní Mhaonaigh

Tá mé féin agus Aoife Ní Ghloinn iontach sásta an deis a bheith againn a bheith anseo inniu le labhairt leis an Chathaoirleach agus le baill den choiste faoi Theastas Eorpach na Gaeilge, TEG, agus cúrsaí earcaíochta san earnáil phoiblí. Is é ceann de phríomhspriocanna nó príomhchuspóirí Acht na dTeangacha Oifigiúla ná méadú agus feabhsú a dhéanamh ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil do phobal na Gaeilge. Is é ceann de na príomhspriocanna atá leagtha síos ná go mbeidh 20% d’fhostaithe na hearnála poiblí inniúil sa Ghaeilge faoin bhliain 2030. Leis an sprioc sin a bhaint amach agus lena chinntiú go mbeidh caighdeán sásúil ag baint le seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge, beidh sé riachtanach córas bailí iontaofa a bheith ar fáil chun inniúlacht Ghaeilge fostaithe san earnáil phoiblí a mheas agus a dhearbhú. Is é sin go díreach atá i gceist le TEG - seirbhís ghairmiúil tástála agus teastasaithe teanga don Ghaeilge atá bunaithe ar an fhráma tagartha comónta Eorpach agus a bhfuil scrúduithe curtha ar fáil aige do bhreis is 20,000 iarrthóirí le 20 bliain anuas. Tá TEG anois ag tacú le polasaí an Rialtais maidir le cúrsaí earcaíochta trí chóras tástála Gaeilge a chur ar fáil d’eagraíochtaí Stáit, córas atá caighdeánach, trédhearcach agus bunaithe ar na dea-chleachtais idirnáisiúnta.

Sula ndíreoidh mé isteach ar an obair sin ar fad, ba mhaith liom cúpla rud a mhíniú nó a shoiléiriú maidir le córas TEG. Mar chuid de chóras TEG, tá forbairt déanta ag lárionad na Gaeilge i Maigh Nuad ar shiollabais agus ar scrúduithe ag cúig leibhéal cumais. Tá na hábhair ar fad a bhaineann leis an chóras, is é sin na siollabais, na scrúduithe samplacha agus tuairiscí, ar fáil go poiblí agus saor in aisce ar shuíomh TEG. Ní cúrsaí atá i gceist le TEG, mar sin. Is féidir le hinstitiúidí agus eagraíochtaí oideachais in Éirinn nó in áit ar bith eile ar domhan a gcuid cúrsaí féin a bhunú ar na hábhair atá ar fáil ar shuíomh TEG. Ansin, is féidir le foghlaimeoirí in Éirinn nó in áit ar bith eile ar domhan clárú agus scrúdú cumais de chuid TEG a dhéanamh.

Ós rud é gur tástálacha inniúlachta atá i gceist le TEG, ní gá d’fhoghlaimeoir cúrsa ar bith a dhéanamh le tabhairt faoi scrúdú mar ní dhéantar measúnú ar aon eolas faoin teanga, faoin litríocht, faoin bhéaloideas nó faoi aon ábhar eile. Is é an rud atá á thástáil againn ná na scileanna teanga atá ag an duine agus an cumas atá aige nó aici cumarsáid éifeachtach a dhéanamh i nGaeilge. Mar sin, tá scrúduithe difriúil leis na cineálacha measúnuithe a dhéantar go minic ag deireadh cúrsa sa chóras oideachais, mar shampla, an ardteist nó cúrsa san ollscoil.

Mar atá ráite agam, tá TEG bunaithe ar an fhráma tagartha comónta Eorpach do theangacha. Is é seo an córas is mó a úsáidtear go hidirnáisiúnta le cur síos a dhéanamh ar an inniúlacht teanga agus le spriocanna agus caighdeáin a shainiú i gcuraclaim agus i mbeartais teanga. Tá sé leibhéal ginearálta aitheanta sa fhráma tagartha agus tugtar sainmhíniú ar gach ceann de na leibhéil sin ionas go mbíonn an tuiscint chéanna ag foghlaimeoirí, fostóirí, lucht oideachais agus lucht déanta beartas ar fud an domhain ar cad é atá i gceist le, mar shampla, A2 sa Fhraincis, B1 sa Spáinnis, B2 sa Ghearmáinis nó C1 sa Ghaeilge. Feicfidh na baill ar an leathanach atá os a gcomhair amach leagan amach ar leibhéil an fhráma tagartha. Is é bonnleibhéal 1, A1, an leibhéal is ísle. Go minic, cuireann sé sin mearbhall ar dhaoine a bhfuil taithí ar chóras na hardteistiméireachta acu. Tosaíonn tú le leibhéal A1, an bonnleibhéal, agus téann tú suas go leibhéal C1, ardleibhéal. Tá an fráma tagartha luaite go sonrach le spriocanna Acht na dTeangacha Oifigiúla agus leis an phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge. Tá buntáistí nach beag ag baint leis sin mar go gcinntíonn sé go mbeidh an tuiscint chéanna ag na páirtithe ar fad maidir le cad é atá i gceist le caighdeáin agus leibhéil éagsúla chumais sa Ghaeilge, is é sin, go dtuigeann gach duine cad é atá i gceist le B1 ná B2 sa Ghaeilge.

Ag an phointe seo, tá sé tábhachtach a shoiléiriú nach ionann TEG agus an fráma tagartha. Is córas idirnáisiúnta é an fráma tagartha agus tá eagraíochtaí éagsúla timpeall na hEorpa tar éis a gcuid córais teagaisc, foghlama agus measúnaithe féin a bhunú air.

Mar shampla, tá cáilíochtaí bunaithe ar an fhráma tagartha ar fáil don Ghearmáinis ag an Goethe-Insititut agus don Fhraincis ag an Alliance Française. Anois, tá an tseirbhís chéanna á cur ar fáil ag TEG don Ghaeilge.

Mar gheall go bhfuil scrúduithe TEG bunaithe ar leibhéil an fhráma tagartha, ní dhéantar na gráid a choigeartú nó a normalú ó bhliain go bliain ag brath ar réimse cumais an chohóirt a thugann fúthu. Mar a thuigfidh na baill, is é sin an cur chuige a bhíonn i gceist i gcás na hardteistiméireachta ionas go mbeidh dáileadh na dtorthaí ag teacht leis an chlogchuar nó an bell curve ó bhliain go bliain. Mar sin, i gcás TEG, is slat tomhais iontaofa leanúnach atá i gceist. Bíonn na caighdeáin chéanna ag baint le cáilíocht agus scrúduithe éagsúla TEG, mar shampla, B2, C1 nó B1, ó bhliain go bliain agus ó scrúdú go scrúdú.

Mar sheirbhís ghairmiúil tástála teanga, tá córais agus próisis forbartha ag TEG le 20 bliain anuas. Tá liosta de chuid de na gnéithe a bhíonn i gceist le scrúduithe a chur ar fáil san aighneacht scríofa. Is é lárionad na Gaeilge an t-aon bhall Éireannach den Association of Language Testers in Europe, ALTE, cumann a bhfuil móreagraíochtaí teanga agus tástála na hEorpa i measc na mball ann. Cuireann ALTE sainoiliúint leanúnach ar fáil dúinne mar fhoireann TEG agus déanann sé monatóireacht agus iniúchadh rialta ar na scrúduithe lena chinntiú go bhfuil siad ag teacht leis na caighdeáin is airde agus leis an dea-chleachtas náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá Q-marc ALTE bronnta ar TEG faoi dhó, in 2015 agus arís in 2020, mar chruthúnas ar fheabhas an chórais.

Maidir leis an fhoireann atá againn, tá ochtar ball foirne ag plé le TEG faoi láthair ar bhonn lánaimseartha. Bíonn ceathrar ag plé le gné na tástála agus ceathrar eile ag plé leis an riarachán. Tá saineolas nach beag ag an fhoireann ar an inniúlacht teanga, ar an tástáil teanga agus ar an fhráma tagartha i gcomhthéacs na Gaeilge. Ar ndóigh, bímid i gcónaí ag cur leis an saineolas sin. I gcás TEG, bíonn dúshlán ann nuair is gá cur leis an fhoireann de bharr gur beag cúrsaí oiliúna i réimse na tástála teanga atá ar fáil in Éirinn. Mar sin, go hiondúil, is le linn dóibh a bheith i mbun na hoibre a chuirtear oiliúint ar fhoireann nuafhostaithe TEG. Mar a thuigfidh na baill, is próiseas é sin a thógann am agus caithfear an phleanáil chuí a dhéanamh chuige.

Cé hiad na daoine a thugann faoi scrúduithe TEG? Tá os cionn 20,000 iarrthóir tar éis tabhairt faoi scrúdú TEG go dtí seo, agus thart faoi 2,500 sa bhliain le cúpla bliain anuas. Is féidir na hiarrthóirí sin a rangú i ngrúpaí. Is grúpa amháin iad daoine fásta in Éirinn agus ar fud an domhain a thugann faoi na scrúduithe ar chúiseanna éagsúla. Is grúpa eile iad iarrthóirí ar chúrsaí ollscoile ar gá dóibh dearbhú a fháil ar a gcumas teanga le riachtanais iontrála cúrsaí éagsúla a shásamh. Is grúpa eile iad daltaí idirbhliana i meánscoileanna ar fud na tíre a leanann siollabais TEG. Inniu, táimid chun díriú ar ghrúpa eile, fostaithe san earnáil phoiblí. B'fhostaithe san earnáil phoiblí iad 22% d’iarrthóirí TEG in 2024-25. Tá an t-éileamh sin ag méadú de réir a chéile. Is gá a lua ag an phointe seo go bhfuil dhá chohórt éagsúla ag baint leis an ngrúpa seo. Tá cur chuige agus dúshláin éagsúla ag baint leis an dá chóras, mar a mhíneoidh mé don choiste anois.

Maidir leis an chéad chohórt, le trí bliana anuas, tá TEG ag cur scrúduithe ar fáil d’fhostaithe an Státchórais a dhéanann cúrsaí ullmhúcháin le Gaelchultúr i gcomhar leis an bhForas Riaracháin. Is scrúduithe cainte ar líne dhá uair sa bhliain a bhíonn i gceist ansin. Dul chun cinn suntasach a bhí ann nuair a cinneadh go mbeadh an soláthar maidir leis an oiliúint Ghaeilge san earnáil phoiblí bunaithe ar an fhráma tagartha agus ar TEG. Cinntíonn an cur chuige reatha go bhfuil fráma comónta mar bhonn faoi na cúrsaí agus go bhfuil córas teastasaithe neamhspleách amháin in úsáid atá bunaithe ar an fhráma chomónta chéanna. Tá an comhoibriú seo ar bun le trí bliana anuas agus tá 1,533 iarrthóir i ndiaidh tabhairt faoi na scrúduithe le linn an ama sin. Tá méadú mór tagtha ar an éileamh atá ar na scrúduithe i mbliana. Tá 557 iarrthóir cláraithe do scrúduithe na Nollag.

Ag amharc chun tosaigh ar fhorbairtí amach anseo, mar a dúirt mé, is scrúduithe páirtchreidiúna, is é sin scrúdú cainte amháin, a dhéanann an cohórt seo faoi láthair. Is cinnte go mbeadh buntáistí ag baint le scrúduithe lánchreidiúna a thairiscint dóibh amach anseo le léargas níos iomláine a thabhairt d'fhoghlaimeoirí agus d'fhostóirí maidir leis an phróifíl chumais atá acu sna scileanna éagsúla teanga. Agus é sin ráite, dá mbeadh scrúduithe lánchreidiúna le soláthar don líon iarrthóirí atá i gceist faoi láthair, is cinnte go mbeadh impleachtaí ann d’obair TEG agus go mbeadh gá le réamhphleanáil agus le breis acmhainní le tacú leis an obair. Bheadh ceisteanna praiticiúla le cur san áireamh chomh maith. Faoi láthair, is ar líne a dhéantar na scrúduithe cainte a riar. Tuigeann muid ar fad, i bhfianaise na bhforbairtí atá tagtha ar an intleacht shaorga le tamall anuas, go mbeadh deacrachtaí agus dúshláin ag baint le scrúduithe scríofa a reáchtáil go cianda. Tá muid ag obair faoi láthair ar phleananna a chuirfidh ar ár gcumas scrúduithe scríofa a chur ar fáil ar ríomhairí in ionaid réigiúnacha ach beidh tamall ann sula mbeidh an tseirbhís sin ar fáil.

Chomh maith leis an ghrúpa sin, cuireann TEG scrúduithe aon uaire ar fáil ar iarratas ó eagraíochtaí poiblí chun tacú le comórtais ar leith earcaíochta. Is scrúduithe ag leibhéil B2 agus C1 a bhíonn i gceist leis an chohórt seo den chuid is mó. Chun na scrúduithe sin a eagrú, is gnách go mbíonn roinnt mhaith cruinnithe agus teagmháil rialta leis an eagraíocht atá i gceist thar roinnt seachtainí nó, i roinnt cásanna, roinnt míonna le plé a dhéanamh ar riachtanais na heagraíochta agus socruithe praiticiúla a dhéanamh. Tá cuid de na nithe a bhíonn le plé agus le socrú leagtha amach san aighneacht scríofa. Bíonn an-chuid siar agus aniar i gceist. Mar gheall go mbaineann na scrúduithe seo le próisis earcaíochta, is minic a bhíonn socruithe ar leith le déanamh le rúndacht a chinntiú. Anuas air sin, má bhíonn deacracht ag iarrthóirí le dáta an scrúdaithe, is minic a iarrtar orainn dáta breise a chur ar fáil. Is minic freisin a bhíonn torthaí na scrúduithe sin le cur ar fáil taobh istigh d’amlíne an-ghairid ar fad. Mar sin, ní hionann na córais agus na próisis atá i bhfeidhm in eagraíochtaí poiblí agus na córais ná na próisis atá againn in TEG. Ciallaíonn sé seo go mbíonn gá le an-chuid cumarsáide idir na páirtithe ar fad.

Bíonn dúshláin ag baint le freastal ar iarratais rialta chun scrúduithe aon uaire a sholáthar ar bhonn ad hoc lasmuigh dár ngnáthsceideal scrúduithe a bhíonn ag TEG. Fágann sé seo go mbíonn ualach an-mhór oibre i gceist leis na scrúduithe sin a chur ar fáil ar mhaithe go minic le grúpa beag iarrthóirí, mar a léiríonn na figiúirí atá ag na baill ansin. Bíonn an obair cheannann chéanna i gceist le scrúdú nua a dhearadh, is cuma más iarrthóir amháin ná 200 iarrthóir atá agat, rud a fhágann gur costas i bhfad níos airde in aghaidh an iarrthóra a bhíonn i gceist mura mbíonn ach dornán beag iarrthóirí ag tabhairt faoi scrúdú.

Ag breathnú chun cinn agus forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla á gcur i bhfeidhm sna blianta atá amach romhainn, is dóigh linn go mbeidh tuilleadh éilimh ar scrúduithe TEG i gcomhthéacs na hoiliúna agus na hearcaíochta san earnáil phoiblí. Feiceann muid roinnt féidearthachtaí le freastal ar an éileamh sin ar bhealach atá praiticiúil, éifeachtúil agus éifeachtach ó thaobh acmhainní de. Is é an chéad rud ná cur le líon na n-iarrthóirí a thugann faoi scrúduithe de réir ghnáthsceideal TEG seachas scrúduithe aon uaire ar bhonn ad hoc a chur ar fáil. Bheadh sé ina bhuntáiste dá dtabharfadh tuilleadh fostaithe de chuid na hearnála poiblí faoi scrúduithe TEG ar bhealach réamhghníomhach le dearbhú a fháil ar a gcumas teanga sula gcuirfidís isteach ar ardú céime nó ar phost. Tá an córas reatha atá againn i leith Ghaelchultúr agus an Fhorais Riaracháin dírithe ar an Státseirbhís den chuid is mó ach is cinnte go mbeadh féidearthachtaí ann é sin a leathnú amach d’eagraíochtaí eile san earnáil phoiblí. Bheadh féidearthachtaí fosta ag baint le scrúduithe ag leibhéil B2 agus C1, na cinn is mó a bhaineann leis an inniúlacht ghairmiúil, a chur ar fáil níos rialta in ionaid timpeall na tíre le freastal ar riachtanais a bhainfeadh le comórtais earcaíochta ag an am céanna seachas ceann ar cheann. Ar ndóigh, bheadh breis acmhainní agus foirne ag teastáil ó TEG le freastal ar an éileamh méadaithe sin agus arís bheadh gá le pleanáil chun cinn. Agus é sin ráite, ba mhó i bhfad an luach ar airgead a bhainfeadh le cur chuige dá leithéid ná an cur chuige ad hoc a bhaineann le scrúduithe aon uaire.

Ó thaobh an dara rud, tá géarghá le feachtas ardaithe feasachta chun na buntáistí a bhaineann le cáilíocht TEG a léiriú, go háirithe i gcomhthéacs an phlean náisiúnta um sheirbhísí Gaeilge. B’fhiú díriú ina leithéid d’fheachtas ar na deiseanna breise fostaíochta san earnáil phoiblí atá agus a bheidh ann dóibh siúd a bhfuil ardscileanna teanga acu.

An tríú rud a luafaidh muid ná go bhfeictear dúinn chomh maith gur gá cur leis an tuiscint atá ar chóras TEG agus ar leibhéil an fhráma tagartha i measc Ranna éagsúla sa tseirbhís phoiblí. B’fhiú, mar shampla, sraith ceardlann nó seisiúin eolais a chur ar fáil taobh istigh den tseirbhís phoiblí le cur le tuiscint na foirne maidir leis an riachtanas Gaeilge agus na próisis a bhíonn i gceist le cumas teanga a chinntiú do phoist faoi leith. Is gá tacaíocht a chur ar fáil dóibh chun cur ar a gcumas anailís a dhéanamh ar na riachtanais teanga a bhaineann le poist faoi leith chun go mbeidh fostaithe in ann seirbhís shásúil phoiblí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge i gcomhthéacsanna éagsúla. Faoi láthair, cuireann TEG comhairle ar fáil do ghrúpaí maidir leis an cheist seo, ach bheadh sé ina chabhair dá mbeadh uirlis ar fáil ar líne a chabhródh leo an obair sin a dhéanamh. Tá roinnt réamhoibre déanta againn i Maigh Nuad le huirlis dá leithéid a fhorbairt agus tá muid ag comhoibriú le Poistphoiblí sa chomhthéacs sin.

Gabhaim leithscéal leis an Leas-Chathaoirleach; tá a fhios agam gur lean mé thar chúig nóiméad. Tá bunchloch an-láidir leagtha ag TEG le 20 bliain anuas le cinntiú go bhfuil córas gairmiúil teastála teanga ar fáil don Ghaeilge atá inchurtha lena leithéid i dtíortha eile na hEorpa. Tá foireann againn a bhfuil saineolas ar leith aici ar an tástáil teanga agus tá caidreamh éifeachtach curtha ar bun le páirtithe leasmhara. Tá córais riaracháin, líonra ionad agus scrúdaitheoirí forbartha againn ar fud na tíre le tacú leis an obair a bhíonn ar siúl againn. Ní fhéadfaí é sin a dhéanamh, ar ndóigh, gan an infheistíocht shuntasach agus an tacaíocht leanúnach a fhaigheann muid ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta. Tá muid fíorbhuíoch den Roinn agus d’oifigigh na Roinne as an tacaíocht a thugann siad dúinn. Tá deis ann anois tógáil ar an bhunchloch seo le tacú le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 agus a chinntiú go mbeidh daoine ar fáil san earnáil phoiblí a mbeidh an cumas cuí teanga acu le seirbhísí ar ardchaighdeán a chur ar fáil do phobal na Gaeilge. Is é is tábhachtaí anois ná an phleanáil chun cinn a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh sé d’acmhainn ag TEG freastal ar an éileamh breise a bheas ann sna blianta atá amach romhainn.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Gabhaim buíochas le Siuán Ní Mhaonaigh as an ráiteas tosaigh sin. Bogfaidh muid ar aghaidh go ceisteanna na gcomhaltaí. Glaoim ar an Teachta ó Snodaigh.

Comment on this

Gabhaim míle buíochas leis an finnéithe as an gcur i láthair. Tá mé tar éis a fheiceáil le cúpla mí anuas go bhfuil borradh ag teacht orthu siúd a bhfuil spéis acu an Ghaeilge a fhoghlaim. Tá sé sin ar cheann de na ceisteanna móra. Tá sé go maith go bhfuil na finnéithe os ár gcomhair agus an tuiscint sin acu chomh maith. Tá a lán daoine ag freastal ar ranganna, idir iad siúd atá díreach ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt agus siúd atá ag lorg teastas amach anseo.

Nuair a fhoilsíonn an Roinn na caighdeáin a bheas ar na seirbhísí poiblí, glacaim leis go bhfuil na finnéithe ag tnúth le súnámaí iarratas. Dá réir, conas is féidir linn, nó leis an bpobal i gcoitinne, tacú le TEG? Má tharlaíonn sé go mbeidh gach duine atá sa tóir ar phoist, nó ag cur isteach ar an sciar 20% de phoist phoiblí trí mheán na Gaeilge, ag déanamh scrúdú TEG le teacht ar an leibhéal B2, ciallóidh sé sin a lán scrúdaithe. Sa chás sin, caithfidh TEG eolas a chur ar a lán eagras agus múinteoirí atá ag múineadh timpeall na tíre agus ag déanamh jab iontach, idir mhúinteoirí atá ag múineadh ranganna go proifisiúnta agus, i roinnt cásanna, iad siúd atá ag múineadh go míphroifisiúnta. Is í sin an chéad cheist. Tá an fás substaintiúil sin le feiceáil cheana féin i ranganna Gaeilge agus liostaí feithimh. Chuir thart ar 6,000 duine isteach ar ranganna Gaeilge i Londain, fiú. Is rudaí mar sin atá i gceist agam. Timpeall an domhain, nó timpeall na hEorpa ar a laghad, bíonn daoine ag lorg stádas nó teastas proifisiúnta nuair a chríochnaíonn siad. Go minic, críochnaíonn siad agus bíonn rud éigin ann. An bhfuil na finnéithe ag tnúth leis sin sna míonna romhainn, pé uair a fhoilsíonn an tAire na caighdeáin nua seo atá le tarlú?

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Is cinnte go bhfuil muid ag siúl le borradh. Tá borradh tagtha faoin spéis atá i TEG le roinnt blianta anuas cheana féin. Tá méadú 50% ar líon na n-iarrthóirí atá againn fiú le cúig bliana anuas agus beidh muid ag siúl le méadú de réir a chéile sna blianta atá amach romhainn. Tá roinnt pleananna againn le cur leis na hacmhainní atá againn le freastal ar an méadú sin ar an éileamh. Luaigh Siuán Ní Mhaonaigh cheana féin na forbairtí ar chúrsaí teicneolaíochtaí mar bhealach amháin. Luaigh an Teachta an t-éileamh a d’fhéadfadh a bheith ar scrúdaithe ní hamháin in Éirinn ach thar lear freisin agus, mar sin, tá sé tábhachtach go mbeidh scrúdaithe ar fáil ar ríomhairí. Cabhróidh sé sin linn scrúdaithe a chur ar fail in ionaid réigiúnacha timpeall na tíre agus thar lear ag an am céanna. Chabhródh sé, b’fhéidir, cur le héifeachtacht cuid de na córais atá againn maidir le ceartú scrúdaithe agus torthaí a chur ar fáil níos sciobtha. Is rud amháin é sin atá ar siúl againn faoi láthair. Bhí muid an-bhuíoch gur bhfuair muid méadú beag sa mhaoiniú atá againn ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta le déanaí. Fógraíodh sin agus bhí muid in ann ball nua foirne a chur leis an bhfoireann le bheith ag cabhrú linn na forbairtí sin a phleanáil.

Mar a luaigh Siuán Ní Mhaonaigh, tá foireann ag plé le cúrsaí tástálaithe i TEG. Tógann sé tamall, áfach. Bíonn sainoiliúint le cur ar an bhfoireann nuair a thagann siad isteach. Má tá méadú an-mhór le teacht ar an éileamh ar scrúdaithe TEG sna blianta amach romhainn, ar bhealach, bheadh sé tábhachtach tosú anois ag cur leis an bhfoireann tástálaithe go háirithe mar, sa ghné sin, ní féidir díreach daoine a fhostú agus a bheith ag siúl go mbeidh siad in ann an líon céanna scrúdaithe a dhearadh agus a chur ar fáil is atá Siuán Ní Mhaonaigh, atá tar éis 20 bliain a chaitheamh ag forbairt an tsaineolais ar fad atá aici sa réimse seo. Ba bhreá linn tosú anois ag cur leis an bhfoireann le go bhféadfadh muid freastal ar an éileamh breise a bheidh ann. An bhfuil aon rud ag Siuán Ní Mhaonaigh le cur leis sin?

Comment on this
Ms Siuán Ní Mhaonaigh

Níl.

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Maidir le pleanáil, tá gá leis na rudaí seo a phleanáil de réir a chéile. Go dtí seo, bhí muid in ann freastal ar gach iarratas a fuair muid. Tá muid ag freastal ar an éileamh ar fad atá ann. Má tá muid ag súil le méadú breise i gceann trí nó cúig bliana, áfach, beidh an réamhphleanáil agus an pleanáil chun cinn fíorthábahchtach dúinn. Tá muid ag súil go mór leis na spriocanna a fheiceáil, is iad sin, na caighdeáin a luaigh an Teachta Ó Snodaigh. Beidh na spriocanna sin deimhnithe nuair a thagann an plean gnímh amach. Tá muid ag súil go mór leis na spriocanna sin a fheiceáil agus má deirtear linn go mbeidh orainn spriocanna faoi leith a shásamh taobh istigh de roinnt blianta, caithfidh muid tosú anois ag pleanáil dá réir.

Comment on this

An raibh an coiste comhairleach, atá ag cur na gcaighdeán seo le chéile, i dteagmháil leis na finnéithe? Tá sé sin tábhachtach. Ní bhaineann sé seo le 20% d’earcaithe na Státseirbhíse amháin; baineann sé le gach uile eagras Stáit. Má tá siad ar fad ag cur isteach ar chúrsaí difriúla, bunaithe ar na coinníollacha agus cineálacha post atá acu, beidh a lán oibre ag TEG.

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Le cúnamh Dé, beidh. Fuair muid cuireadh cur i láthair a dhéanamh don choiste comhairleach tamall ó shín agus tá muid tar éis eolas a chur ar fáil dó de réir mar a bhí ceisteanna aige. Ar ndóigh, bíonn muid ag obair go dlúth le Poistphoiblí agus ag forbairt na gcóras atá againn dá réir. Bíonn an comhoibriú agus an chumarsáid fíorthábhachtach idir muid agus na heagraíochtaí éagsúla lena mbíonn muid ag plé.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht an chur i láthair inniu. Tá dhá cheist agam. Dúirt na finnéithe go bhfuil TEG bunaithe ar an FTCE, ach ní thuigim an difríocht eatarthu má tá TEG bunaithe air. An féidir leis na finnéithe é sin a mhíniú dúinn? Tá TEG bunaithe ar an FTCE ach tá sé beagáinín difriúil chomh maith. An féidir leo é sin a mhíniú?

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Is slat tomhais uilíoch atá sa FTCE. Is chuige sin a dearadh agus cuireadh le chéile é bunaithe ar 30 bliain taighde ar an bhforbairt teanga i gcás teangacha éagsúla timpeall na hEorpa. Tháinig Comhairle na hEorpa le chéile in 2001 agus chuir sé an fráma tagartha seo le chéile le go mbeidh slat tomhais chomónta againn, nó common currency cosúil leis an euro ach don chumas teanga, ionas go bhféadfadh daoine atá ag plé le teangacha éagsúla nó i gcomhthéacsanna éagsúla oideachais timpeall na hEorpa tagairt a dhéanamh don fhráma tagartha seo. Déantar cur síos ar dhá bhealach éagsúil sa fhráma tagartha ar an gcumas teanga. Tá dhá gné éagsúil ag baint leis. Baineann an chéad ghné leis na rudaí is féidir le duine a dhéanamh sa teanga.

Céard iad na gníomhartha cumarsáide is féidir le duine a chur i gcrích ó leibhéal A1 go C2? Mar shampla, déantar tástáil ar chumas duine labhairt ar an bhfón, glaoch a ghlacadh ó chustaiméir nó rud éigin mar sin. Is é sin an cineál tástála. Tá cur síos ar an-chuid. Tá 67 gníomh cumarsáide leagtha amach agus mínítear na difríochtaí idir daoine ag leibhéil A1, B2 agus C2 agus iad i mbun an taisc sin. Cuir i gcás, nuair atá daoine ag éisteacht leis an raidió nó ag scríobh ríomhphost, céard iad na difríochtaí idir an cumas éagsúla? Tá an ghné sin den tástáil uilíoch sa mhéid is go bhfuil sé éasca go leor mapáil a dhéanamh idir na gníomhartha sna teangacha éagsúla. Caithfear an comhthéacs sochtheangeolaíochta a chur san áireamh, áfach. Mar shampla, nuair a bhíonn duine ag foghlaim na hIodáilise, is dócha go mbeidh sé fíorthábhachtach go mbeidh an duine sin in ann dul amach agus uachtar reoite a cheannach nó dul isteach i mbialann agus bia a ordú. I gcomhthéacs mionteanga agus na Gaeilge, ní i gcónaí a bhíonn deiseanna iad a úsáid i ngach uile comhthéacs den chineál sin. Bíonn na tascanna gníomhartha cumarsáide atá leagtha amach sa fhráma tagartha le cur in oiriúint don chomhthéacs sochtheangeolaíochta a bhaineann leis an teanga. Is taobh amháin é sin ina ndéantar tástáil ar a bhfuil duine in ann déanamh, agus cuirtear é sin in oiriúint do theangacha éagsúla.

Baineann an ghné eile den fhráma tagartha leis na scileanna teanga iad féin. Dírítear ar chruinneas teanga, an réimse stór focail agus cúrsaí foghraíochta, is iad sin, na scileanna teanga. Bíonn siad sin arís le cur in oiriúint. Ní hionann an cumas gramadaí atá ag duine, abair, sa Bhéarla agus sa Ghaeilge mar bíonn séimhithe, uruithe agus rudaí mar sin sa Ghaeilge nach gá a bheith buartha fúthu i dteangacha eile. Ní hionann an bealach a ndéantar cur síos ar an gcruinneas teanga i dteangacha éagsúla.

Tá cúpla bealach chun an fráma tagartha a chur in oiriúint do theangacha éagsúla. I mbealach amháin, tagann saineolaithe le chéile agus déanann siad anailís bunaithe ar an seantaithí agus saineolas atá forbartha acu le roinnt blianta. Tagann siad le chéile, pléann siad an chaoi ar féidir leo na tuairiscí nó descriptors seo atá sa fhráma tagartha a chur in oiriúint don teanga agus leagann siad amach siollabas. Is é sin an rud atá déanta ag TEG cheana féin.

Is é an dara bealach ná – is minic go dtarlaíonn sé seo níos déanaí agus go dtarlaíonn an chéad rud ar dtús, is é sin, an rud atá déanta againn cheana féin – nuair atá leithéidí TEG ar fáil, is féidir anailís níos míne a dhéanamh ar an gcineál teanga a bhíonn á labhairt nó á scríobh ag daoine ag leibhéil éagsúla. Is féidir anailís eolaíoch a dhéanamh ar an bhforbairt teanga. Tá sé sin ar siúl againn freisin. Tá corpas foghlaimeora á thógáil againn bunaithe ar scrúduithe TEG. Mar gheall go bhfuil 20 bliain de scrúduithe déanta anois, is féidir linn an corpas sin a bhunú agus tá sé á thógáil againn faoi láthair. Táimid ag déanamh mionanailís ar na cineálacha deacrachtaí teanga agus struchtúr teanga a úsáideann daoine ag leibhéil éagsúla ionas gur féidir linn cur leis an mbonn eolaíoch atá faoin ailíniú sin leis an bhfráma tagartha. Mar sin, tá cúpla bealach éagsúil lena dhéanamh. An bhfreagraíonn sé sin ceist an Teachta?

Comment on this

Freagraíonn. Mar a thuigim, ón méid atá ráite ag Aoife Ní Ghloinn, tá na leibhéil céanna ag TEG is atá ag an FTCE ach athraíonn sainmhíniú na leibhéal, an téarmaíocht agus rudaí difriúla i ngach leibhéal ó theanga go teanga. Tá sé athraithe ag TEG. Tá sé múnlaithe ag TEG don Ghaeilge. An bhfuil sé sin i gceart?

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Tá. Tá siad curtha in oiriúint. Is na bunrudaí atá i gceist ach cuirtear iad in oiriúint do riachtanas an teanga.

Comment on this

Tuigim é sin. Go raibh maith agaibh. Baineann mo dara cheist le TEG. Is teastas gairmiúil é. Ó thaobh an dream atá ag teacht isteach faoi láthair, abair dream nár tháinig tríd an chóras Gaeilge bunleibhéal, dara leibhéal agus mar sin de, daoine atá ag teacht isteach, eachtrannaigh, abair, an bhfuil na finnéithe ag feiceáil go bhfuil siad sin ag teacht tríd an chóras TEG, go bhfuil suim á chothú ansin? An bhfuil aon eolas ag na finnéithe ó thaobh fíricí ina leith sin?

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Is féidir liom an cheist a fhreagairt ar bhealach an-ghinearálta ar dtús. Is cinnte go mbíonn daoine ag cur spéis i TEG. Bíonn daoine ag teacht chugainn go minic. Is cuimhin liom a bheith ag plé le scrúduithe lá amháin agus tháinig duine ón Rúis isteach chun scrúdú C1 a dhéanamh. Bhí sé tar éis teacht go Maigh Nuad chun na leibhéil éagsúla ar fad a dhéanamh. Is minic a thagann daoine ó Shasana agus ón Bhreatain Bheag. Is minic go mbíonn scrúduithe curtha againn ar na daoine seo. In amanna, tagann daoine isteach agus aithnímid iad mar chonaic muid iad dhá bhliain ó shín agus iad ag tabhairt faoi A2 agus anois tá siad ag teacht ar ais ag leibhéal B1 nó B2. Ar bhealach, tá sé sin ar cheann de na buntáistí móra a bhaineann le TEG. Níl sé dúnta do na daoine sin nár fhreastail ar scoileanna. Tá a fhios agam go raibh an-chuid cainte sa chomhchoiste seo le roinnt seachtainí anuas ar dhíolúintí, mar shampla. Is cosán eile é TEG do dhaoine a tháinig isteach ó thíortha eile nó daoine taobh istigh den chóras nach raibh an deis acu an Ghaeilge a foghlaim. Is féidir le duine teacht isteach agus tosú ag an leibhéal cuí. Cibé áit a bhfuil siad ar an turas teanga, is féidir leo teacht isteach agus freastal ar na ranganna.

Comment on this

Tarlaíonn sé sin.

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Tarlaíonn sé sin. Is féidir liom sampla amháin a thabhairt don chomhchoiste. I bPáras na Fraince, bímid ag reáchtáil cúrsaí Gaeilge sa Centre Culturel Irlandais. Tá 84 duine ag freastal ar na ranganna sin gach uile sheachtain faoi láthair agus is daoine iad ó áiteanna éagsúla timpeall an domhain. Tá na ranganna an-ilchultúrtha ar fad. Tá na daoine sin ar fad ag freastal ar na ranganna. Is ionad oifigiúil de chuid TEG é an Centre Culturel Irlandais.

Comment on this

Tá sé sin dearfach.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair. Tá cúpla ceist agam. Is fostaithe de chuid na hearnála poiblí iad 22% de na hiarrthóirí ar fad a rinne teastas TEG anuraidh. Cé mhéad acu siúd a bhain an teastas is airde amach?

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Cé mhéad duine as an 22% sin a rinne an scrúdú C1?

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Níl a fhios agam má tá an fhigiúir sin-----

Comment on this
Ms Siuán Ní Mhaonaigh

Ní dhearna aon duine C1.

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Ní dhearna aon duine ón dream sin an scrúdú C1. Ar an iomlán, chuir muid scrúduithe ar fáil do dhaoine san earnáil phoiblí, idir lucht Gaeltachta agus eile. Luaigh Siuán Ní Mhaonaigh an dá ghrúpa atá ann. Idir an dá chohórt sin, an bhliain seo chaite, bhí 578 ar an iomlán ón earnáil phoiblí a rinne na scrúduithe, ach ní raibh aon duine ag leibhéal C1. De réir mar a thuigim, tá roinnt mhaith cláraithe-----

Comment on this

An bhfuil siad cláraithe i mbliana?

Comment on this
Ms Siuán Ní Mhaonaigh

Tá 35 duine cláraithe i mbliana chun C1 a dhéanamh. Chláraigh siad chúpla seachtain ó shín.

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Tá sé tábhachtach a thuiscint freisin go mbíonn bearnaí idir na leibhéil. Is féidir le duine imeacht ó leibhéal A1 go A2 taobh istigh de bhliain, ach de réir mar a théann daoine ar aghaidh, tógann sé beagáinín níos mó ama. B’fhéidir go dtógann sé dhá bhliain ar dhuine dul ó B2 go C1. B’fhéidir go mbeidís ag freastal ar an gcúrsa ach ní chuirfidís isteach ar scrúdú go ceann bliana eile.

Comment on this

Maidir leis an 35 duine sin atá cláraithe i mbliana, an fostaithe de chuid na hearnála poiblí iad ar fad?

Comment on this
Ms Siuán Ní Mhaonaigh

Is iad.

Comment on this

Go maith. Maidir le ról TEG go ginearálta – baineann sé seo leis an gceist a bhí ag an Teachta Ó Muirí - cé mhéad neamhspleáchas atá aige? Cá fhad is féidir imeacht ó threoir an fhráma tagartha? Cé mhéad neamhspleáchas atá ag TEG chun rudaí a mholadh do dhaoine atá ag cur cúrsaí ar fáil chun teastas TEG a bhaint amach? An bhfuil mórán neamhspleáchais ag TEG chun moltaí a thabhairt dóibh?

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

An bhfuil an Teachta ag caint ar chomhairle ghinearálta a sholáthar maidir leis an chaoi a gcuirfí cúrsaí ar fáil chun daoine a ullmhú do scrúduithe TEG? An é sin an rud atá i gceist ag an Teachta?

Comment on this

Is dócha é, nó fiú i gcomhthéacs an churaclaim a dhéanann daoine sna cúrsaí.

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Cuirimid siollabas ar fáil. Tá an siollabas sin ar fáil do gach uile duine ar líne. Is rud amháin é sin. Tuigimid go bhfuilimid ag fáil airgead poiblí leis an tseirbhís seo a chur ar fáil. Is seirbhís neamhbhrabús í. Clúdaíonn muid ár gcuid costas gach uile bhliain ach ní shaothraímid aon bhrabús as TEG, per se. Creidimid go láidir gur cheart dúinn gach uile rud a dhéanaimid a chur ar fáil go poiblí. Mar gheall air sin, tá na siollabais ar fad a bhaineann le gach uile leibhéal ar fáil go poiblí. Is féidir le heagraíocht ar bith leas a bhaint as na siollabais sin. Is féidir leo teacht chugainn le comhairle a lorg. Mar shampla, bíonn roinnt mhaith plé againn le Gaelchultúr, atá ag cur cúrsaí ar fáil le tamall anuas, le cabhrú leis na cúrsaí a dhearadh bunaithe ar an bhfráma tagartha.

Comment on this

An bhfuil aon ról ag TEG maidir le caighdeán na gcúrsaí sin?

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Níl aon bhaint againn le caighdeán na gcúrsaí. Is dócha go dtagann caighdeán na gcúrsaí chun cinn nuair a dhéanann daoine an scrúdú. Feictear ansin an bhfuil ag éirí leis na cúrsaí daoine a ullmhú do na scrúduithe. Seo an bealach a bhfuil TEG an-difriúil le scrúduithe a dhéantar i gcomhthéacs ollscoile. Amanna i gcomhthéacs ollscoile agus comhthéacsanna eile bíonn an teagascóir céanna ag plé le cúrsa a mhúineadh agus na mic léinn sin a mheas. Bíonn dúshláin agus castachtaí áirithe ag baint leis sin. Creidimid, má táimid le scrúduithe caighdeánacha den chineál sin a chur ar fáil, go gcaithfimid a bheith iomlán neamhspleách ar na cúrsaí a chuirtear ar fáil. Is féidir le daoine eile cúrsaí a chur ar fáil bunaithe ar shiollabais TEG, eagraíocht nó institiúid ar bith sa tír, ach ansin teacht chugainn agus bíonn muid ag plé leis an scrúdú ar bhealach iomlán neamhspleách.

Comment on this
Ms Siuán Ní Mhaonaigh

Táimid iomlán neamhspleách mar a mhínigh Aoife Ní Ghloinn. Tá na siollabais ar fáil ar líne agus cead roimh aon eagraíocht in Éirinn nó thar lear a gcuid chúrsaí a bhunú air. Bímid sásta casadh le múinteoirí má thosaíonn eagraíocht nua ag plé le TEG agus b'fhéidir teagascóirí acu nach bhfuil an oiread sin taithí acu. Bímid an-sásta bualadh leo, an córas a mhíniú dóibh, dul trí na siollabais leo agus é sin ar fad. Ar ndóigh, bíonn muid i gcónaí ag iarraidh seasamh siar ó na cúrsaí teagaisc chun an ghné sin na neodrachta nó neamhspleáchais a choinneáil.

Comment on this

Maidir leis an bhfráma Eorpach, mar a thuigim féin é, tá an fráma sin feiliúnach do gach teanga. Tá sé mar an gcéanna do gach uile áit. An bhfuil aon áit ar an Mór-Roinn a bhfuil siad ag déanamh iarracht cur leis na cúrsaí chun seal a chaitheamh i bpobal atá ag labhairt na teanga mar ghnáth-theanga?

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Glacaim leis go bhfuil sé sin ag tarlú aon áit a mbíonn daoine ag tabhairt faoi chúrsaí teanga, go moltar i gcónaí go gcaithfeadh daoine tréimhse thumoideachais. Glacaim leis go mbeadh sé sin mar chuid de chúrsa maith áit ar bith. Ní hé go bhfuil sé sin luaite go sonrach mar riachtanas de chúrsa ar bith atá bunaithe ar an bhfráma tagartha ach is riachtanas intuigthe é de chúrsa ar bith teanga gur b'fhiú agus gur cheart sin a dhéanamh.

Comment on this

Níl aon chumhacht ag TEG chun é a chur mar sprioc i gcúrsa go bhfuil ar dhaoine sin a dhéanamh.

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Ní fúinne a bheadh sé sin. Mar shampla, má thógaimid na hábhair oidí agus na coláistí oideachais, tá an Roinn oideachais agus an Chomhairle Mhúinteoireachta tar éis na riachtanais sin a shonrú. Sin iad na dreamanna a mbeadh orthu na riachtanais a shonrú. Tá sé sin déanta acu. Tá tréimhse Ghaeltachta agus caighdeán faoi leith ar an bhfráma tagartha luaite ansin i gcás bunmhúinteoirí a chuireann isteach ar an MGO. Déanann siad scrúdú TEG. I gcás na meánscoile, tá leibhéal ar an bhfráma tagartha luaite.

Comment on this

Maidir leis an 578 a fuair TEG anuraidh san earnáil phoiblí, an bhfuil an líon sin daoine ag ardú nó ag laghdú?

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Rinne 578 duine cúrsa ar feadh na bliana ar fad, idir mí Mheán Fómhair 2024 agus mí Lúnasa 2025. Tá sé sin idir Ghaelchultúr agus na scrúduithe aonuaire. I mbliana, le roinnt seachtainí anuas, tá 555 cláraithe díreach do scrúduithe Ghaelchultúir amháin agus tá tuilleadh cláraithe do na scrúduithe aonuaire freisin. Tá thart ar an líon céanna daoine i mbliana faoin tráth seo is a bhí ann an bhliain seo caite. Léiríonn sé sin an méadú. Tá sé ag méadú go cinnte.

Comment on this

Cuirim fáilte roimh na finnéithe anseo ar maidin. Tá cúpla rud le rá agam. An bhfuil sé féaráilte a rá nach ndéanann aon duine an teastas TEG mura gceapann siad go bhfuil siad in ann an teastas a bhaint amach? An bhfuil sé sin féaráilte a rá?

Comment on this
Ms Siuán Ní Mhaonaigh

Is dócha go mbraitheann sé. Tá cineálacha éagsúla daoine agus foghlaimeoirí. Bíonn daoine ann agus drogall orthu tabhairt faoi scrúdú go dtí go bhfuil siad cinnte go bhfuil an leibhéal bainte amach acu. Bíonn daoine eile ann agus bíonn siad ag iarraidh dul amach ag iarraidh tuairim a fháil cén áit a bhfuil siad. Is minic a thugann daoine faoi scrúduithe lánchreidiúna le feiceáil cén phróifíl atá acu agus cad é mar atá siad sna scileanna éagsúla. Ansin faigheann siad eolas maidir le cad é mar atá siad ó thaobh na cluastuisceana, na léamhthuisceana, na scríbhneoireachta agus na cainte. Ar bhealach, tá sé deacair. Bíonn cineálacha éagsúla daoine ag tabhairt faoi na scrúduithe. I gcás iarrthóirí Gaelchultúr OneLearning, b'fhéidir go mbíonn an claonadh ar dhaoine tabhairt faoi na scrúduithe nuair atá siad cinnte agus b'fhéidir cúpla cúrsa déanta acu. Ach, go ginearálta, bíonn an dá shaghas iarrthóir i gceist.

Comment on this

I dtuairim na bhfinnéithe, an bhfuil an caighdeán ag ardú nó ag ísliú do dhaoine a thagann isteach?

Comment on this
Ms Siuán Ní Mhaonaigh

Tá caighdeán maith ann. Na daoine a thugann faoi chúrsaí Gaelchultúr OneLearning, is dócha go bhfuil torthaí maithe acu, go bhfreastalaíonn siad ar na cúrsaí. Is dócha go bhfuil tacaíochtaí breise ar fáil ar líne dóibh chomh maith.

Comment on this

Tá sé ráite ag na finnéithe go bhfuil géarghá le feachtas ardaithe feasachta chun an buntáiste a bhaineann le cáilíocht TEG a léiriú. Cén t-am nó cén chaoi a bhféadfaí é sin a dhéanamh? Tá a fhios agam go ndéanann an Roinn obair le daltaí ón idirbhliain agus na scoileanna. Cén chaoi agus cé chomh luath a bhféadfaí é sin a thosú?

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Is dócha go bhféadfadh sé eascairt as an bplean gníomhaíochta atá le teacht. Bímid an-ghníomhach ar na meáin shóisialta. Eagraímid seisiúin eolais le daoine. Bímid ag plé le feachtais ardaithe feasachta an t-am uilig maidir leis na buntáistí a bhaineann le TEG. Is dócha go mbeadh i bhfad níos mó cumhachta ag baint leis an teachtaireacht sin dá mbeadh sé ceangailte go soiléir le spriocanna atá ag eascairt as an bplean náisiúnta um sheirbhísí Gaeilge agus na deiseanna fostaíochta ar fad a bheadh i gceist ansin. Táimid féin ag súil go mór leis an bplean gníomhaíochta a fheiceáil, na spriocanna ar fad a bheidh luaite ansin agus soiléiriú tugtha ar na spriocanna. Táimid ag súil go mór leis sin agus ag eascairt as sin, is dócha go mbeidh deis ann an-chuid poiblíochta agus feachtas feasachta a dhéanamh i gcomhar le heagraíochtaí eile agus leis an Roinn.

Comment on this

An gceapann na finnéithe gur cheart go mbeadh an Stát ag labhairt le páistí na scoileanna náisiúnta nó scoileanna dara leibhéal?

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Mar atá faoi láthair, bíonn COGG ag plé an-chuid leis na scoileanna agus tá COGG tar éis tacú linn agus tá siad tar éis moladh do scoileanna cheana féin. Bíonn cigirí. Chonaiceamar ar fad an tuarascáil a bhí ag an gcigireacht ansin le déanaí agus ábhar imní aitheanta ansin maidir le caighdeán Gaeilge na múinteoirí. Cloisimid go neamhfhoirmiúil go mbíonn daoine éagsúla den chineál sin ag plé le scoileanna go mbíonn siad ag moladh do scoileanna tabhairt faoi scrúduithe TEG. Is dócha go bhfuil eolas maith ar TEG sna meánscoileanna anois, go háirithe sna meánscoileanna lán-Ghaeilge. Thug os cionn 900 dalta idirbhliana faoi scrúdú TEG sna scoileanna sin i mbliana. Tá an t-éileamh atá ar na scrúduithe sin ag méadú i gcónaí de réir a chéile. Braithim go bhfuil an scéal amuigh sna Gaelcholáistí. I measc na hearnála poiblí, sin b'fhéidir an áit a bhfuil tuilleadh oibre le déanamh.

Comment on this

Más rang sciobtha atá ag teastáil ó dhuine éigin agus bíonn siad ag dul tríd próiseas earcaíochta, cé chomh sciobtha is a bhféadfaí an teastas a thógáil agus cé mhéad am a ghlacfadh sé?

Comment on this
Ms Siuán Ní Mhaonaigh

Is dócha go mbraitheann sé ar cén áit a bhfuil an duine ag an am agus cad iad na spriocanna atá acu i ndáiríre. Sin an chéad cheist. Sin an chúis ar luaigh mé níos luaithe go mbíonn an-chuid siar is aniar agus muid ag plé le heagraíochtaí agus iad i mbun earcaíochta. Bíonn sé iontach tábhachtach ar bhealach go dtagann eagraíocht chugainn sula ndéantar post a fhógairt agus go bhfuil a fhios againn go díreach cad é riachtanas teanga an phoist ar an gceist sin. Ba bhreá linn, mar a dúirt mé agus mé ag caint, go bhfuil daoine réamhghníomhach agus go ndéanfaidís iarracht an cháilíocht a bhaint amach sula gcuirfidís isteach ar phost nó sula gcuirfidís isteach ar ardú céime. Mar a luaigh Aoife Ní Ghloinn níos luaithe, má tá tú ag iarraidh dul ó B2 go C1, ní rud é sin a dhéanfaí in achar gairid ama, go háirithe má tá cúraimí baile agus oibre ar an iarrthóir agus gan an deis aige nó aici freastal ar ranganna. An chéad cheist ná cén áit a bhfuil an t-iarrthóir faoi leith ag an am áirithe sin. Ansin caithfear breathnú ar riachtanais teanga an phoist agus feiceáil an dá rud sin a cheangal le chéile.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Tá míle fáilte rompu agus gabhaim buíochas leo as an gcur i láthair sin. Ní raibh a fhios agam go raibh TEG á chur ar fáil do dhaltaí idirbhliana go dtí go ndeachaigh mé ar bhord bainistíochta Gaelcholáiste an bhliain seo caite. Tá mé an-tógtha leis mar scéim. Ceapaim go dtugann sé creidmheas do na daltaí sin agus go gcuireann sé struchtúr faoina gcumas teanga, ach go háirithe i nGaelcholáistí. Tugann sé an t-aitheantas breise sin dóibh. Tréaslaím le TEG go mór air sin. Ar mhaithe le tuiscint a fháil ar an mbealach a chuirtear TEG ar fáil, agus b'fhéidir gur cheist thar a bheith simplí í seo, cé hiad na heagraíochtaí nó na hinstitiúidí a chuireann an teagasc ar fáil chun ullmhú do TEG? Conas a oibríonn sé sin? Tuigim an bealach a bhaintear an cháilíocht amach ach conas a chuirtear an teagasc ar fáil? An iliomad eagraíochtaí a dhéanann é sin?

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Déanann an-chuid eagraíocht éagsúla é. Tá liosta againn. Má thagann eagraíocht chugainn agus má chuireann sé in iúl dúinn go bhfuil cúrsa á chur ar fáil aige bunaithe ar TEG, is féidir linn sonraí na heagraíochta sin a chur ar an suíomh Idirlín. Tá liosta mór fada eagraíochtaí agus áiteanna ar an suíomh, teg.ie. Bheadh leithéidí Chonradh na Gaeilge san áireamh ansin. Luaigh an Teachta Ó Snodaigh an méadú an-mhór atá tagtha ar an éileamh ar chúrsaí Chonradh na Gaeilge, rud a bhí sa nuacht le cúpla seachtain anuas. Tá na cúrsaí sin bunaithe ar leibhéil an fhráma tagartha. Tá cúrsaí Gaelchultúr uilig bunaithe ar na leibhéil seo, mar atá cúrsaí atá ar siúl ar fud na tíre. Tá mé féin in Ollscoil Mhá Nuad agus bheadh an-chuid de na mic léinn a thugann faoi chéim san oideachas nó sa Ghaeilge a thuigeann go bhfuil an cháilíocht ollscoile acu ach chomh maith leis sin bheidís ag iarraidh go mbeadh TEG acu freisin. Amantaí, bíonn daoine ag tabhairt faoi chúrsa. Ní gá do dhuine freastal ar chúrsa TEG. Fiú daoine a bhfuil caighdeán an-ard Gaeilge acu cheana féin ach nach bhfuil cáilíocht oifigiúil acu, agus atá ag iarraidh dearbhú a fháil ar an gcumas atá acu cheana féin nó a thaispeáint go bhfuil an cumas sin acu, is féidir leo clárú gan freastal ar chúrsa ar bith. Bheadh foghlaimeoirí neamhspleácha nach bhfuil ag freastal ar chúrsa ar bith i gceist, agus bheadh daoine atá ag freastal ar chineálacha éagsúla cúrsaí ar fud na tíre agus thar lear i gceist.

Comment on this

Cé a dhéanann QA ar na cúrsaí sin? An bhfuil sé sin á dhéanamh ag QQI nó an bhfuil baint ag TEG leis sin?

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Braitheann sé ar na córais inmheánacha atá ag na heagraíochtaí iad féin. Mar shampla, tá leithéidí Ghaelchultúr istigh faoi chóras QQI. Bheadh a gcórais féin ag na hollscoileanna leis an dearbhú cáilíochtaí a dhéanamh. Braitheann sé. Ní fúinne atá sé sin, ar bhealach. Bíonn muid ag plé leis an measúnú amháin ach glacaim leis go mbeadh córais den chineál sin ag na hinstitiúidí sin ar fad.

Comment on this

An fáth go bhfuil mé ag cur na ceiste ná go bhfuil oifigigh ón Roinn breisoideachais tar éis a bheith istigh linn faoi dhó i leith cúrsaí a chur ar fáil as Gaeilge d'ábhair nach Gaeilge iad. An bhfuil gaol nó caidreamh ann idir daoine a dhéanann TEG agus é á chur ar fáil le cúrsaí teagaisc eile? Luaitear an Foras Riaracháin sa doiciméad seo. Ó mo thaithí féin, feicim go mbíonn cumas ag módúil a thógann mic léinn ina mbíonn cáilíocht teanga a dhéanamh acu in éineacht leis an disciplín atá á dhéanamh acu. An bhfuil sé sin le feiceáil le TEG nó an ndéanann daoine TEG d'aon ghnó agus is é sin an t-aon rud ar a dhíríonn siad agus iad á dhéanamh? An bhfuil samplaí feicthe ag na finnéithe d'institiúidí nó eagraíochtaí a chuireann cáilíochtaí agus cúrsaí eile ar fáil in éineacht leis an deis TEG a bhaint amach?

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Go dtí seo, táimid ag cur scrúdaithe TEG ar fáil mar scrúdaithe iontrála do go leor cúrsaí ollscoile. Is scrúdú iontrála seachas scrúdú fágála atá iontu don chuid is mó. Ar ndóigh, dá dtiocfadh éinne chugainn a bhí ag iarraidh TEG a bheith luaithe mar scrúdú fágála nó scrúdú deiridh in aon chúrsa, bheadh muid i gcónaí sásta na féidearthachtaí seo a phlé. B'fhéidir go mbeadh dúshláin áirithe phraiticiúla le socrú agus bheadh sé sin ar fad le plé. B'fhéidir nach dtarlódh sé thar oíche ach is cinnte go bhfuil féidearthachtaí ann.

Tá a fhios agam le roinnt seachtainí anuas go raibh caint anseo faoi mhúnlú na Breataine Bige, an Coleg Cymraeg Cenedlaethol. Níl mé cinnte an bhfuil mé á fhuaimniú sin i gceart agus mo leithscéal mura bhfuil. Sa chomhthéacs sin, tá Welsh language skills certificate ann. Is scrúdú neamhspleách teanga é sin a dhéantar. De réir mar a thuigim, má tá modúil maoinithe ag an Coleg Cymraeg Cenedlaethol in aon institiúid sa Bhreatain Bheag, cuirtear an teastas teanga seo ar fáil mar rogha. Is féidir le daoine an scrúdú seo a chur ar fáil agus is é an WJEC, an eagraíocht náisiúnta, a chuireann na scrúdaithe sin ar fáil agus a cheartaíonn iad. Is teastais neamhspleácha iad atá an-chosúil le TEG ach go ndéantar iad anuas ar ábhair eile. B'fhéidir go mbeadh duine ann a dhéanfadh céim sa ghnó nó san eolaíocht trí Ghaeilge. B'fhéidir nach mbeadh an teastas teanga ag teastáil ó chuile dhuine. Sílim gur múnla deas atá ann sa Bhreatain Bheag anois go bhfuil sé ar fáil mar rogha. De réir mar a thuigim, má tá duine cláraithe le haghaidh ceann de na módúil aitheanta sin, ní bhíonn táille le híoc acu ar an scrúdú. Tuigim freisin go gcuirtear ionaid ar fáil taobh istigh de na hinstitiúidí ar fad atá mar chuid den Coleg Cymraeg Cenedlaethol, agus laistigh de na hionaid sin bíonn teagascóir faoi leith a chabhraíonn le daoine ullmhú don scrúdú seo agus déantar na scrúdaithe taobh istigh den institiúid. Tá an cúrsa taobh istigh den chóras ach neamhspleách ag an am céanna. Is cinnte go bhféadfaí a leithéid a dhéanamh i gcás TEG.

Comment on this

Tá ceist tapa amháin eile agam. Ó thaobh an éilimh atá ar TEG faoi láthair, go háirithe ag díriú isteach ar an Státseirbhís, an bhfuil aon phatrún tugtha faoi deara ag na finnéithe i leith gráid na ndaoine sa Stáitseirbhís atá ag cur isteach ar TEG? An bhfuil siad tar éis éirí níos sinsearaí nó níos sóisearaí, nó an bhfuil siad tar éis fanacht mar an gcéanna le cúpla bliain anuas?

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Is ceist an-spéisiúil í sin. Níl a fhios agam an bhfuil freagra na ceiste sin againn. Ní thugtar an t-eolas sin dúinn ach is cinnte gur bhfiú an cheist sin a chur ar an bhForas Riaracháin. Is ceist an-spéisiúil í sin. Bheadh sé tábhachtach.

Comment on this
Ms Siuán Ní Mhaonaigh

Ní bhailíonn muid an t-eolas sin.

Comment on this

An fáth go gceapaim go bhfuil sé spéisiúil ná, agus muid ag druidim ar 2030 agus ag díriú isteach ar earcaíocht na Státseirbhíseach a bhfuil cumas sa Ghaeilge ar a toil acu, beidh sé níos tábhachtaí do bhainisteoirí na ndaoine sin go mbeidh Gaeilge acu freisin. Beidh sé spéisiúil a fheiceáil an bhfuil sinsearú ag tarlú ar an éileamh ar TEG. Is ábhar machnaimh é sin do na finnéithe.

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

An-smaoineamh ar fad. Gabhaim buíochas leis an Teachta.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Tá cúpla ceist agam anois. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do TEG as an sárobair atá á déanamh aige le scór bliain anois. Tá sé 20 bliain ar an bhfód. Is léir ón gcomhrá anseo inniu agus go ginearálta go bhfuil ról TEG ag méadú. Nuair a labhraímid faoin earcaíocht sa Státseirbhís, bímid ag labhairt an t-am ar fad faoi leibhéil TEG. Is é sin an comhrá a bhíonn ann anois. Anuas air sin, agus muid ag labhairt faoi thithíocht sa Ghaeltacht do mhuintir labhartha na Gaeilge agus, ar ndóigh, do mhuintir na Gaeltachta, táimid ag rá go mb'fhéidir gur gcaithfidís leibhéal TEG a bheith acu. Tuigim an brú atá ar na finnéithe chomh maith agus ba mhaith liom é sin a aithint.

Chuir an Teachta Ó Snodaigh cúpla ceist faoin bhfás ó thaobh na huimhreacha. Tá mé ag breathnú ach go háirithe ar an ról sin ó thaobh na hearnála poiblí. Tá a fhios agam go bhfuil réamhphleanáil á dhéanamh ach an bhfuil aon sórt réamhaisnéis ó thaobh na huimhreacha ag na finnéithe? An bhfuil sé i gceist go gcuirfidh 2,000 duine isteach ar chúrsa éigin in 2027, mar shampla? An bhfuil aon obair mar sin déanta acu?

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Táimid ag pleanáil le go mbeimid in ann freastal ar éileamh méadaithe. Bíonn sé deacair figiúirí den chineál sin a thuar. B'fhéidir go dtiocfaidh méadú ar an éileamh de réir a chéile nó b'fhéidir go dtiocfaidh sé mar súnámaí, mar a dúirt duine éigin níos luaithe, ag aon am amháin. Ar bhealach, bíonn an comhoibriú le Poistphoiblí agus leis an Roinn an-tábhachtach dúinn mar bíonn muid ag brath ar na heagraíochtaí agus an coiste comhairleach agus a leithéid a rá linn céard iad na spriocanna atá acu féin. Ar bhealach, braithim gurb é sin an túsphointe. Céard iad na spriocanna bheidh sa phlean gníomhaíochta? Céard iad na spriocanna atá leagtha amach sa phlean náisiúnta? Ansin, beidh muid ag pleanáil dá réir. Chonaic mé sa phlean náisiúnta go luaitear go bhféadfadh thart ar 7,000 earcach nua a bheith san earnáil phoiblí in aghaidh na bliana. Is iad sin na figiúirí a bhí ann ó 2023, sílim. Tá sé sin i gcúl mo chinn agam. Mo leithscéal, is ionann 20% d'eacraigh nua na Státseirbhísigh in 2023 agus 7,000 duine. Mar gheall go bhfuil an-chuid daoine ag déanamh na scrúdaithe faoi láthair, b'fhéidir go mbeadh an scrúdú déanta ag go leor do na daoine sin cheana féin. B'fhéidir go mbeadh sé déanta acu agus nach mbeadh sé le déanamh acu agus iad ag cur isteach ar phoist. D’fhéadfadh méadú suntasach a bheadh i gceist ach tá sé deacair dúinn é a mheas. Níor mhaith liom figiúir a tharraingt ón spéir-----

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Tuigim sin.

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

-----ach bunaithe ar na spriocanna a bheidh sa phlean, is é sin-----

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Is 578 a bhí ann idir Aibreán agus Meán Fómhair an bhliain seo caite agus i mbliana, agus 555 anois.

Tá mé ag smaoineamh ar cé mhéid gur féidir dul ann. An mbeadh an spás ag TEG teagasc agus scrúdú a dhéanamh ar 3,000 duine in aghaidh na bliana? Bheadh níos mó pleanála agus foireann níos mó ag teastáil.

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Faoi láthair, tá os cionn 2,500 duine in aghaidh na bliana ag tabhairt faoi na scrúdaithe ar an iomlán. Ní raibh sa 578 ach daoine san earnáil phoiblí a chur isteach orthu. B’fhéidir go raibh níos mó daoine freisin. Shamhlóinn go bhfuilimid ag dul i dtreo 3,000 go héasca i mbliana. Bunaithe ar an éileamh a bhí ann an seimeastar seo amháin, bheinn ag ceapadh go mbeidh thart ar 3,000 againn i mbliana, is é sin an bliain acadúil 2025-26. Beimid ag iarraidh an figiúr sin a mhéadú sna blianta atá amach romhainn ach caithfidh na spriocanna teacht ón Roinn agus ó na pleanála sin. Ansin, tosóidh muid ag obair le go mbeimid in ann freastal ar na spriocanna sin.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Foirfe.

Comment on this
Ms Siuán Ní Mhaonaigh

Tá an phleanáil fíorthábhachtach. An jab atá againne ná córas teistithe gairmiúil a chur ar fáil agus caithfimid i gcónaí a bheith ag smaoineamh air sin. Caithfidh an phleanáil tosú tamall maith roimh ré. Mar a dúirt Aoife Ní Ghloinn níos luaithe, níor dhiúltaigh muid d’aon dream go dtí seo. Bhí muid in ann freastal ar éileamh a bhí ag gach eagraíocht san earnáil phoiblí go dtí seo agus tacú leis an bpróiseas earcaíochta. Ba mhaith linn, má tá súnámaí le teacht, go mbeadh córas éigin le muid a chur ar an eolas faoi.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Ceann de na cúiseanna go bhfuil ceisteanna agam ná toisc smaoineamh a bhí agam. Dá mbeifeá ag déanamh staidéar dlí nó margaíocht nó pé rud in Ollscoil Mhá Nuad, nó i gCorcaigh nó i nGaillimh, b'fhéidir go bhféadfá cúig nó deich gcreidmheas i do chéim a chur i leataobh dá bhfaighfeá C1 nó b’fhéidir B2 ar TEG. An cheist atá agam ná conas gur féidir linn níos mó daoine a chur tríd an gcóras tríú leibhéal le Gaeilge mhaith agus gur féidir linn iad a sheoladh chuig an earnáil phoiblí. Tá mé ag breathnú go nádúrtha ar TEG chun an ról sin a líonadh. Ó thaobh buiséid de, tá airgead faighte ón Roinn. Deirtear linn an t-am ar fad go bhfuil gá le níos mó airgid ach ó thaobh an fháis sin agus an pleanáil atá á dhéanamh ag TEG, an bhfuil aon sórt scrúdaithe déanta ag na finnéithe ar cén sórt buiséid a bheidh ag teastáil uathu?

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Chuir muid plean forbartha le chéile cúpla bliain ó shin ag féachaint ar an bhfás a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil sna blianta atá amach romhainn. Mar a dúirt Siuán Ní Mhaonaigh, tá dhá chineál chóras i bhfeidhm againn faoi láthair. Tá scrúdaithe ad hoc aonuaire, agus uaireanta bíonn líon an-bheag daoine ag tabhairt faoi na scrúdaithe sin mar gheall go bhfuil siad ag freastal ar shainriachtanais eagraíocht faoi leith. Ansin, tá na scrúdaithe a bhíonn ar siúl de réir sceidil scrúdaithe a fhógraítear go poiblí. Bíonn siad ar siúl in ionaid timpeall na tíre. Má táimid chun an úsáid is fearr a bhaint as na hacmhainní atá againn, b’fhearr i bhfad ó thaobh acmhainní de na scrúdaithe a chur ar fáil ar bhonn níos rialta. Tá mé ag cuimhneamh go háirithe, mar shampla, ar scrúdaithe B2. Is é sin an ceann is mó a bheadh éileamh air. Mar sin, dá mbeadh scrúdú B2 ar siúl go han-rialta in ionaid éagsúla timpeall na tíre, d’fhéadfaí freastal ar riachtanais an-chuid eagraíochtaí agus institiúidí éagsúla ag an am céanna, seachas ceann ar cheann. Feictear dúinn gurb é seo an bealach ab fhearr leis seo a dhéanamh le cur leis an acmhainne fáis atá againn agus an úsáid is fearr a bhaint as na hacmhainní. Chuir muid plean le chéile cúpla bliain ó shin bunaithe air sin agus rinne muid meastacháin maidir le buiséid agus sin ar fad ag an am. Ar ndóigh, tá rudaí athraithe ó shin so níor mhaith liom figiúir a thabhairt ansin anois. D’fhéadfaimis i gcónaí breathnú siar agus athbhreithniú a dhéanamh ar na meastacháin sin agus meastachán a chur ar fáil ar an gcineál ruda a bheadh ag teastáil le scrúdaithe níos rialta a chur ar fáil. Tá sé tábhachtach freisin nuair atáimid ag caint ar acmhainní tús áite a thabhairt. Ní bheimid in ann gach rud a dhéanamh. Ní fiú amantaí a bheith ag breathnú ar chomhthéacs an Bhéarla agus na scrúdaithe a chuirtear ar fáil don Bhéarla. Tá scrúdaithe ar fáil ag Cambridge nó the British Council do na milliún duine. I gcás na Gaeilge, caithfimid a aithint céard iad na riachtanais is mó atá ann agus na hacmhainní ar fad a chur i dtreo tús áite a thabhairt do na riachtanais is mó atá againn agus díriú orthu siúd. Déarfainn féin gur leibhéal B2 an áit is mó a mbeadh tábhacht ag baint leis.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Tá sé sin an-shuimiúil. Tá an-obair déanta ag Aoife Ní Ghloinn. Tá plépháipéar foilsithe aici ó thaobh an churaclaim Gaeilge san ardteist a ailíniú leis an FTCE. Tá siad ceangailte ó thaobh TEG chomh maith. Mo bhuíochas as sin.

Comment on this

Tá brón orm go raibh mé chomh déanach. Bhuail mé le haontas na múinteoirí inniu agus sin an fáth nach raibh mé anseo. Bhíomar ag plé na hardteiste. Luadh ansin é. Níl a fhios agam céard a bhí ar siúl sa chomhrá seo, agus mar sin níl mé chun ceisteanna a chur faoi dhó.

Comment on this
Ms Siuán Ní Mhaonaigh

Tosóimid arís.

Comment on this

Léigh mé na tuairiscí a thug na finnéithe isteach. Aon tacaíochta atá uathu uaimse, is féidir leo rá liom. Tá brón orm nach raibh mé anseo go dtí anois. Níl mé ag iarraidh ceisteanna a athchur ar dhaoine.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Gabhaim buíochas leis an Teachta. An bhfuil aon cheisteanna eile?

Comment on this

Maidir leis na scrúdaithe TEG, an cúis ama nó acmhainní an fáth go bhfuil siad á ndéanamh go haonuaire?

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

An rud a tharlaíonn ná go mbíonn Roinn nó eagraíocht Stáit faoi leith a bhfuil post á bhfógairt acu. Nuair atá an post fógartha, tá sé luaite san fhógra poist go bhfuil riachtanas Gaeilge ag teastáil. Ag an bpointe sin, tagann siad chugainn agus deireann siad go bhfuil post á fhógairt agus go mbeidh na hagallaimh ar siúl i mí Eanáir agus iarrann siad orainn scrúdú Gaeilge a chur ar fáil le cabhrú leis an bpróiseas earcaíochta seo. Cuirimid scrúdú ar fáil ar mhaithe le próiseas earcaíochta ar leith. B’fhéidir go dtarlódh sé coicís ina dhiaidh sin go dtiocfadh eagraíocht eile chugainn agus go ndéarfaidís an rud ceannann céanna agus bheadh orainn scrúdú eile a dhearadh don eagraíocht sin. Is é sin an bealach a dtarlaíonn sé sin. Bímid ag freastal ar riachtanais ceann ar cheann seachas trí chomhordú a dhéanamh ar an bhfreastal sin.

Comment on this

Tríd an gcathaoir, an féidir liom ceist a chur chun soiléiriú a fháil air sin?

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Lean ar aghaidh.

Comment on this

Is í an eagraíocht atá ag iarraidh go n-eagrófaí an scrúdú sin go gearrthéarmach agus é ceangailte le próiseas earcaíochta, ab ea? Ní hé an mac léinn atá á lorg?

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Ní hea.

Comment on this

An t-aon cheist a bheadh agam, cé nach raibh mé anseo, ná maidir leis an ardteist agus earcaíocht san earnáil phoiblí go ginearálta. Muna bhfuil cainteoirí Gaeilge ag teacht ón dara leibhéal le Gaeilge, níl seans againn. An bhfuil mórán plé ag na finnéithe faoi láthair maidir leis an céatadán atá ag dul don scrúdú béil, mar shampla, agus an cineál struchtúr atá le cur ar an ardteist nua agus an t-athbhreithniú a thosaigh in 2021? Tá an t-athbhreithniú fós ar siúl faoi láthair mar gheall go bhfuil siad ag dul ar ais go dtí an tús arís, faoi dhó. Céard é an scéal ansin faoi láthair agus cén cineál comhrá atá ar siúl maidir leis sin?

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as an gceist. Sin rud amháin eile faoi TEG freisin. Nuair atáimid ag caint ar an gcostas atá ar an obair ar fad agus líon na n-iarrthóirí a thugann faoi na scrúdaithe in aghaidh na bliana, nó líon na scrúdaithe a chuirimid ar fáil, tá sé tábhachtach freisin cuimhneamh ar an luach breise a bhaineann leis an obair mar bíonn muid ag tacú agus ag comhoibriú an t-am ar fad le heagraíochtaí éagsúla cosúil leis an CNCM, le COGG agus le dreamanna éagsúla atá ag plé leis an gcóras oideachais ag gach céim. Tá an-chuid cainte déanta ag Conradh na Gaeilge le tamall anuas le haird a thabhairt ar an ngá atá ann a bheith ag cuimhneamh air seo, ar an bpictiúr mór agus le polasaí agus cur chuige comhardaithe a bheith ann go theagasc na Gaeilge ón réamhscoil go dtí an ollscoil agus i ndiaidh sin go dtí an ionad oibre. Bíonn muid ag plé leis na heagraíochtaí sin ar fad. Mar a luaigh an Leas-Chathaoirleach, tá plécháipéis air seo. Tháinig oifigigh ón gCNCM chugam an t-am seo an bhliain seo caite agus d’iarr siad orm plépháipéar a scríobh le tacú leis na féidearthachtaí plé a bhainfeadh leis an ardteist nua a ailíniú leis an bhfráma tagartha. Tá sé sin ar fáil anois. Tá an próiseas comhairliúchán ar an leagan is déanaí ar an treoir a cuireadh amach díreach críochnaithe ach tá an plépháipéar sin á úsáid ag daoine atá páirteach sa chomhairliúchán sin.

Comment on this

An bhfuil aon chaint ar an am a bheidh sé seo críochnaithe agus go mbeidh ardteist nua i bhfeidhm?

Comment on this
Ms Aoife Ní Ghloinn

Sílim go bhfuil sprioc luaite le tráinse 4 de réir mar a thuigim. An plean atá ann faoi láthair ná go mbeidh sé á chur i bhfeidhm i Mean Fómhair 2028, ach cá bhfios?

Níl aon fhreagracht againn as an obair sin, cé go bhfuilimid ag iarraidh tacú leis an bhfráma ar fad.

Comment on this

So, ar a laghad-----

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Níl an ardteist á plé againn anseo.

Comment on this

Baineann sé le hearcaíocht, leis an earnáil phoiblí agus le daoine le Gaeilge chun poist a líonadh. I mo thuairim, baineann sé leis sin agus tá sé feiliúnach.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Cuirfimid deireadh leis an seisiún seo. Cuireann sé sin deireadh lenár mbreithniú. Gabhaim buíochas le hAoife Ní Ghloinn agus le Siuán Ní Mhaonaigh as an bplé fiúntach agus tairbheach a bhí againn anseo inniu.

Comment on this