We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

Teagasc agus Stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Tríú Leibhéal: Plé (Atógáil)

Summary

Pléadh teagasc agus stádas na Gaeilge sa tríú leibhéal, go háirithe i Maigh Nuad, áit a bhfuil méadú mór ar éileamh ar chúrsaí Gaeilge agus ar mhodúil trí Ghaeilge. Cuireadh béim ar an ngá le spreagadh, le ceangal mothúchánach leis an teanga, agus le cur chuige iomlánaíoch a nascann bunscoil, meánscoil agus ollscoil, seachas foghlaim de ghlanmheabhair amháin. Luadh imní faoin laghdú ar chaighdeán teanga, faoi chostas méadaithe chúrsaí Gaeltachta, agus faoi thionchar na ndíolúintí. Bhí an togra chun Gaeilge a leabú níos fearr ar an gcampas agus sa phobal institiúideach le feiceáil mar bhealach dearfach chun líon na gcainteoirí agus na múinteoirí Gaeilge a mhéadú.

Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Díreoimid ár mbreithniú ar an ábhar teagaisc agus stádas na Gaeilge sna hinstitiúidí tríú leibhéal leis na hionadaithe seo a leanas ó Ollscoil Mhá Nuad: an Dr. Tracey Ní Mhaonaigh, ceann roinne na nua-Ghaeilge, agus an tOllamh Fionntán de Brún, ollamh le nua-Ghaeilge. Tá fáilte mhór rompu. Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú i seomra coiste 3, taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Sula leanfaimid ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagadh faoi bhráid na bhfinnéithe agus na comhaltaí. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a nguthán soghluaiste múchta le linn na cruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste, nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe phoiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad le feiscint ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad féin ag caint.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, faoi Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste, fad is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á thabhairt acu. Is fíric é nach féidir leis na finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á thabhairt acu lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á thabhairt acu, agus má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh a dhéanamh amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn, agus ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe.

Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí ar fhéadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá go bhféadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, más rud é go bhféadfadh a ráiteas bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéilleann siad leis an ordú sin. An nglactar leis na treoracha sin? Glactar. Iarraim ar an Dr. Ní Mhaonaigh a ráiteas tosaigh a dhéanamh.

Comment on this
Dr. Tracey Ní Mhaonaigh

Gabhaimid buíochas leis an gCathaoirleach agus baill an choiste as an deis seo labhairt leo inniu ar theagasc agus stádas na Gaeilge sna hinstitiúidí tríú leibhéal. Níl amhras ar bith faoi ach go bhfuil athrú chun dearfacht tagtha ar an meon i leith na Gaeilge i gcodanna áirithe den tsochaí. Tá an t-athrú seo le feiceáil san éileamh méadaithe ar chúrsaí Gaeilge ar an tríú leibhéal. Cláraigh an líon ba mhó riamh, 278, leis an nGaeilge a dhéanamh in Ollscoil Mhá Nuad sa bhliain acadúil reatha, mar shampla. Ní fheictear dúinn go dtiocfaidh deireadh leis an éileamh sin ach oiread.

Le maoiniú ó Ollscoil Mhá Nuad agus lárionad na Gaeilge san ollscoil, tá taighde ar siúl le bliain anuas ag an Dr. Joseph Simpson ar mheon phobal na hollscoile i leith na Gaeilge. Foilseofar tuarascáil iomlán an Dr. Simpson i mí Feabhra. Is meon thar a bheith dearfach i leith na Gaeilge ar an gcampas a léiríodh sna suirbhéanna agus sna hagallaimh ar fad a rinne sé le sciar ionadaíoch de phobal na hollscoile. Cuirfidh sé moltaí i láthair fheidhmeannas na hinstitiúide mar chuid den tuairisc i dtaca leis an nGaeilge a leabú agus a chur chun cinn ar an gcampas.

Tá meon níos dearfaí ná riamh i leith na Gaeilge, mar sin, ach tá obair le déanamh má táimid chun leas ceart a bhaint as an athrú seo agus Gaeilge ardchaighdeáin a fhí isteach i ngnáthshaol agus in ionaid oibre na tíre seo. Cé go mbíonn agus go raibh riamh mic léinn láidre ag gabháil don Ghaeilge ar an tríú leibhéal, níl amhras ar bith faoi ach go bhfuil méadú suntasach tagtha ar líon na mac léinn a thagann isteach chugainn gan bunscileanna cumarsáide acu ag fágáil na meánscolaíochta dóibh.

Seoladh le déanaí plean gnímh de chuid na Roinne Oideachais agus Óige don Ghaeilge i scoileanna meán-Bhéarla agus fáiltímid go mór roimh an bplean seo. Tugadh cuireadh do na hinstitiúidí tríú leibhéal a bheith páirteach sa phróiseas comhairliúcháin ach b’ábhar mór imní dúinn é an réiteach lom a mhol cainteoirí áirithe ag an bhfóram náisiúnta in Áth Luain go bhféadfaí teagasc na Gaeilge a shlánú ach an litríocht a bhaint den siollabas ar fad nó í a bhaint de shiollabas an teastais shóisearaigh ar a laghad. Níl amhras ach nach bhfuil ag éirí le cuid mhór daltaí scoile an Ghaeilge a fhoghlaim ach ní réiteach ar bith air sin é cealú na litríochta. Ní leor béim a leagan ar an teanga labhartha le heispéireas ceart foghlama a thabhairt do dhaltaí scoile. Faoi láthair, is léir go gcaitear an iomarca ama ag cur freagraí scríofa agus labhartha de ghlanmheabhair mar ullmhúchán do na siollabais scoile. Cén mhaith tuilleadh béime a leagan ar an nGaeilge labhartha más é an cur chuige féin atá fabhtach? Má tá na scileanna éagsúla teanga le sealbhú ag foghlaimeoir, caithfidh léamh agus scríobh a bheith ar an gclár teagaisc. Ní hamháin gur áis í an litríocht i bhforbairt na scileanna sin, is eochair í don fheasacht chultúir agus d’acmhainní intleachtúla na teanga.

Sa leagan is déanaí den churaclam bunscolaíochta, laghdaíodh arís eile an méid ama atá le caitheamh ar theagasc na Gaeilge sna scoileanna. Níl amhras ar bith faoi ach go bhfuil baint lárnach ag an gcreimeadh sin thar na blianta leis an laghdú a aithnítear ar chaighdeán na ndaltaí. Tá na trí leibhéal oideachais ag brath ar a chéile agus ba cheart go mbeadh scileanna á bhforbairt go leanúnach trí gach céim den chóras iomlán. Braithimid féin go mbíonn an iomarca brú ar mhúinteoirí meánscoile torthaí scrúduithe a bhaint amach, go bhfágtar an fhorbairt scileanna in áit na leathphingine dá bharr agus go leagtar an cúram sin ar an tríú leibhéal. Níl ach méid teoranta a d’fhéadfaí a dhéanamh taobh istigh d’achar gearr ama na bliana acadúla ollscoile. Mura bhfuil an cruinneas ceart teanga ag mic léin ag fágáil na hollscolaíochta dóibh, conas a d’fhéadfaimis a bheith ag súil leis go mbeidís siúd in ann na scileanna cearta a thabhairt dóibh siúd atá agus a bheidh á múineadh acu?

Níor mhór spreagadh a thabhairt do mhúinteoirí, múinteoirí dara leibhéal go háirithe, breis cáilíochtaí a bhaint amach sa Ghaeilge. Ní dóigh linn go bhfuil sé cruthaithe gur gá cúrsa dhá bhliain a dhéanamh den chúrsa oiliúna meánmhúinteoireachta agus ba bhreá linn dá gcuirfí sin ar neamhní. Bheadh an té atá in acmhainn íoc as dhá bhliain den MGO mar atá faoi láthair in ann íoc as cúrsa bliana mar aon le cúrsa máistreachta in ábhar atá á theagasc acu, faoi mar a dhéantaí. Beidh an múinteoir Gaeilge a bhfuil MA déanta aige nó aici níos oilte agus níos ullmhaithe le haghaidh a ghairme nó a gairme, rud a rachaidh chun tairbhe na scoile ina mbeidh sé nó sí ag obair.

Toisc mic léinn a bheith chomh gnóthach sin i mbun cúraimí seachtracha, ní bhíonn an t-am ná an t-airgead ag cuid mhór acu chun a bheith páirteach in imeachtaí sóisialta Gaeilge, imeachtaí a chabhródh leo na bunscileanna cumarsáide a fhorbairt. Mura bhfuil an t-airgead acu le páirt a ghlacadh in imeachtaí ar an gcampas, is cinnte nach bhfuil an t-airgead acu le híoc as cúrsaí Gaeltachta. Má tá an Rialtas dáiríre faoin nGaeilge a chur chun cinn agus tacaíocht a chur ar fáil di, is é deontas ceart a bhronnadh na dreamanna a chuireann na cúrsaí sin ar fáil an ní is práinní le go laghdófaí go mór, agus go hiomlán dá bhféadfaí in aon chor, an costas a ghearrtar ar na mic léinn. Ach aithne a chur ar mhuintir na Gaeltachta agus taithí a fháil ar ghnáthshaol laethúil na Gaeilge, thabharfaí tuiscint eile ar fad do na mic léinn ar an teanga agus thabharfaí amach as an seomra ranga i gceart í. Is iad múinteoirí fuinniúla, ardoilte agus paiseanta a bhfuil ardscileanna teanga acu an bealach is fearr leis an bhfáinne fí ina bhfuilimid faoi láthair a bhriseadh.

Anuas ar an éileamh ar an nGaeilge mar ábhar ollscoile a luaigh mé, tá éileamh uirthi mar chuid de chéimeanna ar leith. Tá roinnt cuirí faighte againn le tamall anuas a bheith páirteach i gcláir nua, BCL dlí agus teangacha agus BA sa léann domhanda ina measc. Ina theannta sin, táimid ag breathnú ar chúrsaí a thairiscint le lucht gnó agus le hábhair eolaíochta. Tá féidearthachtaí ann leis cur le líon na modúl i ranna eile a ndéantar iad a theagasc trí mheán na Gaeilge. Mar sin, tá deiseanna iontacha anois an Ghaeilge a leabú ar champais ollscoile agus ar chláir acadúla ach teastaíonn tacaíocht ag leibhéal institiúide agus ag leibhéal Rialtais, mar aon le córas iomlánaíoch oideachais, chun go bhféadfaí na deiseanna sin a thapú.

Comment on this

Bheadh iomlán na méide a bhí curtha i láthair dúinne ar eolas ag éinne a bhfuil spéis acu san ábhar seo. Níl an Dr. Ní Mhaonaigh ach tar éis achoimre a thabhairt air sin. B'achoimre mhaith í. Ba cheann de na príomhghnéithe ná gur gá spreagadh a thabhairt. Cad go díreach atá i gceist ansin? Má tá mic léinn ar an ollscoil agus spéis acu sa Ghaeilge, cén spreagadh breise a bheadh de dhíth orthu? Conas is féidir leis an gcóras - ní go díreach an córas oideachais ach an córas ina iomláine - cuidiú leo siúd a bhfuil spéis éigin acu sa Ghaeilge agus sa mhúinteoireacht a raibh an Dr. Ní Mhaonaigh ag déanamh trácht orthu ansin?

Comment on this
Dr. Tracey Ní Mhaonaigh

Is é an rud is mó atá i gceist againn ná iad a spreagadh i dtreo na teanga. Tagann cuid mhór de mhic léinn isteach in ollscoileanna lán-Bhéarla agus ní bhíonn aon taithí acu ar an tumoideachas ná ar an nGaeilge mar theanga labhartha ná mar theanga bheo. Feiceann cuid acu an Ghaeilge mar ábhar scoile. Feiceann siad cineál struchtúr agus teorainn ar leith leis an méid a d'fhéadfaí a dhéanamh leis an teanga. Tá rud ar siúl againn le cúpla bliain anuas. Ag tosach an chéad bhliain, déanaimid léachtaí ar rudaí éagsúla ionas go mbíonn deis ag na mic léinn machnamh a dhéanamh ar phobal na Gaeilge, pobal a mbaineann siad féin leis agus iad tar éis an cinneadh a dhéanamh tabhairt faoin nGaeilge. Táimid ag iarraidh iad a spreagadh muid féin. Caithfear é sin a dhéanamh. Caithfear iad a spreagadh chun breathnú ar an nGaeilge mar theanga uimhir a haon agus mar ábhar uimhir a dó. Más féidir an Ghaeilge a tharraingt amach as na seomraí ranga agus í a úsáid ar bhonn laethúil, faoi mar a dhéanaimid ar fad, tuigfidh na mic léinn gur cineál no-brainer é, mar a deir lucht an Bhéarla, agus go mbeadh an t-ábhar féin agus an staidéar atá le déanamh mar chuid den chúrsa i bhfad níos taitneamhaí agus i bhfad níos éasca. Táimid ag iarraidh iad a spreagadh i dtreo na teanga beo agus na teanga labhartha, is é sin, i dtreo na teanga seachas i dtreo an ábhair. Is é sin an rud is mó a theastaíonn.

Comment on this

Tuigim agus aontaím leis an Dr. Ní Mhaonaigh agus is é sin ó thaobh Ollscoil Mhá Nuad. Cad is féidir linn a rá leis na hollscoileanna eile agus na hinstitiúidí ard-léinn nach bhfuil ag tabhairt faoin sórt cur chuige a bhfuil an Dr. Ní Mhaonaigh tar éis a leagan amach agus gur chuala muid beagán faoi ó Ollscoil na Gaillimhe? Cén cur chuige gur chóir go mbeadh acu nuair a thagann daoine os a chomhair? Má tá airgead i gceist, bíonn sé sin gann ar na hollscoileanna go minic. Cad ba chóir dóibh a chur ar fáil do na mic léinn agus don fhoireann mhúinteoireachta sna hollscoileanna, an lucht léinn?

Comment on this
Professor Fionntán de Brún

Mar a dúirt an Dr. Ní Mhaonaigh ag an tús, aithnímid go gcaithfimid greim a fháil orthu agus sórt díchláraithe nó deprogramming a dhéanamh. Is é an t-eispéireas deireanach atá ag na daltaí scoile a thagann chugainn ná an ardteist. Tá gach rud dírithe ar aon rud amháin. Mar a dúirt an Dr. Ní Mhaonaigh ansin, sa chéad bhliain, caithfimid am leo ag iarraidh go dtabharfaidís orthu féin smaoineamh ar cén fáth a bhfuil siad ag dul don Ghaeilge. Tosaíonn an spreagadh ansin nuair a chuireann siad an cheist orthu féin, cén fáth go bhfuilimid ag plé leis seo? Tá an Béarla ag achan daoine. Cén fáth go bhfuilimid gafa leis an rud seo ar chor ar bith? Is turas de chineál éigin atá ann chun go dtiocfaidh siad ar an rud a spreagann iad féin. Cuirfimid roghanna ar fáil dóibh. Taobh istigh de na roghanna sin, tá tuilleadh roghanna acu chomh maith. Tá sé iontach tábhachtach pearsantú a dhéanamh ar an fhoghlaim. Maidir leis an spreagadh sin a luaigh an Teachta, caithfidh sé a bheith an-phearsanta. Táimid ag iarraidh go sealbhóidh na mic léinn an teanga. Tá múinteoirí den chéad scoth ann agus tá rudaí iontacha ag tarlú i scoileanna tríd an Stát ach, ag an am céanna, tá barraíocht daoine ag teacht amach ón scoil gan Gaeilge a bheith acu agus gan tuiscint acu ar cén fáth go bhfuil siad ag dul don Ghaeilge ar chor ar bith. Caithfimid tabhairt faoin ngá tuiscint éigin a bheith ag daoine ar cén fáth go bhfuil siad ag dul don rud seo.

Táimid ag iarraidh ceangal mothúchánach a chruthú idir an duine agus an teanga. Bhí alt ag Gabriel Rosenstock roinnt mhaith blianta ó shin. Sílim gur "Why Irish?: How I discovered the Irish language or how the Irish language discovered me" an teideal a bhí air. Caithfidh sé sin tarlú do gach duine éigin ag leibhéal éigin. Sa chóras oideachas faoi láthair, tá go leor daoine ag imeacht gan ceangal ar bith acu leis an teanga. Leis an spreagadh sin a fháil, caithfidh siad an ceangal mothúchánach sin a chruthú. Cibé rud atá Kneecap ag déanamh, tá ag éirí go hiontach leis. Níor tharla rud ar bith mar seo le fada. Luafaidh mé "An Cailín Ciúin" freisin. Tá na rudaí seo, na himeachtaí cultúrtha agus feiniméin chultúrtha seo, in ann an spreagadh sin a chothú. Caithfimid foghlaim uathu sin.

Comment on this

Tá an t-ollamh ag lorg ceolchoirm Kneecap i ngach uile ollscoil.

Comment on this
Professor Fionntán de Brún

Muna n-athraítear na liricí, bheadh sé deacair iad a theagasc. Bheadh sé ró-chonspóideach.

Comment on this

Luaigh na finnéithe na céimeanna difriúla. Glacaim leis gur modúl i roinnt de na céimeanna atá i gceist. Nuair a chríochnaíonn daoine an modúl sin, an bhfuil siad inniúil ar an nGaeilge? Bhí lucht os ár gcomhair an tseachtain seo caite ag caint faoin bhfráma tagartha comónta agus leibhéal B2. An mbeadh siad ag an leibhéal sin tar éis an mhodúil nó an mbeadh orthu cur leis?

Comment on this
Dr. Tracey Ní Mhaonaigh

Braitheann sé ar an gcúrsa áirithe atá i gceist. Luaigh mé an BCL dlí agus teangacha. Déanann na mic léinn modúil trí mheán na Gaeilge mar chuid den chlár dlí agus ansin déanann siad an Ghaeilge mar ábhar iomlán. Tá na daoine sin ag fáil na Gaeilge mar ghnáthábhar ollscoile faoi mar atá againn ach tá modúil ar leith ag díriú ar an dlí freisin. Faigheann siad ardchaighdeán Gaeilge uainn ach faigheann siad an téarmaíocht chuí sa chúrsa eile. Bíonn cleachtadh acu ar an mbréagchúirt agus rudaí den chineál sin trí mheán na Gaeilge. Mar chuid den chúrsa sin, is cinnte go n-éiríonn siad inniúil. Tá léann domhanda, global studies, luaite agam chomh maith. Arís, bheadh an Ghaeilge mar ábhar iomlán ansin.

Ar feadh na mblianta, bhí roinn na matamaitice ag tairiscint modúl trí mheán na Gaeilge. Mura mbeadh staidéar ceart, ranganna TEG nó céim sa Ghaeilge á dhéanamh ag na mic léinn, is cinnte nach mbeadh dóthain in aon mhodúl amháin. Bhíodh éileamh ar an modúl sula raibh éinne ag caint ar an nGaeilge mar atá faoi láthair. Bhí éileamh i measc na ndaoine sin a bhí ag iarraidh dul le múinteoireacht i nGaelcholáistí. Tuigimid ar fad go bhfuil méadú tagtha ar líon na nGaelcholáistí. Tá géarghá le múinteoirí atá in ann ábhair eile a theagasc trí mheán na Gaeilge. Bhí an modúl sin ag roinn na matamaitice dírithe ar na múinteoirí a bhí ag iarraidh dul isteach i scoileanna lán-Ghaeilge agus ar an téarmaíocht chun na daoine sin a réiteach le dul os comhair an tseomra ranga. Ní bheadh dóthain ansin le go bhféadfaidís an Ghaeilge a theagasc ná go mbeadh ardchaighdeán Gaeilge acu ach, tríd an modúl seo, is cinnte go mbeadh na scileanna Gaeilge acu lena bheith réidh le dul i mbun mhúinteoireacht na matamaitice i nGaelcholáistí. Tá sé sin ag teastáil go géar.

Chuireamar ceist ar chuid de na ranna eile sa choláiste an mbeidís sásta an rud céanna a dhéanamh. Bhí mé ag labhairt leis an roinn ceoil, mar shampla. Dúirt an roinn sin go mbeadh sé an-sásta an rud céanna a dhéanamh. Déanann go leor de na mic léinn atá againn an ceol agus an Ghaeilge. Faigheann siad caighdeán na Gaeilge uainne ach ní fhaigheann siad téarmaíocht cheoil. Ansin, d'fhéadfaidís é sin a dhéanamh. Tá an-bhá i measc na ranna eile sa choláiste. Mar a deirim, bhí sé sin ar siúl le fada ag roinn na matamaitice ach d'éirigh sé as nuair a cuireadh deireadh leis an maoiniú a bhí ar fáil ón Údarás um Ard-Oideachas. Bhí éileamh ar an modúl sin trí mheán na Gaeilge sula raibh an Ghaeilge chomh mór sin i mbéal an phobail.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Tá ceist amháin agam sula rachaidh mé go dtí an Teachta John Connolly. Ó thaobh na téarmaíochta leis an bpíosa eile sa chúrsa dlí agus teangacha, an bhfuil an téarmaíocht dlí á fáil ag na mic léinn?

Comment on this
Dr. Tracey Ní Mhaonaigh

Tá. Déanann siad modúl amháin ar an mBunreacht trí mheán na Gaeilge sa chéad bhliain. Díríonn siad ar an leagan Gaeilge den Bhunreacht trí mheán na Gaeilge. Ansin, déanann siad an bhréagchúirt trí mheán na Gaeilge. Tá modúl amháin againn i bpáirt le scoil an dlí. Déanann na mic léinn an t-aistriúchán dlíthiúil mar chuid de sin. Díríonn siad go sonrach ar an nGaeilge ansin. Tosaíonn siad amach leis an téarmaíocht a bhaineann leis an gcáipéisíocht chun go n-aithneoidís an focal "barántas" agus rudaí den chineál sin. Ansin, díríonn siad ar cháipéisíocht ar leith agus conas í a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge agus ó Ghaeilge go Béarla. Déanann go leor de na mic léinn atá againn an Ghaeilge agus ábhar eile agus iad neamhspleách ar a chéile ach, maidir leis an gcúrsa áirithe seo, ní mar sin atá. Tá tras-oiliúint ann. Tá modúl ar leith againn ag díriú ar chúrsaí aistriúcháin agus díríonn scoil an dlí go sonrach ar ghnéithe ar leith den dlí.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Tá suim phearsanta agam ann. Rinne mé staidéar ar an dlí in Ollscoil Mhá Nuad agus rinne mé dioplóma sa Ghaeilge ag an am céanna sa roinn Gaeilge. Bhí mé mar uachtarán ar an gcumann Gaeilge agus ar an gcumann dlí ag an am céanna.

Comment on this

Ar chuala mé an Dr. Ní Mhaonaigh i gceart gur cailleadh maoiniú ón Údarás um Ard-Oideachas le haghaidh cúrsa a chur ar fáil i nGaeilge?

Comment on this
Dr. Tracey Ní Mhaonaigh

Ní muidne a bhí i gceist ansin. Is é sin a dúirt ceann roinn na matamaitice liom. Tairgeadh an modúl áirithe seo trí mheán na Gaeilge ar feadh tréimhse deich mbliana nó mar sin. Bhíodh sparán ar fáil dó tríd an Údarás um Ard-Oideachas ach tháinig deireadh leis an sparán sin. Sa mhéid is go bhfuil brú ar na ranna difriúla na modúil atá acu féin a theagasc, is rud sa bhreis a bhí i gceist ansin leis an gceann Gaeilge. Ní fhéadfainn a rá cén maoiniú ná cén fhoinse go díreach a bhí i gceist ach luaigh ceann na roinne an tÚdarás um Ard-Oideachas agus gur tháinig deireadh leis an ngnáthshruth maoinithe a bhí aige. Dúirt sé freisin go mbeadh sé breá sásta an rud céanna a dhéanamh arís ach an maoiniú a bheith ar fáil mar go raibh éileamh air.

Comment on this

Deir an Roinn ardoideachais linn go rialta go mbíonn neamhspleáchas ag na hinstitiúidí agus na coláistí. Deir sí go mbíonn deis acu féin maoiniú a chur ar leataobh le haghaidh cúrsaí a chur ar fáil i nGaeilge. Dúirt an Dr. Ní Mhaonaigh go bhfuil athrú meoin ann. An bhfuil an t-athrú sin ann ag an leibhéal sin? An bhfuil na hinstitiúidí tríú leibhéal sásta a gcuid maoinithe féin a úsáid le haghaidh cúrsaí a chur ar fáil i nGaeilge?

Comment on this
Professor Fionntán de Brún

Déarfaidh mé rud beag. B'fhéidir nach ionann go díreach an rud atá i gceist ag an Teachta agus an rud atáim le dul ag lua leis. Rinneadh an taighde atá luaite sa cháipéis agus ag an Dr. Ní Mhaonaigh, "Mo Champas, Mo Theanga", le maoiniú a bhfuarthas ó lárionad na Gaeilge agus Ollscoil Mhá Nuad. Cuireadh acmhainní suntasacha ar fáil le comhalta iardhoctúra a cheapadh ar feadh bliana agus le haghaidh airgead eile a bhí de dhíth don tionscnamh sin. Bhí suim mhaith airgid i gceist leis sin a dhéanamh. B'fhéidir go mbeadh sé níos saoithiúla cúrsa a chur ar fáil. Is sampla é sin d'institiúid ag cur airgid ar fáil ar mhaithe le cás na Gaeilge a chur chun tosaigh. Is bunchéim a bhí ansin. Ba shuirbhé é ar cá bhfuilimid, cén dearcadh atá ag daoine ar an champas faoin nGaeilge, cén éileamh atá ann ar chúrsaí nua agus cén líon ball foirne atá in ann a n-ábhar a theagasc tríd an Ghaeilge. Tá an t-eolas sin againn anois. Thug ár n-institiúidí féin an t-airgead ar fáil agus táimid buíoch díobh as sin a dhéanamh. Is é an chéad chéim eile ná an rud a luaigh an Teachta, is é sin, cúrsaí a chur ar fáil.

Níor mhaith liom labhairt thar ceann an uachtaráin. Caithfear a bheith in ann sparáin a chur ar fáil ach tá sé cruthaithe cheana féin go bhfuil an toil ansin. Tuigeann gach duine go bhfuil an tonn mhór sin ar chúl na Gaeilge faoi láthair agus go gcaithfimid an deis seo a thapú. Ní cuimhin liom am a raibh an oiread sin dearfacht ann riamh. Fiú sa suirbhé sin, dúirt níos mó ná 90% den fhoireann agus de na mic léinn a líon isteach an suirbhé go bhfuil siad báúil nó iontach báúil leis an nGaeilge. Ansin, tá na staitisticí uile ann faoi na mic léinn atá ag iarraidh cúrsaí a dhéanamh trí Ghaeilge in ábhair eile agus na baill foirne atá ag iarraidh cúrsaí a theagasc. Bhí an Dr. Ní Mhaonaigh ag cruinniú le baill ón roinn dlí. Bhí an cruinniú uilig i nGaeilge. Tá rudaí mar sin ag tarlú faoi láthair. Ag dul ar ais ag an gceist faoin infheistíocht agus faoin mhaoiniú ag teacht ó na hinstitiúidí, tá cuid de sin ag tarlú cheana féin.

Comment on this

Rinne an Dr. Ní Mhaonaigh pointe maith maidir le costas cúrsaí sa Ghaeltacht. An bhfuil an costas sin ag ardú?

Comment on this
Dr. Tracey Ní Mhaonaigh

Tá. Fuair muid scéal díreach le déanaí go mbeadh méadú 50% i mbliana agus 50% eile an bhliain seo chugainn.

Comment on this

An é sin 50% den chostas?

Comment on this
Dr. Tracey Ní Mhaonaigh

Den chostas. Taobh istigh de bhliain beidh méadú 100% ar an gcostas a bheidh le híoc ag na mic léinn. Fuaireamar an scéal sin le déanaí agus tuigim do na daoine a chuireann na cúrsaí seo ar fáil, ach le tamall de bhlianta anuas ar chúinsí éagsúla ní raibh éileamh i measc na mac léinn ar na cúrsaí Gaeltachta. Bhí go leor acu a bhí ag críochnú na céime gan tréimhse a bheith caite in aon chor acu sa Ghaeltacht cé, ar ndóigh, gur cuid den chúrsa é. Ansin thugamar isteach cineál córas, agus ní maith liom an focal "díolúine" a úsáid, ach ar bhealach córas díolúine go gcaithfidh na mic léinn cead ar leith a fháil uainn gan tabhairt faoin gcúrsa, agus ar ndóigh má tá siad ag obair sa Ghaeltacht nó má tá cónaí orthu sa Ghaeltacht, tá sé sin go breá ar fad. Táimid ag súil leis go mb'fhéidir go dtiocfaimid ar mhic léinn nach bhfuil d’acmhainn airgead acu dul agus a bhfuil leisce orthu de ghnáth sin a rá linn. Táimid díreach tar éis an chórais nua seo a thabhairt isteach go gcaithfidh siad ar fad freastal ar an nGaeltacht. Táimid tar éis scéal a fháil go mbeidh an praghas ar chúrsa coicíse ag ardú agus go mbeidh méadú eile arís an bhliain seo chugainn ar an gcúrsa céanna. An rud a dúradh linn ná go raibh deireadh curtha le deontais ón Údarás um Ard-Oideachas agus nach raibh an dara rogha aige ach an méid a bheadh le híoc againn a ardú, agus níl na hacmhainní againne mar Roinn. Is iad na mic léinn a íocann an costas agus táimid tar éis cead a fháil i mbliana méid áirithe a chur ar fáil as sparán na Roinne chuige sin.

Comment on this

Chun cinntiú go bhfuil soiléireacht againn anseo, mar gheall go bhfuil maoiniú eile caillte ón Roinn ardoideachas do na comhlachtaí seo a chuireann na cúrsaí ar fáil, tá an t-ardú seo ag tarlú.

Comment on this
Dr. Tracey Ní Mhaonaigh

Sin an rud a dúradh linn agus tugadh na figiúirí dúinn agus an figiúr a bheidh le híoc ag na mic léinn i mbliana.

Comment on this

An féidir leis an Dr. Ní Mhaonaigh sin a roinnt linn?

Comment on this
Dr. Tracey Ní Mhaonaigh

Le tamall de bhlianta anuas is €415 a bhí le híoc ag na mic léinn ar chúrsa coicíse. I mbliana is thart ar €650 atá ann agus an bhliain seo chugainn €800 rud éigin. Ní figiúirí beachta iad sin ach €600 rud éigin agus €800 rud éigin go cinnte atá i gceist ar chúrsa coicíse. Ar ndóigh, is ardchúrsaí iad agus faigheann na mic léinn an oiread sin astu nuair a théann siad, ach ní thuigeann siad i gcónaí agus bíonn siad ag breathnú ar phraghas na laethanta saoire sa Spáinn agus ar choicís sa Spáinn agus coicís sa Ghaeltacht, cé go dtuigimid go bhfuil i bhfad níos mó i gceist ná díreach laethanta saoire. Is mór an trua é sin mar feictear dúinne agus déarfainn gach aon duine sa seomra seo gur sa Ghaeltacht i ndáiríre atá an taithí is fearr a d'fhéadfadh a bheith ag duine ar bith ó thaobh na Gaeilge de, agus taithí a fháil ar an teanga labhartha. Ní rithfeadh sé le duine ar bith céim a bhaint amach sa Fhraincis gan tréimhse a chaitheamh sa Fhrainc nó i gCeanada nó sa Bheilg, áit éigin a labhraítear an Fhraincis. Tá mic léinn ag gabháil don Ghaeilge bliain i ndiaidh bliana nach mbíonn oiread is coicís caite acu i gceantar Gaeltachta.

Comment on this

An bhfuil siad ar fad ag dul go dtí áiteanna difriúla sa Ghaeltacht nó go dtí an coláiste céanna?

Comment on this
Dr. Tracey Ní Mhaonaigh

Ag dul siar, bhí cúrsaí againn ó dheas, i gConamara agus i Rann na Feirste, agus riachtanas a bhíodh i gceist, ach le cúrsaí eacnamaíoch agus eile, laghdaíodh ar an riachtanas agus moladh a bhí i gceist i ndáiríre sa mhéid is nach raibh an t-éileamh céanna ar na cúrsaí. Ní rabhamar in ann trí cinn a thairiscint. Le tamall de bhlianta anuas téann siad ag aon áit amháin.

Le filleadh ar an méid a dúirt Fionntán de Brún níos luaithe mar gheall ar an ollscoil féin agus tacaíocht na hollscoile, iarradh orainn dul chomh fada le muintir Ráth Chairn agus iarracht a dhéanamh. Sin rud a bhí uainne i Roinn na Gaeilge le blianta fada anuas, ceangal ceart a chruthú, ach anois tá sé teacht ón mbarr. Seachas muidne ag iarraidh ó údarás na hollscoile ligean dúinn na ceangail seo a dhéanamh, tá an ollscoil ag iarraidh orainn sin a dhéanamh. Tá muid ag labhairt leo faoi láthair maidir le roinnt cúrsaí difriúla ionas go mbeadh b'fhéidir tréimhse deireadh seachtaine i gceist a n-oirfeadh do mhic léinn áirithe ag brath ar chúinsí eacnamaíochta. Bheadh cúrsa seachtaine i gceist chomh maith, agus bheadh tionscnamh beag le déanamh. Níor mhaith linn go mbeadh mic léinn á rá nach mbeadh ach cúrsa seachtaine i gceist i Ráth Chairn seachas cúrsa coicíse i gConamara. Táimid ag breathnú ar an bhféidearthacht a bhaineann le cúrsa seachtaine agus tionscnamh beag nó coicís agus ní bheadh ar an mac léinn tionscnamh a dhéanamh ionas go bhféadfaimis freastal ar mhic léinn.

Maidir leis an Stát, tá níos mó mac léinn i Maigh Nuad a thagann ó chúlraí neamhthraidisiúnta ná in ollscoil ar bith eile. Bímid i gcónaí ag breathnú ar bhealaí le go bhféadfaimis deiseanna a sholáthar do na mic léinn. Feictear dúinn anois, go háirithe leis an bpraghas ardaithe an oiread sin ar an gcúrsa coicíse, go bhféadfaimid roghanna a thabhairt dóibh. Faigheann an té atá ag brath ar phost ag an deireadh seachtaine cúpla ceann saor agus ansin d'fhéadfadh siad bheith ag obair le linn an tsamhraidh seachas teacht isteach agus coicís a chailliúint le freastal ar chúrsa. Tá cuid mhaith acu ag brath go mór ar sin.

Comment on this

Tá ar na mic léinn dul ar thréimhse amháin le linn na céime.

Comment on this
Dr. Tracey Ní Mhaonaigh

Ardmholadh atá ansin. Ar ndóigh, bímid ag iarraidh a chur ina luí orthu nach riachtanas ar cheart a bheith i dtréimhse Ghaeltachta ach go mbeidís ag smaoineamh air mar dheis iontach a bheith i measc pobal labhartha na Gaeilge agus go bhfeicfidís conas mar a bhíonn daoine ag feidhmiú go laethúil lasmuigh den seomra ranga trí mheán na Gaeilge.

Comment on this

An bhfuil sé sin mar an gcéanna i ngach coláiste nuair atá daltaí ag déanamh céim sa Ghaeilge, go molann na hinstitiúidí sin gur ceart dóibh tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht?

Comment on this
Dr. Tracey Ní Mhaonaigh

Ní fhéadfainn a rá go fírinneach go cinnte an riachtanas atá i gceist mar ar ndóigh i gcuid de na coláistí tá an seimeastar sa Ghaeltacht tógtha isteach acu agus arís, má éiríonn linn ceangal a chruthú le Ráth Chairn, ba bhreá linn a bheith in ann an rud céanna a dhéanamh. Ní fhéadfainn a rá go cinnte an riachtanas nó moladh atá i gceist sna hinstitiúidí eile.

Comment on this
Professor Fionntán de Brún

Tá pointe beag amháin le cur leis an méid sin. Tá na riachtanais atá ag an Chomhairle Mhúinteoireachta faoin Ghaeltacht an-tábhachtach. Ba mhaith le breis is 80% de na mic léinn bheith ina múinteoirí. Deirimid leo i gcónaí mar chuid de seo go bhfuil riachtanais má tá siad ag iarraidh bheith ina múinteoirí. Tá spreagadh uathu ach amanna cuidíonn rialacha fosta. Le cur leis an méid atá an Dr. Ní Mhaonaigh i ndiaidh a rá, bíonn mic léinn s'againne uilig ag obair. Tá siad ag iarraidh cúrsaí léinn a dhéanamh chomh maith agus a thig leo, ach tá poist ag an gcuid is mó acu. Tá siad ag íoc as cúrsaí sa Ghaeltacht. Nuair a bhí mise ar an ollscoil i bhfad ó shin, agus fiú do dhaoine a tháinig i mo dhiaidh, íocadh as na cúrsaí. Bhí na cúrsaí seo saor in aisce. Ba bhreá liom dá dtarlódh sé sin. Nuair atá géarchéim sa Ghaeltacht agus i dteagasc na Gaeilge i go leor bealaí, cén fáth nach bhféadfaí an dá thrá a fhreastal agus mic léinn a chur chuig na Gaeltachtaí ar bhun maoinithe? Nuair a thagann mic léinn chugainn le leithscéal go gcaithfidh siad bheith ag obair nó nach bhfuil an t-airgead ann, tá sé iontach deacair cur ina n-aghaidh.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht bheith anseo. Ní fheadar, mar choiste, an bhféadfaimis sin a fhiosrú maidir leis an laghdú sa mhaoiniú agus an t-ardú go bhfuil ar na mic léinn a íoc? Ní dóigh liom go raibh an scéal iomlán sin againn.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Más féidir leis an Dr. Ní Mhaonaigh nó fiú leis an gcléireach dul i dteagmháil leis na coláistí Gaeltachta agus fiosrú an bhfuil ardú costas ann i mbliana agus an bhliain seo chugainn ón bhliain seo caite, beimid in ann an t-eolas sin a fháil.

Comment on this

An bhfuil an t-údarás á athrú? Sin an príomh rud seachas an t-ardú. Tarlaíonn ardaithe anois is arís, ach má tá siad tar éis athrú iomlán a dhéanamh ar an gcur chuige-----

Comment on this

B'fhéidir go mbeadh sin mar cheann de na moltaí ag an deireadh.

Comment on this

Ní dhéanann sé sin aon chiall go bhfuil sé sin ag tarlú. Ar lámh amháin, táimid ag iarraidh líon na ndaoine i bpobal labhartha na Gaeilge a mhéadú agus táimid ag iarraidh daoine a fhostú sna seirbhísí Stáit atá in ann feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Táimid ag lorg 20% nó mar sin. An bhfuil laghdú á fheiceáil ag na finnéithe ar chaighdeán na Gaeilge ag an tríú leibhéal nó i líon na ndaoine atá ag iarraidh a gcuid oideachais a dhéanamh trí mheán na Gaeilge nó cúrsaí Gaeilge a dhéanamh? Tá mé ag smaoineamh go mór mór, agus tá a fhios agam nach bhfuil an Dr. Ní Mhaonaigh ag iarraidh labhairt faoi, ar na díolúintí. An bhfuil tionchar acu sin ar an tríú leibhéal? An bhfuil éifeacht dhiúltach acu ar líon na ndaoine atá ag teacht amach le hardchaighdeán Gaeilge?

Comment on this
Dr. Tracey Ní Mhaonaigh

Mar a luaigh mé sa ráiteas tosaigh, tá mic léinn iontacha againn agus ardchaighdeán Gaeilge acu; bhí i gcónaí agus beidh go deo. É sin ráite, níl amhras ar bith faoi ach go bhfuil méadú tagtha ar líon na mac léinn a thagann chugainn agus iad ag streachailt agus gan na bunscileanna Gaeilge acu. Cuid de sin ná go bhfuilimid go fóill ag breathnú ar thionchar Covid. Ní raibh deiseanna ag an nglúin sin ar feadh tamaill freastal ar chúrsaí Gaeltachta, iad i mbun scolaíocht sa bhaile. Ní bhfuair siad na scileanna cearta agus iad ag teacht isteach againn. Fiú lasmuigh de sin - leagamar an-bhéim ar chúrsaí litríochta sa ráiteas tosaigh - táimid ag an tríú leibhéal an-bhuartha mar gheall ar an gcaint ar fad. Sin an chéad freagra nó an freagra is túisce nó a thugtar go minic. Múinteoirí den chuid is mó a thugann na freagraí mar go dtuigimid go bhfuil siad faoi bhrú millteanach ama cloí leis an siollabas is gurb í an litríocht an rud ar cheart a bhaint nó a laghdú.

Ní gá go leagtar níos mó béim ar an litríocht ach tabhairt faoi ar bhealach eile go gcuirfí le scileanna na mac léinn. Tá cuid acu ag teacht isteach againn agus níl na scileanna cumarsáide, anailíse nó machnaimh acu. Nuair a thagann siad chomh fada linn agus gan ach trí bliana sa chéim agus 24 seachtain in aghaidh na bliana, níl mórán ama fágtha ansin. Mar a dúirt an tOllamh de Brún, bíonn orainn díchlárú nó deprogramming nó athchlárú a dhéanamh orthu le go mbeidís sásta botún a dhéanamh agus tabhairt faoi rud éigin. Tagann siad isteach ag súil le script nó rud éigin a d'fhéadfaidís a chur de ghlanmheabhair agus tuigimid dóibh. Sin an taithí atá acu. Tuigimid do na múinteoirí atá faoi bhrú millteanach. Is é an rud is fusa ná script a thabhairt ach dá ndéarfadh muid le cuid acu breathnú amach an fhuinneog agus cur síos a dhéanamh ar an aimsir, ní bheidís in ann sin a dhéanamh, cé go mbeadh siad in ann tabhairt faoi rudaí eile.

Táimid beagáinín buartha agus sin an fáth gur leagamar béim ar an gcóras oideachas iomlánaíoch. Níor cheart dúinn bheith ag breathnú ar an mbunscolaíocht agus ansin ar an meánscolaíocht agus ansin ar an ollscolaíocht mar táimid ar fad ag brath ar a chéile agus ag obair i bpáirt lena chéile. Má tá daoine ag streachailt ag leibhéal na bunscolaíochta beidh siad ag streachailt ag leibhéal na meánscolaíochta agus ag leibhéal na hollscolaíochta.

Ar ndóigh, luaigh mé ansin an méadú atá tagtha ar líon na mac léinn a thagann isteach sa chéad bhliain. Chláraigh 278 mac léinn linn i mbliana, rud atá ar fheabhas ar fad. Níl amhras ar bith faoi ach go bhfuil éileamh méadaithe ar na cúrsaí atá againn agus ar líon na ndaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a dhéanamh. Tá sé an-deacair ar fad a bheith ag plé le grúpa chomh mór sin nuair atá daoine atá lán-líofa sa Ghaeilge, a bhfuil na bunscileanna acu mar is dócha go raibh an t-ádh leo freastal ar scoileanna áirithe, ach ansin tá mic léinn ag streachailt nach bhfuil in ann dhá abairt a chur le chéile. Tá sé an-deacair ar fad grúpa mar sin a bheith os do chomhair amach agus tú ag iarraidh díriú air sin. Tá baint dlúth aige sin le ceist an Seanadóra. Go pointe áirithe, bíonn tionchar diúltach aige sin ar spiorad na ranga. Bíonn daoine ag streachailt go mór agus cé go gcloisimid Gaeilge cinnte i measc na mac léinn, cloisimid an-chuid Béarla toisc nach mbíonn an mhuinín sin ag go leor de na mic léinn agus iad ag teacht isteach agus ansin cloiseann siad daoine a d'fhreastail ar Ghaelscoileanna atá lán-líofa agus bíonn siad an-bhuartha. Bíonn cuid den dream atá líofa agus an-spéis acu sa teanga agus cuid eile a bhíonn in ísle brí beagáinín. Luaigh an Leas-Chathaoirleach Cuallacht Cholmcille nó cumann na mac léinn, agus arís, bíonn daoine thar a bheith díograiseach bainteach leis an gcuallacht. Bímid ag moladh do na mic léinn ar fad bheith bainteach - bhí mé féin i mo bhall den chuallacht ag dul siar. Ní dhéanann go leor de na mic léinn atá ag streachailt an ceangal mothúchánach a luaigh an tOllamh de Brún níos luaithe. Breathnaíonn siad ar an amchlár, téann siad isteach, freastalaíonn siad ar an rang agus téann siad abhaile. Ní shealbhaíonn siad an teanga mar is ceart, ní úsáideann siad í agus baineann sé sin den atmaisféar in amanna i measc na mac léinn.

Comment on this

Sin an fáth go bhfuil sé tábhachtach tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht, don tumoideachas. Dúirt an Dr. Ní Mhaonaigh níos luaithe nach bhfuil fhios aici an moladh nó riachtanas atá i gceist sna coláistí. An dtéann gach duine atá ag déanamh staidéar ar an nGaeilge go dtí an Ghaeltacht ar feadh tréimhse éigin?

Comment on this
Dr. Tracey Ní Mhaonaigh

Ní théann sa choláiste s'againne, cé go molaimid go láidir go ndéanann siad ar fad é sin. Le tamall de bhlianta anuas cuirfimid ceisteanna ar na mic léinn agus den chuid is mó is cúrsaí airgid a luann siad; nach bhféadfaidís na costais a bhaineann leis a íoc, nó nach bhféadfaidís coicís iomlán a ghlacadh saor ón obair mar gheall ar an gcaoi a bhfuil siad féin - nó, go minic, a mhuintir - ag brath ar an teacht isteach sin. Mar a dúirt an tOllamh de Brún, nílimid ag iarraidh a bheith dian ar na mic léinn sin agus a rá go gcaithfidh siad seo a dhéanamh mar tuigimid ag an am céanna má tá a mhuintir nó má tá siad féin ag brath ar an teacht isteach sin, go bhfuil sé an-deacair.

Má tá mic léinn ag iarraidh a bheith ina múinteoirí, arís mar a luaigh an tOllamh de Brún, sula gcuirfidh siad an MGO i gcrích, beidh orthu tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht. Bíonn céatadán áirithe ann i gcónaí nach ndéanann sin mar chuid den chéim sa Ghaeilge. Sin an fáth ar thugamar isteach an riachtanas seo. An deacracht a bhain leis an sean-riachtanas - an riachtanas a bhí ann nuair a bhí mé féin ar an ollscoil - ná go raibh ar an mac léann é a dhéanamh beag beann ar a gcuid acmhainní. Sin an fáth ar scaoileadh leis an riachtanas sin go pointe áirithe. An rud atá beartaithe nó atá idir lámha againn anois ná go mbeadh riachtanas ann, ach ag an am céanna go mbeadh bealach ag daoine foirm a líonadh agus cead a fháil uaimse mar cheann roinne gan dul, agus cúis ceart a bheith acu. Má fheiceann muid ansin go mbaineann sé go huile is go hiomlán le cúrsaí airgid agus nach bhfuil acmhainní ag an duine in aon chor fiú machnamh a dhéanamh air, d'fhéadfadh go gcuideoidh an Roinn leis na mic léinn sin. Go dtí seo, ní rabhamar ag teacht ar na daoine sin mar ní raibh orthu teacht chugainn le rá nach raibh na hacmhainní acu, díreach níor bhac siad le clárú don chúrsa.

Ar ndóigh, nuair a théann na mic léinn, tógann siad an Ghaeilge as an seomra ranga agus téann siad - ní hé go molaimid go dtéann siad ag an bpub - ag na tithe tábhairne. Bíonn saol sóisialta acu trí mheán na Gaeilge agus lastar bolcán. Feiceann siad go bhfuil an Ghaeilge beo. Bíonn siad ag iarraidh Gaeilge a úsáid agus is cuma leo botúin a dhéanamh; is mar sin mar a fhoghlaimímid ar fad. Nuair a thagann siad chugainn gan taithí acu ar an tumoideachas nó ar an nGaeltacht, gan muinín ar bith acu, bíonn faitíos orthu na botúin sin a dhéanamh.

Comment on this

Luaigh an tOllamh de Brún rud éigin mar gheall ar chruinniú a tharla go hiomlán trí mhéan na Gaeilge sa roinn dlí. Tá ceist agam mar gheall ar an 20% sin san earnáil phoiblí. An bhfuil na finnéithe dóchasach go líonfar na postanna sin agus go mbeidh dóthain daoine againn sa tír go hiomlán leis an leibhéal Gaeilge agus na cáilíochtaí cearta?

Comment on this
Professor Fionntán de Brún

Is ceist mhaith í sin. Tá a fhios agam go bhfuil túsphointe againn leis an tsuirbhé agus an tionscal taighde atáimid i ndiaidh a chríochnú leis an Dr. Joe Simpson, agus muid ag amharc ar na hacmhainní agus na riachtanais atá againn. Tá coiste Gaeilge againn i Maigh Nuad, mar atá ag go leor ollscoileanna eile. Bhí an cheist ann i gcónaí ar chóir dúinn bheith ag díriú ar an gcomhlíonadh dleathach nó ar líon na Gaeilgeoirí a mhéadú agus a chothú. I gcónaí mhothaigh muid gur chóir dúinn ár n-aird a dhíriú ar líon na Gaeilgeoirí a éascú agus a chothú. Ceann de na rudaí atá déanta againn ná dreasachtaí nó incentivisations a chothú le go mbeidh daoine ag freastal ar ranganna Gaeilge taobh istigh dá gcuid am oibre. Ba chóir go bhfaigheadh siad aitheantas agus nach gcaillfidh siad amach tar éis dóibh uair an chloig, mar shampla, a chaitheamh ag freastal ar rang Gaeilge. Cuid den obair is ea a bheith ag freastal ar rang Gaeilge. Is sampla é sin de mholadh praiticiúil.

Maidir leis an gceist an líonfar na poist sin, sílim go gcaithfidh rudaí mar sin tarlú ón taobh istigh fosta. Bíonn féile ealaíne againn gach bliain agus oíche scéalaíochta mar chuid de sin. I mbliana, d'aithin muid go raibh go leor daoine ann as an ollscoil a raibh Gaeilge na hardteiste acu agus ag maíomh go ndéanfar rud éigin dóibh sa chomhthéacs seo. Tá an oiread sin dea-thoil ann don Ghaeilge agus an oiread sin daoine le Gaeilge acu nach dtuigeann siad féin go bhfuil sé acu. Caithfidh siad an chéim sin a ghlacadh le feabhas a chur ar an méid atá acu agus é sin a thabhairt chun cinn.

Sílim go gcaithfidh sé tarlú ón taobh istigh. Caithfidh na hinstitiúidí rudaí a dhéanamh ar an taobh istigh. Níl duine ar bith nach ndéarfadh go mbeidh sé dúshlánach an 20% a thabhairt isteach ach tá a fhios agam go bhfuil sé ar an radar ag gach duine agus go bhfuil gach duine ag smaoineamh air. Luadh anseo an tseachtain seo caite go bhfuil "súnámaí" ag teacht maidir le TEG. Shamhlóinn gur sin mar a bheidh. I mbeagán focal, caithfimid rudaí a dhéanamh taobh istigh leis na Gaeilgeoirí seo atá ann cheana féin a thabhairt chun cinn agus a spreagadh, le struchtúr a thabhairt dóibh agus leis an iarracht a dhéanann siad a aithint. Caithfear é sin a dhéanamh ar dóigh struchtúrtha. Caithfidh sé sin a tharlú chomh maith leis an earcaíocht sheachtrach.

Comment on this
Dr. Tracey Ní Mhaonaigh

Cuirfidh mé rud amháin leis sin. Ag breathnú ar an tionscnamh taighde sin, líon nach mór 50% de na baill foirne an suirbhé nó cuireadh faoi agallamh iad. Bhí nach mór 50% de na baill foirne páirteach ann. Is rud féinmheasúnaithe a bhí ann maidir le caighdeán na Gaeilge agus is ábhar dóchais é go ndúirt 20% de na daoine a líon an suirbhé seo go raibh leibhéal B2 nó níos airde acu sa nGaeilge. Is ionann é sin agus 10% de bhaill foirne na hollscoile ar fad nuair a smaoinítear ar an gcaoi gur líon 50% de na bail foirne an suirbhé. Tuigimid go mbeadh ar a laghad 10% den fhoireann in Ollscoil Mhá Nuad in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge cheana féin agus sásta é sin a dhéanamh. Luaigh 72% de na baill foirne gur mhaith leo níos mó deiseanna a bheith acu chun an Ghaeilge a úsáid ar champas. Tá níos mó acu ná riamh ag déanamh rudaí beaga. Is mar sin a tharlaíonn rud éigin mór. Cuireann an-chuid acu beannacht Ghaeilge lena teachtaireachtaí anois.

Bhí mé féin i láthair ag an gcruinniú a bhí i gceist ag an Ollamh de Brún níos luaithe. Bhain sé le scoil an dlí agus scoil na nuatheangacha. Bhain sé leis an BCL dlí agus teangacha. Dheineamar an rud ar fad trí mheán na Gaeilge. Bhí gach éinne a bhí ag an gcruinniú ag labhairt na Gaeilge. Táim 25 bliana ag teagasc i Maigh Nuad agus níor tharla sé sin riamh dom. Nuair a bhím ag plé le hoifig na comhairle acadúla, is trí mheán na Gaeilge a dhéanaim an teagmháil sin ar fad mar tá céim sa Ghaeilge ag an ardoifigeach riaracháin. Nuair a bhím ag plé le HR, tá duine anois ann a bhfuil Gaeilge aici agus bíonn sí ag plé linn. Le trí nó ceithre bliana anuas ar a laghad, feicimid difear suntasach. Bhí mé ag cruinniú eile le déanaí a bhain leis na cinn roinne le duine in acmhainní daonna de chúlra Mheiriceá. Dúirt sí go raibh sí ag seisiún traenála maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus na riachtanais nua. Cé nach raibh uirthi é sin a dhéanamh, bhí sí ag iarraidh teacht ar bhealaí ina bhféadfaí an fhoireann atá faoina stiúir féin a chumasú lena gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Tá cúlra teangeolaíoch ag uachtarán an choláiste féin. Is as an bhFionlainn di. Tá an-mheas go deo aici ar an nGaeilge. D'ardaigh mé ceist inné faoi athbhreithniú a bheidh le déanamh trí mheán an Bhéarla nach bhféadfadh muidne a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Ba é an chéad rud a rith léi ná gur cheart go mbeadh muid in ann agus go bhféadfadh muid teacht ar bhealach chun é sin a dhéanamh. Mar a tharlaíonn sé, b'fhéidir nach mbeadh sé seo indéanta le hathbhreithniú den chineál seo ach bhí sí toilteanach. Is é sin an rud.

Feiceann muid é sin i measc na mball foirne anois. Tá daoine sna ranna acadúla ar fad ach tá daoine sna hoifigí riaracháin a bhfuil Gaeilge acu freisin. Ní raibh a fhios againn go bhfuil Gaeilge acu ach tá níos mó muiníne ag daoine anois. Tá go leor rudaí curtha ar fáil sa choláiste, go háirithe ag lárionad na Gaeilge. Bíonn ióga ar fáil trí mheán na Gaeilge. Bíonn pop-up Gaeltacht trí mheán na Gaeilge. B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr "pop-up café" a rá. Bíonn na rudaí seo ar fad ar siúl agus tá níos mó agus níos mó daoine ag teacht. Tá pobal na hollscoile iad féin ar an eolas mar gheall ar an riachtanas ach feictear domsa nach bhfuil siad ag breathnú air mar riachtanas ná mar ualach. Tá siad ag breathnú air mar dheis chun an pobal atá ann cheana féin a chumasú seachas daoine a earcú ó lasmuigh. Tá na deiseanna ar fáil cheana féin i measc an tslua atá sa choláiste.

Comment on this

Bí cúramach anois. Beimid ar fad ag iarraidh dul ag obair in Ollscoil Mhá Nuad. Tá sé sin an-dearfach. Gabhaim buíochas leis na finnéithe.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as gach rud go dtí seo. Is dea-nuacht an méadú sin ó thaobh na mac léinn i roinn na Gaeilge. Tá rud amháin ann nach dtuigim. Is léir go bhfuil siad báúil leis an teanga agus go bhfuil suim acu inti ach, nuair nach féidir leo dhá abairt a chur le chéile ná cur síos a dhéanamh ar cad atá lasmuigh den fhuinneog, cad é go díreach an chúis go bhfuil siad ag déanamh staidéir ar theanga a bhfuil siad báúil léi ach nach bhfuil siad in ann í a labhairt ná a úsáid mar is ceart?

Comment on this
Professor Fionntán de Brún

Is é an cás is measa é go mbeadh daoine ann nach mbeadh in ann dhá abairt a chur le chéile. Is cinnte nach gcríochnaíonn duine ar bith céim gan a bheith in ann dhá abairt a chur le chéile. Tagann go leor acu isteach ar an doras agus iad mar sin ach, ag an am céanna, ag iarraidh an Ghaeilge a dhéanamh. An dóigh a bhfuil sé, tá i bhfad barraíocht den chur de ghlanmheabhair ann. Arís, níl muid ag cur locht ar mhúinteoirí. Is é seo an dóigh ina bhfeidhmíonn an córas. Tá brú ó thuismitheoirí go n-éireodh na daltaí scoile sna scrúduithe. Tá brú ann díriú air sin, is cuma cad eile atá siad ag dul a dhéanamh. Is é sin an rud a tharlaíonn díreach sula dtagann siad chugainn. Déanann siad an ardteist agus bíonn siad dírithe go hiomlán air sin. Táimid ag tosú leis an díchlárú seo a luaigh muid cheana féin agus sílim go bhfuil ag éirí go hiontach maith leis sin. Tá an toil seo ann ach tá an-tionchar ag an fhoghlaim de ghlanmheabhair. Tá sé cineál cosúil le script. Is é an rud atá i gceist ag an Teachta ná a bheith in ann labhairt faoi caidé atá taobh amuigh den fhuinneog. Mura bhfuil an cheist ar an script, níl an freagra chun a bheith ann. Is é sin an rud atá i gceist. Is é an rud a dhéanann muidne ná an script a chaitheamh sa tine. Tosaíonn muid leis an chumasú seo agus leis an shealbhú seo. Caithfidh sé sin tosú ar an chéad lá. Caithfidh na mic léinn an ceangal mothúchánach seo a fháil leis an teanga le go dtiocfaidh an rud uathu féin.

Bhí cur i láthair ag duine dár gcuid mac léinn an tseachtain seo a chuaigh thart faoin gceist seo go díreach. Bhí sé an-suimiúil. Is bean óg atá sa bhliain dheireanach í seo. Bhí sí ag caint ar na fadhbanna atá ag an dara leibhéal. Rinne sé suirbhé lena scoil féin. Mar aon leis na rudaí a bhfuil muid i ndiaidh a bheith ag caint orthu, ba cheann de na rudaí a tháinig aníos ná ceist na ndíolúintí. Tuigeann daoine go bhfuil sórt chur i gcéill ann in amanna maidir le teagasc na Gaeilge nó sealbhú na Gaeilge do na siollabais. Chomh maith leis sin, tá an cheist seo faoi na díolúintí a chuireann isteach ar go leor daltaí. Tchíonn go leor acu gur rud cineál ciniciúil atá ann go bhfuil an ráta seo chomh hard sin agus go bhfuil an gaming seo ar siúl, mar a déarfá. Bímid ag Higher Options san RDS gach bliain ag caint le daoine óga atá ar scoil. Bímid ag iarraidh labhairt leo faoi na cúrsaí atá ar fáil againn. Go minic, nuair a labhróimid leo, deireann siad go bhfuil díolúine acu. Nuair a fhiafraíonn muid cén fáth, deireann siad gur tháinig siad ón tSiria nó tír éigin eile. Fiafraíonn muid an bhfuil teanga ar bith eile acu agus deireann siad go bhfuil dhá theanga eile acu. Is léir go n-éireodh go hiontach leis na daoine seo dá bhfaigheadh siad deis staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge. Tá sé sin ann fosta.

I mbeagán focal, caithfimid an meon seo a athrú. Tosaíonn an obair sin nuair a thagann siad isteach ar an doras. Tá sé sin ag teacht ó na mic léinn fosta. Tuigeann siad é. Arís, tá múinteoirí iontacha ann agus tá rudaí iontacha ag tarlú ach go rómhinic tá sé ag tarlú gur gné den chóras scrúduithe atá sa Ghaeilge agus gur rud í nach bhfuil beatha ná beocht ar bith ag baint léi. Aithníonn na mic léinn féin é sin. Tá siadsan ag iarraidh é seo a athrú.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Tá an-phlé déanta ag an gcoiste ar na díolúintí agus ar na fadhbanna atá ann, go háirithe nuair atá mic léinn ag déanamh staidéir ar an bhFraincis agus ar an Spáinnis cé go bhfuil díolúine ón nGaeilge acu. Ní dhéanann sé sin aon chiall. Ag teacht ar ais chuig an gceist faoi na mic léinn a thagann isteach gan mórán Gaeilge acu, téann cuid acu ar aghaidh chun máistreacht a dhéanamh lena bheith ina múinteoirí. Sa ráiteas tosaigh, bhí an Dr. Ní Mhaonaigh ag caint faoi rudaí a fhoghlaim de ghlanmheabhair le haghaidh na scrúduithe. An bhfuil ceangal aige sin leis an sórt múinteoirí Gaeilge atá ann?

Bíonn argóint i gcónaí ag daoine níos sine gurb é an bealach ar mhúineadh na Gaeilge an chúis nach bhfuil suim acu ann agus raiméis mar sin. An bhfuil aon cheangal idir na mic léinn atá ag teacht isteach in Ollscoil Mhá Nuad nó ollscoileanna eile nach bhfuil mórán Gaeilge acu, cé go bhfaigheann siad roinnt Gaeilge faoi dheireadh, agus a fhaigheann máistreacht chun dul ag múineadh agus na daltaí a bhíonn acu ag an dara leibhéal a thagann anuas go dtí an tríú leibhéal ag déanamh na rudaí céanna, ag foghlaim rudaí de ghlanmheabhair agus mar sin, na rudaí a d'oibrigh do na múinteoirí sin agus iad ag déanamh na hardteiste agus ag baint amach céime? An bhfuil ceangal mar sin feicthe ag na finnéithe?

Comment on this
Dr. Tracey Ní Mhaonaigh

Tá, cinnte. Chomh maith leis sin, táimid ag breathnú ar thorthaí. Tuigimid ar fad anseo go bhfuil an tumoideachas ar fheabhas ar fad. Is é an réiteach i ndáiríre ná go mbeadh gach éinne ag gabháil don Ghaelscolaíocht. Nílim ag fáil locht ar na múinteoirí féin ach ar chaighdeán na Gaeilge atá acu. Tagann mic léinn chugainn a bhfuil Gaeilge líofa lofa acu, mar a deireann muid. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an mhuinín acu ach nach bhfuil na struchtúir acu. Tá sé cineál leabaithe iontu agus, cé go ndéanann muid iarracht cuid de na struchtúir sin a ghlanadh agus go n-éiríonn linn é sin a dhéanamh in amanna, téann siad amach agus foghlaimíonn siad an rud céanna arís. Tá na botúin chéanna ag teacht isteach de shíor nach botúin nua iad. Tabharfaidh mé sampla an-bhunúsach ar fad. Tá sé ag an-chuid de na mic léinn gurb é an aidiacht shealbhach "bhur", an dara pearsa iolra i gceart, an tríú pearsa iolra. Tá botúin áirithe leabaithe áit éigin sa chóras scoile agus tá siad ag teacht isteach againn.

Le filleadh ar an bhfreagra a thug an tOllamh de Brún ar cheist an Leas-Chathaoirligh, tagann céatadán chugainn i gcónaí atá ag iarraidh an mhúinteoireacht a dhéanamh. Tá géarghá le múinteoirí Gaeilge. Tuigeann muid sin ach ní bhíonn an spéis chéanna ag cuid de na mic léinn sa Ghaeilge agus atá acu sna hábhair eile a roghnaíonn siad. Tuigeann siad go mbíonn luacháil leis an nGaeilge a bheith acu sa chéim agus iad ag cur isteach ar an MGO. Feiceann cuid acu bealach ansin le díriú ar an ábhar eile agus an Ghaeilge a bheith acu. Ní chaitheann siad an dua ceannann céanna leis an nGaeilge. Bíonn siad ag rá leo féin nach mbeidh le déanamh acu ach na píosaí seo a réiteach agus nach gá dóibh dul lasmuigh de sin ná an teanga a chothú má dhéanann siad an t-ábhar a theagasc.

Tuigim gurb é sin an rud a bhí i gceist ag an Leas-Chathaoirleach, go mbeadh daoine dírithe ar an ábhar seachas ar an teanga a thabhairt do na daltaí le go bhféadfaidís féin dul i ngleic le rudaí mar sin. Is é sin an rud a bhíonn uainn i gcónaí. Deirim leis na mic léinn, dá rachaidís ag an bpictiúrlann le chéile, ní thiocfadh siad ar fad amach ag súil leis go mbeadh freagra amháin ag duine amháin, "Thaitin sé sin liom", agus duine eile ag rá "Ar an ábhar sin, thaitin sé liomsa chomh maith." Deirim leo go mbeadh siad breá sásta a bheith ag troid lena chéile agus ag rá "Níor thaitin sé sin ná an rud eile liom." Cuirim an cheist, cén fáth nach ndéanann siad an rud céanna nuair a thagann sé ag an bhfilíocht ná ag an ngearrscéalaíocht? Déanann muid an-iarracht rogha téacsanna a thabhairt dóibh lena chinntiú go n-aimseoidh siad réimse spéise áirithe. Tuigimid ar fad, ach spéis an duine a mhúscailt - is cuma más duine óg ná seandhuine atá i gceist - gur cuma mar gheall ar an teanga, déanfaidh siad iarracht a bheith i mbun díospóireachta agus a bheith ag troid leat. Braitheann muid go bhfuil sé sin ar iarraidh agus na mic léinn ag teacht chugainn.

Tráth dá raibh, bhíodh mic léinn ina suí thart - an Leas-Chathaoirleach ina measc - agus iad ag labhairt le chéile agus ag plé cúrsaí. Anois, ní bhíonn an t-am acu é sin a dhéanamh. Bíonn siad ag rith agus ag rás ag dul i mbun oibre ná ag dul ag rud éigin. Mar a dúramar, bíonn go leor de na mic léinn atá againn ag obair. Is deacracht a bhaineann le Maigh Nuad - rud a thuigfidh an Leas-Chathaoirleach - ná nach bhfuil an oiread sin fostaíochta ar fáil ann. Bíonn ar thromlach na mac léinn atá againn atá ag obair teacht go Baile Átha Cliath. Fágann sé sin go mbíonn orthu Maigh Nuad a fhágáil níos luaithe le go bhféadfaidís a bheith in ann don obair. Fiú mura mbeidís ag tosú san obair go dtí 6 p.m., caithfidh siad Maigh Nuad a fhágáil agus ranganna a chailleadh. Tá rud éigin truamhéalach faoin mbealach ina dtagann mic léinn isteach anois. Ní bhíonn an t-am acu an teanga a shealbhú ná a bheith ag spraoi. Ní bhíonn an t-éileamh céanna ar Chuallacht Cholmcille sna laethanta seo, cé go mbíonn an-éileamh ag na daoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge air. Tá seomra nua Gaeilge oscailte againn anois. Tá sé sin ag feidhmiú le cúpla seachtain anuas. Táimid ag súil leis go mbeidh muid in ann na mic léinn a spreagadh ar an mbealach sin seachas a bheith ag cloí leis an amchlár.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Bhí mé le dul ag an oscailt ach bhí orm a bheith istigh anseo ag an am céanna. Tá ceist dheireanach agam. Baineann sé leis an gceangal sin le Ráth Chairn. Níl sé ach 30 nóiméad nó 40 nóiméad ó Mhaigh Nuad. An bhfuil an ollscoil ag smaoineamh ar bhusanna a chur ar fáil ar an maidin a thiocfadh thar n-ais istoíche? Cén sórt struchtúir a bheidh air?

Comment on this
Dr. Tracey Ní Mhaonaigh

Tá roinnt céimeanna i gceist ag brath ar an gceangal a éiríonn linn a chruthú. Bhí cruinniú againn cheana féin le príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta. Táimid le cruinniú a bheith againn leis an ionadaí áitiúil san athbhliain. Go fadtéarmach, ba bhreá linn dá mbeadh leithéid Áras Mháirtín Uí Chadhain i Ráth Chairn agus na mic léinn in ann tarrac air sin. Táim ag caint faoi na mic léinn atá ag gabháil leis an nGaeilge ach, chomh maith leis sin, d'fhéadfadh mic léinn atá dírithe ar an Státseirbhís agus an riachtanas nua tumchúrsa a dhéanamh agus d'fhéadfadh muintir na háite rudaí a dhéanamh. Bíonn go leor mac léinn idirnáisiúnta againn chomh maith a chuireann an-spéis sa chultúr. D'fhéadfaidís siúd rudaí a dhéanamh. Baineann na cúrsaí iad féin leis an gcéad chéim, an plean gearrthéarmach. Is é an plean atá againn ná go mbeidh na mic léinn ag fanacht i Ráth Chairn. Táimid ag labhairt leis an duine atá i gceannas ar chóras na mban tí. Tá sé i gceist go bhfanfaidh na mic léinn ann chun go mbeidh deis acu a bheith páirteach sna himeachtaí um thráthnóna, mar shampla, seitrince. Tá pobal an-láidir ansin. Bíonn ranganna amhránaíocht ar an sean-nós, ranganna rince ar an sean-nós, scéalaíocht cois tine agus na rudaí sin ar fad ar siúl. Bíonn cluichí cártaí acu. Bhíomar ag labhairt faoi na rudaí seo ar fad, fiú mar chuid den chúrsa. Dúirt príomhoide na scoile go mbeadh sí breá sásta an scoil a chur ar fáil. D'fhéadfadh na mic léinn dul isteach agus a bheith i mbun bácála. Is é sin an sórt téarmaíochta atá ag teastáil. Cén Ghaeilge atá ar "flour"? An bhfuil an focal "plúr" agat? An bhfuil "bainne" agat? An bhfuil tú in ann rudaí a thomhas? Tá sé sin ag teastáil seachas a bheith i do shuí sa choláiste. Nílim ag fáil locht ar an gcúrsa Gaeilge ach d'fhéadfaidis an dá oiread a fhoghlaim ach cúrsa a dhéanamh agus a bheith ag gabháil do rudaí den chineál sin. Táimid ag iarraidh tosú mar sin. Bheidís socraithe sa chúrsa agus ag fanacht ansin sa Ghaeltacht chun go bhfaighidís an t-eispéireas céanna a bheadh ar fáil in áiteanna eile.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

D'oibrigh athair an phríomhoide sin leis an Dr. Ní Mhaonaigh.

Comment on this
Dr. Tracey Ní Mhaonaigh

D'oibrigh.

Comment on this

Luadh taighde maidir le campas dátheangach. An bhfuil an taighde sin ar fáil?

Comment on this
Professor Fionntán de Brún

Tá dréacht ann. Beidh sé sin á fhoilsiú sa bhliain úr. Is dóigh linn go dtiocfaidh sé amach go luath i mí Feabhra.

Comment on this

Tá an t-alt ann san irisleabhar.

Comment on this
Professor Fionntán de Brún

Tá alt ann san eagrán reatha de Irisleabhar Mhá Nuad. Gabhaim buíochas leis an Teachta as an fhógraíocht sin.

Comment on this

Fadhb ar bith. Tá sé léite agam thar na blianta. Bhí mé chun iarraidh ar an Leas-Chathaoirleach é a scaipeadh orainn ar fad chun go mbeimid ar an eolas. Bíonn nithe mar sin áisiúil nuair atáimid ag cur tuairiscí le chéile chun muid a choinneáil suas chun dáta le gach uile rud. Tá an ceart ag na finnéithe i ngach rud a dúirt siad go dtí seo ó thaobh cur chuige de.

Comment on this
Professor Fionntán de Brún

Tá rud amháin eile le rá agam mar fhocal scoir. Bhí muid ag caint cuid mhór ar na dúshláin agus ar na fadhbanna ach tá sé tábhachtach go leor de na rudaí maithe atá ag tarlú a aithint, go háirithe na figiúirí sin ón suirbhé agus an oiread daoine a líon an rud isteach an chéad uair. Líon 47% den fhoireann é. Bhí 90% den fhoireann agus de na mic léinn a líon an suirbhé isteach go mór ar mhaithe leis an nGaeilge. Luaigh an Dr. Ní Mhaonaigh go gcluinimid mic léinn ag labhairt na Gaeilge sna léachtaí. Ba chóir suntas a thabhairt dó sin. Tógann sé mo chroí i gcónaí nuair atáim ag déanamh réidh le tús a chur le léacht agus cluinim daoine ag labhairt i nGaeilge. Níor chóir dúinn beag a dhéanamh de sin. Tá cuid mhór rudaí ag tarlú atá ceart agus maith. Tá an tonn dea-thola seo ann ach, ar ndóigh, tá go leor oibre le déanamh. Ba mhaith linn a bheith dearfach. Táimid in ann ag na dúshláin seo.

Comment on this
Dr. Tracey Ní Mhaonaigh

Tá tacaíocht na hinstitiúide thar a bheith tábhachtach. Tráth dá raibh, dá mbeadh comhartha le crochadh, bhí orainn a bheith réidh le dul i mbun gearáin agus agóide toisc gan leagan Gaeilge a bheith ar fáil.

Cé go mbíonn orainn in amanna rudaí a chur i gcuimhne do dhaoine, go minic anois is iad siúd a thagann chugainn ag iarraidh orainn leagan Gaeilge a chur ar fáil, rud nach mbíodh le haithint san áit, agus is rud iontach é sin. Tá an t-ádh orainn go bhfuilimid ag obair in institiúid ag a bhfuil an spéis ag na leibhéil is sinsearaí ar fad sa teanga. Tá siad ag iarraidh tacú linn agus bíonn an Ghaeilge san áireamh acu nuair a bhíonn siad ag smaoineamh ar chúrsaí polasaithe. An sampla nó an léiriú is fearr ar sin ná an t-airgead a chuireadh ar fáil i bpáirt le lárionad na Gaeilge leis an tionscnamh tábhachtach sin a dhéanamh agus an taighde a dhéanamh ar phobal na hollscoile.

Ar bhealach d'fhéadfaimis a rá gur micreacosma é Ollscoil Mhá Nuad nuair a smaoinímid ar an tír trí chéile, mar tá daoine ó chúlraí, contaetha agus tíortha difriúla. Táimid tar éis an tsampla iontach seo a chur faoi agallamh agus suirbhéanna a scaipeadh orthu. Feicfimid an dea-thoil seo agus iad ag súil le níos mó den teanga, ní hamháin í a chloisteáil ach a fheiceáil chomh maith, is go mbeadh an Ghaeilge mar chuid lárnach de shaol na hollscoile.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Caithfidh mé a rá go bhfuil an-obair déanta agus á dhéanamh ag an Dr. Brian Mac Maghnuis, oifigeach Gaeilge na hollscoile.

Comment on this
Dr. Tracey Ní Mhaonaigh

Tá.

Comment on this

An bhfuil taithí ag na finnéithe ar an gcóras sa Bhreatain Bheag?

Comment on this
Dr. Tracey Ní Mhaonaigh

Níl ach d'fhéadfainn a rá - fógraíocht eile don irisleabhar atá anseo - tá aiste iontach ag Patrick Carolan san eagrán céanna d'Irisleabhar Mhá Nuad. D'fhéadfaimis cóipeanna a chur ar fáil don choiste ar fad gan stró. Díríonn seisean isteach ar an mBreatain Bheag go sonrach, ar chúrsaí aistriúcháin, ní díreach an córas oideachais ach cúrsaí i gcoitinne, an córas riaracháin agus an dochar a d'fhéadfadh córas aistriúcháin a dhéanamh do struchtúr na teanga go háirithe nuair is teanga mhionlach atá i gceist. Níl saineolas againn féin ar chás na Breataine.

Comment on this
Professor Fionntán de Brún

Leis an tairne cuid den togra "Mo Champas, Mo Theanga", tá iarratas curtha isteach ag an Dr. Joe Simpson le tionscnamh eile a dhéanamh agus baineann cuid de sin le bheith ag comhoibriú le daoine sa Bhreatain Bheag agus a bheith ag foghlaim ó chóras na Breataine Bige. Tá súil agam go dtarlóidh sé sin. Tá an t-uafás le foghlaim ó na dea-chleachtais atá ansin.

Comment on this

Bhí na finnéithe ag déanamh trácht ar an gceangal gur súil acu cur leis idir an coláiste, scoil na Gaeilge agus Ráth Chairn. Cad faoi scoileanna áitiúla atá buailte le hOllscoil Mhá Nuad? An bhfuil mórán de cheangal eatarthu? Tá súil againn amach anseo go mbeidh foirgneamh amháin ag an meánscoil ansin.

Comment on this
Professor Fionntán de Brún

Tá scríbhneoir cónaithe againn anois don dara bliain as a chéile. Tá an t-ádh linn go raibh Ré Ó Laighléis againn. Léigh go leor daoine a gcuid leabhar ar an siollabas scoile agus i mbliana, agus le cuidiú COGG fuaireamar maoiniú le go rachadh an scríbhneoir cónaithe isteach chuig Gaelcholáiste Mhaigh Nuad agus Coláiste Pobail Ráth Chairn fosta. Tharla sin anuraidh agus tá sé ag tarlú i mbliana.

Táimid ag iarraidh na ceangail sin a threisiú i gcónaí. Tá an méid ar luaigh an Dr. Ní Mhaonaigh faoi Ráth Chairn ann i measc rudaí eile ach tá an ollscoil féin ar leibhéal institiúid ag iarraidh rud i bhfad níos buaine a dhéanamh maidir le ceangal Ráth Chairn. Ó thaobh na scoileanna áitiúla, tá sé sin ag tarlú faoi láthair. Cuidíonn sé go mór go bhfuil duine éigin ag teacht ón ollscoil isteach ag na daltaí. Thug mé féin caint le linn Seachtain na Gaeilge i mbliana. Bíonn rudaí mar sin, ceiliúradh agus freastal ar ócáidí agus rudaí eile. Tá na ceangail sin ann go cinnte.

Comment on this

Tá foirgnimh nua acu agus tá sé níos buaine ach tá sé scartha thar dhá champas ó thaobh cleachtadh ranga agus ábhar múinteoireachta de. Tá siad buailte má táimid ag caint faoin gcócaireacht agus rudaí mar sin de. Glacaim go mbeadh fáilte roimh aon tacaíocht do scoil atá ag cur thar maoil ón gcoláiste agus na mic léinn. An mbeidh an ollscoil ag cur leis sin? Bheadh sé sin tarraingteach do thuismitheoirí atá ag smaoineamh ar na páistí a chur chuig Gaelscoil nó Gaelcholáiste go bhfuil tacaíocht aige uaidh ollscoil atá buailte leis.

Comment on this
Dr. Tracey Ní Mhaonaigh

Fiú roinnt seachtainí ó shin bhí duine de na daltaí scoile istigh ar thaithí oibre. Cuirimid fáilte roimh dhaltaí ón scoil chéanna ag teacht isteach le gur féidir leo an Ghaeilge atá acu a úsáid. Freastalaíonn siad ar léachtaí chomh maith le gur féidir leo blaiseadh beag a fháil den chúrsa Ghaeilge. Sin comhrá a bhíonn againn go minic leis an nGaelcholáiste i Maigh Nuad agus le Pobalscoil Ráth Chairn. Ba cheart go mbeadh na feeder schools i gceist ansin dúinne. Sin an rud atá uainn, go gcruthófar na ceangail sin. Luaigh an tOllamh de Brún an scríbhneoir cónaithe. Tá sé tábhachtach a lua ag an bpointe seo chomh maith an tacaíocht agus an dlúthcheangal atá againn le Comhairle Contae Chill Dara agus seirbhís na leabharlainne ach go háirithe a chuireann cuid den mhaoiniú ar fáil dúinn. Bhíomar in ann cuid de na mic léinn a thabhairt ar an tolg liteartha a bhí ar siúl níos luaithe i mbliana ionas go bhfeicfeadh an pobal áitiúil na mic léinn seo agus go mbeadh na mic léinn ón gcoláiste ag meascadh le baill den phobal áitiúil a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge chomh maith. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach mar ní dóigh liom go raibh sé ag tarlú an oiread sin thar na blianta. Bhí cineál dhá phobal éagsúla: muintir Mhaigh Nuad, muintir na hollscoile agus muintir Chill Dara arís eile. Táimid ag iarraidh níos mó de na rudaí sin a dhéanamh agus daoine a thabhairt le chéile mar go mbaineann muid ar fad leis an bpobal céanna teanga.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Tá an t-ádh libh i Maigh Nuad go bhfuil dhá Ghaelscoil, Gaelcholáiste agus roinn Ghaeilge san ollscoil. Gabhaim buíochas leis an Dr. Ní Mhaonaigh agus an tOllamh de Brún as a bheith linn inniu agus an plé fiúntach agus tairbheach a bhí againn.

Comment on this