An tÉileamh ar Naíonraí agus Naíolanna Lán-Ghaeilge
Cheist an coiste Comhar Naíonraí na Gaeltachta faoin éileamh ar naíonraí agus iarsheirbhísí lán-Ghaeilge, an maoiniú atá ar fáil, agus na constaicí is mó san earnáil. Dúradh go bhfuil breis agus 137 seirbhís ag CNNG, ach go bhfuil géarchéim ann maidir le foireann cháilithe, pá íseal, easpa cúrsaí Gaeilge, agus easpa spáis nó foirgneamh i roinnt ceantar. Luadh freisin go gcabhraíonn an eagraíocht le hionaid nua agus le scoileanna, go bhfuil liostaí feithimh i roinnt áiteanna, agus go bhfuil tuilleadh infheistíochta agus athbhreithniú ar cháilíochtaí agus ar phá ag teastáil. Thacaigh baill an choiste le leathnú agus le neartú na seirbhísí, go háirithe chun todhchaí na Gaeilge a chosaint.
Anois, déanfaimid ar mbreathnú ar an éileamh atá ann ó thuismitheoirí ar fud na tíre naíonraí agus naíolanna lán-Ghaeilge a bheith ar fáil dá gcuid páistí, leis na hionadaithe seo a leanas ó Chomhar Naíonraí na Gaeltachta: Ray Mac Pháidín, Joanne Ní Chríodáin, Muireann Ní Mhóráin agus Pattie Stundún. Tá fáilte mhór rompu. Tá an aimsir go hainnis agus táimid fíorbhuíoch díobh as teacht. Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú i seomra coiste 3, taobh istigh de phurlán Thithe an Oireachtais.
Sula leanfaimid ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagadh faoi bhráid na bhfinnéithe agus na gcomhaltaí. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a nguthán soghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste, nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe phoiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad le feiscint ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad féin ag caint.
Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste, chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurlán Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á thabhairt acu. Is fíric é nach féidir leis na finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu lasmuigh de phurlán Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu, agus má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.
Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí ar fhéadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá go bhféadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, más rud é go bhféadfadh a ráiteas bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéilleann siad leis an ordú sin.
Tá sé sin fada. An nglacann gach éinne leis na treoracha sin? Glacann. Anois, iarraim ar Ray Mac Pháidín a ráiteas tosaigh a dhéanamh.
Comment on this
Tá mé chun achoimre a thabhairt ar an dtuairisc a sheol mé isteach ag an gcoiste ag deireadh na seachtaine. Bunaíodh Comhar Naíonraí na Gaeltachta sa bhliain 2004 chun seirbhísí luathbhlianta ar ardchaighdeáin trí mheán na Gaeilge a fhorbairt, a bhainistiú agus a chur ar fáil ar fud na Gaeltachta. Tá CNNG aitheanta go náisiúnta ar fud Ghaeltacht na hÉireann, agus tá ról lárnach ag an eagraíocht i gcur i bhfeidhm an pholasaí don oideachas Gaeltachta agus i bpleanáil teanga ar leibhéal pobail.
Faoi láthair, cuireann an eagraíocht breis agus 137 seirbhís ar fáil, ag freastal ar níos mó ná 2,100 páiste, le tacaíocht ó bhreis agus 250 ball foirne sna ceantair Ghaeltachta ar fad. Léiríonn an fás suntasach seo ó bunaíodh an eagraíocht muinín láidir pobail agus éileamh leanúnach ar sheirbhísí luathbhlianta trí mheán na Gaeilge. Tá caighdeán oideachais CNNG aitheanta go rialta i dtuairiscí dearfacha cigireachta ón Roinn oideachais. Tá cur chuige CNNG dírithe ar fhorbairt iomlánaíoch an linbh, trí mheán an spraoi agus na Gaeilge, i dtimpeallacht shábháilte, spreagúil agus thacúil. Tá an obair seo ailínithe le Aistear, le Síolta agus le lámhleabhar inmheánach na heagraíochta, Loinnir, agus tá tacaíochtaí láidre struchtúrtha ar fáil do na múinteoirí le tacaíocht na n-oifigeach forbartha atá lonnaithe i ngach ceantar Gaeltachta.
Seoladh plean straitéiseach CNNG 2023 go 2026 i mí na Bealtaine 2024, ina leagtar amach fís shoiléir chun forbairt iomlán an linbh a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge. Tá príomhchuspóirí an phlean dírithe ar cheannaireacht leanúnach san earnáil luathbhlianta Gaeilge, ar neartú struchtúr rialachais, agus ar chaomhnú agus ar shaibhriú na Gaeilge mar theanga teaghlaigh agus pobail. Tá bord stiúrtha CNNG i mbun ullmhúcháin faoi láthair ar phlean straitéiseach 2026 go 2031, lena chinntiú go mbeidh freagra straitéiseach, inbhuanaithe ag an eagraíocht ar dhúshláin agus ar dheiseanna amach anseo.
Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta, tá brú mór ar an earnáil luathbhlianta sa Ghaeltacht, lena n-áirítear easpa múinteoirí cáilithe a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu, teorainneacha infreastruchtúir, agus éileamh méadaithe ar sheirbhísí lae iomlána agus iarscoile. Tá liostaí feithimh i roinnt ceantar, rud a chuireann srian ar chumas na heagraíochta freastal ar riachtanais agus éileamh an phobail.
Tá maoiniú bliantúil ceadaithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta don tréimhse 2023 go 2026, chomh maith le tacaíocht leanúnach ó Údarás na Gaeltachta, a chuireann bunchloch dhaingean agus cinnteacht phleanála ar fáil don eagraíocht. Tríd an infheistíocht seo, tá CNNG in ann seirbhísí a leathnú, poist bhreise a chruthú, scéimeanna oiliúna lánmhaoinithe a chur ar fáil, agus tacaíochtaí teanga a fhorbairt do sheirbhísí atá ag feidhmiú trí Bhéarla sa Ghaeltacht. Mar sin féin, tá gá le hinfheistíocht leanúnach chun pleanáil chun tosaigh agus chun inbhuanaitheacht na seirbhísí a chinntiú, chun seirbhísí beaga tuaithe agus oileáin a choinneáil oscailte, agus chun an earnáil luathbhlianta a neartú mar bhunchloch straitéiseach do thodhchaí na Gaeilge. Is infheistíocht ríthábhachtach í seo i leas leanaí, i neartú na bpobal Gaeltachta, agus i dtodhchaí fhadtéarmach na teanga náisiúnta. Tá muid fíorbhuíoch as na tacaíochtaí a chuireann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, agus Údarás na Gaeltachta ar fáil dúinn chun tacú leis na seirbhísí luathbhlianta ar fud na Gaeltachta. Tá mioneolas ar na nithe atá luaite agam ar fáil sa tuairisc iomlán a sheol mé isteach. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge as ucht an deis seo a thabhairt do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta a theacht os a chomhair agus na nithe éagsúla fíorthábhachtacha seo a phlé leis na baill inniu.
Comment on this
Gabhaim buíochas le Ray Mac Pháidín agus le CNNG as an méid oibre atá á dhéanamh aige. Rachaidh mé chuig baill an choiste i gcomhair ceisteanna i dtús báire. Glaoim ar an Teachta John Connolly.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht a bheith linn inniu. Cuirim fáilte rompu ar fad. An chéad cheist atá agamsa ná más rud é go raibh mise lonnaithe i gceantar Gaeltachta agus ag iarraidh tús a chur le seirbhís iarscoile nó luathbhlianta - dá mbeadh an t-éileamh ann lena haghaidh - cén chaoi gur féidir le CNNG cúnamh a thabhairt dom? Sa sampla seo, níl tada agam; níl ionad nó aon áiseanna ar bith agam ach tá cáilíocht agam agus tá a fhios agam go bhfuil an t-éileamh agam. B'fhéidir go bhfuil duine nó beirt agam leis an gcáilíocht chéanna atá ag iarraidh cabhrú liom le gnó mar sin. Cén chaoi arbh fhéidir le CNNG cúnamh a thabhairt dom?
Comment on this
Tagann iarratais isteach chuig an eagraíocht tríd na bunscoileanna mar shampla. Tá an Teachta ag caint faoi sheirbhísí iarscoile ansin. Má thagann an t-éileamh isteach, déanfaimid é a mheas. Ar dtús, caithfidh an tseirbhís a bheith inmharthana agus ansin beimid ag leanúint na rialacha uilig atá leagtha síos ag Tusla ó thaobh chaighdeán an spáis atá curtha ar fáil ar dtús. Beidh seomra le cur in oiriúint le go mbeidh sé feiliúnach le haghaidh seirbhís luathbhlianta a fhorbairt. Luaigh an Teachta sa sampla sin go mbeadh daoine le cáilíochta i gceist. Na deacrachtaí is mó atá againn ná daoine a fháil le cáilíochtaí agus le Gaeilge chun an tseirbhís a chur ar fáil.
Comment on this
Tá a fhios againn go bhfuil liosta feithimh i gcúpla áiteanna; mar sin, tá an t-éileamh ann ach mar a dúirt Ray Mac Pháidín ina thuairisc féin, tá easpa infreastruchtúr ann. Más rud é nach bhfuil an scoil áitiúil sásta seirbhís a chur ar fáil, ach fós tá éileamh ar sheirbhís sa cheantar, an féidir le CNNG cúnamh a thabhairt ó thaobh deontas le haghaidh foirgneamh a thógáil?
Comment on this
Tá deontais ar fáil ag Roinn na Gaeltachta agus cuirtear suas le 90% de mhaoiniú caipitil ar fáil le haghaidh ionaid nua a thógáil.
Comment on this
An gcabhraíonn CNNG le heagraíochtaí atá ag iarraidh iarratas a dhéanamh le haghaidh an deontais sin?
Comment on this
Cabhraíonn. Mar shampla, tá naíonra againn i Ros an Mhíl. Tá naíonra nua á thógáil ansin ar shuíomh na scoile faoi dheontas Roinn na Gaeltachta. Tá go leor ionaid tógtha aige le roinnt blianta anuas. Táimid ag obair freisin le hÚdarás na Gaeltachta le haghaidh ionad cúram leanaí nua a thógáil ar an bhFál Carrach i gContae Dhún na nGall. Tá an ciste sin ansin.
Comment on this
An oibríonn na finnéithe le scoileanna? Tá a fhios agam i ndiaidh an tréimhse a chaith mé mar mhúinteoir agus mar phríomhoide go bhfuil saghas comórtas ann anois idir scoileanna áitiúla, mar bíonn seirbhís tar éis na scoile ag ceann acu agus bíonn tuismitheoirí ansin ag ceapadh gur cheart dóibh a gcuid páistí a chur sa scoil sin mar bheadh an tseirbhís sin acu dóibh. An dtéann siad i dteagmháil leis na scoileanna Gaeltachta chun iad a spreagadh chun seirbhís mar sin a chur ar fáil?
Comment on this
Braitheann sé ar an líon páistí atá sa scoil. Má tá scoil againn ina bhfuil seirbhís iarscoile á reáchtáil againn agus ansin scoil eile b’fhéidir míle síos an bóthair atá ag cuartú seirbhís, caithfidh na seirbhísí seo a bheith inmharthana agus in ann seasamh ar a gcosa féin go mbeidh maoiniú ann len é a reáchtáil, na hoibrithe a íoc, barrchostais a chlúdach agus mar sin de. Ó thaobh Comhar Naíonraí na Gaeltachta, níl aon chiall go mbeadh seirbhís bheag agus gan ann ach cúigear nó seisear gasúr iarscoile muna bhfuil sé inmharthana. Níl muid in ann an pá a íoc agus na costais atá luaite leis chun é a reáchtáil.
Comment on this
An íocann CNNG pá na ndaoine ar fad atá ag obair sna naíonraí?
Comment on this
Íocann. Tá gach duine fostaithe ag an eagraíocht.
Comment on this
An bhfuil costas ar an gclann don seirbhís?
Comment on this
Tagann siad uilig isteach faoi scéim na luathbhlianta an NCS.
Comment on this
Ach le haghaidh seirbhísí iarscoile?
Comment on this
Tá siad sin uilig cláraithe faoin scéim an Roinn leanaí, an NCS, freisin. Tarraingímid anuas an t-airgead ar son an pháiste sin tríd an chóras.
Comment on this
Maidir leis an bhfadhb leis an easpa daoine atá cáilithe le bheith ag obair sna hionaid seo, an bhfuil aon áit ag cur seirbhís ar fáil chun cáilíocht a fháil san earnáil seo i nGaeilge?
Comment on this
Níl. Is é sin an deacracht atá againn. Tá na cúrsaí uilig ar líne faoi láthair. Tá scéim againn le hÚdarás na Gaeltachta ina n-íocann an t-údarás 50% de chostas na cáilíochta agus íocann CNNG an 50% eile.
Tá na seirbhísí i mBéarla ach níl aon seirbhís i nGaeilge ar fáil.
Comment on this
An bhfuil aon tuairim ag na finnéithe maidir le cén chaoi ar féidir linn níos mó daoine a spreagadh chun cáilíocht a fháil san earnáil seo?
Comment on this
Tá sé an-deacair mar an fhadhb is mó atá ann ná an tslí bheatha atáthar in ann a bhaint amach san earnáil. Tá na rátaí pá i bhfad ró-íseal. Táimid ag streachailt le múinteoirí agus oibrithe luathbhlianta a fháil. Má bhreathnaíonn an Teachta ar na rátaí pá atá leagtha síos, feictear dó go bhfuil €15 san uair i gceist le haire a thabhairt do pháistí óga, nuair atá an bunphá ag €14.15. Caithfear breathnú ar rátaí pá san earnáil agus iad a neartú agus a láidriú.
Comment on this
Maidir leis an imní atá ann i dtaobh todhchaí na Gaeltachta, an gcuireann sé in iúl dúinn go bhfuilimid ag déanamh rud maith leis seo ar aon chaoi go bhfuil éileamh ar áiseanna mar seo i gceantair Ghaeltachta? Cloisimid go minic go bhfuil deacrachtaí ag daoine teach a fháil nó a thógáil sna ceantair seo, ach is léir ón éileamh go bhfuil daonra óg ann. An bhfuil sé sin fíor?
Comment on this
Ag breathnú ar na staitisticí, beidh laghdú ar an daonra an bhliain seo chugainn. Mar a dúirt mé, tá os cionn 2,000 páiste ag freastal ar ár gcuid seirbhísí ar fud na Gaeltachta. Chomh maith leis sin, táimid ag freastal ar sheirbhísí atá ag feidhmiú as Béarla sa Ghaeltacht. Tá 860 páiste i gceist leis sin freisin. Tá an daonra ansin faoi láthair.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht a bheith anseo inniu. D'ardaigh mo chomhghleacaí ceist ó thaobh na cáilíochta de. Seo rud atá cloiste againn cheana féin ó lucht Ghaeloideachas nuair a bhí siad istigh. Dúirt siad nach raibh cáilíocht ar leith i gceist nó ar fáil ó thaobh a bheith ag obair i naíonraí de. Céard a cheapann na finnéithe? Cén grúpa nó awarding body ar ceart an cáilíocht sin a chur ar fáil? Céard iad smaointe na bhfinnéithe faoi cén sórt am a thógfadh sé? Céard a bheadh i gceist? An é MIE a dhéanfadh an cáilíocht? An bhfuil smaointe ag na finnéithe i dtaobh cad as a dtiocfadh sé sin?
Comment on this
Bhíodh dhá mhodúl de FETEC againn: saibhriú teanga; agus sochtheangeolaíocht agus an páiste. Cuireadh stop leo siúd. Ní ghlacfar leo níos mó mar chuid den cháilíocht luathbhlianta. I mo thuairim féin, bhí sé sin iontach ag an am, agus ba bhreá liom rud éigin mar sin a fheiceáil ar ais arís.
Comment on this
Cén fáth nach nglacfar leo a thuilleadh?
Comment on this
Ní raibh siad á nglacadh leo mar chuid den ocht modúl a bhí ag teastáil ag an am.
Comment on this
Nuair a thángamar faoi QQI, níor ghlac sé leo a thuilleadh.
Comment on this
Tá sé sin díomách. Má bhí bealach ag na finnéithe cheana féin leis na cáilíochtaí a chur ar fáil, tá sé cineál díomách nach bhfuil sé ann a thuilleadh.
Ó thaobh na fostaíochta de, léigh mé sa ráiteas oscailte go bhfuil 220 ball foirne sna ceantair Ghaeltachta ar fad. Tá siad sin fostaithe ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta go díreach. Íocann an grúpa pá an 250 agus gach rud eile. Tá an liability sin ag an ngrúpa ó thaobh an líon ar fad. An é sin an chaoi a n-oibríonn sé?
Comment on this
Ó thaobh na bhfoirgneamh agus mar sin de, an bhfuil aon co-operation idir an grúpa agus scoileanna, seirbhísí nó áiteanna poiblí - community centres agus mar sin de - ó thaobh foirgneamh a chur ar fáil? Tá deontas 90% ar fáil ó Roinn na Gaeltachta le foirgnimh nua a chur ar fáil. Ar bhealach, bheadh sé níos fearr dá mbeadh an grúpa in ann greim a fháil ar fhoirgneamh atá tógtha cheana féin. An dtarlaíonn sin mórán? An bhfuil comhoibriú ann?
Comment on this
Tá go leor comhoibrithe i gceist sna Gaeltachtaí ar fad. Tá léasanna againn. Mar a dúirt an Teachta, tá go leor naíonraí agus iarscoileanna lonnaithe sna bunscoileanna nó sna hionaid phobail. Tá léasanna ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta leis na coistí ansin.
Comment on this
Tá an múnla sin ag obair do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta.
Comment on this
Cabhraíonn na tuismitheoirí agus na coistí áitiúla linn ó thaobh na seirbhísí sin a chur ar fáil.
Comment on this
Tá CNNG i gceantair Ghaeltachta. An chuid is mó de na gasúir nó daltaí nua a thagann chuig na naíonraí, is dócha gur Gaeilgeoirí iad cheana féin ó thaobh teaghlaigh agus clanna Gaeltachta. An bhfeiceann na finnéithe éileamh? An bhfuil daoine ag teacht isteach nach bhfuil Gaeilge acu cheana féin ach tá siad báúil don Ghaeilge agus ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim ó sheirbhís mar seo agus go bhfeiceann siad gur bealach maith é tosú ag an aois sin? An bhfuil aon eolas ag na finnéithe air sin? An bhfeiceann siad aon rud ón taobh sin de?
Comment on this
Go deimhin, tagann go leor cainteoirí dúchais go dtí ár gcuid seirbhísí, ach tagann go leor páistí nach bhfuil focal Gaeilge acu freisin, ná Béarla amanta. Is an córas ceannann céanna atá i bhfeidhm againn ó thaobh an tumoideachais trí mheán na Gaeilge. Labhraíonn muid Gaeilge leo an t-am ar fad. Tá curaclam i bhfeidhm againn. Úsáideann muid an curaclam náisiúnta, Aistear. Úsáideann muid ár bplean teanga féin, Borradh. Sa phlean teanga sin, tá sé leagtha amach againn féin go bhfuil plean le haghaidh na gcainteoirí dúchais chomh maith leis na páistí nach bhfuil focal Gaeilge acu.
Comment on this
Tá dhá phlean ag CNNG. Níl sé faoi ECCE.
Comment on this
An bhfuil CNNG faoi ECCE agus Pobal?
Comment on this
Is éard a dhéanann muid leis na hoifigigh forbartha atá lonnaithe sna ceantair Ghaeltachta ar fad ná go ndéanann siad an obair riaracháin do na seirbhísí mar chabhair agus tacaíocht dóibh. Faigheann muid an ECCE agus an NCS le haghaidh na bpáistí ar fad.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht a bheith anseo inniu. Is rud mór é bunchloch straitéiseach do thodhchaí na Gaeilge, a luadh sa ráiteas. Rud amháin atá á phlé againn le déanaí ná na poist ar fad a bheidh ar fáil faoi 2030 nuair a bheidh ar daoine an Ghaeilge a bheith acu sa Státseirbhís. Ní bheidh na daoine sin againn gan oideachas agus tumoideachas ón tús. Tá straitéis i bhfad níos mó i gceist agus de dhíth orainn mar shochaí. An bhfuil an reáchtáil deacair do na naíonraí toisc nach bhfuil siad bainteach leis an Roinn oideachais, mar shampla? An bhfuil aon fhrustrachas ansin? Tá an-chuid naíonraí, mar a dúirt na finnéithe, lonnaithe in aice le scoil nó le scoil éigin. An bhfuil frustrachas ann? An bhfuil aon fhadhb i gceist leis an riarachán a bhíonn idir an dá cheann?
Comment on this
Tá frustrachas ag baint le rud amháin atá ollmhór faoi láthair. Táimid ag streachailt fostaithe a fháil mar níl an comórtas mar a chéile. Tá múinteoirí in ann a bheith mar chuntóir riachtanais speisialta sna bunscoileanna le cúpla modúl cáilíocht leibhéal 5, mar shampla, ach le bheith ag obair i naíonraí nó réamhscoileanna mar gheall ar na coinníollacha a bhaineann leis sin, caithfear an cháilíocht iomlán leibhéal 5 a bheith agat. Má tá tú lonnaithe ar shuíomh scoile, tá tú in ann dul isteach mar chuntóir riachtanais speisialta sa scoil agus a bheith ag obair ansin, ach níl tú in ann a bheith ag obair i naíonra, mar níl an cháilíocht iomlán agat. Táimid i gcomórtas leis na scoileanna. Nuair atá airgead fógraithe le haghaidh go leor poist cúntóirí riachtanais speisialta, táimid i gcomórtas leis sin mar caithfear an cháilíocht iomlán a bheith ag ár gcuid múinteoirí.
Comment on this
Is ea. Tá scéim againn - an access and inclusion model, AIM - atá i bhfeidhm sna seirbhísí naíonra. Is iontach an scéim é, ach caithfear ocht modúl a bheith déanta ag ár gcuid múinteoirí. Le bheith ag obair mar chúntóir riachtanais speisialta sna scoileanna, ní gá ach cúpla modúl a bheith agat. Is gá go mbeadh an cháilíocht iomlán leibhéal 5 agat.
Comment on this
Níl córas amháin ag caint leis an gcóras eile. Is ábhar frustrachais é sin do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta.
Comment on this
Tá tú in ann painéal ionadaithe a bheith agat sa bhunscoil, ach ní féidir linn painéal mar sin a bheith againn gan an cháilíocht iomlán.
Comment on this
Sin rud amháin don tuairisc mar sin. Tá scéalta cloiste agam mar gheall ar naíonraí agus go bhfuil orthu dúnadh, nó gur dúnadh iad, toisc nach raibh áit éigin sa chúinne gur féidir le páistí óga dul i gcomhar nap nó rud éigin mar sin. Arís, téann sé ar ais go dtí an riarachán agus an frustrachas. Bhí ar naíonraí dúnadh. Níl a fhios agam an bhfuil aithne ag na finnéithe ar pháistí trí nó ceithre bliana d'aois, ach ní bhíonn fonn orthu dul a choladh ar chor ar bith.
An bhfuil rudaí mar sin ag cur brú ar an gcóras freisin má tá rialacha mar sin ag dúnadh na naíonraí agus na naíolanna? An bhfuil aon naíolann sna Gaeltachtaí?
Comment on this
An bhfuil fadhbanna mar sin ag teacht?
Comment on this
Níor tharla sé sin inár gcuid seirbhísí le bheith ionraic. Tagann Tusla. Caithfimid cloí le rialacháin Tusla. Tá spás áirithe tugtha do gach páiste. Má tá tú ag cur seirbhís páirtaimseartha - suas go cúig huaire an chloig - ar fáil, caithfidh tú áit shuaimhneach a chur ar fáil do na páistí ina bhfuil tú in ann leaba a leagadh amach ar an talamh nó i gcúinne príobháideach deas ciúin. Tá na rialacháin sin i bhfeidhm. Ní osclaíonn muid seirbhísí páirtaimseartha gan na coinníollacha sin.
Comment on this
Toisc go bhfuil na rialacha sin i bhfeidhm.
Comment on this
Is ceist theicniúil í seo. Nuair a deir na finnéithe seirbhís iarscoileanna, an é sin after-school programme?
Comment on this
Sin é. Tá an tseirbhís iarnaíonraí ina sheirbhís páirtaimseartha suas go cúig huaire an chloig. Tá naíonra trí huaire an chloig agus iarnaíonra cúig huaire an chloig.
Comment on this
I dtaobh an rud a dúirt mo chomhghleacaí anseo mar gheall ar naíonraí agus na scoileanna a bheith ar an suíomh céanna, an gceapann na finnéithe gur cineál model maith é sin, nó an gcuireann sé bac ar dhaoine naíonraí a oscailt?
Comment on this
Tá an dá thaobh den scéal ansin. Mar a luaigh an Teachta Connolly níos luaithe, tá iomaíocht idir scoileanna freisin atá ag iarraidh naíonra beag a bheith acu féin ar an láthair. Tá na scoileanna an-ghar dá chéile. Caithfidh na seirbhísí a bheith inmharthana, mar a dúirt mé níos luaithe. Tá caidreamh iontach idir Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus na bunscoileanna. Tá an scéim ansin i gcomhar leis an mbunscoil, ina bhfreastalaíonn na páistí ar sheomra na naíonán beag agus tá ceangal le múinteoir na naíonán beag, le cinntiú má tá deacrachtaí nó aon rud ag páistí go bhfuil siad ar an eolas go luath agus iad ag aistriú ón naíonra go dtí an bhunscoil. Tá scéim ann. Mo Scéal an t-ainm atá uirthi. Tá ag éirí go hiontach leis.
Comment on this
An mbíonn aon phlé ag na finnéithe le grúpaí taobh amuigh den Ghaeltacht? An dtagann siad chuig Comhar Naíonraí na Gaeltachta i gcomhair comhairle nó mar sin? Tá a fhios agam go bhfuil grúpa ag iarraidh naíolann a oscailt i mBaile Átha Cliath i lár na cathrach agus tá sé deacair. Tá an-chuid fadhbanna ag baint leis. An dtagann na grúpaí sin chuig Comhar Naíonraí na Gaeltachta i gcomhair comhairle? An bhfuil aon chomhairle ag na finnéithe dóibh?
Comment on this
Cuirimid comhairle ar fáil má tá siad ag iarraidh seirbhísí nua a bhunú. Tá creat leagtha síos againn le haghaidh é sin. Déantar tástáil agus sórt caighdeán foirgnimh agus cáilíochtaí múinteoirí. Tá an t-eolas sin uilig againn le scaipeadh. Arís, is sa Ghaeltacht atáimid lonnaithe.
Comment on this
Tuigim. An fhadhb is mó ná teacht ar na múinteoirí nó na daoine atá ag iarraidh dul i gcomhair na bpost. An rud eile ná an cháilíocht sin agus an difríocht idir an dá Roinn.
Comment on this
An é sin an chúis fhrustrachais is mó do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta?
Comment on this
Is éard atá uainn i ndáiríre ná go mbeadh an t-aitheantas céanna le fáil ag ár gcuid múinteoirí is atá ag múinteoirí bunscoile, mar shampla - is daoine proifisiúnta iad le cáilíochtaí suas go leibhéal 8 nó leibhéal 9 - agus go mbeidís ar chomhchéim.
Comment on this
Tá roinnt ceisteanna agam. Ar dtús báire, molaim na finnéithe as an méid oibre atá á dhéanamh acu, go háirithe as ucht Aistear a úsáid. Níl gach uile naíscoil agus naíonra Béarla ag úsáid Aistear agus is cúrsa an-mhaith é. Bhuail mé le cúpla naíonra Béarla cúpla seachtain ó shin. Tá sé á úsáid acu agus bhí sé an-suimiúil. An bhfuil liostaí feithimh sna naíscoileanna agus naíonraí atá ag an gcomhar faoi láthair, nó an bhfuil spás ann do gach uile pháiste atá ag teacht?
Comment on this
Tá spás don chuid is mó acu ann. Tá sé luaite agam sa tuairisc. Tá roinnt seirbhísí ina bhfuil liostaí feithimh nach bhfuilimid in ann freastal orthu mar níl múinteoirí againn le freastal orthu agus de bharr easpa spáis i gcuid eile de na seirbhísí. Má bhreathnaítear ar an liosta feithimh, tá ionad cúram leanaí againn i nGort an Choirce ina bhfuil 61 páiste ar an liosta feithimh. Tá sé sin ardaithe againn agus dhíríomar isteach air le hÚdarás na Gaeltachta agus táimid ag pleanáil le hionad cúram leanaí nua a thógáil ansin, ach glacfaidh sin cúpla bliain. Beidh sin dhá bhliain síos an bóthar. Tá go leor iarscoileanna freisin a bhfuil liostaí feithimh acu. I bhformhór na naíonraí, táimid in ann freastal orthu. Tá an spás ag an gcuid is mó de na naíonraí.
Comment on this
Tá sé san ainm go mbaineann na finnéithe díreach leis an nGaeltacht. Tuigim é sin. Tá an Ghaeltacht faoi chúram Comhar Naíonraí na Gaeltachta. Is as Maigh Nuad i gCill Dara dom féin. Bhí naíonra ann. Níl aon naíonra ann faoi láthair. Tá leaid óg agam. Tá sé beagnach bliain d'aois anois agus níl aon naíonra ann dó. An bhfuil sé mar phlean ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta go fadtéarmach, nó an bhfuil sé ina fís, dul lasmuigh den Ghaeltacht? An bhfuil Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag breathnú ar an nGaeltacht amháin? Smaoiním ar Mhaigh Nuad, mar shampla. Tá dhá Ghaelscoil agus Gaelcholáiste ann. Tá líon na gcainteoirí Gaeilge is mó lasmuigh den Ghaeltacht i mo bhaile, agus níl aon naíonra ar fáil. Tá bailte ar nós sin, Inis i gContae an Chláir, mar shampla, timpeall na tíre, cé nach ceantair Ghaeltachta iad, a bhfuil an t-uafás Gaeilge ann. Tá gá le naíonraí agus le naíscoileanna agus iarscoileanna chomh maith ann. An bhfuil aon sórt fís nó plean fadtéarmach é sin a dhéanamh?
Comment on this
Mar a dúirt an Leas-Chathaoirleach, táimid dírithe isteach ar an nGaeltacht. Tá na hacmhainní agus an maoiniú curtha ar fáil dúinn leis na seirbhísí a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Bunaíodh Comhar Naíonraí na Gaeltachta le haghaidh na seirbhísí a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Tá go leor áiseanna agus rudaí againn ar ár suíomh agus go leor leabhar agus rudaí mar sin atáimid in ann a scaipeadh chuig na seirbhísí.
Comment on this
An chúis go ndúirt mé sin ná go bhfuil sárobair á déanamh ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta. Bheadh sé go breá é sin a fheiscint i mbailte eile lasmuigh den Ghaeltacht agus, má tá mar chuspóir againn uilig an Ghaeilge a chur chun cinn, go háirithe ag an luathaois, go mbeadh sé sin ar fáil i mbailte eile.
Comment on this
Ar an bpointe sin, ní as an nGaeltacht dom ach aontaím go hiomlán leis an Leas-Chathaoirleach maidir le ceist na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Tá géarchéim ansin. An stair a bhaineann leis, ná, fadó, bhí Comhar Naíonraí na Gaeltachta ann agus bhí maoiniú á fháil aige. Bhí oiliúint á cur ar stiúrthóirí na naíonraí. Bhí naíonraí ar fud na háite. Ach anois, mar a dúirt an Leas-Chathaoirleach - is garchlann atá agam anois seachas clann - i mBaile Átha Cliath, tá a fhios ag na tuismitheoirí nach bhfuil naíonra ina gceantar. Tá naíonraí ag dúnadh, mar shampla, tá Lios na nÓg agus Scoil Bhríde i ndeisceart na cathrach dúnta. D'aithin an Leas-Chathaoirleach gur fadhb í.
Comment on this
Den chuid is mó, bhí siad i nGaelscoil. Cad atá feicthe agam ná tá an seomra ag teastáil ón scoil. Tá fás mór tagtha ar na scoileanna agus tá an seomra ag teastáil uathu. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil aon spás fágtha don naíonra, naíscoil nó pé rud atá ann. Is ceist níos mó í sin dúinn mar pholaiteoirí.
Luadh an obair atá ar siúl le hAcadamh na hOllscolaíochta ar An gCeathrú Rua faoin gcáilíocht QQI leibhéal 6 agus gur cóir leibhéal 8 cúram leanaí a chur ar fáil. An bhfuil Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag déanamh idirdhealú leis an acadamh faoi láthair chun é sin a chur ar fáil? Céard é an plean ansin?
Comment on this
Bhíomar ag caint leo agus le Roinn na Gaeltachta. An scéal deireanach a chualamar faoi sin ná go raibh sé chun céim a chur ar fáil san ollscoil, ach níor éirigh leo daoine a fháil atá in ann na cúrsaí seo a chur ar fáil ag leibhéal céime.
Comment on this
Tá sé sin ag dul siar cúpla bliain anois.
Comment on this
Ba chóir don Roinn agus don ollscoil labhairt lena chéile agus le Comhar Naíonraí na Gaeltachta chun tús a chur leis seo. Tá na múinteoirí ann ó thaobh leibhéal 6. Cheapfá go mbeidís in ann múineadh i gcomhair leibhéal 8 chomh maith. Cheapfá. Níl a fhios agam anois.
Comment on this
Tá na cúrsaí ag leibhéal 6 á ndéanamh ar líne. Tá an chuid is mó acu i mBéarla. Tá a fhios agam go gcuireann an GRETB i Ros Muc seirbhísí suas go leibhéal 5 agus leibhéal 6 ar fáil i nGaeilge, ach níl sna réigiúin eile. Tá sé uilig i mBéarla agus ar líne.
Comment on this
Dá mbeadh leibhéal 8 ar fáil ar líne i nGaeilge, an meallfadh sé sin níos mó múinteoirí agus oibrithe go dtí an earnáil, go háirithe i nDún na nGall, i gCiarraí agus lasmuigh de Ghaillimh?
Comment on this
Tá leibhéal 5 agus leibhéal 6 ag an gcuid is mó acu cheana féin. I ndáiríre, gan a bheith diúltach an t-am ar fad, is í an fhadhb atá ann ná go bhfuil géarchéim san earnáil luathbhlianta. Tá brú ar dhaoine na cáilíochtaí seo a bhaint amach. Tá tú in ann é a dhéanamh níos sciobtha ar líne, b'fhéidir taobh istigh de shé mhí. Má dhéanann tú é go fisiciúil sna coláistí, tógann sé suas le dhá bhliain.
Comment on this
Sin é. B'fhéidir go bhfuil tú ag obair go páirtaimseartha ach tá muidne faoi bhrú agus ag streachailt chun daoine a fháil so táimid ag iarraidh ar ár gcuid fostaithe é a dhéanamh chomh sciobtha agus is féidir leo.
Comment on this
Bíonn an coiste seo ag plé le ceist na ndíolúintí ón nGaeilge san iarbhunscoil an t-am ar fad. Táim ag caint faoi eisceachtaí nuair nach mbíonn ar dhaltaí an Ghaeilge a dhéanamh don ardteistiméireacht, don teastas sóisearach nó pé rud. Den chuid is mó, is é an chúis a fhaigheann scoláirí na díolúintí seo ná go bhfuil disléicse acu. Agus na finnéithe ag feiscint na páistí óga seo ag teacht isteach sna naíolanna agus naíonraí, ar ndóigh, tá páistí le disléicse ann ag an aois sin nó nuair atá siad beagáinín níos aosta. An bhfeiceann siad aon fhadhb le páistí a bhfuil disléicse acu a chothú agus iad ag foghlaim agus ag labhairt na Gaeilge ag an am céanna?
Comment on this
Ní fheiceann. Mar a luaigh mé ar ball, tá scéim iontach ann darb ainm Tús is Fearr nó Better Start trína gcuirtear cabhair ar fáil do na páistí seo. B'fhéidir go mbeidh duine sa bhreis ag obair sna seomraí. Is í an fhadhb atá againn ná na daoine sin a fháil agus a choinneáil. Agus é sin ráite, is í an taithí atá againn ná go mbíodh fadhbanna againn ó thaobh teiripeoirí urlabhra ag rá le tuismitheoirí go mb'fhéidir go mbeadh sé níos fearr páiste a chur i scoil nó naíolann Béarla mar go mbeidh siad measctha suas nó trína chéile, ach is í an fhianaise atá ann ná nach mbíonn fadhb ar bith acu, rud atá feicthe againn go minic. Ní chuireann an Ghaeilge isteach orthu ar chor ar bith. Tá siad in ann í a fhoghlaim chomh maith le gach duine eile má fhaigheann siad an chabhair cheart. Tá gá le dóthain tacaíochtaí agus obair cheart idir na tuismitheoirí agus na múinteoirí atá ag obair ar an talamh.
Comment on this
Tá sé sin an-suimiúil. Tá sé sin ráite ag múinteoirí bunscoile agus roinnt múinteoirí meánscoile chomh maith. Is fadhb mhór atá againn ó thaobh na Gaeilge de. Tá gach rud atá ráite ag na finnéithe anseo ar maidin an-spéisiúil. Tá an t-uafás dúshlán rompu. Tuigimid é sin. Ó thaobh maoinithe, na gcáilíochtaí agus an pá do dhaoine a thagann isteach san earnáil trí Ghaeilge, cad í an deacracht is mó atá ann? Cén rud atá ag cur moill ar na finnéithe? Cén rud a choimeádann siad ina ndúiseacht san oíche gan chodladh?
Comment on this
Is í an fhadhb is mó atá ann ná an leibhéal pá atá á íoc. Mar a dúirt mé níos luaithe, má bhreathnaíonn tú ar an ráta atá leagtha síos ag an Roinn leanaí, €15 san uair lena bheith ag obair le páistí, níl sé sách maith sa lá atá inniu ann. Tá an bunráta pá €14.15. Níl duine ar bith ag dul a bheith ag obair san earnáil ar thart faoi 85 cent breise san uair. Tá géarchéim ann, mar a luadh cheana. Caithfear díriú isteach ar chúrsaí pá. Ó thaobh cáilíochtaí de, má tá céim acu, ba cheart dóibh a bheith ar an leibhéal céanna le múinteoirí bunscoile, a bhfuil céim acu freisin.
Comment on this
Mura mbeimis in ann an ráta céanna le múinteoirí bunscoile a fháil, cad faoi phá sa bhreis speisialta a bheith ann dóibh siúd atá ag obair trí Ghaeilge? Is é €14.50 san uair faoi láthair. Dá bhfaighidís €2 sa bhreis san uair as a bheith ag obair trí mheán na Gaeilge, an gcabhródh sé sin?
Comment on this
Caithfidh rud éigin a thabhairt isteach le cabhair a thabhairt, cinnte.
Comment on this
Chun aitheantas a thabhairt do na daoine seo atá ag obair sna luathbhlianta, ba cheart dearmad a dhéanamh ar rátaí in aghaidh na huaire. Má tá tú ag dul amach san oíche agus ag fáil feighlí leanaí, íocann tú iad in aghaidh na huaire. Ba cheart go mbeadh na daoine seo ar tuarastal agus go mbeidís cinnte ag tús na bliana. Tá an Rialtas tar éis scéim iontach a chur ar fáil, an NCS. Tá caint sna meáin gach lá faoi nach mbeidh níos mó ná €200 le híoc ag tuismitheoirí ó thaobh cúram leanaí. Is é aire a thabhairt do pháistí an jab is tábhachtaí ar dhomhan. Fáiltím roimhe sin. Ní ceart go mbeadh costais ollmhóra ag tuismitheoirí ach caithfear smaoineamh ar na daoine atá ag cur na seirbhísí seo ar fáil agus atá go fisiciúil á ndéanamh. Níl caint ar bith faoi na daoine seo ó thaobh tithe ná costais mhaireachtála. Gan na daoine sin, ní bheimis in ann ligean do thuismitheoirí dul amach ag obair. Caithfear díriú ar na múinteoirí.
Comment on this
Tuigim é sin. Is fadhb é sin leis an earnáil Bhéarla agus leis an earnáil Ghaeilge. Tá mo mhac ag tosú le cúram leanaí i gceann coicíse. Níl sé ach bliain amháin d'aois. Tá an bheirt againn ag obair. Tuigim é sin. Go dtí go bhfuil tuarastal iomlán ar fáil san earnáil, an mbeadh sé cabhrach dá mbeadh pá speisialta sa bhreis ar fáil? Aontaím gur chóir go gcuirfear tuarastal ceart ar fáil do gach duine san earnáil. Táim díreach ag smaoineamh faoin earnáil trí Ghaeilge. B'fhéidir go mbeadh rud éigin mar sin i bhfad níos éasca a fháil ná an rud mór.
Comment on this
Má smaoiníonn tú ar na scéimeanna pleanála teanga, tá na hoifigigh phleanála teanga ag feidhmiú sna réigiúin ar fad agus iad ag déanamh obair na gcapall. Tá daoine ar an talamh atá ag obair le páistí ag cur oideachais agus cúraim ar fáil. I ndáiríre píre, má smaoiníonn tú air, is cúntóirí teanga iad freisin. Ó thaobh a bheith mar chúntóir teanga istigh ag obair sna luathbhlianta trí mheán na Gaeilge, b'fhéidir go mbeidh maoiniú sa bhreis a thabhairt isteach.
Comment on this
Ó thaobh an tuairisc a chuirfidh an coiste le chéile nuair a smaoinímid faoi seo ar fad, b'fhéidir go gcuirfimid é seo isteach.
Comment on this
Bhí mé ag caint leis an Teachta Ó Muirí anseo. An bhfuil an liúntas sin fós ar fáil i gcomhair múinteoirí i scoileanna Gaeltachta?
Comment on this
Fuarthas réidh leis nuair a bhí ciorruithe á ndéanamh. Tá liúntas fós ag líon beag daoine le haghaidh teagasc trí mheán na Gaeilge ach le blianta anois níl an liúntas sin ar fáil do mhúinteoirí nuacháilithe a thagann isteach.
Comment on this
Maidir le plean straitéiseach nua Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, an mbeidh moltaí ann chun déileáil le fadhbanna a fheiceann an eagraíocht san earnáil faoi láthair? Is é an ceann is mó a fheicim féin ná teorainneacha infreastruchtúir. An mbeidh aon mholtaí sa phlean straitéiseach nua chun déileáil leo sin?
Comment on this
Tá plean ag Roinn na Gaeltachta. Tá deontais chaipitil ar fáil. Tá seirbhísí ar fáil i 65 ionad againn. Bheadh sé iontach dá mbeimis in ann plean a leagadh amach le Roinn na Gaeltachta nó leis an Roinn leanaí le huasghrádú a dhéanamh ar an 65 ionad sin. Tá €135 milliún fógartha ag an Roinn leanaí le haghaidh ionaid nua a thógáil ach caithfear breathnú ar na hionaid atá ann faoi láthair agus uasghrádú a dhéanamh orthu.
Comment on this
Tá siad ar léas againn. Is ionaid phobail iad go leor acu. Tá roinnt eile ar léas againn ó Údarás na Gaeltachta agus mar sin de.
Comment on this
An gá cur leis sin? An bhfuil tuilleadh ionad uainn?
Comment on this
Tá tuilleadh ionad uainn. Mar a luaigh mé, táimid ag obair leis an údarás ar ionaid cúram leanaí nua. Tá go leor scoileanna ag iarraidh seirbhísí breise a chur ar fáil.
Comment on this
Tá a fhios ag na finnéithe cá bhfuil an t-éileamh sin. An bhfuil sé sin i dtuairisc acu? Ar mhiste leo é sin a roinnt linn?
Comment on this
Tá sé luaite sa tuairisc, áit a bhfuil na liostaí feithimh againn.
Comment on this
Feicim é sin. B'fhéidir go bhfuil gá cur leis an 65 ionad a labhair Ray Mac Pháidín fúthu. Cad iad na ceantair ina bhfuil gá le hionaid nua nó ionaid bhreise?
Comment on this
Tá siad ar fud na Gaeltachtaí. Luaigh mé ceann i nDún na nGall. Tá ceann eile thíos i gCorcaigh. Táimid ag leagan amach cá háit a bhfuil an t-éileamh.
Comment on this
Maidir leis an ngá atá luaite ag Ray Mac Pháidín sa ráiteas tosaigh "le hinfheistíocht leanúnach chun pleanáil chun tosaigh agus chun inbhuanaitheacht na seirbhísí a chinntiú, chun seirbhísí beaga tuaithe agus oileáin a choinneáil oscailte", an bhfuil mórán de na seirbhísí i mbaol faoi láthair nó dúnta?
Comment on this
Tá 12 de sheirbhísí beaga a bhfaighimid maoiniú breise chun iad a choinneáil oscailte. Tá sé luaite agam sa ráiteas. Is €150,000 a fhaighimid le tacú leis na seirbhísí beaga ar na hoileáin, mar shampla, agus i gceantair iargúlta. Teastaíonn uainn breis airgid a chur ar fáil do na seirbhísí beaga sin. Chomh maith leis na seirbhísí nua atáimid a oscailt, caithfear trealamh a fháil isteach iontu. Faoi láthair, má thosaímid le seirbhísí, táimid ag tógáil trealamh amach as ionaid eile. Is trealamh dara láimhe a bhíonn acu. Sa lá atá inniu ann, ba cheart go mbeadh deontas de €15,000 nó €20,000 ar fáil do sheirbhísí nuabhunaithe le haghaidh trealaimh d'ardchaighdeán a chur isteach iontu. Sin rud amháin agus muid ag amharc-----
Comment on this
Moladh maith eile. An bhfaigheann Comhar Naíonraí na Gaeltachta maoiniú breise le haghaidh na seirbhísí beaga sin ón Roinn?
Comment on this
Faighimid €150,000 sa bhliain le haghaidh iad a choinneáil ag imeacht agus tá sé sin an-bheag.
Comment on this
Tá sé ró-íseal mar tá na barrchostais imithe tríd an díon.
Comment on this
Ar labhair Comhar Naíonraí na Gaeltachta leis an Roinn chun é sin a ardú?
Comment on this
Ag teacht ar ais chuig ceist an phá agus tuarastail ar feadh nóiméid, luaigh na finnéithe go mbeadh sé an-dearfach dá mbeadh tuarastal socraithe agus buan ag an 250 ball foirne. Cén sórt socruithe atá acu faoi láthair? An bhfaigheann siad ráta pá in aghaidh na huaire?
Comment on this
I ndáiríre, tá múinteoirí de chuid Comhar Naíonraí na Gaeltachta ar rátaí pá níos fearr ná go leor seirbhísí sa tír seo. Má tá tú ag obair i naíonra, bíonn tú ag obair ar feadh 15 uair a chloig leis na páistí ar maidin ach íocann muid cúpla uair an chloig sa bhreis ionas go mbeidh na múinteoirí in ann díriú ar pháipéarachas, breathnóireachtaí ar na páistí, déileáil leis na tuismitheoirí agus, dár ndóigh, an áit a choinneáil slán sábháilte, glan agus gach rud eile. Íocaimid na múinteoirí ar son 21 uair an chloig sa tseachtain. Faigheann siad airgead i rith an tsamhraidh freisin. Ní pá iomlán atá ann ach stopann sé iad ag dul isteach chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí. Tá scéim nua againn freisin. Má théann siad ar shaoire máithreachais, cuirimid lena gcuid pá fad is atá siad amuigh freisin. Tá na coinníollacha níos fearr ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta ach ba bhreá linn coinníollacha i bhfad níos fearr a fheiceáil agus go mbeadh cinnteacht ann. Dá mbeadh an chinnteacht sin ann, ní bheadh muid i gcomórtas chomh mór sin leis na bunscoileanna agus ní bheadh na múinteoirí atá againn atá ag leibhéal 5 nó 6, go leor acu ar leibhéal 8, ag dul ar aghaidh chun a bheith ina múinteoirí bunscoile.
Comment on this
Maidir leis an ngnáthchonradh a bheadh ag múinteoirí le CNNG, cén sórt téarma atá sa chonradh? An bhfuil siad ar chonradh bliain i ndiaidh bliana? Cén sórt socruithe atá ann?
Comment on this
Tá siad ar chonarthaí buana. Má théann siad thar trí bliana, tá siad buan.
Comment on this
Tá, ach amháin na múinteoirí nua atá againn atá mar chúntóirí riachtanais speisialta nó cúntóirí AIM. Sa chás sin, bíonn sé ag brath ar cé chomh fada is a mbeidh na páistí ag freastal ar ár gcuid seirbhísí; mar sin, conradh de bhliain nó dhá bhliain atá i gceist.
Comment on this
Cé a shocraíonn an ráta úr sin ar an gconradh buan leis an 21 uair sa tseachtain? Cad as a thagann an ráta pá sin?
Comment on this
Tá na rátaí pá leagtha síos againn. Táimid ag breathnú ar na leibhéil phá atá ceadaithe ag an Roinn. Is comhlacht neamhbhrabúis muid; mar sin, táimid ag cur an maoiniú uilig isteach le déanamh cinnte go bhfuilimid ag coinneáil-----
Comment on this
Tuigim. Leagann an Roinn amach na rátaí pá sin.
Comment on this
Tá ceist amháin eile agam. Ó thaobh an mhaoinithe atá tugtha ag an Roinn do CNNG idir 2023 agus 2026, an bhfuil aon assumptions ó thaobh fáis curtha isteach sa mhaoiniú sin? An bhfuil aon spás ag CNNG le go mbeadh 250 baill foirne aige i mbliana ach b'fhéidir go mbeadh 275 aige an bhliain seo chugainn? An bhfuil aon rud curtha isteach sa bplean sin ó thaobh fáis de?
Comment on this
Tá spriocanna leagtha síos sa phlean dúinn go mbeimid ag cur an oiread seo breis seirbhísí ar fáil. Go háirid, sna seirbhísí iarscoile, tá méadú mór tagtha le trí bliana anois ar líon na seirbhísí iarscoile atáimid ag cur ar fáil. Maidir leis na tacaíochtaí teanga, is 865 páiste atá i gceist ansin agus tá seirbhísí a bhfuilimid ag iarraidh Gaeilge a chur isteach iontu. Tá maoiniú curtha ar fáil dóibh sin. Tá KPI leagtha síos ag an Roinn dúinn.
Comment on this
Tá na spriocanna ag fás sa mhaoiniú féin. Gabhaim buíochas leis na finnéithe.
Comment on this
Leis sin, cuirfidh mé clabhsúr leis an gcruinniú. An bhfuil sé sin aontaithe? Aontaithe. Cuireann sé sin deireadh lenár mbreithniú inniu. Gabhaim buíochas leis na hionadaithe ó Chomhar Naíonraí na Gaeltachta - Muireann Ní Mhóráin, Joanne Ní Chríodáin, Ray Mac Pháidín agus Pattie Stundún - as an bplé fiúntach agus tairbheach a bhí againn. Go raibh míle maith acu. Cuirim an cruinniú ar athló go dtí 11 a chlog ar an 10 Feabhra seo chugainn nuair a leanfaimid ar aghaidh lenár bplé ar an éileamh atá ann ó thuismitheoirí ar fud na tíre naíonra agus naíscoileanna lánGhaeilge a bheith ar fáil dá gcuid páistí.