An tÉileamh ar Naíonraí agus Naíolanna Lán-Ghaeilge: Plé (Atógail)
The committee examined demand for fully Irish-language crèches and preschools outside and inside the Gaeltacht, with both the Children’s Department and the Gaeltacht Department outlining current supports and future plans. The Children’s Department said 192 services are currently wholly Irish-medium, that overall provision has remained broadly stable since 2023, and that a national plan for Irish-medium early years provision is being drafted for publication in the coming months. Deputies pressed for faster action, more data on closures, better capital support for struggling naíonraí, and clearer help for immersion settings. The Gaeltacht Department then began setting out its own investment in early years and language-planning supports within the Gaeltacht.
Tá an Seanadóir Seán Kyne ar líne againn inniu. Anois, déanfaimid ár mbreithniú ar an éileamh atá ann ó thuismitheoirí ar fud na tíre naíonraí agus naíolanna lánGhaeilge a bheith ar fáil dá gcuid páistí, leis na hionadaithe seo a leanas ón Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais: Úna Ní Dhubhghaill, príomhoifigeach; Toby Wolfe, príomhoifigeach; agus Eimear Carron, príomhoifigeach cúnta. Tá fáilte mhór rompu. Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 3, taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais.
Sula leanfaimid ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a nguthán soghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe poiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiscint ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad féin ag caint.
Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu ó lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéanfaidh siad amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.
Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí go b'fhéadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá a d'fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfaí a ráiteas a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin. An nglactar leis na treoracha sin? Glactar.
Sa seisiún seo, beimid ag díriú isteach ar sholáthar nó neamhsholáthar naíonraí agus naíolanna lánGhaeilge lasmuigh den Ghaeltacht amháin. Anois, iarraim ar an Roinn a ráiteas tosaigh a dhéanamh.
Comment on this
Gabhaim buíochas as an deis casadh leis an gcomhchoiste inniu maidir le tiomantas na Roinne Leanaí, Míchumais agus Comhionannais don Ghaeilge. Is mór dúinn an deis a bheith againn an coiste a chur ar an eolas ar an méid atá á dhéanamh sa Roinn againn, i gcomhar le Ranna agus gníomhaireachtaí eile, chun tacú le soláthar Gaeilge a fhorbairt i bhfoghlaim agus cúram na luath-óige agus cúram leanaí ar aois scoile. Tá comhghleacaithe ón Roinn liom inniu a bhfuil freagracht orthu as beartas sa limistéar seo. Bainfidh siadsan úsáid as na seirbhísí aistriúcháin atá ar fáil chun dul i ngleic le haon cheisteanna a bheidh ag na baill níos déanaí.
Tá an-tábhacht ag baint le foghlaim agus cúram na luath-óige agus cúram leanaí ar aois scoile i dtaobh tacú le forbairt agus folláine leanaí. Tacaíonn siad freisin leis an bpáirt a ghlacann tuismitheoirí i bhfostaíocht agus oiliúint. Mar chuid de sin, tá ról tábhachtach ar leith acu chun tacú leis an nGaeilge. Taispeántar sa taighde agus sa chleachtas arís agus arís eile gur tréimhse ríthábhachtach í an luath-óige sa sealbhú a dhéanann leanbh ar theanga. Bíonn sárchumas ag leanaí i rith na mblianta múnlaitheacha sin chun teanga a fhoghlaim go nádúrtha trí thumadh, idirghníomhú agus súgradh. Nuair atá foghlaim agus cúram na luath-óige agus cúram leanaí ar aois scoile ar fáil ar ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge, tacaíonn sé go mór le leanaí chun líofacht agus muinín a fhorbairt i nGaeilge. Ní hamháin sin, ach leagann sé bunchloch dhaingean do leanaí chun leanúint orthu an Ghaeilge a úsáid i rith an tsaoil. Tá tuiscint an-mhaith ag an Roinn ar cé chomh tábhachtach atá sé tacú le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil do leanaí ó aois óg.
Aithníonn an Roinn freisin an t-éileamh i measc tuismitheoirí agus pobal laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, daoine gur mhaith liom go mbeadh a leanaí tumtha sa Ghaeilge ón aois is óige agus is féidir agus go dteastaíonn leanúnachas uathu idir foghlaim agus cúram na luath-óige trí mheán na Gaeilge agus scoileanna ina múintear trí mheán na Gaeilge. Tuigeann an coiste go bhfuil roinnt comhlachtaí poiblí páirteach sa limistéar seo ar leibhéil éagsúla, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, an Roinn Oideachais agus Óige agus eagraíochtaí cosúil le Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus Gaeloideachas ina measc. Comhoibríonn an Roinn atá againne go gníomhach leis na comhlachtaí go léir sin agus le gníomhaireachtaí a ndéanaimid maoirseacht orthu, Tús Níos Fearr agus na coistí contae i gcúram leanaí san áireamh.
Tugann an Roinn an maoiniú céanna do sheirbhísí a sholáthraítear trí mheán na Gaeilge agus trí mheán an Bhéarla, laistigh agus lasmuigh de cheantair Ghaeltachta. Tugaimid maoiniú do 192 seirbhís a thugann le fios gur seirbhísí iad ina bhfeidhmítear go hiomlán trí mheán na Gaeilge, a bhfuil 84 díobh i gceantair Ghaeltachta agus 108 lasmuigh de cheantair Ghaeltachta. Cuireadh €19 milliún ar fáil do shuíomhanna ina bhfeidhmítear trí mheán na Gaeilge i gclárbhliain 2025-26 i measc scéimeanna maoinithe éagsúla na Roinne. Gabhaigí ár leithscéal; tá botún beag sna dátaí sa leagan a seoladh chuig an gcoiste. Is é 2025-26 atá i gceist seachas an rud atá scríofa.
Cuireann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta tacaíochtaí breise ar fáil do sheirbhísí fhoghlaim agus chúram na luath-óige agus cúraim leanaí ar aois scoile sa Ghaeltacht trína gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí cosúil le Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta. Anuas air sin, d’fhógair an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta maoiniú cúig-bliana in 2024 chun seirbhís chuimsitheach tacaíochta agus forbartha a chur ar fáil do naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Gaeloideachas a bheidh i mbun riarachán an mhaoinithe seo. Chuir an Roinn atá againn leis an maoiniú sin trí mhaoiniú breise a chur ar fáil do Ghaeloideachas in 2025 agus 2026 chun tacú le seirbhísí lasmuigh den Ghaeltacht.
Cuireann an Roinn réimse tacaíochtaí ar fáil freisin chun caighdeán seirbhísí fhoghlaim agus chúram na luath-óige agus cúraim leanaí ar aois scoile a fheabhsú trí Tús Níos Fearr, coistí contae agus cathrach i gcúram leanaí agus tacaíochtaí eile. Is tionscnamh náisiúnta é Tús Níos Fearr. Is í an aidhm atá aige ná cur chuige náisiúnta comhtháite a chur chun cinn maidir le cáilíocht i seirbhísí a fhorbairt. Tá roinnt ball foirne aige ar féidir leo meantóireacht agus oiliúint a chur ar fáil do sheirbhísí trí Ghaeilge. Chomh maith leis sin, déanann na coistí contae agus cathrach i gcúram leanaí, atá mar ghníomhairí áitiúla na Roinne i dtaobh tacú le hearnáil, tacaíocht a chur ar fáil do shuíomhanna ina bhfeidhmítear trí mheán na Gaeilge. Oibríonn siad le hoibrithe forbartha Chomhar Naíonraí na Gaeltachta agus Gaeloideachas, a sholáthraíonn tacaíochtaí díreacha do na stiúrthóirí sna seirbhísí ina bhfeidhmítear trí mheán na Gaeilge.
Tuigimid sa Roinn go maith cé chomh tábhachtach atá sé tacú le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil agus muid ag obair leis an earnáil.
Mar shampla, sheol an Roinn an suíomh gréasáin Nurturing Skills, nó Scileanna a Chothú, anuraidh, áit a gcuirtear mol lárnach ar fáil chun teacht ar eolas faoi conas atá an Rialtas ag tacú leis an ngairm bheatha. San áireamh, tá eolas ar dheiseanna d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach d’oideachasóirí luathbhlianta. Tá na hacmhainní oiliúna atá ar fáil ar an suíomh gréasáin i nGaeilge agus i mBéarla.
Ó thaobh beartais de, tagann forbairt an tsoláthair Ghaeilge i seirbhísí fhoghlaim agus chúram na luath-óige agus cúraim leanaí ar aois scoile go mór leis na huaillmhianta faoin straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Tagann sí chomh maith le cuspóirí níos fairsinge maidir le caighdeán, ionchuimsiú agus inrochtaineacht san earnáil. Tá sé ceangailte freisin le prionsabail Aistear, creatchuraclam na luath-óige, agus Síolta, an creat náisiúnta cáilíochta don oideachas luath-óige. Leagtar béim iontu siúd ar fhéiniúlacht, muintearas, cumarsáid agus folláine leanaí a chur i gceartlár an chleachtais. Nuashonraíodh Aistear, an creatchuraclam, sa bhliain 2024 agus tá aidhm curtha san áireamh ann den chéad uair chun tacú le gach leanbh óg feasacht agus tuiscint a bheith acu ar an nGaeilge agus ar ár n-oidhreacht chultúrtha agus teangeolaíochta.
Tá dhá ghníomh in Na Chéad 5: Straitéis Uile-Rialtais do Naíonáin, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh 2019-2028 atá dírithe go sonrach ar thacú le forbairt na Gaeilge san earnáil. Tá an chéad ghníomh dírithe ar bhearta a thabhairt isteach lena chinntiú go mbíonn teacht ag leanaí i gceantair Ghaeltachta ar sholáthar fhoghlaim agus chúram na luath-óige trí mheán na Gaeilge. Tá an gníomh sin faoi stiúir comhghleacaithe sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Tá an dara gníomh dírithe ar mheicníochtaí a fhorbairt chun tacaíochtaí breise Gaeilge a thabhairt do sheirbhísí fhoghlaim agus chúram na luath-óige in áiteanna a bhfuil líonta móra leanaí ag foghlaim trí mheán na Gaeilge. Tá an gníomh sin faoi stiúir ár Roinne féin.
Tacaíonn an Roinn go láidir leis an bplean gníomhaíochta cúig-bliana don Ghaeilge. Tar éis dul i gcomhairle leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, thugamar gealltanas chun tabhairt faoi shraith gníomhartha tábhachtacha. Ina measc sin, tá eolas agus tacaíochtaí a thabhairt maidir le foghlaim agus cúram na luath-óige agus cúram leanaí ar aois scoile do thuismitheoirí a bhfuil a leanaí á dtabhairt aníos acu trí Ghaeilge; dhá phost Gaeilge a chruthú, mar a luaigh mé cheana, atá suite in Tús Níos Fearr; agus buntacaíochtaí agus oiliúint a bhunú do naíonraí.
Tá an Roinn ag obair faoi láthair i gcomhar le Ranna agus gníomhaireachtaí bainteacha eile agus le comhghleacaithe, ach go háirithe sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, chun plean náisiúnta a chur le chéile chun forbairt an tsoláthair Gaeilge san earnáil a chur chun cinn. Gealltanas é forbairt an phlean sin sa phlean gníomhaíochta cúig-bliana don Ghaeilge. Táthar ag súil go dtacóidh an plean náisiúnta atá le teacht le dhá cheann de na gealltanais in Na Chéad 5. Táthar ag súil freisin go dtacóidh an plean leis na gealltanais i gclár an Rialtais a shásamh, is iad sin: “Tacú le naíonraí agus le naíolanna lena chinntiú go mbíonn rochtain ar luathoideachas i bpobail Ghaeltachta agus taobh amuigh den Ghaeltacht” agus “Pleanáil a dhéanamh maidir le háiseanna faoi stiúir an Stáit a fhorbairt, i gcomhar leis an gclár tógála scoile, naíonraí lán-Ghaeilge san áireamh”.
Tugadh faoi roinnt gníomhartha ullmhúcháin chun forbairt an phlean náisiúnta a thabhairt chun cinn. Rinneadh suirbhé ar shuíomhanna ina bhfeidhmítear trí mheán na Gaeilge, feighlithe leanaí ina measc, idir 2022 agus 2023 chun bonnlíne leibhéal an tsoláthair trí mheán na Gaeilge san earnáil ag an tráth sin a dheimhniú. Eagraíodh comhairliúchán poiblí, clár taighde agus athbhreithniú litríochta in 2024. Cuireadh comhairliúchán le leanaí ar siúl freisin in 2025.
Chomh maith leis an díriú ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar, táthar ag súil go mbeidh bearta sa phlean náisiúnta nua freisin chun tacú le níos mó seirbhísí ina bhfeidhmítear trí mheán an Bhéarla tacú le feasacht luath leanaí ar an nGaeilge mar chuid de chreatchuraclam nuashonraithe Aistear. Beartaítear go bhfoilseofar an plean náisiúnta agus tuarascálacha ar an gcomhairliúchán sna míonna amach romhainn.
Mar sin féin, is eol dúinn go dtiocfaidh dúshláin aníos maidir le soláthar Gaeilge a fhorbairt agus a chothú. I measc na ndúshlán sin, tá acmhainn an lucht saothair agus teacht ar oiliúint agus forbairt ghairmiúil oiriúnach, ar mhaoiniú agus ar bhonneagar caipitil. Chun go rachaimis i ngleic leis na dúshláin sin, beidh gá le cur chuige comhordaithe agus fadtéarmach atá bunaithe ar chomhpháirtíocht idir an Rialtas, an earnáil agus pobail na Gaeilge. Beidh sé mar aidhm ag an bplean náisiúnta dul i ngleic leis na saincheisteanna seo agus le cinn eile i rith shaolré an phlean.
Mar fhocal scoir, aithníonn an Roinn an t-éileamh atá ann i measc tuismitheoirí ar fud na tíre ar fhoghlaim agus cúram na luath-óige agus cúram leanaí ar aois scoile trí mheán na Gaeilge. Tá dul chun cinn déanta againn chun tacaíochtaí a neartú do sheirbhísí ina bhfeidhmítear trí mheán na Gaeilge, ach aithnímid go bhfuil níos mó le déanamh go fóill. Tá an Roinn tiomanta d’obair go comhoibríoch le Ranna agus gníomhaireachtaí eile lena chinntiú go dtacaíonn beartas fhoghlaim agus cúram na luath-óige agus cúraim leanaí ar aois scoile le córas comhtháiteach ardchaighdeáin ina bhfeidhmítear trí mheán na Gaeilge ar fud na tíre. Gabhaim buíochas leis an Leas-Chathaoirleach. Tá mo chomhghleacaithe sásta ceisteanna an choiste a fhreagairt agus éisteacht le tuairimí na mball.
Comment on this
Gabhaim buíochas as an ráiteas tosaigh sin. Leanfaimid ar aghaidh leis na ceisteanna. Glaoim ar an Teachta Ní Raghallaigh.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad as teacht isteach inniu chun an ábhar ríthábhachtach seo a phlé. Tá sé tar éis a bheith luaite againn cúpla uair. Gabhaim buíochas as an ráiteas tosaigh freisin. Tosóidh mé le dhá cheist. Baineann an chéad cheist leis an bplean náisiúnta. Dúirt Úna Ní Dhubhghaill go mbeidh sé amuigh sna míonna romhainn. Cathain a tharlóidh sé seo? Cloisimid é seo go rialta. An bhfuil dáta ar leith ag an Roinn? Ní dóigh liom go bhfuil "na míonna romhainn" maith go leor. An mbeidh muid ag fanacht ar an bplean gníomhaíochta ar feadh blianta eile? Cathain a chuirfear an plean i bhfeidhm? Ní féidir linn fanacht le tuilleadh moilleadóireachta. Deir na finnéithe go bhfuil a fhios acu go bhfuil an t-éileamh ann. Tá sé in am an t-éileamh sin a shásamh. Cad iad torthaí na hoibre ullmhúcháin a rinne an Roinn maidir leis an bplean náisiúnta? Tiocfaidh mé ar ais le mo dhara ceist.
Comment on this
Freagróidh mo chomhghleacaí Toby Wolfe an cheist sin.
Comment on this
I cannot give an exact date for when the plan will be published. Work on the drafting process is actively under way at the moment. I acknowledge that the preparation of the plan has taken some time. As my colleague has mentioned, there are quite a number of stages to the preparation process. These include data gathering, research and an extensive consultation process. As my colleague has mentioned, this is to be a whole-of-government plan, not just a plan for this Department so we are now in a phase of interdepartmental collaboration to agree the approach to the plan. The intention is certainly to publish it this year, in the coming months. I apologise; I did not quite get the second question. It was about the results of the-----
Comment on this
An t-ullmhúchán a rinne an Roinn don phlean náisiúnta.
Comment on this
Yes, the consultation process and survey. We have not yet published the detailed consultation findings but I can share some details about the process. In respect of the consultations, we had an online survey with over 1,600 responses as well as 12 written submissions. A number of focus groups were involved and there was a national stakeholder consultation event with 37 different attendees. That was the consultation with adults but we also undertook consultation with children. An advisory group was established to support the work of developing the national plan. The advisory group included relevant Departments and agencies, along with stakeholder organisations. It was strongly of the view that we consult children, and we did so. That is also part of the process.
With regard to the research undertaken, there was a literature review that looked at experiences in a number of other countries as well as research from Ireland. It looked at the experiences of other countries that have been through similar processes of supporting multiple languages within the early years sector. Belgium, Luxembourg, Wales, Finland and Iceland were examined as part of that. The Department of Education and Youth, at our request, undertook a review of inspections of Irish-medium early learning and care services and the findings of that have been published already.
As the Deputy will appreciate, given the breadth of different inputs, we must summarise all the findings. A lot of different views have come forward. What is for sure is that there was strong agreement on the importance of early learning and care and school-aged childcare in supporting the development of the Irish language and the need for us to do more to support the sector. A number of specific proposals received a lot of support during the process. For example, there was a lot of support for the idea of developing a recognition scheme for Irish-medium settings. That is something we are actively exploring to determine whether that is something we could commit to as part of the plan.
Comment on this
Cathain a fhoilseofar na torthaí sin ar fad?
Comment on this
All of the consultations reports will be published. We expect to publish them at the same time as the plan itself is published. They will be all be published in full.
Comment on this
Is mian liom dul ar ais. Luaigh Toby Wolfe tábhacht na Gaeilge, ina fhreagra díreach ansin agus ina ráiteas tosaigh chomh maith. Deir an Roinn go dtuigeann sí an tábhacht a bhaineann le seirbhísí luathoideachais sa Ghaeilge ach níl seirbhísí Gaeilge á gcur ar fáil aici ag an ráta atá de dhíth. Cúpla mí ó shín, roimh an Nollaig, bhí Gaeloideachas os comhair an choiste seo agus dúirt sé linn go mbíonn níos mó naíonraí á ndúnadh ná mar a bhíonn á n-oscailt. Mar sin, deir an Roinn go bhfuil fás ag teacht ar an earnáil ach an bhfuil rud éigin as cor ansin? An bhfuil sonraí ag an Roinn maidir le líon na naíonraí atá á ndúnadh?
Comment on this
Gabh mo leithscéal, ní raibh ateangaireacht againn ar an gcuid sin.
Comment on this
I can share some data on the number of Irish-medium early learning care and school-aged childcare services. I stress that all the data we have is self-reported by services. There is no independent verification, so we are reliant on services declaring whether they are Irish-medium. Comparisons with pre-2023 are difficult because, before 2023, only one question was asked. It was a rather blunt and, perhaps, unclear question in our annual sector profile. Since 2023, as a result of the work to develop a national plan, we have a more nuanced question that goes to all services in the sector. We ask them to differentiate whether they are wholly Irish-medium, a mixture of both Irish- and English-medium settings, an English-medium with some use of Irish or just solely English-medium. We also have a much clearer definition of what we mean by Irish-medium. The definition refers to the language staff in the service use when communicating with children.
The most recent data we have for the number of settings this year that declared themselves to be wholly Irish-medium and are in receipt of some funding from the Department is 192. I think that was the figure read out in the opening statement. A total of 84 of those are in Gaeltacht regions and the other 108 are outside the Gaeltacht regions. That is not a fixed number, however. It varies. Services open and close. This is a private sector model that we have in the early learning and care and school-aged childcare sector. Services open and close every year and at different points in the year. That number is not a fixed number and will change. Over the past three years since 2023, the proportion of Irish-medium services has been stable. Approximately 4% of all services in the sector declare themselves to be wholly Irish-medium and an additional 3% of services in the sector say they offer some Irish-medium provision as part of their service. They might, for example, have what they might call a naíonra room within a wider setting where there are also rooms in which English is used. Added together, 7% of services in the sector provide some availability of Irish-medium provision. That figure is unchanged in the past three years. While some services undoubtedly have closed, we know that some new services open every year. Our most recent data shows that, this year, as in previous years, new Irish-medium services have opened. The overall proportion has remained stable since 2023. Comparisons before that date, as I said, are trickier.
Comment on this
Cé mhéad cúrsa tríú leibhéal trí Ghaeilge a dtugann an Roinn maoiniú dóibh a thugann cáilíocht sa luathoideachas ag an deireadh?
Comment on this
The Department of children does not directly fund third level courses. We run a funding scheme, the nurturing skills learner fund, NSLF, to support early years educators to undertake degrees in early learning and care while they are continuing to work in the sector. The scheme provides up to 90% of the costs incurred by an individual. Currently, over 700 early years educators working in the sector are being supported through the nurturing skills learner fund. They can do those degrees in any third level institution on our list of approved courses, of which there are quite a number.
When it comes to the specific work of this committee, there are currently no third level courses in early learning and care that are delivered through the medium of Irish. That is certainly a recognised challenge. We have been working in collaboration with the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht to see what can be done to ensure there is at least some provision of third level courses in the sector through Irish. That Department, to which this committee will speak later, might be able to provide more detail in that regard. It has proved difficult. At least one university has tried to recruit staff to develop modules and ultimately a degree programme that would be offered through Irish. In spite of its best efforts and financial support being made available by that Department, it has proven difficult. That is certainly one of the challenges we will look at in the national plan.
Comment on this
Cuireadh €19 milliún ar fáil do na blianta 2025 agus 2026. Ciallaíonn sé sin go bhfuil, ar an meán, €98,000 ag dul do gach suíomh a thugann aire do leanaí, idir naíolanna agus naíonraí. An leor é?
Comment on this
The €19 million figure combines the funding available through all the Departments and different funding schemes, including the national childcare scheme, core funding, the access and inclusion model and other funding schemes. All the funding schemes that this Department operates are delivered on the same basis, regardless of whether the service is English-medium or Irish-medium or inside or outside of the Gaeltacht regions.
Is there enough funding going into the sector? The overall investment going into the sector has increased significantly in recent years. Total funding in the sector is now €1.5 billion across some 4,800 services in the sector. The level of funding going into Irish-medium services is broadly on a par with the level of funding going into English-medium services. Additional funding is made available to the sector through the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht. For example, it provides specific funding to Comhar Naíonraí na Gaeltachta for its services in the Gaeltacht regions.
Comment on this
Is í seo an cheist dheireanach atá agam. Maidir leis an 7% de sheirbhisí ina bhfuil seirbhís éigin trí Ghaeilge, tógaimis amach na láithreacha ina bhfuil Béarla á labhairt freisin mar is í an fhadhb atá agam - luaigh Úna Ní Dhubhghaill í chomh maith – ná go bhfuil an tumoideachas ríthábhachtach ag an luathaois. Cén céatadán de sheirbhísí a chuireann fíorthumoideachas ar fáil, is é sin, nach bhfuil aon Bhéarla le cloisteáil ar na láithreacha sin? Cén céatadán de na seirbhísí atá ar fáil go hiomlán trí Ghaeilge?
Comment on this
In total, 4% of all services in the sector state that they do so. As I mentioned earlier, it is self-reported so we are relying on services’ definition and understanding of their status. A total of 4% of all services in the sector state they are wholly Irish-medium. There are a number of options available in the question as to how services describes themselves, so we can reasonably assume that if they say they are wholly Irish-medium, they mean it. Of that proportion of services, a significant number are on school premises. For example, outside of the Gaeltacht regions, they are often on the sites of Gaelscoileanna. They are also established where they are part of a wider, Irish-speaking community. That proportion of 4% has remained fairly stable over recent years.
Comment on this
Is í an fhadhb ná go bhfuil sprioc againn go mbeidh 20% d’oibrithe a bheidh ag dul isteach san earnáil phoiblí in ann Gaeilge a labhairt. Níl ach 4% a bhfuil tumoideachas sa Ghaeilge á fháil acu ag an luathaois. An aontaíonn na finnéithe go bhfuil fadhb ansin?
Comment on this
Is cinnte go bhfuil dúshlán ansin agus beidh orainn dul i ngleic leis an dúshlán sin. Tá muid á dhéanamh sin i gcomhthéacs an phlean naisiúnta nua atá á fhorbairt. Luaigh Toby Wolfe an scéim aitheantais atá á plé freisin. I rith an chomhairliúcháin a rinneamar, chualathas an tuairim gur chóir scéim aitheantais a bhunú do sheirbhísí trí mheán na Gaeilge. Tá muid á plé i gcomhthéacs an phlean náisiúnta. Cabhróidh sé sin freisin.
Comment on this
Díreoidh mé ar an gceist céanna. Tá 4% de na háiseanna atá an Roinn ag maoiniú ag soláthar seirbhíse trí mheán na Gaeilge. Tá sé luaite anseo ag na finnéithe, áfach, go dtugann an Roinn an maoiniú céanna do sheirbhísí a sholáthraítear trí mheán na Gaeilge agus trí mheán an Bhéarla. Ní thugann an Roinn an maoiniú céanna don dhá chineál sheirbhís luathbhlianta sin - tá deis maoinithe ann. An bhfuil sé i gceart é sin a rá? Tá an deis maoinithe céanna ann ach ní thugann an Roinn an maoiniú céanna don dhá chineál seirbhíse sin. Tá míthuiscint ann. Is féidir "míthuiscint" a thabhairt ar an líne sin sa ráiteas tosaigh a deir go bhfuil an Roinn ag tabhairt an mhaoinithe céanna do sheirbhísí a sholáthraítear trí mheán na Gaeilge agus trí mheán an Bhéarla.
Comment on this
Tuigim an rud atá á rá ag an Teachta. Ní thugann an Roinn tacaíocht speisialta do sheirbhísí i gceantair Ghaeltachta. Is é sin an rud atá i gceist againn. Ní féidir linn idirdhealú dearfach a dhéanamh ar an bhunús sin. Tá a lán tacaíochta ar fáil ach tá sí ar fáil ar an bhunús céanna, is cuma más lasmuigh nó laistigh den Ghaeltacht atá an tseirbhís. B’fhéidir gur mhaith le Toby Wolfe sonraí eile a chur ar fáil don Teachta.
Comment on this
The Deputy is right that it is not identical funding. Rather, it is the opportunity for funding. The funding schemes are available to all services on the same basis. The amount of funding going to every service in the country is unique, regardless of the language spoken in the setting, because it will depend on various factors. With regard to the national childcare scheme, it depends on the number of children and income levels of families. Core funding depends on a range of factors, including the qualification levels of staff. The access and inclusion model depends on the needs of children with disabilities attending the setting, for example. Those are all factors that affect the level of funding in the sector.
Our funding is a mix of universal and targeted funding. Where there is targeted funding, up to this point the priorities are to support the most disadvantaged children and families. The access and inclusion model prioritises funding to support children with disabilities attending services, regardless of the language spoken in the service. The national childcare scheme provides additional funding for families on the lowest incomes. The lower the income, the higher the level of funding that goes into the service to enable fees to be reduced for those families. The most recent targeted funding developed by the Department has been the Equal Start programme which, since 2024, has provided additional funding to settings operating in the most disadvantaged communities to support the most disadvantaged families. Again, all of these funding schemes are available to both English-and Irish-medium settings.
Comment on this
Cad as a dtagann maoiniú Chomhar Naíonraí na Gaeltachta?
Comment on this
It is funded by the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht.
Comment on this
Ní fhaigheann sé tada ón Roinn leanaí.
Comment on this
No. It is a collaborative approach, and it has been for many years. The two Departments work together to support Irish-medium provision in the sector.
Comment on this
Íocann an Roinn eile lena aghaidh ar fad.
Comment on this
Yes. It provides the funding for Comhar Naíonraí na Gaeltachta. I stress that is the funding for Comhar Naíonraí na Gaeltachta as an organisation. However, the services under the umbrella of Comhar Naíonraí na Gaeltachta are among the figure of 192 early learning and care and school-aged childcare settings about which I was talking.
Comment on this
Those settings will be funded as part of that €90 million coming from the Department of children.
Comment on this
Go bhfios dom, bíonn a chuid seirbhísí féin aige. Cuireann Comhar Naíonraí na Gaeltachta seirbhísí ar fáil é féin. Earcaíonn sé an fhoireann agus chuile rud mar sin ach íocann an Roinn leanaí le haghaidh na seirbhísí sin chomh maith.
Comment on this
Yes. We provide funding at the level of individual services through the funding schemes we provide. The funding provided by the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht is additional funding for the organisation as a whole. It is an umbrella organisation. The same approach is taken for other umbrella groups or organisations across the country that run a number of settings. In this Department, we provide funding at a setting level, rather than at an organisational level.
Comment on this
Tá ceist amháin eile agam.
D'fhógair an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta maoiniú cúig bliana in 2024 chun seirbhís chuimsitheach tacaíochta agus forbartha a chur ar fáil. Ar chuidigh an Roinn leis sin? Ar chuir sé maoiniú breise ar fáil lena haghaidh chomh maith?
Comment on this
This is in relation to the funding to Comhar Naíonra na Gaeltachta-----
Comment on this
No. Anuas air sin, d'fhógair an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta maoiniú cúig bliana in 2024 chun seirbhís chuimsitheach tacaíochta agus forbartha a chur ar fáil do naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Thóg an Roinn sin an céim sin. Ar chabhraigh an Roinn leanaí leis sin le maoiniú nó in aon bhealach eile?
Comment on this
We have supported additional funding to Gaeloideachas. In 2025, we funded an additional €103,000 to Gaeloideachas which was matched in additional funding from the Department of the Gaeltacht. This year, 2026, we have increased that additional funding to Gaeloideachas to €190,000.
Comment on this
Ba mhaith liom dul ar ais go dtí na figiúirí arís. Luaigh Toby Wolfe go bhfuil 4% den iomlán, nó 192 seirbhís, i gceist anseo. Dúirt sé go bhfuil 3% dóibh, nó timpeall 140 seirbhís eile, ag úsáid Gaeilge ag leibhéal éigin. An bhfuil an ceart agam ansin?
Comment on this
That is correct. The number is not a fixed number. Services open and close every year, even during the course of the year. As a percentage of the total number of settings, those percentages have been stable over the past few years.
Comment on this
An bhfuil straitéis ar leith ag an Roinn chun díriú ar an 140 seirbhís nó mar sin chun iad a athrú isteach i naíscoileanna a bhfeidhmíonn go hiomlán trí Ghaeilge?
Comment on this
We do not have a specific strategy in relation to that group of settings. They are clearly part of the Irish-medium provision that is going to be the focus of the national plan that is in development. Certainly an issue that has come up during the consultation process is the importance many people have attached to those settings as immersion contexts. That raises the question of whether they are appropriate immersion contexts. Against that, during the consultation some people have welcomed that model on the basis that it means there is at least some Irish-medium provision in communities where otherwise there would not have been any available. There is a balance to be struck there. Certainly, the question about the mix of different types of settings is one we will look at in the national plan.
I should note that during the work on developing this national plan, we have been exploring not only support for Irish-medium settings, but also support for the Irish language in English-medium settings. In our opening statement it was noted that the updated Aistear curriculum framework, which was updated in 2024, now for the first time includes the aim of supporting all young children to have an "awareness and appreciation" of the Irish language and our "cultural and linguistic heritage". Arising from that new curriculum framework, among other documents, we will explore in the national plan what we can do to support greater awareness and use of the Irish language in all early learning and care and school-age childcare settings, without in any way diminishing from the importance of providing specific supports for immersion settings.
Comment on this
Go raibh maith agat. Tiocfaimid ar ais chuige sin. Cé mhéad páistí atá ann - tá a fhios agam go n-athraíonn sé in aghaidh na bliana - sa 192 seirbhís sin, ní ó thaobh céatadán de ach ó thaobh uimhreacha de?
Comment on this
According to our data from January of this year, there were 7,198 children in that category.
Comment on this
An bhfuil a fhios againn cé mhéad páiste a chríochnaíonn sna naíscoileanna chuile bhliain a théann ar aghaidh go dtí Gaelscoileanna? An dtéann siad ar fad? An bhfuil éinne ag coimeád na figiúirí sin nó ag féachaint orthu?
Comment on this
We do not have a figure for the number of children who progress from Irish-medium preschools to Irish-medium primary schools. I stress that the figure we have for the 192 settings and the more than 7,000 children relates to all provision of early learning and care and school-age childcare. It is not just preschool programmes. It includes, for example, school-age childcare services, after-school services and before-school services. It encompasses all the services that the Department of children supports.
On an issue arising from the Deputy's question, work is under way at the moment between the Department of children and the Department of Education and Youth to develop a new transitions policy that will, among other transitions, focus on the transition between early learning and care settings and primary schools. We have a commitment - this was included in the policy for Irish-medium education outside the Gaeltacht that the Department of education published late last year - to ensure that the specific needs of children who receive their education through the medium of Irish are taken into account in the development of this transition policy.
Comment on this
Tá ceist amháin eile agam. Tiocfaidh mé ar ais le ceisteanna eile níos déanaí. An bhfuil a fhios againn cé mhéad seirbhísí naíscolaíochta Béarla atá sa Ghaeltacht?
Comment on this
I do not have an exact figure but I can give an approximate figure. In a survey of all services last year, 119 services stated they were in Gaeltacht areas and 84 of them stated they were Irish-medium services. Therefore, I would say the number is between 30 and 40. It will be a slightly different number this year, but as an approximate figure, there are 30 or 40 English-medium services, or services that are a mix of English-medium and Irish-medium but not wholly Irish-medium, in Gaeltacht areas.
Comment on this
Faoi láthair, níl aon straitéis ar leith ann chun iad sin a chasadh chuig Gaeilge ina iomlán, in ainneoin go bhfuil siad i gceantair Ghaeltachta. Is bunfhadhb í go bhfuil an Stát ag tabhairt maoiniú don chóras oideachais sa Ghaeltacht ag leibhéal na naíscoileanna atá go hiomlán i mBéarla nó ar a laghad leath i mBéarla, seachas a bheith as Gaeilge san iomlán.
Comment on this
I stress that the model we have for provision in the early learning and care and school-age childcare sector is a market system. Providers respond to demand. They set up where there is demand. As long as they meet regulatory requirements, early learning and care and school-age childcare services can be set up anywhere. I presume those services that are operating through English in the Gaeltacht regions are responding to some level of demand. The intention of the national plan that we are in the process of developing is to strengthen supports for Irish-medium provision as well as for greater use of the Irish language in English-medium settings.
Comment on this
Measaim gur fiú don choiste díriú isteach ar an gceist sin leis an Roinn.
Is féidir leis an Stát, má tá sé ag tabhairt airgid d’aon chóras nó dream príobháideach nó poiblí, coinníoll a chur ann go bhfuil an fhoráil go hiomlán trí Ghaeilge, nó go bhfuil straitéis ann go n-athrófar í go Ghaeilge thar tamall de bhlianta. B'fhéidir gur fiú é sin a thabhairt ar ais chucu siúd atá ag cur an plean náisiúnta le chéile, ach beimid ag déileáil leis an Roinn chomh maith.
Comment on this
Tá roinnt ceisteanna agam anois sula mbogaimid ar aghaidh. Ar dtús báire, is dea-nuacht é go bhfuil forbairt á dhéanamh ag na finnéithe ar phlean náisiúnta. Conas ar tharla sé sin? Cén fáth a bhfuil plean náisiúnta á chur le chéile ag an Roinn? Cad a tharla a chiallaigh gur thosaigh sé ag cur an obair seo isteach?
Comment on this
There was a commitment under the 20-year plan for the Irish language. The most recent five-year action plan included a commitment to develop a comprehensive plan to support Irish-medium provision. It is a project that arose from that commitment.
Comment on this
The Deputy might give us a moment to check the wording in the original 20-year strategy. Certainly, there is a commitment in the most recent five-year plan. The work also responds to commitments in First 5, the whole-of-government strategy for babies, young children and their families, which was published in 2018 and covers the period from 2019 to 2028. There are also commitments in the programme for Government relating to supporting the sector. The work responds to all of those commitments.
Comment on this
An mbíonn oifigigh na Roinne ag fanacht ar an Rialtas straitéis a thabhairt dóibh chun obair a dhéanamh, go háirithe ó thaobh na Gaeilge? Má fheiceann siad nach bhfuil seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge, an ndéanann siad beart? An mbíonn siad ag obair ar an easnamh sin, nó an mbíonn siad ag fanacht an t-am ar fad go gcuirfidh an Rialtas rud éigin os a gcomhair?
Comment on this
There has been an active process of strengthening our supports for some years. It is done on a cross-Government basis. We have collaborated with the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht for some years. We have an oversight committee under that five-year action plan. It has not just been about developing a new national plan; there has been an oversight committee overseeing the actions that are under way at present. We have been actively trying to support this sector by working with the various agencies to strengthen the supports they provide - through Better Start, for example - and by working with the inspectorates. There was a note in the opening statement about our Nurturing Skills workforce plan, which was published a couple of years ago. There are a number of commitments in the plan to strengthen supports for the Irish language in the workforce working in the sector.
Comment on this
Tá an Roinn ag tabhairt tacaíochta don earnáil. Luaigh Toby Wolfe níos luaithe nach bhfuil difríocht ann ó thaobh na naíscoileanna agus naíonraí, cé go bhfuil sé feicthe ag tromlach na ndaoine anseo go bhfuil naíonraí ag dúnadh. Glacaim leis go bhfuil níos mó naíonraí ag oscailt, agus is rud maith é sin. Tá sé an-soiléir, go háirithe timpeall Bhaile Átha Cliath, Contae Chill Dara agus Contae na Mí, go bhfuil naíonraí ag dúnadh an t-am ar fad toisc nach féidir leo suíomhanna a fháil. Tá sé feicthe againn ar feadh na blianta go bhfuil naíonraí agus naíscoileanna lonnaithe ar shuíomhanna Ghaelscoileanna, mar a dúirt Toby Wolfe níos luaithe. An fhadhb atá ann ná go bhfuil fás mór tagtha ar na Gaelscoileanna, agus tá na seomraí sin ag teastáil uathu. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil suíomhanna ag naíonraí agus naíscoileanna agus tá siad ag dúnadh. Is fíric í sin. Conas gur féidir leis an Roinn cabhrú? I mo thuairim, d'fhéadfadh an Roinn seasamh isteach agus cabhair a thabhairt do na naíonraí agus na naíscoileanna suíomhanna nua a fháil, ach níl sé seo feicthe agam. Cén fáth nach bhfuil sé sin á dhéanamh aige?
Comment on this
As I mentioned earlier, one of the fundamentals about the way the Department of children has supported the sector over the years is that we have been supporting independent privately operated services. We are not a provider of early learning and care school-aged childcare services, although there is a new commitment to start this year with the development for the first time of State-led provision in the sector. We have been working closely with other Departments, including the Department of Education and Youth. The issue the Deputy raises around the use of school buildings is something we have engaged with the Department of Education and Youth on. It is mentioned in the policy for Irish-medium education outside the Gaeltacht, which the Department of education published late last year. It will also be addressed in the national plan we are developing. The Department of Education and Youth has made it very clear that it supports the use of school buildings and land to establish and provide early learning and care and school-aged childcare services where it does not interfere with the provision of education in the school. That is the policy.
Comment on this
Ní fhreagraíonn sé sin an cheist. Luaigh Toby Wolfe gur fhógair an Roinn agus an Aire go mbeidh an Stát ag cruthú cúnamh leanaí timpeall na háiteanna ina bhfuil spotaí dubha nó “blackspots” iontu ach go háirithe. Is dócha go mbeidh cuid de na háiteanna nua seo ina naíonraí nó naíscoileanna a fheidhmíonn trí Ghaeilge. An bhfuil figiúir ag na finnéithe - 10%, 20% nó 50% - i dtaobh líon na n-áiteanna nua seo a bheidh ina naíonraí nó naíscoileanna den chineál sin?
Comment on this
I will address the capital funding schemes that the Department runs, which we have not mentioned so far. Under the national development plan, €135 million in capital funding is allocated for the next five years to support early learning and care and school-aged childcare services. Some of that is through funding for the extension of existing services, but there is also a new initiative to support State-led provision. The Minister has noted that up to eight services will be identified this year. That will involve the Department, for the first time, owning early learning and childcare buildings in some instances. The Department will not be the operator of services, but we will partner with other organisations in delivering them. It is still at an early stage in the planning process, so it is not possible to say what the profile of those services will be.
Comment on this
Not with regard to the eight services I have mentioned. The capital funding responds to the demand for applications that we receive from service providers looking for funding.
Comment on this
Tá an Teachta McGuinness díreach tar éis teacht isteach. An bhfuil sé ullamh nó an dtiocfaimid ar ais chuige?
Comment on this
Ba mhaith liom leanúint ar aghaidh leis an gceist a bhí ag an Leas-Chathaoirleach ansin maidir le naíonraí ag dúnadh de bharr easpa suímh. Tá mé ag obair le breis is bliain anois le naíonra i mo Dháilcheantar féin - Naíonra Uí Shionnaigh i mbaile Chill Dara - atá ar tí dúnadh. Scríobh mé chuig an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta; an Roinn Oideachais agus Óige; an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais; eagraíochtaí cosúil le Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus Gaeloideachas; agus na coistí contae agus cathrach i gcúram leanaí. Táim tar éis scríobh do gach éinne ach níl aon tacaíocht nó comhairle a fháil agam.
Ar dtús, an gceapann an Roinn go bhfuil fadhb againn anseo ó thaobh cé leis atá an fhreagracht agus cá dtiteann an dualgas de bharr seo? Tá an naíonra ag tógáil seomra ar cíos i nGaelscoil Mhic Aodha. Tá an scoil sin tar éis fás. Níl an spás aici. Fuair siad pleanáil le haghaidh struchtúr a chur ar shuíomh na scoile, ach caithfidh siad an t-airgead a bheith acu iad féin. Tar éis na mblianta, d'éirigh sé róchostasach. Bhí ceann dara lá faighte aige ach ní raibh sé sin maith go leor ó thaobh na pleanála de.
Ó thaobh deontas de, bhí dhá dheontas in 2024-25 le haghaidh méadú agus forbairt má tá suíomh agat. Níl sé sin acu. Le déanaí, bhí Toby Wolfe á phlé le haghaidh foirgneamh nua más earnáil phoiblí thú. Tá an naíonra príobháideach. Tá sé sásta obair leis an Roinn ó thaobh é sin a athrú. Tá an naíonra seo chun dúnadh. Tá 33 páiste sa naíonra faoi láthair. Tá liosta feithimh aige. Tá baile Chill Dara ag fás. Tá an spás ag teastáil, chomh maith le spás trí mheán na Gaeilge, tá an t-éileamh ann. Tá mise ag lorg comhairle ó na finnéithe cad eile gur féidir liom a dhéanamh chun cabhrú agus an naíonra seo a shábháil.
Comment on this
I am not aware of the specific service. I cannot comment on the specifics. I would say in general for situations like this, among the range of supports we provide, we fund city and council childcare committees at local levels who provide ongoing support for services, including services that are trying to set up or find new locations, extend their premises or whatever change they are seeking to make, they provide that support at local level. In terms of financial support, the core funding provides funding to services, but one of the strands of core funding is the sustainability fund. That is specifically available on application for services that are facing financial difficulty.
For example, if a service was at risk of closure because of not being able to secure an appropriate premises, there is a sustainability fund that the service can apply for. It has criteria that have to be met, but if the service meets those criteria, there is not only funding but advice and case management advice given to the service. There is also the capital funding streams I mentioned. In terms of that State-led provision that is commencing this year, it is initially just eight services that are to be identified this year, it is a programme that will extend in future years, but I do know that a large number of proposals have already come into the Department. As the Deputy can imagine, there is a lot of interest in the new initiative. I know that a lot of proposals have come into the Department in relation to it.
Comment on this
Níl a fhios agam ar chuir siad isteach ar an sustainability fund sin. An féidir liom teacht i dteagmháil leis an Roinn níos déanaí chun comhairle a fháil maidir leis an naíonra seo? Táimid ag iarraidh é a shábháil.
Comment on this
We can certainly share information with the Deputy after the meeting in terms of the different supports that are available. If they have not looked at the sustainability fund, certainly we can share information about that.
Comment on this
Baineann mo cheisteanna le dhá naíonra i bPort Láirge lasmuigh den cheantar Gaeltachta, Naíonra Philib Barún i dTrá Mhór agus Naíonra Gharbháin, taobh le Scoil Gharbháin i nDún Garbhán. Ar ndóigh, sa chéad áit, labhróidh mé mar gheall ar Naíonra Gharbháin. Is naíonra réasúnta mór é atá ag feidhmiú leis na blianta. Chuas féin ar an naíonra seo nuair a bhíos óg. Tá an-éileamh ar an naíonra agus ar an scoil. Ar ndóigh, is baile seirbhíse Gaeltachta é Dún Garbhán. Tá sé taobh le Gaeltacht na nDéise. Tá pobal mór teangeolaíochta cruthaithe timpeall ar an scoil áirithe seo agus an naíonra chomh maith. Níl dóthain spáis ag an naíonra. Is dócha go bhfuil an méid sin fíor d'an-chuid suímh luathbhlianta agus naíonraí. Níl dóthain spáis. Tá an scoil féin faoi bhrú spáis. Tá síneadh ceadaithe ag an Roinn oideachais don scoil áirithe seo. Caithfidh an naíonra bogadh amach as an scoil. Tá siad i mbun feachtas bailithe airgid ar GoFundMe chun cur leis an síneadh, agus tá siad i gcruachás. Níl dóthain airgid chun síneadh a chur leis. Tá siad ag éileamh ar Roinn na Gaeltachta tacú leo. D'ardaigh mé é leis an Aire, an Teachta Calleary, an tseachtain seo caite. Táim ag iarraidh é a phlé anseo agus é a chur faoi bhráid na Roinne pé tacaíocht agus is féidir a fháil don naíonra seo.
Tá Naíonra Philib Barún ar an taobh eile de Chontae Phort Láirge i dTrá Mhór. Arís, tá sé taobh le scoil náisiúnta, Gaelscoil Philib Barún, scoil a bhfuil an-éileamh uirthi sa cheantar máguaird ar an Trá Mhór. Ach arís tá sé istigh i seanprefab. Is dócha go raibh sé second- or third-hand prefab nuair a fuair siad é. Tá suíomh acu taobh leis an scoil, suíomh iontach a fuair siad saor in aisce, ach tá airgead caipitil de dhíth orthu chun naíonra a thógáil. Anuas air sin, tá ceist níos ginearálta agam mar gheall ar an sustainability grant, an ciste inbhuanaithe. Cé mhéad airgid a dáileadh amach an bhliain seo caite faoin sustainability grant? De réir mar a thuigim, ní raibh mórán, cinnte leis na comhráite a bhí agam le naíonraí agus suímh luathbhlianta eile i gContae Phort Láirge, nílim tar éis a chloisteáil ó aon cheann díobh go bhfuair siad aon airgead nó deontas faoin sustainability grant. Sin iad mo cheisteanna.
Comment on this
Again, I am not in a position to comment on the specific services he is talking about, but a similar context that Deputy Ní Raghallaigh was describing. Funding streams for capital funding and sustainability funding are available. As the Deputy will appreciate, they have clear criteria that are published. All services know the criteria when they apply. It is not awarded on a case-by-case basis. For the sustainability fund, there is a case management process, but there is clear, transparent criteria that are used to determine when the funding is available. The Deputy asked about the funding available under the sustainability fund last year. I do not think we have that figure. We can certainly provide that to the Deputy after the meeting. There is no difficulty with that. My understanding is that the sustainability fund has often been undersubscribed. I am not entirely sure why that is, but I know services that apply for it are required to demonstrate that they have a financial need for additional funding. We can provide the details on the funds that were made available last year after the meeting.
Comment on this
I dtaobh an dá naíonra atá luaite agam, cad go díreach iad na foinsí tacaíochta atá ar fáil i dtaobh caipitil? Cad é an fad ama atá orthu fanacht i gcomhair freagra? Dá gcuirfidís isteach i mí Mheán Fómhair é, cathain a bheidh an freagra tagtha thar n-ais chucu? An bhfuil lag time i gceist le freagraí ar iarratais? Cad é?
Comment on this
The capital funding and the sustainability funding are different funding streams. I do not have the details of the exact timeframe for this year's capital funding round, but I believe it is due to open shortly. As part of the process, we published not only the criteria that are used for determining whether applications are successful or not, but we let services know the timeframes. I think this year's funding round is due to start fairly soon. I do not know whether any of my colleagues have any dates.
Comment on this
I do not have any dates, but it is within the coming weeks. There is the finalising of the criteria and the details to issue out, but it is coming in the next couple of weeks.
Comment on this
Tá ceist amháin eile agam, agus ansin is féidir linn críoch a chur leis seo. Tá sé seo dírithe isteach ar an ráiteas a thug Úna Ní Dhubhghaill. I dtús báire, d'aithin an Roinn agus tá aitheantas ann go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh. D'aithin an Roinn go bhfuil an taighde agus an cleachtas ann gur tréimhse ríthábhachtach í an luath-óige sa sealbhú a dhéanann leanbh ar teanga. Glacaimid ar fad leis sin. Tuigimid sin. Tuigimid, má tá Gaeilge sna naíscoileanna, cibé más naíscoil Ghaeilge nó Bhéarla iad, go gcuidíonn sé sin leis an mbunchloch a leagan ó thaobh na teanga nó na dteangacha a bheidh á bhfoghlaim acu amach anseo. Dá réir, aithním go bhfuil ceist ann agus straitéis ag teacht, ach glacaim go mbeidh na finnéithe sásta teacht ar ais chugainn nuair atá an straitéis nó an plean náisiúnta foilsithe gur féidir linn díriú isteach air. Cad é an straitéis maidir leis an nGaeilge a bheith fite fuaite sna naíscoileanna Béarla chomh maith?
Comment on this
We fully agree with the Cathaoirleach Gníomhach on the importance of this early learning and care stage in laying the foundations for language acquisition. That is why we are working on the national plan. Of course, we will be very happy to come back and talk to the committee at a later date. We are still in the process of working on developing a plan and any observations that come from this committee will be timely and taken into the account in the process of developing the plan.
Comment on this
Cuirfimid críoch leis an gcuid seo den chruinniú inniu. Gabhaim buíochas le Toby Wolfe, Úna Ní Dhubhghaill agus Eimear Carron as a bheith os ár gcomhair agus na ceisteanna a fhreagairt. Tá súil agam go mbeidh siad ar ais amach anseo ag déileáil leis an bplean náisiúnta.
Comment on this
Leanfaimid ar aghaidh lenár mbreithniú ar an éileamh atá ann ó thuismitheoirí ar fud na tíre naíonraí agus naíolanna lánGhaeilge a bheith ar fáil dá gcuid paistí. Beidh na hionadaithe seo a leanas ón Roinn leanaí ag labhairt linn: an Dr. Aodhán Mac Cormaic, ard-rúnaí cúnta i leith na Gaeltachta; Eoin Ó Droighneáin, príomhoifigeach i rannóg pholasaí na Gaeilge; agus Maryanne Uí Chualáin, príomhoifigeach. Tá fáilte rompu. Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 3, taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais.
Sula leanfaimid ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a nguthán soghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams. Níl a fhios agam an bhfuil aon duine ar Microsoft Teams. Bhí an Seanadóir Seán Kyne ach tá sé imithe. Is riachtanas bunreachtúil é go mbeadh siad anseo nó ina n-oifigí i dTithe an Oireachtais.
Má tá aon duine ag freastal ar an gcruinniú óna n-oifigí, ba chóir go mbeadh an físeán ar siúl an t-am go léir agus iad le feiceáil ar an scáileán.
Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní ar leith, ba chóir go ndéanfaidh siad amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.
Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí go bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá a d'fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráiteas a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach. An nglactar leis na treoracha sin? Glactar.
Sa seisiún seo, táimid ag díriú arís ar sholáthar nó neamhsholáthar naíonraí agus naíolanna lánGhaeilge laistigh den Ghaeltacht. Glacaim leis gurb é an Dr. Mac Cormaic a bheidh ag labhairt. Iarraim air an ráiteas tosaigh a chur faoinár mbráid.
Comment on this
Mar eolas, dúirt an Cathaoirleach Gníomhach gurb as an Roinn leanaí atáimid ag teacht. Is as an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta atáimid.
Comment on this
Ar dtús, tapóidh mé an deis buíochas a ghlacadh leis an gcoiste as an gcuireadh teacht os a gcomhair inniu chun an t-éileamh atá ann ó thuismitheoirí ar fud na Gaeltachta naíonraí agus naíolanna lánGhaeilge a bheith ar fáil dá gcuid páistí a phlé. Tuigeann muid ar fad gur earnáil fhíorthábhachtach í earnáil na luathbhlianta d’fhorbairt an linbh mar atá léirithe ag ár gcomhghleacaithe as an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais anseo inniu. Is ar an tuiscint sin a bhfuil infheistíocht shuntasach déanta agus á déanamh ag an Roinn atá againn sna tacaíochtaí lárnacha a chuidíonn le feidhmiú éifeachtach an phróiseas pleanála teanga. Ó cuireadh tús leis an chéad timthriall den phróiseas pleanála teanga, agus fiú roimhe sin, tá infheistíocht leanúnach á déanamh ag an Roinn i réimse an óige, na luathbhlianta, an teaghlaigh agus na n-ealaíon dúchasacha. Tá bearta sonracha sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 a dhíríonn isteach ar réimse na luathbhlianta, rud a léiríonn tábhacht na hearnála.
Le cur le hinfreastruchtúr na hearnála, le cúpla bliain anuas tá an t-uasleibhéal deontais a chuireann an Roinn ar fáil ardaithe go 95% i leith seirbhísí luathbhlianta pobail neamhbhrabúsacha atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Tacaíonn an chistíocht seo le hionaid bhuana a sholáthar do sheirbhísí luathbhlianta. Tá os cionn €1.4 milliún curtha ar fáil chuige seo sna réigiúin éagsúla ó tháinig an méadú sin isteach in 2020.
Cuireann an Roinn maoiniú reatha ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta chun tacaíochtaí breise a chur ar fáil do sheirbhísí luathbhlianta sa Ghaeltacht, seirbhísí nach bhfuil ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge san áireamh. Tá breis agus €6 mhilliún curtha ar fáil ag an Roinn chuige seo ó 2018 i leith. Tá sé seo sa bhreis ar an maoiniú a chuireann Údarás na Gaeltachta ar fáil chun seirbhísí riaracháin, tacaíochta agus traenála a chur ar fáil do na seirbhísí agus do thuismitheoirí, coistí agus pobail Ghaeltachta agus an maoiniú a chuireann an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais ar fáil tríd an scéim náisiúnta cúraim leanaí. De bharr na hinfheistíochta seo, tá méadú suntasach tagtha ar sheirbhísí le roinnt blianta anuas. Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil chomh maith don scéim seirbhísí réamhscoile agus iarscoile, SSRI, chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil do sheirbhísí réamhscoile agus iarscoile sa Ghaeltacht chun gníomhaíochtaí ar leith a chur i bhfeidhm.
Sa bhreis air sin, tá os cionn €600,000 curtha ar fáil thar trí bliana ag an Roinn don eagraíocht Gaeloideachas ó bhí 2024 ann chun seirbhís tacaíochta agus forbartha a sholáthar do naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Chuir an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais maoiniú breise ar fáil chuige seo in 2025 agus 2026. Beidh na hiarrachtaí faoin scéim sin le forbairt tuilleadh sna blianta amach romhainn agus le comhtháthú leis na hiarrachtaí eile sa réimse seo sa phlean náisiúnta do na luathbhlianta Gaeilge atá á ullmhú faoi láthair ag an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais. Tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta ag tacú go gníomhach leis an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais ó thaobh ullmhú an phlean náisiúnta sin.
Ar bhonn straitéiseach, is í aidhm na Roinne seo tuilleadh tacaíochtaí sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil agus go mbeadh na tacaíochtaí seo ar fáil do gach páiste Gaeltachta. Glacaim buíochas arís leis an gcoiste as an deis a thabhairt dom agus do mo chomhghleacaithe labhairt leis inniu. Cuirim fáilte anois roimh aon cheisteanna.
Comment on this
Cuirim fáilte roimh na cuairteoirí atá linn inniu. Maidir leis an deontas atá ar fáil a ardú do 95% do sheirbhísí luathbhlianta pobail neamhbhrabúsacha, an bhfuil aon rud mar sin ar fáil d'aon chomhlacht atá ag iarraidh seirbhís a chur ar fáil sa Ghaeltacht?
Comment on this
Ní muidne ag feidhmiú sa spás sin. Má bhreathnaítear ar na daoine agus na grúpaí a chuireann seirbhísí príobháideacha ar fáil, feictear gur comhlachtaí iad agus gur seirbhísí Béarla atá i gceist beagnach go huile agus go hiomlán. Le cúpla bliain anuas, tá muidne ag cur airgead breise isteach i gComhar Naíonraí na Gaeltachta le dul ag obair leis na seirbhísí sin chun seirbhísí áirithe nó gnéithe áirithe a chur ar fáil trí Ghaeilge laistigh de na seirbhísí sin. Is ceist oidhreachta atá ansin. Tá go leor de na seirbhísí sin - táim ag smaoineamh ar cheann gar dúinn sna Forbacha - ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla. Is oidhreacht é sin atá fágtha linn. Leis na seirbhísí a chuireann an comhar naíonraí ar fáil le tacaíocht ón Roinn, táthar ag iarraidh go mbeidh gnéithe áirithe Gaeilge laistigh de na seirbhísí sin. Táimid airdeallach go bhfuil a leithéid ann. Táimid ag iarraidh dul ag obair leo ar mhaithe le seirbhís Gaeilge a chur ar fáil ach bíonn dúshláin ann. Cuireann go leor de na comhlachtaí sin seirbhísí ar fáil sna Gaeltachtaí is laige. Má bhreathnaítear ar an liosta, feictear gur áiteanna nach bhfuil an Ghaeilge ann mar theanga labhartha an phobail níos mó iad 99% dóibh.
Comment on this
An gceapann an Dr. Mac Cormaic go mbeidh deis againn anseo cuidiú leo chun seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge? Ar chóir go mbeadh deontas curtha ar fáil dóibh, fiú muna mbeadh sé ar an méid céanna, chun iad a spreagadh chun seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge?
Comment on this
Is cuid den fhadhb ná go mbraitheann sé ar an bpobal sna háiteanna sin freisin. Tá sé ar an bpobal teacht chun cinn agus seirbhísí i nGaeilge a lorg. Bíonn muidne lánsásta an deontas atá againn a chur ar fáil le foirgnimh a thógáil le haghaidh seirbhísí Gaeilge sna ceantair sin. Ní bhíonn fadhb ar bith ansin. Tá neart airgid sa chiste le freastal ar éilimh mar sin. Mar a dúirt mé, bímid ag iarraidh tacú leis na seirbhísí atá ag feidhmiú cheana féin sna ceantair sin a thiontú ar an nGaeilge ach go minic bíonn fadhbanna nó deacrachtaí acu le cúrsaí foirne. B'fhéidir gur daoine le Béarla iad a bhfoirne. Tá cinn eile a bhfuil daoine le Gaeilge ag obair iontu agus atá toilteanach seirbhísí a chur ar fáil. Tá dúshlán ar leith ag baint leis na seirbhísí sin sa Ghaeltacht. Tá mo chomhghleacaí Maryanne Uí Chualáin ag iarraidh teacht isteach.
Comment on this
Tá an maoiniú a chuireann muid ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ann le tacú le seirbhísí atá ag feidhmiú trí Bhéarla sna Gaeltachtaí. Tá an comhar ag iarraidh dul i bhfeidhm orthu an teanga oibre a athrú.
B'fhéidir go mbeidh deis ansin síos an bhóthair. Má chinneann siad go bhfuil siad ag athrú go dtí an Ghaeilge, tá an tacaíocht sin ann cheana dóibh. B'fhéidir gur chéim eile a bheadh ann dá n-athróidís ina iomláine.
Comment on this
Taobh amuigh den chostas foirgnimh nó costas tógála, cloiseann muid go rialta go bhfuil costais mhóra ar na heagraíochtaí pobail atá ag iarraidh seirbhísí mar seo a chur ar bun. Cé go gcabhraíonn an deontas sin go mór leo, b'fhéidir nach leor é chun an tseirbhís a choimeád ar siúl. B'fhéidir go mbeimid ag brath ar chomhlachtaí as seo amach chun seirbhísí mar seo a chur ar fáil in chuile cheantar. Taobh amuigh den chostas, cloisimid faoin méid riaracháin atá le déanamh. Cuireann sé sin isteach go mór orthu agus iad ag iarraidh seirbhísí a chur ar fáil.
Comment on this
Maidir leis an infheistíocht atá déanta ag an Roinn ón tús, tá cúpla rud gur cheart dom a lua. Faoin bpróiseas pleanála teanga, tá an Ghaeltacht briste síos i 26 limistéar pleanála teanga. Baineann an chuid is mó den chostas le hoifigeach pleanála teanga a fhostú i ngach ceann acu sinn. I gcuid acu, tá beirt ann agus tá triúr ann sna hOileáin Árann. Ní fheiceann tú ansin ach cuid den phictiúr. Táimid ag iarraidh rudaí a dhéanamh go lárnach i dtaobh seirbhísí luathbhlianta, seirbhísí ealaíne, seirbhísí óige agus seirbhísí teaghlaigh. Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta, an comhar naíonra agus Muintearas ann. Táimid ag cur os cionn €500,000 isteach i Muintearas anois le seirbhísí óige a chur ar fáil. Is cuid den chóras é an comhar naíonraí. Nuair a thosaigh muid leis an bpróiseas pleanála teanga deich mbliana ó shin, b'fhíorbheagán airgid ón Roinn a bhí ag dul isteach sna heagraíochtaí sin. Leis an infheistíocht a léiriú, in 2018 agus 2019, ní raibh an Roinn ag cur ach €355,000 isteach sa chomhar naíonra. I mbliana, tá sé sin méadaithe go dtí €1.328 milliún. Tá méadú as cuimse tagtha ar an méid airgid ionas go mbeidh an comhar naíonra in ann a chuid seirbhísí a leathnú amach ar fud na nGaeltachtaí.
Comment on this
Air sin, dúirt an Roinn leanaí linn go bhfuil sí ag íoc as an gcostas maireachtála atá ag an gcomhar naíonraí.
Comment on this
No, tá Údarás na Gaeltachta ag cur airgid isteach ann freisin le híoc as go leor de na costais riaracháin agus as seirbhísí riaracháin. Tá sé ag cur airgid ar fáil do na naíonraí seo. Tá os cionn 200 duine fostaithe ag an gcomhar naíonraí. Idir gach rud, tá os cionn €7 milliún á chur isteach ann go bliantúil. Is meascán d'airgead na Roinne, airgead an údaráis agus airgead na Roinne leanaí é sin. Táimid uilig ag caint lena chéile.
Comment on this
Is rud amháin é sin a dúirt an Roinn. Dúirt na finnéithe sin go raibh an Roinn ag íoc as costais na heagraíochta féin.
Comment on this
Déanfaidh mé iarracht é sin a mhíniú. Íocann an Roinn leanaí as deontais an ECCE agus an NCS. Íocann siad sin as na páistí ar fad. Téann an maoiniú sin isteach agus íocann sé as an bhfoireann, na múinteoirí, na hoibrithe cúram leanaí agus é sin ar fad. Tugann an t-údarás maoiniú don chomhar naíonraí le tacú leis na seirbhísí seo. Cuireann muid féin maoiniú isteach freisin. Déanann an comhar an earcaíocht. Bhí an eagraíocht sin anseo an tseachtain seo caite. Déanann sé na polasaithe agus mar sin de. Tá oifigeach forbartha ag feidhmiú in chuile réigiún Gaeltachta ina leith sin. Is é sin an maoiniú. Ní íocann an Roinn leanaí as sin. Íocann sí as an gcroí-fhoireann a bhíonn ag obair istigh sna seirbhísí.
Comment on this
Arís ar cheist an deontais forbartha, an bhfuil aon staidéar ná taighde déanta ar na ceantair Ghaeltachta ina bhfuil gá le seirbhísí mar sin nach bhfuil ceann ann cheana? An bhfuil an Roinn ag brath ar an bpobal teacht chuici chun tús a chur le próiseas mar sin?
Comment on this
Tá dréachtaí de na pleananna teanga ag na pobail éagsúla sna 26 limistéar. Táimid ag brath ar an bpobal féachaint ar na dréachtaí sin agus a scríobh isteach chun a rá go bhfuil naíonra, seirbhís réamhscoile nó seirbhís iarscoile - pé rud atá uathu - ag teastáil. Nuair a thagann siadsan chugainn, téann muid isteach leis an gcúnamh caipitil leis an tseirbhís sin a thógáil. Ansin, má theastaíonn airgead ón gcomhar naíonraí le freastal ar an tseirbhís sin, tagann sé chugainn le haghaidh tuilleadh airgid.
Comment on this
Tagann sé chuig an Roinn ag an bpointe sa phróiseas a bhfuil cead pleanála ann.
Comment on this
Is obair dheonach é sin a dhéanann an pobal.
Comment on this
Go minic is grúpaí pobail atá ann. Uaireanta is grúpaí tuismitheoirí iad a bhfuil gasúir acu sna scoileanna. Go hidéalach, bíonn muid ag iarraidh go mbeadh na háiseanna seo tógtha ar shuíomh scoil náisiúnta. Luaigh mé Na Forbacha arís. Tá an réamhscoil ansin tógtha ar shuíomh an scoil náisiúnta áitiúil. Is é sin an múnla gur mhaith linn a fheiceáil. Ní bhíonn an talamh ar fáil scaití so caitear dul le suíomhanna eile. Tá sé suas don phobal a aithint sa phlean teanga gurb é sin atáthar ag iarraidh. Tagann siad againn ag cuardach na tacaíochtaí ansin.
Comment on this
Tá ceist dheireanach agam. An bhfuil liosta ann de na tograí a bhfuil an Roinn tar éis tacú leo le cúpla bliain?
Comment on this
Tá ceann agam. Táim in ann é a thabhairt don Teachta nó é a léamh amach.
Comment on this
Tosóidh mé amach i nDún na nGall. Fuair Naíonra Ghleann Domhain €194,000. Fuair Naíonra na hEachléime €176,000. Bhí an dá dheontas sin le haghaidh ionaid bhuana a thógáil. I nGaillimh, fuair Naíonra an Chairn Mhóir deontas beag de €28,000 le haghaidh obair feabhsúcháin a dhéanamh ar an ionad atá aige. Arís i nGaillimh, fuair Naíonra Ros an Mhíl maoiniú le comhairleoirí a cheapadh. Tá beartaithe aige jab mór a dhéanamh ansin. Fuair an naíonra sin €58,000. I gCiarraí, in 2021, fuair Coiste Áiseanna na hÓige €21,000 le haghaidh bus a cheannach. Fuair an coiste céanna díon nua don fhoirgneamh atá aige. Fuair sé €86,000 lena haghaidh sin. Ag dul ar ais go Dún na nGall, fuair Cúram Leanaí an Chlochán €90,000 le haghaidh comhairleoir a cheapadh. I nDún na nGall arís, fuair Scoil Bhríde €329,000 le haghaidh ionad do naíonra agus seirbhísí iarscoile a thógáil. I nGaillimh, fuair Comhairle Ceantar na nOileán €12,000 le haghaidh trealaimh do naíonra i Leitir Mhór. I gContae na Mí, fuair coiste Halla Bhaile Ghib €179,000 le haghaidh obair riachtanach ar an gcarrchlós agus an naíonra.
Comment on this
An bhfuil an Dr. Mac Cormaic sásta an liosta sin a scaipeadh orainn?
Comment on this
Yes. Níl ach péire eile. Bheadh sé chomh maith dom é a chríochnú. I Maigh Eo, fuair coiste naíonra na Corrchloiche €224,000 chun naíonra a thógáil. Tá iarratas déanta ar mhéadú sa deontas sin. Fuair Forbairt Chonamara Láir i gCarna €3,600 le haghaidh táillí gairmiúla. Cuirfimid an liosta sin timpeall ag na baill.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith anseo inniu. Tá cúpla ceist ó mo thaobh de. Maidir le slat tomhais ó thaobh éileamh ar sheirbhísí naíonra agus naíolainne, céard é an bealach is fearr le greim a fháil ar an éileamh sin? An bhfuil an taighde sin déanta? An raibh aon bhaint ag an Roinn leis? An dtuigeann na finnéithe an cheist atá á cur agam? Tá bunéileamh ar sheirbhísí naíonra agus naíolainne lánGhaeilge. Tuigimid ar fad é sin. Áfach, níl a fhios agam an bhfuil taighde déanta, nó an bhfuil sé á dhéanamh faoi láthair, ag iarraidh figiúirí cruinne fadtéarmacha a chur ar an mbord.
Comment on this
Táim ag cuardach figiúirí le haghaidh na liostaí feithimh. Tugann sé sin léargas ar an éileamh atá ar na seirbhísí reatha. Bhí an comhar naíonraí anseo an tseachtain seo caite. Luaigh na finnéithe ón gcomhar go bhfuil liosta d'os cionn 60 gasúr i nGort an Choirce.
Bíonn muid ag brath ar Chomhar Naíonraí na Gaeltachta le hinsint dúinn na háiteanna ina bhfuil an t-éileamh. Tá seachtar oifigeach forbartha breise á maoiniú againn san eagraíocht. Bíonn siad siúd ag spreagadh éilimh. Oibríonn siad i measc an phobail chun an éileamh a spreagadh. Tá sé sin mar chuid den chóras atá anseo. Is ag brath ar Chomhar Naíonraí na Gaeltachta atá muid le hinsint dúinn na háiteanna ina bhfuil an t-éileamh. Is muid na maoinitheoirí.
Comment on this
Tá an Roinn ag déileáil leis an Roinn leanaí ó thaobh ullmhúchán an phlean náisiúnta de. An bhfuil aon chaint ar cheist an éilimh san ullmhúchán sin? Clúdaíonn Comhar Naíonraí na Gaeltachta na Gaeltachtaí ach tá ceantair eile chomh maith ina bhfuil Gaelscoileanna. Gan dabht, tá éileamh sna ceantair sin, nó bheadh éileamh dá mbeadh na seirbhísí ar fáil. An bhfuil an comhrá sin ag tarlú ó thaobh an phlean náisiúnta de?
Comment on this
An bhfuil an Teachta ag déanamh tagairt de na ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht?
Comment on this
Tá muid ag oibriú le Gaeloideachas freisin. Is rud é seo a thosaigh muid le cúpla bliain anuas. B’fhéidir go bhfuil Eoin Ó Droighneáin ag iarraidh labhairt faoi.
Comment on this
Tá socrú maoinithe againn le Gaeloideachas. Tá maoiniú beagnach €668,000 in imeacht cúig bliana ceadaithe. Tá bainisteoir luathbhlianta fostaithe le beagán le cois bliana le tús a chur leis an bhforbairt acmhainne. Ó thaobh an phlean náisiúnta de, tá muid ag oibriú go gníomhach leis an Roinn leanaí. Tá pointe maith déanta ag an Teachta chun greim nó tomhas a fháil ar an éileamh atá, nó a d’fhéadfadh a bheith, ann. Is pointe é a mbeidh muid ag breathnú air i dtaobh fhoilsiú an phlean sin.
Tá rudaí déanta cheana féin faoi scáth an tsocraithe sin. Mar shampla, tá an chéad céim den chlár sealbhaithe teanga agus forbartha ullmhaithe agus beidh an dara chéim ina dhiaidh sin le forbairt ag Gaeloideachas i gcomhairle leis an Roinn leanaí. Bíonn deis ag múinteoirí ó naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht freastal ar chúrsa le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille. Beidh acmhainní agus tacaíochtaí éagsúla le forbairt de réir a chéile. Tá acmhainn breise foirne maoinithe ag an Roinn leanaí le cur leis an acmhainn foirne i nGaeloideachas ar chuir muid tús léi. D’fhéadfadh sé go mbeadh ról níos iomláine ann nó go dtabharfaí ról breise don eagraíocht, ag brath ar mholtaí an phlean forbartha faoi dheireadh. Tá ábhar machnaimh sa phointe a rinne an Teachta i dtaobh dheireadh an phlean.
Comment on this
Ó thaobh Gaeloideachas de, tá an jab sin aige. Tá an maoiniú sin tugtha dó agus is é an jab atá aige ná an t-éileamh a thomhas nó b’fhéidir roinnt forbartha a dhéanamh ó thaobh an éilimh do sheirbhísí mar sin. Tá rudaí eile le déanamh ag Gaeloideachas chomh maith ach is é sin atá an Roinn ag rá. Is tús na hoibre é.
Comment on this
Is tús na hoibre é. Teastaíonn infheistíocht mhór san earnáil sin taobh amuigh den Ghaeltacht. Is é an rud is fearr agus is dearfaí faoi ná, go hiondúil, bíonn muid ag labhairt faoi easpa airgid ach tá airgead ann le haghaidh ionaid mar seo a thógáil taobh amuigh den Ghaeltacht. Mar shampla, má breathnaítear ar an ionad atá tógtha i gCnoc na Cathrach i gCathair na Gaillimhe, is eiseamláir é anois. Tá daltaí in ann dul isteach agus seirbhís luathbhlianta a fháil, bogadh ar aghaidh go dtí an scoil náisiúnta agus ansin dul isteach go Coláiste na Coiribe. Tá na campais uilig an-ghar dá chéile. Tá suas le 1,300 gasúr ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge ann, idir na seirbhísí luathbhlianta suas go dtí deireadh an dara-leibhéil. Is é sin an eiseamláir agus ba cheart dúinn a bheith ag díriú ar mhúnla mar seo a úsáid timpeall na tíre. Tá sé sin ag brath ar choistí thar a bheith láidir a bhfuil scileanna agus taithí acu, mar atá i gCnoc na Cathrach.
Labhair muid le Foras na Gaeilge faoi a bheith ag giniúint iarratas ó choistí éagsúla ó phobail scoile agus Gaelscoileanna timpeall na tíre. Tá sé i gceist againn post nua a chruthú sa Roinn a dhíreoidh ar an réimse seo. Déanfaidh an té a cheapfar teagmháil leis na pobail éagsúla timpeall na tíre, go háirithe na pobail atá ag feidhmiú faoi scéim forbartha na líonraí Gaeilge atá ag Foras na Gaeilge nó pobail a bhfuil coiste Gaeilge acu ach nach bhfuil aon duine fostaithe, le fáil amach má tá siad ag iarraidh naíonra a thógáil agus le hinsint dóibh faoi na tacaíochtaí atá ar fáil ón Roinn.
Tá airgead againn. Rinne an taobh Gaeilge agus Gaeltachta den Roinn an-mhaith san idirbheartaíocht maidir leis an bplean forbartha náisiúnta. Tá airgead againn anois le caitheamh ar na rudaí seo. Beidh muid ag dul amach ag giniúint iarratas ó na pobail sin.
Comment on this
Go ginearálta, mar gheall ar obair Chomhar Naíonraí na Gaeltachta sa Ghaeltacht, tá na pobail Ghaeltachta, go háirithe sna háiteanna ina bhfuil an Ghaeilge fós mar theanga labhartha an phobail, ar an eolas gurb ann do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta.
Comment on this
Is na grúpaí eile taobh amuigh den Ghaeltacht atá i gceist. Tá sé seo ar cheann de na rudaí nua a bheidh muid ag tabhairt faoi i mbliana. Beidh duine nua le ceapadh sa réimse sin.
Comment on this
Tá sé sin deimhnithe. Tá ceist eile agam. Bhí finnéithe ó Chomhar Naíonraí na Gaeltachta os comhair an chomhchoiste seo le gairid. Labhair siad faoi easpa cáilíochtaí agus nach bhfuil cáilíocht ar leith ann dóibh siúd a bhíonn ag múineadh agus ag oibriú in earnáil na naíonraí agus naíolanna lánGhaeilge. Cad a cheapann na finnéithe faoin tuairim sin? An aontaíonn siad léi? An gceapann siad go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfar forbairt ar cháilíocht a chur ar fáil do dhaoine a bhíonn ag oibriú san earnáil seo?
Comment on this
Tá na daoine a bhíonn ag oibriú san earnáil seo difriúil. Tá an ról atá acu go hiomlán difriúil ón ról atá ag daoine a bhíonn ag oibriú in earnáil an Bhéarla. Is cúramóirí teanga iad. Tá ról ar leith acu. Is ról breise é. Go fadtéarmach, ba mhaith liom a fheiceáil, i gceann deich mbliana nó mar sin, go mbreathnódh daltaí meánscoile ar an ról mar ghairm ina mbeadh siad in ann saol maireachtála a shaothrú, is é sin, go mbeadh siad ar an scála céanna le múinteoirí bunscoile agus go bhfeicfeadh siad gurbh féidir leo fanacht ar feadh roinnt bliana agus dul chun cinn a dhéanamh sa saol gairmiúil. An bhfuil muid ansin fós? Níl muid gar dó. Tá an infheistíocht atá déanta againn le roinnt blianta le feiceáil. Bheadh i bhfad Éireann níos mó maoinithe ag teastáil dá mbeifí ag cur daoine ar scála pá mar sin agus á n-íoc i gcaitheamh an tsamhraidh agus na rudaí éagsúla sin. Is gá an ról a dhéanamh mealltach do dhaoine atá ag teacht amach ó na scoileanna. Caithfidh daoine a bheith in ann clárú leis an CSO le haghaidh cúrsaí ollscoile a dhéanamh ag leibhéal 8. Faoi láthair, téann na cúrsaí suas go leibhéal 6 trí Chomhar Naíonraí na Gaeltachta.
Tá deiseanna ann rud éigin a fhorbairt i bhfad Éireann níos mó san earnáil seo. Is í an tseirbhís seo an chéad pointe teagmhála atá ag go leor gasúr nuair a thagann siad amach as an teaghlach. Casann siad lena gcuid cairde inti a bheidh acu ar feadh an tsaoil. Nuair a dhéanann siad na cairdis sin, cuireann siad tús leis an nós cainte agus nósmhaireacht teanga. Má thosaíonn siad amach ag úsáid an Bhéarla, tá gach seans ann go leanfaidh siad ar aghaidh mar sin. Is é sin an fáth a ndeirim go bhfuil cúram ar leith ag na daoine atá-----
Comment on this
Tá cáilíochtaí as Gaeilge mar chuid den chúram sin.
Comment on this
Ba mhaith liom é sin a fheiceáil. Níor mhaith liom an tuiscint a thabhairt don chomhchoiste inniu go bhfuil muid i spás ina bhfuil muid á phleanáil sin. Tá i bhfad Éireann níos mó rudaí gur féidir linn a dhéanamh sula dtéann muid chomh fada leis sin. Tá go leor acmhainní ag teastáil. Níor tháinig mé trasna ar Státseirbhíseach riamh a dúirt go raibh a dhóthain acmhainní aige nó aici. Tá i bhfad níos mó gur féidir a dhéanamh sula dtéann muid chomh fada sin. Go fadtéarmach, áfach, ba cheart dúinn a bheith uaillmhianach agus a bheith ag pleanáil lena aghaidh sin.
Comment on this
Maidir le cáilíochtaí, mar a pléadh an tseachtain seo chaite, bíonn cáilíochtaí ag na daoine a bhíonn ag oibriú san earnáil luathbhlianta. Caithfidh siad cáilíocht leibhéal 5 nó 6 a bheith acu agus is gá go mbeadh céim ag bainisteoirí na n-ionad. Is í ceann de na fadhbanna a luadh ná nach bhfuil an cúrsa sin ar fáil trí mheán na Gaeilge faoi láthair.
Ceann de na rudaí a bhímid ag plé le Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus le heagraíochtaí eile ná go mbeidh an deis ag cúramóirí sa Ghaeltacht an cúrsa sin a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, agus modúl a dhéanamh a bhaineann le saibhriú agus sealbhú na teanga. Ceann de na rudaí atá á bplé - bhí sé ar fáil, ach níl sé ar fáil faoi láthair - ná an fhadhb ansin-----
Comment on this
Cén uair ar imigh sé? Bhí Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag caint faoi seo an tseachtain seo caite. Cén uair ar imigh an cháilíocht?
Comment on this
D'imigh sé nuair a d'athraigh FETAC go dtí QQI. Bhí dhá mhodúl ann a bhí forbartha le haghaidh saibhriú agus sealbhú na teanga, agus sotheangeolaíocht agus an páiste. Bhí an dá mhodúl sin ann. Tugadh isteach rud náisiúnta agus ansin ní raibh spás ann don dá mhodúl Gaeilge. Ba mhór an peaca é sin mar bhí sé sin an-úsáideach sa Ghaeltacht. Mar a dúirt mé, níl an cúrsa féin fiú ar fáil faoi láthair, ach táimid ag plé le roinnt eagraíochtaí ó thaobh cúrsa a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Mar a dúirt mé, caitheann an dream ar fad atá ag obair san earnáil luathbhlianta - tá cáilíochtaí acu - cáilíocht ar a laghad ar leibhéal 5 nó 6 a bheith acu ag dul isteach sna seirbhísí. Mar a luadh an tseachtain seo caite, b'fhéidir nach bhfuil an pá ag teacht leis na cáilíochtaí a theastaíonn uathu. Nuair is gá cáilíocht áirithe a bheith agat, bíonn tú ag súil le níos mó pá. Cinnte is rud é sin atá á phlé. Bheadh sé fíor-úsáideach dá mbeadh an cháilíocht sin ar fáil trí mheán na Gaeilge do na hoibrithe sa Ghaeltacht.
Comment on this
Is rud praiticiúil í an cháilíocht sin. Ba cheart don choiste seo dul i ngleic leis sin agus dul ar thóir an cháilíocht sin. Is rud an-phraiticiúil é. Ní tharlóidh sé gan an cháilíocht a thabhairt ar ais.
Comment on this
Aontaím leis sin. B'fhéidir gur chóir dúinn dul i dteagmháil leis an Aire agus an Roinn ardoideachais le cur ina luí orthu gur chóir a leithéid a chur ar fáil.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis na finnéithe.
Comment on this
Tá pointí thar a bheith suimiúla déanta ag Maryanne Uí Chualáin. Ceann de na deacrachtaí a chloisimid go minic ná an deacracht a bhaineann le foireann a earcú agus a choinneáil trí Ghaeilge. An bhfuil mórán teagmháil idir an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus an Roinn ardoideachais agus breisoideachais?
Comment on this
Tá, mar a tharlaíonn sé. Tá an Roinn sin ag cur coiste le chéile, faoi chomhchathaoirleacht ón Roinn s'againne agus an Roinn sin, le breathnú ar chúrsaí go ginearálta i gcomhthéacs na spriocanna earcaíochta atá san Acht teanga agus an plean gníomhaíochta a d'fhógair an tAire, an Teachta Calleary, coicís ó shin. Aisteach go leor, tá na rudaí seo ar fad fite fuaite lena chéile. Mura dtosaíonn tú amach ag fáil rudaí i gceart ag aois an-óg, críochnaíonn tú suas le deacrachtaí ag an tríú leibhéal. Táimid ag iarraidh breathnú air seo. Táimid ag breathnú ar scéim dheonach a fhorbairt do mhúinteoirí bunscoile agus múinteoirí seirbhísí réamhscoile freisin. Teastaíonn uainn scéim píolótach a chur ar fáil. Táimid ag breathnú air sin faoi láthair. Tá go leor réamhoibre déanta air. Mar a dúirt mé, tá na ceisteanna seo fite fuaite lena chéile. Beimid ag caint leis an Roinn mar chuid den fhóram nó grúpa oibre atá á chur le chéile. Tá an chéad chruinniú geallta go réasúnta luath anois. Tá an choiste sin á chur le chéile faoi láthair. Beidh plé faoi sin.
Comment on this
Tá ceist agam faoi rud a chualamar sa seisiún deireanach; sé sin, go bhfuil an Roinn ag íoc as thart ar 40 seirbhís sa Ghaeltacht atá go hiomlán trí Bhéarla. An dóigh leis an Dr. Mac Cormaic go bhfuil sé sin ceart? Cad é an straitéis atá ann chun seirbhísí a athrú ó Bhéarla go Gaeilge? An bhfuil sé sin mar chuid den phlean reatha?
Comment on this
Le bheith soiléir, nílimid ag íoc as na seirbhísí sin. Tá comhlachtaí príobháideacha i bhfeighil ar go leor acu sin. Téann muidne isteach ag eagrú roinnt imeachtaí. Mar shampla, bíonn Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag eagrú imeachtaí ar nós ceardlanna rannta le dánta agus scéalaíocht, ceardlanna puipéid, ceardlanna spóirt agus spraoi, ceardlanna draíochta, cluichí drámaíochta agus ceardlanna aireachais sna seirbhísí Béarla sin ar mhaithe le leibhéal áirithe Gaeilge a chothú iontu. Níor thosaigh Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag fáil airgid uainne ach le cúpla bliain anuas leis sin a dhéanamh. Is coincheap nua é.
Tá a fhios agam go bhfuil an Roinn leanaí ag breathnú ar rud den tsaghas sin a dhéanamh sa tír uilig mar a bhaineann sé leis na seirbhísí uilig. B'fhéidir go raibh na hionadaithe ón Roinn sin ag caint leis an gcoiste ar maidin faoin dtionscnamh sin. Bhí muid amuigh chun tosaigh leis na seirbhísí sin. Tá go leor dúshláin bainteach le seirbhísí a thiontú. Tá sé ar nós scoil a thiontú ó scoil Bhéarla go dtí scoil lánGhaeilge. Má tá foireann ann nach bhfuil Gaeilge acu, tá sé fíordhúshlánach agus caithfear straitéis a chur i bhfeidhm de réir mar a thagann folúntais aníos go bhfostófaí daoine le Gaeilge. Dúshlán eile is ea an cheist an bhfuil daoine ar fáil le Gaeilge sna ceantair. I go leor de na ceantair seo, tá an Ghaeilge imeallach i measc an phobail. An bhfuil na scileanna cuí ag na daoine le Gaeilge chun dul ag obair sna seirbhísí seo? Is iad sin na cineál dúshláin atá ann. Tá sé thar a bheith dúshlánach seirbhís a athrú ó seirbhís Béarla go dtí seirbhís Gaeilge.
Comment on this
Le go leor de na seirbhísí sin, beidh na páistí iontu ag freastal ar scoil Ghaeltachta nó ar Ghaelscoil. Táimid ag iarraidh go rachaidh duine éigin isteach le blas den teanga acu ionas nach mbeidís ag dul isteach ó sheirbhís Béarla gan an teanga cloiste ar chor ar bith acu. Ceann de na réitigh ar an dúshlán sin ná ceardlanna, srl., a chur ar fáil ionas go rachaidh na páistí i dtaithí ar an teanga sula dtosóidís ag freastal ar scoil Ghaeltachta nó ar Ghaelscoil. Ós rud é go mbeidh luath-thumoideachas trí mheán na Gaeilge á fháil acu don chéad dhá bhliain sna scoileanna sin, táimid ag iarraidh go mbeidh siad ullmhaithe agus iad ag dul isteach.
Comment on this
An é an dúshlán nach bhfuil an fhoireann ann chun na seirbhísí sin a chur ar fáil trí Ghaeilge, nó an ea go bhfuil an t-éileamh chomh mór go bhfuil siad ag teastáil as Béarla?
Comment on this
Bíonn go leor plé eadrainn agus an Roinn Oideachais agus Óige maidir leis an bpolasaí agus an scéim aitheantas don oideachas Gaeltachta. Mar a luaigh Maryanne Uí Chualáin, tá go leor de na naíonraí nó na naíolanna atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla ar chomhchéim leis na scoileanna áitiúla atá ag iarraidh a bheith tiontaithe ó scoileanna Bhéarla isteach ina scoileanna Ghaeilge arís. Sna háiteanna inar thit an nósmhaireacht Béarla isteach thar na blianta, táimid ag iarraidh iad sin a thiontú thart. De réir mar a thuigim ó na cigirí sa Roinn Oideachais agus Óige, tá na torthaí ag breathnú go maith. Táimid ag iarraidh láidriú agus oibriú as lámh a chéile leis an Roinn oideachais. Táimid ag dul isteach agus ag iarraidh tacú leis an scéim don oideachas Ghaeltachta ionas go mbeidh, ar a laghad, cúpla focal cloiste ag na daltaí seo - taithí de bheith ag éisteacht le Gaeilge - nuair a théann siad isteach sna scoileanna sin.
Comment on this
Thar an deireadh seachtaine, léigh mé tríd An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge. Rud amháin a sheas amach dom ná caibidil 4.3.3, faoi mhór-théama straitéiseach 4, a leagann amach go mbeidh grúpa oibre earnála bunaithe. An mbeidh ionadaíocht ag an luathoideachais sa ghrúpa sin?
Comment on this
Níl a fhios agam go fóill. D'fhéadfaimis breathnú air. Tá an grúpa oibre á chur le chéile faoi láthair. Le bheith fírinneach, is í an phríomhaidhm atá leis an smaoineamh sin ná tuilleadh cúrsaí agus tuilleadh rochtain a chur ar fáil-----
Comment on this
-----ar chúrsaí tríú leibhéal, fiú trí mheán an Bhéarla, ionas go mbeidh rochtain ag na mic léinn sin ar an nGaeilge fad is atá siad ag dul tríd an choláiste. An príomhsprioc atá ag an ngrúpa oibre sin faoi láthair ná díriú ar an sprioc earcaíochta sin a bhaint amach. Is féidir le grúpaí eile teacht isteach ag an ngrúpa oibre sin ag amantaí difriúla le hinsint faoi na dúshláin atá acu. Má tá baill an choiste ag ceapadh gur cheart grúpaí ar nós Comhar Naíonraí na Gaeltachta a thabhairt isteach roimh an ngrúpa oibre sin, bheimid toilteanach breathnú air sin i gcomhar leis an Roinn ardoideachais.
Comment on this
Chualamar níos luaithe, ag an gcéad seisiún, nach bhfuil aon chúrsa ar fáil go hiomlán trí Ghaeilge a bhaineann leis an luathoideachas in Éirinn ar chor ar bith.
Bheadh sé dearfach dá mbeadh comhrá ag an Roinn leis an ngrúpa oibre seo le breathnú ar conas daoine a mhealladh isteach san earnáil go ginearálta. Cén fráma ama a bheadh i gceist leis? Má tá sprioc 2030 againn do 20% de dhaoine san earnáil phoiblí a bheith in ann a bheith ag feidhmiú trí Ghaeilge, cén cineál fráma ama atá i gceist leis an ngrúpa oibre seo?
Comment on this
Níl aon teorainn ama leagtha síos. Beidh an grúpa oibre seo ach an oiread leis na grúpaí oibre eile atá ann, coiste comhairleach an Aire agus an foghrúpa teicniúil le breathnú ar na córais IT. Tá siad sin ag feidhmiú. Níl aon am leagtha síos mar is obair leanúnach a bheidh ag dul ar aghaidh anseo. Tá foghrúpa earcaíochta atá ann leis an Roinn caiteachais phoiblí agus publicjobs. Tá sé sin ann freisin. Tá mé féin sa chathaoir ar an gcoiste comhairleach, ach tá foireann de phríomhoifigigh agam atá freagrach as an ról sin a ghlacadh ar na grúpaí sin freisin. Tá go leor oibre ar bun ar mhaithe leis na spriocanna sin atá sa reachtaíocht a bhaint amach. Ní thiocfaidh deireadh leis sin. Fiú níos faide chun cinn ná 2030, beidh gá leis na grúpaí sin because beidh tuilleadh oibre le déanamh.
Comment on this
Go bunúsach, tá sé dearfach go bhfuil an grúpa sin bunaithe. Muna bhfuil ach 4% de spásanna sa luathoideachas ar fáil go hiomlán trí Ghaeilge, mar a chualamar níos luaithe, agus muna bhfuil aon chúrsa ar fáil, is cás éigeandála é sin agus caithfimid dul i ngleic leis. Tá ceist eile agam. Luaigh an Dr. Mac Cormaic an scála pá agus go mbeadh comparáid déanta don scála pá atá ann do mhúinteoirí bunscoile nó meánscoile. An gceapann an Roinn go bhfuil an t-am tagtha anois cineál dreasachta nó spreagadh airgeadais a thabhairt do dhaoine a oibríonn sa luathoideachas trí mheán na Gaeilge? Bhí éad orm mar mhúinteoir meánscoile i gcónaí ag breathnú ar mhúinteoirí a d'fheidhmigh trí mheán an Bhéarla agus cé chomh héasca is a bhí sé teacht ar acmhainní sa seomra ranga. Tá sé mar an gcéanna sa luathoideachas. Tá sé deacair agus tá i bhfad níos mó oibre i gceist sa luathoideachas nuair a fheidhmíonn tú trí mheán na Gaeilge mar níl na hacmhainní ann chomh coitianta is atá sa Bhéarla. Tá i bhfad níos mó oibre i gceist. An bhfuil an t-am tagtha le breathnú ar an bpá atá ann sa luathoideachas trí mheán na Gaeilge agus pá níos airde a thabhairt dóibh chun iad a mhealladh isteach san earnáil go ginearálta le Gaeilge?
Comment on this
D'éirigh linn an méadú is cinnte agus is mó le blianta fada i gcáinaisnéis 2026 don earnáil Ghaeilge agus Gaeltachta. D'éirigh leis an Aire, an Teachta Calleary, é sin a aontú leis an Aire, an Teachta Chambers. Is rud thar a bheith dearfach é sin. Tá se ráite ar Tuairisc.ie gurb é an t-ardú is mó riamh a tháinig in aon bhuiséad. Dúirt mé níos túisce nár tháinig mé trasna ar aon Státseirbhíseach a bhí sásta riamh leis an méid airgid a bhí aige mar i gcónaí bíonn rudaí eile a bhíonn sé nó sí ag iarraidh a chur i gcrích. An bhfuil muid ansin fós? Mar a luaigh mé le comhghleacaí an tSeanadóra, an bhfuil muid ansin fós go bhfuil muid in ann breathnú ar na rudaí sin?
Má bhreathnaíonn an Seanadóir ar scéimeanna óige, tá na hoifigigh pleanála teanga ag screadaíl le haghaidh seirbhísí óige. Níl muid ach ag tosú amach ar an aistear sin, aistear a thosaigh muid amach leis an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta deich mbliana ó shin nuair a bhí sé ag feidhmiú ar €50,000 in aghaidh na bliana. Anois tá sé ar €1.3 milliún nó €1.4 milliún in aghaidh na bliana. Cén áit a gcuireann tú do chuid acmhainní? An gcuireann tú isteach i seirbhísí óige iad? An gcuireann tú isteach in Ealaín na Gaeltachta le haghaidh tuilleadh seirbhísí a chur ar fáil ar fud na Gaeltachta, áit nach bhfuil siad ag feidhmiú fós? An gcuireann tú isteach i gComhar Naíonraí na Gaeltachta le haghaidh seirbhísí a leathnú amach seachas pá a ardú? Tá an oiread rudaí gur féidir linn a dhéanamh le níos mó airgid.
Mar a dúirt mé le comhghleacaí an tSeanadóra níos túisce, ba bhreá liom a fheiceáil i gceann deich mbliana go mbeimid sa spás sin go mbeidh na bearnaí éagsúla seo líonta agus go mbeimid in ann dul sa spás sin go bhfuil cúrsa tríú leibhéal, leibhéal 8, ar an CAO form agus go mbeidh nasc idir seirbhísí, daoine atá ag obair, seirbhísí réamhscoile agus an nasc sin leis an scála pá atá ag múinteoirí bunscoile. Ba bhreá linn dul sa treo sin. An bhfuil muid ansin fós? Tá go leor bearnaí sa chóras fós. Sin in ainneoin an méid is mó airgid a fuair an tAire, an Teachta Calleary, riamh don earnáil sa bhuiséad. Tógfaidh sé roinnt mhaith buiséad le haghaidh gach bearna a líonadh sa spás seo.
Comment on this
Glacaim leis go bhfuil easpa leathan seirbhísí trí Ghaeilge go ginearálta. Tuigim an rud atá á rá ag an Dr. Mac Cormaic go gcaithfimid féachaint ar go leor spásanna san earnáil, ach fiú go fadtéarmach, más rud é go bhfuil duine ag teacht amach ón gcúrsa leibhéal 8, agus go bhfuil siad cáilithe anois agus ag breathnú ar an gcinneadh atá á dhéanamh acu dul go seirbhísí trí Ghaeilge nó trí Bhéarla, nuair a fhéachann siad ar an méid oibre agus ar an ualach oibre atá ann trí Ghaeilge, is cinneadh éasca é do go leor daoine nach bhfuil ideological maidir leis an nGaeilge agus nach bhfuil róthiomanta a bheith ag obair trí Ghaeilge. Is cinneadh éasca é i mbealach amháin. Fiú mar mhúinteoir meánscoile, tá sé an-deacair feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge sa seomra ranga leis na hacmhainní ar fad atá ar fáil. Is ceist fhadtéarmach é ar bhealach amháin, ach tá sé tábhachtach a bheith ag smaoineamh faoin dreasacht airgeadais sin do dhaoine atá ag iarraidh dul isteach agus obair trí Ghaeilge.
Comment on this
D'fhéadfadh mise nó mo chomhghleacaithe teacht isteach an tseachtain seo chugainn ag caint faoi sheirbhísí teaghlaigh agus ealaíne agus bheadh an cheist chéanna ann faoi cén áit a gcuirtear na hacmhainní. Bíonn acmhainní teann i gcónaí, is cuma cén Roinn nó eagraíocht ina bhfuiltear ag feidhmiú sa tseirbhís phoiblí. Caithfear cinntí a dhéanamh faoi cén áit a bhfuil an t-airgead ag dul. Ag dul siar 15 bliana i sean-Roinn na Gaeltachta, bhíomar ag plé le bóithre agus céibheanna. Sin an áit a raibh tromlach an airgid ag dul. Ní raibh aon chaint faoi. Luaigh mé na seirbhísí a bhfuilimid ag plé leo, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta, na seirbhísí óige agus ealaíona.
Níl tada mícheart le bheith ag plé le céibheanna agus bóithre, ach tá eagraíochtaí Stáit eile ann le haghaidh na jabanna sin a dhéanamh. Tá a fhios agam go bhfuil sé ar chlár an Rialtais le haghaidh scéim na mbóithre áise a thabhairt ar ais, agus beidh sé sin le déanamh ag an Rialtas seo. Ní raibh muid ag díriú isteach, má bhreathnaíonn an Seanadóir ar an airgead nua atá ag dul isteach sa chóras pleanála teanga, agus stuif eile atá ann atáimid ag déanamh le deich mbliana anuas. Tá sé spéisiúil le dul tríd roinnt rudaí atáimid ag déanamh anois. Le gach uile dhoras a osclaímid, feicimid líne de dhoirse eile os ár gcomhair - jabanna atáimid ceaptha a bheith á ndéanamh agus nár thuig muid fiú go raibh muid ceaptha a dhéanamh, go háirithe i spás na seirbhísí poiblí. Gach uile bhóthar a théimid síos i dtaobh na seirbhísí poiblí, feicimid rud eile a chaithfidh a tharlú ionas go mbainfimid an sprioc sin de 20% amach.
Rithfidh mé tríd, má thugann an Seanadóir deis dom, rudaí atá ann anois nach raibh ann deich mbliana ó shin sa spás le haghaidh an éiceachóras Gaeilge a chothú istigh sa Ghaeltacht. Ní raibh an próiseas pleanála teanga ar bun in aon chor deich mbliana ó shin. Caoga duine atá ag obair anois sa ghort sa Ghaeltacht go heisiach ar sheirbhísí Gaeltachta. Tá an meastachán sin coimeádach. Níl mé ach ag cur 26 oifigeach pleanála teanga agus na daoine atá ag obair do Thuismitheoirí na Gaeltachta, eagraíocht nach raibh ann deich mbliana ó shin. Ní raibh an tAcht teanga ann. Tá sé sin mar chuid den éiceachóras le haghaidh seirbhísí poiblí a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Ní raibh fógraí i nGaeilge le cloisteáil ar na meáin, rud a chuireann le stádas, go dtí dhá bhliain anuas. Is fíorbheagán fógraí a bhí ar na meáin. Ní raibh Cúla4, an stáisiún teilifíse do na gasúir ann. Ní raibh straitéis náisiúnta do na healaíona teangabhunaithe, straitéis atá Eoin Ó Droighneáin ag feidhmiú i gcomhar le hEalaín na Gaeltachta, Oireachtas na Gaeilge agus Taibhdhearc na Gaillimhe, a bhfuil i bhfad níos mó airgid agus foirne aige anois agus a bhfuil ról lárnach aige anois mar tá sé ag feidhmiú mar amharclann cheart náisiúnta na Gaeilge le cúpla bliain anuas.
Tá Eoin Ó Droighneáin ag plé le plean digiteach don Ghaeilge. Má bhreathnaíonn tú ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, is trí nó ceithre líne a bhí istigh ann faoi chúrsaí digiteacha. Anois, tá straitéis againn de 300 leathanach atá forbartha agus airgead curtha taobh thiar dó le haghaidh é a chur i bhfeidhm. Ní raibh scéim don oideachas Gaeltachta ann deich mbliain ó shin, agus an tionchar dearfach atá sé sin ag imirt ar rudaí sa Ghaeltacht.
Rud eile ná an stádas; má bhreathnaítear ar an múnla UNESCO a úsáidtear le haghaidh teangacha neamhfhorleathana a fhorbairt, is é stádas ceann de na rudaí is tábhachtaí. Má bhreathnaítear ar an stádas iomlán mar theanga oifigiúil agus oibre atá ag an nGaeilge san Aontas Eorpach, níl sé sin ann ach ó dheireadh 2021 agus go leor oibre curtha isteach ag an Roinn thall san Eoraip freisin leis na hinstitiúidí Eorpacha uilig a bhí istigh. Bhí go leor oibre i gceist ansin ar feadh cúig bliana. Ní raibh Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí ann. Arís, imríonn sé sin tionchar ar na daoine atá ag obair sa Státchóras agus sa Ghaeltacht. Ansin, tá an infheistíocht cheart a luaigh mé sna healaíona, sna seirbhísí óige agus luathbhlianta, agus an plean gníomhaíochtaí um sheirbhísí poiblí Gaeilge a luaigh an Seanadóir féin. Is cuid den éiceachóras a theastaíonn iad seo. Sin le deich mbliana anuas, ó thiontaigh muid an straitéis agus an fócas a bhí ag Roinn na Gaeltachta - tabharfaimid Roinn na Gaeltachta uirthi. Táimid tar éis an straitéis agus an fócas a iompú bunoscionn le dul ó chéanna agus bóithre. Táimid á bhfágáil sin ag eagraíochtaí eile cosúil leis na húdaráis áitiúla, nó cuid eile dár Roinn féin i gcás na mbóithre LIS. Tá Roinn na mara agus na comhairlí contae ann freisin. Is athrú fócas iomlán atá déanta againn. Táimid ag leagan síos struchtúir anois nach bhfeicfimid an toradh ceart as sna figiúirí daonáirimh go ceann deich mbliana nó 20 bliain, agus tuilleadh struchtúir agus infheistíochta le déanamh. Sin an áit ina bhfuilimid. Níl muid gar go deireadh an aistir seo go fóill. Ní fheicfidh mise é ach feicfidh daoine eile é má leantar leis.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis an Dr. Mac Cormaic. Ní raibh mé ag iarraidh a bheith diúltach.
Comment on this
An rud is mó atá ag teastáil ná-----
Comment on this
Bhí deis iontach ag an Dr. Mac Cormaic ansin an liosta mór atá á dhéanamh ag an Roinn a léamh amach.
Comment on this
Go raibh míle maith ag an gcoiste as sin.
Comment on this
Bhí an coiste eile ar siúl ag an am chéanna; mar sin, gabhaim mo leithscéal nach raibh mé anseo do na ráitis tosaigh. Luaim rud éigin atá ag teacht leis an méid a dúirt an Seanadóir Curley maidir le hacmhainní agus a leithéid. Mar chomhthéacs, tréaslaím leis an Roinn as an méid atá déanta. Tá sé aitheanta agus tá sé go maith go raibh an deis é sin ar fad a liostáil. An rud is suntasaí domsa ná go bhfuil guth na Roinne i bhfad níos dáiríre anois sa chaoi is a mbíonn sí ag dul i ngleic leis na Ranna agus na háisíneachtaí Stáit eile. Faoi mar atá leagtha amach ag an Dr. Mac Cormaic, chun an uaillmhian sin a bhaint amach, caithfear an guth sin a dhéanamh níos dáiríre agus níos treise agus muid ag dul i gleic leis na Ranna eile. Tá ceannaireacht pholaitiúil atá á léiriú ag an Aire, an Teachta Calleary, ag léiriú an cuir chuige sin agus tá sé tábhachtach é sin a aithint freisin. Ag teacht as sin, an cheist atá agam ná gur luaigh an Dr. Mac Cormaic foghrúpa earcaíochta atá ann leis an Roinn caiteachais phoiblí. Agus muid ag labhairt ar ghanntanas naíonraí sa Ghaeltacht, ganntanas tithíochta nó ganntanas Gaeloideachais, nó ganntanas comhlachtaí a éilíonn ardscileanna a mhealladh daoine chun na Gaeltachta, tagann sé thar n-ais go minic go dtí an cheist seo: an bhfuil duine éigin ag fócasú ar earcaíocht? Tá sé tábhachtach ní hamháin daoine a bhfuil Gaeilge acu a mhealladh chun na Gaeltachta ach freisin CPD a chur ar fáil dóibh siúd nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu ach atá ag iarraidh cur lena gcuid Gaeilge, agus díriú isteach ar na hacmhainní daonna leis an bhfís seo a bhaint amach. An bhféadfadh an Dr. Mac Cormaic cúpla rud a rá faoin foghrúpa earcaíochta sin maidir leis an mandáid agus an cur chuige atá aige? Chomh tábhachtach céanna domsa ná na táscairí atá ag an foghrúpa le tomhas a dhéanamh. An bhfuil ag éirí leo? Tá sé an-mhaith go mbeadh uaillmhian agus fís againn ach mura bhfuilimid in ann iad a thomhas, ní féidir an uaillmhian sin a bhaint amach. An mbeadh an Dr. Mac Cormaic in ann rud éigin a rá faoi sin?
Comment on this
Rud amháin faoi seo ná nach é an plean a sheol an tAire, an Teachta Calleary, coicís ó shin ach cuid den scéal. Beidh próiseas comhairliúcháin á rolláil amach againn i gceann míosa nó thart air sin maidir leis na caighdeán teanga atá ag teacht. Is éard atá sa phlean gníomhaíochta ná go dtugann sé cúnamh agus treoir do na comhlachtaí poiblí éagsúla - tá os cionn 400 acu – le déileáil leis na caighdeáin. Tugann sé treoir dóibh. Beidh treoirlínte ann freisin le tacú leo na caighdeáin seo a chur i bhfeidhm. Beidh na caighdeáin seo dúshlánach; níl aon dabht faoi sin agus feicimid é sin.
An rud faoin earcaíocht ná, don chéad uair riamh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, go luaitear faoi alt 4(b) na hAchta go bhfuil ionadaí - oifigeach Gaeilge go bunúsach - le ceapadh ag gach comhlacht poiblí. Tá an ionadaíocht sin agus an pointe teagmhála sin againn istigh i ngach eagraíocht poiblí le comhordú a dhéanamh ar bhaint amach-----
Comment on this
An féidir liom cur isteach go tapa ar an Dr. Mac Cormaic le soiléiriú a dhéanamh air sin? Cén leibhéal bainistíochta ag a mbíonn na hoifigigh sin?
Comment on this
Táimid ag iarraidh go mbeadh siad ag leibhéal príomhoifigeach cúnta nó níos airde. Is duine éigin ag leibhéal réasúnta ard istigh san eagraíocht atá i gceist, a bhéas in ann tionchar a imirt ar an eagraíocht. Tá socruithe nua le tacú leis na daoine sin. Tá ríomhphoist ar leith socraithe. Bíonn muid i dteagmháil leis na daoine sin an t-am ar fad le tacú leo. Leis na caighdeáin teanga, bheadh muid ag iarraidh níos mó cúraimí a thabhairt do na daoine sin. Tá an cúram sin tugtha do na daoine sin anois de bharr an Achta ach thit go leor acu isteach sa ról. B’fhéidir nach raibh sé leagtha amach go straitéiseach mar gheall gur tháinig an rud seo as an nua. Go fadtéarmach, áfach, beimid ag iarraidh go mbeidh daoine le Gaeilge sna róil sin. Tabharfaidh sé sin deis dúinn an t-éileamh ó gach comhlacht poiblí a láimhseáil. Beidh éileamh ag teacht ó na comhlachtaí poiblí le haghaidh daoine le Gaeilge. Cuirfidh sé sin borradh faoin rud freisin, ionas go mbeidh an t-éileamh ann daoine a fháil isteach. Muna bhfuil daoine agat agus ionadaíocht istigh i ngach eagraíocht phoiblí, tá an chontúirt ann go dtitfidh an rud ar leataobh agus go mbeidh sé mar phíosa de jab ag duine éigin. Táimid ag iarraidh ról ar leith a chruthú i ngach comhlacht poiblí. Is é sin ceann de na rudaí a bhéas le déanamh mar chuid de na caighdeáin. Leagfaimid amach plean amscála le haghaidh daoine le Gaeilge a chur isteach sna róil sin. Ní féidir é a dhéanamh thar oíche agus glacann chuile dhuine leis sin. Feedáilfeadh sé sin isteach san obair a bhéas ar bun ag an bhfochoiste earcaíochta. Beidh go leor rudaí ag tarlú ansin. Beidh Publicjobs.ie agus an Roinn caiteachais phoiblí i gceist. Beidh stuif i dtaobh pleanála d’fórsa oibre le cur san áireamh ansin freisin. Tá na struchtúir nua á gcur ar bun anois a stiúrfaidh muid i dtreo seirbhís dhátheangach. Níl a fhios agam an bhfreagraíonn sin ceist an Teachta.
Comment on this
Freagraíonn. Cad iad na táscairí a úsáidfidh a leithéid d’fhoghrúpa earcaíochta? An mbeidh ceann soiléir i gceist, nó an mbainfidh sé le líon na ndaoine? Glacaim leis sin ach-----
Comment on this
Beidh na táscairí istigh sna caighdeáin teanga. Beidh sé leagtha amach sna caighdeáin teanga céard a chaithfidh na comhlachtaí poiblí éagsúla a dhéanamh. Beidh stuif i dtaobh pleanáil don bhfórsa oibre agus go leor i dtaobh seirbhísí. Beidh sé bunaithe ar sheirbhísí. Beidh sé ráite istigh go mbeidh sé riachtanach i leith seirbhísí áirithe go ndéanfaidh gach comhlacht poiblí rudaí áirithe. Ansin, beidh rudaí ag brath ar cén áit ina bhfuil tú. Más in údarás áitiúil atá tú, beidh seirbhís eile le Gaeilge atá ar ardchaighdeán de dhíth. Más comhairle údarás áitiúil Gaeltachta atá istigh sa dlínse agat, beidh leibhéal seirbhísí níos airde ag teastáil le freastal ar phobal na Gaeltachta. Beidh sé uilig ag brath ar na gcaighdeáin. Is iad na caighdeáin a leagfiadh síos na leibhéil seirbhísí agus is ansin atá na KPIs.
Comment on this
Tá an-moladh tuilte más rud é go bhfuil oifigeach Gaeilge á gceapadh ag gach aon chomhlacht phoiblí agus iad ag leibhéal sách ard ó thaobh bainistíochta. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach. An bhuairt atá orm ná an bhfuil an phíblíne ann i ndiaidh do na daoine sin a bheith ceaptha.
Éireoidh le comhlachtaí oifigigh Ghaeilge a cheapadh taobh istigh de trí bliana ach i ndiaidh sin an bhfuil glúin eile réidh le teacht?
Comment on this
Sin rud a thiocfaidh leis an 20%. Tugann an 20% sin fócas iontach dúinn. OneLearning a chuireann na seirbhísí sin - na cúrsaí Gaeilge - ar fáil. Táimid tar éis méadú 3% a fheiceáil ar na daoine taobh istigh den Státseirbhís atá ag tabhairt faoi chúrsaí oiliúna Gaeilge.
Comment on this
Tá méadú 300%. Chonaic mé sna figiúirí a tháinig isteach an lá cheana go bhfuil méadú arís tagtha air sin just go earrach na bliana seo. Sin díreach don Státseirbhís.
Comment on this
An cúrsaí iad sin a chuireann feabhas ar an nGaeilge ata ag daoine?
Comment on this
Sea. Is cúrsaí iad do dhaoine atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Mar chuid den obair chun an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a chur le chéile, rinneamar taighde i measc 35,000 seirbhís phoiblí trasna an bhoird uilig. Beimid ag foilsiú an staidéar a rinne Ollscoil na Gaillimhe i gceann cúpla seachtain eile. Feicfidh an coiste an oiread tola i measc daoine atá ag obair sa tseirbhís phoiblí, níos leithne ná an Státseirbhís, le haghaidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Tá Gaelchultúr ag cur cúrsaí oiliúna ar fáil do dhaoine sna seirbhísí níos leithne ná an Státseirbhís í féin, do dhaoine sa tseirbhís phoiblí i gcoitinne. Tá borradh á fheiceáil aige faoi líon na ndaoine atá ag tabhairt faoin teastas nó an dioplóma sa Ghaeilge ghairmiúil atá ag Gaelchultúr. Tá borradh ag teacht faoi gach rud istigh sa chóras mar a bhaineann sé leis an teanga. Is de bharr an Achta in 2021 atá sé sin ag tarlú. Le dul ar ais go dtí an cheist a luaigh an Teachta, is é sin an bhfuil an phíblíne ann, nuair a éiríonn linn níos mó daoine a fháil isteach de réir a chéile suas go dtí 2030 agus níos faide ar aghaidh, beidh níos mó daoine trasna an chórais uilig le Gaeilge le haghaidh an phíblíne sin a líonadh.
Comment on this
Chuir an Seanadóir Curley agus an Teachta Ó Muirí ceist ar na finnéithe faoin ráta pá dóibh siúd atá ag múineadh sna naíscoileanna agus na naíonraí. Thug an Dr. Mac Cormaic liosta mór de dhualgais nua atá ar an Roinn anois. Dúirt sé gur breá leis an Roinn níos mó maoinithe a thabhairt do rudaí éagsúla. An bhfuil aon sórt anailís déanta ag na finnéithe ar na bearnaí atá feicthe acu ó thaobh - sa chás seo – seirbhísí luathbhlianta nó na healaíon, agus ar na dualgais éagsúla atá orthu agus gur bhreá leo a bheith in ann a dhéanamh ach nach bhfuil an t-airgead acu go fóillín?
Comment on this
Tá an straitéis 20 bliain don Ghaeilge bunaithe ar mhúnla atá leagtha síos ag UNESCO maidir le mionteangacha a fhorbairt. Tá cineál múnla leagtha amach istigh sa straitéis bunaithe air sin agus tógann muid treoir as sin faoi na bearnaí atá le líonadh. Tá na rudaí éagsúla atá luaite agus an liosta mór fada a léigh mise amach ar ball bunaithe ar an múnla sin atá sa straitéis 20 bliain. Tógann muid ár dtreoir ón straitéis 20 bliain. Sin an polasaí atá ann.
Comment on this
Tá go leor den obair sin ar siúl faoi scáth na Roinne leanaí agus an plean náisiúnta. Is pointe bailí é an pointe a rinneadh roimhe seo go raibh argóint mhaith ann ar son ráta pá níos airde toisc go bhfuil a laghad acmhainní, ach le cúnamh Dé, mar thoradh ar an bplean seo líonfar cuid mhaith de na bearnaí sin i taobh an tsoláthair luathoideachais é féin. Le cúnamh Dé, beidh soláthar i bhfad níos folláine ann tríd is tríd ina dhiaidh sin agus b’fhéidir nach mbeidh an argóint baileach chomh láidir ach gur rud maith é sin mar go mbeidh feabhas ar an gcaighdeán agus ar an soláthar dá thoradh sin.
Comment on this
Más rud é nach bhfuil rud éigin sa straitéis 20 bliain agus nach bhfuil sé le feiscint i múnla UNESCO ach an oiread, ach tagann rud éigin nua amach, an féidir leis an Roinn dul i ngleic leis an bhfadhb sin?
Comment on this
Sin go díreach atá déanta againn i dtaobh cúrsaí digiteacha. Chuaigh muid ag obair le DCU agus le Coláiste na Tríonóide ar an bplean digiteach don Ghaeilge. B’fhéidir go bhfuil Eoin Ó Droighneáin ag iarraidh labhairt faoi sin. Is gné amháin den straitéis é sin. Ní raibh an stuif digiteach ar an radar in 2010.
Comment on this
Go díreach é. Níl caint ar mhórán eile ach rudaí ar nós intleacht shaorga i láthair na huaire. Tá go leor oibre ar siúl againn féin sa Roinn agus i gcomhairle le heagraíochta eile ag iarraidh a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge i lár an aonaigh ansin, ní hamháin sa tír seo ach i gcomhthéacs idirnáisiúnta agus i gcomhthéacs Eorpach. Táimid páirteach in eagraíocht nua darb ainm an Chomhghualaíocht um Theicneolaíochtaí Teangan, nó Alliance for Language Technologies, a bunaíodh le dhá bliain anuas ar leibhéal Eorpach agus iarracht faoi leith ar bun ansin maidir leis an áit a bheidh ag teangacha neamhfhorleathana ar nós na Gaeilge lena chinntiú go mbeidh siad i lár an aonaigh agus na forbairtí teicneolaíochta sin ag tarlú.
Comment on this
Muna bhfuil aon cheist eile, cuirfidh mé clabhsúr leis an seisiún seo. An bhfuil sé sin aontaithe? Aontaithe. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Dr. Aodhán Mac Cormaic, le Maryanne Uí Chualáin agus le hEoin Ó Droighneáin as an bplé fiúntach agus tairbheach a bhí againn inniu. Cuirim an cruinniú ar athló go dtí 11 a chlog ar an 3 Márta nuair a bheidh daltaí meánscoile os ár gcomhair mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2026.