We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

Seirbhísí Poiblí Dátheangacha do Chainteoirí Gaeilge Óga: Plé

Summary

Díríodh an plé ar na seirbhísí poiblí dátheangacha atá ag teastáil ó chainteoirí Gaeilge óga, agus ar an gcaoi a mbíonn an teanga ceangailte le hoideachas, poist, meáin agus saol sóisialta. Tharraing na finnéithe aird ar easpa scoileanna agus cúrsaí Gaeilge, ar an ngá le spásanna sóisialta agus meáin Ghaeilge ar nós Raidió Rí-Rá, agus ar fhadhbanna tithíochta agus pleanála a chuireann i mbaol pobail Ghaeltachta. Mhol siad pleanáil teanga níos láidre ar bhonn Stáit, níos mó foirne agus maoinithe do limistéir phleanála teanga, agus earcaíocht níos leithne do phoist le Gaeilge. Glacadh leis go bhfuil borradh faoin teanga, ach go bhfuil gá le gníomh córasach chun í a neartú.

Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Tá leithscéal faighte againn ón Teachta Shane Moynihan. Tá moill air. An bhfuil leithscéal faighte againn ó éinne eile inniu? Níl.

Déanfaimid ár mbreithniú le cainteoirí Gaeilge óga atá ag iarraidh saol Gaelach a chaitheamh maidir leis na seirbhísí poiblí dátheangacha atá de dhíth orthu ina leith. Gabhaim buíochas leis na finnéithe seo a leanas: Eimear Nic Conurchoille, Sadhbh Ní Fhearail, Luke Ó Floinn agus John Prendergast.

Is mian liom cur ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú i seomra coiste 3, taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha a leagan faoina bhráid uile. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a nguthán soghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste, nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe phoiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiscint ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad féin ag caint.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste, chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurlán Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á thabhairt acu. Is fíric é nach féidir leis na finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu lasmuigh de phurlán Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu, agus má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí ar fhéadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá go bhféadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, más rud é go bhféadfadh a ráiteas bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéilleann siad leis an ordú sin. An nglacann gach éinne leis na treoracha sin? Glacann. Iontach. Iarraim ar Eimear Nic Conurchoille a ráiteas tosaigh a thabhairt.

Comment on this
Ms Eimear Nic Conurchoille

Tosóidh mé le píosa fúm féin. Rugadh agus tógadh i gcathair Bhéal Feirste mé. D'fhreastail mé ar bhunscoil agus meánscoil Bhéarla agus mar sin, níor thosaigh mé mo chuid staidéir ar an teanga go crua go dtí go raibh mé i mo dhéagóir. Táim an-bhuíoch de mo mhúinteoir Gaeilge, Jo Uí Chonnaighle, agus an scoil, Coláiste Dhún Liam, don oideachas a bhí mé in ann a bhaint amach ann. Ag an bpointe sin, ní raibh pobal na Gaeilge chomh mór sa scoil toisc nach raibh ach cúigear againn sa rang ardleibhéal. Ní féidir deagóirí Bhéal Feirste a bhfuil Gaeilge líofa acu freastal ach ar Ghaelcholáistel amháin, Coláiste Feirste atá lonnaithe ar Bhóthar na bhFál. Níl ach Gaelcholáiste amháin i gContae Dhoire fosta, sé sin Gaelcholáiste Dhoire i nDún Geimhin. Ba cheart campas níos mó a bheith ag Coláiste Feirste, nó fiú Gaelcholáistí a bheith i gceantair eile trasna na cathrach, le freastal ar an méid daoine óga bhfuil Gaeilge acu taobh amuigh de na ceantair Gaeltachta. Thosaigh mé ag déanamh teagmhála le múinteoir na Gaeilge i mo cheantar féin agus mé i mo dhéagóir, go háirithe muintir Áras Mhic Reachtain a bhfuil obair na gcapall i mbun acu ar son na teanga ar Bhóthar Aontroma i dtuaisceart Bhéal Feirste.

Tá neart feachtais ar siúl faoi láthair sa Tuaisceart chun comharthaí dátheangacha a bhíonn amach ar na sráideanna agus ar achan seirbhís poiblí mar atá i bPoblacht na hÉireann. Cé go bhfuil sé le feiceáil i roinnt áiteanna, níl sé sa chuid is mó sa chathair, agus tarlaíonn sé go minic go ndéantar loitiméireacht ar na comharthaí sráide Gaeilge atá ann. Tá feachtas láidir idir lámha ag Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona agus an Dream Dearg é seo a thuilleamh ar an gcampas fosta. Is céim shuntasach é go raibh sé seo faighte ag Gaelscoil Uladh i nDoire ar an 25 Feabhra. Tá súil agam go dtiocfaidh an lá ina mbeidh an coiste seo ag obair in éineacht le Stormont chun é seo a bhaint amach don phobal ginearálta.

D'fhreastail mé ar ard-fheis Chonradh na Gaeilge ag deireadh mhí Feabhra i mBéal Feirste le foireann Raidió Rí-Rá. Rith an conradh leis an rún "Gníomhú ar son Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta". Má táimid dáiríre faoi sin, is smaoineamh é a thosú agus páirt a ghlacadh sna feachtais uilig atá ar siúl cheana. Tús maith leath na hoibre.

Toisc nach raibh saol acadúil lánGhaeilge agam riamh, bhí orm é a fhoghlaim mé féin cén dóigh áit ceart a thabhairt don teanga taobh amuigh den seomra ranga; mar shampla, ag freastal ar chaiféanna nó siopaí Gaeilge sa bhaile, anseo i mBaile Átha Cliath nó i nGaillimh, áit a bhfuil mo chéim sa Ghaeilge agus aistriúcháin i mbun agam faoi láthair. Creidim gurb iad na meáin ceann de na bealaí is fearr do dhaoine óga seo a dhéanamh. Tá mé ag déanamh socrúchán oibre le Raidió Rí-Rá i láthair na huaire, agus ag feiceáil ón bhunfhoinse an dóigh a chruthaítear ceol Gaeilge, podchraoladh agus saol sóisialta ginearálta trí mheán na Gaeilge. Tá Raidió Rí-Rá ag obair go dian chun é seo a chur chun cinn. Déanann an fhoireann podchraoladh Gaeilge cúpla uair sa tseachtain agus seinneann muid mórán ceol na Gaeilge achan lá fosta. Sa ré atá anois ann, tá suim níos mó ag daoine óga bheith ag éisteacht le ceol no bheith sáite i gcúrsaí teicneolaíochta in áit bheith ag léamh leabhar agus leabhar eile mar a bhíonn sa scoil. Is féidir linn páirt a ghlacadh ansin agus iad a spreagadh ár dteanga a úsáid ina saol gach lá i mbealach spraoiúil.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Glaoim anois ar Luke Ó Floinn.

Comment on this
Mr. Luke Ó Floinn

Bail ó Dhia oraibh, a dhaoine uaisle. Gabhaim buíochas leis an gcoiste. Is as Árann i gContae na Gaillimhe dom. Táim os comhair an coiste chun bheith ag labhairt i nGaeilge, faoin nGaeilge, agus ar son na Gaeilge sa mbaile agus ar fud na tíre. Labhróidh mé faoi mo thaithí féin leis an teanga agus cuid de na céadta rudaí atá feicthe agam agus mé ag fás aníos sa Ghaeltacht. Is cinnte go raibh Gaeilge le cloisteáil timpeall orm agus mé ag fás aníos ach ní mórán smaoineamh a bhí déanta agam uirthi i gcónaí. Labhair muid í, bhí muid ag foghlaim fúithi ar scoil tríd na blianta agus chuala muid go raibh an-deiseanna tugtha dúinn mar gheall ar an nGaeilge, ach ní raibh mórán tuisceana agam ar thábhacht na teanga i ndáiríre go dtí go raibh mé ar an ardteist. Is ansin, agus mé 17 bliain d'aois, a spreagadh an suim sa teanga ionam, gur fhás an ghrá bhí agam don teanga, is gur thuig mé go raibh mé ag iarraidh leanúint léi agus mé ag ullmhú don ollscoil. Tá mé ag staidéar in Ollscoil na Gaillimhe, i gcathair ina bhfuil pobal láidir Gaeilge ag maireachtáil. Tá daoine as chuile choirnéal den tír i nGaillimh agus an Ghaeilge á labhairt, á staidéir is á ceiliúradh acu. Ba mhór agam an saol nua seo a fheiceáil, ach ritheann a lán smaointe liom agus mé ag smaoineamh ar an teanga agus ar mo bhaile.

Agus blas faighte agam don saol mór i nGaillimh, thosaigh mé ag féachaint ar an saol sa bhaile. Cuireadh ar an eolas mé faoin obair iontach atá ar siúl ag na pleanálaithe teanga. Eagraíonn siad a lán imeachtaí trí Ghaeilge chun an teanga a láidriú sa phobal agus an pobal a thabhairt le chéile. Tugann siad tacaíocht d'ealaíontóirí áitiúla cheird thraidisiúnta agus nua-aimseartha a spreagadh. Táim an-bhuíoch go bhfuil ár n-oifigeach pleanáil teanga Marion againn, mar is obair den chéad scoth atá ar siúl aici. É sin ráite, cé nach bhfuil mise ar an eolas faoin obair seo ach le déanaí, ní shin le rá nach bhfuil na daoine óga eolach faoi. Chuir an pleanáil teanga roinnt maoiniú ar fáil don mheánscoil anuraidh, rud atá an tábhachtach ar chúpla bealach. Cruthaíonn sé an-taithí do na daltaí sa scoil agus iad ag freastal ar imeachtaí lánGhaeilge ar an mórthír. Déanann sé nasc leis an nGaeilge a láidriú sa phobal agus déanann daoine a ngnó trí Ghaeilge. Cruthaíonn sé caidreamh leis an bpleanáil teanga sa scoil chun cinntiú go mbeidh buntáistí an chórais le feiceáil amach anseo. Mar sin, tá mise den smaoineamh go bhfuil sé riachtanach go mbeidh oifigeach óige fostaithe ag an bpleanáil teanga i ngach limistéar chun an teanga a láidriú i measc na ndaoine óga ar fud na tíre, chun níos mó seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil, agus chun cur in iúl do dhaoine nach múinteoireacht amháin atá mar fhéidearthacht leis an nGaeilge. Tá na céadta féidearthachtaí eile amach rompu.

Más ag iarraidh go dtiocfaidh fás ar an nGaeilge agus ar sheirbhísí Gaeilge atáimid, caithfimid aghaidh a thabhairt ar na scoileanna, na bunscoileanna go háirid.

Tá mo mháthair ag obair mar chúntóir riachtanais speisialta sa bhunscoil in Eoghanacht sa bhaile, áit ina bhfuil siad ag streachailt ar feadh tamaill anuas daltaí a fháil chun an scoil a choinneáil oscailte. Tá sí i mbaol a post a chailliúint ar feadh cúpla bliain anois, ag fanacht ar an lá go ndéarfar léi nach bhfuil a post ann níos mó.

Tá sé fíordheacair áit chónaithe a fháil in Árainn mar gheall ar chead pleanála agus tá sé feicthe agam tríd na blianta an dochar a dhéanann sé. Tá poist atá ag teastáil go géar uainn uilig, mar shampla múinteoirí, leictreoirí agus iascairí, imithe ón oileán mar gheall nach féidir le daoine teach a thógáil. Tá daoine le páistí óga ag iarraidh cur fúthu in Árainn agus teach a thógáil ar thalamh a sinsir. Ní ag ligean scil orm féin atá mé anseo. Níl mórán eolais agam ar chead pleanála, ach bhí ar mo chol ceathrar agus a chlann an t-oileán a fhágáil mar gheall ar deacrachtaí pleanála. Sin triúr páiste imithe ón oileán; páistí a tógadh trí Ghaeilge atá imithe óna gcairde is óna gclann. D'fhág siad a ngnólacht rathúil, Bláth na Mara, ina ndiaidh chomh maith. Ag baint fheamainne a bhí siad, traidisiún a bhí sa chlann acu ar feadh na glúnta. Ní hamháin go bhfuil an stair agus an traidisiún sin ag dul in éag, ach tá roinnt postanna caillte ag muintir na háite, m'uncail san áireamh. Tá col ceathrar eile liom fós ag streachailt. In 2020, diúltaíodh a cead pleanála i ndiaidh di comhairle míchruinn a fháil faoin suíomh, comhairle a chosain €5,500 uirthi. Bhí sí féin ag tabhairt aire dá leaid óg agus ag íoc cíosa ar theach ar feadh dhá bhliain go dtí gur tógadh deich lá di an teach a fhágáil chun go bhféadfaí Airbnb a dhéanamh as. Níor tháinig réiteach ar a scéal go fóill. Bhí uirthi seal a chaitheamh le clann agus ó shin tá sí ina cónaí lena máthair agus a deartháir atá faoi mhíchumas. Tá an ceathrar acu i dteach atá ró-bheag dóibh agus í sa chóras ar feadh sé bliana ag fanacht ar áit chónaithe di féin.

Ní hiad mo mhuintir amháin atá ag fulaingt, mar ní in Árainn amháin atá na scéalta seo le cloisteáil. Mura féidir le daoine cur fúthu sa bhaile, ní féidir leis na scoileanna fanacht ar oscailt. Caillfear post i ndiaidh poist go dtí go mbeidh sé dodhéanta do dhuine ar bith cónaí in Árainn. Ní bheidh todhchaí don phobal ná don teanga ann. Mar a deir an tÁrannach Máirtín Ó Díreáin ina dhán "Árainn 1947":

Ní don óige feasta

An sceirdoileán cúng úd.

Tá súil agam nach bhfuil an ceart aige.

Comment on this
Ms Sadhbh Ní Fhearail

Rugadh mé agus d'fhás mé suas i gContae na Mí. Is as Baile Átha Cliath do mo thuismitheoirí agus ní raibh deiseanna acu staidéar a dhéanamh trí Ghaeilge. Mar sin, níl mórán Gaeilge acu. Cheannaigh siad teach trí sheans in aice le Baile Ghib, Gaeltacht bheag oifigiúil sa Mhí. Mar gheall air seo, bhí an deis agam freastal ar bhunscoil agus ar naíonra lánGhaeilge. Is iad seo na háiteanna ar fhoghlaim mé mo ghrá agus mo phaisean don Ghaeilge. Bhí múinteoirí iontacha spreagúla agam. Is cinnte go raibh siad mar chuid den chúis go bhfuil mé fós ag saothrú na teanga sa lá atá inniu ann.

Chuaigh mé ar an meánscoil trí Bhéarla ach choimeád mé mo ghrá don teanga toisc gur fhreastail mé ar an nGaeltacht i gConamara gach samhradh. Bhí paisean agam don Ghaeilge i gcónaí, ach níor thuig mé go hiomlán na deiseanna agus an pobal a tugadh dom. Shocraigh mé staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge in Ollscoil na Gaillimhe agus is cinneadh iontach a bhí ann. Bhuail mé le cainteoirí Gaeilge ó gach chearn d'Éirinn. Bhí sé iontach agus d'oscail sé mo shúile. Mhéadaigh sé mo ghrá don Ghaeilge agus thosaigh mé ag foghlaim níos mó ná an craic sa Ghaeltacht nó an damhsa céilí. Tuigim anois an fhéiniúlacht, an cruatan agus an mhíthuiscint atá taobh thiar dár dteanga dhúchais. Chonaic mé go pearsanta cé chomh crua is a oibríonn Gaeilgeoirí chun imeachtaí Gaeilge a chruthú ar nós pop-up Gaeltachtaí, ciorcail comhrá agus oícheanta chlub. Tá gach ceann acu eagraithe ionas go mbeidh áit éigin do dhaoine a bhfuil grá don Ghaeilge acu chun í úsáid, agus bualadh le daoine ar aon intinn.

Faoi láthair, táim ar shocrúchán oibre le Conradh na Gaeilge. Bhí aithne agam ar an eagraíocht seo le blianta fada, ach ní go dtí gur thosaigh mé ag obair ann gur thuig mé cé chomh crua is a bhíonn na baill foirne ag obair. Bíonn Conradh na Gaeilge i gcónaí ag teacht suas le smaointí agus imeachtaí nua. Tá ceann de na róil is mó ag an eagraíocht i gcaomhnú na teanga. Is eagraíocht thar a bheith cuimsitheach é agus is dóigh liom go gcuireann sé béim ar cad is fíor i dtaobh na Gaeilge; sé sin, spás do chách. Bím ag obair sa Taibhdhearc, amharclann náisiúnta na Gaeilge chomh maith, mar phost páirtaimseartha. Tugann sé deis dom an teanga a úsáid taobh amuigh den oideachas ollscoile. Tá go leor seónna feicthe agam san amharclann seo - iad go léir trí Ghaeilge nó mionteangacha eile - ar théamaí cosúil le "streachailt na hÉireann" agus "streachailt thar lear". Tá ról ollmhór ag na healaíona in athbheochán agus caomhnú na teanga. Tá doirse na Taibhdheirce oscailte do gach duine, is cuma má tá Gaeilge acu nó nach bhfuil.

Tá m'aistear leis an teanga dochreidte agus uathúil, agus ba bhreá liom dá mbeadh na deiseanna céanna a bhí agamsa ag daoine eile. Níl a fhios agam an mbeadh an paisean don teanga nó an t-eolas atá agam faoi agam mura chuir mo thuismitheoirí mé chuig an nGaeltacht agus an Ghaelscoil. Níl an phribhléid seo ag gach duine. Níl ach 8% de na bunscoileanna i bPoblacht na hÉireann ag feidhmiú go hiomlán trí mhéan na Gaeilge, agus níl na scoileanna seo inrochtana do gach duine. Tá go leor cairde agam ar theastaigh uathu freastal ar scoil lánGhaeilge ach ní raibh rochtain acu ar an nGaelscolaíocht. Creideann an iomarca daoine nach bhfuil an Ghaeilge múinte go maith mar theanga i scoileanna Béarla. Tá sé deacair do dhaoine a ngrá don teanga a fhás mura fhaigheann siad deis oideachas a fháil trí Ghaeilge. Is léir go bhfuil níos mó bunscoileanna agus meánscoileanna lánGhaeilge ag teastáil más mian linn go bhfanfaidh sí beo agus go n-éiríonn léi sna glúnta atá le teacht.

Tá an Ghaeilge do gach duine. Cabhraíonn sí linn tuiscint a bheith againn ar ár stair agus ár gcultúr, agus chun urraim a thabhairt d’ár sinsir. Tuigim go bhfuil eagla ar a lán daoine roimh an teanga nó creideann siad go bhfuil sí saghas eisiach, ach ó mo thaithí leis an teanga is léir go bhfuil sí fáiltiúil do gach duine. Faoi láthair, tá an Ghaeilge ag éirí níos coitianta agus trendy. Níl an choimhlint dhiúltach céanna ag an bpobal leis an nGaeilge níos mó. Tá caiféanna cairdiúla Gaeilge ag teacht chun cinn ar fud na tíre, mar shampla Nead i gContae Mhuineacháin agus Plámás i gcathair na Gaillimhe. Tá an chuid is mó de na héachtaí seo bainte amach ag pobail beaga. Le cabhair ón Rialtas, d'fhéadfaimis i bhfad níos mó spásanna Gaeilge a chruthú ar fud na tíre. Tá bóthar fada romhainn fós maidir le comhionannas iomlán idir an Ghaeilge agus Béarla. Mar a dúirt mé níos luaithe, tá mé ag staidéar in Ollscoil na Gaillimhe. Céim sna healaíne, sa Ghaeilge agus sna meáin domhanda, nó "global media", atá ar bun agam. Uaireanta bíonn sé deacair orm aistriú idir teangacha mar go bhfuil mo chuid staidéar sna meáin domhanda trí Bhéarla amháin. Bheadh sé go deas dá mbeadh deiseanna againn aistí a chur isteach trí Bhéarla nó trí Ghaeilge ós rud é gur ollscoil dhátheangach í Ollscoil na Gaillimhe go hoifigiúil. Tá spás do chainteoirí Gaeilge san ollscoil i bhfoirgneamh darb ainm Áras na nGael, ina mbíonn an chuid is mó de na léachtaí Gaeilge ar siúl. Is spás iontach é seo do chainteoirí Gaeilge labhairt lena chéile, staidéar a dhéanamh agus comhrá a bheith acu. Bhí caifé gníomhach againn ach faraor tá sé dúnta le dhá bhliain anuas agus tá meaisín díola ina áit. Tá súil agam go dtiocfaidh an caifé ar ais mar ghné mhór shóisialta ab ea é do Ghaeilgeoirí san ollscoil.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Ar mhaith le John Prendergast labhairt?

Comment on this
Mr. John Prendergast

Níl ráiteas tosaigh scríofa amach agam ach táim an-mhórálach ag éisteacht leis an triúr níos óige ná mé. Tá a fhios agam gur daoine óga atá faoi chaibidil againn anseo. Ceann de na rudaí is mó a ritheann liomsa, agus sinn ag caint ar sheirbhísí Stáit agus seirbhísí difriúla faoi mar a bhaineann siad le gach Roinn agus gach réimse saol sa Stát, ná gur chóir go mbeadh comhtháthú pleanála teanga ar bun ag barr an Rialtais. Rachfaidh mé trí roinnt de na téamaí atá luaite go dtí seo go tapa. Chualamar mar gheall ar chomharthaíocht as Gaelainn; ollscolaíocht agus rudaí a bhaineann le hollscoileanna; pleanáil teanga, ach go háirithe sa Ghaeltacht; agus na riachtanais atá ag daoine óga ar an dtalamh, faoi mar a bhaineann siad ní hamháin le seirbhísí ón Stát ach seirbhísí sóisialta chomh maith. Ba cheart go mbeadh daoine óga in ann gréasánú trí mheán na Gaelainne. Mar a dúirt Sadhbh Ní Fhearail, caithfidh siad bheith in ann dul go dtí na spásanna sóisialta Gaelainne. Ba chóir go mbeadh sé sin inrochtana do gach éinne.

Maidir le cúrsaí oideachais, luaigh mo chomrádaithe go léir anseo an tionchar a bhí ag an nGaeloideachas orthu. Tá sé sin i bhfad níos fusa nuair atá plean ann agus nuair a thosaíonn tú ag bun an dréimire - sna naíonraí agus sna bunscoileanna. Bíonn sé níos deacra breith ar dhaoine nuair atá siad ag imeacht ar aghaidh. Bheadh sé cabhrach dá mbeadh smaoineamh déanta ar phleanáil córasach ina thaobh sin. Tagraíodh d’fhadhbanna tithíochta freisin. Má táimid ag caint ar dhaoine agus ar phobail, caithfear socrú a dhéanamh go bhfuil daoine in ann maireachtáil sna háiteanna sin. Ba cheart go mbeadh polasaithe ann, agus cuimhneamh déanta i gceart agus go córasach, ionas go mbeidh daoine in ann maireachtáil sna háiteanna sin. Tá freagracht breise ar an Stát nuair a thagann sé go dtí rud chomh leochaileach le cúrsaí teanga sa Ghaeltacht. Molaim go mór na cainteoirí go léir.

Luadh na coláistí samhraidh. Is rud iontach iad do dhaoine óga, gan dabht. Mar is eol dúinn ar fad, tá géarchéim ann mar gheall ar líon na mban tí, na fír tí agus na leapacha atá ar fáil bliain i ndiaidh bliana sna coláistí samhraidh.

Mar sin, is gá arís cuimhneamh ar na ceisteanna seo ar bhonn córasach agus eispéireas na Gaelainne, mar a bhí ráite, a leathnú amach agus a dhéanamh níos saorálaí do gach duine. Sin an méid atá le rá agam ag an bpointe seo.

Táim an-mhórálach a bheith ag éisteacht leo siúd a labhair romham. Thug siad ar fad an-spléachadh ar chúrsaí Gaelainne, cúlraí difriúla agus gach aon rud. An rud is mó a ritheann liom ná go bhfuil pleanáil teanga ar bun go tíreolaíoch i gceantair áirithe trí na líonraí Gaelainne, na bailte seirbhíse Gaeltachta agus na limistéir phleanála teanga Ghaeltachta, ach tá gá pleanáil teanga a dhéanamh ar bhonn Stáit chomh maith. Ba cheart go mbeadh aonad pleanála teanga curtha ar bun taobh istigh de gach aon aonad nó Roinn, ina measc Roinn an Taoisigh, an Roinn leanaí, agus an Roinn Oideachais agus Leanaí, ionas gur féidir linn ar fad a bheith ag dul sa treo céanna is atá polasaithe eile an Stáit, ar nós an phlean náisiúnta um sheirbhísí Gaelainne, an straitéis 20 bliain don Ghaelainn, Acht na Gaeltachta agus Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Is dócha go dtagraíonn siad ar fad go diail leis na téamaí sin ar fad. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as teacht isteach inniu agus as éisteacht linn. Cuirfimid fáilte roimh cheisteanna.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as teacht isteach. Molaim iad as an méid atá ráite acu inniu. Tá duine éigin againn ón Tuaisceart, ón iarthar, ón oirthear agus ón deisceart. Tá gach gné den tír againn anseo. Táimid ag dul chuig ceisteanna anois. Rud éigin le smaoineamh faoi ná taithí na bhfinnéithe leis na seirbhísí poiblí; mar shampla, scrúdú tiomána a dhéanamh trí Ghaeilge nó ag déileáil le Revenue. Táim ag ceapadh go mbeidh cuid ceisteanna faoi na seirbhísí atá ar fáil nó nach bhfuil ar fáil, nó cén sórt taithí atá acu leis na seirbhísí sin. Sin cuid de na ceisteanna a bheidh ag an gcoiste inniu.

Comment on this

Molaim na finnéithe as an gcur i láthair. Caithfidh go raibh siad ag éisteacht liom agus mé ag smaoineamh aréir - tá na rudaí ceannann céanna ag déanamh tinnis, ní hamháin do na finnéithe ach do a lán daoine óga agus a lán díobh siúd atá gafa le gníomhaíocht ar son na teanga.

Seo ceist a rith liom tamall ó shin. Bhí An Garda Síochána os comhair an choiste ag stad éigin sa seisiún Dála deireanach. Bhí siad ag rá nach raibh go leor daoine ag cur isteach ar na poist ó thaobh na Gaeilge de. An cheist a chur mé orthu ag an am ná an ndeachaigh siad chuig na meánscoileanna Gaeilge - na Gaelcholáistí - chun earcú a dhéanamh agus dúirt siad ní dheachaigh. Sin í an chéad fhadhb atá aige, muna bhfuil sé ag fógraíocht sna háiteanna cearta.

Tá an Stát ag iarraidh cinntí móra a ghlacadh. Táimid ag súil go mbeidh na caighdeáin ann am éigin agus leagfaidh siad amach cé mhéad post le Gaeilge a bheidh ann, agus cá háit ina mbeidh siad. Beidh sé dírithe ar 20% den Státchóras ina iomláine. An mbíonn an Státchóras i gcoitinne, na heagrais Ghaeilge nó na comhlachtaí a bhfuil Gaeilgeoirí de dhíth orthu ag déanamh earcaíochta sna coláistí, sna hollscoileanna nó sna meánscoileanna - i mBéarla nó i nGaeilge - ag rá go bhfuil na poist seo ar fáil ó thaobh na Gaeilge de chun cuidiú nó mealladh a thabhairt dóibh siúd a bheadh ag críochnú bliain a cúig nó bliain a sé, nó siúd atá i mbliain a haon atá ag smaoineamh ar tabhairt faoin nGaeilge agus leanúint leis? Tá a lán post nach smaoiníonn daoine orthu a bheas gá le Gaeilgeoirí iontu: dochtúirí, altraí, innealtóirí agus meicneoirí ina measc. Tá gá cheana leo féin, ach ba cheart go mbeadh an Stát ag leagan síos go mbeidh siad ann amach anseo. Téim tríd an liosta le gach duine atá ag obair sa Státchóras. Caithfidh 20% de na poist sin, nuair atá siad folamh, a bheith ar fáil dóibh siúd a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu. Roimhe seo bhí daoine i gcónaí ag smaoineamh ar mhúinteoireacht mar an post is oiriúnaí do Ghaeilgeoirí díriú isteach air. B'fhéidir go n-oibreodh duine do Raidió na Gaeltachta nó rud éigin agus tá srian le líon na bpost a bhfuil Gaeilgeoir ag teastáil dóibh; b'shin an cur chuige a bhí ann.

Níl mé chun díriú isteach ar cheist an ghéarchéim tithíochta. Beidh mé ag déileáil leis sin anocht. Tá rún os comhair na Dála ag díriú isteach air sin. Bhí sé spéisiúil an méid a bhí le rá ag Sadhbh Ní Fhearail maidir leis an deis nach bhfuil ar fáil do a lán daoine ó thaobh oideachas trí Ghaeilge i scoileanna Béarla. Má tá tú tar éis do chuid scolaíochta a dhéanamh trí Ghaeilge, tagann tú chuig an ollscoil agus caithfidh tú aistriú i do chloigeann agus gach bealach eile ar Bhéarla agus na haistí agus gach rud a chur isteach i mBéarla. Fiú má deirtear leat go bhfuil cead agat an aiste a chur isteach i nGaeilge, is dócha nach mbeidh tá ag iarraidh seasamh amach. Tá sé níos deacra mar tá an rang tar éis a bheith múinte i mBéarla. Bhí an fhadhb cheannann chéanna agam, agus b'shin tamall de bhlianta ó shin. Níor athraigh sé go fóill, ach tá súil agam go n-athróidh sé.

Comment on this
Mr. Luke Ó Floinn

Agus mé ag éisteacht leis an Teachta, bhí mé ag smaoineamh faoi mo thaithí féin sa bhaile. Táim ag ceapadh go raibh sé beagán difriúil domsa agus mé ag fás aníos sa Ghaeltacht maidir leis na seirbhísí a bhí ar fáil. Tharla sé go raibh Gaeilge ag an gcuid is mó den phobal agus mé ag fás aníos. Bhí Gaeilge ag an dochtúir, an dream atá ag obair ar an mbád farantóireachta agus na daoine sa siopa. Bhí Gaeilge acu uilig. Ba as Conamara an chuid is mó de na gardaí a bhí ag obair in Árainn; mar sin, tharla sé go raibh Gaeilge acu. Anois, d'éirigh an dochtúir as cúpla bliain ó shin agus bhí fear nua ann. Bhí cúpla duine difriúil ann ar feadh tamall. Bhí fear ann ón nGréig an samhradh seo. Is fear álainn é agus rinne sé iarracht leis an nGaeilge ach ní raibh an teanga foirfe aige. Bhí sé deacair ar dhaoine ansin, go háirithe daoine aosta sa cheantar. Tá go leor daoine aosta ag brath ar na seirbhísí seo trí Ghaeilge. Bíonn sé deacair orthu ansin. B'fhéidir go bhfuil gá ar na banaltraí atá ann beagán aistriúcháin a dhéanamh dóibh nó b'fhéidir gur fearr dóibh brath ar an mBéarla. Tá sé deacair dóibh a bheith ag labhairt i mBéarla nuair atá an cleachtadh acu labhairt i nGaeilge i gcónaí, go háirithe leis an dochtúir. Tá mise ag labhairt le baill an choiste i nGaeilge anois. Bheadh sé cineál aisteach orm athrú ar an mBéarla mar tá an taithí agam a bheith ag labhairt leo i nGaeilge.

Luaigh an Teachta gur ceart go ndéanfar earcú do na poist seo agus do na seirbhísí seo. Nuair a bhí mise sa mheánscoil, b'fhéidir sa dara bliain, tháinig An Garda Síochána ar cuairt orainn. Tharla sé gurb as Conamara dóibh. Bhí Gaeilge acu. Tá col ceathrar liom i gContae Chorcaí atá ag obair mar gharda anois. Bhí sé ag streachailt leis an nGaeilge, cinnte, ach rinne sé iarracht mhaith leis. Bhí sé ag rá go mbíonn sé i bhfad níos éasca. Táim ag ceapadh go bhfuil sé ag teastáil i gcónaí go bhfuil tacaíocht ag teastáil uathu chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid sa phost, agus go mbeadh sé níos éasca ansin ar dhaoine a fheiceáil go mbeidís in ann an Ghaeilge a úsáid agus na poist seo a bhaint amach.

Maidir leis an méid a dúirt an Teachta faoi bheith ag dul ar an ollscoil agus gach uile rud a bheith trí Bhéarla, tá sé feicthe agam le cairde atá ag déanamh staidéir ar an innealtóireacht. Bhí sé ar fad déanta acu trí Ghaeilge ar an meánscoil. Bhí orthu athrú ar an mBéarla san ollscoil. Tá cúpla cúrsa ann. Tá cairde liom ag déanamh dlí le Gaeilge. Ní hé gur trí Ghaeilge atá ann. Ceapaim gurb é sin an t-athrú atá ag teastáil. Bhí sé foghlamtha acu ar an meánscoil i nGaeilge agus caithfidh siad an t-aistriúchán a dhéanamh i mBéarla. Cé go bhfuil an dlí le Gaeilge ann, tá an chuid is mó de i mBéarla. Táim ag ceapadh go bhfuil sé ag teastáil trí Ghaeilge mar chúrsa leis féin chun na rudaí seo a chur chun cinn.

Comment on this

Mar aon leis an Leas-Chathaoirleach, molaim na finnéithe as an gcur i láthair a thug siad dúinn inniu. I mbealach, tá siad in ann caint faoin ngrá atá acu don teanga agus a suim inti. Tá rud atá ag cur imní orm. B'fhéidir go mbeidh Luke Ó Floinn nó John Prendergast in ann é seo a fhreagairt. An tseachtain seo caite nuair a bhí an Roinn linn anseo, nó b'fhéidir an tseachtain roimhe sin, luaigh sí, agus thug mé féin faoi deara go bhfuil sí ag caitheamh níos mó airgid ar an nGaeilge ná atá Roinn na Gaeltachta ag caitheamh ar an nGaeltacht. Cuireann sé sin sách imní orm féin. Níl aon imní orm do thodhchaí na Gaeilge. Ceapaim go bhfuil todhchaí gheal ag an teanga anois - níos breátha ná a bhí ag an teanga riamh. Tá níos mó daoine ag labhairt na teanga. Tá suim ag daoine óga sa teanga. Ach, mar atá tarlaithe leis an nglúin romhainn agus an ghlúin roimhe sin, tá an ceantar ina bhfuil daoine ag labhairt na Gaeilge mar ghnáth-theanga phobail ag laghdú. Chuir sé imní orm a fheiceáil go bhfuil an Roinn ag caitheamh níos mó airgid ar an nGaeilge ná ar an nGaeltacht.

Cloisim go leor, mar a luaigh an Teachta Ó Snodaigh, faoi fhadhbanna atá ag daoine teach a thógáil agus cur fúthu sa Ghaeltacht. Is fadhb í sin. Ní dóigh liom gurb í sin an t-aon fhadhb amháin. B'fhéidir go bhfuil fadhbanna eile ann. Táim ag iarraidh fáil amach ó na finnéithe atá ag obair san earnáil Ghaeilge céard is féidir linn a dhéanamh chun an pobal sin a neartú arís agus gan é a bheith ag laghdú.

Comment on this
Mr. John Prendergast

Is féidir liom teacht isteach ar sin. B'fhéidir go mbeidh rud nó dhó le cur ag daoine eile ina dhiaidh. Is cinnte gur tús maith é an próiseas pleanála teanga faoi mar a bhaineann sé leis na ceantair Ghaeltachta agus dlús a chur leis na hiarrachtaí sin ar bhonn pobail. Caithfimid a chuimhneamh gurb é an chéad sprioc Stáit a bhí riamh ann a dhírigh ar líon na gcainteoirí Gaelainne laethúla a ardú sa tír ó bunaíodh an Stát. Mar sin, ba chuspóir iontach uasal agus rud an-tábhachtach é. Ach níl an próiseas sin gan locht ach oiread faoi láthair.

Is cinnte, mar a dúirt Luke Ó Floinn níos túisce chomh maith, go bhfuil níos mó infheistíochta ag teastáil ón bpróiseas sin ach go háirithe, agus ní timpeall ar an bpróiseas ach an próiseas é féin. Is dócha go bhfuil suas le ceathrar nó cúigear ag teastáil i ngach limistéar pleanála teanga chun a bheith ag faire amach do na téamaí difriúla, ar nós na hóige agus an teaghlaigh. Ba chóir go mbeidh na hoifigigh ann spriocdhírithe ar réimsí áirithe, mar a bhí scríofa in an-chuid pleananna teanga ar dtús. Mar sin, is féidir an próiseas sin a shoiléiriú agus a chinntiú toisc gur próiseas saghas nua é.

Bheadh an plean fáis agus na hoifigigh pleanála teanga iad féin ag rá nach bhfuil na coinníollacha oibre a ghabhann leis an obair a bhíonn ar bun acu chomh maith céanna i gcomparáid le rudaí eile. Níl an tuarastal ceangailte le haon chiorclán Státchórais faoi láthair. Mar sin, nuair a thagann ardú toisc boilsciú nó pé rud eile in an-chuid earnálacha, ní thagann an t-ardú céanna i gceist leis na hoifigigh pleanála teanga toisc gur córas nua arís é. Is dócha go raibh ar dhaoine dul amach agus lorg bunsocrúchán ar nós pinsin, saoire mháithreachais nó saoire atharthachta, rud a d'fhág go raibh an-chuid daoine saghas i bponc. Is obair an-tábhachtach é tadhall a bheith agat leis an bpobal agus daoine a ghríosú chun a bheith ag caint as Gaelainn go laethúil. Is rud ollmhór é nósmhaireacht teanga an phobail ar fad a athrú, b'fhéidir pobal ina bhfuil níos mó ná 7,000 nó 8,000 duine ann agus muna bhfuil ach duine nó beirt fostaithe chun an obair sin a dhéanamh agus plean cuimsitheach fada a chur ina leith. Is cinnte go bhfuil breis go bhféadfaí a bheith ag déanamh ina thaobh sin.

Mar a deirim chomh maith, ba chóir go mbeidh pleanáil teanga ar bhonn Stáit agus go mbeadh aonad pleanála teanga taobh istigh de gach Roinn, b'fhéidir éascaithe ag Roinn an Taoisigh nó pé rud é. Lorg muintir na Gaeltachta agus na Gaelainne infheistíocht. Bhí sé go hiontach gur thug an tAire sinsearach don Ghaelainn agus don Ghaeltacht an t-ardú ar an mbuiséad don Ghaelainn agus don Ghaeltacht anuraidh, ach arís méid áirithe a bhí ann. Bhíomar ag súil le níos mó ná sin - b'fhéidir 51% den mhéid a bhí á éileamh ar an gcéad lá.

Aontaím leis an Teachta go bhfuil idé-eolaíocht nó creideamh teanga i bhfad níos dearfaí agus níos láidre anois ann ná mar a bhí le cuimhne na gcat - le 32 bliain nó pé méid go bhfuilim féin ar an saol. Mar sin, tá an t-am tagtha anois chun a bheith ag gníomhú air sin, agus an dea-thoil agus an spreagadh sin atá sa phobal agus atá an-ábharach a aistriú go gníomh agus go dtí polasaithe. Ní ag caint ar pholasaithe ar mhaithe le polasaithe atáim in aon chor, ach polasaithe suntasacha córasacha comhtháite a dhéanfadh an-difríocht don Ghaeltacht agus do labhairt na Gaelainne sa tír seo. Is í an Ghaeltacht tobar na teanga. Is í an Ghaeltacht todhchaí na teanga sa tír seo.

Maidir le ceist an Teachta Ó Snodaigh mar gheall ar earcaíocht agus an Státchóras, gan dabht tá an scéim Gluaiseacht, atá maoinithe ag Roinn na Gaeltachta agus á héascú ag Conradh na Gaeilge, faoi lánseol. Tá na comhordaitheoirí tionscail ar seó bóthair ag dul amach go dtí gach aon scoil ar féidir leo cuimhneamh orthu, sa tuaisceart, sa deisceart, san oirthear agus san iarthar, agus ag cur buntáistí na Gaelainne agus buntáistí gairm le Gaelainn chun cinn agus ar shúile na ndaltaí agus na ndaoine óga. Tá tadhall éigin déanta acu. Déanann siad iarracht cuimsiú a dhéanamh ar gach aon saghas deis agus gairm atá amuigh ann. Mar is eol do gach aon duine sa seomra seo ag an bpointe seo, is gairmeacha níos leithne go bhféadfaimis ar fad a bheith ag cuimhneamh air agus ag ceapadh go bhféadfaí saol trí Ghaelainn a bheith agat murach na baic - aon rud in aon chor a bhaineann le do shamhlaíocht féin.

Táimid ag caint ar na fadhbanna eile a bhaineann le bánú na tuaithe agus na fadhbanna córasacha tithíochta a chuireann isteach ar mhuintir na Gaeltachta. Dúirt Luke Ó Floinn níos luaithe go raibh sé in ann na páistí a d'fhág an t-oileán a chomhaireamh. Tá sé sin níos feiceálaí fós nuair is oileán atá i gceist agus tagann daoine isteach agus fágann siad. Bíonn tionchar ag gach aon duine agus gach aon teaghlach ar labhairt na Gaelainne mar go bhfuilimid ag pointe chomh leochaileach go sochtheangeolaíoch maidir leis sin ar fad. Mar a deireadh Victor Bayda agus é fostaithe mar oifigeach pleanála teanga fadó, gach aon fhocal agus abairt as Gaelainn a bhíonn ag duine, is gníomh é ar son teanga álainn. Creidim go láidir gurb iad na cainteoirí Gaelainne sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht na daoine a thabharfaidh rudaí chugainn agus a dhéanfaidh borradh agus forbairt sa réimse sin.

Comment on this

An bhfuil Luke Ó Floinn muiníneach go mbeidh an Ghaeilge mar ghnáth-theanga an phobail ar Árainn go deo?

Comment on this
Mr. Luke Ó Floinn

Is cinnte go mbeadh sé go hálainn dá mbeadh. Tá sí le cloisteáil ann i gcónaí. Mar aon le gach uile áit eile, táim ag ceapadh go raibh sí ag dul i laige ar feadh tamaill. Ach agus rudaí ag feabhsú, mar a dúirt an Teachta, tá an Ghaeilge ag teacht ar ais anois. Tá sí le feiceáil ar na meáin i gcónaí. Táim ag ceapadh go bhfuil rudaí ag feabhsú, ach is cinnte go mbeimid ag fanacht ar feadh tamaill go dtí go mbeidh sí mar phríomhtheanga an phobail arís.

Beidh an Béarla ann i gcónaí. Táimid ag brath ar an turasóireacht chun slí bheatha a bhaint amach. Beidh mise ag filleadh ar an mbaile sa samhradh. Beidh mé ag plé le turasóirí. Den chuid is mó, is i mBéarla a bheidh mé ag caint leo. Bíonn sé deacair i gcónaí an Ghaeilge a úsáid mar phríomhtheanga ar an oileán agus muid ag brath ar an turasóireacht. Bíonn dóchas ann i gcónaí. Cloisim páistí óga anois agus iad ag labhairt i nGaeilge sa bhunscoil. Is an-rud é sin le cloisteáil. Bhí muid ag cloisteáil i gcónaí go raibh sí ag dul in éag agus gur muid an chúis a bhí ann mar gur muid a bhí ag labhairt i mBéarla. Níor cheap mé gur fíor é sin. Tá sé go deas í a chloisteáil anois ag an dream óg. Ba bhreá liom dá mbeadh sí le cloisteáil níos minice i gcónaí. Táim ag ceapadh go mbeidh sé an-deacair é sin a bhaint amach.

Comment on this

Tháinig ceist eile chugam chomh maith. Nuair a bhí an príomhfheidhmeannach ón Roinn linn, dúirt sé go bhfuil muinín aige go mbeidh tionchar sa todhchaí ag an obair atá á cur i bhfeidhm faoi láthair maidir le cúrsaí pleanála teanga. Cuireann sé neart agus stádas áirithe leis an nGaeilge go mbeidh an Ghaeilge againn mar ghnáth-theanga an phobail sna ceantair Ghaeltachta go deo. An aontaíonn na finnéithe go mbeidh an tionchar seo ag an obair pleanála teanga?

Comment on this
Mr. John Prendergast

Is iaroifigeach pleanála teanga mé féin. Chaith mé cúig bliana go leith i gCorca Dhuibhne ag saothrú sa ghort agus ag iarraidh plean teanga a bhaint amach. Is cinnte go bhfuil obair ar bun ag leibhéal an phobail. Is cinnte go bhfuil an chosmhuintir agus muintir na Gaeltachta ar a gcroí dícheall. Caithfimid a chuimhneamh chomh maith faoin Acht céanna a thug isteach an próiseas pleanála teanga; sé sin Acht na Gaeltachta, 2012. Dúradh go raibh ar gach aon phobal Gaeltachta é seo a dhéanamh nó seans go mbainfear an stádas Gaeltachta uathu. Mar sin, tá an baol sin i gcónaí fós ann. Tuigeann gach aon duine a thugann faoin bpleanáil teanga cé chomh dáiríre is atá an sprioc, agus cé chomh huasal agus chomh trom is atá an dualgas. Tá sé seo ráite go minic leis an gcomhchoiste seo ag daoine eile agus ag na hoifigigh pleanála teanga.

Caithfidh an iarracht a bheith ag teacht ón mbarr. Sin an fáth go gcaithfidh mé a rá go bhfuil súil agam go dtiocfaidh athrú meoin nó físe ón Státchóras, ón Roinn agus ón rannóg phleanála teanga maidir le rudaí a bhí geallta ar dtús. Mar shampla, sna treoirlínte pleanála a eisíodh in Eanáir 2019, dúradh go mbeadh athbhreithniú déanta i mbliain a trí agus i mbliain a sé de gach plean teanga, nó ar bhonn níos minice. Tá an-chuid de na pleananna teanga sna Gaeltachtaí ar fad críochnaithe. Níor tháinig aon athbhreithniú ceart. Foilsíodh athbhreithniú nach raibh an Roinn féin sásta leis le déanaí. Ní athbhreithniú ar an obair a bhí déanta a bhí i gceist, ach athbhreithniú ar an gcóras ar an macraleibhéal. Mar sin, bhí oifigigh pleanála teanga ar Oileán Thoraí, i dTuar Mhic Éadaigh nó i Múscraí ag iarraidh go mbeadh duine ag teacht isteach le rá go bhfuil ag éirí leo an méid seo a bhaint amach, chun rud a athrú nó rud a dhéanamh ar bhealach difriúil, ach ní mar sin a thit amach ar deireadh. Ní rud beag é sin - is rud mór é - ach bheifeá ag súil go mbeadh an Stát ag déanamh a chuid chomh maith chun a chinntiú go bhfuil an próiseas pleanála teanga ag dul ar aghaidh.

Tá rudaí ráite faoi líon na ndaoine atá fostaithe agus na heagraíochtaí atá anois ann nach raibh ann nó maoiniú tugtha do na heagraíochtaí sin a bheith ag feidhmiú go lárnach agus go náisiúnta ar son na Gaeltachta. Tá sé sin go diail, ach caithfear fós treisiú a dhéanamh ar an gcraobh nó an crann leochaileach do na hoifigigh pleanála teanga agus na coistí deonacha atá amuigh Domhnach is dálach ag iarraidh rudaí a dhéanamh ar son na Gaeilge sa cheantar.

Is chuige sin a thagraím arís do choinníollacha cearta pá agus go mbeadh níos mó daoine fostaithe ar an bhfoireann chomh maith. Mar a dúirt Luke Ó Floinn, is fiú go mbeadh oifigeach óige, oifigeach teaghlaigh nó pé rud é i gceist. Moltar triúr nó ceathrar in gach aon limistéar pleanála teanga agus gan dabht tá na bailte seirbhíse Gaeltachta ann chomh maith. Chímíd an difear atá sé sin tar éis a dhéanamh. Mar sin, tá rudaí ag athrú. Tá rudaí ag teacht go mall, ach arís is fiú na fadhbanna atá aitheanta cheana féin, fiú istigh san athbhreithniú a dhein Barr Feabhais agus an Dr. Michéal Ó Duibh, a thabhairt ar bord agus a chur i gcrích. Comhthreomhar leis sin, bheinn ag moladh pleanáil teanga straitéiseach ar bhonn Stáit arís agus go mbeadh gach Roinn ag féachaint orthu féin agus an obair a bhíonn ar bonn acu agus cad a bhféadfaidís a dhéanamh chun an Ghaelainn a chur chun cinn taobh istigh dá gcuid oibre féin. Tá brón orm go raibh sé sin fada.

Comment on this

Tá ceist nó dhó eile agam ar an téama céanna. Ón méid atá ráite ag John Prendergast, is féidir linn a rá go roinneann sé an muinín atá ag an bpríomhfheidhmeannach ach nach dtiocfaidh an lá sin, dar leis, agus nach mbeidh an rath sin leis an bpróiseas más rud é nach gcuireann muid leis.

Comment on this
Mr. John Prendergast

Sin é go díreach é. Is maith an rud go bhfuil an córas agus an struchtúr ann. Cuireadh an-béim air nuair a bhí an struchtúr á leagan amach. Is maith ann é agus is é sin atá gach éinne ag rá chomh maith. Tá siad ag rá go bhfuil sé go maith gur ann don phróiseas pleanála teanga ach go bhfuil gá níos mó a chur isteach ann agus é a láidriú.

Comment on this

Ar an ábhar céanna, dúirt an príomhfheidhmeannach go bhfuil athrú mór sa Roinn le cúpla bliain anois. Uair amháin bhí siad ag caitheamh airgid ar chúrsaí bóithre agus céibheanna sa Ghaeltacht; tá siad anois ag caitheamh airgid ar chúrsaí pleanála teanga. Níl mé féin chomh muiníneach leis na finnéithe mar is dóigh liom go bhfuil gá le hinfreastruchtúr breise áirithe a chur sa Ghaeltacht chun daoine a choimeád ann, chun infheistíocht a dhéanamh ann, chun comhlachtaí móra a thabhairt ann agus chun deiseanna a thabhairt do na daoine ann a gcuid gnó a thosú chomh maith. Tá imní orm fós faoin athrú sin.

Comment on this
Mr. John Prendergast

Cinnte. Aontaím leis an Teachta go bhfuil gá le hinfreastruchtúr a bheith ann. Ní haon mhaitheas a bheith ag caint le duine éigin sa Ghaeltacht agus ag rá go bhfuil rud éigin ar siúl má tá an bóthar taobh amuigh den teach - nó na céibheanna agus rudaí mar sin - go hiomlán ina chocstí, ar fud na háite agus ag titim as a chéile. Tá gá go mbeadh an obair sin ag imeacht ar aghaidh pé scéal é. An pointe atá mise ag déanamh ná go bhfuil an próiseas pleanála teanga ann cheana féin, agus níl ag teastáil ach cúpla athrú agus leasú le cinntiú go bhfuil sé ag feidhmiú i gceart agus go buaic a chumais. Is iontach an rud gurb ann dó gan dabht. Ní bheadh ag teastáil ach cúpla athrú eile le cinntiú go bhfuil sé ag seasamh as a stuaim féin. An rud is measa más rud é go dtiteann sé amach go bhfuil duine amháin fostaithe in áit - duine iontach atá ag déanamh gach aon rud, ag feidhmiú ar chúrsaí teaghlaigh, óige, oideachais, spóirt, gnó, na meán, rialtas áitiúil, pleanála fisiceach agus gach aon réimse atá sa phleanáil teanga - má tá an duine sin breoite, téann sé nó sí ar shaoire máithreachais nó atharthachta nó fágann siad an post, cítear ansin go mbíonn easpa leanúnachais san obair. Ansin, tá tú ag iarraidh an deis a thabhairt don phobal arís an buy-in sin a fháil agus daoine eile a thabhairt isteach. Is cinnte gur fadhb í sin don phróiseas trí chéile agus is minic a rinneadh tuairiscí air sin sa choiste seo agus sna meáin gan dabht. Dá mbeadh níos mó daoine fostaithe ann, dá mbeadh na téamaí clúdaithe ag oifigigh eile agus dá mbeadh bús curtha faoin bpróiseas, ní bheadh an oiread sin fadhbanna ann.

Comment on this

Go raibh maith agaibh.

Comment on this
Shane Curley An Cathaoirleach Gníomhach Fianna Fáil

Glaoim ar an Seanadóir Ní Chuilinn.

Comment on this

Tá fáilte roimh na finnéithe. Is iontach an rud é go bhfuil an deis acu teacht isteach, go bhfuil an guth seo acu agus go mbraitheann siad go bhfuil guth acu mar níl aon todhchaí ag an nGaeilge gan an t-aos óg. Gabhaim buíochas leo as ucht a bheith anseo.

Luaigh siad go bhfuil athbheochan ar bun agus go bhfuil i bhfad níos mó daoine ag labhairt Gaeilge. Is dóigh liom go bhfuil níos mó measa ar an dteanga faoi láthair ná mar a bhí, agus is iontach an rud é sin. Ba mhaith liom ceist a chur ar Eimear Nic Conurchoille mar gheall ar Raidió Rí-Rá. Bheadh sé iontach a cuid fianaise a fháil mar gheall ar an tábhacht a bhaineann leis an stáisiún raidió sin agus an deis atá aici nó ag daoine óga éisteacht leis an stáisiún sin, dul ag craoladh ann agus an taithí sin a fháil. Luaigh mé sa Seanad an tseachtain seo caite an deis a bheidh ann amach anseo an stáisiún sin a chur ar FM go lánaimseartha agus go buan. Bheadh sé sin iontach ach ba mhaith liom a chloisteáil ó Eimear Nic Conurchoille agus ó na finnéithe eile mar gheall ar an mbéim atá air sin dóibh agus an tábhacht a bhaineann leis an guth sin a bheith acu.

Comment on this
Ms Eimear Nic Conurchoille

Mar a dúirt mé níos luaithe, tá daoine óga faoi láthair ag díriú ar chúrsaí na meán agus ar chúrsaí teicneolaíochta. Ar dtús, má amharcaimid ar an méid ceoil a rinneadh trí mheán na Gaeilge le cúig nó deich mbliana anuas, agus tá mórán acu le cloisteáil ar Raidió Rí-Rá go minic, sílim gurb é sin an bealach a bhfuil daoine óga ag aimsiú chun iad féin a chur in iúl trí an teanga. Ó thosaigh mé le Raidió Rí-Rá ag tús mhí Eanáir, tá sé feicthe agam cé chomh díograiseach is atá daoine sna meáin. Tá cúpla craoltóir deonacha againn atá ina fichidí nó ina dhéagóirí a tháinig isteach agus a bhíonn ag déanamh cláir agus ag labhairt Gaeilge. Is bealach an-spraíúil é ár dteanga a úsáid le daoine. Tá Emma, Jade agus Aisling ag obair do dian i gcuid mhór réimsí chun í a chur chun cinn. Bímid ag caint achan lá agus ag cur ceoil ar siúl achan lá trí mheán na Gaeilge agus é a chur ar fáil do dhaoine ar fud fad na tíre. Bhíomar ag ard-fheis Chonradh na Gaeilge agus ag Oireachtas na Samhna chun é a chur chun cinn níos mó. Sílim go bhfuil níos mó daoine óga ag glacadh leis sin toisc go dtugann sé muinín dóibh é a dhéanamh ina mbealach féin taobh amuigh den chuid staidéir atá déanta acu.

Comment on this

Bhí sé suimiúil cloisteáil ón HEA cúpla seachtain ó shin maidir le líon na gcúrsaí Gaeilge atá ar fáil ag an tríú leibhéal. Níl mórán ann ach ceann atá ann ná an cúrsa sin sna meáin agus san iriseoireacht i nGaillimh in Áras na Gaeilge. Is cúis eile í sin; go mbeidh daoine atá ag déanamh cúrsaí cumarsáide agus iriseoireachta ag iarraidh taithí agus deis a fháil dul ag craoladh ar leithéidí Raidió Rí-Rá. Tá mo chuid tacaíochta ag na finnéithe má fhaigheann siad an deis é sin a chur ar fáil go forleathan.

Ba mhaith liom díriú isteach ar na daoine óga, mura mhiste le John Prendergast. Agus iad ag smaoineamh ar theacht isteach chuig an gcomhchoiste inniu, cén buaicphointe a bhí ar intinn acu a chur ina luí orainn? Cén rud mór a theastaigh uathu go mbeadh muid in ann cabhrú leo leis? Cuirfidh mé an cheist sin ar Shadhbh Ní Fhearail ar dtús.

Comment on this
Ms Sadhbh Ní Fhearail

Nílim 100% cinnte. Ceapaim gurb iad spásanna sóisialta - áiteanna ina bhfuil fáilte roimh gach éinne - an rud is tábhachtaí. Tá a fhios agam go mbíonn go leor daoine saghas buartha faoi nGaeilge; má mothaíonn siad go bhfuil spás oscailte ann chun an Ghaeilge a chleachtadh, bheadh sé sin-----

Comment on this

An ndúirt Sadhbh go bhfuil an caifé dúnta in Áras na Gaeilge?

Comment on this
Ms Sadhbh Ní Fhearail

Tá sé dúnta. Dhún sé dhá bliain ó shin.

Comment on this

Bhí ionadh orm é sin a chloisteáil. Is mór an trua é. D’fhreastail mise ar an gcúrsa sin i nGaillimh. B’shin an áit ina raibh an deis againn bailiú le chéile, Gaeilge a labhairt agus déileáil le gach rud – fadhbanna nó aon rud eile a bhí ag teacht aníos. Is mór an trua é sin. An bhfuil aon rud déanta ag an áras mar gheall ar labhairt leis an ollscoil agus é a chur ar ais ar bun?

Comment on this
Ms Sadhbh Ní Fhearail

Nílim cinnte. Chuala mé go raibh an cumann Gaelach i dteagmháil leis an ollscoil faoi agus nach raibh aon phlean ag an ollscoil an caifé a oscailt arís. Nílim 100% cinnte cén fáth gur dúnadh é mar bhí sé an-ghnóthach agus anois is gá do na daoine dul go dtí Sult nó foirgneamh eile chun caife a fháil.

Comment on this

B'fhéidir gur féidir leis an Seanadóir Curley rud éigin a dhéanamh mar gheall air sin i nGaillimh. Labhróidh mé leis i ndiaidh an chruinnithe.

Comment on this
Shane Curley An Cathaoirleach Gníomhach Fianna Fáil

Níl aon chumhacht agam.

Comment on this

Is pointe an-mhaith é sin faoi spásanna sóisialta. Cad a cheapann Luke Ó Floinn?

Comment on this
Mr. Luke Ó Floinn

Aontaím le Sadhbh Ní Fhearail. An méid atá cloiste agam faoin gcaifé ná go bhfuileadar chun an spás sin a oscailt beagán agus cineál spás poiblí a dhéanamh. Ní hé go mbeidh caifé ann ach go mbeidh deis ag daoine cruinniú le chéile agus Gaeilge a labhairt. Is deas é sin a chloisteáil ach is trua é ag an am céanna mar bhí mic léinn le Gaeilge fostaithe sa chaifé ar feadh tamaill agus bhí sé go deas an deis sin a thabhairt do dhaoine. Is deas a chloisteáil áfach go mbeidh forbairt éigin ag tarlú agus nach mbeidh sé coinnithe dúnta mar a bhí anuraidh.

Agus mé ag teacht anseo inniu, bhí go leor cainte déanta agam faoi thithíocht agus daoine óga. An rud is tábhachtaí domsa ná go mbeidh daoine óga ag fás aníos le Gaeilge agus trí Ghaeilge agus go dtuigtear ansin go mbeidh siad in ann leanúint leis na rudaí seo agus an t-oileán á fhágáil. Rud mór a bhí ansin domsa agus an t-oileán á fhágáil don chéad uair chun maireachtáil i nGaillimh agus an Ghaeilge uilig a chloisteáil thar timpeall orm. Bhí sí le cloisteáil ar an mbealach go Gaillimh. In áiteanna i nGaillimh freisin tá siad in ann a bheith sách maith. Chuile sheans go mbeadh Gaeilge ag gach dara duine ag dul timpeall. Ní hé go bhfuil sé foirfe acu ach déanann siad iarracht agus tá sí le cloisteáil sa chathair i gcónaí.

Bhí club óige againn sa mbaile agus mé ag fás aníos, agus den chuid is mó is trí Ghaeilge a bhí sé sin. Chabhraigh sé sin. Chruthaigh sé deis do dhaoine buaileadh le chéile taobh amuigh den scoil agus Gaeilge a labhairt le céile. Bhí traenáil peile ann ar feadh tamaill agus bhí sé sin ann i nGaeilge. Bhí ceol, damhsa agus chuile rud mar sin i nGaeilge agus bhí a lán Gaeilge le cloisteáil sna ranganna snámha sa samhradh freisin. Rudaí mar sin atá ag teastáil i ndáiríre, taobh amuigh den scoil go háirid, le go mbeidh daoine in ann buaileadh le céile gan an brú acadúil sin orthu agus go mbeidh siad in ann Gaeilge a labhairt mar rogha dóibh, ní mar gheall go bhfuil siad ar scoil agus go bhfuil sé mar chuid de na rialacha go mbeidh Gaeilge á labhairt acu.

Comment on this

A bheith in ann maireachtáil sa tsochaí agus saol a chaitheamh mar Ghaeilgeoir atá ag teastáil.

Comment on this
Mr. Luke Ó Floinn

Sin é i ndáiríre. Go mbeidh sí le cloisteáil agus go mbeidh rogha ag daoine Gaeilge a labhairt.

Comment on this
Ms Eimear Nic Conurchoille

Aontaím leis na rudaí atá ráite go dtí seo. Tá an dá rud is mó atá tábhachtach luaite agam cheana. Ar dtús, tá sé an-tábhachtach go bhfuil an Rialtas ag obair le daoine ar an dtaobh eile den Teorainn. Bhíomar ar fad ag ard-fheis Chonradh na Gaeilge nó ag Oireachtas na Samhna i mo bhaile, Béal Feirste. Is cathair an-difriúil í faoi láthair ná mar a bhí nuair a bhí mo thuismitheoirí nó fiú mise ag fás aníos. Is áit í inar féidir linn an Ghaeilge a labhairt agus ár gcultúr a chur in iúl le heagla nó le brú níos lú ná mar a bhí 20 bliain ó shin. Bhí muid ag caint ag an ard-fheis faoi Éire aontaithe agus achan rud mar sin. Tá sé sin go hiontach agus tá súil agam go dtuigeann an coiste go gcaithfidh sé, an Rialtas, Sinn Féin agus achan páirtí eile plean cinnte a chruthú dúinn má táimid ag iarraidh é sin a bhaint amach. Tá an teanga lárnach ansin toisc gur ceann de bhunteangacha na tíre in Éirinn í. Tá sí feiceálach i bPoblacht na hÉireann ach níl sé feiceálach, don chuid is mó, sa bhaile.

Le rud beag níos mó a rá faoi na meáin, tá mé ag iarraidh go mbeidh Raidió Rí-Rá ábalta a bheith beo ar FM go deo. Táimid beo ar FM faoi láthair.

Comment on this

Tá sé beo ar feadh coicíse, nach ea? Nó ar feadh míosa?

Comment on this
Ms Eimear Nic Conurchoille

Tá sé beo ar feadh míosa. Tá sé le cloisteáil i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh, agus i gContae Lú agus i gContae na Mí fosta. Tá chuid mhór ráite agam cheana faoi cé chomh tábhachtach is atá an raidió do dhaoine óga. Ní déarfaidh mé níos mó air sin. Nílim ach ag rá go bhfuilim ag súil go dtiocfaidh níos mó maoinithe agus tacaíochtaí chun é sin a chur i bhfeidhm go deo in áit ar feadh mí amháin.

Comment on this

Tuigim agus aontaím. Tá ceist amháin eile agam maidir leis an gcóras oideachais. Tá na finnéithe, don mhórchuid, tagtha tríd an gcóras oideachais, nó an bunleibhéal agus an dara leibhéal ar aon nós. Cad iad na dúshláin atá ann go fóill sa dá chóras sin? Is Gaeilgeoirí iad na finnéithe; mar sin, tuigeann siad an méid atá ag tarlú ar an talamh sna scoileanna. Cad gur féidir linn a dhéanamh níos fearr do Ghaeilgeoirí i scoileanna Ghaeilge ach i scoileanna Béarla freisin? B’fhéidir nach raibh na finnéithe i scoileanna Béarla ach, dar leo, cad iad na baic ó thaobh an chóras oideachais de don teanga?

Comment on this
Mr. Luke Ó Floinn

Ceann de na rudaí a thug mé faoi deara agus mé sa mheánscoil go háirid ná go raibh sé an-deacair múinteoirí a fháil le Gaeilge a bhí sásta a bheith in Árainn don scoilbhliain. Níor thuig siad na deacrachtaí a bhain leis an saol ar an oileán, go háirid sa gheimhreadh nuair atá chuile rud dúnta agus an aimsir go háirid gránna. Bhí sé deacair múinteoirí a fháil fiú ón gcéad bhliain. Bhí múinteoir Gaeilge ar saoire mháithreachais agus sa bhliain sin tá mé ag ceapadh go raibh trí mhúinteoir Gaeilge éagsúla againn. Fiú san ardteist, bhí sé deacair cúrsa bitheolaíochta a dhéanamh. Bhí orainn é a dhéanamh trí Bhéarla. Ní raibh na téacsleabhair Ghaeilge le fáil ag an scoil agus ní raibh an múinteoir ábalta an cúrsa uilig a dhéanamh trí Ghaeilge mar is ceart. Bhí an mata mar an gcéanna; iompaíodh ar an mBéarla ag an deireadh. Ceann de na rudaí atá feicthe agam ná go bhfuil sé an-deacair múinteoirí le Gaeilge a fháil. Bhí cara liom sa rang ag déanamh fisice ar líne mar nach raibh na múinteoirí ar fáil. Bhí seisean agus grúpa daoine eile, daoine timpeall Conamara agus i nGaillimh freisin, ag bailiú le chéile ar líne chun an cúrsa fisice a dhéanamh. Tá sé thar a bheith deacair nuair nach bhfuil na daoine sa rang in aice leat. Ní féidir cúnamh ceart a fháil uathu nó ón mhúinteoir má táthar ina suí ag an ríomhaire. Bhí sé leis féin don chuid is mó agus na ranganna sin á ndéanamh. Ní raibh duine ar bith eile ag déanamh fisice. Ní raibh sé in ann an cúnamh a fháil. Is é sin ceann de na deacrachtaí is mó a chonaic mé.

Comment on this

Tá sé sin suimiúil, go mórmhór leis an earcaíocht a bheidh ag teacht, ní hamháin do mhúinteoirí ach sna seirbhísí poiblí freisin. Gabhaim buíochas libh. An bhfuil aon rud a sheas amach do Shadhbh Ní Fhearail mar gheall ar an gcúrsa oideachais?

Comment on this
Ms Sadhbh Ní Fhearail

Chuaigh mé go dtí meánscoil trí Bhéarla agus bunscoil trí Ghaeilge; dá bhrí sin, bhí Gaeilge níos láidre agam ná an chuid is mó de na cailíní i mo bhliain. Ní raibh mé lánsásta leis an oideachas Ghaeilge. I mo thuairim, tá an Ghaeilge labhartha níos tábhachtaí ná an scríbhneoireacht, ach cuireann na múinteoirí go leor brú ar an gcuid scríbhneoireachta in ionad labhairt. Bheadh sé go maith dá bhféadfadh siad rud éigin a dhéanamh faoi sin; b'fhéidir go mbeadh 50% den chúrsa labhartha agus 50% scríofa nó rud éigin mar sin. Bhí go leor cailíní i mo rang agus bhí siad in ann aistí iomlána a scríobh ach ní raibh siad in ann an Ghaeilge a labhairt.

Comment on this

Ní raibh siad in ann comhrá a bheith acu. Mar sin, ba cheart béim a chur ar an nGaeilge labhartha. Aon rud eile?

Comment on this
Ms Eimear Nic Conurchoille

Tá mo chás saghas speisialta toisc gur fhreastail mé ar bhunscoil agus meánscoil Bhéarla. Nuair a bhí mé sa bhunscoil bhí ranganna teanga againn in achan bhliain mar atá i ngach scoil. D’fhreastail mé ar an scoil sin ar feadh seacht mbliana. Rinne muid staidéar ar an nGaeilge sa mheánscoil i mbliain a ceathair amháin. Toisc nach raibh mo mhúinteoir bunscoile i mbun na ranga, bhíodh bean ag teacht isteach ó eagraíocht éigin eile leis an nGaeilge a mhúineadh dúinn. Tá sé an-suimiúil nach raibh múinteoir bunscoile sa chathair ábalta an Ghaeilge a mhúineadh dúinn. Anuas air sin, i mo mheánscoil ní raibh orainn an Ghaeilge ag ghlacadh mar ábhar scoile. Bhí sé roghnach. Toisc nach raibh sé éigeantach sna bunscoileanna uilig, níor ghlac an chuid is mó de na daoine leis an dteanga, i gcomparáid leis an líon a rinne an Spáinnis nó an Fhraincis. Is é sin an fáth go raibh mé fágtha le cúigear sa rang ardleibhéal. Ní chuirtear béim ar an nGaeilge mar ábhar staidéir i gcomparáid leis an Spáinnis nó an Fhraincis agus bhí sé deacair dóibh múinteoirí bunscoile le Gaeilge a aimsiú freisin.

Comment on this

Bhí an-chuid dúshlán ag Eimear Nic Conurchoille agus tá a cuid Gaeilge chomh snasta anois. Go raibh míle maith aici don fhianaise sin. Gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad.

Comment on this
Shane Curley An Cathaoirleach Gníomhach Fianna Fáil

An bhfuil an Teachta Ó Muirí ag iarraidh teacht isteach?

Comment on this

Gabhaim leithscéal as a bheith deireanach. Tá dhá cheist agam. An bhfuil eolas ag na finnéithe ar na rudaí atá ar bun ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath le roinnt blianta anuas, ar nós Gaeilge365 agus Baile Átha Cliath le Gaeilge? Tá tuairimí na bhfinnéithe á lorg agam faoi na cláir sin, má tá eolas acu orthu. An bhfuil siad éifeachtach? Ar chuala na finnéithe fúthu? An raibh siad páirteach iontu? Bíonn Lá Mór na Gaeilge ann gach bliain. Bhíodh sé ar siúl i Margadh na Feirme. An bhfuil aon eolas nó tuairimí ag na finnéithe ó thaobh na rudaí sin, go háirithe na hiarrachtaí a bhíonn á ndéanamh ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun an Ghaeilge a chur chun cinn go praiticiúil? Is ceist oscailte í sin do na finnéithe ar fad.

Comment on this
Mr. John Prendergast

Tá seans nach bhfuil mórán ar eolas acu mar níor tháinig siad go Baile Átha Cliath ach cúpla seachtain ó shín. Bíonn siad ag freastal ar Ollscoil na Gaillimhe. An bhfuil aon mholtaí acu?

Comment on this
Mr. Luke Ó Floinn

Go pearsanta, níl mórán cur amach agam ar Bhaile Átha Cliath le Gaeilge nó rud ar bith mar sin. Thosaigh mé i nGaillimh cúpla bliain ó shín agus chuala mé beagán cainte air. Ó shín i leith, áfach, tá níos mó cloiste agam faoi. Mar sin, is dóigh liom go mbíonn rudaí maithe ar siúl acu. Chuala mé trácht ar Mhuineachán le Gaeilge freisin. Is dóigh liom go bhfuil an smaoineamh sin ag fás agus ag scaipeadh timpeall na tíre. Tá an Ghaeilge le feiceáil níos minice sna meáin agus tá an-toradh air sin. Bíonn níos mó daoine in ann na rudaí seo a fheiceáil, mar a gcéanna le Gaeilge24. Bíonn sé sin ar siúl ag Conradh na Gaeilge. Tá Seachtain na Gaeilge ann freisin. Mar gheall ar na meáin, tá na rudaí seo le feiceáil níos minice agus tiocfaidh fás orthu dá bharr sin.

Comment on this

Tá na finnéithe lonnaithe i nGaillimh faoi láthair. An bhfuil mórán ar siúl i nGaillimh, mar shampla ó thaobh Chomhairle Chontae na Gaillimhe de? An bhfuil aon tionscnamh ag an gcomhairle contae, nó an comhairle cathrach go deimhin, chun an Ghaeilge a chur chun cinn go praiticiúil? An bhfuil aon sonraí nó aon rud a fheiceann na finnéithe ina leith seo? Muna bhfuil, tá sé sin ceart go leor chomh maith.

Comment on this

Is cosúil nach bhfuil.

Comment on this
Mr. John Prendergast

D’fhreastail mé ar fhochoiste Gaelainne de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe le déanaí. Is saghas strategic policy committee, SPC, é. Bheadh sé go diail dá mbeadh SPC Gaelainne ag gach comhairle contae a bhfuil ceantar Gaeltachta acu ina limistéar. Ní dóigh liom go bhfuil ceann ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, ach d’fhéadfainn a bhí mícheart. Tá ceann ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus creidim gurb é sin an chéad ceann. Feictear an dul chun cinn atá á dhéanamh aige. Ag an gcruinniú cúpla seachtain ó shín, bhíothas ag labhairt faoi chomharthaí breise a chur timpeall chathair na Gaillimhe agus rudaí suntasacha a bhaineann le feiceálacht agus úsáid na Gaelainne i gcathair na Gaillimhe agus i measc sheirbhísí an chomhairle. Molaim an smaoineamh chun foghrúpa nó coiste a bheith ann. Is dóigh liom go bhfuil ceann ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chomh maith.

Comment on this

Tá coiste Gaeilge aige. Is fochoiste speisialta é. Bhí cruinniú ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Cuireadh tús leis sin dhá nó trí bliana ó shín, más buan mo chuimhne. Tá rudaí mar sin deimhneach. Tá an-chuid oibre i gceist ó thaobh na n-oifigeach de, áfach.

Comment on this
Mr. John Prendergast

Tá sé tábhachtach agus muid ag dul i dtreo ré an dátheangachais sa tseirbhís phoiblí. Ritheadh rún i gComhairle Contae Chill Dara go reáchtálfar cruinniú de chuid an chomhairle go hiomlán trí mheán na Gaelainne uair sa bhliain. Mar sin, feictear an boost agus feabhas atá ag teacht air sin. Tá moladh go deo tuillte ag foirne Ghaeilge365 agus Bhaile Átha Cliath le Gaeilge, Mícheál Ó Nualláin, Ruairí agus Daithí de Buitléir.

Comment on this

Déanann siad an-obair.

Comment on this
Mr. John Prendergast

Déantar neadú isteach i gcleachtas na heagraíochta atá ann cheana féin. Is é sin an réimse pleanála teanga ar gá dúinn cuimhneamh air ar bhonn eagraíochta. Tá deachleachtas iontach sa tír seo ach ní mór dúinn é a úsáid agus a leathnú amach. Tá an todhchaí linn, pé scéal é. Ní bheidh aon fhadhb againn.

Comment on this
Shane Curley An Cathaoirleach Gníomhach Fianna Fáil

Le tógáil air sin, tá scoláireacht an Phiarsaigh againn i gComhairle Chontae na Gaillimhe. Tríd an scoláireacht sin, seoltar daltaí chun na Gaeltachta gach samhradh. Ní hamháin go mbrúitear an Ghaeilge ach cruthaítear beagáinín fostaíochta sa Ghaeltacht freisin. Is rud amháin é sin. Tá go leor á dhéanamh ag Comhairle Chontae na Gaillimhe fiú muna bhfuil SPC Gaeilge acu.

Tá cúpla rud le rá agam. Luaigh Sadhbh Ní Fhearail comharthaí Gaeilge, comharthaí bóthair san áireamh, timpeall na tíre. Tá córas athbhreithnithe ar siúl faoi láthair ag Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir le comharthaí bóthair. Is as Contae na Gaillimhe do Luke Ó Floinn. B’fhéidir go bhfuil suim aige sa mhéid sin.

Luaigh go leor de na finnéithe oideachas tríú leibhéil agus oideachas trí Ghaeilge. Dúirt Sadhbh Ní Fhearail go mbeadh sé go deas dá mbeifí in ann aistí a sheoladh isteach trí Ghaeilge. Míneoidh mé an fhadhb atá ann faoi láthair. Bhí príomhfheidhmeannach an Údarás um Ard-Oideachas os comhair an choiste seo cúpla seachtain ó shin, ach níor luaigh sé ag an am nach raibh sé ar intinn ag an údarás sin cúrsaí tríú leibhéil a chur ar fáil trí Ghaeilge sna hollscoileanna. Ina n-ionad, cuirfear cúpla modúl anseo is ansiúd ar fáil. Bhí mé agus an Teachta Ó Snodaigh ar “Seacht Lá” Dé Céadaoin seo chaite inar luadh nach bhfuil sé ar intinn ag an Údarás um Ard-Oideachas na cúrsaí sin ar chur ar fáil, cé nár luaigh an príomhfheidhmeannach é sin os comhair an choiste an tseachtain roimhe. Chuir sé sin frustrachas orm. An bhfeiceann na finnéithe go bhfuil fadhb ollmhór ag an tríú leibhéal maidir leis an meon ag an mbarr i leith na Gaeilge?

Comment on this
Ms Sadhbh Ní Fhearail

Is cinnte go bhfuil.

Comment on this
Shane Curley An Cathaoirleach Gníomhach Fianna Fáil

An é sin a bhí i gceist ag John Prendergast nuair a thagair sé don mheon?

Comment on this
Mr. John Prendergast

Is ea. I gcomhthéacs na rudaí maithe atá tar éis titim amach i dtaobh na hollscolaíochta de nó sa phobal, tharla siad ar bhonn ad hoc nó trí dhíograis ollmhór an phobail. Níl lé déanamh ach féachaint ar aon Ghaelscoil, Gaelcholáiste nó feachtas Gaeltachta. Bíonn daoine ag iarraidh rud éigin a bhaint amach agus baineann siad amach é, ach níl aon chóras ann. Tá an rud céanna le feiceáil mar gheall ar chúrsaí tríú leibhéil agus gan ach 0.68% de chúrsaí ar fáil trí mheán na Gaelainne. Caithfear é sin a athrú.

Comment on this
Shane Curley An Cathaoirleach Gníomhach Fianna Fáil

Tá muid ag iarraidh go mbeidh Gaeilge ag 20% d’earcaigh sa Státseirbhís cé nach bhfuil an céatadán sin de chúrsaí ar fáil.

Luaigh Luke Ó Floinn smaoineamh suimiúil maidir le hoifigeach óige i ngach limistéar. Cén ról a bheadh acu? Cé a bheadh ag fostú na n-oifigeach sin?

Comment on this
Mr. Luke Ó Floinn

Tá mé den tuairim go mbeadh sé go maith dá mbeadh nasc idir an plean teanga agus an t-aos óg. Bheadh sé go maith tuairimí daoine óga a fháil. Ní raibh mé ar an eolas faoin phleanáil teanga agus an obair a bhí ar siúl acu ar feadh na mblianta. I ndiaidh beagán taighde a dhéanamh, fuair mé amach go ndéanann siad go leor rudaí maithe a chur ar fáil don phobal.

Mar a luaigh mé, bhí beagán maoinithe ar fáil don mheánscoil agus thug sé sin deis do na daltaí cuairt a thabhairt ar ócáidí spéisiúla. Agus mé sa mheánscoil, chuaigh muid ar thuras go Baile Átha Cliath le freastal ar chomhdháil maidir le cúrsaí ollscoile. Tá na rudaí sin tábhachtach. Is cinnte go bhfuil an maoiniú ag teastáil. Más an t-oifigeach pleanála teanga a bheas á chur ar fáil, beidh sé uilig trí Ghaeilge, rud atá go maith.

Dá mbeadh an t-oifigeach óige ann, bheadh nasc ann leis na daoine óga. Bheadh sé níos éasca ar dhaoine labhairt agus a gcuid tuairimí a chur in iúl. Tuigeann daoine óga na dúshláin atá i gceist agus bheadh siad in ann na smaointe sin a roinnt níor fearr.

Comment on this
Shane Curley An Cathaoirleach Gníomhach Fianna Fáil

Baineann mo cheist dheireanach le deacrachtaí pleanála in Árainn. Bíonn na fheidhmeannaigh i gcónaí ag maíomh, go háirithe nuair a bhí mé i mo chomhairleoir contae, go bhfuil muinín acu sa chóras, go bhfuil sé féaráilte agus nach bhfuil aon fhadhb leis. Céard iad na deacrachtaí atá ag daoine maidir le pleanáil? An ndiúltaítear na hiarratais de bharr shábháilteacht bóthair? Céard iad na fadhbanna atá ag teacht aníos maidir le pleanáil?

Comment on this
Mr. Luke Ó Floinn

Den chuid is mó, ní chloisim na sonraí uilig ach cloisim daoine ag labhairt faoi na hiarratais a diúltaíodh agus a ceadaíodh. Labhair mé faoi mo chol ceathar sa bhaile. Diúltaíodh a cead pleanála. Dúradh léi go raibh an suíomh ró-ghar do láthair seandálaíochta, na Seacht dTeampaill, a bhfuil an-cháil air. Bhí an suíomh sách gar dó ach dúradh léi ag an tús go n-éireodh leis an iarratas de bharr go bhfuil sé sách fada ó na Seacht dTeampaill agus go mbeadh sí in ann teach a thógáil. Chuir sí an t-iarratas isteach agus bhí an comhairle uilig a bhí faighte aici an-daor uirthi. Diúltaíodh an pleanáil. Ar deireadh, bhí sí ró-ghar do na Seacht dTeampaill. Is é sin an rud atá cloiste agam. Den chuid is mó, b’fhéidir go mbaineann sé le suíomhanna atá stairiúil.

Oibríonn mo mháthar sa bhunscoil. Luaigh sí go raibh an scoil ag iarraidh iarratas pleanála a chur isteach chun beagán spáis a chur leis an scoil. Bhí sé an-bheag i ndáiríre. Diúltaíodh an cead pleanála mar dúradh go raibh an suíomh agus an foirgneamh stairiúil. Bhí sé ann le fada. Den chuid is mó, tá mé ag ceapadh gur cúrsaí talún atá i gceist. B’fhéidir nach bhfuil an talamh sách maith chun teach a thógáil. Bíonn deacrachtaí maidir le septic tank a chur ann. Bíonn rudaí mar sin le cloisteáil i gcónaí.

Comment on this
Shane Curley An Cathaoirleach Gníomhach Fianna Fáil

An bhfuil aon rud eile go bhfuil éinne eile ag iarraidh a lua sula nglacann an Leas-Chathaoirleach an Chathaoir arís? Níl. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht teacht isteach agus a gcuid fianaise a roinnt linn.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Bíonn dhá choiste ar siúl ag an am céanna ag an chuid is mó dínn. Bhí orm rith le freastal ar an gcoiste um intleacht shaorga. Tá finnéithe ón Garda Síochána os a chomhair. Bhí orm labhairt i mBéarla agus tá mé ar ais ag labhairt na Gaeilge anois. Tuigim gach rud atá ráite ag Sadhbh Ní Fhearail, go háirithe ó thaobh na hollscoile de agus cé chomh deacair is atá sé sin. Rinne mé staidéar ar an ndlí agus gnó le Gaeilge ar an taobh. Tá soláthar na gcúrsaí á phlé againn le tamall ó thaobh oideachas tríú leibhéil de. Mar a bhí á rá ag an Seanadóir Curley, má theastaíonn uainn go mbeidh níos mó daoine ar fáil chun oibriú san earnáil phoiblí trí mheán na Gaeilge, tá tuilleadh cúrsaí de dhíth sna hollscoileanna trí Ghaeilge, ní hamháin le Gaeilge. Tá sé tábhachtach é sin a rá.

Guím Seachtain na Gaeilge – maireann sí coicís anois - sona ar na finnéithe uilig. Gabhaim buíochas leis na finnéithe - Sadhbh, Luke, Eimear agus John - as ucht teacht isteach os comhair an choiste inniu.

Cuireann sé sin deireadh lenár mbreithniú inniu. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an bplé fiúntach tairbheach a bhí againn inniu. Molaim go gcuireann muid an cruinniú ar athló go dtí 11 a.m. ar an 10 Márta 2026 nuair a phléifidh muid múineadh na Gaeilge sna bunscoileanna T2 agus córas na ndíolúintí. An bhfuil sé sin aontaithe?

Comment on this

An bhfuil an 23 Márta i gceist ag an Leas-Chathaoirleach?

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Níl. Thug cléireach an choiste le fios dom go bhfuil cruinniú eagraithe againn ar an 10 Márta 2026. Tá seans go gcuirfidh muid é sin ar athló mar beidh daoine imithe ó Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn. Labhróidh muid faoi i ndiaidh an chruinnithe.

Comment on this