We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

Cúrsaí Gaeilge ag an Tríú Leibhéal: Coláiste na Tríonóide agus Institiúid Oideachais Marino

Summary

Chuir Coláiste na Tríonóide agus Institiúid Oideachais Marino síos ar a gcuid clár d’oiliúint múinteoirí trí Ghaeilge agus ar an ngá le hinniúlacht teanga a neartú go leanúnach, ní hamháin le linn oiliúna tosaigh ach ar feadh saoil ghairmiúil an mhúinteora. Mheas siad go bhfuil éileamh láidir ar na cúrsaí Gaeilge reatha, lena n-áirítear an B.Oid, an MGO agus an dioplóma iarchéime i nGaeilge do mhúinteoirí, ach go bhfuil an soláthar teoranta ag maoiniú agus acmhainní. Moladh cúrsaí uasoiliúna do mhúinteoirí bunscoile agus níos mó deiseanna tumoideachais sa Ghaeltacht, le haitheantas foirmiúil agus tacaíocht airgeadais. D’aontaigh na finnéithe gur gá an Ghaeilge a normalú ar fud an tríú leibhéal agus i gcóras na múinteoireachta.

Aengus Ó Snodaigh An Cathaoirleach Gníomhach Sinn Féin

Sa chuid seo den chruinniú, táimid ag breathnú ar an oiliúint atá ar fáil do mhic léinn agus an líofacht sa Ghaeilge atá de dhíth ar mhúinteoirí. Is iad na hionadaithe atá os ár gcomhair ó Choláiste na Tríonóide ná an tOllamh Carmel O'Sullivan, déan dhámh na n-ealaíon, na ndaonnachtaí agus na n-eolaíochtaí sóisialta; an Dr. Noel Ó Murchadha, ollamh comhlach i scoil an oideachais; an Dr. Emily Barnes, ollamh cúnta le hoideachas teanga; agus an Dr. Deirdre Nic Chárthaigh, ollamh cúnta le Gaeilge. Ó Institúid Oideachas Marino, tá an tOllamh Teresa O'Doherty, uachtarán; Donncha Ó Corcoráin, ceannaire roinn na Gaeilge; agus Robbie Irwin, léachtóir cúnta san oideachas agus oifigeach na Gaeilge, in éineacht linn.

Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 3 taobh istigh de phurlán Thithe an Oireachtais. Tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha a leagan faoina bhráid uile. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin soghluaiste múchta le linn an chruinnithe toisc go gcuireann said as don choras craolacháin. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste, nó go fíorúil ar Microsoft Teams. Má tá said ag freastal ar Microsoft Teams, is gá dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir ionas go bhfeicfear iad. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste, chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurlán Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á thabhairt acu. Is fíric é nach féidir leis na finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu lasmuigh de phurlán Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu, agus má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí ar fhéadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá go bhféadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, más rud é go bhféadfadh a ráiteas bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéilleann siad leis an ordú sin. An nglacann gach éinne leis na treoracha sin? Glacann. Iontach. Iarraim ar an Ollamh Carmel O’Sullivan tús a chur leis an seisiún seo.

Comment on this
Professor Carmel O'Sullivan

Gabhaimid buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach agus na comhaltaí as an gcuireadh teacht os a gcomhair inniu chun plé a dhéanamh ar an ábhar tábhachtach seo; sé sin, an oiliúint atá ar fáil do mhic léinn agus an inniúlacht sa Ghaeilge atá de dhíth ar mhúinteoirí. Táimid an-bhuíoch as an deis ár dtaithí, ár gcleachtais agus ár dtaighde a roinnt. Is mise déan dhámh na n-ealaíon, na ndaonnachtaí agus na n-eolaíochtaí sóisialta i gColáiste na Tríonóide, agus táim anseo inniu ag déanamh ionadaíochta ar ár bpropast, an tOllamh Linda Doyle. Gabhann sí leithscéal ó chroí nach bhfuil sí in ann bheith i láthair inniu. Tá roinnt comh-léachtóirí ó Choláiste na Tríonóide in éineacht liom a bhíonn ag obair go díreach ar an tsaincheist a bheidh á phlé againn inniu. Táim buíoch go bhfuil an Dr. Noel Ó Murchadha agus an Dr. Emily Barnes as scoil an oideachais i láthair agus, go háirithe, an Dr. Deirdre Ní Chárthaigh as roinn na Gaeilge sa choláiste.

I gColáiste na Trionóide, cuirtear roinnt clár oideachais agus oiliúna ar fáil a thacaíonn le forbairt na Gaeilge sa chóras oideachais agus le forbairt inniúlacht teanga múinteoirí. Ina measc, tá an professional master of education do mhúinteoirí iarbhunscoile, an máistreacht san oideachas lánGhaeilge agus Gaeltachta, agus an dioplóma iarchéime sa Ghaeilge do mhúinteoirí. Ina theannta sin, tá pobal gníomhach taighde againn a dhíríonn ar an oideachas teanga, ar an tumoideachas agus ar oideachas dátheangach. Sa ráiteas seo, ba mhaith linn trí phríomhphointe a leagan amach: an obair atá ar bun againn; na dúshláin atá fós ann maidir leis an oiliúint agus inniúlacht teanga múinteoirí; agus ag deireadh, ba mhaith linn roinnt moltaí a dhéanamh a d’fhéadfadh cabhrú le dul chun cinn a dhéanamh sna réimsí seo.

Maidir leis an obair atá ar bun againn, tugann an professional master of education deis do mhic léinn staidéar a dhéanamh ar oideolaíocht na Gaeilge agus ar mhúineadh teangacha. Cuirtear béim ar chleachtais atá bunaithe ar thaighde, agus ullmhaíonn mic léinn pleananna ceachta agus aonaid foghlama atá ailínithe leis an gcuraclam náisiúnta. Le linn socrúchán scoile, cuirtear an fhoghlaim sin i bhfeidhm agus spreagtar mic léinn le socrúcháin a dhéanamh i scoileanna lánGhaeilge nuair is féidir. Ó mhí Mheán Fómháir seo chugainn, beidh an deis ag mic léinn ar an gclár seo staidéar a dhéanamh ar an teagasc agus foghlaim trí mheán na Gaeilge in iarbhunscoileanna Gaeltachta agus lánGhaeilge.

Tá an máistreacht san oideachas lánGhaeilge agus Gaeltachta dírithe ar mhúinteoirí agus ar cheannairí scoile atá ag obair i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna lánGhaeilge. Tugann an cúrsa seo deis dóibh a gcuid cleachtas gairmiúil a fhorbairt agus a gcuid scileanna teanga a fheabhsú, agus spriocleibhéal ard inniúlachta teanga a bhaint amach. Ina theannta sin, cuireadh tús leis an dioplóma iarchéime sa Ghaeilge do mhúinteoirí le déanaí, i gcomhpháirt le hInstitiúid Oideachais Marino. Tá an clár seo dírithe ar mhúinteoirí cáilithe iarbhunscoile ar mhian leo an Ghaeilge a mhúineadh go dtí leibhéal na hardteistiméireachta. Trí mheascán de léachtaí ar líne agus ar an láthair, chomh maith le tréimhse sa Ghaeltacht, tugtar deis do mhúinteoirí a gcuid eolais ábhair agus a gcuid scileanna teanga a fhorbairt.

Taobh amuigh den teagasc féin, tá pobal láidir taighde i gColáiste na Tríonóide a dhíríonn ar an oideachas trí mheán na Gaeilge, ar an tumoideachas agus ar an bhforbairt teanga i gcoitinne. Oibrimíd i gcomhar le heagraíochtaí san earnáil oideachais lena n-áirítear an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, na boird oideachais agus oiliúna, agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.

In ainneoin na bhforbairtí seo ar fad, tá dúshláin shuntasacha fós ann maidir le hinniúlacht teanga múinteoirí agus an muinín atá acu agus iad ag múineadh na teanga nó trí mheán na Gaeilge. Léiríonn taighde idirnáisiúnta agus i dtuarascálacha náisiúnta araon go bhfuil gá le tacaíocht leanúnach chun inniúlacht teanga agus inniúlacht oideolaíochta múinteoirí a fhorbairt. Tá sé tábhachtach a aithint gur próiséas leanúnach í an fhorbairt teanga.

Ní leor glacadh leis go mbeidh an leibhéal teanga riachtanach ag múinteoirí mar thoradh ar a gcuid staidéar bunchéime amháin. Tá gá le tacaíocht le linn oiliúint tosaigh múinteoirí agus freisin le linn saol gairmiúil an mhúinteora. Ar an mbonn sin, ba mhaith linn roinnt moltaí a chur faoi bhráid an chomhchoiste. Ar an gcéad dul síos, bheadh sé tairbheach contanam forbartha teanga a fhorbairt san ardoideachas, ionas go mbeadh deis ag mic léinn nach bhfuil an Ghaeilge mar ábhar céime acu leanúint ar aghaidh leis an teanga a fhoghlaim le linn a gcuid staidéir. D'fhéadfaí na deiseanna seo a ailíniú le Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha agus aitheantas oifigiúil a thabhairt don leibhéal a bhaineann mic léinn amach. Ar an dara dul síos, bheadh sé cabhrach na deiseanna dianfhoghlama teanga sa Ghaeltacht a leathnú, do mhic léinn ollscoile, do mhúinteoirí faoi oiliúint agus do mhúinteoirí cáilithe. Tá ról fíorthábhachtach ag tréimhsí tumoideachas sa Ghaeltacht chun muinín agus líofacht sa teanga a fhorbairt. Ar an tríú dul síos, molaimid tuilleadh deiseanna do mhúinteoirí faoi oiliúint socrúcháin scoile a dhéanamh i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, chomh maith le tacaíochtaí cuí chun iad a ullmhú don teagasc trí mheán na Gaeilge.

Mar fhocal scor, má tá sé mar sprioc againn córas oideachais a bheith againn ina bhfuil an Ghaeilge láidir agus inmharthana, ní mór dúinn infheistíocht leanúnach a dhéanamh i bhforbairt teanga gairmiúil i mic léinn agus i múinteoirí araon. Tá múinteoirí ag croílár an chórais oideachais agus tá ról ríthábachtach acu i dtodhchaí na Gaeilge. Gabhaimid buíochas arís leis an gcoiste as an deis seo labhairt leis inniu. Beidh áthas orainn aon cheisteanna atá ag na comhaltaí a fhreagairt.

Comment on this
Professor Teresa O'Doherty

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach agus an choiste as cuireadh a thabhairt dúinn bheith ina dteannta inniu.

Táim anseo inniu mar uachtarán ar Institiúid Oideachais Marino, agus ba mhaith liom cur síos gairid a thabhairt ar an institiúid agus an soláthar oideachais atá againn ó thaobh oideachas múinteora de. Ansin, ba mhaith liom labhairt faoin gceist maidir le caighdeán na Gaelainne, agus na deiseanna agus féidearthachtaí atá ann an Ghaelainn a chur chun cinn. Is institiúid í Institiúid Oideachais Marino a thug tosaíocht riamh don oideachas agus don bharr feabhais le breis agus 100 bliain. Bhí clú agus cáil orainn riamh anall ó thaobh chur chun cinn na Gaelainne, agus is féidir liom a rá libh inniu go muiníneach go bhfuil an clú agus an cháil chéanna fós orainn maidir leis an nGaeilge. Táim anseo i dteannta mo chomhghleacaithe agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Donnchadh Ó Corcaráin, ceannaire, atá i mo theannta, agus Robbie Irwin, léachtóir san oideachas agus oifigeach na Gaeilge.

Faoi láthair, tá ceithre chlár bhunmhúinteoireachta ar fáil san institiúid: céim baitsiléara san oideachas, B.Oid, trí mheán an Bhéarla; céim baitsiléara san oideachas trí mheán na Gaeilge; céim máistir ghairmiúil san oideachas, is é sin an PME, trí Bhéarla; agus an chéim máistir ghairmiúil san oideachas, M.Oid, trí Ghaeilge. Táimid an-bhródúil ar fad gurb í Institiúid Oideachais Marino an t-aon áit sa tír inar féidir leat d'oiliúint bhunmhúinteoireachta a fháil go hiomlán trí mheán na Gaelainne. Chun é sin a chur i gcomhthéacs, le cúig bliana anuas, mar shampla, tá breis agus 1,200 mac léinn tar éis a bheith cáilithe mar mhúinteoirí sa choláiste. As an uimhir sin, cáilíodh 112 múinteoir tríd an B.Oid san oideachas trí mheán na Gaeilge.

Is teanga bheo í an Ghaeilge ar champas Marino a chothaíonn pobal láidir Gaeilge. Déanaimid gach iarracht deiseanna foghlama agus sóisialta a chur ar fáil dár mac léinn agus dár mbaill fhoirne go huile is go hiomlán trí Ghaeilge. Oibríonn an t-oifigeach Gaeilge go dlúth le cumann Gaelach na mac léinn chun neart imeachtaí sóisialta agus spraíúla a chur ar fáil trí Ghaeilge. Tá cumann trad an-láidir againn, mar aon le cluichí Gaelacha na mban agus na bhfear. Tá caidreamh agus líonra an-láidir againn le heagraíochtaí ar nós Gaeloideachas, Gael Linn, COGG, An Foras Pátrúnachta, Oireachtas na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge, agus bímid ag obair leo i rith an ama.

I gcomhpháirt lenár gcomhghleacaithe i gColáiste na Tríonóide, chuireamar tús le dioplóma iarchéime sa Ghaeilge do mhúinteoirí meánscoile i Meán Fómhair 2024. Ina theannta sin, le breis is 20 bliain anuas, cuireann Institiúid Oideachais Marino scrúduithe Gaeilge ar fáil do mhúinteoirí a cháilíonn lasmuigh de Phoblacht na hÉireann chun go mbeidh siad ábalta coinníollacha teanga na Comhairle Múinteoireachta a shásamh. Is féidir tabhairt faoin gcáilíocht sa Ghaeilge trí bhealach tástála inniúlachta - an scrúdú le haghaidh cáilíochta sa Ghaeilge, an SCG - nó bealach tréimhse oiriúnaithe - oiriúnú le haghaidh cáilíochta sa Ghaeilge, an OCG - mar atá leagtha síos ag an gComhairle Mhúinteoireachta. Tugann cohórt de idir 200 agus 230 duine faoi na scrúduithe agus measúnuithe gach aon bhliain. Is féidir le hiarrthóirí idir modúl amháin agus ceithre mhodúl a dhéanamh gach bliain, agus comhlánaíonn go leor acu an riachtanas thar thréimhsí idir bliain amháin agus trí bliana. Is é an caighdeán a lorgaítear ó iarrthóirí ná an caighdeán céanna is a bhíonn ag oideachas múinteoirí tosaigh.

Maidir leis an gcaighdeán ag múinteoirí óga, tá na riachtanais iontrála ó thaobh na Gaeilge de do chúrsaí múinteoireachta leagtha síos ag an Roinn oideachais. Déanann na mic léinn réimse modúl a bhaineann leis an nGaeilge agus caitheann na mic léinn tréimhsí áirithe sa Ghaeltacht mar chuid de na cúrsaí. Úsáidimid an Fráma Tagartha Comhchoiteann Eorpach do Theangacha chun caighdeán Gaeilge ár mac léinn a mheasúnú ar inniúlacht i dteagasc na Gaeilge, ar chumas scríofa ginearálta, ar chumas léitheoireachta agus ar inniúlacht chluastuisceana agus labhartha. Bíonn na mic léinn a thugann faoi chéim trí mheán an Bhéarla ag feidhmiú ag leibhéal B2+ agus bíonn na mic léinn a thugann faoi chéim trí Ghaeilge ag leibhéal C1 agus iad críochnaithe leis an gcéim.

Agus muid anseo inniu chun plé a dhéanamh ar oiliúint na mac léinn agus an líofacht sa Ghaeilge atá de dhíth ar mhúinteoirí, déanaim tagairt do thuarascáil na cigireachta a foilsíodh i mí na Samhna 2025, nuair a léiríodh an géarghá atá ann le tacú le ceannairí agus múinteoirí chun feabhas a chur ar a gcumas sa Ghaeilge, go háirithe múinteoirí atá ag feidhmiú i mbunscoileanna lánBhéarla. Ní hamháin go molann an chigireacht go gcuirfear bearta i bhfeidhm ag leibhéal na scoile ach ag leibhéal córasach chun a gcumas Gaeilge a fheabhsú. Creidim gur cóir cúrsa uasoiliúna a chur ar fáil do mhúinteoirí bunscoile ar nós an dioplóma sa Ghaeilge do mhúinteoirí meánscoile. Is é atá i gceist agam ná cúrsa atá difriúil ó ghnáthranganna Gaeilge agus laethanta forbairt ghairmiúil leanúnach. Tá siad sin tábhachtach, ach ba chóir go mbeadh cúrsa agus cáilíocht a dhíríonn ar an nGaeilge i gcomhthéacs an churaclaim agus an tsuímh scoile. Tá an saineolas agus an taithí ag Institiúid Oideachais Marino agus Coláiste na Tríonóide chun a leithéid de chúrsa a chur ar fáil do bhunmúinteoirí ach caithfear an tacaíocht, an infheistíocht agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil mar atá leagtha amach ag bunchloch 2 sa phlean gnímh don Ghaeilge i scoileanna meán Bhéarla.

Tá áthas orainn a bheith anseo inniu chun na ceisteanna tábhachtacha seo a phlé agus gabhaim buíochas arís leis an gcoiste as an gcuireadh a thabhairt dúinn.

Comment on this
Aengus Ó Snodaigh An Cathaoirleach Gníomhach Sinn Féin

Tosóimid ar cheisteanna.

Comment on this

Cuirim fáilte roimh gach uile dhuine ar maidin agus gabhaim buíochas leo as ucht a ráitis tosaigh. Thug mé rud amháin faoi deara maidir leis an oifigeach Gaeilge i gColáiste Marino agus an obair atá ar bun acu. An féidir liom comparáid a dhéanamh idir an dá institiúid? An bhfuil an t-oifigeach Gaeilge ag déanamh an obair chéanna i gColáiste na Tríonóide? Tugaim féin faoi deara uaireanta go dtiteann sé ar an duine sin aistriúchán a dhéanamh seachas a bheith ag déanamh iarrachtaí san institiúid an Ghaeilge a chur chun cinn i measc na mic léinn. Sin ceist maidir leis an ról atá ag oifigeach Gaeilge Choláiste na Tríonóide.

Comment on this
Dr. Noel Ó Murchadha

Tá oifigeach Gaelainne lánaimseartha againn, Áine Ní Shúilleabháin. Tá aithne mhaith agam uirthi; bím ag obair léi ar choiste na Gaelainne. Is mise an cathaoirleach ar an gcoiste sin. Tá léargas maith agam ar an obair ar fad a bhíonn ar siúl aici. Bíonn aistriúchán i gceist go cinnte. Sin sciar den obair. Tá an líon aistriúchán ag dul i méid de réir mar atá riachtanas ar an institiúid leaganacha Gaelainne agus Béarla araon a bheith ar fáil.

Éiríonn le hÁine Ní Shúilleabháin réimse leathan oibre a chur ar bun. Tá scéim chónaithe againn, mar shampla, do mhic léinn a bhfuil Gaelainn acu agus tá cumann Gaelach againn chomh maith. Tá oifigeach Gaelainne in aontas na mac léinn, agus is ról lánaimseartha é sin. Bíonn duine ag oibriú ann go lánaimseartha agus bíonn siad saor ó dhualgais stáidéir agus iad i mbun na hoibre sin. Is athrú é sin a tháinig ar an gcóras anuraidh nó arú anuraidh. Mar sin, bíonn réimse leathan oibre idir lámha ag Áine Ní Shúilleabháin.

Ina dhiaidh sin, thosaíomar le leas-oifigeach Gaelainne anuraidh. Mhair an duine a bhí ag obair sa ról sin ar feadh tréimhse, ach ansin fuair sé post eile. Tá fógra amuigh againn faoi láthair chun ról an leas-oifigigh a líonadh arís, a oibreoidh i gcomhpháirt leis an oifigeach Gaelainne. Tuigim an pointe atá á dhéanamh ag an Teachta, áfach. Tá go leor aistriúcháin ann, ach tá ag éirí leis an oifigeach, agus beidh ag éirí leis an leas-oifigeach, réimse leathan oibre a chur ar bun agus an Gaelainn a chur chun cinn sa champas.

Comment on this
Mr. Robbie Irwin

Tá an t-ádh linn nach bhfuil an oiread sin aistriúcháin i gceist againn toisc go bhfuil an oiread sin cáilíochtaí agus cumais roinnte idir na baill foirne atá againn i Marino. Tá muid sásta píosaí beag aistriúcháin a dhéanamh ach nuair atá ualach mór oibre i gceist, bíonn muid in ann í a chur amach chuig na seirbhísí aistriúcháin agus í a fháil ar ais go measartha tapa. Ar an bhealach sin, saoradh ó chúraimí aistriúcháin mé. Bhí an t-ádh linn go raibh muid in ann díriú isteach ar an gcumann Gaelach. Tá muid i ndiaidh duine nua a fhostú chun cúpla lá sa seachtain a dhéanamh chun díriú isteach ar ról an oifigigh Ghaeilge. Beidh muid ann mar stiúrthóirí chun iad a stiúradh. Tá an-obair déanta ag an gcumann Gaelach. Tá sé an-láidir ar fad. Bíonn a bhaill ag freastal ar na seisiúin oiliúna leis na hoifigigh tríú leibhéil de chuid Chonradh na Gaeilge. Sna seisiúin sin, faigheann siad oiliúint ag tús na bliana, agus bíonn siad ag caint agus ag oibriú leo i rith an ama. D’fhreastail siad ar ard-fheis Chonradh na Gaeilge agus Oireachtas na Samhna. Oibríonn siad leis na cumainn ar fad chomh maith. Is rud iontach é sin atá feicthe agam le blianta beaga anuas. Bíonn na cumainn Ghaelacha ag oibriú le chéile chun comhthionscadail agus comhimeachtaí a eagrú chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Comment on this

Tá ceist dhíreach agam do na finnéithe ó Institiúid Oideachais Marino. An bhfuil éileamh láidir ann don dhá chúrsa múinteoireachta atá trí mheán na Gaeilge?

Comment on this
Professor Teresa O'Doherty

Tá an-éileamh orthu. Tá na hiarratais ón CAO tagtha amach inniu nó inné don bhliain seo chugainn. Ní féidir linn ach timpeall 30 duine a thabhairt isteach ar an B.Oid trí mheán na Gaeilge, ach chuir suas le 70 duine an cúrsa céanna síos mar chéad rogha. Den chéad uair, tá líon na ndaoine ó na Gaeltachtaí tar éis treisiú. Go dtí seo, tháinig formhór na ndaoine ó na gnáthscoileanna meán-Bhéarla nó na Gaelcholáistí. Ba bheag duine a tháinig chugainn ó na Gaeltachtaí. Tá muid i bhfad ó bhaile i ndáiríre. Tagann muintir Dhún na nGall agus Conamara, ach ní thagann daoine ó dheisceart na tíre, i ndáiríre. I mbliana, áfach, tá an t-éileamh tar éis treisiú. Tá líon an-mhór tar éis cur isteach ar an gcúrsa mar chéad rogha. Chuir muid tús le máistreacht ghairmiúil san oideachas, MGO, anuraidh agus fuair muid grúpa beag toisc go raibh muid an-déanach á chur amach ar na meáin shóisialta agus á fhógairt. Táimid ag siúl go mbeidh grúpa níos mó againn i mbliana.

Comment on this

An gá dóibh siúd atá ag iarraidh an cúrsa iarchéime a dhéanamh, nó an ceann trí mheán an Bhéarla, scrúdú béil a dhéanamh?

Comment on this
Professor Teresa O'Doherty

Tá. Caithfidh aon duine atá ag tabhairt faoin MGO, bíodh sí trí Ghaeilge nó Béarla, an scrúdú TEG a dhéanamh. Déanann na daoine atá sa chúrsa professional master of education - an ceann trí mheán an Bhéarla - an scrúdú béil amháin. Ní mór dóibh B1 - 65% - a bhaint amach sa bhéaltriail amháin. Dóibh siúd atá ag déanamh an MGO trí mheán na Gaeilge, áfach, caithfidh siad B1 a bhaint amach sna ceithre ghné: cluastuiscint, léamhthuiscint, labhairt agus scríobh. Caithfidh siad 65% a bhaint amach sna gnéithe sin uilig. Ina theannta sin, cuireann muid iad faoi agallamh i mBéarla.

Comment on this

An bhfuil bearnaí acu siúd a bhíonn ag tabhairt faoi cháilíocht sa Ghaeilge trí thástáil inniúlachta? Déanaim tagairt dóibh siúd nach bhfuil cáilíocht bainte amach sa tír seo agus tá orthu an scrúdú sa Ghaeilge a dhéanamh chun cáilíocht a bhaint amach.

Comment on this
Professor Teresa O'Doherty

Bíonn bearnaí acu, ach ní hamháin sa Ghaeilge. Nuair a bhíonn siad ag gabháil tríd an Chomhairle Mhúinteoireachta, bíonn liosta bearnaí ann. Ó thaobh na Gaeilge de, bíonn rogha acu na scrúdaithe a dhéanamh. Maidir le socrúcháin scoile, feictear iad ag múineadh uair sa turas nuair atá siad ag déanamh-----

Comment on this

Múineadh na Gaeilge.

Comment on this
Professor Teresa O'Doherty

Múineadh na Gaeilge sa bhunscoil. Má dhéanann siad tríd an cúrsa sin é, feictear iad ag múineadh faoi dhó. Bíonn cuairt scoile ann faoi dhó, chomh maith le scrúdaithe béil agus scríofa. Déanann muid gach iarracht a chinntiú go bhfuil an caighdeán céanna acu is atá ag ábhair múinteoirí sna coláistí.

Comment on this

Is iad lucht Institiúid Oideachais Marino amháin atá freagrach le haghaidh na cáilíochta seo.

Comment on this
Professor Teresa O'Doherty

Is é seo an t-aon ghrúpa a dhéanann é. Bhíodh sé oscailte do dhaoine eile ach is é seo an t-aon ghrúpa a dhéanann é.

Comment on this

Níl deis ag na mic léinn é a dhéanamh in aon choláiste ullmhúcháin eile.

Comment on this
Professor Teresa O'Doherty

Níl.

Comment on this
Mr. Robbie Irwin

Go bhfios dom, is trí Institiúid Oideachais Marino amháin atá sé ann. Is minic a fhaighim ríomhphost ón Chomhairle Múinteoireachta nuair a théann daoine i dteagmháil leis agus ansin tagann siad chugainn. Nuair a thosaíonn daoine ar PGCE nó cáilíocht eile taobh amuigh de Phoblacht na hÉireann, tuigeann siad go gcaithfidh siad an scrúdú seo a dhéanamh nuair a thagann siad ar ais. In amanna, bíonn siad i dteagmháil linn agus tá tús curtha acu leis an turas teanga sula gcríochnaíonn siad an PGCE agus sula dtagann siad isteach chugainn.

Comment on this

An bhfuil ráta teipe ann?

Comment on this
Professor Teresa O'Doherty

Téann idir 200 agus 230 duine tríd an chúrsa gach aon bhliain. Éiríonn le 85% acu nó mar sin. Mar sin, bíonn rátaí teipe ann. Bíonn daoine mall á dhéanamh ó am go chéile. Bíonn orthu scrúdú agus turas Gaeltachta a dhéanamh. Caithfidh siad trí seachtaine a chaitheamh sa Ghaeltacht. Tá socrúchán scoile ann chomh maith.

Comment on this

Bíonn díospóireacht againn go minic ina leith seo. Tá mé mar bhall den chomhchoiste a phléann cúrsaí ardoideachais chomh maith agus bíonn díospóireacht againn maidir leis an gcaoi inar féidir linn cúrsaí a chur ar fáil do mhic léinn trí Ghaeilge amháin i ngach earnáil, ní hamháin san oideachas agus sa Ghaeilge. Cén chaoi ar tharla sé gur thosaigh Institiúid Oideachais Marino leis an dhá chúrsa seo i réimse na múinteoireachta?

Comment on this
Professor Teresa O'Doherty

Bhí bá i gcónaí don Ghaelainn ag Institiúid Oideachais Marino. Tá an cúrsa sin ann do mhúinteoirí atá oilte lasmuigh den Phoblacht le 20 bliain anuas. I bhfad riamh, bhí staid na Gaelainne an-láidir sa choláiste. Bhí comórtas ann ag an am, tendering process, agus chuir muid, chomh maith le coláistí eile, isteach air. Bhuamar muid an tender sin. Is é sin an chéad rud. Tá i bhfad níos mó i gceist ná cúrsaí a chur ar fail trí Ghaeilge. Caithfear saol agus pobal Gaelainne a fhorbairt. Is é sin an fáth go bhfuil an obair a dhéanann muid lasmuigh de na ranganna tábhachtach. Tá gá le gach píosa páipéarachais a aistriú go Ghaelainn. Caithfear gach féidearthacht ó thaobh oifigeach clárúcháin nó comhairleoirí a bheith ar fáil as Gaelainn chomh maith. Ní mór gach seirbhís a chur ar fáil as Gaelainn. Caithfear níos mó a dhéanamh ná rudaí a mhúineadh trí Ghaeilge.

Comment on this
Mr. Donncha Ó Corcoráin

D’fhreastail mé ar Marino tamall ó shin. Ní raibh an deis agam mo chéim a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, cé go raibh gnéithe nó céatadán den chéim déanta trí mheán na Ghaeilge. Bhí mé in ann socrúcháin scoile a dhéanamh i nGaelscoileanna, múineadh na Gaeilge a dhéanamh agus litríocht a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, ach ní raibh an deis agam chuile léacht, taobh amuigh de mhúineadh an Bhéarla, a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Is fís a bhí ann i gcónaí é sin a chur ar fáil do dhaoine in Éirinn. Tá daoine anois ag déanamh staidéar ar an B.Oid agus ar an MGO agus níl taithí acu ar oideachas a dhéanamh trí mheán an Bhéarla ar chor ar bith. Is daoine iad seo a d’fhreastail ar naíonraí, bunscoileanna, Gaelcholáistí agus Marino, agus beidh siad ag filleadh ar bhunscoileanna agus scoileanna Gaeltachta. Is deis dochreidte é gur féidir linn é sin a chur ar fáil.

Comment on this

Tá an cheist chéanna agam do na finnéithe ó Choláiste na Tríonóide. Nuair a bhíonn finnéithe ón Roinn ardoideachais os comhair an chomhchoiste, deir siad i gcónaí go bhfuil neamhspleáchas ag gach institiúid nó coláiste chun cúrsaí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge, ní hamháin maidir le hábhar na Gaeilge ach maidir le haon rud, cosúil le céim sa dhámh, san eolaíocht nó san innealtóireacht.

An bhfuil aon suim ag Coláiste na Tríonóide i gcúrsaí eile a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge?

Comment on this
Dr. Noel Ó Murchadha

Tháinig na cúrsaí atá ar fáil i Marino nó i gColáiste na Tríonóide féin trí mheán na Gaelainne mar thoradh ar ghníomhachas an Stáit agus na Roinne oideachais. Cuireadh maoiniú ar fáil. Tá na hollscoileanna agus na hinstitiúidí oideachais cumasach agus dinimiciúil. Is féidir linn cúrsaí mar sin a chur ar fáil ach, de ghnáth, ní bheadh cúrsaí mar sin inmharthana ceal maoiniú Stáit. Ní mheallfaidh tú cuid mhór daoine chun freastal ar na cúrsaí sin. Bíonn riosca ag gabháil leo dá réir dá ndéanfadh na hollscoileanna infheistíocht sna cúrsaí seo agus dá bhfostóidís daoine a bheadh in ann an t-ábhar a theagasc trí mheán na Gaelainne. Go minic, bíonn an riosca sin rómhór agus ní bhíonn ollscoileanna ná institiúidí eile ag iarraidh dul i ngleic leis. Má mhaolaítear an riosca sin trí mhaoiniú Stáit a chur ar fáil, is féidir an-chuid a dhéanamh, mar atá léirithe leis an B.Oid., leis an MGO atá ag Marino, leis an M.Oid. atá againn agus leis an dioplóma iarchéime sa Ghaelainn do mhúinteoirí.

Dá bhféadfadh muid féachaint ar an oideachas teanga agus ar inniúlacht teanga mar a bheadh continuum ann, bheadh sé sin níos fearr dúinn. Tá sé tábhachtach cúrsaí a bheith ann trí mheán na Gaelainne i réimse an oideachais agus i réimsí eile, ina measc innealtóireacht, leigheas agus araile. Chomh maith leis sin, tá sé tábhachtach a bheith ag féachaint ar chur chuige níos leithne. Má tá daoine ag iarraidh tabhairt faoin innealtóireacht nó faoin leigheas, ba cheart go mbeadh deiseanna acu cur leis an inniúlacht teanga atá acu sa Ghaelainn laistigh dá gcéim nó cliathánach leis. Mar shampla, bheadh B.A. á dhgéanamh agam sa Bhéarla agus sa stair ach, cliathánach leis sin, bheadh deis agam rud breise a dhéanamh ó thaobh inniúlacht teanga sa Ghaelainn de. Bheadh sé sin aitheanta agus ailínithe le comhchreat tagartha na hEorpa um theangacha. Bheadh sé aitheanta ar an tras-scríbhinn nó i bhfoirm theastais a bheadh cliathánach leis an dtras-scríbhinn sin. Bheadh aitheantas laistigh den Státchóras don inniúlacht teanga sin ar feadh tréimhse nuair a bheadh duine ag cur isteach ar phoist san earnáil phoiblí nó i gcomhlacht poiblí. Mar sin, má thagaim amach le céim agus an teastas breise sin agam, tugtar aitheantas dó nuair a chuirim isteach ar phost sa Státchóras nó i gcomhlacht poiblí. Sásaítear an riachtanas Gaelainne a bhféadfaí a bheith leis an bpost sin sa Státchóras.

Comment on this

An bhfuil an deis sin ann cheana féin?

Comment on this
Dr. Noel Ó Murchadha

Tá soláthar áirithe ann ach tá sé teoranta. Inár gcás féin agus in UCD chomh maith, bíonn modúil ar fáil. Tá córas againn a chuireann modúil roghnacha ar fáil. In UCD, tá an córas Horizons acu. Is féidir le daoine léim isteach agus modúl amháin a dhéanamh agus ansin leanann siad ar aghaidh lena gcéim. Níl sé córasach, leanúnach ná leordhóthanach chun oiliúint cheart a chur ar dhaoine chun inniúlacht tangan a fhorbairt go dtí an leibhéal atá ag teastáil ag an gcóras.

Comment on this
Dr. Emily Barnes

Díreach le cur leis sin, bhí deich léachtaí nó ceardlanna ar an ábhar sin ag Ollscoil na Gaillimhe. D'fhéach siad ar mhúnla agus eispéireas na Breataine maidir le cúrsaí agus céimeanna a chur ar fáil go hiomlán trí Ghaeilge. D'fhág sé go raibh i bhfad níos mó céimithe cáilithe in ann tabhairt faoin iarbhunmhúinteoireacht ina dhiaidh sin agus a raibh inniúlacht teanga an-ard acu. Luadh na deacrachtaí agus na dúshláin ar fad ó thaobh acmhainní daonna agus ó thaobh clárúchán agus seirbhísí eile a bheith ar fáil trí Ghaeilge, mar a luaigh an tOllamh O'Doherty ní ba luaithe. Luadh socrúcháin agus a leithéid sna céimeanna gairmiúla freisin. Sílim go mbeadh go leor tacaíocht againn ón gcoláiste dá mbeadh a leithéid ar fáil. D'fhéadfadh muid an deis sin a thapú agus cur leis na céimithe atá againn faoi láthair. B'fhéidir gurbh fhiú teagmháil a dhéanamh leis na daoine ábhartha in Ollscoil na Gaillimhe agus féachaint ar an tsraith léachtaí a rinne siad ar an ábhar sin.

Comment on this
Aengus Ó Snodaigh An Cathaoirleach Gníomhach Sinn Féin

Ní raibh an tsraith léachtaí sin foilsithe, an raibh?

Comment on this
Dr. Emily Barnes

Níl an t-eolas sin agam. Níl a fhios agam.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith linn inniu. Tá ceist agam do Choláiste na Tríonóide. Ó thaobh an M.Ed. atá leagtha amach ansin, an bhfuil sé dírithe ar ghrúpa ar leith? Is le gairid a cuireadh an cúrsa sin ar fáil. Bheadh sé suimiúil a chloisteáil ó na finnéithe faoin éileamh, an bhfuil sé dírithe ar ghrúpa ar leith, cén sórt intake atá ann ó thaobh na mac léinn agus cén sórt pictiúir atá acu ó thaobh an chúrsa sin de.

Comment on this
Dr. Emily Barnes

Táimse sásta labhairt faoi sin. Chuireamar tús leis an M.Ed. san oideachas lánGhaeilge trí bliana ó shin. Tá 45 ann idir an chéad bhliain agus an dara bliain faoi láthair. Is múinteoirí cáilithe iad ar fad, idir bhunmhúinteoirí agus iarbhunmhúinteoirí. Tá mic léinn Gaeltachta agus daoine a oibríonn i scoileanna Gaeltachta agus i nGaelcholáistí ann. Go dtí seo, bhí cúpla duine againn a bhí nó atá ag obair in earnáil na luathbhlianta agus a bhfuil an saineolas sin acu. Tá spriocanna éagsúla againn, ina measc an inniúlacht teanga a ardú go leibhéal C1 ar an bhfráma tagartha, cur le cumas oideolaíoch na mac léinn sa Ghaeilge agus cur lena bhfeasacht teanga chun go mbeidh cumas acu gnéithe follasacha den teanga a chur i láthair sa rang, mar shampla, fónaic ag tús na léitheoireachta. Chomh maith leis sin, déanann siad taighde. Foilsíodh 18 tráchtas anuraidh ar réimsí éagsúla a bhaineann leis an oideachas lánGhaeilge agus Gaeltachta, mar shampla an chaoi ina gcuireadh i bhfeidhm an pholasaí don oideachas Gaeltachta i scoileanna Gaeltachta agus i gcoláistí Gaeltachta, an disléicse san earnáil Ghaeloideachas, agus úsáid FCÁT nó CLIL i measc múinteoirí i scoileanna lánBhéarla. Is bealach eile é sin ina gcuirtear leis an earnáil.

Comment on this

Is múinteoirí ar fad iad. An bhfuil meascán idir daoine nuacháilithe agus daoine a bhfuil roinnt taithí acu atá ag teacht ar ais chun é sin a dhéanamh? An bhfuil meascán maith ann?

Comment on this
Dr. Emily Barnes

Tá meascán maith ann. Go dtí seo, bhí idir múinteoirí a bhí díreach cáilithe a tháinig ó Institiúid Oideachais Marino, mar tá an caidreamh sin eadrainn agus bíonn siad ar an eolas faoin gcúrsa nuair a fhágann siad sa cheathrú bliain, múinteoirí atá ag obair le 20 bliain, agus múinteoirí agus príomhoidí atá ar scor anois ach atá ag iarraidh dul ar ais chun teoiric a fhoghlaim. Cuireann sé sin go mór mór leis an dinimic sa rang. Bíonn daoine ag foghlaim óna chéile.

Comment on this

I ráitis na bhfinnéithe, labhraítear faoi mhuinín na múinteoirí. D'ardaíodh an tábhacht a bhaineann le muinín na múinteoirí atá cáilithe cumarsáid agus múineadh a dhéanamh anseo cúpla uair cheana féin. An bhfuil aon taighde feicthe nó déanta ag na finnéithe ó thaobh tábhacht na ceiste sin? Tuigimid ar fad go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil muinín ag múinteoirí cáilithe. An bhfuil aon taighde feicthe ag na finnéithe ina leith sin?

Comment on this
Dr. Noel Ó Murchadha

Níl taighde déanta agam féin air. Ní heol dom an bhfuil taighde déanta air i gcomhthéacs na hÉireann. Tá roinnt taighde déanta ar inniúlachtaí oideolaíocha agus inniúlachtaí teanga múinteoirí ach ar shaincheist na muiníne, níl a fhios agam.

Comment on this
Dr. Emily Barnes

B'fhéidir go bhfuil cúpla tagairt dó i saothar an Dr. Claire Dunne. B'fhéidir gur mhaith le Robbie Irwin beagáinín níos mó a rá faoi sin.

Comment on this
Mr. Robbie Irwin

Rinne an Dr. Claire Dunne píosa taighde ar na mic léinn a bhí ar an B.Ed., is é sin an cúrsa trí Bhéarla. Más buan mo chuimhne, is ag tús a dturas oiliúna múinteoireachta agus arís nuair a bhí dhá bhliain déanta acu a rinneadh é sin. D'fhéach sí ar a muinín agus ar a perspectives maidir lena líofacht sa Ghaeilge agus na dearcthaí a bhí acu ó thaobh thábhacht na Gaeilge nuair a ndeachaigh siad amach ansin. Is rud a thug sí faoi deara ná, nuair atá bliain amháin déanta acu agus a théann siad amach, tuigeann siad an cumas atá de dhíth orthu le dul amach sa seomra ranga agus aithníonn siad go gcaithfidh siad cur lena gcumas sa Ghaeilge. Ní chailleann siad muinín ach aithníonn siad an t-ardú céime atá de dhíth orthu ó thaobh cur chuige. Rud eile a chuirfidh mé leis sin ná go gcaithfimid smaoineamh ar an gcomhthéacs sa tír seo nuair a théann siad amach ar shocrúcháin scoile.

Táimid ag iarraidh iad a ullmhú le dul amach anseo lán le cruthaíocht, fuinneamh agus neart smaointe ach níl gach scoil mar an gcéanna. Is féidir dul isteach i scoil amháin agus i scoil eile 20 nóiméad suas an bóthar agus cultúir dhifriúla a bheith ann muna bhfuil sé ag teacht ón mbarr anuas. Is iad sin na rudaí a fheiceann siad atá difriúil. Tá siad ag dul isteach agus b'fhéidir nach bhfuil an cultúr Gaelach sin ann. B'fhéidir nach bhfuil obair na bpáistí le feiceáil, nach bhfuil an príomhoide ag caint i nGaeilge, nach bhfuil Gaeilgeoir na seachtaine ag an scoil nó nach bhfuil pobal láidir Gaeilge ann. Is é sin an difear atá ann. Táimid ag iarraidh iad a ullmhú agus a chur amach ansin agus iad réidh le tabhairt faoin nGaeilge ach, in amanna, bíonn balla nó constaic ann.

Comment on this

Ina ráiteas, labhair an tOllamh O'Doherty faoin 112 múinteoir a tháinig tríd an B.Oid. trí mheán na Gaeilge. Bhíomar ag caint i rith an bhriste. Ceapaim nach mbeidh fadhb ar bith ag na múinteoirí sin poist a fháil mar go bhfuil an cháilíocht sin acu. An bhfuil aon eolas ag na finnéithe ó thaobh cén chaoi a bhfuil ag éirí leis an 112 sin ó thaobh na fostaíochta de?

Comment on this
Professor Teresa O'Doherty

Tá siad go léir fostaithe. Tá an formhór acu i nGaelscoileanna. Ní fheadar an bhfuil cuid acu sna Gaeltachtaí ach is féidir le Donncha Ó Corcoráin a rá.

Comment on this
Mr. Donncha Ó Corcoráin

Filleann roinnt acu ar an nGaeltacht. Braitheann sé ar cárbh as dóibh, chun an fhírinne a rá. D'fhill duine nó dhó ar an nGaeltacht ina raibh siad sa cheathrú bliain. Bíonn an t-ardsocrúchán le déanamh acu sa Ghaeltacht amháin. D'fhill duine nó dhó a d'fhreastail ar Ghaeltacht nach raibh aithne acu uirthi nó nach raibh aon bhaint acu léi ar an nGaeltacht sin chun post a fháil an bhliain ina dhiaidh sin. Is fís nó aidhm amháin a bhí leis an gcúrsa é sin. Ní tharlaíonn sé sin go rómhinic. Bíonn sé de nós ag daoine ón nGaeltacht filleadh agus post a fháil sa bhaile. Tá na céimithe eile ag obair i nGaelscoileanna. Tá duine nó dhó ag obair i scoileanna Béarla ach tá cúiseanna faoi leith go bhfuil sé sin ag titim amach. Mar shampla, i mbliana, fuair duine amháin post i nGaelscoil ach níor éirigh leis an scoil 16 duine a fháil. Thit na huimhreacha ag deireadh mhí Mheán Fómhair agus cailleadh an post sin. Ba é an t-aon phost eile a bhí ar fáil ná post i scoil Bhéarla.

Comment on this

Go ginearálta, ní fadhb ar leith ag na céimithe. Tá an-éileamh ar na múinteoirí sin.

Comment on this
Professor Teresa O'Doherty

Tá an-éileamh ar fad ar an gcúrsa seo. Bíonn na príomhoidí ó na Gaelscoileanna go léir agus Gaeloideachas ag labhairt linn. Tá an-éileamh ar na mic léinn seo. D'fhéadfaimis níos mó ná 30 a thabhairt isteach in aon bhliain. D'fhéadfaimis líon na mac léinn a ardú ach is é sin an líon a cheadaíonn an Roinn oideachas.

Comment on this

Tá mic léinn Gaeltachta ag cur isteach ar an gcúrsa don chéad uair. Tá éileamh ansin. Is comhartha maith é sin ó thaobh an chúrsa féin de. An aontódh na finnéithe liom?

Comment on this
Mr. Donncha Ó Corcoráin

Chuireadar isteach i gcónaí. Bhíodar i ngach rang ó 2019 ar aghaidh ach ní raibh na huimhreacha an-ard. Níl aon taighde déanta againn ar an gceist an raibh daoine ón nGaeltacht ag cur isteach ar chúrsaí cosúil leis seo ar chor ar bith. Bheadh orainn roinnt taighde a dhéanamh ansin. I mbliana, tá léim shuntasach i líon na n-iarrthóirí a thagann ón nGaeltacht.

Comment on this

Tá ceist dheireanach agam. Ó thaobh na bhféidearthachtaí agus deiseanna atá leagtha amach ag na finnéithe, an mbeadh aon chúrsa uasoiliúna a chuirfí ar fáil do mhúinteoirí bunscoile, ar nós an dioplóma atá ann faoi láthair, dírithe ar ghrúpaí ar leith? Cén grúpa a mbeifí ag díriú air? An bhfuil grúpa ar leith a mbeifí ag dul i ngleic leis? Céard a cheapann na finnéithe? An cúrsa an-ghinearálta a bheadh ann nó an mbeadh sé dírithe?

Comment on this
Professor Teresa O'Doherty

B'fhéidir go ndíreodh sé ar dhaoine atá sna scoileanna le tamall seachas ar na múinteoirí óga atá ag dul le tosú amach. Caithfidh duine éigin an cultúr a chothú sa scoil chun go mbeidh an teanga brí beomhar ann. Ba cheart deiseanna a bheith ann do mhúinteoirí atá cáilithe le tamall teacht ar an gcúrsa seo, dul go dtí an Ghaeltacht mar chuid de agus barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge féin. Is rud leanúnach é. Ba chóir go mbeadh deiseanna uasoiliúna á bhfáil ag na múinteoirí atá amuigh ansin. Déarfainn go bhfuil an-chuid daoine gurbh fhearr leo é sin a dhéanamh ach é a bheith maoinithe dóibh. Le blianta beaga anuas, tá sé an-deacair daoine a fháil ar mháistreachtaí ná cúrsaí eile toisc nach bhfuil maoiniú ann ón Roinn. Ní féidir le daoine díol as. Níl a dhóthain airgid acu chun é sin a dhéanamh a thuilleadh. Ba cheart go mbeadh sé maoinithe i gceart agus go mbeadh deiseanna ar fáil do mhúinteoirí atá cáilithe le cúpla bliain é seo a dhéanamh.

Comment on this
Mr. Donncha Ó Corcoráin

Smaoinigh ar dhaoine atá cáilithe le 15 bliain nó 20 bliain anuas. Tá siad ag obair i scoileanna T2 trí mheán an Bhéarla. Ní raibh deis acu an B.Oid. a dhéanamh. Ní raibh sé ar an bhfód ach tá páistí acu anois agus tá suim acu sa Ghaeilge. Mar a dúirt Alan Esslemont ag an Nollaig ag seoladh leabhar de chuid COMHARTaighde, Irish is having a bit of a moment. Tá daoine ag tabhairt faoi sin agus ag filleadh air ach cá bhfuil na deiseanna barr feabhais a chur ar a gcuid oiliúna agus teagaisc, mar a luaigh an tOllamh O'Doherty?

Comment on this

Tá na daoine sin fós ag múineadh so tá siad sa chóras oideachais. Tar éis deich nó 20 bliain, is cineál refresher a bheadh ann dóibh.

Comment on this
Mr. Donncha Ó Corcoráin

Sin é go díreach.

Comment on this

Ba sheans é a gcaighdeáin féin a ardú arís.

Comment on this
Mr. Robbie Irwin

Tá taithí agam air seo mar cuirim seimineár gréasáin ar fáil tríd na hionaid oideachais do mhúinteoirí i scoileanna Béarla achan bhliain nó achan téarma maidir le bealaí lena bheith cruthaitheach ó thaobh mhúineadh na Gaeilge de. Bíonn an-éileamh air sin agus bíonn aiseolas dearfach ann. Is é an rud a deir siad i gcónaí ná nach leor na laethanta CPD nó na cúrsaí samhraidh agus gur mhaithe leo rud éigin atá dírithe ar cháilíocht de chineál éigin. Chomh maith leis sin, tá na daoine ag dul i dtaithí ar an gcuraclam pleanála teanga. Mar a dúirt Donncha Ó Corcoráin, tuigimid ar fad gurb é seo an t-am agus muid ag caint faoin mborradh seo. Níor mhaith linn féachaint siar 20 bliain síos an bhóthair agus a rá go raibh rudaí teoranta agus nár thapaigh muid an deis. Ba mhaith linn féachaint siar agus a rá gur thóg muid na cinntí, chuir muid na hacmhainní ar fáil agus féach ar cá bhfuil muid anois.

Comment on this
Dr. Deirdre Nic Chárthaigh

Tá pointe beag agam ar an ábhar sin. Bhí múinteoirí bunscoile ann a léirigh spéis sa dioplóma iarchéime do mhúinteoirí iarbhunscoile agus, go deimhin, múinteoirí bunscoile a chuir isteach ar an gcúrsa, cé nach rabhamar in ann áit a chur ar fáil dóibh. Is léir go bhfuil spéis ann.

Comment on this

Bheadh éileamh ann.

Comment on this
Dr. Noel Ó Murchadha

Tá pointe scoir agam ar an gceist seo a bhaineann le huasoiliúint a chur ar mhúinteoirí. Mar a thuigeann na baill, bíonn múinteoirí fíorghnóthach. Tá seacht gcúraimí an tsaoil orthu go léir. Go han-minic, ní bhíonn an t-am acu tabhairt faoi chúrsaí uasoiliúna. Nuair a bunaíodh an Stát sna 1920idí agus 1930idí, bhí deiseanna go leor ann do mhúinteoirí am a thógáil ón lá scoile chun freastal ar chúrsaí a dhéanfadh uasoiliúint orthu ó thaobh na teanga de agus ó thaobh na hoideolaíochta de. Chuirtí ionadaithe ar fáil chun dul isteach in ionad aon duine a bhí ag freastal ar a leithéid de chúrsaí. Is cúrsaí iad na cúrsaí atá á gcur ar fáil againn agus ag Marino a bhféachtar orthu mar chaitheamh aimsire do mhúinteoirí gur chóir iad a dhéanamh ina n-am breise as a stuaim féin. Tá siad maoinithe ag an Stát agus is iontach an rud é sin ach, dá gcuirfí leis an maoiniú atá ar fáil, d'athbhunófaí an struchtúr le go mbeadh sé á dhéanamh ar an tslí a ndéantaí é tráth dá raibh, is é sin, é a dhéanamh le linn am scoile. Ní bheadh na múinteoirí ag cailleadh amach ar am lena gcairde nó lena gclann nó ar aon spéiseanna eile atá acu sa saol - ag seinm ceoil nó ag imirt spórt tráthnóna mar shampla. Má tá cúrsaí le déanamh acu tráthnóna, táthar ag goid an ama seo uathu. Mar sin, dá gcuirfí breis maoinithe ar fáil do na cúrsaí uasoiliúna seo, gheofaí daoine sa bhreis agus chuirfí leis an gcóras trí chéile.

Comment on this

Cuirim fáilte roimh na finnéithe ar fad. Is céimí de chuid Choláiste na Tríonóide mé. Rinne mé BESS agus ba cheann de na roghanna a bhí ar fáil domsa agus mé á dhéanamh fadó ná teastas Fraincise nó Gearmáinise a dhéanamh i dteannta leis an gcéim. Cén fáth nach bhfuil a leithéid de rud ann don Ghaeilge? Chuir sé isteach orm i gcónaí nach raibh sé sin ar fáil. An cúis mhaoinithe ná cúis éilimh atá i gceist? Cabhróidh sé sin leis an gcéad cheist eile atá agam. Tuigim gur sampla thar a bheith cúng é sin.

Comment on this
Dr. Deirdre Nic Chárthaigh

Tá sé ar fáil anois.

Comment on this

Tá. Tá sé sin iontach. Ar ais liom. Lifelong learning, here I come.

Comment on this
Dr. Deirdre Nic Chárthaigh

Níl a fhios agam cathain a cuireadh tús leis sin ach bíonn rogha ann modúl a dhéanamh sa Ghaeilge.

Comment on this
Professor Carmel O'Sullivan

Cuireadh le chéile é sin cúpla bliain ó shin.

Comment on this

Baineann na mic léinn teastas amach i ndiaidh an dá bhliain sin.

Comment on this
Dr. Deirdre Nic Chárthaigh

Is modúl é agus bíonn creidmheas ag gabháil leis. Ní dóigh liom go mbíonn teastas i gceist leis an bhFraincis ach oiread. Níl a fhios agam ach, de réir mar a thuigim, is cuid den chéim é.

Chomh maith leis sin, is féidir an Ghaeilge a dhéanamh mar rogha le léann na hEorpa. Tá sí mar rogha mar chuid den chlár eolaíocht ríomhaireachta agus teanga, ERT, freisin.

Comment on this

Tá modúl Gaeilge mar chuid de na cláir chéime sin.

Comment on this
Dr. Deirdre Nic Chárthaigh

Tá.

Comment on this

An modúl uilíoch atá i gceist nó modúil atá dírithe ar na hábhair féin? Mar shampla, tá modúil Ghaeilge múnlaithe d’innealtóireacht, do chúrsaí eolaíochta, ríomhaireachta agus araile.

Comment on this
Dr. Deirdre Nic Chárthaigh

Gabh mo leithscéal. Is clár ar leith é seo dar teideal eolaíocht ríomhaireachta agus teanga, ERT. Bíonn an teanga agus modúil eile a bhaineann le stair na teanga agus rudaí mar sin i gceist. Leis an gcúrsa, léann na hEorpa, is ar an teanga is mó a dhírítear ach bíonn modúil ar stair na teanga chomh maith. Tá sé beagáinín níos leithne ná inniúlacht teanga amháin.

Comment on this
Professor Carmel O'Sullivan

Tá an-suim iontu.

Comment on this
Dr. Deirdre Nic Chárthaigh

Tá. Tá an-éileamh ar na cúrsaí sin.

Comment on this

Ag féachaint ar na disciplíní eile nach gcuirtear a leithéid ar fáil iontu – smaoiním ar chúrsaí innealtóireachta, staire, leighis agus a leithéid – an mbeadh éileamh ann dá gcuirfí na cúrsaí sin ar fáil as Gaeilge, nó go gcuirfí modúil ar fáil le linn na gclár ina mbeadh cumas sa Ghaeilge sa disciplín sin á mhúineadh?

Comment on this
Professor Carmel O'Sullivan

Measaim go mbeadh.

Comment on this
Dr. Deirdre Nic Chárthaigh

Tá mé cinnte go mbeadh. Níl a fhios agam má tá-----

Comment on this

An bhfuil aon tomhas nó taighde déanta air sin?

Comment on this
Dr. Deirdre Nic Chárthaigh

-----aon taighde againn air sin, ach is cinnte go mbeadh éileamh ann.

Comment on this
Dr. Noel Ó Murchadha

Níl an taighde againn, mar a dúirt Deirdre Nic Chárthaigh. Más ag smaoineamh ar dul síos an bhóthair sin atáimid, caithfidh sé a bheith níos radacaí ná díreach modúl a sholáthar. Caithfidh sé a bheith córasach, leanúnach agus ag dul tríd na céime ar fad. Mar a thuigeann comhaltaí an chomhchoiste go léir, is seans fadsaoil é an fhorbairt teanga. Tá muid go léir, is cuma más sa Ghaeltacht nó lasmuigh di a tógadh muid, ag cur lenár gcumas teanga. Mar sin, tá rud leanúnach ag teastáil chun cur le cumas teanga na mac léinn. Samhlaím, mar shampla, go mbeadh modúl sa téarma ag teastáil chun cur leis an inniúlacht teanga. B’fhéidir, nuair a bheadh siad amuigh agus gairm acu, go mbeadh tacaíochtaí eile ar fáil chun cur leis an gcumas teanga chomh maith.

Comment on this

Is é an fáth ar chuir mé an cheist ná gur rith sí liom nuair a bhí finnéithe ón Roinn breisoideachais agus ardoideachas os comhair an chomhchoiste. I measc rudaí eile, chuir muid brú orthu teacht ar athrú meoin i leith oideachais tríú leibhéil a bheith ar fáil trí Ghaeilge. Bíonn sé dírithe ar an Ghaeilge amháin, in áit ábhar eile. Is é an rún a bhaineann leis an dátheangachas, áfach, gur chóir normalú a dhéanamh ar gach rud agus go dtarlódh sé gur trí mheán na Gaeilge a bheadh cúrsaí. An bhfuil aon taighde déanta - is cosúil nach bhfuil - ar an éileamh sin, go háirithe ó dhaoine a thagann ó theaghlaigh atá i measc phobal labhartha na Gaeilge, ní hamháin sa Ghaeltacht ach i mBaile Átha Cliath agus áiteanna eile freisin? Is ceart go bhfuil an deis acu tabhairt faoi chúrsa nach cúrsa Gaeilge é ach atá trí mheán na Gaeilge. Bunaithe ar an méid a dúirt Noel Ó Murchadha níos túisce, is ceist maoinithe í. Níl ollscoileanna sásta an riosca sin a thógáil gan an rathúnas sin ón Stát.

Comment on this
Dr. Noel Ó Murchadha

Is ceist maoinithe í. Tá riosca ann le haon cúrsa a chur ar bun mar tá gá le foireann a earcú chun an cúrsa sin a chur ar fáil. Má reáchtáiltear cúrsa trí mheán an Bhéarla, tá cinnteacht níos mó ann i gcomparáid le cúrsa trí mheán na Gaelainne. In an-chuid slite, tá sé níos fusa do mhic léinn cúrsaí trí Bhéarla a dhéanamh mar tá acmhainní ann. Bíonn siad i dtaithí ar an dioscúrsa a bhaineann leis an disciplín sin. Is minic a bhíonn obair sa bhreis i gceist le cúrsa a dhéanamh trí mheán na Gaelainne. Luadh innealtóireacht, mar shampla. Tá sé níos dúshlánaí í a dhéanamh trí mheán na Gaelainne. Mar sin, caithfear daoine a mhealladh ina threo seo le maoiniú. Caithfear an riosca sin d’institiúidí ardoideachais a mhaolú.

Comment on this

An bhfuil aon audit déanta ar an bhfoireann i gColáiste na Tríonóide, trasna na ndisciplíní ar fad, a bhfuil Gaeilge acu?

Comment on this
Dr. Noel Ó Murchadha

Tá cuid mhaith. Tá aithne ag Carmel O’Sullivan ar roinnt mhaith daoine. Sa dáimh againn, tá roinnt mhaith daoine a bheadh in ann rudaí mar sin a dhéanamh.

Comment on this
Professor Carmel O'Sullivan

Cloistear Gaeilge i ngach áit.

Comment on this
Dr. Noel Ó Murchadha

Tá daoine againn, lena n-áirítear comhghleacaithe ó scoileanna an leighis, na poitigéara, na staire agus araile. Bímse ag plé leis na daoine sin go léir ar an gcoiste Gaelainne sa choláiste. Tá foireann ann. Níl siad ag múineadh trí Ghaelainn faoi láthair, áfach. Tá sé ar a gcumas é sin a dhéanamh ach an struchtúr a bheith ann.

Comment on this

Agus Noel Ó Murchadha ag labhairt, rinne mé machnamh ar an taithí sa tSualainn agus san Ísiltír, áiteanna ina ndéantar oideachas tríú leibhéal trí Ollainnis nó Sualainnis. Níl na hacmhainní céanna ar fáil don taighde idirnáisiúnta a chaithfidh siadsan tabhairt faoi sna tíortha sin i gcomparáid leis an méid dá mbeadh sé i mBéarla. Tá sé speisialta.

Is é ceann de na fadhbanna atá ag an gcoiste seo ná féachaint ar an slí ar féidir an claochlú seo a dhéanamh chomh tapa agus is féidir. Ritheann sé liom nach léir dom go bhfuil audit déanta ar líon na foirne sna hollscoileanna agus institiúidí, nach bhfuil baint acu le cúrsaí a chur ar fail trí mheán na Gaeilge, ach gur féidir é sin a dhéanamh maidin amárach dá gcuirfí an cheist orthu. Níl aon eolas againn ar líon na ndaoine sin. Tá mé radacach leis an bpointe sin. Is é an dúshlán atá romhainn faoi láthair ná oibriú amach más gá dúinn earcú nua a dhéanamh nó má tá na hacmhainní ann cheana.

Ag smaoineamh ar an mbealach ar thosaigh Fiontar in DCU, ba chomhtharlú é. Is cosúil gur tháinig go leor rudaí le chéile. Bhí tacaíocht éigin taobh thiar de. Tá mé ag iarraidh tuiscint a fháil ar an dtoil taobh istigh de na hollscoileanna. Is cosúil go bhfuil an toil ann. B’fhéidir gur cheart daonáireamh, más maith leat, a dhéanamh i dtaobh líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu.

Casfaidh mé go Institiúid Oideachais Marino. Tá mé ar chúpla bord bainistíochta scoile agus bíonn daoine ag cur isteach ar phoist mar príomhoidí cúnta agus a leithéid. Ní éiríonn le han-chuid acu mar nach bhfuil Gaeilge sách maith acu. An é sin is cúis leis an éileamh atá ar chúrsaí Marino? I ndiaidh phróiseas an agallaimh, nuair a dhiúltaítear duine do phost toisc nach bhfuil Gaeilge acu, b’fhéidir go dtéann siad ar aghaidh agus cuireann siad feabhas ar a gcuid Gaeilge. An bhfuil éileamh uilíoch ar na cúrsaí Gaeilge a chuireann Institiúid Oideachais Marino ar fáil, nó an bhfuil siad dírithe ar dhaoine atá ag iarraidh arduithe céime agus dul chun cinn a bhaint amach sna scoileanna? Cén sórt anailíse atá déanta ar na daoine a thagann go Institiúid Oideachais Marino ag lorg na gcúrsaí feabhsúcháin seo?

Comment on this
Professor Teresa O'Doherty

Níl cúrsa feabhsúcháin mar sin againn fós. Tá cúrsaí gairmiúla ar feadh seachtaine againn gach samhradh. Tagann múinteoirí ó na gnáthscoileanna chuig na cúrsaí. Níl iontu ach cúrsa seachtaine ar mhaithe le forbairt leanúnach, áfach. Bheadh sé go hiontach dá bhféadadh muid cúrsaí mar sin a chur ar fáil.

Comment on this

An bhfuil éileamh uilíoch ar an gcúrsa seachtaine sin? Níl aon phróifíl faoi leith ag tabhairt faoi.

Comment on this
Professor Teresa O'Doherty

Níl. Tá a fhios againn go bhfuil éileamh amuigh ansin. Tá dea-thoil ó na scoileanna, ach deir daoine nach féidir leo rudaí a dhéanamh. Tá an misneach nach mór caillte acu ó thaobh na Gaeilge de. Teastaíonn uathu níos mó eolais a fháil mar gheall ar chúrsaí mar seo. Ní féidir é a dhéanamh gan mhaoiniú, áfach.

Comment on this
Mr. Robbie Irwin

Cloiseann muid é achan samhradh. Is gnáthchúrsa samhraidh a thugann na múinteoirí faoi. Tá an oiread sin éilimh ann ó thaobh na Gaeilge agus na ngréasán de, a luaigh mé níos luaithe. Cloiseann muid arís eile – dúirt Deirdre Nic Chárthaigh é chomh maith – gur mhúinteoirí bunscoile iad na daoine a chuir isteach ar an dioplóma do mhúinteoirí meánscoile. Mar sin, is léir go bhfuil éileamh ann. Tá muid ag moladh gur chóir go mbeadh sé seo ann. Má bhreathnaíonn muid siar 20 bliain, nuair a tháinig na tuarascálacha cigireachta amach, bhí an scéal céanna ann in 2013, 2018 agus mí na Samhna 2025. Dúradh go bhfuil géarghá le cumas na múinteoirí, príomhoidí agus ceannairí a ardú i réimse na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh.

Tá sé difriúil le bheith ag freastal ar ranganna, áfach. Mar shampla, san earnáil phoiblí, bíonn maoiniú ar fáil do Státseirbhísigh freastal ar feadh deich seachtaine. Tá mo chairde ag tabhairt faoi sin. Tá sé sin difriúil, áfach, mar baineann sé sin le gnáthleibhéal TEG agus tá muid ag labhairt faoi mhúinteoirí, atá amuigh ansin le tamall, a chumasú ó thaobh suíomh na scoile agus chomhthéacs an churaclaim de. Tá difir ansin. Is é sin an fáth ar cheap muid go bhfuil cúrsa uasoiliúna de dhíth ar mhúinteoirí bunscoile.

Fiú sa phlean gnímh don Ghaeilge sna scoileanna Béarla, tá an-chuid cainte faoi ardú feasachta agus infheistíocht a chur i bhfeidhm do mhúinteoirí agus príomhoidí. Measann muid gurb é seo a leithéid den rud atá de dhíth, in áit laethanta CPD. Feictear sin. Bhí daoine nua fostaithe ag an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta lena haghaidh seo. Tá an-jab á dhéanamh ag Oide ar na meáin shóisialta. Is léir go bhfuil rudaí ag tarlú ach má tá muid ag iarraidh díriú isteach air seo, tá infheistíocht de dhíth chun cúrsa mar seo a chur ar fáil. Feicfidh muid toradh na hoibre sin, cosúil le múinteoirí meánscoile le Coláiste na Tríonóide.

Comment on this

Tá an bunús á leagan ag Institiúid Oideachais Marino. Ag féachaint ar na figiúirí a leag na finnéithe amach sa ráiteas tosaigh, faigheann daoine a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla B2+ ach faigheann iad siúd a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge C1. Tá an bunús láidir sin leagtha ó thaobh labhairt na Gaeilge de.

Comment on this
Professor Teresa O'Doherty

Tá an bunús leagtha síos. Tá féidearthachtaí ann ó thaobh foirne de. Tá an fhoireann againn atá le réidh le cabhrú sa ghort seo. Tá siad toilteanach agus tá an-suim acu cabhrú le múinteoirí agus scoileanna. Ní mór an deis agus cabhair a thabhairt dúinn é sin a dhéanamh.

Is tobar sinn chun cabhrú le scoileanna na tíre, ach caithfidh muid a bheith maoinithe chun é sin a dhéanamh. Ní féidir é a dhéanamh gan an maoiniú.

Níor luaigh muid an naíoideachas. Tá géarghá le múinteoirí naíoideachas le haghaidh na naíolanna sa tír. Go bhfios dom, níl aon chúrsa maoinithe ag an Roinn, ó thaobh na Gaelainne de, do na luathoideachasóirí sin. Tá baitsiléir againn san luathoideachas trí mheán an Bhéarla ach ní fhaigheann muid oiread is pingin rua ón Roinn don chlár sin. Ní fhaigheann muid oiread is aon phingin don luathoideachas, ach tá cúrsa againn as Béarla. D’fhéadfadh muid ceann a chur ar fáil trí Ghaeilge chomh maith dá mbeadh géarghá leis agus dá mbeadh suim ag an Roinn ann. Arís, caithfidh sé a bheith maoinithe. Ní féidir linn é a dhéanamh gan tacaíocht cheart ón Stát. Mar a dúradh cheana, 100 bliain ó shin, rinneadh infheistiú i saol na múinteoirí ionas go mbeadh siad ábalta an Ghaelainn a labhairt. Ba bhreá liom dá mbeadh a leithéid le feiceáil inniu.

Comment on this

Taitníonn sé liom go bhfuil nuálaíocht in Institiúid Oideachais Marino agus i gColáiste na Tríonóide i leith na Gaeilge. Le tacú leo, tá ceist an mhaoinithe ann.

Comment on this
Aengus Ó Snodaigh An Cathaoirleach Gníomhach Sinn Féin

Tá muid beagnach críochnaithe ó thaobh ama de. Tá ceist amháin agam. Má cuirimis na cúrsaí atá ag institiúidí na bhfinnéithe cheana féin ar leataobh agus má smaoinímis ar chúrsaí nua a chur ar fáil, conas is féidir an t-éileamh ar a leithéid a mheas? Uaireanta, bíonn daoine ag rá nach bhfuil an t-éileamh ann ó thaobh cúrsaí de, ach ní dhearnadh é a mheas riamh agus níor lorgaíodh eolas ó na mic léinn sna Gaelcholáistí agus sna coláistí Béarla.

Comment on this
Dr. Emily Barnes

Is féidir tionchar a imirt ar an éileamh a bhaineann le cúrsa ar bhealaí éagsúla. Ba cheart dúinn féachaint air sin, anuas ar an éileamh atá ann faoi láthair. Feictear dom - tá sé ann sa taighde idirnáisiúnta - go gcaithfear féachaint ar an stádas a bhaineann leis an teanga sa phobal agus i gcomhthéacsanna níos cúinge, cosúil leis an gcuraclam. Tá roinnt athraithe le cúpla bliain anuas sa churaclam a fhágann go bhfuil stádas na Gaeilge tar éis titim, go háirithe i bhfianaise an ama a thugtar don Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus córas na ndíolúintí. Sa tuarascáil cigireachta a chuir an cigireacht amach i mí na Samhna, tugadh le fios go bhfuil tús áite á thabhairt ag múinteoirí d’eispéiris forbartha gairmiúla sa Bhéarla agus nach mbíonn siad chomh cleachtaithe céanna ar acmhainní Gaeilge a úsáid.

Caithfidh muid cuimhneamh go bhfuilimid ag smaoineamh ar fhoghrúpa atá toilteanach tabhairt faoi chúrsa. Nuair a smaoiníonn muid ar éileamh, áfach, ní mór dúinn smaoineamh ar na múinteoirí nach bhfuil toilteanach, faoi láthair, tabhairt faoi chúrsa mar seo. Is rud amháin é sin. Ba cheart dúinn smaoineamh ar bhealaí le tionchar a imirt ar éileamh.

Ó thaobh éileamh reatha a mheas, tá bealaí ann, cosúil le COGG. Tá oll-liosta aige a théann amach go gach scoil sa tír. D’fhéadfadh sé suirbhé a dhéanamh ar an mbealach sin. Arís, áfach, bheifí ag féachaint ar fhoghrúpa scoileanna a dhéanfadh sin. B’fhéidir go bhfuil smaointe ag na finnéithe eile mar gheall ar éileamh a mheas ar bhealach níos ginearálta.

Comment on this
Mr. Donncha Ó Corcoráin

Baineann Institiúid Oideachais Marino leas as na meáin shóisialta go minic chun éileamh a mheas. Bheadh sé sin in oiriúint sa chás seo. D’fhéadfadh muid, mar a dúirt an Dr. Barnes, suirbhé a roinnt nó rudaí a fhógairt agus suim daoine a fhiosrú ar an gcaoi sin. Bíonn sé cabhrach agus oibríonn sé in Institiúid Oideachais Marino chun líon na ndaoine a dteastaíonn uathu cur isteach ar an B.Oid, an MGO agus mar sin de a mheas. Is bealach amháin é sin. Tá glúnta ceangailte leis na meáin shóisialta agus, mar sin, bíonn an gné sin cabhrach.

Bíonn sé níos soiléire leis an B.Oid mar bíonn na hiarratais ag teacht tríd an gcóras CAO agus bíonn na figiúirí againn. Maidir leis an MGO, i láthair na huaire tá an oifig chlárúcháin in Institiúid Oideachais Marino gnóthach. Tá na ceisteanna ag teacht isteach. Tá daoine ag fiosrú má tá an cúrsa ar siúl an bhliain seo chugainn agus líon na spásanna sa chúrsa. Tá siad ag teacht chugainn. Bíonn tábhacht faoi leith ag baint le rudaí a fhógairt, agus bíonn muid thar a bheith gníomhach sa réimse seo leis an MGO. Tá sraith cúrsaí ar líne againn maidir leis. Bhí an chéad ceann ar siúl ag tús mhí Eanáir, an dara ceann ar an 13 Feabhra agus beidh an tríú ceann ar an 24 Márta. Titeann sé ar an institiúid an fhógairt sin a dhéanamh agus a bheith i mbéal an phobail.

Comment on this
Dr. Noel Ó Murchadha

Ag leanúint na pointe thábhachtaigh a rinne an Dr. Barnes maidir leis an éileamh, aontaím go hiomlán léi. Tá sé sin inaistrithe. Dá gcuirfí suirbhé amach ar na meáin shóisialta ag fiafraí, “An bhfuil fonn ort cúrsa uasoiliúna nó cúrsa ar an bhforbairt ghairmiúil leanúnach a dhéanamh?”, b’fhéidir go ndéarfadh 20% “Tá”. Dá bhfiafraí an cheist céanna ach ar bhealach difriúil, cosúil leis seo: “An bhfuil tú sásta cúrsa a dhéanamh má tharlaíonn sé le linn am scoile agus má chuirtear ionadaí isteach i d’áit nuair atá tú ar scoil agus go gcuirfear acmhainní eile ar fáil le tacú leat?”, d’ardódh an céatadán a déarfadh “Tá”. Dá bhfiafraí an cheist orthu arís ar shlí eile, ar nós: “An mbeifeá sásta é seo a dhéanamh dá mbeadh liúntas ar fáil duit ar bharr do thuarastail agus go dtabharfadh aitheantas airgeadais duit?”, d’ardódh an céatadán arís. Mar sin, tá an tslí a imrítear tionchar ar an éileamh fíorthábhachtach. Tá ceist an liúntais thar a bheith tábhachtach. Déanaim tagairt do dhreasacht a chur ar fáil do mhúinteoirí le cur leis an gcumas atá acu sa Ghaelainn. Má bhaineann siad leibhéal B2, C1 nó C2 amach, mar shampla, b'fhéidir go n-aithneofar é go hoifigiúil laistigh den chóras trí liúntais agus a leithéid.

Comment on this
Aengus Ó Snodaigh An Cathaoirleach Gníomhach Sinn Féin

B’fhéidir gur jab é sin don INTO a bhí os comhair an choiste seo roimh na finnéithe. B’fhéidir go molfadh muid na trí cheist sin dó agus d’fhéadfadh sé é a dhéanamh agus na torthaí a roinnt linn. Sa chaoi sin, agus muid ag meas an éilimh, beidh bunús leis. Is féidir linn ar fad breis cúrsaí a lorg sna hinstitiúidí tríú leibhéal toisc go síleann muid go mbeadh éileamh ann, ach dúradh linn ag an gcoiste roimhe seo nach féidir iad a bhunú gan cur chuige ceart. Tógann sé roinnt blianta agus infheistíocht lena dhéanamh. Tá an Dr. Nic Chárthaigh ag iarraidh teacht isteach.

Comment on this
Dr. Deirdre Nic Chárthaigh

Tá pointe beag gaolmhar agam. Bhí orainn roinnt mhaith daoine a chur ó dhoras ón dioplóma toisc nach raibh leibhéal B1 acu. Mar sin, is léir go bhfuil daoine ann a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge agus ar mhaith leo an Ghaeilge a mhúineadh. Tá na rudaí seo ar fad ceangailte le chéile. Ba cheart go mbeadh na deiseanna, traenáil agus oiliúint leanúnach faighte acu roimhe sin le go mbeadh siad ag an leibhéal sin.

Comment on this
Aengus Ó Snodaigh An Cathaoirleach Gníomhach Sinn Féin

Leibhéal B1.

Comment on this
Dr. Deirdre Nic Chárthaigh

Yes.

Comment on this
Dr. Noel Ó Murchadha

Déanfaidh mé pointe amháin eile maidir leis an éileamh. Luaigh an Cathaoirleach Gníomhach go gcaithfear an t-éileamh a léiriú i dtosach báire. Tá sé sin áisiúil mar leithscéal, b'fhéidir. I gcásanna eile, cosúil le cás an Ghaeloideachais, mar shampla, tá sé léirithe i suirbhéanna go bhfuil éileamh ar bhreis scoileanna trí mheán na Gaeilge, ach níor lean an soláthar an t-éileamh. Mar sin, is leithscéal áisiúil é le rá nach bhfuil an t-éileamh ann agus nach bhfuil gá le dul i ngleic leis bpointe sin.

Comment on this
Aengus Ó Snodaigh An Cathaoirleach Gníomhach Sinn Féin

Tuigeann muid é sin. Tá muid tar éis an cheist sin a phlé. Léirigh muid go bhfuil an t-éileamh ann agus gur gá an t-éileamh sin, atá mór go leor chun breis scoileanna agus Gaelscoileanna a bhunú, a shásamh. Tá ag teip orainn áit éigin, an Státchóras san áireamh. I gceann cúpla nóiméad, beidh muid ag déileáil le ceisteanna naíonraí agus naíolanna. Is ceist eile iad sin. Tá easpa seirbhísí ansin chomh maith. Tá an t-am istigh don chuid seo den seisiún inniu. Gabhaim buíochas leis an Ollamh Teresa O’Doherty, Donncha Ó Corcoráin, Robbie Irwin, an Ollamh Carmel O'Sullivan, an Dr. Noel Ó Murchadha, an Dr. Deirdre Nic Chárthaigh agus an Dr. Emily Barnes as a bheith linn agus a gcuid tuairimí a roinnt linn. Déanfaidh muid an cruinniú seo a chur ar fionraí ar feadh cúpla nóiméad chun deis a thabhairt do na finnéithe ó Ghaeloideachas teacht isteach.

Comment on this