We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

An tÉileamh ar Naíonraí agus Naíolanna Lán-Ghaeilge: Plé (Atógáil)

Summary

Gaeloideachas argued that demand for Irish-medium early years places is rising, but provision outside the Gaeltacht is fragmented, underfunded and not strategically planned by the State. The witnesses called for a statutory recognition scheme for naíonraí, targeted staffing supports and a national plan so every area with an Irish-medium school can also have local early years provision. They said the Gaeltacht model has stronger funding and management support, while outside the Gaeltacht services rely too heavily on community groups and private initiative. The committee accepted the need for clearer planning, and the Chair said the later national plan from the Department would be examined with the witnesses’ help.

Aengus Ó Snodaigh An Cathaoirleach Gníomhach Sinn Féin

Táimid ag leanúint ar aghaidh lenár mbreithnú ar an éileamh atá ann do thuismitheoirí ar fud na tíre naíonraí agus naíolanna lánGhaeilge a bheith ar fáil dá bpáistí. Tá na hionadaithe seo a leanas linn inniu ó Gaeloideachas: Clare Spáinneach, bainisteoir seirbhísí; Katie Ní Riain, bainisteoir luathbhliana; agus Mary Ann Uí Dhuibhghiolla, comhalta bord Gaeloideachas agus bainisteoir ar Naíonra Lorcáin. Tá fáilte rompu ar fad.

Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe ar fad ag freastal ar an gcruinniú ón seomra coiste taobh istigh de pharlúin Thithe an Oireachtais. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta mar is féidir leis cur isteach ar an gcóras craolacháin. Tá na Teachtaí agus Seanadóirí ar fad i láthair. Tá cead ag comhaltaí freastal go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe phoiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste, chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir leis na finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu, agus má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí ar fhéadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá go bhféadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, más rud é go bhféadfadh a ráiteas bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéilleann siad leis an ordú sin. An bhfuil sé sin aontaithe? Tá sé aontaithe.

Casfaimid anois ar an gcur i láthair ó Gaeloideachas.

Comment on this
Ms Katie Ní Riain

Gabhaimid buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach agus le comhaltaí an choiste as an deis labhairt libh inniu thar ceann Ghaeloideachas, an eagraíocht náisiúnta a thacaíonn le forbairt an oideachais trí mheán na Gaeilge ó 1973 i leith. Táimid anseo inniu chun aird an chomhchoiste a tharraingt ar cheist atá fíorthábhachtach do thodhchaí na Gaeilge agus do chearta leanaí agus teaghlaigh in Éirinn: an easpa soláthair i leith naíonraí agus seirbhísí luathbhlianta lánGhaeilge, in ainneoin éilimh atá ag méadú go leanúnach.

Le roinnt blianta anuas, tá méadú suntasach tagtha ar líon na dtuismitheoirí atá ag roghnú na Gaeilge mar theanga thógála agus oideachais dá gcuid páistí, fiú i gceantair nach Gaeltachtaí iad. Ní rogha idé-eolaíoch amháin atá i gceist, ach rogha eolasach agus phraiticiúil, bunaithe ar thaighde idirnáisiúnta a léiríonn na buntáistí cognaíocha, teanga, sóisialta agus cultúrtha a bhaineann leis an dátheangachas ó aois an-óg. Mar sin féin, tá bearna thromchúiseach idir an t-éileamh seo agus an soláthar atá ar fáil. Níl soláthar Stáit ar fáil, mar sin tá teaghlaigh ag brath ar an earnáil príobháideach agus ar choistí pobail le soláthar a bhunú agus a rith.

Níl pleanáil straitéiseach ar bun ag an Stáit le cinntiú go mbeidh soláthar lánGhaeilge ar fáil go háitiúil nó fiú go réigiúnach. I go leor ceantar, bíonn ar tuismitheoirí taisteal achair fhada, fanacht ar liostaí feithimh, nó glacadh le seirbhísí nach gcuireann tumoideachas ar fáil dá bpáistí. Cruthaíonn sé seo éagothroime shoiléir idir teaghlaigh agus cuireann sé bac ar fhorbairt nádúrtha na Gaeilge sa phobal. Is mian linn a bheith soiléir: ní teip ar pháirt na hearnála, na soláthróirí príobháideacha nó pobail ná na dtuismitheoirí atá anseo. Ní bhaineann an fhadhb le heaspa éilimh ná le heaspa suime. Teip bheartais Stáit atá ann, bunaithe ar easpa pleanála straitéisí, easpa infheistíochta agus easpa gnímh i leith oideachas luathbhlianta lánGhaeilge.

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta le moladh as an léargas cuimsitheach a thug sé don chomhchoiste le déanaí ar staid na luathbhlianta sa Ghaeltacht. Is deacair gan comparáid a dhéanamh idir na tacaíochtaí atá ar fáil do naíonraí sa Ghaeltacht agus na tacaíochtaí atá ar fáil lasmuigh di. Ní hamháin go bhfuil Comhar Naíonraí na Gaeltachta mar eagras bainistíochta na naíonraí a thagann faoina gcúram, ach faigheann siad leibhéal maoinithe a thugann an cumas dóibh liúntais nó pá breise a íoc lena gcuid oideoirí. Cabhraíonn seo i mbealach suntasach le hearcaíocht agus coinneáil foirne sna naíonraí sin. Faraor, níl an struchtúr tacaíochta nó an leibhéal maoinithe céanna ar fáil do naíonraí lánGhaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, cé go bhfuil siad ag cur na seirbhísí ceannann céanna ar fáil. Is cosúil gur dhá chóras an-éagsúil atá ann, cé go bhfuil na naíonraí – laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht – ag déanamh na hoibre céanna: ag cur seirbhís luathoideachais agus cúram leanaí den scoth ar fáil do pháistí na tíre.

Ag aithint go bhfuil suíomhanna sochtheangeolaíochta éagsúla ann sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, éilíonn muid go neartófar na tacaíochtaí do na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht le go mbeidh comhionannas ann i dtaobh cumas na hearnála seirbhísí a sholáthar do pháistí, beag beann ar cá bhfuil cónaí orthu. Bhí Comhar Naíonraí na Gaeltachta in ann eolas cainníochtúil an-luachmhar a roinnt, le staitisticí, figiúirí agus mionsonraí maidir lena gcuid seirbhísí. Faraor, ní féidir le Gaeloideachas amhlaidh a dhéanamh maidir leis an earnáil lasmuigh den Ghaeltacht, ar cúiseanna atá lasmuigh de réimse smachta na heagraíochta.

Mar a sheasann faoi láthair, níl sainmhíniú ag an Stáit ar cad is naíonra lánGhaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ann. Níl aon dualgas ar sheirbhísí teanga oibre na seirbhíse a chlárú. Níl scéim aitheantais ann do naíonraí. Níl dearbhú cáilíochta maidir le tumoideachas nó cigireacht teanga i bhfeidhm. Níl ról bainistíochta nó cigireachta ag Gaeloideachas agus níl aon dhualgas ar naíonraí plé linn. Ní gá go mbeadh muid ar an eolas maidir le hoscailt nó dúnadh seirbhísí, agus dá réir ní féidir linn eolas cruinn a sholáthar don phobal maidir le líon agus lonnaíocht na naíonraí, buneolas atá riachtanach don phleanáil teanga. Ní féidir linn ach an oiread a bheith cinnte go bhfuil na naíonraí atá ann ag fáil buntáiste ár gcuid tacaíochtaí tríd an infheistíocht atá déanta ag an Stát i seirbhísí na heagraíochta.

Comment on this
Ms Mary Ann Uí Dhuibhghiolla

Is iad na naíonraí bunchloch an chórais tumoideachais in Éirinn. Lasmuigh den Ghaeltacht, is minic gurb iontu a fhaigheann páistí a gcéad teagmháil leis an nGaeilge. Tugann siad deis do theaghlaigh nach bhfuil Gaeilge sa bhaile acu dul i muinín an tumoideachais agus an Ghaeilge a shealbhú i mbealach nádúrtha, le spreagadh agus tacaíocht. Do leanaí atá á dtógáil le Gaeilge, is seirbhísí riachtanacha iad chun cúram, saibhriú teanga agus forbairt iomlán a chur ar fáil ina dteanga dhúchais féin. Ní cheart go mbreathnófar ar naíonraí mar sheirbhísí atá deas le bheith ar fáil mar rogha breise – is bunriachtanais iad mar chuid d’infreastruchtúr tacaíochta na Gaeilge. Tá fás agus forbairt na teanga ag brath orthu bheith ar fáil. Má theipeann orainn tacaíocht chuí a chur ar fáil ag an gcéim ríthábhachtach seo, cailltear deis nach féidir a thapú arís níos déanaí. Ní leor brath ar bhunscoileanna lánGhaeilge amháin; caithfidh cosán leanúnach soláthair a bheith ann ón naíonra go bunscoil go hiarbhunscoil agus níos faide anonn.

Ina theannta sin, imríonn naíonraí ról lárnach pobail. Cruthaíonn siad spásanna ina mbíonn an Ghaeilge in úsáid go nádúrtha, ina dtugtar tacaíocht do thuismitheoirí, agus ina gcuirtear an teanga chun cinn mar ghnáthmheán cumarsáide seachas mar ábhar acadúil amháin.

Tá an earnáil luathbhlianta lán-Ghaeilge faoi bhrú ollmhór. Tá líon na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht ag titim, is beag seirbhís nua atá ag oscailt, agus tá go leor eile i mbaol dúnta. Tá dúshláin thromchúiseacha roimh sholáthraithe, lena n-áirítear: easpa maoinithe inbhuanaithe, deacrachtaí earcaíochta agus coinneála foirne, tuarastail neamhiomaíocha agus riachtanais bhreise teanga agus oiliúna nach bhfuil aitheanta ná maoinithe go cuí.

Ba mhaith linn a mheabhrú don chomhchoiste gur cailleadh beagnach €1.4 milliún de mhaoiniú Stáit idir 2013 agus 2014 a bhí ag tacú le naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Níor cuireadh struchtúr inchurtha ina ionad riamh. Cé go bhfaigheann Gaeloideachas maoiniú teoranta faoi láthair, ní leor é chun tacú le bunú seirbhísí nua ná chun inmharthanacht fhadtéarmach na seirbhísí reatha a chinntiú. Tá neamhionannas soiléir fós idir samhlacha maoinithe na naíonraí sa Ghaeltacht agus lasmuigh di. Is cúis mhór imní dúinn freisin nár cuireadh aon phlé substaintiúil ar inmharthanacht na naíonraí sa pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Óige le déanaí. Ní féidir córas oideachais lán-Ghaeilge a phleanáil gan aghaidh a thabhairt ar an gcéad chéim den chóras sin – an luathoideachas.

Comment on this
Ms Clare Spáinneach

Creidimid gur cheart go mbeadh ceart ag gach uile pháiste in Éirinn oideachas agus cúram luathbhlianta a fháil trí mheán na Gaeilge, más é sin rogha a theaghlaigh. Is gá an ceart seo a aithint go soiléir mar sprioc náisiúnta agus, san fhadtéarma, é a chur ar bhonn reachtúil. Chun comhionannas rochtana a chinntiú, molaimid go mbeadh: pleanáil straitéiseach déanta le go mbeadh naíonra ar fáil ar a laghad i ngach ceantar ina bhfuil bunscoil lán-Ghaeilge nó Gaeltachta; scéimeanna tacaíochta ar leith do choistí pobail, scoileanna agus fiontraithe ar mian leo naíonra a bhunú; tús áite tugtha do bhunú seirbhísí lán-Ghaeilge má tá seirbhísí le bunú faoi chúram an Stáit; comhlonnú idir naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge á spreagadh; eolaire poiblí cuimsitheach ann a léiríonn cá bhfuil seirbhísí luath-thumoideachais ar fáil; feachtas feasachta náisiúnta ann do thuismitheoirí ó aois breithe maidir le buntáistí an luath-thumoideachais.

Tá moltaí soiléire, indéanta agus costéifeachtacha curtha chun cinn ag Gaeloideachas, lena n-áirítear: scéim aitheantais oifigiúil do naíonraí lán-Ghaeilge, ag aithint a stádais uathúil mar shuímh luath-thumoideachais; cosaint speisialta do naíonraí mar sheirbhísí riachtanacha pobail, agus seirbhís idirghabhála do naíonraí atá i mbaol dúnadh; fóirdheontais spriocdhírithe chun foireann le Gaeilge a earcú agus a choinneáil sna naíonraí; gach tacaíocht faoin scéim AIM agus gach forbairt ghairmiúil leanúnach a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge; painéal AIM le Gaeilge chun a chinntiú go mbeidh tacaíochtaí cuimsitheacha ar fáil do pháistí le riachtanais bhreise i suímh lán-Ghaeilge; cigireacht trí mheán na Gaeilge do naíonraí lán-Ghaeilge; oiliúint tosaigh agus cúrsaí leibhéal 5 agus 6 sa chúram leanaí a chur ar fáil trí Ghaeilge, le tacaíochtaí airgeadais chuí; céim luathoideachais trí mheán na Gaeilge le béim ar mhodheolaíocht an tumoideachais a fhorbairt; agus ardchaighdeán Gaeilge agus inniúlacht tumoideachais a aithint agus a spreagadh mar chuid lárnach de cháilíochtaí foirne. Ní moltaí teibí iad seo. Is réamhriachtanais iad má tá sé i gceist ag an Stát an Ghaeilge a chothú mar theanga bheo phobail agus córas tumoideachais cuimsitheach, inbhuanaithe a fhorbairt.

Mar fhocal scoir, ní fabhar atá á lorg againn ach aithint chearta leanaí agus teaghlaigh agus gníomhú cuí ón Stát chun tacú leis an rogha sin. Tá an fhianaise ann. Tá an t-éileamh ann. Tá polasaithe á bhforbairt faoi láthair. Is í an cheist anois don Stát agus don chomhchoiste seo ná an bhfuil an toil pholaitiúil ann an deis seo a thapú agus infheistíocht fhadtéarmach straitéiseach a dhéanamh i naíonraí agus seirbhísí lán-Ghaeilge ar mhaithe le glúine na todhchaí. Gabhaim buíochas le baill an choiste as a gcuid airde.

Comment on this

Gabhaim buíochas le lucht Gaeloideachas as ucht a fhianaise agus as a bheith anseo. Ó thaobh an comhlonnú idir naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge a spreagadh, cén chaoi a gceapann na finnéithe a n-oibreodh sé sin go praiticiúil? Cén sórt smaointe atá acu ón taobh sin de?

Comment on this
Ms Clare Spáinneach

Faoi láthair agus cóiríocht á pleanáil nó á forbairt do scoileanna, níl sé san áireamh sna pleananna nuair atá suíomh á aithint, nuair atá na foirgnimh á bpleanáil go mbeadh seirbhís luathbhlianta, réamhscoile nó iarscoile ar an suíomh. D'fhéadfaí é a dhéanamh ag an gcéim thosaigh sin. Tá go leor scoileanna seanbhunaithe ach atá i gcóiríocht shealadach go fóill nó ar liosta cóiríochta go fóill ag an Roinn oideachais a d'fhéadfaí é sin a dhéanamh dóibh.

Rud atá feicthe againn le blianta beaga anuas agus scoileanna ag cur le líon na ranganna speisialta a chuireann siad ar fáil ná go dtarlaíonn sé má tá spás ar fáil do sheirbhís cúram leanaí nó seirbhís réamhscoile sa scoil go mbíonn an spás sin de dhíth don rang speisialta. Le roinnt pleanáil chun cinn agus cúram tugtha don scoil agus don naíonra, d'fhéadfaí teacht ar bhealaí leis sin a dhéanamh ar bealach nach gcuirfeadh isteach ar an leanúnachas seirbhíse ach an comhphlé a bheith ar bun idir na húdaráis ó thaobh na luathbhlianta agus an Roinn leanaí agus an Roinn oideachais. Faoi láthair, níl an Roinn oideachais ag glacadh aon fhreagracht maidir le soláthar luathbhlianta a bheith curtha ar fáil, comhlonnaithe nó ar shuíomh scoile.

Comment on this

Má tá aon duine ag tógáil na freagrachta sin faoi láthair, is í an Roinn leanaí i ndáiríre. An é sin é?

Comment on this
Ms Clare Spáinneach

Níl fiú an Roinn leanaí á thógáil. Tá sé curtha ar ais ar an earnáil féin. Is faoin gcoiste pobail nó pé duine gur leo an naíonra cúram a thabhairt do chóiríocht an naíonra. Fágann sé sin i suíomh an-leochaileach iad mar a bhaineann le hinfreastruchtúr teanga.

Comment on this

Bhí oifigigh na Roinne anseo roinnt ama ó shin. Bhí siad ag caint ó thaobh scoileanna nua de. Bhí siad ag rá nach bhfeiceann siad an oiread sin scoileanna nua á dtógáil. Bhí siad ag caint ar "demographic decline". Bhí siad á rá seo arís agus arís eile. Ó thaobh scoileanna atá tógtha cheana féin, ceapann na finnéithe go bhfuil bealaí go bhféadfaí an comhlonnú seo a oibriú amach le foirgneamh atá ar bun cheana féin.

Comment on this
Ms Clare Spáinneach

Measaim é. Cé go bhfuil an chaint ann ar na déimeagrafach ag titim agus nach bhfuil siad ag iarraidh scoileanna nua a bhunú, tá siad ag iarraidh cur leis an soláthar Gaeloideachais, rud a chiallaíonn go mbeidh siad ag cur leis an soláthar sna scoileanna atá ann cheana féin, rud a chiallaíonn gur gá cur leis an gcóiríocht atá ar fáil do na scoileanna sin. Tá na deiseanna ann má tá an toil ann iad a thapú, ach é a bheith sa phlean ón tús seachas é a bheith siloed agus mar rud gur gá do dhuine éigin eile cúram a thabhairt dó seachas an t-aonad pleanála agus cóiríochta sa Roinn oideachais.

Comment on this

Bíonn na finnéithe ag caint leis na tuismitheoirí go rialta. Bheadh greim maith acu ó thaobh éilimh agus ó thaobh na bhféidearthachtaí agus céard atá tábhachtach. An bhfuil sé sin ceart? Bheadh na finnéithe ag déileáil leo go rialta.

Comment on this
Ms Katie Ní Riain

Tá gaol an-mhaith againn le haon tuismitheoir a dhéanann teagmháil linn mar eagraíocht. Tugaimid comhairle agus tacaíocht dóibh ó thaobh teacht ar naíonra, más ann dóibh, ina gceantar féin. Cruthaímid gaol idir an tuismitheoir agus an naíonra.

Comment on this

Tá ceist anseo ó thaobh nach bhfuil naíonraí cláraithe. Níl aon chineál register ar fáil ó thaobh naíonraí. I gceantair Ghaeltachta, tá an t-eolas sin go háitiúil ag na grúpaí áitiúla, ach níl sé ar fáil. An raibh sé riamh ar fáil? An fhadhb nua í seo?

Comment on this
Ms Clare Spáinneach

Níl sé sa reachtaíocht. Is é sin an chúis. Nuair a chláraíonn seirbhís luathbhlianta leis na húdaráis, le Tusla agus le Pobal, níl sé sa reachtaíocht gur gá dóibh ceist a fhreagairt maidir le teanga na seirbhíse. Ní dhéantar aon chigireacht air. Is é sin an chúis nach bhfuil eolaire ceart ar fáil. Táimid mar eagraíocht ag brath ar na naíonraí teacht chugainn agus clárú linn mar bhaill de chuid na heagraíochta.

Is balleagraíocht muid. Tá thart ar 56 naíonra lasmuigh den Ghaeltacht cláraithe linn faoi láthair. Tuigimid gur dócha go bhfuil níos mó ná sin ann ach níl aon dualgas orthu teacht i dteagmháil linn nó plé linn. Faoi láthair, níl aon dualgas orthu teanga na seirbhíse a thabhairt le fios do na húdaráis. Déanann Pobal suirbhé bliantúil ar an mórearnáil agus tá ceist ann maidir le teanga na seirbhíse, ach arís tá na seirbhísí luathbhlianta ag tuairisciú iad féin ar cén teanga atá in úsáid nó cé mhéad Gaeilge atá in úsáid agus níl aon chigireacht nó dearbhú cáilíochta á dhéanamh air sin. Cé go bhfuil figiúirí áirithe ar fáil ó Pobal sa tuairisc bhliantúil sin, níl bheidís iomlán iontaofa ó thaobh eolaire a chur ar fáil ansin mar áis phoiblí do thuismitheoirí atá ag lorg seirbhísí.

Comment on this
Ms Katie Ní Riain

Agus i measc na roghanna sin atá ar fáil dóibh ar an bhfoireann tá seirbhís lánGhaeilge ina gcuirtear tumoideachas ar fáil, tá seirbhís dátheangach ina n-úsáidtear Gaeilge agus Béarla, agus ansin tá seirbhís trí mheán an Bhéarla a úsáideann Gaeilge anseo is ansiúd. Níl muid féin cinnte mar eagraíocht fiú cén leibhéal tumoideachais atá-----

Comment on this

Atá i gceist.

Comment on this
Ms Katie Ní Riain

-----ar bun sna naíonraí sin.

Comment on this

Cheapfá go mbeadh sé éasca go maith an cheist sin a chur mar chuid den chlárú le Tusla agus le Pobal, agus go mbeadh an t-eolas-----

Comment on this
Ms Clare Spáinneach

Bheadh gá an reachtaíocht a leasú le go mbeadh sé san áireamh ann mar tá na ceisteanna clárúcháin atá ag Tusla go huile is go hiomlán bunaithe ar an dualgas reachtúil. Is é sin a bheadh i gceist. Bheadh sé le moladh ansin go mbeadh scéim aitheantais ann chun go bhféadfaí dearbhú gurb í sin teanga oibre na seirbhíse agus go bhfuil an tumoideachas ar bun. Táimid dóchasach go mbeidh sé sin san áireamh sa phlean cuimsitheach atá le foilsiú ag an Roinn leanaí go luath ach níl aon dréacht don phlean feicthe againn agus níl aon chinnteacht maidir len é a bheith san áireamh, conas go bhfeidhmeofar é nó cé a bheidh ina bhun.

Comment on this

Tá Clare Spáinneach ag caint faoi chigireacht agus mar sin de, agus á chur i gcomparáid leis na naíonraí Gaeltachta. An bhfuil duine éigin ag déanamh cigireachta ó thaobh na naíonraí Gaeltachta de? An bhfuil na grúpa áitiúla ag déanamh rud éigin ó thaobh an chaighdeáin de nó an bhfuil sé oscailte?

Comment on this
Ms Katie Ní Riain

Is an chigireacht cheannann céanna atá i gceist. Oibríonn an dá sórt naíonra, sa Ghaeltacht agus lasmuigh de, díreach cosúil lena chéile. Is an curaclam céanna atá acu, bíonn an chigireacht chéanna i mbun an dá chineál seirbhíse sin ach is bainisteoir é Comhar Naíonraí na Gaeltachta ar na seirbhísí sin. Dá bhrí sin, is féidir leis caighdeán de chineál éigin a chinntiú. Bíonn comhairleoirí ann. Tá oifigigh forbartha ag an gcomhar a mbíonn ag tabhairt cuairt ar na seirbhísí sin go rialta so tuigeann siad go bhfuil an tumoideachas ar bun go láidir sna seirbhísí sin. Á chur i gcomparáid leis na naíonraí lasmuigh de sin, is fíorannamh a bhíonn cuairteoirí ag na naíonraí lasmuigh den Ghaeltachta trí Ghaeilge. Tuigeann Mary Ann Uí Dhuibhghiolla é seo go maith. Níl aon chigireacht ar an teanga ar bun sa naíonraí sa Ghaeltacht nó lasmuigh de, mar a sheasann rudaí.

Comment on this

Níl, sa Ghaeltacht nó taobh amuigh?

Comment on this
Ms Katie Ní Riain

Sin é.

Comment on this

Is cuimhin liom go raibh ionadaithe ó Comhar Naíonraí na Gaeltachta os comhar an choiste agus bhí siad ag rá go gcuireann Údarás na Gaeltachta agus grúpaí eile roinnt tacaíochta ar fáil. An é nach bhfuil cigireacht ó thaobh chaighdeán na Gaeilge i gceist?

Comment on this
Ms Clare Spáinneach

Déanann an Roinn oideachais rud ar a dtugtar "cigireacht oideachas", atá dírithe ar na seirbhísí luathbhlianta, agus tá forbairt teanga mar chuid den rud ar a dhéanann sí cigireacht. Sa chás go dtugann seirbhís le fios gur naíonra iad, bheidís ag breathnú ar an nGaeilge mar an teanga a bhfuil forbairt teanga le déanamh uirthi ach ní mar a chéile sin agus cigireacht a dhéanamh ar teanga na seirbhíse. Tá roinnt eolais ar fáil ón gcigireacht sin maidir le conas mar atá leibhéal na Gaeilge sna seirbhísí ach ní hé sin an ról go díreach atá aici. Tá gá le scéim aitheantais neamhspleách air sin agus bheadh muid ag moladh go mbeadh sé faoi cheann de na húdaráis Stáit. Bheadh coimhlint leasa ann, dar ndóigh, dá mbeadh eagraíocht tacaíochta ag cur an tacaíocht ar fáil agus ansin ag déanamh cigireacht ar an gcaighdeán chomh maith. An bunfhadhb atá ann lasmuigh den Ghaeltacht ná go bhfuil na seirbhísí faoi bhainistíocht aonair agus faoi bhainistíocht choistí pobal agus go bhfuil muid ag brath ar an earnáil phríobháideach. Níl aon údarás ann thar ceann na naíonraí sin ar fad mar atá Comhar Naíonraí na Gaeltachta sa Ghaeltacht. Níl an leibhéal ionchuir nó bainistíochta céanna ann ó thaobh caighdeán a chinntiú agus tacaíocht a chur ar fáil.

Comment on this

Go raibh maith ag na finnéithe.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Bhí ráiteas tosaigh láidir ag Gaeloideachas agus bhí cumhacht ag baint leis. Chuir an Teachta Ó Muirí an cúpla ceist a bhí agam ar na finnéithe. Tá a fhios againn go bhfuil éileamh ar sheirbhís luathbhlianta sa phobal. Céard é an buntáiste, mar shampla, do chathaoirleach ar choiste deonach i bpobal in aon áit sa tír inniu é a chur i bhfeidhm i nGaeilge, taobh amuigh den bhuntáiste go mbeifear ag cuidiú leis an teanga? Céard é an buntáiste dúinn mar phobal an tseirbhís a chur i bhfeidhm i nGaeilge?

Comment on this
Ms Clare Spáinneach

Ó thaobh buntáiste le gnó a rith nó seirbhís a choinneáil ag dul?

Comment on this

Sin é go díreach é.

Comment on this
Ms Clare Spáinneach

Ní ann dó. Tá tacaíochtaí breise ar fáil ónar leithéidse mar eagraíocht le haghaidh cur chun cinn an tumoideachas sa tseirbhís ach dá mbeifeá le breathnú go fuarchúiseach ar cad is fiú seirbhís trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil i gcomparáid le seirbhís trí mheán an Bhéarla a chur ar fáil, tá i bhfad níos oibre i gceist le seirbhís tumoideachais a chur ar fáil agus níl aon aitheantas sa bhreis ó thaobh an bunmhaoiniú a fhaightear ón Stáit. Is beag tacaíocht a fhaightear ón Stáit. Tá sé níos deacra teacht ar oiliúint chuí do na múinteoirí. Ní íoctar aon liúntas sa bhreis leo as an obair bhreise atá le déanamh le hacmhainní a fhorbairt, leis an raon teanga atá acu féin a choinneáil ag leibhéal an-ard nó le tacaíocht teanga a thabhairt do na tuismitheoirí. Níl aon chuid de sin ann faoi láthair. Dá mbeadh scéim aitheantais le teacht as an bplean cuimsitheach atá le teacht, bheadh muid ag súil go mbeadh roinnt tacaíochtaí breise curtha ar fáil dá réir. An freagra lom, áfach, ná nach bhfuil buntáiste ann agus is é sin cuid den chúis nach bhfuil dóthain naíonraí ann. Níl spreagadh ann dóibh len é a fhorbairt.

Comment on this

Má thagann duine éigin chugam ag lorg comhairle chun tús a chur le seirbhís luathbhlianta, de ghnáth déanaim teagmháil leis an city and county childcare committee. Má thagann duine éigin chugam agus tá siad ag iarraidh tús a chur le naíonra, an cheart dom iad a chur i dtreo Gaeloideachas?

Comment on this
Ms Katie Ní Riain

Cinnte.

Comment on this
Ms Clare Spáinneach

I dtreo an dá rud. Cabhraíonn an coiste cúram leanaí ó thaobh na cúraimí praiticiúla ar fad a bhaineann le haon seirbhís luathbhlianta a bhunadh. Baineann na tacaíochtaí atá ar fáil ó Ghaeloideachas leis an tumoideachas, is é sin, conas an sainmheon tumoideachais a chur i bhfeidhm sa tseirbhís agus tacaíochtaí praiticiúla mar a bhaineann le cúrsaí teanga seachas mar a bhaineann leis na bunriachtanais le seirbhís a chlárú, a bhunú agus a rith. Tá siad sin go fóill don choiste cúram leanaí.

Comment on this

Buíochas le Dia tá mise i mo chónaí díreach in aice le Gaelscoil agus tá naíonra ann chomh maith. Is iontach an rud é. Luaigh an Teachta Ó Muirí é seo cheana ach nach bhfuil an modh sin i go leor ceantair?

Comment on this
Ms Katie Ní Riain

Níl ar chor ar bith. Mar a luaigh Clare Spáinneach níos luaithe, i go leor scoileanna lánGhaeilge, má tá naíonra ann feicimid anois go bhfuil orthu dúnadh toisc go bhfuil an scoil ag iarraidh seomra áirithe a fháil ar ais mar rang speisialta. Tá an Roinn oideachais ag iarraidh ar an scoil rang speisialta a oscailt agus dá bhrí sin, faraor, bíonn gá an naíonra a dhúnadh. Bíonn sé fíordheacair orthu teacht ar aon áit eile sa cheantar le spás oiriúnach le spás lasmuigh ar fáil dó le go mbeidh an naíonra in ann feidhmiú ann. Is deacracht fíorchoitianta atá sa mhéid sin.

Comment on this
Ms Clare Spáinneach

Má bhreathnaítear ar an figiúirí tá sé seo soiléir. Ní chuimhin liom go díreach cén líon scoileanna atá ann lasmuigh den Ghaeltacht - sílim go bhfuil thart ar 170 scoil nó mar sin ach is 56 naíonra atá cláraithe linn lasmuigh den Ghaeltacht so tá bearna ollmhór ann. Tá go leor leor ceantar nach bhfuil fáil acu ar naíonra. Is mór an trua é mar bíonn tuismitheoirí an-sásta dul sa tseans an páiste a chlárú leis an naíonra. Ní bheidh na páistí ann ach ar feadh tréimhse cúpla bliain. Má tá na tuismitheoirí féin amhrasach faoin turas teanga a bheidh rompu mura bhfuil Gaeilge ag na tuismitheoirí, tugann sé deis dóibh blaiseadh a fháil ar an gcóras tumoideachais agus muinín a bheith acu ansin iad a chur ar aghaidh chuig bunscoil agus, bheadh súil againn, iarbhunscoil. Nuair a chailltear an deis sin ag an gcéim is luaithe, tá sé caillte.

Comment on this

Go raibh míle maith ag na finnéithe.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht teacht isteach tráthnóna. Tá dhá cheist agam i leith rudaí atá gaolta leis an earnáil. Baineann an chéad ceann le forbairt ghairmiúil leanúnach. Tá mé ag ceapadh nach bhfuil na háiseanna ann d’oideachasóirí san earnáil ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí atá ar fáil as Gaeilge. Nuair a bhí ionadaithe ó Institiúid Oideachais Marino istigh linn sular tháinig na finnéithe isteach inniu, ceann de na rudaí a luaigh siad ná go mbeadh siad sásta cúrsa a chur ar bun dá mba rud é go raibh maoiniú Stáit ann. An rud é seo atá ardaithe ag Gaeloideachas leis an Roinn nó an bhfuil an cheist seo curtha? An bhfuil aon toilteanas léirithe a leithéid a chur ar fáil? Céard iad na réimsí ina bhfuil an t-éileamh is mó ó thaobh cúrsaí atá ar fáil as Gaeilge?

Comment on this
Ms Katie Ní Riain

Cinnte. Tá go leor cainte ar siúl faoi láthair le hinstitiúidí éagsúla ó thaobh chéim luathoideachais a bhunú nó a fhorbairt. Tá dhá rud éagsúil ann. An cheist ná an bhfuil muid ag iarraidh modúil tumoideachais nó céim iomlán thumoideachais nó an bhfuil muid ag iarraidh an chéim reatha a chur ar fáil trí Ghaeilge. Tá mé i mbun cainte faoi láthair leis an ETB atá ag smaoineamh ar mhodúil ag leibhéal 6 a fhorbairt agus le hollscoil eile atá ag smaoineamh ar mhodúil ag leibhéal 8 nó 9 a fhorbairt. Táimid ag tús an phróisis sin. Tá na hollscoileanna ar fad oscailte agus sásta dul i mbun plé ach is é seo an chéad chéim agus táimid an-luath sa phróiseas. Is cinnte go bhfuil géarghá leis. Cuideodh sé le hearcú agus le coinneáil foirne agus bheadh sainthuiscint ag múinteoirí ar cad is naíonra ann agus an tumoideachas mar mhodh múineadh. Sílim go gcabhróidh sé go mór chun cur le líon na naíonraí atá ann agus leis an bhfadhb mhór atá san earnáil faoi láthair, is é sin foirne a choimeád.

Comment on this

Cén ETB atá i gceist nó an raibh Gaeloideachas ag labhairt leo ar fad?

Comment on this
Ms Katie Ní Riain

Baile Átha Cliath.

Comment on this

Baile Átha Cliath agus Dún Laoghaire, nó ETB na cathrach?

Comment on this
Ms Katie Ní Riain

ETB na cathrach.

Comment on this

Maidir leis an oideachas speisialta, ceann de na rudaí is mó a chuireann isteach orm faoi thrácht agus labhairt ar thumoideachas Ghaeilge ná nuair a deirtear nach féidir leis an gcóras sin freastal ar dhaltaí le riachtanais oideachas speisialta, rud nach bhfuil bunús ar bith ag baint leis. Céard iad na dúshláin atá os comhair Ghaeloideachas agus é ag dul i ngleic leis seo, ar dtús ó thaobh an chlaonta seo sa bhriseadh agus ansin chun na seirbhísí sin a chur ar fáil do na páistí a bhfuil sé de dhíth orthu?

Comment on this
Ms Katie Ní Riain

Rinneamar taighde a choimisiúnú siar in 2024 leis an Dr. Sinéad Nic Aindriú. Tá sé sin ar fáil go poiblí ar shuíomh Ghaeloideachas anois. Dhírigh an Dr. Nic Aindriú ar riachtanais speisialta oideachas na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht agus tá conclúidí iontacha ar fáil sa taighde. Chuir sí go leor moltaí chun cinn. Tá an earnáil tumoideachais lánGhaeilge sna luathbhlianta go hiomlán in oiriúint do pháistí ag an aois sin ach na tacaíochtaí cuí a bheith ar fáil dóibh. Rud eile a tháinig chun cinn sa taighde ná painéal AIM le hoideoirí Gaeilge a chur ar fáil do na naíonraí faoi láthair mar is fadhb mhór í sin mar a sheasann sé. Tá deacrachtaí ann foirne a earcú agus a choinneáil agus baineann sé sin le hoibreoirí AIM chomh maith. Níl ann dóibh. Is rud é sin ó thaobh na céime luathoideachais a luaigh mé níos luaithe a chuideodh go mór dá mbeadh oiliúint tosaigh ar fáil trí Ghaeilge. Bheadh an domino effect sin ar fáil againn dá mbeadh an oiliúint ar fáil trí Ghaeilge, ó thaobh oibreoirí AIM agus breis múinteoirí san earnáil.

Comment on this

An bhfuil Gaeloideachas fós ag buaileadh leis an gclaonadh seo sa chóras sláinte agus sa chóras oideachais go forleathan nach féidir freastal ar dhaltaí le riachtanais speisialta as Gaeilge? An bhfuil sé sin ag athrú ar chor ar bith?

Comment on this
Ms Clare Spáinneach

Tá sé ag athrú agus muid ag plé leis na heagraíochtaí ach ansin faighimid fianaise starógach i bhfoirm tuairiscí ó thuismitheoirí agus iad ag ceistiú ar cheart dóibh a bpáistí a bhaint ón gcóras. Sin atá ráite linn agus muid ag plé le pé teiripeoir lena bhfuil siad ag plé. Cé go bhfuil an tuiscint ann anois ag an leibhéal is airde sna heagraíochtaí tacaíochta, beidh tamall ann sula mbeidh sé i measc na gcleachtóirí ar fad freisin. Sílim go mbaineann sé le haineolas nó le heaspa taithí na gcleachtóirí féin ar an gcóras tumoideachais agus ar an mbuntáiste cumarsáide agus cognaíoch a thugann sé do pháiste nuair a aithnítear ón gcéad lá nach gá gurb é an teanga chomónta an Ghaeilge ach iarrachtaí breise le déanamh ar an dá thaobh le bheith in ann a chéile a thuiscint agus gur rud tacúil sin don pháiste, seachas bheith ag glacadh leis gur féidir treoir ó bhéal a thabhairt nó labhairt le páiste agus go dtuigfidh siad láithreach an rud atá i gceist.

Tá na ceisteanna seo ar fad fite fuaite leis an gceist a bhí ag an Teachta Connolly maidir le cén buntáiste atá ann seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil. Tá sé deacair cleachtóirí príobháideacha a fháil, tá sé deacair cur ar ábhar oidí tabhairt faoi chúrsaí i nGaeilge agus tá sé deacair cur ar dhaoine bheith ag obair i seirbhísí meán-Ghaeilge mura bhfuil aitheantas tugtha don obair sa bhreis atá i gceist. Caithfear na seirbhísí sin ar fad atá timpeall ar an naíonra a fhorbairt leis an dua atá ann don múinteoir naíonra agus don tuismitheoir le páiste sa naíonra a laghdú agus go mbeidh siad in ann seirbhís tumoideachais a roghnú gan smaoineamh air, fiú, ar nós aon seirbhís eile. Ansin, beidh siad in ann glacadh leis go mbeidh an tacaíocht sin timpeall orthu, go mbeidh na múinteoirí ag fáil aitheantas don obair bhreise a dhéanann siad agus go mbeidh siad ag fáil pé cúnamh breise atá de dhíth orthu mar theaghlach le tacú leis an rogha oideachais atá déanta acu.

Comment on this

Tá an ceart ar fad ag an bhfinné. Ceann de na rudaí a bhí mé ag moladh ar feadh an ama ná gurb é an sprioc ar chóir a bheith againn ná gur féidir teacht ar sheirbhísí agus rudaí le déanamh sa saol agus go dtarlaíonn sé gur trí mheán na Gaeilge atá siad. Cuirim ceist níos doimhne maidir leis na teiripeoirí. Is rud é seo nach dtuigim mar níl aon bhunús eolaíochta nó taighde ag baint leis an gclaonadh seo atá acu nach mbeidh daoine in ann chuige de bharr na Gaeilge. Cad as a dtagann sé? Céard é an bunús a thugann na teiripeoirí sin mar mhíniú ar an léargas sin a thugann siad?

Comment on this
Ms Clare Spáinneach

Níl mé cinnte. Sílim gur easpa taithí, easpa chumarsáide agus easpa tuisceana ar mhodh eolaíochta an tumoideachais atá mar bhunús anseo ach tá sé forleathan sa phobal. Déanann muid an-iarracht cur ina choinne agus an ilchineálacht agus an ionchuimsitheacht atá sa chóras a léiriú. Ach don tuismitheoir aonair, má tá amhras ar bith orthu go mbeidh an córas in ann freastal ar a chuid páistí, is mór an t-iarratas é an páiste sin a mhealladh i dtreo an naíonra nó an scoil má tá an tuismitheoir buartha go mbeidh siad ag déanamh faillí ar an bpáiste. Tá gá le feachtas feasachta náisiúnta maidir le buntáistí an chórais seo agus conas a chabhraíonn sé le páistí a bhfuil riachtanais bhreise acu d’aon chineál, muinín a fhorbairt, iad féin a chur in iúl agus scileanna cumarsáide a fhorbairt. Tá seans go mbeidh níos mó le rá ag Mary Ann Uí Dhuibhghiolla ar an gceist seo mar go mbíonn sí ag plé leis na teaghlaigh agus na páistí seo. Níl a fhios againn ag an staid seo cén bhunús atá leis an dearcadh seo seachas easpa saineolais ar cad is tumoideachais ann.

Comment on this

An bhfuil aon tuairim ag Mary Ann Uí Dhuibhghiolla?

Comment on this
Ms Mary Ann Uí Dhuibhghiolla

Ceapaim uaireanta mura bhfuil an Ghaeilge ag an teiripeoir nó ag an saineolaí féin, b'fhearr leo, nó tá sé níos éasca dóibh, a rá go bhfuil an Béarla níos fearr ná an Ghaeilge agus nár fiú dul sa seans, ionas nach mbeadh an teiripeoir sin in ann cabhrú leis an bpáiste a thuilleadh más trí Ghaeilge atá an páiste ag foghlaim.

Comment on this

Ní dul sa seans atá ann. Más sin é an meon atá acu, tá fadhb ag baint leis sin.

Comment on this
Ms Mary Ann Uí Dhuibhghiolla

Sin a chreidim féin atá ann mar mheon, mar tá sé ráite liom. Uaireanta bíonn orainn an tuismitheoirí a mhealladh. Má thagann siad chomh fada leis an doras agus má tá siad sásta dul sa seans, an rud a deirim leo ná nárbh fhiú don pháiste an bhliain a chaitheamh sa naíonra agus go bhfeicfeadh an tuismitheoir cén chaoi a n-éireoidh leis an bpáiste. Muna dtugtar an seans don pháiste sa naíonra, ní thabharfar an seans don pháiste sa bhunscoil. Níl seans dá laghad go rachadh an páiste go bunscoil lánGhaeilge mura bhfuil siad sásta dul sa seans leis an naíonra. Is deis iontach an naíonra don pháiste nó deis féachaint cén chaoi a n-éiríonn leis an bpáiste sa naíonra. Bhí páiste ann le Down's syndrome agus tá sé sa bhunscoil anois agus ag éirí go breá leis.

Comment on this

Agus Gaeilge ar a thoil aige.

Comment on this
Ms Mary Ann Uí Dhuibhghiolla

Tá Gaeilge aige, tá Béarla aige agus tá ag éirí go breá leis, nó chomh maith is a d’éireodh leis in aon bhunscoil.

Comment on this

Ní bac a bhí ann.

Comment on this
Ms Mary Ann Uí Dhuibhghiolla

Ní bac a bhí sa Ghaeilge ar chor ar bith.

Comment on this
Ms Katie Ní Riain

Tá sé ag athrú an t-am ar fad sa réimse oideachas speisialta. Tá taighde nua ag teacht amach de réir a chéile. Ní féidir ceannteidil nó scáil a chur ar earnáil ina iomláine.

Caithfear plé le gach páiste mar chás aonair agus freastal ar riachtanais an pháiste sin. Ní féidir teideal a chur ar aon pháiste nó a rá nach bhfuil rud áirithe in oiriúint don pháiste sin.

Comment on this

Tá ceist amháin eile agam. I measc moltaí na bhfinnéithe chun dul chun cinn a dhéanamh san earnáil, céard iad na trí mholadh is tábhachtaí?

Comment on this
Ms Clare Spáinneach

Is é an chéad cheann ná scéim aitheantais agus na tacaíochtaí cuí ag dul leis chun go mbeidh na seirbhísí in ann caighdeán barr feabhais a bhaint amach agus brath go bhfuil tacaíocht ón Stát ann dóibh.

Comment on this

An é sin scéim aitheantais do na múinteoirí?

Comment on this
Ms Clare Spáinneach

Táim ag caint faoi scéim don naíonra. Molaim go n-aithneofaí naíonraí mar naíonraí agus go mbeadh critéir cháilíochtaí ann, mar shampla, go bhfuil an tumoideachas á chur i bhfeidhm, go bhfuil leibhéal teanga cuí ag na múinteoirí agus go bhfuil na tacaíochtaí timpeall orthu.

Comment on this

Bheadh aitheantas don naíonra féin.

Comment on this
Ms Clare Spáinneach

Bheadh. Molaim scéim ar nós na scéime aitheantais a bhí ann do na scoileanna Gaeltachta faoin bpolasaí don oideachas Gaeltachta. Chonaic muid an tionchar a d'imir an polasaí sin ar na scoileanna sa Ghaeltacht agus na tacaíochtaí a bhí ag dul leis. Bhí próiseas céimiúil ann leis an aitheantas a bhaint amach. Bhí sé thar cionn. Is polasaí an-mhaith a bhí ann agus sampla den phleanáil teanga den chéad scoth. Bheadh sé iontach a leithéid a fheiceáil do na naíonraí.

Is é an dara rud ná liúntas a thabhairt do na múinteoirí mar chuid den réiteach ar an ngéarchéim earcaíochta agus coinneála foirne. Aithnímid an obair atá ar bun ach níl an t-aitheantas sin á fháil ón Stát ná tríd an maoiniú.

Comment on this
Ms Katie Ní Riain

Bheadh sé mar chúiteamh don obair bhreise sin atá ar bun acu freisin. Cuireann sé sin leis an gceist a chuir an Teachta Connolly níos luaithe, is é sin, an bhfuil aon bhuntáiste ann d'éinne ar mhian leo naíonra a oscailt? Níl aon chúiteamh ar an obair bhreise sin ar fáil dóibh faoi láthair. Bheadh sé sin ina chúnamh mór.

Comment on this
Ms Clare Spáinneach

Is é an tríú rud ná pleanáil straitéiseach ón Stát agus go bhféachfadh an Stát ar bhunú naíonraí mar thosaíocht agus mar chuid riachtanach don infreastruchtúr tacaíochta teanga ar bhonn náisiúnta ionas go bhféadfadh aon tuismitheoirí a bhfuil suim acu san oideachas lánGhaeilge teacht ar naíonra go háitiúil, go mbeadh sé inbhuanaithe agus nach mbeifí ag brath i gcónaí ar an earnáil phríobháideach an soláthar sin a chur ar fáil. Bheadh sé mar bhuncheart ag páistí fáil a bheith acu ar naíonra.

Comment on this
Aengus Ó Snodaigh An Cathaoirleach Gníomhach Sinn Féin

Tá cúpla ceist thapa agam. Tá súil agam nach gcuirfidh mé moill ar chúrsaí mar tá a lán de clúdaithe cheana féin agus bhí ráiteas tosaigh na bhfinnéithe cuíosach cuimsitheach. Leag sé amach na bearnaí agus moltaí na bhfinnéithe - ní hamháin na trí cinn a lorg an Teachta Ó Muirí, ach na moltaí ar fad. Ag staid amháin, bhí na finnéithe ag caint faoin difríocht idir an dá chóras, is é sin, na córais laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Cad é an t-éileamh maidir le tacaíochtaí breise do naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht a thugann an Stát do naíonraí sa Ghaeltacht ó thaobh airgid ná infheistíochtaí eile?

Comment on this
Ms Katie Ní Riain

Cad é an cheist? An bhfuil an Cathaoirleach Gníomhach ag caint faoi na héilimh?

Comment on this
Aengus Ó Snodaigh An Cathaoirleach Gníomhach Sinn Féin

Cad é an difríocht? Cad é an bhearna a bhfuil Gaeloideachas ag triail le líonadh? Faoi láthair, níl aitheantas ag aon eagras lasmuigh den Ghaeltacht ach tá ag eagrais sa Ghaeltacht. Cad atá i gceist leis an aitheantas sin a fháil? An dtagann airgead leis nó an aitheantas amháin atá i gceist?

Comment on this
Ms Clare Spáinneach

Is é an dá rud. Ag dul ar ais ag an moladh go mbeadh scéim aitheantais ann agus go mbeadh liúntas, tacaíochtaí breise nó eile curtha ar fáil do na naíonraí le go bhféadfaidís an t-aitheantas a bhaint amach, sílim go rachadh sé sin cuid mhaith i dtreo an dearbhú cáilíochta atá mar bhuntáiste ag na seirbhísí Gaeltachta toisc go bhfuil siad faoi údarás bainistíochta amháin. Go struchtúrtha, bheadh sé an-deacair é sin leis an earnáil lasmuigh den Ghaeltacht mar gurb ann di cheana féin. Dá mbeadh scéim aitheantas go bhféadfadh na naíonraí ceannach isteach ann le haitheantas ón Stát a bhaint amach agus gach buntáiste a théann leis an aitheantas sin a fháil, ba chéim mhór é i dtreo comhionannas idir na seirbhísí sa Ghaeltacht agus dóibh lasmuigh di ó thaobh inmharthanacht na seirbhísí.

Comment on this
Ms Katie Ní Riain

Tóg mar shampla na seirbhísí sa Ghaeltacht atá faoi Chomhar Naíonraí na Gaeltachta. Tá an cumas ag an eagraíocht sin pá sa bhreis a íoc lena cuid oideoirí. Tá an cumas aige iad a íoc ar an samhradh. Sílim go bhfuil an cumas aige cuid den tuarastal a íoc thar tréimhse saoire mháithreachais. Níl sé sin ar fáil do mhúinteoirí lasmuigh den Ghaeltacht.

Comment on this
Aengus Ó Snodaigh An Cathaoirleach Gníomhach Sinn Féin

Tá sé tábhachtach go dtuigeann muid an difríocht agus an pointe íseal óna bhfuil na seirbhísí ag teacht i gcomparáid leis na naíonraí atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht. Tá a lán le déanamh againn. Ó thaobh an fhigiúir a luadh maidir leis an líon naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht, ní raibh a fhios agam go raibh sé chomh dona sin. Cén titim atá tar éis tarlú? Cé mhéad atá dúnta le cúpla bliain anuas?

Comment on this
Ms Clare Spáinneach

Tá sé deacair a rá. Arís, níl figiúirí cruinn ar fáil maidir leis an líon a bhí ann. Nuair a thosaigh muidne ag plé leis an earnáil seo siar in 2014, fuair muid liosta ón eagraíocht a bhí ann romhainn, Forbairt Naíonraí Teoranta. Measaim go raibh thart ar 180 naíonra ar an liosta ar phléigh an eagraíocht sin leo ar bhonn leanúnach ag an staid sin. Arís, ní gá do naíonraí plé linn ach is mór an difear idir 56 agus 180.

Comment on this
Aengus Ó Snodaigh An Cathaoirleach Gníomhach Sinn Féin

Bhí an 180 sin lasmuigh den Ghaeltacht.

Comment on this
Ms Clare Spáinneach

Bhí. Bhí Forbairt Naíonraí Teoranta i gcónaí ag plé leis na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Baineann sé sin leis an gcaoi ina ndéantar maoiniú ar na heagrais tacaíochta. Tá Údarás na Gaeltachta ag plé leis an nGaeltacht agus tá Foras na Gaeilge, an Roinn Gaeltachta agus an Roinn leanaí ag plé linn mar mhaoinitheoirí lasmuigh den Ghaeltacht.

Comment on this
Aengus Ó Snodaigh An Cathaoirleach Gníomhach Sinn Féin

Is titim shubstaintiúil shuntasach é sin-----

Comment on this
Ms Clare Spáinneach

Tá sé an-suntasach.

Comment on this
Aengus Ó Snodaigh An Cathaoirleach Gníomhach Sinn Féin

-----agus muid in ainm is a bheith a dul i dtreo eile.

Comment on this
Ms Clare Spáinneach

Tá cásanna faoi láthair a léiríonn leochaileacht na hearnála lasmuigh den Ghaeltacht. Baineann cuid den cheist ná go bhfuil na seirbhísí faoi bhainistíocht aonair seachas bainistíocht mhóreagras amháin agus nach bhfuil aitheantas speisialta ón Stát acu mar chuid den infreastruchtúr tacaíochta. Tá dhá naíonra a bhfuilimid ag plé leo faoi láthair. Tá ceann amháin dúnta agus tá an ceann eile i mbaol dúnadh. Níl aon naíonraí eile ag freastal ar na ceantair sin. Níl aon bhealach timpeall air. Níl aon rud ann le tacú leo le hiad a choinneáil ar oscailt sa ghearrthréimse. Tá na páistí sin anois gan seirbhís luathbhlianta trí mheán na Gaeilge. Níl neart againn air toisc na struchtúir faoina bhfuil muid ag feidhmiú faoi láthair. Tá sé sin tubaisteach ó thaobh pleanáil teanga do na ceantair sin.

Comment on this
Aengus Ó Snodaigh An Cathaoirleach Gníomhach Sinn Féin

D'ardaigh an Teachta Shane Moynihan ceist níos luaithe faoi Ghaelscoil Lir agus an líon páistí eachtrannacha atá ag freastal ar an nGaelscoil sin. Níl fadhb ar bith ag eachtrannaigh an Ghaeilge a fhoghlaim. Glacaim leis go bhfuil meascán i gceist sna naíonraí atá ag plé le Gaeloideachas chomh maith agus gur léir nach bhfuil fadhb ag eachtrannaigh. B'fhéidir go bhfuil siad níos tapa á foghlaim.

Comment on this
Ms Clare Spáinneach

Go díreach é. Den chuid is mó, bíonn siad ionadaíoch ar na pobail ina bhfuil siad suite, más ann dóibh. Is cuid den dúshlán agus den imní a bhíonn orainn - bíonn sé mar a chéile ag leibhéal na scoile - ná, mura bhfuil an soláthar forleathan a dhóthain agus mura bhfuil fáil ag daoine orthu, tá baol ann i gcónaí go gcúngaítear an pobal a bheadh ag freastal ar an oideachas lánGhaeilge. Is a mhalairt ar fad atá uainn. Táimid ag iarraidh go mbeidh gach éinne ag fáil an buntáiste agus an deis an Ghaeilge a shealbhú tríd an gcóras. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh dóthain dóibh ann ionas go mbeadh fáil ag aon tuismitheoir ar an tseirbhís, más mian leo é.

Comment on this
Ms Katie Ní Riain

Ba cheart go mbeadh an ceart sin - ní fiú an deis - ag gach páiste. Ba bhreá liom feachtas náisiúnta ag leibhéal an Stáit maidir le buntáistí an tumoideachais a fheiceáil. Níl a leithéid ar bun faoi láthair. Sílim go bhfuil sé mar chuid de phlean na Roinne leanaí ach nílim iomlán cinnte cad go díreach a bheidh mar chuid de. Tá géarghá leis sin.

Comment on this
Aengus Ó Snodaigh An Cathaoirleach Gníomhach Sinn Féin

Aontaím. Sula gcuirim críoch leis an gcruinniú seo, an bhfuil aon rud eile nár luaigh muid nó is mian leis na finnéithe a ardú?

Comment on this
Ms Clare Spáinneach

Ní dóigh liom é. Tá muid an-bhuíoch as an deis agus na ceisteanna. Léiríonn siad tuiscint an chomhchoiste ar an suíomh leochaileach ina bhfuil an earnáil faoi láthair. Tá muid ag súil go mór leis an bplean cuimsitheach ón Roinn leanaí. Tá muid ag súil go mbeidh na tacaíochtaí ar fad taobh thiar de le go bhfeidhmeoidh sé mar is ceart. Tá mé cinnte go mbeidh muid ag tuairisciú ar ais chuig an gcoiste nuair atá an plean sin foilsithe agus muid ag oibriú lena chur chun cinn.

Comment on this
Aengus Ó Snodaigh An Cathaoirleach Gníomhach Sinn Féin

Nuair a fhoilseofar an plean náisiúnta, tapóidh muid an deis le hiarradh ar an Aire, in éineacht lena hoifigigh, teacht os ár gcomhair chun an plean sin a phlé linn. Beidh muid in ann díriú ar cheist na naíscoileanna ag an am sin. Beidh muid ag brath ar Ghaeloideachas muid a threorú, mar atá déanta ag na finnéithe inniu lena gceisteanna maidir leis na háiteanna ina bhfuil na bearnaí. Is féidir linn teacht ar ais go Gaeloideachas ag an staid sin.

Cuirfidh mé críoch leis an gcuid seo de chruinniú an lae inniu. Bhí sé i gceist againn seisiún príobháideach a bheith againn ach tá mé chun é a chur ar athló toisc nach bhfuil an Leas-Chathaoirleach anseo. Gabhaim buíochas le Clare Spáinneach, Katie Ní Riain agus Mary Ann Uí Dhuibhghiolla as a bheith anseo agus a gcuid tuairimí agus an ráiteas tosaigh a roinnt linn. Tá muid buíoch as na ceisteanna a fhreagairt chomh oscailte is a rinne siad. Tá an cruinniú seo ar athló go dtí 11 a.m. ar an 24 Márta nuair a pléifidh muid múineadh na Gaeilge sna bunscoileanna T2 agus córas na ndíolúintí le hionadaithe ón Roinn Oideachais agus Óige.

Comment on this