We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

Múineadh na Gaeilge i Meánscoileanna T2 agus Córas na nDíolúintí: Plé

Summary

Mheas na ceardchumainn mhúinteoirí go bhfuil córas na ndíolúintí ón nGaeilge ag an dara leibhéal róleathan agus lochtach, agus gur cheart díolúintí a bheith fíoreisceachtúil amháin. Dúirt siad go bhfuil an iomarca béime ar litríocht, ar scríobh agus ar scrúduithe, agus gur chóir níos mó difreála, béime ar an labhairt, agus roghanna curaclaim níos oiriúnaí a bheith ann do dhaltaí éagsúla. Luaigh siad freisin go bhfuil brú ó thuismitheoirí agus ualach páipéarachais ag cur leis an gcóras, agus gur gá monatóireacht níos fearr agus tacaíochtaí níos láidre do scoileanna. Bhí comhaontú ginearálta ann go bhféadfadh athchóiriú ar an gcur chuige cur le dearcadh níos dearfaí i leith na Gaeilge.

Aengus Ó Snodaigh An Cathaoirleach Gníomhach Sinn Féin

Anois, déanfaimid ár mbreathnú ar mhúineadh na Gaeilge i meánscoileanna T2 agus córas na ndíolúintí. Os ár gcomhair inniu tá Anthony Dowling, rúnaí cúnta, agus Claire Ní Mharcaigh thar ceann Aontas Múinteoirí Éireann. Thar ceann Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire, tá Lorraine Finn, ionadaí buanchoiste, agus Anne Loughnane. Cuirim fáilte rompu ar fad. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 3, laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Sula leanfaidh mé ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe agus na gcomhaltaí uilig. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin a chur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an cruinniú seo á reáchtáil go fisiciúil sa seomra coiste agus tá na finnéithe agus baill ar fad anseo.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus iad lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí go bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá go bhféadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad don ordú sin láithreach. An nglacann na finnéithe ar fad leis na treoracha sin? Glacann. Anois iarraim ar Aontas Múinteoirí Éireann a ráiteas tosaigh a dhéanamh.

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Gabhann Aontas Múinteoirí Éireann buíochas le Leas-Chathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge den Oireachtas, an Teachta Naoise Ó Cearúil, agus leis an gCathaoirleach Gníomhach as an gcuireadh thar ceann an choiste aitheasc a thabhairt don chomhchoiste ar an ábhar "Múineadh na Gaeilge sna Meánscoileanna T2 agus Córas na nDíolúintí". Tugann Aontas Múinteoirí Éireann ionadaíocht do mhúinteoirí mheánscoile, do léachtóirí sna hollscoileanna teicneolaíochta agus do bhaill foirne eile in earnálacha agus i seirbhísí oideachais.

Tá 22,000 ball ag an aontas agus déanaimid ionadaíocht thar ceann múinteoirí san uile chineál meánscoile sa tír.

Is do scoláirí ó thar lear, nó a chaith tréimhse trí bliana ar a laghad thar lear, agus do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais dhianseasmhaigh acu is mó a dheonaítear díolúintí ó staidéar ar an nGaeilge. Léiríonn an fhaisnéis uile gur i scoileanna de chuid na mBord Oideachais agus Oiliúna agus sna pobalscoileanna atá an líon is mó scoláirí ón iasacht agus an líon is mó scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, mar a léirigh Karin Fischer in 2016.

Tá córas na ndíolúintí ó staidéar ar an nGaeilge lochtach agus míshásúil, dar le AMÉ. Is é croílár na faidhbe ná líon na ndíolúintí a dheonaítear ag an leibhéal meánscoile ar bhonn deacrachtaí foghlama. Tá an chuid is mó de scoláirí sa chatagóir seo. Roimh chiorcláin leasaithe na Roinne oideachais ar dheonú díolúintí in 2019, chonacthas gur deonaíodh idir 40% agus 52% de na díolúintí ag leibhéal na bunscoile agus meánscoile araon go mícheart nó go míchuí. Is mar sin atá an scéal fós inniu. Seachas corrbhliain anseo is ansiúd, tá ardú leanúnach tar éis teacht ar an líon a cheadaítear. Tháinig ardú 170% ar líon na ndíolúintí a bronnadh idir 2004 agus 2025. In 1999, deonaíodh díolúine ón nGaeilge do 2.5% de scoláirí meánscoile na tíre, ach tá an figiúr sin ag seasamh ag os cionn 11% le blianta beaga anuas, rud a chuireann ar neamhní aidhm na Roinne Oideachais agus Óige gur rud annamh agus eisceachtúil atá sa díolúine. Aontaíonn Aontas Múinteoirí Éireann leo siúd a áitíonn nár cheart go mbeadh díolúine ach ag idir 2% agus 3% de phobal na scoile.

Is ábhair imní faoi leith d’Aontas Múinteoirí Éireann iad na nithe seo a leanas: an borradh seasta ar líon na ndíolúintí a dheonaítear ag an leibhéal meánscoile, le méadú 32% sna sé bliana dheireanacha; an t-ardú ginearálta ar líon na ndíolúintí a dheonaítear ar bhonn deacrachtaí foghlama ag an dara leibhéal, le hardú 22.8% ó 2019; an t-ardú as éadan ar an líon a deonaíodh do scoláirí sa séú bliain ar an mbonn céanna, le hardú 47% ó 2019; líon na ndaltaí ag leibhéal na sraitheanna sóisearacha agus na hardteiste a mbíonn díolúine acu ach a thugann faoi theanga Eorpach eile, rud a dhéanann idir 55% agus 74% acu, ag brath ar an mbliain; agus an cohórt scoláirí ardteiste – 14.3% in 2025 - nach ndéanann aon scrúdú ardteiste sa Ghaeilge agus, astu siúd, bíonn díolúine ag idir 60% agus 70% acu.

Tá buairt ar AMÉ freisin faoin mbonn is nua faoinar féidir díolúine a cheadú, is é sin i gcás “scoláirí a bhfuil ardleibhéal riachtanas éagsúil dianseasmhach acu, ar riachtanais iad atá ina mbac suntasach ar a rannpháirtíocht ina gcuid foghlama agus i saol na scoile”. Tagann sé sin ó Chiorclán 54/2022. Is soiléir nach gá go mbeadh deacracht foghlama sainaitheanta ag an scoláire ar an mbonn nua seo. Cuimsíonn sé scoláirí ar mhór an crá nó an strus orthu staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge. Tá imní orainn go mbainfear mí-úsáid as an mbonn nua díolúine seo.

Tá dua ag baint le foghlaim teanga ar bith gan aon dabht, ach má leanann scoláirí ar aghaidh ag foghlaim teangacha eile, tá na próisis chognaíocha céanna i gceist i bhfoghlaim na Gaeilge agus atá i bhfoghlaim na Fraincise nó na Spáinnise. Aontaíonn AMÉ leis na hoideachasóirí a deir nach bhfuil a leithéid de rud ann agus sainmhíchumas foghlama teanga. Dúirt Mary Caitlin Scanlan Wight in 2015 nach mbíonn deacrachtaí níos measa ag scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta acu teangacha a fhoghlaim i gcomparáid lena gcuid comhscoláirí de dheasca a gcuid míchumas foghlama amháin. Tacaíonn Wight le cur chuige na difreála sa teagasc, lena n-airítear ranganna beaga, am breise agus measúnachtaí malartacha mar bhealaí chun rochtain ar fhoghlaim an dara teanga a éascú do scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu.

Is ar aimhleas cothú agus chur chun cinn na Gaeilge féin é an borradh seasta ar líon na ndíolúintí ag an leibhéal meánscolaíochta, dar le AMÉ, rud a fhágann go mbaintear d’aidhmeanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Anuas ar an méid atá ráite, ní chabhraíonn imeacht ón mbunleibhéal ag leibhéal na sraitheanna sóisearacha le scoláirí a mhealladh chun tabhairt faoin Ghaeilge ag an leibhéal is fearr dóibh. Is rud é sin ar cheart a chur ina cheart.

Gabhaimid buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach agus le baill uile Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge as an deis chainte a thabhairt go flaithiúil dúinn inniu agus as an deis aighneacht a chur faoi bhráid an choiste.

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach agus baill an choiste as an seans teacht os a gcomhair inniu. Fáiltíonn Cumann na Múinteoirí Meánscoile Éireann roimh an deis láithriú os comhair an choiste chun plé a dhéanamh ar mhúineadh na Gaeilge i scoileanna iar-bhunscoile T2 agus ar oibriú an chórais díolúine. Is í tuairim an ASTI gur ábhar lárnach í an Ghaeilge sa churaclam iar-bhunscoile agus gur cheart gach deis réasúnta a thabhairt do dhaltaí páirt a ghlacadh i bhfoghlaim na Gaeilge chomh fada agus is féidir. Leagadh an tuairim sin amach go soiléir in aighneacht ASTI maidir le díolúintí ó staidéar na Gaeilge in 2019 agus athdhearbhaíodh é ina aighneacht chuig an gcoiste seo i mí Dheireadh Fómhair 2022.

Ba cheart go mbeadh díolúintí fíoreisceachtúil agus níor cheart iad a thabhairt do scoláire ach amháin i gcúinsí a chomhlíonann tairseacha riachtanais atá soiléir agus intuigthe. Ag an am céanna, ní féidir polasaí díolúine a mheas scoite amach ó na réaltachtaí níos leithne, lena n-airítear dearadh curaclaim, idirdhealú, aistriú ó bhunscoil go hiar-bhunscoil, struchtúir mheasúnaithe agus na tacaíochtaí praiticiúla atá ar fáil do scoileanna.

Ní mór don Ghaeilge fanacht mar chuid lárnach den churaclam ag an dara leibhéal. Creideann ASTI gur cheart go mbeadh deis ag gach dalta ar fhoghlaim na Gaeilge ionas gur féidir leo iad féin agus a sochaí, a n-oidhreacht chultúrtha agus tábhacht na héagsúlachta i sochaí ilchultúrtha a thuiscint. Ní mór go leanfar le prionsabal na cuimsitheachta mar bhonn agus crann taca sa réimse seo. Ní mór do chóras fíorchuimsitheach aitheantas a thabhairt do raon riachtanais na bhfoghlaimeoirí atá i láthair i scoileanna iar-bhunscoile T2 agus a chinntiú go bhfuil conairí curaclaim agus measúnaithe inchreidte ag scoileanna do dhaltaí a bhfuil leibhéil éagsúla gnóthachtála, muiníne agus riachtanais oideachais bhreise acu.

Léirigh aighneachtaí a sheol an ASTI roimhe seo imní fadbhunaithe maidir le cothromas, trédhearcacht agus comhsheasmhacht i ndeonú díolúintí. Léirigh aighneacht in 2019 fianaise gur deonaíodh formhór na ndíolúintí ag an dara leibhéal agus gur sháraigh neamh-rannpháirtíocht i scrúduithe theastas na Gaeilge na figiúirí díolúine foirmiúla ina n-aonar. Leag sí béim freisin ar an bhfás i líon na mac léinn a raibh díolúine acu ón nGaeilge a rinne scrúduithe ar theangacha iasachta nua-aimseartha, rud a thóg imní dhlisteanach faoi shláinte agus comhleanúnachas an chórais.

Chuir aighneacht ASTI in 2022 fáilte roimh roinnt gnéithe tábhachtacha de Chiorclán 55/2022, lena n-áirítear soiléiriú na gcritéar incháilitheachta, an spleáchas níos láidre ar fhianaise dhoiciméadach tríd an bplean tacaíochta do mhic léinn, an próiseas achomhairc athbhreithnithe agus an ceanglas maidir le nuashonruithe míosúla a dhéanamh ar an mbunachar sonraí iar-bhunscoile ar líne. Le chéile, léirigh na bearta seo céimeanna dearfacha chun comhsheasmhacht, maoirseacht agus cuntasacht a fheabhsú laistigh den chóras díolúine.

Mar sin féin, léiríonn fianaise níos déanaí go bhfuil deacrachtaí suntasacha fós i gcleachtas. Fuair taighde ar chur i bhfeidhm na Gaeilge sa tsraith shóisearach T1 agus T2 amach go raibh ceannairí scoile i suímh T2 ag tuairisciú fás ar iarratais ar dhíolúintí sa chéad bhliain, brú méadaitheach ó thuismitheoirí, ualach oibre breise do phríomhoidí agus córas a raibh go leor daoine den tuairim gur córas casta agus trom é. I gcásanna áirithe, lorgaíodh díolúintí ar fhorais leathana sláinte mheabhrach nó chun níos mó ama a chruthú d’ábhair eile. Tugann an fhianaise le fios go bhfuil sé deacair do phríomhoidí nascleanúint a dhéanamh ar an gcóras agus go bhfuil sé deacair é a dhiúltú nuair a chuirtear brú orthu.

Maidir le ASTI, tá an chonclúid soiléir. Ní mór díolúintí a bheith ar fáil i gcónaí, ach ba chóir go bhfanfaidís eisceachtúil. Ní mór a n-oibriú a bheith cothrom, trédhearcach agus bunaithe ar fhianaise. Ag an am céanna, is comhartha é an fás leanúnach ar an éileamh ar dhíolúintí go bhfuil saincheisteanna struchtúracha níos leithne ann maidir leis an gcaoi a bhfuil taithí ag roinnt foghlaimeoirí i scoileanna T2 ar an nGaeilge faoi láthair.

Ní féidir ceist na ndíolúintí a scaradh ón taithí a bhaineann le foghlaim na Gaeilge i scoileanna T2. Léiríonn taighde le déanaí ar an nGaeilge sa tsraith shóisearach go bhfuil dúshláin shuntasacha ann maidir le soláthar difreáilte do gach foghlaimeoir. Léirigh ceannairí scoile agus múinteoirí éagsúlacht mhór i ngnóthachtáil na ndaltaí ar theacht isteach san iar-bhunscoil, lena n-áirítear daltaí a thagann ó bhunscoileanna a bhfuil Gaeilge láidir acu, daltaí a bhfuil Gaeilge an-teoranta acu agus daltaí nua nach raibh deis acu an Ghaeilge a fhoghlaim ar chor ar bith sula ndeachaigh siad isteach san iar-bhunscoil. Fuair an t-athbhreithniú luathachtaithe ar Ghaeilge na sraithe sóisearaí T1 agus T2 amach go raibh léim an-suntasach ag go leor daltaí T2 idir Gaeilge na bunscoile agus na hiar-bhunscoile. Thuairiscigh daltaí nach minic a aithníodh an caighdeán a bhíothas ag súil leis san iar-bhunscoil mar rud a bhí thar a bpointe tosaigh. Ar an gcaoi chéanna, d’aithin múinteoirí leanúnachas ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil mar shaincheist mhór agus léirigh siad imní nach raibh freastal cuí ar dhaltaí níos laige agus ar dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu laistigh de na struchtúir atá ann cheana féin. Neartaíonn an staidéar eatramhach leantach ar chur i bhfeidhm T1 agus T2 an pictiúr sin. Aithnítear easpa soláthair idirdhealaithe mar phríomhchonstaic i scoileanna T2, ag nascadh seo leis an gcóras díolúine, soláthar do gach foghlaimeoir iar-bhunscoile agus an t-aistriú ó bhunscoil go hiar-bhunscoil. Léiríonn sé freisin go gcreideann go leor ceannairí T2 nach bhfreastalaíonn an struchtúr reatha ardleibhéil agus gnáthleibhéil go leordhóthanach ar an raon iomlán foghlaimeoirí.

Comment on this
Ms Anne Loughnane

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as deis labhairt leo ar son Chumann na Meánmhúinteoirí, Éire, ar na díolúintí mar atá cúrsaí faoi láthair in iar-bhunscoileanna sa tír. Beidh mise ag labhairt ar trí ábhar: difreáil measúnaithe agus dul chun cinn, tacaíochtaí do scoileanna agus do mhúinteoirí, agus moltaí an ASTI.

Ceann de na teachtaireachtaí is láidre atá le feiceáil arís agus arís eile san fhianaise ná an gá atá le difreáil níos réadúla. D’áitigh aighneachtaí níos luaithe an ASTI ar athchóiriú curaclaim na Gaeilge go ndéanfaí athbhunú ar an nGaeilge ar an mbunleibhéal agus go ndéanfaí aird níos mó ar dhifreáil, ar chumas cumarsáide agus ar leanúnachas idir an tsraith shóisearach agus an tsraith shinsearach. Tacaíonn an taighde T1 agus T2 is déanaí leis an imní chéanna. Mhol formhór na gceannairí scoile T2 sna scoileanna cás-staidéir go gcuirfí cúrsa bunleibhéil ar fáil chun tacú le foghlaimeoirí a bhfuil raon cumais acu agus chun bealach dul chun cinn níos oiriúnaí a sholáthar dóibh siúd a bhfuil an gnáthleibhéal ródheacair dóibh chun deis a thabhairt dóibh dul chun cinn a dhéanamh. Creideann an ASTI go gcaithfear machnamh dáiríre a dhéanamh ar an gceist seo anois. Ní féidir le córas cuimsitheach coinníollacha a chúngú le haghaidh díolúine agus grúpa suntasach foghlaimeoirí a fhágáil gan bealach sa churaclaim chun dul chun cinn oiriúnach a dhéanamh. Nuair a thugann dalta faoi chúrsa atá ródheacair, atá róthógtha le litríocht, atá dírithe rómhór ar scríbhneoireacht agus léitheoireacht agus nach bhfuil go leor difreála ann, seans go n-éireoidh sé nó sí as go hiomlán. Cuireann sin leis an éileamh ar dhíolúintí.

Léiríonn an fhianaise freisin gur ceart níos mó aitheantais a thabhairt don chumas labhartha. Cuireann na múinteoirí agus na ceannairí scoile béim arís agus arís eile ar thábhacht na Gaeilge labhartha chun rannpháirtíocht, muinín agus dul chun cinn a chothú sa dalta. Chuirfeadh níos mó béime ar labhairt agus ar chumarsáid, fite tríd an mbunscoil, an tsraith shóisearach agus an tsraith shinsearach le taithí níos sásúla don dalta ar fhoghlaim na Gaeilge i suímh T2.

Anois labhróidh mé faoi thacaíochtaí do scoileanna agus do mhúinteoirí. Is iomaí uair atá sé ráite ag an ASTI nach féidir le scoileanna polasaí cuimsitheach a sheachadadh gan go leor tacaíochtaí. Leag aighneacht an ASTI in 2022 béim ar an imní leanúnach atá sna scoileanna maidir le pleanáil riachtanas breise, an t-ualach oibre, rochtain ar oiliúint agus easpa forbartha gairmiúla agus cleachtas cuimsitheach. Maireann na hábhair imní chéanna fós i dtaobh díolúintí ón nGaeilge. Ina theannta sin, léiríonn taighde le déanaí freisin gurb iad na múinteoirí féin go minic an phríomhfhoinse thacaíochta chun sonraíochtaí na Gaeilge a chur i bhfeidhm i scoileanna. Cé go bhfuil go leor dea-chleachtais ann i bpleanáil chomhoibríoch, comhroinnt acmhainní, obair teanga ó bhéal agus cur chun cinn na Gaeilge ar scoil, déantar na hiarrachtaí seo laistigh de chóras atá faoi bhrú ón ualach oibre, dúshláin earcaíochta agus am teoranta le haghaidh forbairt ghairmiúil leanúnach. Má tá an Stát dáiríre faoi chuimsiú sa Ghaeilge, ní mór dó an t-am, an oiliúint, an fhoireann agus na hacmhainní a sholáthar chun cuimsiú a dhéanamh fíor sna seomraí ranga.

Molann ASTI go dtacaíonn an coiste leis an gcur chuige seo a leanas. Ba chóir an Ghaeilge a choimeád mar ábhar lárnach san iar-bhunscoil agus gan díolúintí a thabhairt ach amháin i gcúinsí atá soiléir agus teoranta. Ba chóir leanúint le dlúth monatóireacht a dhéanamh ar oibriú an chórais díolúintí, ar na cinntí a dhéantar agus an leanúnachas a bhaineann leo, ar an mbrú ó thuismitheoirí, ar an ualach oibre ar cheannairí scoile agus ar an chaighdeán na sonraí náisiúnta atá ar fáil. Ba chóir an polasaí maidir le díolúintí a cheangal go soiléir leis an bpolasaí ar sholáthar difreáilte i scoileanna T2 ionas nach mbrúitear daltaí i dtreo díolúine mar gheall ar laigí i ndearadh nó i measúnú an churaclaim. Ba chóir machnamh dáiríre a dhéanamh ar chonair bhunúsach chuí a sholáthar sa Ghaeilge d'fhoghlaimeoirí nach bhfuil an struchtúr dhá leibhéal mar atá sé oiriúnach dóibh. Ba chóir aird níos mó a thabhairt ar leanúnachas ó bhunscoil go hiar-bhunscoil, go háirithe maidir leis na caighdeáin éagsúla sa Ghaeilge i measc daltaí céadbhliana atá ag teacht isteach agus riachtanais daltaí nua. Ba chóir aitheantas níos láidre agus níos comhtháite a thabhairt don chumas labhartha agus cumarsáide. Ba chóir an t-am, an oiliúint, an fhoireann agus na hacmhainní is gá a chur ar fáil do scoileanna agus do mhúinteoirí chun tacú le foghlaim chuimsitheach na Gaeilge.

Creideann ASTI gur gá don díospóireacht faoi mhúineadh na Gaeilge in iar-bhunscoileanna T2 a bhogadh ar aghaidh anois ón gceist chúng faoi na daltaí gur cóir agus nár chóir dóibh díolúine a fháil. Is tábhachtaí fós córas a thógáil ina bhfanann an Ghaeilge lárnach, ina bhfuil díolúintí eisceachtúla, agus ina bhfuil an curaclam solúbtha, comhtháite agus dea-thacaithe go leor chun ligean do gach foghlaimeoir dul chun cinn a dhéanamh ina shlí féin. Éilíonn sé sin polasaí comhcheangailte ar fud an churaclaim, an córas measúnaithe, an aistrithe idir scoileanna, an chuimsithe agus thacaíocht múinteoirí.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as teacht isteach inniu. Tá go leor rudaí a bhfuilim sásta a chloisteáil uathu. Ar an gcéad dul síos, tá an dá aontas an-diongbháilte maidir le díolúintí a bheith eisceachtúil. Tá sé sin sásúil le cloisteáil. Ina theannta sin, táim sásta a chloisteáil cé chomh tuisceanach is atá siad maidir leis an ualach léitheoireachta, scríbhneoireachta agus litríochta atá ar an gcuraclam Gaeilge.

Bhí mé i mo mhúinteoir mheánscoile Gaeilge agus bhí sé deacair. Níl mórán grá ag daltaí i scoileanna lán-Bhéarla don Ghaeilge. Is é sin an cineál aiseolais a fuair mise. Níl ach ceist amháin agam i ndáiríre. An gceapann na finnéithe gur cheart do gach dalta sa tír seo Gaeilge a fhoghlaim ar scoil, gur cheart do na díolúintí a bheith bainteach leis na scrúdaithe Stáit agus go mbeadh gach dalta i seomra ranga Gaeilge ag foghlaim agus nach mbeadh aon bhrú scrúdaithe orthu? Céard é a dtuairim maidir leis sin?

Comment on this
Ms Anne Loughnane

Tagaim leis na rudaí a deir an Seanadóir ansin mar nuair a bhíos anseo cheana, agus bhíos anseo cúpla bliain ó shin, mhíníos don choiste go bhfuil fadhbanna an-mhóra ag baint leis an tsraith shóisearach agus an cúrsa nua atá tar éis teacht isteach. Shíl muid go léir gur fíor an seanfhocal beatha teanga í a labhairt. Nuair a bhíonn páistí óga ag foghlaim teanga, nó an chéad teanga atá acu, ní fhoghlaimíonn siad an scríbhneoireacht agus an léitheoireacht ar dtús. Bíonn siad ag éisteacht le daoine agus ansin tosaíonn siad á labhairt, agus ag labhairt go bacach ar dtús. Tá an bhéim iomlán ar an labhairt agus tagann scríbhneoireacht níos déanaí. Má táimid dáiríre faoin teanga a choimeád beo, caithfimid féachaint ar an rud seo ina iomláine agus an rud atá déanta againn sa tsraith shóisearach agus caithfimid slí éigin a thabhairt do na daoine atá sásta í a labhairt. Feicimid go bhfuil grá den teanga ann sa tsochaí go ginearálta. Feicimid na buíon cheoil agus na daoine sin agus tá sí faiseanta ar tslí. Ach tá an rud go léir bunaithe ar labhairt agus ar chaint agus caithfimid dul sa treo sin.

Comment on this

Go raibh maith agat.

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Aontaím agus ní aontaím leis sin mar tá roinnt scoláirí sna meánscoileanna nach mbeidh riamh ar a gcumas tabhairt faoin nGaeilge. Tá scoláirí ann agus riachtanais an-speisialta acu agus ní bheadh sé ar a gcumas tabhairt faoin nGaeilge. D’oscail muid seomra speisialta i mbliana. Tá cúpla duine ansin nach mbeadh sé ar a gcumas. Tá sé deacair go leor dóibh fiú agus muid ag caint faoin mBéarla, an mata agus rudaí an-bhunúsacha. Tá daoine cosúil leis sin ann. Is daoine eisceachtúla iad siúd.

Ar an iomlán, ba bhreá liom dá ndéanfadh chuile dhuine beo Gaeilge agus go mbeadh grá acu don teanga. Níor léigh mé amach an aitheasc ar fad a chur mé isteach mar bhí sé rófhada. Bhí mé ag iarraidh rudaí a thabhairt isteach anseo agus ansiúd. Tá sé ráite ansin nach maith le thart ar trian de na scoláirí ardteiste Gaeilge agus is mór an peaca é sin. Cuirim an cheist orm féin i gcónaí, agus go hoscailte freisin, cá bhfuil ár dtriail ó thaobh na Gaeilge de. Nuair a fhágann na scoláirí an scoil agus mo sheomra ranga bím breá sásta má tá meas agus grá acu don Ghaeilge agus iad sásta í a úsáid amach anseo sa todhchaí. Tá roinnt tuismitheoirí ag cur brú ar scoileanna díolúintí a thabhairt do na páistí mar gheall ar an dearcadh atá acu ar an teanga freisin agus tá sé an-deacair a bheith ag plé leis sin nuair atá sé sin ag teacht anuas ort freisin. Ba bhreá liom dá mbeadh gach duine ag tabhairt faoin nGaeilge, ag labhairt na Gaeilge agus go mbeadh meas acu ar an nGaeilge amach anseo ach tá roinnt daoine nach mbeidh sé ar a gcumas riamh é seo a dhéanamh.

Comment on this

Glacaim leis sin, agus aontaím le Claire Ní Mharcaigh, ach bhí mé ag smaoineamh níos mó ar dhaoine le riachtanais ar nós disléicse a bhfuil riachtanais foghlama teanga faoi leith acu. Dá mbeadh siadsan ina suí sa seomra ranga Gaeilge agus ag caint, an mbeadh sí sásta leis sin?

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Bheadh mé sásta leis sin. Ach tá daoine mar sin le disléicse sna seomraí ranga atá ag foghlaim na Gaeilge. Tá suim acu sa Ghaeilge agus is breá leo an Ghaeilge, agus is féidir le daoine an Ghaeilge a dhéanamh.

Comment on this

Agus gan brú na scrúdaithe b’fhéidir uaireanta----

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Sin é.

Comment on this

Cuirim fáilte roimh na finnéithe agus gabhaim buíochas leo as na ráitis tosaigh. Theastaigh uaim cúpla ceist bunúsach a chur ar dtús mar gheall ar an gcuraclam agus na scrúdaithe ar an dara leibhéal. Bhíodh bonnleibhéal ann. An bhfuil sé sin fós ann?

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Níl sé ann a thuilleadh ag leibhéal na sraithe sóisearaí. Níl ach ardleibhéal agus gnáthleibhéal acu anois. Tá sé fós ann ag leibhéal na hardteiste agus beidh sé fós ann don ardteist nua. Beidh sé fós ann sa tsraith shinsearach ach tá sé imithe ag leibhéal na sraithe sóisearaí.

Comment on this

Tá sé ráite ag na finnéithe go bhfuil fadhb nuair a thagann daoine óga isteach sa chéad bhliain agus cuireann siad isteach ar díolúine a fháil. Ní fheadar an bhfuil muid ag cailliúint na ndaoine óga sin sa tsraith sin idir an chéad bhliain agus an tríú bhliain mar sin is cuma go bhfuil bonnleibhéal ann níos déanaí. An bhfuil daoine áirithe á gcailliúint againn?

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Gan aon dabht. Tá an iomarca béime ar an scríobh agus ar an litríocht mar atá sé. Tá sé an-deacair dóibh bheith ag plé leis an gnáthleibhéal. Nuair a bhíodh an bonnleibhéal ann bhíodh níos mó. Níl a fhios agam an sin is cúis le níos mó daoine a bheith ag lorg díolúintí ón nGaeilge. Gach seans gurb ea ach tá sé in ann an cúrsa bonnleibhéal sin a thabhairt ar ais.

Comment on this

An bhfuil a fhios ag na finnéithe cén fáth a chuireadh stop leis?

Comment on this
Ms Lorraine Finn

I mo thuairim féin, bhí siad ag iarraidh go mbeadh gach ábhar mar an gcéanna. I ngach ábhar anois, Béarla, Gaeilge agus mata, níl ann ach ardleibhéal agus gnáthleibhéal. I ngach ábhar eile is leibhéal comónta atá ann so bhí siad ag iarraidh go mbeadh gach ábhar mar an gcéanna.

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Fuarthas réidh leis an mbonnleibhéal sa mhata freisin. Imithe.

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Agus ba bhotún mór é nár tháinig scrúdú béil isteach sa teastas sóisearach. Bhí seans ann. Sa seanchóras bhí scrúdú béil roghnach ann agus nuair a tháinig an tsraith shóisearach nua isteach ní raibh sé sin ann agus is mó an trua é.

Comment on this

Is mór an trua é sin mar, mar atá feicthe againn le déanaí leis an nGaeilge amuigh ansin sa phobal, nuair atá daoine ag labhairt as Gaeilge nó ag amhránaíocht nó rudaí mar sin as Gaeilge déanann sé i bhfad níos mó céille agus déanann sé an teanga níos láidre.

Ó thaobh na dtacaíochtaí breise do na múinteoirí agus na príomhoidí atá luaite ag na finnéithe, cén tacaíochtaí breise atá de dhíth toisc go bhfuil an oiread sin paperwork agus mar sin de ag baint leis an gcóras?

Comment on this
Ms Anne Loughnane

Tá an rud seo chomh leathan agus tá siad go léir ceangailte le chéile. Nuair atáimid ag caint faoi thacaíochtaí, caithfear an córas ceart a chur ann i dtús chun tacú i gceart. Pé mhéid tacaíochtaí a chuirtear ar fáil, munar féidir le duine an caighdeán Gaelainne atá sna scrúdaithe a dhéanamh bíonn siad caillte is cuma cé mhéid tacaíochtaí a chuirtear isteach. Caithfear an struchtúr a chur isteach ar dtús. Ag teacht ar ais chuig an rud a dúirt Claire Ní Mharcaigh, aontaím léi go bhfuil daoine áirithe nach féidir leo an Ghaelainn a dhéanamh, fiú amháin an bonnleibhéal. Ach tá taithí agam ar an ardteist fheidhmeach, is é sin an LCA agus tá daoine an-laga ag plé leis an nGaeilge. An rud atá ar siúl ná go mblaiseann siad logainmneacha agus an bhrí a bhaineann leo sin ar leibhéal saghas íseal ach bíonn sé suimiúil dóibh agus déanann siad taighde ar na rudaí áitiúla. Tá cultúr i gceist ann níos mó ná béim ar an teanga fhoirmeálta ach éiríonn go breá leo agus ní bhíonn an fuath céanna acu don Ghaelainn nuair a théann siad ar aghaidh. Tá mé ag caint go ginearálta ach tá sé seo fíor don chuid is mó acu mar tá ábaltacht acu agus bíonn siad ábalta plé leis an rud mar atá sé ann. Caithfimid a bheith ag smaoineamh ar an nGaelainn a mhúineadh sna scoileanna i mbealach i bhfad níos leithne agus go mbeadh an Ghaeilge á blaiseadh níos mó á múineadh le go mbeadh dea-mheon ag daoine i leith na Gaelainne. Tá an meon diúltach an-láidir agus tá cuid de na cúiseanna léirithe againn go bhfuil sé ann. Caithfimid an bhéim a chur ar dearfacht, má thuigeann an Seanadóir mé.

Comment on this

Tuigim. Baineann sé sin leis na tacaíochtaí gur chóir dúinn a chur ar fáil do na daltaí. Bhí ceist agam mar gheall ar mhúinteoirí agus phríomhoidí. Is dóigh liom go bhfuil brú á gcur orthu ó na tuismitheoirí freisin. An gceapann na finnéithe go bhfuil díolúintí á dtabhairt amach toisc go bhfuil an brú sin ann agus go bhfuil sé ródheacair gan an rud a dhéanamh? An bhfuil líon na ndíolúintí ag ardú toisc go bhfuil an oiread sin brú ag teacht ó thuismitheoirí éagsúla? Mar a dúirt na finnéithe, tá an-chuid daoine óga ag brath ar mheon a dtuismitheoirí nuair atá siad ag plé leis an nGaeilge. An gceapann na finnéithe go bhfuil an brú sin ag cur leis na figiúirí agus go bhfuil sé ródheacair seasamh suas don teanga?

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Tá.

Comment on this
Ms Anne Loughnane

Agus tá na príomhoidí agus daoine chomh gnóthach. Go praiticiúil, bíonn na tuismitheoirí agus na litreacha ag teacht isteach agus tógann sé an méid sin ama déileáil le duine nó beirt nuair a bhíonn an fhadhb sin sa scoil. Ní féidir leo. Is daoine daonna iad agus tá siad chomh gnóthach le rudaí eile go mbíonn sé níos éasca dóibh go praiticiúil an rud a shíniú agus an rud a thabhairt dóibh.

Deirtear nach gá an Ghaelainn a dhéanamh don ardteist mar tá go leor ábhar eile acu agus go mbeadh níos mó ama acu do na hábhair eile. Tá sé sin faiseanta. Is é sin an meon diúltach atá i gceist agam. Ní fheadar an bhfuil aon fhreagra simplí ar an rud. Ní dóigh liom go bhfuil. Stopfaidh mé anois ach is rud suimiúil domsa é go n-éiríonn go draíochtúil le daoine a thagann isteach ó thíortha eile leis an nGaelainn mar níl aon saghas - cad é an focal?

Comment on this

Níl siad claonta ina coinne.

Comment on this
Ms Anne Loughnane

Yes, níl an prejudice sin ann roimh ré. Nuair a thosaigh daoine ag teacht isteach ón bPolainn deich mbliana nó níos mó ó shin, bhíodar chomh maith ag an nGaelainn. Taispeánann sé sin nach mbaineann an fhadhb leis an nGaelainn mar ábhar. Baineann sé leis an meon. Ceapaim é sin.

Comment on this

Tuigim. Ní raibh mé ag cur milleán ar mhúinteoirí nó ar phríomhoidí nó aon rud mar sin. Tuigim go bhfuil sé an-chasta. Dúirt na finnéithe ar fad go bhfuil daoine le díolúintí ón nGaeilge ag foghlaim na Fraincise, na Spáinnise agus mar sin de. Leis an sampla sin agus leis an sampla a bhí ag Anne Loughnane mar gheall ar pháistí a thagann anseo agus a fhoghlaimíonn an Ghaeilge, is léir nach í an teanga an fhadhb.

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Tá go leor acu freisin. Titeann go leor obair bhreise ar na múinteoirí riachtanais speisialta freisin. Má tá duine éigin ag lorg díolúine sa scoil, caithfidh cuidiú a chur isteach sa seomra ranga dó nó di. Caithfidh duine éigin eile a bheith ann chun cuidiú leo agus mar sin de ar feadh dhá bhliana sula dtugtar díolúine dó nó di. Tá breis oibre ag titim ar mhúinteoirí atá thar a bheith gnóthach mar atá sé chun a chinntiú go bhfuil an díolúine seo de dhíth ón dalta.

Comment on this

An é sin an SNA a bhíonn leo ar feadh cúpla bliain nó múinteoir eile?

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Caithfidh múinteoir riachtanais speisialta an dalta a leanúint sa seomra ranga Gaeilge. Caithfear tacaíocht bhreise a chur ar fáil don dalta ar dtús sula dtugtar díolúine dó nó di. Caithfidh múinteoir a bheith sa seomra ranga chun cuidiú leis an dalta sin chun a bheith cinnte dearfach nach féidir leis nó léi leanúint leis an nGaeilge.

Tá an iomarca litríochta ar an gcúrsa freisin. Níl aon rud agam i gcoinne na litríochta ach is teanga í an Ghaeilge. Don chuid is mó de na daltaí a fhágann an scoil, is ag labhairt na Gaeilge a bheidh siad amach anseo. Tuigim go bhfuil áit ag an scríobh agus ag an litríocht. Tá siad mar chuid den chultúr agus tá siad tábhachtach ach, agus é sin ráite, caithfimid rud éigin a dhéanamh chun a chinntiú go mairfidh an teanga agus dearcadh níos fabhraí i leith an teanga a chothú amach anseo.

Comment on this
Ms Anne Loughnane

Tá rud beag amháin eile le rá agam. Cuir stop orm más maith leat. Chuir sé alltacht orm nuair a chonaic mé an tsraith shóisearach a tháinig isteach roinnt blianta ó shin. Ní leor go bhfuil litríocht ar an gcúrsa do dhéagóirí óga ach caithfidh siad léirmheas a dhéanamh ar an litríocht, ar na carachtair agus rudaí mar sin. Tá sé sin fíordheacair dóibh fiú amháin sa Bhéarla mar tá siad fós an-óg. Tá sé sin ag teastáil uathu. Ní thuigim conas mar atá sé mar sin.

Comment on this

Cuirim fáilte roimh na finnéithe agus gabhaim buíochas leo as a bheith anseo linn. Tá roinnt ceisteanna agam don TUI ar dtús. Tá an méid a dúirt na hionadaithe suimiúil. Bhí an Roinn anseo linn roinnt ama ó shin. Bíonn sé an-deacair freagra soiléir a fháil ón Roinn ar an gceist an bhfuil an córas sin ag obair. Tugann na hoifigigh fíricí dúinn an t-am ar fad ach níl siad sásta a rá an bhfuil an córas ag obair. Tá sé suimiúil go bhfuil sé ráite ag an TUI "in 2019, chonacthas gur deonaíodh idir 40% agus 52% de na díolúintí ag leibhéal na bunscoile agus meánscoile araon go mícheart nó go míchuí." Tá sé sin suimiúil mar bíonn sé an-deacair an t-eolas sin a fháil. Cad atá taobh thiar de? Ar ndearnadh staidéar nó scrúdú ar leith chun teacht ar na huimhreacha sin?

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Ní féidir liom a rá. Ba é Anthony Quinn, uachtarán Aontas Múinteoirí Éireann, a chuir an agóid le chéile. Mar mhúinteoir Gaeilge, tá rang agam sa chéad bhliain a bhfuil díolúine ón nGaeilge ag seisear acu. Glacaim leis go mbeadh cuid acu in ann tabhairt faoin nGaeilge ach uaireanta tugtar dóibh é gan iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a mhúineadh dóibh i dtús báire.

Comment on this

Tuigim. Bíonn sé an-deacair eolas a fháil maidir le an bhfuil an córas ag obair. An bhféadfadh an t-aontas rud éigin a chur ar aghaidh chugainn i ndiaidh an chruinnithe-----

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Déanfaimid é sin go cinnte.

Comment on this

-----ó thaobh na ceiste sin de? Tá dara rud le rá agam. Aontaíonn Aontas Múinteoirí Éireann leo siúd a aithníonn nár cheart go mbeadh díolúintí ach ag 2% nó 3% de phobal na scoile. Tá sé sin an-suimiúil arís. Is cineál sprice é sin gur cheart a bheith againn. An bhfuil aon taighde nó aon rud ag an aontas a thacaíonn leis na huimhreacha sin? Bheadh sé sin an-úsáideach.

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Is é sin mar a bhí sé in 1999. Ní raibh díolúine ach ag idir 2% agus 3%. Ba chóir go mbeadh sé fós ag an staid sin.

Comment on this

Ba cheart é sin a thógáil mar baseline.

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Yes.

Comment on this

D'ardaigh an Teachta Moynihan mo thríú pointe ag an gcoiste seo cheana. An bhfuil imscrúdú nó monatóireacht á déanamh go leanúnach ar na díolúintí? Níl mórán ar siúl ina thaobh sin faoi láthair. An gceapann na finnéithe go bhfuil sé tábhachtach go ndéantar é sin an t-am ar fad agus go mbeadh imscrúdú nó monatóireacht á déanamh air? Tuigim an brú atá ar na múinteoirí agus na príomhoidí ach ba cheart go mbeadh sé sin á dhéanamh go leanúnach. Níl aon-----

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Aontaím go hiomlán leis an Teachta. Don chuid is mó, tagann siad isteach ón mbunscoil agus an díolúine faighte acu cheana féin.

Comment on this

Tá díolúíntí acu cheana féin.

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Tá.

Comment on this

Tá an cinneadh sin á dhéanamh ag an bpríomhoide sa mbunscoil.

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Tá.

Comment on this

Tá sé sin suimiúil. Tá an ceathrú ceist agam don TUI. Tá sé ar rud nach raibh cloiste agam cheana féin. Deirtear sa ráiteas oscailte "Deir Wright ... [2015] i dtaca le scoláirí a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu nach mbíonn deacrachtaí níos measa acu teangacha a fhoghlaim ná a gcomhscoláirí". Tá sé sin suimiúil. Níl sé sin feicthe agam cheana. Táimid ag rá nach bhfuil fadhb ar leith ag na daltaí sin ó thaobh na Gaeilge de ach go bhfuil bealaí difriúla ag teastáil chun iad a mhúineadh agus chun tacú leo. An é sin atá á rá?

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Sin é go díreach.

Comment on this

Tá dhá cheist agam don ASTI, má tá sé sin okay. Cuirfidh mé an cheist chéanna ó thaobh imscrúduithe agus monatóireachta. Céard a cheapann na finnéithe? Céard é an bealach is fearr leis sin a dhéanamh? Cén tuairim atá acu ó thaobh an córas gur cheart a bheith againn? Ar cheart go mbeadh na múinteoirí nó na cigirí á dhéanamh? Ag ardleibhéal, cad gur cheart a chur chun cinn?

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Tá an Teachta ag caint faoin monatóireacht, an bhfuil?

Comment on this

Tá ach go ginearálta freisin.

Comment on this
Ms Lorraine Finn

De réir an circular sin, 54/2022, tá ar na príomhoidí é a uaslódáil ar P-POD. Is é sin an córas. Caithfidh an príomhoide é sin a dhéanamh ach níl a fhios agam go bhfuil sé ag tarlú go leanúnach.

Comment on this

An bhfuil éinne ag breathnú orthu ó thaobh caighdeáin agus na gcinntí? Níl aon soiléireacht ann óna thaobh sin ar chor ar bith, an bhfuil?

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Níl.

Comment on this

Tá ceist amháin eile agam. Léigh mé na moltaí. An gceapann na finnéithe gur cheart ceist na ndíolúintí a fhágáil leis an bpríomhoide agus leis an scoil nó ar cheart dul ar ais go dtí an bealach ina ndearnadh é blianta ó shin nuair a bhí an cinneadh déanta ag grúpa eile? Ní raibh an cinneadh ag na príomhoidí agus ní raibh an brú sin orthu ó thaobh na dtuismitheoirí. Tuigim an cás ach bíonn tuismitheoirí ag rá go gcaithfidh a mic nó a n-iníonacha díolúine a fháil agus go bhfuil sé sin an-tábhachtach. An gceapann na finnéithe gur cheart é sin a thógáil amach as an scoil?

Comment on this
Ms Anne Loughnane

Tá sé soiléir nach bhfuil sé ag oibriú i gceart mar atá. I slí amháin, ní fadhb iad na díolúintí. Tá sé soiléir go bhfuil rud taobh thiar de sin. Is iad na díolúintí barr na faidhbe ach tá fadhbanna i bhfad níos mó ann. Tá sé soiléir go bhfuil an córas ag teip agus nach bhfuil sé ag oibriú i gceart. Nílim ag tabhairt freagra beacht ar cheist an Teachta ach caithfidh duine éigin atá i gceannas féachaint air sin agus féachaint ar na céatadáin i scoileanna áirithe. Mar a dúirt Lorraine Finn, tá an t-eolas sin ag dul ar ais chuig an Roinn. Ó na figiúirí, tá sé soiléir go bhfuil an céatadán ag ardú in aghaidh na bliana. Caithfear rud éigin a dhéanamh faoi sin. Má theastaíonn uainn áit lárnach a choimeád don Ghaelainn, caithfidh an córas oibriú ach níl sé ag oibriú.

Tá sé sin soiléir dúinne agus do na múinteoirí. Tá na figiúirí ann. I gcásanna áirithe, úsáidtear é mar mheicníocht chun éalú ón nGaelainn. Aontaím go bhfuil daoine ann nach féidir leo plé leis an nGaelainn ar leibhéal mar atá sé agus go bhfuil daoine an-lag ann. Caithfimid féachaint orthu siúd agus a bheith réadúil faoi chúrsaí mar atá. Ní féidir an ceann a chur sa ghaineamh agus a fhágáil ann é. Beidh rudaí i gcónaí ag dul in olcas má dhéanaimid é sin. Beidh sé níos measa fós i gceann cúpla bliain muna fhéachaimid air. Ní fheadar an bhfreagraíonn sé sin an cheist.

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Chun cur leis sin, ní hiad na príomhoidí amháin a dhéanann an cinneadh. Caithfidh siad an rud a phlé leis an múinteoir freisin. Tá brú ar an múinteoir Gaeilge ó na tuismitheoirí freisin. Tá daltaí ann atá fíorlag agus atá ag streachailt leis an nGaeilge. Tá brú ar an múinteoir Gaeilge agus ar an bpríomhoide freisin.

Comment on this

Tuigim é sin ach b'fhéidir go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh an cinneadh sin déanta áit éigin eile mar a bhíodh blianta ó shin.

Comment on this

Cuirim fáilte mhór roimh na finnéithe. Táim fíorbhuíoch díobh as a bheith anseo. Níl agamsa ach ceist ghinearálta faoin gcóras sna meánscoileanna. Sna bunscoileanna, tá sé leagtha amach sa churaclam gur chóir do gach scoil atmaisféar Gaelach a chothú, chomh fada agus is féidir. Nílim cinnte go bhfuil sé sin ag tarlú go forleathan. Is cás eisceachtúil é sin sna bunscoileanna faoi láthair. Ar an gcorruair a chuaigh mé isteach i meánscoil, níl sé airithe agam go bhfuil aon atmaisféar Gaelach ann sna scoileanna sin. Is féidir liom dul isteach i scoil i mBreatain agus i scoil in Éirinn agus gan aon difríocht mhór a fheiceáil eatarthu. Ní bheadh sé le feiceáil go ginearálta. Maidir leis na díolúintí, an mbeadh sé cabhrach don iarratas sin faoi na díolúintí má chuirtear ar aghaidh iarrachtaí atmaisféar Gaelach a chothú sna scoileanna? Cad iad na tuairimí atá ag na finnéithe faoi sin?

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Is múinteoir Gaeilge mé agus is é an t-aon rud atá le rá agam ná nach bhfuil a dhóthain ama againn. Ba bhreá liom rudaí mar sin a dhéanamh. Tá Seachtain na Gaeilge agus rudaí mar sin ann ach tá clár ama iomlán agam agus caithfidh mé é sin a dhéanamh ar dtús. Is é sin an príomhrud atá le déanamh agamsa sula ndéanaim na rudaí breise ar nós club Gaeilge nó ciorcal comhrá a chur ar siúl. Is é sin an fhadhb atá agam.

Comment on this

Táim ag caint faoi rudaí níos lú ná sin ar nós beannachtaí agus nathanna cainte a bheith in úsáid go ginearálta. Níor airigh mé iad sin riamh in aon mheánscoil. Ní thógann sé sin mórán ama i ndáiríre.

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

An bhfuil an Seanadóir ag caint faoi gach duine sa scoil nó faoi mhúinteoirí Gaeilge amháin? Céard atá i gceist?

Comment on this

Má thoileann daltaí nó múinteoirí í a úsáid, ba chóir é sin a chothú. Táim ag caint faoi dhíriú isteach ar atmaisféar Gaelach a chothú.

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Ní féidir liom labhairt ach faoi mo scoil féin. Labhraíonn na múinteoirí Gaeilge le chéile má táimid sa phasáiste, sa seomra ranga nó sa seomra foirne. Cloiseann na scoláirí an Ghaeilge. Má shiúltar isteach i mo sheomra ranga, is múinteoir Gaeilge mé agus tá na ballaí daite le póstaeir Ghaeilge, labhraímid Gaeilge agus mar sin de. Déanaimid an méid gur féidir linn a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge inár spás féin. An bhfuil an Seanadóir ag caint faoin scoil lasmuigh dár seomraí? Bíonn póstaeir againn ar na pasáistí agus mar sin de freisin. Ní thuigim go beacht céard atá i gceist ag an Seanadóir. An bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh an príomhoide ag labhairt na Gaeilge? Céard atá i gceist go beacht?

Comment on this

Ba chóir go moltar d'aon duine atá ábalta cúpla focal Gaeilge a úsáid é sin a dhéanamh mar pholasaí sa scoil. Táimid lonnaithe in Éirinn. Táim cinnte go bhfuil cúpla focal ag gach duine sa scoil. B'fhéidir gur féidir leis na múinteoirí Gaeilge an múnla a chur ar aghaidh go simplí do na hoidí eile. Ó na rudaí a chonaic mé i meánscoileanna, níl aon atmaisféar Gaelach le feiceáil ar chor ar bith. Nílim ag rá go bhfuil locht mór ann. Tá ualach mór oibre ag gach múinteoir. Ní thógfadh sé mórán ama é sin a chur ar aghaidh áfach.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Tá a phointe déanta ag an Seanadóir.

Comment on this
Ms Anne Loughnane

Aontaím leis an Seanadóir sa rud atá á rá aige faoi atmaisféar dearfach a chruthú. Bheadh sé sin iontach agus tá sé ag tarlú in áiteanna ach, mar a dúirt Lorraine Finn, tá athrú mór dochreidte tagtha ar scoileanna le cúig nó deich mbliana anuas. Nílim anseo chun gearán a dhéanamh ach chun an scéal mar atá a mhíniú don choiste. Tá na ranganna ag na múinteoirí. Tá monatóireacht sa chlós le déanamh acu. Tá Croke Park hours le déanamh acu. Bhíodh an rud sin, ranganna saora, ag múinteoirí fadó fadó. Más múinteoirí na baill, tuigfidh siad nach dtéann múinteoirí go dtí an seomra foirne anois mura mbíonn siad ag iarraidh blúire bia a fháil ar feadh deich nóiméad. Is é sin an méid a bhíonn acu. Ní bhuaileann siad le chéile. Níl atmaisféar ann ina dtagtar múinteoirí le chéile. Ní bhíonn am acu chun rudaí a phlé. Nuair a thosaigh mise ag múineadh, bhíodh am agat rudaí a phlé le do chomhghleacaithe agus rudaí mar sin. Tá athrú mór tagtha ar chúrsaí. Caithfidh tú cuntasaíocht a dhéanamh ar bheagnach gach nóiméad sa scoil. Aontaím leis an Seanadóir ach táim ag míniú cúrsaí mar atá dó. Nach bhfuil sé mar seo sna scoileanna faoi láthair? Is trua mhór é agus cailliúint mhór do gach aon duine sa scoil go bhfuil sé mar sin faoi láthair.

Comment on this

Cuireann sé sin ceist bhunúsach orainn go léir. Muna bhfuil small successes lena bheith againn, tá ceist existential ann. An cur amú ama nó saothar in aisce an eachtra go léir? Cad atá os ár gcomhair ar chor ar bith maidir leis an nGaeilge?

Comment on this
Ms Anne Loughnane

Tá brú rómhór ar mhúinteoirí a bheith freagrach as gach aon rud. Níl am acu do na rudaí deasa beaga mar seo a dhéanamh, cé go ndéanann siad difríocht mhór don atmaisféar sa scoil. Níl an t-am acu.

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Tá an iomarca páipéarachais i gceist.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Tá an scéim Gaelbratach ann do na bunscoileanna agus do na meánscoileanna chomh maith. Má tá suim ag scoil an Ghaeilge a chur chun cinn, tá an scéim sin ann. Tá an-dul chun cinn déanta ag an scéim sin.

Comment on this

Dar leis na figiúirí seo, tá díolúintí ag 11% de dhaltaí sa mheánscoil. An dtagann an chuid is mó acu ón mbunscoil le díolúine acu?

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Tagann. Bhuel, i mo scoil féin, tagann.

Comment on this

An bhfuil aon fhigiúirí náisiúnta ann ar an líon a thagann le díolúine agus an líon a fhaigheann díolúine sa mheánscoil?

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Ní fhaca mé figiúr mar sin riamh.

Comment on this

Dúirt Claire Ní Mharcaigh níos luaithe go bhfuil páistí ann le díolúintí mar gheall go bhfuil deacrachtaí foghlama litearthachta acu atá ag glacadh páirt sna ranganna Gaeilge. An bhfuil sé sin mar ghnáthchleachtas?

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Ní bheadh sé don chuid is mó. Sna meánscoileanna, bíonn sé thar a bheith deacair am a fháil do na páistí le riachtanais speisialta. Má tá díolúintí ón nGaeilge acu, is ansin a thapaíonn na múinteoirí riachtanais speisialta an deis am a chaitheamh leo agus cuidiú leo ó thaobh an Béarla, na matamaitice agus mar sin de. Go mion minic, baintear amach ón seomra iad. Ní tharlaíonn sé sin an t-am ar fad ach, don chuid is mór, baintear.

Comment on this

Nuair a bhí oifigigh na Roinne anseo, dúirt siad linn go bhfuil na páistí a bhfuil díolúine acu fós ag glacadh páirt sa rang, mar a bhí ag tarlú i rang Claire Ní Mharcaigh.

Tá siad fós ag glacadh páirt sa rang. Tá cead acu. B’fhéidir nach bhfuil cead acu ach tá gá orthu fós páirt a ghlacadh sa rang. An measann na finnéithe go bhfuil an bharúil céanna ag na múinteoirí?

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Ní dóigh liom go bhfuil. Tá sé thar a bheith deacair cúrsa nó ardteistiméireacht a dhéanamh agus daoine sa rang nach bhfuil ag déanamh na Gaeilge. Ní bhíonn an tsuim acu tabhairt faoin Ghaeilge. Dóibh siúd a bhfuil díolúine acu ag leibhéal na sraithe sóisearaigh, glacann siad leis nach bhfuil siad ag glacadh páirt sa rang. Tá sé chomh simplí leis sin. Tá sé thar a bheith deacair an dearcadh sin a athrú.

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Ceapann tuismitheoirí nuair a fhaigheann siad an díolúine-----

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Sin deireadh leis.

Comment on this
Ms Lorraine Finn

-----nach mbeidh a gcuid páistí ag déanamh na Gaeilge. Síleann siad gur sin deireadh leis. Níl a fhios acu go bhfuil seans acu a bheith sa rang agus páirt a ghlacadh ann, áit a mblaiseann agus a gcloiseann siad an Ghaeilge. Níl sé sin ar eolas acu. Ceapann siad má tá díolúine acu, go bhfuil learning support nó rud mar sin i gceist. B’fhéidir go bhfuil sé sin ag teastáil uathu, ach níl a fhios ag tuismitheoirí go bhfuil an seans sin ann a bheith sa rang agus an Ghaeilge a bhlaiseadh.

Comment on this

An bhfuil orainn é sin a athrú?

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Bheadh sé iontach.

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Aontaím le Claire Ní Mharcaigh; bheadh sé iontach.

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Bheadh sé iontach ach múinteoir breise a bheith ar fáil freisin mar bheadh sé-----

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Aontaím.

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

-----thar a bheith deacair do mhúinteoir a bheith ag plé le rang measctha. Bheadh roinnt scoláirí ag déanamh an ardleibhéil, roinnt eile ag déanamh gnáthleibhéil agus anois bheadh an tríú chuid le cur san áireamh, is í sin, na scoláirí a bheadh ag déanamh na Gaeilge gan aon scrúdú. Bheadh sé sin thar a bheith deacair. Tá sé thar a bheith deacair leis an gcóras mar atá sé i gcomhthéacs an mhéid atá ar an gcúrsa a chaithfidh an múinteoir a chur i gcrích do scoláirí ionas go mbeidh siad muiníneach scrúdú a dhéanamh gan a bheith ag iarraidh díriú ar dhaoine nach bhfuil ag déanamh aon scrúdú.

Tá cúrsaí ann. Bhíodh an junior certificate school programme, JCSP, ann. Bhí cúrsa cultúir mar chuid de, agus bhí sé iontach. Bhí scoláirí in ann dul isteach sna ranganna sin. Ní raibh Gaeilge ar siúl ag cuid acu ach bhíothas in ann dul isteach sa seomra ranga agus rudaí cultúrtha agus Gaeilge shimplí a mhúineadh dóibh agus meas a chothú iontu don Ghaeilge. Bheadh sé iontach dá mbeadh rud éigin cosúil leis sin ar fáil. Dúirt duine éigin anseo go mb’fhéidir go mbeadh gach duine ag déanamh Gaeilge – cuid acu ag déanamh Gaeilge na hardteiste nó na sraithe sóisearaigh agus daoine ag déanamh na Gaeilge gan aon scrúdú.

Comment on this

An gcuirfeadh múinteoirí agus scoileanna fáilte roimh athrú sa chiorclán chun a rá go soiléir, agus páiste ag fáil díolúine, nach gcinntíonn sé sin nach nglacfaidh sé nó sí páirt sa rang?

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Tá bealach ann anois. Tá rud éigin ar shuíomh Idirlín na Roinne oideachais a deir go bhfuil seans acu a bheith sa rang. Mar a dúirt mé, níl tuismitheoirí ar an eolas faoi sin. Léigh mé ar Tuarisc.ie go bhfuil bealach ag an Roinn oideachais a ligeann do na scoláirí sin a bheith sa rang ach, mar a dúirt, ceapann tuismitheoirí nach mbeidh a gcuid páistí ag déanamh Gaeilge toisc na díolúine.

Comment on this

An mbeadh múinteoirí agus scoileanna sásta dá mbreathnódh muid ar an gciorclán agus dá n-athródh muid é chun cur in iúl go soiléir do thuismitheoirí go mbeadh a gcuid páistí ag glacadh páirt sa rang Gaeilge ar a gcumas féin, cé go bhfuil díolúine acu?

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Is í an cheist a bheadh ag tuismitheoirí ag an stad sin ná cén bealach nó cén rang ina bhfaigheadh siad cúnamh breise. Cá mbeadh an cúnamh sin le fáil acu chun a chinntiú go mbeadh siad all right in ábhair eile? Tá an ghné sin ann freisin.

Comment on this

An bhfuil an cheist céanna ag na tuismitheoirí do na múinteoirí Fraincise agus Gearmáinise?

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Den chuid is mó, deir na tuairiscí síceolaíochta go bhfuil siad i dteideal díolúine ón Ghaeilge, ach ní luaitear na teangacha eile.

Comment on this

Chuir mo chomhghleacaí, an Seanadóir Shane Curley, atá in aice liom, an cheist sin ar an Roinn nuair a bhí finnéithe na Roinne os comhair an chomhchoiste cúpla seachtain ó shin. Dúirt siad gurb é an t-aon fáth a bhfuil an díolúine ann don Ghaeilge ná gurb í an t-aon ábhar a bhfuil ar dhaltaí staidéar a dhéanamh uirthi sa mheánscoil. Is féidir le dalta dul tríd an mheánscoil gan Béarla nó matamaitic a dhéanamh.

Comment on this

Go teicniúil.

Comment on this

Yes, go teicniúil. Sin mar atá sé.

Comment on this
Ms Anne Loughnane

Seasann sé le réasún, má tá fadhbanna teangacha ag duine, go mbeidh na fadhbanna céanna aige nó aici le teangacha eile. I mo cheannsa, seasann sé sin le réasún.

Tuigim an fáth a mbíonn daltaí a bhfuil caighdeán lag agus íseal Gaeilge acu ag iarraidh éalú mar níl spás oiriúnach ann dóibh. Ag teacht ar ais chuig an mbunleibhéal, bhí an comhchoiste ag lorg comhairle uainn ina leith. Is é seo an chéad rud le thabhairt faoi deara mar thabharfadh sé áit do na daoine sin dul ar aghaidh agus dul chun cinn a dhéanamh.

Ag teacht ar ais chuig an ardteist fheidhmeach, go ginearálta, téann daoine laga ón tríú bliain isteach sa chúrsa sin, is iad sin, daoine a bhíonn ag bun an ranga agus daoine nach mbíonn ag glacadh páirt i gceart sna ranganna agus sna hábhair éagsúla. Nuair a théann siad isteach san ardteist fheidhmeach, bíonn siad ag leibhéal inar féidir leo dul chun cinn a dhéanamh. Idir an dá bliain sin a mhaireann an cúrsa, déanann siad dul chun cinn iontach ó thaobh pearsantachta agus muiníne de agus rudaí mar sin. N’fheadar an bhfuilim á mhíniú sin i gceart. Tá an rud céanna i gceist don Ghaeilge. Más féidir le daoine dul chun cinn a dhéanamh ar a leibhéal féin, tugann sé sin féinmheas dóibh agus ní bheidh siad chomh diúltach faoin rud.

Comment on this

I slí amháin, tá sé seo go hiontach mar is iad na finnéithe ionadaithe na múinteoirí. Thar na blianta, dúradh linn go raibh an córas díolúine ag teacht chun cinn toisc go raibh páistí ann a raibh constaicí ar leith acu nach bhféadfadh an Ghaeilge a fhoghlaim ag an leibhéal céanna. Bhí roinnt daoine ag rá go raibh na múinteoirí ag tacú leo sa chás seo. Níor léir dom riamh gur mar sin a bhí sé. Nuair a tháinig eagraíochtaí na bhfinnéithe os ár gcomhair roimhe seo, is an rud ceannann céanna a dúirt siad - níor léir dóibh é sin ach oiread. Mar atá ráite, ní fheictear gur mó an strus agus an imní a bhaintear le staidéar na Gaeilge per se, go háirithe má leanann na scoláirí ar aghaidh le teangacha eile. I slí amháin, tá an argóint seo, mar a deirtear sa Bhéarla, put to bed. Níor chóir go mbeadh an argóint sin ann.

Tá fadhb bhunúsach ó thaobh na ndíolúintí de. Conas is féidir linn tabhairt fúithi? Dúirt roinnt de na finnéithe go bhfuil sí ag teacht chun cinn de bharr an mheoin dhiúltaigh atá ag tuismitheoirí agus, b’fhéidir, na daltaí féin, nó b’fhéidir go mbaineann sé le strus ábhar eile. Conas is féidir linn díriú ar na fadhbanna a chothaíonn an meon sin? Luadh ceann amháin de na fadhbanna sin - níl a fhios agam cé a luaigh é – is í sin nach n-aithníonn na daltaí gur fiú an teanga. B’fhéidir nach dtuigeann siad go bhfuil poist ar fáil agus go mbeidh i bhfad Éireann níos mó post ar fáil amach anseo ná mar a bhí roimhe seo. Cad é mar is féidir linn cuidiú le heagraíochtaí na bhfinnéithe agus díriú isteach ar an meon diúltach seo atá ag roinnt daoine?

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Ní mór scrúdú béil a thabhairt isteach don teastas sóisearach. Is breá le daltaí áirithe an Ghaeilge a labhairt agus fiú má bhíonn siad ag streachailt leis an ngramadach, an séimhiú agus chuile rud mar sin, is breá leo an Ghaeilge a labhairt. Dá mbeadh scrúdú béil ann, thabharfadh sé sin go leor muiníne do na daltaí. Is mór an trua é nach bhfuil scrúdú béil ar fáil ag leibhéal an teastais shóisearaigh. Lost opportunity mór atá ann. Is rud bunúsach é an scrúdú béil.

Comment on this

An bhfuil scrúdú béil ann do Fhraincis nó-----

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Níl. Bhí scrúdú béil roghnaigh ar fáil do gach teanga sa tseanchóras, ach níl anois. Is mór an trua é.

Comment on this

Tá sé seafóideach.

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Tá sé seafóideach.

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Caithfear dul siar go dtí na bunscoileanna agus tosú ag an bpointe ina dtagann siad isteach sa chóras oideachais. Nuair a thagann siad chomh fada linn ag 12 nó 13 bliain d’aois, tá an dearcadh sin ag go leor acu cheana féin. Tá sé thar a bheith tábhachtach dul siar go dtí na bunscoileanna agus tosú ansin agus oibreoidh muid le chéile chun dearcadh níos fabhraí agus níos dearfaí a chruthú ó thaobh na Gaeilge de.

Comment on this

Ag leibhéal na bunscolaíochta, is ag díriú ar na tuismitheoirí níos mó ná na daltaí atá i gceist. B’fhéidir go bhfuil gá le díriú ar an dá dream sin.

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Ar ndóigh, ní mór seans a thabhairt do gach dalta dul chun na Gaeltachta. Tá a fhios agam gur cineál brionglóide é sin, ach ba chóir go mbeadh seachtain nó cúpla lá acu le caitheamh sa Ghaeltacht. Athraíonn an meon nuair a bhíonn dalta sa Ghaeltacht.

Comment on this

Is é sin an fáth a bhfuil na seisiúin seo againn le go mbeidh muid in ann oibriú amach na rudaí is gá don chóras ina iomláine – ní na finnéithe agus muid amháin - déanamh chun déanamh cinnte de nach mbeidh muid ag teacht ar ais anseo i gceann deich mbliain agus ag rá go bhfuil 20% de dhaltaí na glúine seo caillte againn ó thaobh na Gaeilge de. Tá rudaí ar nós na bunscoile agus araile mar chuid de sin. Tacaím le Claire Ní Mharcaigh sa mhéid sin.

Luaigh Claire Ní Mharcaigh an cheist faoin litríocht agus go raibh an iomarca litríochta ó thaobh an scrúdaithe de. Tá meon agam féin ó thaobh aon teanga a fhoghlaim. Ba chóir go ndíreofar ar fhocail ar dtús. Nuair a d’fhoghlaim mé Gaeilge, ba trí fhocail a rinne mé é. Bhí an rud ceannann céanna i gceist nuair a d’fhoghlaim mé Béarla. Níor fhoghlaim mé gramadach i gceart riamh. Aontaím le Claire Ní Mharcaigh ina leith seo. Ó thaobh na litríochta de, cad a bheadh i gceist i gcóras nach mbeadh chomh gafa leis an litríocht do dhaltaí ag leibhéal an teastais shóisearaigh agus na hardteiste?

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Má fheictear ar an tsraith shóisearach mar atá sí i láthair na huaire, tá an cuid is mó de na ceisteanna ag an ardleibhéal bunaithe ar an litríocht. Tá sé sin mícheart. Ba chóir go mbeadh níos mó ceisteanna teanga ina mbeadh scoláirí ag caint nó ag scríobh faoi ábhair a bhaineann leo féin agus a saol. Mar a dúirt Anne Loughnane, bíonn siad ag déanamh cur síos ar thús an scéil, nó ag críochnú an scéil. Bíonn ceisteanna ar nós: “Ar thaitin an críoch leat? Má thaitin, cén fáth?”, agus “Dá mbeadh ort críoch eile a chur leis, cén sórt críoch a chuirfeá leis?”. Ní rudaí nádúrtha iad sin. Bheadh sé níos fearr dá mbeadh siad ag scríobh aiste faoi lá ag siopadóireacht, seachas ábhair theibí a thabhairt dóibh. Ba chóir go mbeadh rudaí bunúsacha i gceist agus go mbeadh an leibhéal sin acu ag 15 bliana d’aois. Is daoine óga iad fós nach bhfuil an cumas cainte acu fiú le bheith ag tabhairt faoi cheisteanna den sórt sin. Dá mbeadh slaitín draíochta agam, ba bhreá liom an bonnleibhéal a fheiceáil arís ag leibhéal na sraithe sóisearaigh.

Comment on this

Cén céatadán den mharc a fhaigheann daltaí ag leibhéal na hardteiste atá ag dul don bhéaltriail?

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Ag leibhéal na hardteiste, tá 40% ag dul don bhéaltriail.

Comment on this

An mbeadh sé níos fearr don teanga - ní díreach don Ghaeilge ach na hábhair theangacha uilig - go mbeadh an marc sin níos airde? Tá a fhios agam gur athraigh sé thar na blianta.

Comment on this
Ms Anne Loughnane

Tá sé i bhfad ródhéanach le bheith ag caint faoi mharc 40% don ardteist. Tá na daoine atá i gceist againn caillte go hiomlán ag an leibhéal sin. Ní bhaineann na daoine atá ag dul ar aghaidh chun an ardteist a dhéanamh, agus a thógann an béaltriail mar chuid de, leis an bhfadhb seo i ndáiríre. D’éirigh leo siúd sa chóras atá ann. Tá muid ag caint faoi na daoine atá caillte i bhfad roimhe sin.

Comment on this

Táthar ag triail le daoine a mhealladh. Ó thaobh an teastais shóisearaigh, aontaím leis na finnéithe gur chóir go mbeadh an béaltriail ann ag leibhéal 50%. Ba chóir go mbeadh an bonnleibhéal ann chomh maith. Níl muid ag rá a mhalairt. Dá mbeadh an t-athrú sin ann, ar chóir go leanfaí leis go leibhéal na hardteiste chomh maith?

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Tá muid ag iarraidh níos mó daoine a mhealladh ó thaobh na Gaeilge de agus go mbeadh níos mó acu ag tabhairt faoin Ghaeilge seachas a mhalairt. Ní féidir liom ach arís labhairt faoin scoil ina bhfuilim ag múineadh i láthair na huaire. Tá líon mór acu a tháinig isteach sa chéad bhliain le díolúintí ón Ghaeilge. Tá siad caillte cheana féin. Níor chóir go mbeadh sé mar sin. Ba chóir go mbeadh an deis ag gach páiste sa tír an Ghaeilge a dhéanamh, seachas líon fíorbheag nach bhfuil in ann don Ghaeilge.

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Luaigh an Teachta Ó Snodaigh an meon diúltach atá i gceist maidir líon na bpost atá le fáil le Gaeilge agus rudaí mar sin. Tá an-obair déanta ag an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, faoi sin. Caithfidh mé a rá go bhfuil mé ar bhord COGG. Tá an-obair déanta aige ina leith seo. Tá pacáiste déanta amach aige le gairmeacha sa Ghaeilge. Tá sé i mo sheomra ranga agus taispeánaim do na daltaí é gach bliain le hiad a chur ar an eolas faoi na gairmeacha atá le fáil le Gaeilge. Bíonn suim acu dá bharr. Má tá a fhios acu go bhfuil gairmeacha le fáil le Gaeilge, tá suim acu sa rud.

Comment on this

Bhí mé díreach chun an cheist sin a chur ar na finnéithe ó thaobh na ngairmeacha. Is cuimhin liom go raibh seisiún againn le finnéithe ón Garda Síochána tamall de bhlianta ó shín. Dúirt siad nach raibh aon duine ag cur isteach ar na poist le Gaeilge. D’iarr mé orthu má bhíonn An Garda Síochána ag dul isteach sna scoileanna chun stocaireacht a dhéanamh, agus dúirt siad nach mbíonn. Dúirt mé leo gurb é sin an gnáthrud a dhéantar sa comhthéacs sin. Tá jab mór romhainn, agus roimh an Státchóras ina iomláine, míniú do dhaltaí a bheidh sa Státchóras amach anseo go bhfuil agus go mbeidh na poist sin ann. Roimhe seo, b’fhéidir nach raibh siad chomh aitheanta. Tá muid anois tar éis glacadh leis go gcaithfear 20% d’earcaithe sa Státchóras - ar a laghad - a bheith inniúil sa Ghaeilge. Ní féidir le haon duine leithscéal a bheith acu. Conas is féidir leis an Státchóras cuidiú le heagraíochtaí na bhfinnéithe é sin a chur trasna nuair atá siad ag míniú do pháistí nó tuismitheoirí go bhfuil agus go mbeidh an Ghaeilge chomh tábhachtach amach anseo?

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Caithfear gairmthreoir a thabhairt do na múinteoirí ar dtús. Níl a fhios ag go leor acu faoi na gairmeacha seo. Tá a fhios ag gach duine gur féidir le duine le Gaeilge a bheith ina mhúinteoir, ina gharda agus rudaí mar sin, ach téann daoine isteach san iriseoireacht le Gaeilge. Tá níos mó deiseanna anois le suíomhanna cosúil le Tuairisc.ie, mar shampla. Tá Raidió na Gaeltachta, TG4 agus rudaí mar sin ann freisin. Caithfidh muid na deiseanna seo a thaispeáint do dhaltaí, cosúil leis an bpacáiste atá déanta ag COGG. Bíonn COGG thar a bheith gnóthach ag gach chomhdháil agus freastalaíonn sé ar an Oireachtas agus imeachtaí mar sin. Bíonn seastán aige ina léirítear na rudaí atá daoine in ann a dhéanamh le Gaeilge. Caithfear dul isteach sna scoileanna.

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Is céatadán fíorbheag a bheidh ag plé le Gaeilge amach anseo sa saol. Tá sé níos tábhachtaí go mbeidh meas agus grá acu don Ghaeilge agus go mbeidh siad sásta an Ghaeilge a úsáid amach anseo sa saol. Mar shampla, má chloiseann siad an Ghaeilge agus iad i siopa, déarfaidh siad “Dia duit”, nó cibé rud agus go mbeidh fáilte roimh an Ghaeilge agus go mbeidh sí mar theanga sa tír seo arís.

Comment on this

Gabhaigí mo leithscéal go raibh moill orm teacht chuig tús an chruinnithe. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as teacht isteach agus é seo a chur inár láthair. Mar atá ráite ag mo chomhghleacaithe, is iomaí uair a phléigh muid an cheist seo faoin mhaoirseacht ar cháilíochtaí na ndíolúintí leis an Roinn. Tá a fhios agam gur luaigh an Teachta Ó Muirí é seo. Maidir leis an idirghabháil a bhíonn ar siúl idir eagraíochtaí na bhfinnéithe agus an Roinn, cén sórt aiseolais a thagann ar ais ón Roinn i leith an easpa maoirseachta seo? Is féidir liom comhaireamh ar mo dhá lámh líon na bpríomhoidí atá tar éis a rá liom go mbíonn drogall orthu an díolúine a thabhairt mar níl aon chosaint á tabhairt ag an Roinn go bhfuil siad ag déanamh an chinnidh cheart. Cad é an léirmheas atá á thabhairt ag an Roinn i leith an easpa maoirseachta seo? Lorg mé an freagra sin nuair a bhí ionadaithe na Roinne os ár gcomhair cúpla seachtain ó shin agus is é an freagra a fuair mé ná “Sin é an córas”. Ní raibh mé an-tógtha leis an bhfreagra. Cén sórt freagra a thugann an Roinn d’eagraíochtaí na finnéithe agus iad ag plé a leithéid leo?

Comment on this
Ms Anne Loughnane

Is ceist í sin atá níos leithne ná muid. Ní bhíonn an Roinn ag plé linn mar mhúinteoirí. Bhí an ceart ag an duine a dúirt gurb é sin an córas agus nach féidir linn, múinteoirí beaga, an córas a athrú. Braitheann muid ar pholaiteoirí chun an córas a athrú agus-----

Comment on this

B’fhéidir go ndearna mé praiseach den bhealach ar chuir mé an cheist. Chun í a thiontú ar bhealach eile, an bhfuil an t-aiseolas ag teacht ó phríomhoidí sna scoileanna ina bhfuil na finnéithe nach bhfuil siad compordach leis an easpa maoirseachta sin?

Comment on this
Ms Anne Loughnane

I gcomhthéacs an bhrú atá ar phríomhoidí agus cé chomh gnóthach is atá siad, mar a dúradh cheana sa chruinniú seo, tógann siad an tslí éasca uaireanta. Nílim ag caint faoi gach príomhoide ach cuireann tuismitheoirí a lán brú orthu chun an díolúine a fháil dá gcuid páistí. Bheadh sé deacair seasamh in aghaidh an éilimh sin ó na tuismitheoirí.

Bheadh siad gnóthach don lá ar fad leis.

Bhí muid ag caint faoin meon diúltach atá ann i leith na Gaeilge. I ndáiríre, amuigh sa sochaí anois tá meon saghas dearfach ann fúithi. Tá athrú mór tagtha sa mhéid sin. Tá sí saghas faiseanta agus nua-aimseartha i slí don ghlúin seo. Caithfimid glacadh leis sin agus cuidiú leis sna scoileanna. Baineann an meon dearfach le conas mar a eagraítear an córas sa scoil. Tá deis againn dul i ngleic leis sin toisc go bhfuil athrú meon sa sochaí agus tá súil agam go leanfaidh sé sin ar aghaidh. Caithfimid cuidiú leis an gcúrsa atá againn, agus tá na fadhbanna leis an gcúrsa agus leis an struchtúr sa scoil pléite agus athphléite againn anseo. Baineann na fadhbanna diúltacha leis an gcóras sna scoileanna. Ní bhaineann sé leis na múinteoirí ach leis an gcóras atá ann. Níl aon dul as againne ach é a mhúineadh mar atá sé. Is é sin an áit go bhfuil an fhadhb.

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Maidir leis an gceist a chur an Teachta faoin mbrú atá ar phríomhoidí, b'fhéidir gur ceart an cheist sin a chur ar an NAPD. Ní bhaineann sé linn i ndáiríre toisc nach mbímid ag caint leis an Roinn Oideachas agus Óige faoi. Gan amhras ar bith tá brú ar na príomhoidí leis na díolúintí.

Comment on this

Arís, níl a fhios agam cá bhfaighimid na figiúirí, ach cén sórt "overlap" atá ann idir díolúintí atá á thabhairt maidir leis an nGaeilge agus díolúintí atá á thabhairt do theangacha nua-aimseartha?

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Níl ceangal ar bith.

Comment on this

An bhfuil anailís staitisticiúil déanta air sin?

Comment on this
Ms Anne Loughnane

Mar atá sé, is féidir leis na daltaí sonracha seo na teangacha Eorpacha a dhéanamh, ach ní féidir leo an Ghaeilge a dhéanamh.

Comment on this

Is é sin an fhadhb.

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Níl aon duine ag iarraidh díolúine ón Bhéarla nó ón mata agus bhí go leor fadhbanna agamsa ar scoil le mata agus ní raibh sé le fáil.

Comment on this

Táim ar bhord Ghaelscoil a bhfuil an-chuid dalta ón ionad IPAS agus Gaeilge amháin acu. Níl aon díolúine a fháil acu ón Bhéarla agus ní chuirtear an cheist.

Bhí cruinniú agam leis an ETB i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo, agus bhíomar ag labhairt faoin nGaeilge agus an ról atá aici sa bhreisoideachas ach go háirithe. Ceann de na rudaí a thit amach, ar luaigh Ms Loughnane, ná an gá díriú isteach ar an bhfoclaíocht agus ar an gcaint agus comhrá. Is rud suntasach é nach bhfuil Gaeilge fheidhmeach ann mar ábhar don bhreisoideachas. Ba mhaith liom tuairimí na finnéithe air sin a chloisteáil. Sin ceann de na rudaí go bhféadfaí a thabhairt isteach mar tá Béarla feidhmeach ann sa bhreisoideachas. Ní dóigh liom go bhfuil Gaeilge fheidhmeach ann-----

Comment on this
Na finnéithe

Tá. XXXXXXXXXXXXXXXXXXXXXXXX Ms Loughanane ansoe......

Comment on this

Ach níl an chéad chéim eile den Ghaeilge sin ar fáil sa bhreisoideachas. Cén fáth nach féidir linn níos mó a thiontú? Ag féachaint ar an béim a bhí ann nuair a bhí mise ar scoil ar an litríocht sa Bhéarla, ní dóigh liom gur ionann an béim atá á chur ar an litríocht sa Ghaeilge. Ba mhaith liom tuairimí na finnéithe a chloisteáil ar an nGaeilge fheidhmeach a "mainstreamáil" mar ábhar sa bhreisoideachas don ghnáthchuraclam, le go mbeidh sé mar rogha do dhaoine a bhfuil ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge.

Comment on this
Ms Anne Loughnane

Bheadh sé iontach. Aon áit gur féidir Gaeilge fheidhmeach a chur, ba cheart í a chur. Sin an pointe atá á dhéanamh againn. Beatha teanga í a labhairt. Caithfimid tús áite a thabhairt don labhairt. Bhí an Teachta ag labhairt faoin slaitín draíochta - níor luamar an rud ar luaigh sé mar cheapamar go mbeimis ag dul ró-fhada leis, ach bheadh sé iontach dúinne dá mbeadh an rogha sin ann sa mainstream.

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Bheadh níos mó meas ar an nGaeilge agus suim inti ag na daltaí. Arís, tá áit ag an litríocht, ach maraíonn an litríocht an teanga mar atá cúrsaí i láthair na huaire. Feicimid sa tsraith shinsearach an mbeidh aon difríocht ann nuair a chuirtear an Ghaeilge nua amach. Beidh sé suimiúil.

Comment on this
Ms Anne Loughnane

Chun a bheith soiléir faoi, ní rud sean í an tsraith shóisearach. Tháinig an cúrsa nua seo a bhfuilimid ag caitheamh anuas go hiomlán air isteach níos lú ná deich mbliana ó shin. Is féidir a rá, "ó, tá sé sin ann le blianta." Níl. Tá sé seo i bhfad níos measa ná an ceann a bhí ann cheana ó thaobh fás agus forbairt na Gaeilge de. Tá sé sin dochreidte ach sin mar atá.

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Tháinig an tsraith nua isteach i 2019. Nílimid ach ag dul siar seacht mbliana ó shin agus feicimid an méid dochair atá déanta don Ghaeilge.

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Aontaím leis sin. Is mór an trua é nach bhfuil scrúdú béil ann don teastas sóisearach. Is botún mór é.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Mo bhuíochas leis na finnéithe as ucht teacht isteach inniu. Bhí orm dul isteach go dtí cruinniú eile ag an am céanna níos luaithe. Mo leithscéal nach raibh mé anseo i gcomhair a gcuid cainte, ach léigh mé gach rud ar sheol siad ar aghaidh chugainn agus bhíos ag éisteacht le gach duine anseo chomh maith.

Mar mhúinteoirí, ag breathnú ar lucht na céad bliana agus leibhéal na Gaeilge atá acu - agus nílim ag cur an milleán ar na bunscoileanna - an bhfuil an leibhéal ard go leor agus na páistí ag teacht isteach sa chéad bhliain?

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Braitheann sé sin ar an scoil, ar an áit ina bhfuil an páiste agus ar an dearcadh atá ar an teanga. Ag caint go pearsanta faoi mo scoil féin, tá an-difríocht idir scoileanna agus ní bheadh sé féaráilte bheith ag caitheamh anuas ar scoil ar leith. Níor mhaith liom bheith ag caitheamh anuas ar aon duine anseo. Tá leibhéil difriúla i ngach áit.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Nuair a thagann scoláirí isteach sa chéad bhliain nach féidir le múinteoirí tuiscint gur tháinig leaid ó scoil A agus cailín ó scoil B-----

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Gan amhras

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

-----ó thaobh an leibhéal Gaeilge de. Nach bhfuil sé sin fíor?

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Gan amhras ar bith.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Mar mhúinteoirí is féidir leis na finnéithe ceangal a dhéanamh idir leibhéal na Gaeilge agus an scoil ónar tháinig an dalta. Taispeánann sé sin an difríocht idir conas atá an curaclam á mhúineadh ag scoileanna éagsúla. Is léir go bhfuil obair le déanamh ansin. Ag bogadh ar aghaidh go dtí na scoláirí atá ag teacht isteach agus nach bhfuil ardchaighdeán na Gaeilge nó caighdeán réasúnta acu, an bhfuil ceangal eatarthu siúd agus iad siúd atá ag fáil na díolúintí?

Comment on this
Ms Anne Loughnane

Tá.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Séard atá á rá agam ná, is féidir linn cúpla cos siar a thógaint agus feiscint go bhfuil na daltaí atá ag fáil na díolúintí, go háirithe don teastas sóisearach, ag teacht as scoileanna nach bhfuil múineadh nó curaclam na Gaeilge chomh maith céanna is atá i scoileanna eile. An bhfuil sé sin féaráilte le rá? Nílim ag iarraidh na finnéithe a dhéanamh míchompordach ach táim ag breathnú ar na blianta taithí atá acu. Táimid ag déanamh iarracht, go háirithe leis an seisiún seo agus an seisiún eile a bhí againn roimhe seo, breathnú ar cén fáth a bhfuil na díolúintí chomh ard sin. Tá muid ag breathnú ar na príomhoidí, na múinteoirí, na bunscoileanna agus na meánscoileanna, agus ar na cúiseanna, agus conas gur féidir leighis a aimsiú ar an bhfadhb.

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Bheadh sé suimiúil fáil amach ar dtús báire an méid díolúintí a bhronntar ag leibhéal na bunscoile de agus ag leibhéal meánscoile. Níl an uimhir sin agam, níl cliú agam céard é, ach bheadh sé sin suimiúil. Nuair a thagann siad isteach chugainn le díolúintí, den chuid is mó ní dhéanann siad Gaeilge-----

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Ní fheiceann na finnéithe iad.

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

-----sa bhunscoil. Tá sé thar a bheith deacair a rá leo go gcaithfidh siad cúpla focal nó cúpla rud a dhéanamh nuair nach bhfuil siad i dtaithí ar an nGaeilge in aon chor.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Bhí Ms Loughnane ag labhairt faoin mbonnleibhéal níos luaithe. I dtuairim na finnéithe, dá mbeadh an bonnleibhéal ar fáil, an mbeadh laghdú ar líon na díolúintí? B'fhéidir nach bhfuil leibhéal na daltaí seo maith go leor don ghnáthleibhéal ach bheidís ceart go leor sa bhonnleibhéal.

Comment on this
Ms Anne Loughnane

Tá méar an Leas-Chathaoirleach curtha aige ar chuid lárnach den fhadhb i ndáiríre. Pé cúis atá taobh thiar de, tagann an duine sin isteach go dtí an chéad bhliain agus níl áit oiriúnach, compordach don dalta sin. Téann sé isteach leis na daoine maithe, na daoine a bhfuil ardchaighdeán acu agus tá sé caillte. Tá lagmhisneach air agus sin deireadh leis, tá sé caillte anois don rud ar fad. Tá deis ann ag leibhéal na céad bliana, nuair a thagann siad isteach, chun déileáil leo.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Téann sé sin go dtí pointe a rinne Claire Ní Mharcaigh níos luaithe faoin meon sin san ardleibhéal agus go bhfuil trian den rang nach bhfuileadar iomlán báúil. An bhfuil ceangal idir sin agus nach bhfuil an caighdeán céanna ann do na scoláirí éagsúla sa cúigiú nó sa séú bliain? Tá trian den rang ag breathnú ar an dá thrian eile agus tá sé éasca go leor dóibh na haistí a scríobh agus gach uile shórt ach b'fhéidir go bhfuileadar chomh maith leis an dá thrian eile i labhairt na teanga. An bhfuil ceangal ann chomh maith?

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Cad í an cheist arís?

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Baineann an cheist leis an meon. Táim ag déanamh iarracht smaoineamh faoi cén fáth go bhfuil an easpa misnigh ansin. Dúirt Claire Ní Mharcaigh níos luaithe go bhfuil trian den rang sa séú bliain nó sa chúigiú bliain nach bhfuileadar iomlán tógtha leis an ábhar. Cad é an chúis dó sin? Táim ag déanamh iarracht ceangal a dhéanamh idir cad atá ráite ag na finnéithe. Cad í an chúis nach bhfuil meon dearfach ag trian den rang?

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Má tá fadhb acu leis an nGaeilge sa bhunscoil, leanann sé sin ar aghaidh nuair a thagann siad isteach sa chéad bhliain agus sa dara bliain. Cailleann siad aon suim atá acu sa Ghaeilge má tá siad ag streachailt leis an nGaeilge an t-am ar fad. Luadh an meon ansin. Tá sé chomh soiléir do mheánscoileanna an difríocht atá ann idir na daltaí a théann go dtí an Ghaeltacht agus na daltaí nach bhfuil an seans sin acu. Athraíonn an meon nuair a fheiceann siad gur teanga bheo í an Ghaeilge. Tá seans ag scoileanna áirithe airgead nó scoláireacht a thabhairt do dhaltaí chun dul go dtí an Ghaeltacht, go háirithe i scoil DEIS nó rud mar sin. Dá mbeadh an seans sin ag gach scoil nó dá mbeadh an t-airgead sin á thabhairt do dhaltaí nó cur isteach ar scoláireacht, bheadh an-difríocht ann. Bhí an seans sin agam nuair a bhí mise ar scoil. Sin an fáth go bhfuil meon dearfach agam i leith na Gaeilge. Dá mbeadh an seans sin ag gach scoil nó fiú ag leath na ndaltaí, bheadh an-difríocht ann.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Chuir mise tús le scoláireacht Ghaeltachta i gComhairle Contae Chill Dara thart ar deich mbliana ó shin anois. An fhadhb is mó a bhí againn an t-am ar fad ná scoileanna le cur isteach ar an scoláireacht. An t-aon rud a bhíomar ag cur ceist orthu ná ainm scoláire amháin ón scoil a mbeadh an deis seo go hiontach dóibh. Tá cúig thoghcheantar i gComhairle Contae Chill Dara agus bhí cúig scoláireacht ar fáil, ceann do gach uile cheann. I gcúpla bliain, níor tháinig aon duine ó thoghcheantar amháin agus thugamar dhá scoláireacht do thoghcheantar eile. Tá obair le déanamh leis na scoileanna ó thaobh na deiseanna sin atá ar fáil. Tá a lán scoláireachtaí ar fáil, go háirithe do na scoileanna sin sa lár agus na clanna nach bhfuil an t-airgead acu na páistí a sheoladh go dtí an Ghaeltacht, go mbeadh an deis sin acu.

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Bhí mé ag iarraidh smaoineamh ar an gceist. Braitheann sé ar an dearcadh atá acu agus atá sa bhaile. Braitheann sé ar an múinteoir a bhí acu, sa bhunscoil nó sa mheánscoil. Tá go leor rudaí taobh thiar den dearcadh atá ag daoine ar an nGaeilge.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Tá sé casta.

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Tá sé thar a bheith casta.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad as ucht a bheith anseo. Bhí mé ar líne don chruinniú ar fad ag éisteacht leis. Bhí an comhrá an-suimiúil. Tá mo chomhghleacaí tar éis an-chuid de na ceisteanna a chur. D'aontaigh mé leis na finnéithe ar bheagnach gach rud. Rud amháin nár chuala mé sa phlé agus rud a chloisim ar an talamh ná an fhadhb ó thaobh clár ama de. An bhfuil aon fhírinne ann? Cloisim go bhfuil tacaíocht foghlama curtha ar an gclár ama ag an am céanna leis an nGaeilge agus tá sé sin ag cur isteach air. Bhí mé ag iarraidh cúpla nóiméad plé a chloisteáil ó na finnéithe maidir leis sin.

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Luaigh mé é sin cheana. Tá an clár ama lán ag na scoláirí. Tá sé thar a bheith deacair do na múinteoirí riachtanas speisialta am a fháil le haghaidh tacaíocht foghlama. Den chuid is mó, nuair atá díolúine acu ón nGaeilge, úsáidtear an t-am atá ann don Ghaeilge.

Comment on this

An é sin polasaí sna scoileanna nó cinneadh atá príomhoidí á dhéanamh ó thaobh brú ama de?

Comment on this
Ms Lorraine Finn

Is dóigh liom nach bhfuil na cigirí sásta leis sin. Níl mé ag caint anseo ar son na gcigirí, ach ba bhreá leo dá mbeadh na daltaí istigh sna seomraí ranga chun an Ghaeilge a bhlaiseadh. Sílim gur cinneadh áitiúil é. Muna bhfuil siad ag déanamh na Gaeilge, mothaíonn siad gur cóir tacaíocht foghlama a chur ar siúl san am sin.

Comment on this
Ms Anne Loughnane

Ní maith linn é sin, ach caithfear a rá go gcaithfear spás éigin a fháil. Piocann siad an Ghaeilge, ach muna bpiocann siad an Ghaeilge caithfidh siad stair nó rud éigin a fháil mar caithfidh siad spás a fháil agus níl go leor spáis ann. Ba mhaith liom teacht ar ais chuig an rud a dúirt an Leas-Chathaoirleach. Cuireann sé áthas orm cloisteáil faoin scéim sin ón gcomhairle contae. Nuair a bhí sé ag caint faoi agus áit amháin tugtha do gach aon toghcheantar. Tá sé deacair ar dhalta amháin dul go dtí áit éigin iargúlta. Dá mbeadh cead ag beirt ón scoil dul ann, déarfainn go n-éireodh i bhfad níos fearr leis. Ceapaim féin go mbeadh beirt chairde ábalta dul ann. Sin nod amháin.

Comment on this
Ms Claire Ní Mharcaigh

Tá scéim againn i mBaile Átha Cliath. Luaigh an Teachta Moynihan an bord oideachais agus oiliúna. Tá scoláireachtaí an Chraoibhín againn. Tá fáilte roimh aon scoil iarratas a dhéanamh ar an scoláireacht. Tugann na scoileanna méid áirithe airgid don scoláireacht. Tá mise mar chathaoirleach ar Aontas Múinteoirí Éireann i mBaile Átha Cliath. Tugann muid airgead dóibh freisin. Faigheann siad airgead ó ASTI nó cibé rud. Tá daoine in ann scéimeanna mar sin a bhunú chun deis a thabhairt. Anuraidh, ceapaim go raibh thart ar 90 dalta a fuair airgead éigin le dul chun na Gaeltachta. Is fiú go mór é, go háirithe in áiteanna ina bhfuil tuistí ag streachailt sa lá atá inniu ann. Is deis iontach é agus athraíonn dearcadh an scoláire nuair a fheiceann siad an Ghaeilge mar theanga bheo.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Leis sin, cuirfidh mé clabhsúr leis an seisiún seo. An gcomhaontaítear leis sin? Comhaontaítear. Cuireann sé sin deireadh lenár mbreithniú inniu. Gabhaim buíochas le Anne Loughnane, Lorraine Finn, Claire Ní Mharcaigh agus Anthony Dowling as an bplé fiúntach agus tairbheach a bhí againn leo inniu. Cuirfear an comchoiste ar athló go dtí 11 a.m., Dé Máirt, an 21 Aibreán 2026 nuair a phléifear cúrsaí oideachais le hionadaithe ón Roinn Oideachais agus Óige.

Comment on this