We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

Múineadh na Gaeilge i Meánscoileanna T2 agus Córas na nDíolúintí: Plé (Atógáil)

Summary

The committee examined Irish teaching in T2 post-primary schools and the exemptions system. Department officials said Irish is a priority, outlined curriculum changes, the junior cycle review, planned senior-cycle reform, and support measures such as Oide resources, COGG funding, Gaelbhratach and bilingualism initiatives. Deputies questioned the rapid rise in exemptions, especially where many exempt students are still taking modern foreign languages, and argued the Department should set a clearer target and tighten oversight. Officials said exemptions are monitored annually, schools with high numbers are contacted, and there is no target figure in place, while the Inspectorate’s role is focused on overall teaching quality rather than deciding exemptions.

Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Anois, déanfaimid ár mbreithniú ar mhúineadh na Gaeilge sna meánscoileanna T2 agus córas na ndíolúintí leis na hionadaithe seo a leanas ón Roinn Oideachais agus Óige: Gavan O’Leary Uasal, rúnaí cúnta; Celeste O’Callaghan Uasal, príomhoifigeach san aonad um beartas curaclaim agus measúnachta; Leona De Khors Uasal, príomhoifigeach cúnta san aonad céanna; Pádraig Mac Fhlannchadha Uasal, príomhoifigeach san aonad Ghaeilge um scoileanna meán-Bhéarla; Brendan Doody Uasal, príomhoifigeach san aonad um beartas oideachais speisialta; Anne Tansey Uasal, stiúrthóir na seirbhíse náisiúnta síceolaíochta oideachais; an Dr. Treasa Kirk, príomhchigire cúnta; Dermot Brown Uasal, príomhoifigeach le freagracht as bainistíocht maoine scoileanna; Muireann Tóibín Uasal, príomhoifigeach gníomhach san aonad um oideachas Gaeltachta; agus Lorcán Ó hAlmhain Uasal, ardoifigeach feidhmiúcháin san aonad um beartas curaclaim agus measúnachta. Cuirim fáilte mhór rompu. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 3, taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Sula leanfaidh mé ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe agus na gcomhaltaí uile. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin a chur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseán a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiscint ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad féin ag caint.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu ó lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí go bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá go bhféadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad don ordú sin láithreach. An nglacann na finnéithe ar fad leis na treoracha sin? Glacann. Anois iarraim ar an Roinn Oideachais agus Óige a ráiteas tosaigh a dhéanamh.

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Cuirimid fáilte roimh an deis seo a bheith anseo os comhair an chomhchoiste ar maidin chun aghaidh a thabhairt ar an gceist maidir le múineadh na Gaeilge sna hiar-bhunscoileanna T2 agus córas na ndíolúintí. Is ard-rúnaí cúnta mé sa Roinn Oideachais agus Óige. Táim i gcuideachta mo chomhghleacaithe, ar chuir an Leas-Chathaoirleach iad in aithne don choiste.

Ceann de phríomhchuspóirí na Roinne is ea teagasc agus foghlaim na Gaeilge a fheabhsú. Tá roinnt gealltanas i gclár an Rialtais maidir leis an nGaeilge a bhí mar bhonn eolais faoi bheartas na Roinne ina leith sin. Tá sé leagtha amach mar chuspóir i ráiteas straitéise na Roinne go ndéanfar “Cur chuige cuimsitheach agus dearcthaí dearfacha i leith na Gaeilge a chothú, lena n-áirítear cur leis an méid a úsáidtear an Ghaeilge agus a bhaintear taitneamh aisti agus feabhas a chur ar chomhtháthú na dtacaí don Ghaeilge i scoileanna mean-Bhéarla.”

Is plean dhá bhliain é Is Féidir Liom, Is Féidir Linn: an Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla. Tá sé mar aidhm aige feabhas a chur ar theagasc, ar fhoghlaim agus ar úsáid na Gaeilge i scoileanna meán-Bhéarla. Bhí próiseas comhairliúcháin agus taighde fairsing mar bhonn eolais don phlean gnímh. Tacóidh sé le scoileanna na curaclaim don Ghaeilge atá ann cheana a chur i bhfeidhm chun eispéiris foghlama níos tarraingtí agus níos rathúla a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga.

D’fhoilsigh an Roinn an polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht i mí na Samhna seo caite. Tá gníomhartha á soláthar faoin bpolasaí sin chun tacú le fás agus forbairt na hearnála oideachais lán-Ghaeilge. Cuireann an dá pholasaí sin le rath an pholasaí don oideachas Gaeltachta atá i bhfeidhm ó 2017 i leith.

Tugadh curaclam nua Gaeilge T1 agus T2 isteach ag leibhéal na sraithe sóisearaí in 2017. Nuashonraíodh é in 2023 tar éis athbhreithniú luath air a chur i bhfeidhm. Aithníodh rudaí dearfacha agus dúshláin san athbhreithniú sin. Mar thoradh air, tugadh isteach athruithe a chuir béim níos mó ar scileanna cumarsáide ó bhéal agus a laghdaigh an méid litríochta ar an gclár. Tá athbhreithniú breise ar siúl anois chun monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar na hathruithe seo. Foilsíodh an chéad tuarascáil eatramhach ón athbhreithniú sin i Márta 2025. Foilseofar an dara tuarascáil go luath.

Mar chuid d’athfhorbairt na sraithe sinsearaí, tá sé beartaithe go dtabharfar sonraíocht athbhreithnithe do Ghaeilge na hardteistiméireachta isteach do scoláirí a bheidh ag dul isteach sa chúigiú bliain in 2028. Tá grúpa forbartha ábhair iomchuí bunaithe ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta. Nuair a bheidh an dréachtsonraíocht forbartha, cuirfear faoi chomhairliúchán poiblí í. Déanfar an athfhorbairt bheartaithe sin an tráth céanna leis an obair atá ar bun chun an t-ábhar curaclaim a ailíniú leis an gcomhchreat tagartha Eorpach le haghaidh teangacha. Beidh athfhorbairt na Gaeilge ag an tsraith shinsearach ag teacht le beartas na Roinne maidir le foghlaimeoirí a spreagadh chun a gcuid Gaeilge a fhorbairt agus a úsáid agus tacú leo chuige sin. Áirítear leis sin feabhas a chur ar scileanna labhartha agus cluastuisceana na scoláirí. Chuige sin, déanfar comhpháirt bhéil a bhfuil ualú 40% ar a laghad aici a choinneáil sa tsonraíocht athbhreithnithe.

Beidh an coiste ar an eolas go bhfuil cur i bhfeidhm marcanna bónais á leathnú do scoláirí a dhéanfaidh a gcuid scrúduithe Stáit trí Ghaeilge. D’fhoilsigh an Roinn agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit ciorcláin le déanaí ina dtugtar mionsonraí faoin leathnú. Tabharfaidh an leathnú seo aitheantas d’obair chúrsa agus do chomhpháirteanna measúnaithe breise. Léiríonn sé seo an tiomantas atá ag an Roinn úsáid ghníomhach na Gaeilge i bpobail scoile a spreagadh.

Ag casadh ar cheist na ndíolúintí, nuair a bhíomar os comhair an choiste seo ar 24 Márta, leagamar amach forbhreathnú ar chóras na ndíolúintí ag an mbunleibhéal. Rinneamar cur síos ar na critéir do dhíolúintí a cheadú. Thugamar breac-chuntas freisin ar an dóigh ar tháinig leathnú ar na critéir, rud a bhí ag teacht le hathruithe inár sochaí agus inár scoileanna. Baineann cuid mhór den fhaisnéis sin leis an gcóras iar-bhunscoile freisin agus tá sé ábhartha don phlé inniu.

Sa scoilbhliain 2024-25, ceadaíodh díolúine ó staidéar na Ghaeilge do 19,777 scoláire iarbhunscoile. Bhí díolúine ag 60,946 scoláirí iarbhunscoile sa scoilbhliain céanna. Tuigimid go bhfuil fás tagtha ar líon na ndíolúintí atá á fháil ag scoláirí iarbhunscoile, ach ba cheart féachaint ar líon na ndíolúintí a cheadaítear i scoileanna i gcomhthéacs níos leithne. Tá líon na leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais chasta acu inár scoileanna ag méadú. Is léir é sin ó líon na ranganna speisialta nua atá curtha ar fáil le cúig bliana anuas i scoileanna príomhshrutha – 1,700 rang – agus ón mhéadú a bhíonn ag teacht ar rolluithe i scoileanna speisialta gach bliain. Tá beagnach 28,000 scoláire a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu rollaithe i ranganna speisialta agus i scoileanna speisialta sa scoilbhliain 2024-2025. Is ionann é sin agus beagnach 3% dár ndaonra iomlán scoláirí bunscoile agus iarbhunscoile.

As scoláirí iarbhunscoile na scoilbhliana 2024-2025, rugadh 56,555 acu lasmuigh d’Éirinn. Ina measc seo, tá breis agus 7,000 scoláire ón Úcráin rollaithe inár n-iarbhunscoileanna faoi láthair. Ba cheart féachaint ar na figiúirí sin i gcomhthéacs an fháis atá ar líon na scoláirí atá rollaithe ag an leibhéal iarbhunscoile le blianta beaga anuas. Tá méadú tagtha ar an rollú inár n-iarbhunscoileanna ó 379,184 scoláire sa scoilbhliain 2020-21 go 425,411 scoláire sa scoilbhliain 2024-25. Is ionann é sin agus méadú breis agus 12% sna cúig bliana sin.

Mar chuid de struchtúr eagraíochtúil nua Oide, cruthaíodh rannán nua ar a dtugtar an GaelAonad. Tá freagracht shonrach ar an nGaelAonad as réimse curaclaim na Gaeilge agus as comhthéacsanna scoile a oibríonn trí mheán na Gaeilge. Cinntítear le soláthar GaelAonaid go mbeidh forbairt na Gaeilge níos infheicthe agus níos follasaí do Oide mar eagraíocht. Tháinig méadú suntasach ar líon foirne ceadaithe an GhaelAonaid ó 18 duine ag deireadh na bliana acadúla 2024-25 go 39 i mí Mheán Fómhair 2025. Mar chuid den mhéadú sin, tá foireann ar leith ar a bhfuil sé de chúram uirthi tacú le cur chun feidhme an phlean gnímh nua don Ghaeilge i scoileanna meán-Bhéarla.

Mar fhocal scoir, dearbhaím don choiste gur cuspóir tosaíochta de chuid na Roinne é an Ghaeilge a chur chun cinn. Infheistíonn an Roinn go láidir sa Ghaeilge. Tá sí tiomanta go mbeidh an Ghaeilge mar ghné lárnach den churaclam scoile. Tá go leor saintionscnamh á gcur chun feidhme nó ar siúl faoi láthair chun tacú leis an oideachas iarbhunscoile. Táimid ar an eolas faoi ábhair imní an choiste maidir le córas na ndíolúintí ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge. Tá aird tugtha againn don cheist seo. Cuirimid na hábhair imní sin san áireamh inár n-obair leanúnach ar fad maidir le hathbhreithniú agus forbairt a dhéanamh ar an mbeartas ina leith sin. Táimid sásta aon cheisteanna a bheidh ag an gcoiste a fhreagairt.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Sula leanaim ar aghaidh, tá dhá ghrúpa anseo ó Mhaigh Nuad, mo bhaile féin. Cuirim céad míle fáilte roimh Ghaelscoil Ruairí agus múinteoirí Póla, Colm agus Mairéad agus roimh chomhairle na scoláirí agus múinteoir Síofra ó Ghaelscoil Uí Fhiaich. Is tábhachtach go bhfeiceann daoine óga go bhfuil an Ghaeilge feiceálach go poiblí anseo i dTithe an Oireachtais agus, mar a dúirt mé leo níos luaithe, nach sa scoil amháin atá sí.

Tá an Ghaeilge á úsáid againn anseo an t-am ar fad. Tá na Teachtaí Dála Shane Moynihan agus Aengus Ó Snodaigh anseo, arb as Baile Átha Cliath don bheirt acu. Pléann an coiste seo trí Ghaeilge amháin. Ní bhíonn muid ag plé trí Bhéarla ar chor ar bith. Dóibh siúd nach bhfuil mórán Gaeilge acu, tugann muid cluasáin dóibh agus bíonn siad go breá. De ghnáth, is trí Ghaeilge a bhíonn muid ag plé. Tá sé tábhachtach go bhfeiceann na daltaí, atá ag foghlaim trí mheán na Gaeilge, é sin. Gabhaim buíochas leo as teacht isteach chuig Tithe an Oireachtais inniu.

Leanfaidh muid ar aghaidh le ceisteanna.

Comment on this

Fáiltím roimh mhuintir Ghaelscoileanna Ruairí agus Uí Fhiach. Is mór an fháilte atá rompu.

Gabhaim buíochas le Gavan O’Leary as an ráiteas cuimsitheach. Fillfidh mé ar an gceist a d’ardaigh mé le foireann na Roinne nuair a bhí siad os comhair an choiste roimhe seo maidir leis an sórt feitheoireachta nó monatóireachta atá á déanamh ar bhronnadh na ndíolúintí. Tuigim gur feidhm í seo a luíonn leis an bpríomhoide in aon scoil iarbhunscoile ach, ar mhaithe le soiléireacht, an bhfuil aon mhonatóireacht nó feitheoireacht á déanamh ar bhronnadh na ndíolúintí le cinntiú nach bhfuil athraithe ó chontae go contae nó ó scoil go scoil agus go bhfuil na critéir á gcur i bhfeidhm i gceart agus go cothrom timpeall na tíre? Is mian liom tuairimí na bhfinnéithe a fháil air sin.

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Iarrfaidh mé ar Leona De Khors teacht isteach maidir le ceist na monatóireachta. Chomh maith leis sin, iarrfaidh mé ar an Dr. Treasa Kirk labhairt faoin obair a dhéanann na cigirí agus iad ag dul isteach go scoileanna. Ní hamháin go bhfeiceann siad ar cheisteanna mar sin, ach bíonn a lán oibre idir lámha acu maidir le teagasc na Gaeilge agus an bealach a bhfuil sé sin ag titim amach i scoileanna i láthair na huaire. Mar a luaigh an Dr. Kirk an uair dheireanach, bíonn siad sa tóir ar aon dea-chleachtas a fheiceann siad i scoileanna. Más gá, b’fhéidir gur féidir le Pádraig Mac Fhlannchadha teacht isteach freisin ar an gceist seo. Ar dtús, iarrfaidh mé ar Leona De Khors roinnt a rá maidir leis na díolúintí agus an córas atá i bhfeidhm.

Comment on this
Ms Leona De Khors

We monitor the number of exemptions on an ongoing basis. We receive a breakdown annually of the number of exemptions in all of the schools, and we compare it with previous years. We continually monitor the number of exemptions. If we feel the number of exemptions is going up in certain schools, we will write to them in that regard. We have done so in the past. We have also written to all schools – primary and post-primary – to remind them of the rules and criteria around exemptions.

We are also in the process of carrying out a recommendation we recently received from this committee, in partnership with An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG. It has recently advertised for research on the benefits of bilingualism. COGG has received additional staff and resources to carry out that work. We hope that by the end of September, it will have a research basis for developing leaflets to circulate to schools on the benefits of bilingualism. That is how we carry out our monitoring. We receive correspondence on a regular basis from schools and we directly follow up with them in that regard.

Comment on this

An bhfuil aon anailís déanta maidir le líon na ndíolúintí a bhronntar ar an nGaeilge i gcomparáid le líon na ndíolúintí a bhronntar ar theangacha nua Eorpacha? Is cóir, ag glacadh leis go gcuirtear na critéir sin i bhfeidhm, go mbeidh an overlap céanna i gceist idir dhíolúintí don Ghaeilge agus díolúintí do theangacha nua Eorpacha. An ionann iad?

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Iarrfaidh mé arís ar Leona De Khors teacht isteach air sin. Mar a mhínigh Mark Bohan an uair dheireanach a bhíomar anseo, tá difríocht idir stádas na Gaeilge sa churaclam agus na teangacha nua Eorpacha. Iarrfaidh mé ar Leona De Khors teacht isteach ar an gceist sin maidir leis na teangacha nua.

Comment on this
Ms Leona De Khors

There is no exemption system for modern foreign languages because they are not deemed to be mandatory subjects at school level. Irish is the only subject that is mandatory at all levels in the system.

Comment on this

B’fhéidir go gcuirfidh mé an cheist ar bhealach eile. Glacaim leis an méid atá ráite ó thaobh an stádais atá ag an nGaeilge mar ábhar éigeantach. An bhfuil aon anailís déanta má tá scoláirí, a bhfuil díolúintí acu ón Ghaeilge, ag dul i ngleic le teangacha nua Eorpacha mar chuid dá gcuid staidéar?

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Tuigim an cheist anois. Arís, iarrfaidh mé ar Leona De Khors teacht isteach air seo. Mar a dúramar cheana, tá difríocht ann. Is ag leibhéal na hiarbhunscoile a bhíonn daltaí nó scoláirí ag tosú lena gcuid staidéar ar na teangacha nua ach, de ghnáth, bíonn formhór na scoláirí ag teacht isteach ó na bunscoileanna, áit ar fhoghlaim siad an Ghaeilge ar feadh ocht mbliana. Tá difear idir na hábhair sin ó thaobh curaclaim agus critéar de.

Iarrfaidh mé ar Leona De Khors sonraí níos daingne a nochtadh ar an gceist sin.

Comment on this
Ms Leona De Khors

In 2024-25, just over 19,000 students holding a special educational needs, SEN, exemption were studying foreign languages at post-primary level. It is worth noting that a lot of schools have modern foreign languages as a mandatory subject at junior cycle level. Just over 10,000 of those students were studying at junior cycle level and approximately 4,000 at transition year level. Approximately 25% - some 4,000 students – were studying a foreign language at leaving certificate level. Of those 19,000 students holding a SEN exemption, some 3,000 were also born outside Ireland. They have that indicator. Of the 4,000 students at leaving certificate studying a foreign language while holding a SEN exemption, a portion of them were born outside Ireland.

Foreign languages are taught ab initio. They start at level A1 on the junior cycle curriculum, which is in broad alignment with the Common European Framework of Reference for Languages, CEFR. Irish, however, is taught from A2 or B1 level. In Irish-medium schools, that level is higher, at around B2 level.

Comment on this

Chun soiléiriú a fháil air seo, nuair a bhíonn muid ag labhairt faoin SEN exemption sin, is exemption ón Ghaeilge atá i gceist. As 19,000 duine a bhfuil díolúine acu, tá 10,000 acu ag déanamh staidéar ar theanga nua Eorpach ag leibhéal an timthrialla shóisearaigh.

Comment on this
Ms Leona De Khors

Yes.

Comment on this

Sin an áit a bhfuil an frustrachas do dhaoine. Tá daoine in ann dul i ngleic leis an nGaeilge. Glacaim leis an méid atá ráite ag Gavan O’Leary maidir le hocht mbliana caite ag foghlaim na Gaeilge ag leibhéal na bunscoile. D’fhreastail mé ar bhunscoil Bhéarla ach chuaigh mé go meánscoil Ghaeilge. Is beag an difir atá idir na coincheapa bunúsacha ó thaobh labhairt na Gaeilge i meánscoileanna agus bunscoileanna Béarla. Is féidir an teanga a phiocadh suas. Tá an-chuid cosúlachtaí idir staidéar na dteangacha nua Eorpacha ag leibhéal na meánscoile don chéad bhliain agus staidéar na Gaeilge. É sin ráite, glacaim leis an bpointe in good faith. Is í an fhadhb atá agam leis seo ná go bhfuil 19,000 dalta nach bhfuil in ann, i dtuairim an chórais oideachais, breis is teanga amháin a fhoghlaim, ach tá teanga nua Eorpach idir lámha acu. Is é sin an deacracht atá agam. Níl mé chun a thuilleadh ama a chaitheamh air seo. B’fhéidir go rachaidh na comhaltaí eile i ngleic leis.

Baineann an dara hábhar atá agam leis na figiúirí a chuir an Roinn isteach chuig an gcoiste. Tá an ceart ar fad ag finnéithe na Roinne go bhfuil fás tar éis teacht ar líon na ndaltaí iarbhunscoile sa tír. Glacaim leis sin. Ní hionann, áfach, an ráta fáis sin agus ráta fáis na ndíolúintí a tugadh don Ghaeilge. Glacaim leis an gcomhthéacs atá an Roinn ag iarraidh cur chun tosaigh, ach tá ráta níos tapúla i leith bhronnadh na ndíolúintí ná ráta fáis an daonra.

Is cuimhin liom go maith an méid a dúirt an Dr. Kirk agus í os comhair an choiste roimhe seo. Maidir le riachtanais speisialta oideachais, an é tuiscint nó polasaí na Roinne go gciallaíonn siad nach bhfuil scoláire in ann dul i ngleic leis an Ghaeilge? Is é an fáth a gcuirim an cheist ná go bhfeicim samplaí de dhea-chleachtas dátheangach agus samplaí de dhea-chleachtas oideachais speisialta trí mheán na Gaeilge i nGaelscoileanna agus Gaelcholáistí timpeall na tíre. Ní dóigh liom gurb ionann an dá rud. Tá mé ag iarraidh polasaí na Roinne ina leith sin a thuiscint.

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Tá an ceart ag an Teachta; ní hionann iad. Tá scoileanna, Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí san áireamh, ina mbíonn daltaí le riachtanais oideachais speisialta ag oibriú agus faoi bhláth. Iarrfaidh mé ar Brendan Doody teacht isteach maidir le ceist-----

Comment on this

Sula dtagann sé isteach, tá ceist amháin eile agam le cur leis seo. An bhfuil aon bhealach go dtabharfaí díolúine ón Bhéarla do dhalta i scoil atá trí mheán na Gaeilge?

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Iarrfaidh mé ar Brendan teacht isteach ar an gceist maidir le riachtanais speisialta. Mar a dúirt Mark Bohan an uair dheireanach, níl córas ann maidir le díolúintí a thabhairt don Bhéarla. Is don Ghaeilge amháin atá na himlitreacha agus ciorcláin.

Comment on this

An bhfuil an t-éileamh ann?

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Ní dóigh liom go bhfuil, ach b’fhéidir go n-iarrfaidh mé ar Leona De Khors teacht isteach ar an gceist sin níos deireanaí. Is dócha gur féidir linn a rá nach bhfuil an t-éileamh ann maidir le díolúintí a fháil ón Bhéarla. Is féidir le Brendan Doody teacht isteach agus plé a dhéanamh maidir leis an gceist sin. An uair dheireanach, bhí sé in ann an dea-chleachtas a chonaic sé thar lear a mhíniú do bhaill an choiste maidir le daoine.

Comment on this
Mr. Brendan Doody

Tá go leor dea-chleachtas, ní hamháin thar lear ach in Éirinn freisin. B’fhéidir go labhróidh an Dr. Kirk faoi sin. Ní hé dearcadh na Roinne nach bhfuil scoláire a bhfuil riachtanais speisialta aige nó aici in ann Gaeilge a fhoghlaim. Tá níos mó ná 90 rang speisialta i mbunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge. Tá i bhfad níos lú ranganna speisialta i meánscoileanna, ach tá siad ann. Má tá oideachas nó córas cuimsitheach ag teastáil uainn, agus tá sé uainn, caithfidh scoláirí blas a fháil ar dtús sna ranganna príomhshrutha. Agus na blianta ag dul ar aghaidh, tá seans go mbeidh siad in ann an chuid is mó dá gcuid ama a chaitheamh sna ranganna príomhshrutha. I gcás Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí, caithfidh scoláirí an Ghaeilge a labhairt, a chloisteáil agus a fhoghlaim. Is léir dúinn go léir go bhfuil daoine le riachtanais speisialta in ann an Ghaeilge a fhoghlaim.

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Ar mhaith le Leona De Khors teacht isteach maidir leis an gceist sin faoin chóras atá againn a sholáthraíonn díolúintí don Ghaeilge, ach ní don Bhéarla ná ábhair eile?

Comment on this
Ms Leona De Khors

There is a process to grant an SEN exemption. Under guidelines from the Department for supporting students with additional needs in a mainstream school, there is the identification of need. This is apart from the exemption process. First, there is an identification of need and then a work plan is put in place for the student to support and help them. It is at the end of that process, if those interventions have not been successful, that the student may receive an exemption. I will take literacy needs as an example. If a student at the end of that process still remains at or below the tenth percentile for literacy, and over a two-year period it is in the school’s opinion that an exemption is deemed in the best interest of the student, an exemption can be considered. There is whole process to go through before consideration can be given to an exemption from the study of Irish. In the meantime, those students engage with Irish. Indeed, the circular set out the Department’s position that students should be supported to engage with Irish, even those holding an exemption, to the best of their ability.

Comment on this

Níl mé chun níos mó ama a thógáil. Tá a fhios agam go bhfuil níos mó comhaltaí ag iarraidh teacht isteach.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Tiocfaidh muid ar ais chuig an Teachta.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Bhí roinnt dóibh anseo cúpla seachtain ó shín nuair a bhí muid ag déileáil le ceisteanna maidir le bunscoileanna, ach d’éirigh linn caint faoi mheánscoileanna a shleamhnú isteach chomh maith. Gabhaim buíochas leo as na figiúirí a thug siad don choiste. De réir na bhfigiúirí sin, má tá an mhatamaitic go maith agam – ní raibh riamh – bronnadh 14.3% de na díolúintí anuraidh. Uaireanta, bíonn sé deacair féachaint ar fhigiúirí. Maíonn daoine go mbíonn an oiread sin eachtrannach sa chóras. Ní hé go bhfuil leithscéal á dhéanamh maidir leis sin ach, uaireanta, measaim go gcuirtear an dearcadh sin amach. Sna figiúirí seo, tá sé luaite go bhfuil 56,555 scoláire ó lasmuigh d’Éirinn sa chóras faoi láthair. Tá sé sin beagáinín níos lú ná an méid a bhfuil díolúine acu.

Luaitear arís na daltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu, agus arís, is féidir na céatadáin sin a oibriú amach. An fhadhb bhunúsach ná go bhfuil an ráta díolúintí ag ardú. Níl a fhios agam ag an staid seo an bhfuil an ráta dóibh siúd ar rugadh lasmuigh den tír ag ardú chomh maith céanna, nó an bhfuil an ráta ó thaobh na riachtanais speisialta ag ardú. Tá a fhios agam go bhfuil líon na ranganna speisialta ag ardú.

Tá ceisteanna ann ó thaobh na figiúirí de. Tá siad ró-mhór in aon chaoi. Tá na daltaí atá in ann suí don ardteistiméireacht, glacaim leis ag ard leibhéal agus gnáthleibhéal, ag déanamh teangacha eile seachas an Ghaeilge, agus sin an áit a bhíonn ceann de na mórcheisteanna. An bhfuil an córas faoi láthair ag éascú do thuismitheoirí nó do dhaltaí díolúintí a fháil toisc go síleann siad go bhfuil an t-ábhar sin ró-dheacair nó gur cuma leo faoi nó nach dtuigeann siad go bhfuil postanna léi agus riachtanais ag baint léi. Níl aon fáth eile go bhfuil daltaí in ann aon chúrsa - ní hamháin teangacha eile, matamaitic mar shampla nó aon rud eile - a dhéanamh don ardteist agus nach bhfuil siad in ann scrúdú a shuí don Ghaeilge ag pé leibhéal atá oiriúnach. An cheist ná cad ar féidir a dhéanamh ionas nach bhfuil sé éasca teacht ar dhíolúintí agus an bhfuil an Roinn sásta athrú poirt a dhéanamh. Sa deireadh thiar thall, tharla an athrú seo faoin Roinn.

Luadh an uair dheireanach cad as a tháinig sé nuair a tháinig leathnú ar na díolúintí do pháistí ambasadóirí agus mar sin. Thar oíche, thosaigh an fás agus anois tá muid ag an staid go bhfuil breis is 14% de dhaltaí nach bhfuil ag scrúdú den teanga náisiúnta.

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Mar a luaigh sé, tá staitisticí ann agus is féidir linn sonraí a thabhairt don choiste má tá siad ag teastáil. Mar a luaigh Leona De Khors, agus is féidir liom iarraidh uirthi teacht isteach arís, tá an chomhairle ann do na scoileanna maidir leis an gcritéar agus conas é a chur i bhfeidhm ionas go bhfuil béim ar an nGaeilge a fhoghlaim, ionas go mbeidh taithí ag na daltaí ar an nGaeilge fiú mura bhfuil siad chun an scrúdú a dhéanamh, is go bhfuil sé mar chuid de saol na scoile.

Mar a luaigh Brendan Doody, tá daltaí áirithe nach bhfuil chun Gaeilge a dhéanamh san ardteist ach ar féidir leo taithí a bheith acu ar Ghaeilge a chloisteáil agus í a bheith mar chuid de saol na scoile. Freisin, tá a fhios agam go bhfuil taithí ag an gcigireacht, agus mar sin iarrfaidh mé ar an Dr. Treasa Kirk teacht isteach ar an gceist seo freisin maidir le conas a chuirtear an Ghaeilge chun cinn inár scoileanna le go mbeidh tosaíocht aici mar chuid d'obair na scoile, agus an curaclam á chur i bhfeidhm. Iarraim ar dtús ar Leona De Khors teacht isteach maidir le conas mar a oibríonn agus conas a chuirtear an córas i bhfeidhm inár scoileanna.

Comment on this
Ms Leona De Khors

As I said, there is ongoing monitoring of the circulars in schools. We look at its statistics on an annual basis. As for foreign languages, the figure is approximately 25%. That means 4,000 students hold an exemption. Some were born outside Ireland and even if they were born in Ireland, they may have another heritage or home language. We can certainly look more into those students and their backgrounds.

There are a range of initiatives we are taking to support the Irish language. As I mentioned earlier, we are promoting the benefits of bilingualism. COGG has a significant increase in resources; its funding is up to well over €4.5 million this year. It is doing a lot of work in terms of resources and supporting schools and under Pádraig Mac Fhlannchadha's action plan for Irish- and English- medium schools, is developing and checking resources to ensure they are appropriate and up to a good standard. We have the content and language integrated learning project, CLIL, that is, learning a second subject through Irish. That is an ongoing project that has been in place and is running into its sixth year. We are currently advertising it to schools to participate. It has a dual approach of content and language.

In addition to that, we have resources for schools to support them undertaking PE through Irish. We have resources up to second class which COGG is developing. They will be ready for 3rd and 4th class this September. There is also significant additional funding going this year to Foras na Gaeilge for a range of initiatives, including the Gaelbhratach programme. We are doubling the funding the Department provides to Foras na Gaeilge for that project. There is funding for the lexicography project. Last December, Foras na Gaeilge published the first Irish to Irish dictionary. The Department is involved in funding that and is also looking at the Séadán Sí resources which are for primary-level Irish-medium schools.

A lot of work is happening in the exemption space. My colleagues will talk about the action plan for Irish and other initiatives which are happening across the Department.

Comment on this
Dr. Treasa Kirk

Gabhaim buíochas leis an Teachta as an gceist. I dtaobh na cigireachtaí ag an iarbhunleibhéal, tá mé chun díriú isteach air sin ach go háirithe. Bíonn cigireachtaí ábhair ar siúl sna hiarbhunscoileanna dar ndóigh. Sna cigireachtaí agus tuairiscí sin, luaitear an céatadán de dhaonra iomlán na scoile atá ag fáil díolúine. Bíonn sé sin luaite i gcomhthéacs na scoile. Dar ndóigh, díríonn na cigirí ar cháilíocht an tsoláthair oideachais i gcoitinne. Bíonn siad ag féachaint ar cháilíocht na ceannaireachta sa scoil, ar cháilíocht an teagasc agus foghlama, agus an mheasúnacht chomh maith. Níl ról monatóireachta go díreach ag an gcigireacht maidir le díolúintí, ach tá ról lárnach ag an gcigireacht faoin Acht Oideachais maidir le cáilíocht an tsoláthair oideachais agus tuairisciú ina leith. Tá sé tábhachtach a rá, ó 2019 ar aghaidh, ní féidir díolúintí ón Ghaeilge a dheonú ach i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna Béarla. Níl sé sin i gceist i scoileanna lán-Ghaeilge nó Gaelcholáistí. Is dul chun cinn é sin.

Is féidir liom tuairisc beag a thabhairt maidir le hiarratas a fuaireamar ón rannóg beartas curaclaim agus measúnachta chun féachaint ar chás staidéar éagsúla ag an iarbhunleibhéal - cásanna ina raibh líon beag de dhíolúintí - chun féachaint ar an gcleachtas a bhí sna scoileanna sin agus teachtaireachtaí a fháil uathu. Bhí sé iarbhunscoil i gceist agus ba léir go raibh stádas ard ag an nGaeilge iontu, agus gur thug bainistíocht shinsearach na scoile tacaíocht láidir d'fhoireann na scoile chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Bhí dearcadh dearfach i gcoitinne i leith na Gaeilge agus cuireadh ionchais airde i bhfeidhm maidir le foghlaim na Gaeilge sna scoileanna céanna. Chomh maith leis sin, ba léir go raibh an Roinn Gaeilge gníomhach le gníomhaíochtaí éagsúla sa churaclam a chur ar bun agus go raibh an-mheas á chothú i measc ag na scoláirí i leith na Gaeilge. Tugadh deis do gach uile scoláire sna scoileanna céanna gníomhaíochtaí a dhéanamh in imeachtaí Gaeilge éagsúla lasmuigh den seomra ranga.

Chothaigh sé sin meon iontach ó thaobh na scoláirí de. Sna scoileanna céanna rinne na cigirí iniúchadh ar na bpróisis a bhí i gceist maidir leis na díolúintí, agus ba léir sa sé scoil sin go raibh próisis láidre, shoiléire iontu agus cur i bhfeidhm maidir le cinsireacht iarratais le haghaidh díolúintí. Ba léir, freisin, go raibh plé leis na múinteoirí Gaeilge agus ag leibhéal scoile-uile ó thaobh na ndíolúintí. Bhí dea-chumarsáid sna scoileanna céanna le tuismitheoirí agus le caomhnóirí. Arís, is scoileanna iad seo ina raibh líon beag de dhíolúintí, ach fós féin bhí díolúintí i gceist. Bhí gach páiste a raibh díolúine acu páirteach sna gníomhaíochtaí éagsúla.

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Iarraim ar Phádraig Mac Fhlannchadha teacht isteach maidir leis an bplean gnímh. Cuid den obair atá á chur chun cinn leis an bplean gnímh ná samplaí de dhea-chleachtais a scaipeadh chun go mbeidh scoileanna eile ar fud na tíre á n-úsáid chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus meon dearfach maidir leis an nGaeilge a a bhunú.

Comment on this
Mr. Pádraig Mac Fhlannchadha

Foilsíodh an plean gnímh i Mí na Samhna a d'imigh tharainn. Is é an sprioc atá leis an bplean gnímh ná tacú le teagasc, le foghlaim agus le h-úsáid na Gaeilge sna scoileanna meán-Bhéarla laistigh de na curaclaim reatha. Tá a fhios againn faoi bhun an curaclaim ar fad go bhfuil an sprioc ann go mbeidh páistí in ann Gaeilge a úsáid go cumarsáideach. Tá béim ar leith sa phlean gnímh ar thacú le scoileanna scileanna labhartha na scoláirí a fhorbairt.

Trí cinn de na bunchloch atá faoi bhun an phlean ná meonta dearfacha a chothú i leith na Gaeilge, úsáid na Gaeilge a mhéadú agus tacú le rochtain ag leanaí agus daoine óga ar fhoghlaim na Gaeilge de réir a riachtanas. Táimid ag teacht chuig an gcoiste ó thaobh na scoláirí agus tuismitheoirí na scoileanna a spreagadh, ag dul ar aghaidh ar bhonn an-ghníomhach agus dearfach. Bhí comhairliúcháin, mar a luaigh Gavan O'Leary, oscailte, cuimsitheach faoi bhun an plean gnímh, agus i rith an comhairliúcháin, ó bheith ag labhairt le múinteoirí, príomhoidí, scoláirí agus tuismitheoirí, chonaiceamar go bhfuil go leor dea-chleachtais ann. Ba mhaith linn na dea-chleachtais sin a leathnú, ach tá go leor dea-chleachtais ann ó thaobh foghlaim na Gaeilge agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sna scoileanna. Tá go leor dea-chleachtais freisin ó thaobh cur chuigí ionchuimsitheacha a úsáid. Mar chuid d'fheidhmiú an phlean, táimid ag obair le hoide agus le COGG maidir leis na dea-chleachtais a shábháil agus a roinnt le scoileanna. Táimid ag obair ar threoracha cabhracha a sholáthar do scoileanna agus do mhúinteoirí maidir le cur chuigí ionchuimsitheacha a úsáid go héifeachtach maidir le foghlaim na Gaeilge ar mhaithe le cinntiú go mbeidh deis ag na leanaí agus na daoine óga eispéiris thairbheacha, thaitneamhacha a bheith acu agus iad ag foghlaim na Gaeilge. Tá sé tábhachtach go bhfuil na deiseanna sin ann de réir riachtanais na ndaltaí.

Comment on this

Tá an ceart ag Pádraig Mac Fhlannchadha agus an Dr. Treasa Kirk gur cóir déileáil leis agus díriú isteach ar an dea-chleachtas. An fhadhb ná go bhfuil droch-chleachtais ann faoi láthair. Glacaim leis go bhfuil a fhios ag na finnéithe cén scoileanna, agus nílim ag iarraidh iad a ainmniú, a bhfuil droch-chleachtais nó céatadán níos mó díolúintí acu ná mar a bheadh i gceist in áiteanna eile. Sa chás sin, seachas a bheith ag féachaint ar an sampla a bhí an Dr. Treasa Kirk ag caint faoi, caithfimid díriú isteach anois sula ndéanfar níos mó damáiste ar na scoileanna ina bhfuil droch-chleachtais iontu. Sin atá taobh thiar den obair. Mura ndéanaimid sin, leanann na deacrachtaí níos faide agus tógann sé am scoileanna a athrú timpeall. Seo an t-am ar chóir go mbeadh muid ag féachaint ar cad iad na nithe gur féidir a dhéanamh chun cuidiú leis an bhfoireann scoile chun na dea-chleachtais sin a thabhairt chun cinn. Cad iad na tacaíochtaí gur féidir linn a thabhairt do mhúinteoirí nach bhfuil muiníneach faoin teanga a mhúineadh ionas go mbeidh an t-atmaisféar Gaelach sin ann? An gá dúinn múinteoirí a mhealladh chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht nó ar chúrsaí eile, agus ní díreach na múinteoirí atá ag múineadh an Ghaeilge? An gá dúinn féachaint ar cheist na béaltrialach a thógáil ar ais ag leibhéal na sraithe sóisearaí agus an bonnleibhéal a thógaint ar ais ionas gur féidir linn díriú isteach orthu siúd a cheapann gur ualach atá ann scrúdú a dhéanamh ó thaobh an Ghaeilge de, le nach mbeadh sé chomh trom sin orthu agus leis an gcuid eile, go bogfaidh daoine eile ar a laghad scrúdú éigin a dhéanamh? B'fhéidir amach anseo go mbeidh an cohórt sna scoileanna sin ag bogadh ón mbonnleibhéal go dtí an ghnáthleibhéal agus amach anseo go mbeidh siad in ann ardleibhéal a dhéanamh. Ó thaobh na Gaeilge de, níl sé go maith go bhfuil muid ag déileáil leis seo de shíor agus nach bhfuil athrú ag tarlú chomh tapaí is ar chóir dó a bheith.

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Iarrfaidh mé ar an Dr. Treasa Kirk teacht isteach chun labhairt níos mó ar cad a dhéanann an cigireacht nuair nach bhfuil an caighdeán chomh hard is ar chóir dó a bheith agus cén tacaíocht atá ar fáil agus conas mar a dhíríonn an cigireacht ar bhainistíocht agus ar mhúinteoirí chun go mbeidh siad in ann níos mó a fháil amach faoin dea-chleachtas sin agus conas é a chur i bhfeidhm ina gcuid scoileanna.

Maidir leis an mbéaltriail agus leis an mbonnleibhéal, iarraim ar Celeste O’Callaghan beagán a rá faoi sin.

Comment on this
Dr. Treasa Kirk

Maidir le ceist an teachta faoin dea-chleachtas agus cleachtais atá le forbairt agus go bhfuil gá le forbairt a dhéanamh orthu, arís, tríd na cigireachtaí bíonn samhail éagsúla ag cigireachta i gceist mar a dúirt mé ag an gcruinniú de choiste an Oireachtais an lá cheana. Bíonn spriocanna ag baint leis an gcigireacht chun féachaint ar ghnéithe éagsúla den cleachtas. Bíonn comhráite ag na cigirí leis na ceannairí scoile, le múinteoirí dar ndóigh, aiseolas ó bhéal agus i scríbhinn agus cruinnithe fócais grúpaí le scoláirí. Bailítear an fhianaise sin go léir agus bíonn cruinniú iarchomhdhála i gceist ag an gcruinniú iarmheastóireachta. Ag an gcruinniú sin bíonn deiseanna plé idir an cigire agus foireann na scoile agus na múinteoirí le haiseolas a roinnt. Tá an t-aiseolas sin fíorthábhachtach. Tá sé fianaise-bunaithe. Chomh maith leis sin bíonn tuairisc agus foilsítear an tuairisc sin. Bíonn deis ag an scoil féachaint ar an bhfianaise. Bíonn moltaí sna tuairiscí. Mar shampla, in 2025 rinneadh 21 cigireacht ábhair ar an nGaeilge. Tá sé i gceist againn, sa tuarascáil bhliantúil i mbliana, anailís a dhéanamh ar na príomh cinntí ó na tuairiscí sin. Dar ndóigh, tá láidreachtaí le feiceáil sna tuairiscí, agus is féidir liom blaiseadh a thabhairt de na láidreachtaí sin. Nuair a bhí an Ghaeilge in úsáid mar phríomhtheanga teagaisc agus cumarsáide, go hiondúil bíonn an cleachtas níos fearr ná má tá Béarla fite fuaite nó modh an aistriúcháin in úsáid. Sna scoileanna seo, rinne na múinteoirí iarrachtaí coinsiasacha an Ghaeilge a chur chun cinn.

Bhí leibhéal ard rannpháirtíochta le linn na gceachtanna. Bhí 105 ceacht i gceist. Beidh eolas níos sainiúla sa tuarascáil. Níl mé chun gach rud a rá anseo inniu.

Bhí na timpeallachtaí dearfacha tacúla don Ghaeilge le sonrú sna scoileanna céanna. Sna háiteanna a raibh an fhoghlaim an-spreagúil, ba léir go raibh aiseolas á thabhairt do na múinteoirí agus do na ceannairí scoile. Tá réimsí ina bhfuil feabhas le déanamh orthu, ach go háirithe sa mheasúnú. Is léir go mbíonn an-chuid moltaí i gceist maidir le measúnú na foghlama agus go bhfuil gá le haiseolas níos foirmithí a thabhairt do na múinteoirí i gcásanna áirithe. I gcásanna eile, tá gá le tuilleadh scaflála a thabhairt agus monatóireacht níos éifeachtaí a thabhairt ar dul chun cinn na scoláirí san fhoghlaim. Tá gá le béim níos láidre a chur ar struchtúir na teanga agus ar na struchtúir teanga sin a chleachtadh i ngrúpaí oibre sna seomraí ranga. Tá gá leis an bpleanáil le chinntiú go bhfuil raon leathan de dhifreáil luaite agus go bhfuil tascanna difreála curtha ar fáil do na scoláirí. An rud is mó, mar a dúirt mé, ná an measúnú. Tá gá le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar mheasúnú na foghlama.

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

B'fhéidir go n-iarrfaidh mé ar Phádraig Mac Fhlannchadha teacht isteach chun focal a rá faoi na tacaíochtaí atá á soláthar do mhúinteoirí. Piocann sé suas ar chuid de na pointí a bhí ag an Dr. Kirk.

Comment on this
Mr. Pádraig Mac Fhlannchadha

Ag eascairt as an méid a luaigh an Teachta Ó Snodaigh, déanfaidh mé cur síos ar na tacaíochtaí breise atá á soláthar faoin bplean gnímh don Ghaeilge i scoileanna meán-Bhéarla. Tá foireann nua in Oide ó mhí an Mheán Fómhair na bliana seo caite le tacú leis an nGaeilge sna scoileanna meán-Bhéarla. Tá méadú mór tagtha ar na tacaíochtaí atá ar fáil do na múinteoirí agus na scoileanna a mhúineann trí Bhéarla. Áirítear ansin cuairteanna i scoileanna, webinars agus ócáidí foghlama proifisiúnta eile. Cuirtear béim ar leith ar úsáid an chur chuige cumarsáide ar an bhfoghlaim ghníomhach ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh deiseanna a chur ar fáil do na scoláirí an Ghaeilge a úsáid. Chomh maith leis sin, tá foireann nua ag COGG ó mhí Mheán Fómhair na bliana seo caite. Tá an fhoireann sin ag obair ar acmhainn nua chun tacú le forbairt na scileanna éisteachta agus labhartha i measc foghlaimeoirí ó na naíonáin suas go leibhéal na hardteistiméireachta. Déanfaidh sé siúd an-difríocht ar fad. Feicimid go bhfuil bearna ansin. Cabhróidh sé le scoileanna agus le múinteoirí tuilleadh béime a chur ar an nGaeilge mar theanga. Sin an prionsabal an-tábhachtach atá faoi bhun an phlean gnímh.

I rith an chomhairliúcháin a rinneamar, thuigeamar cé go bhfuil an-chuid acmhainní ar fáil chun tacú le foghlaim agus múineadh na Gaeilge sna scoileanna meán-Bhéarla, ní raibh a fhios ag an-chuid scoileanna agus múinteoirí cad a bhí ann. Má bhí a fhios acu cad a bhí ann, ní raibh a fhios acu conas iad a úsáid. Bhain sé sin le múinteoirí faoi oiliúint freisin. Ag eascairt as sin, tá COGG chun mol lárnach ar líne d'acmhainní do na scoileanna meán-Bhéarla a fhorbairt. Tá an scópáil nó an dearadh den obair sin tosaithe cheana féin.

Tá sé ar intinn freisin an scéim Gaelbhratach, scéim aitheantais, a leathnú. Tá an scéim sin páirtmhaoinithe ag an Roinn seo in éineacht le Roinn na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge. Tá sé ar intinn againn é sin a neartú mar cuireann sé béim ar úsáid na Gaeilge tríd an scoil i gcoitinne lasmuigh den seomra ranga. Chomh maith leis sin, ó thaobh Ghaeilge na múinteoirí de, bímid ag obair le COGG i gcónaí maidir le cúrsaí samhraidh a sholáthar do mhúinteoirí ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal ina bhfuil cur chuige tumtha. Is cúrsaí iad ina bhfuil cur chuige tumtha. Tá na cúrsaí sin saor in aisce do mhúinteoirí agus faigheann siad pacáiste acmhainní freisin. Tá an-rath ar na cúrsaí sin. Bíonn na múinteoirí a d'fhreastail orthu go dtí seo ag maíomh astu. Táimid ag déanamh plé i gcónaí le Roinn na Gaeltachta maidir le conas tuilleadh tacaíochtaí a sholáthar do mhúinteoirí maidir lena gcuid Gaeilge féin agus a muinín sa teanga a fhorbairt.

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Iarrfaidh mé ar Celeste O'Callaghan teacht isteach maidir leis na ceisteanna a luaigh an Teachta faoin mbéaltriail agus an leibhéal bunúsach.

Comment on this
Ms Celeste O'Callaghan

Gabhaim buíochas leis an Teachta don cheist. I will address foundation level first. In relation to foundation level in the old junior certificate, Irish was one of the three subjects that had three levels, namely, foundation, ordinary and higher level. All other subjects were at higher level and ordinary level. With the introduction of the framework for junior cycle from 2017, most subjects are now only examined at common level, but for Irish, maths and English, you can opt to study it at either higher or ordinary level. The rationale for reducing the levels is to avoid setting lower expectations for students at such an early stage in their learning career and to try to avoid directing them into a lower achievement stream than they might have the potential for. It is about trying to maximise their own potential and trying to not reduce their own expectations of themselves and what they can achieve. That is the rationale for the reduced number of levels. With that, a key thing that was introduced in the framework was that the specifications are based on flexible learning outcomes. Within those learning outcomes, there is flexibility to differentiate teaching and learning and to adapt to what students can achieve and what the different range of potentials is in the class. That is the context for the position around foundation level. It is to try to maximise the students' own potential and to try not to limit their own belief in their learning at such an early stage in their career.

The Deputy also asked about the oral exam. Again, this goes back to the introduction of the framework and the dual approach to assessment that is within the framework. The idea is to try to put the emphasis in the junior cycle on the learning and to try to reduce the focus on the terminal examination at the end of the three years. As part of that, there is a focus on formative assessment. One of the structures that was introduced at junior cycle is the classroom-based assessment. In terms of assessing oral Irish at junior cycle now, the second classroom-based assessment is a classroom-based assessment in communicative competency. That is where all students will undertake that assessment and have it reported on in their junior cycle profile of achievement at the end of the three years.

The previous position was an optional oral examination. At the time that was discontinued, about 40% of students were taking it. The teachers themselves assessed that examination and sent the outcomes of it to the State Examinations Commission, which would then combine it with the students' written performance and give them a single mark. Even though 40% of students were taking an oral examination, they did not know how they performed in that as compared with their written examination, whereas with the current system and the CBA, every student takes that oral assessment and can see that reported on separately within their junior cycle profile of achievement. What has happened in relation to junior cycle and oral skills is that following on from an early enactment review of the junior cycle, which indicated that there needed to be a greater focus on oral skills, the NCCA made some changes to the specification. It reduced the volume of literature.

This happened for students from September 2023 onward. The NCCA reduced the volume of literature and redesigned the CBA to try to ensure there was more of an authentic spoken interaction and not an opportunity for students to rehearse set pieces. Those were the key changes that were made.

A second review is going on now at junior cycle. Part of that will help to evaluate the impact of those changes and whether they have addressed some of the issues about the need to focus on spoken Irish given that this is such an important part of junior cycle. When that review is completed, which will be around the end of this year or early next year, we will have better insights into how that is being experienced in the classroom and whether there are issues that need to be addressed.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith linn anseo inniu. Ó thaobh na Roinne de, an bhfuil an Roinn sásta go bhfuil an córas díolúine ag obair go cóir agus go sásúil?

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Iarrfaidh mé ar Leona De Khors cúpla focal a rá maidir leis an gcóras díolúintí agus conas atá sé ag obair. Tá a fhios againn go bhfuil fás tagtha ar líon na ndaltaí atá ag fáil díolúintí, go háirithe ag leibhéal na hiarbhunscoile, cé go bhfuil sé ag titim nó tagtha síos ag leibhéal na bunscoile, mar a phléamar an uair dheireanach a bhíomar anseo leis an gcoiste. Mar a luamar, tá líon na ndaltaí ag leibhéal na hiarbunscoile ag méadú. Tá sé sin mar chuid den rud atá ag titim amach maidir le deimeagrafach náisiúnta agus líon na ndaltaí atá inár scoileanna go huile agus go hiomlán. Tá ardú ag teacht ar líon na ndaltaí atá ag teacht ó thíortha eile, go háirithe, mar a luaigh mé, le 7,000 tagtha ón Úcráin atá cláraithe inár n-iarbhunscoileanna i láthair na huaire. Tá daltaí le riachtanais oideachais speisialta casta sa chóras. Iarrfaidh mé ar Leona De Khors teacht isteach le míniú don Teachta maidir leis an gcóras agus conas a oibríonn sé.

Comment on this

Tá an ráiteas léite agam.

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Is féidir le Leona De Khors níos mó sonraí a thabhairt don Teachta maidir le conas a oibríonn sé agus conas a chuireann na scoileanna é i bhfeidhm sa chóras.

Comment on this
Ms Leona De Khors

As we said, in terms of the circulars being implemented correctly, there is ongoing monitoring. We look at individual schools every year. We look at the number of exemptions. We write to schools and ask them to explain if they have higher numbers than the average. There is no evidence in the information we get back that they are misusing or abusing the system. A common feature is inner-city schools, DEIS schools with a high a number of IPAS students, students from abroad and recently arrived students. An increased number of special classes in the school is another rationale that they have given us. We continually monitor all schools, particularly schools with high numbers. We will review the report from the inspectorate on best practice schools with low numbers when we get that. Hopefully we will get those best practices and we will be able to share them with schools.

We have also circulated to all schools all the resources and supports that are available, including the Gaelbhratach programme, for example, as well as all those other resources that are available through COGG. We reduced the age level at which an exemption can be granted at primary level from 11 to 12 under the circular and the number has reduced at primary level by a third since 2017-18. Overall, if the Deputy looks at primary and post-primary level, the increase has been from 5.62% to 7.48%. The numbers are reducing at primary level, but they are increasing at post-primary level. Mr. O'Leary has already set out the rationale and reasons for the increase in exemptions at post-primary level.

Comment on this

Go ginearálta, tá an Roinn ag rá go bhfuil an córas ag obair. An bhfuil an Roinn ag rá go bhfuil an córas ag obair go sásúil? Tá fáth le mo cheist. Bhí na ceardchumainn anseo le gairid. Dúirt siad nuair a cuireadh an córas díolúine ar bun ag an tús go raibh sprioc 2% go 3%. Sin an sprioc a bhí i gceist ó thaobh líon na ndaltaí a bhfaigheadh díolúintí. Ceapaim go bhfuil sé an-deacair meastóireacht a dhéanamh ar an gcóras gan sprioc ó thaobh cén céatadán de dhaltaí dara leibhéal a cheapann an Roinn go fadtéarmach a d'fhaigheadh díolúintí. An céatadán a bhí ann ag an tús ná 2% nó 3%. Sin an chéad uair a chuala mé é. Bhí sé an-deimhneach a chloisteáil nuair a cuireadh an scéim seo ar aghaidh i dtosach go raibh sprioc ann.

Tá sé an-deacair meastóireacht a dhéanamh ar an gcóras gan sprioc a rá b'fhéidir anois. Is féidir an sprioc a athrú. B'fhéidir anois toisc go bhfuil dream ón Úcráin againn agus daltaí eile nach mbeadh 3% an sprioc a thuilleadh ach 4%. Caithfidh sprioc a bheith ag an Roinn ó thaobh na hoibre seo ar fad. Gan an sprioc, rachaidh sé ar aghaidh agus ar aghaidh. An calculation a rinne an Teachta Ó Snodaigh ná 14%. Táimid ag caint faoi má tá sé ag dul suas nó síos. An raibh sprioc riamh ag an Roinn ó thaobh céatadán díolúintí? An ceart go mbeidh sprioc ag an Roinn leis an obair atá sí ag déanamh a dhíriú?

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Is féidir liom iarraidh ar Leona De Khors teacht isteach le níos mó sonraí ar na figiúirí. Níor chuala mé go raibh sprioc againn de 3% nó 4% ag aon phointe.

Comment on this

Téann sé seo ar ais siar sna blianta.

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Níor chuala mé faoi. B'fhéidir go bhfuil níos mó eolais ag cuid de mo chomhghleacaithe ach níor chuala mé an figiúr sin go raibh sé go hoifigiúil mar sprioc againn. Mar a oibríonn sé, tá an dalta agus an scoláire lárnach sa chóras agus is ar an mbonn sin a dhéantar na critéir a chur i bhfeidhm agus cad is fearr a dhéanamh don dalta nó scoláire sin. Déanann údarás na scoile an cinneadh sin. Mar a dúirt Leona De Khors agus an Dr. Treasa Kirk, tá monatóireacht agus na figiúirí againn agus déantar obair orthu sin agus aimsítear na samplaí de dhea-chleachtas. Nuair atá scoileanna le figiúirí arda, déantar iniúchadh ar sin. An féidir le Leona De Khors teacht isteach faoi conas a oibríonn an córas agus nach bhfuil sprioc nó cuspóir againn maidir leis na ciorcláin nó na figiúirí go mbeadh figiúr áirithe i gceist?

Comment on this
Ms Leona De Khors

We do not. Exemptions have been in place since the foundation of the State with the first Irish curriculum in 1932. Mr. Ó hAlmhain has researched that. The criteria have changed over time. Originally, they were for children of diplomats and students from abroad, but they have changed over time following the UN Convention on the Rights of the Child in the 1990s where special school students were being educated more in mainstream schools and to cater for that. The criteria and the exemptions policy changed at that stage. I would have to go back through old records to find 2% or 3%. I have heard that figure mentioned, but certainly not by the Department. I have heard it mentioned by some of the Irish-language bodies.

However, it is not a target the Department has.

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Iarrfaidh mé ar an Dr. Treasa Kirk teacht isteach air seo.

Comment on this
Dr. Treasa Kirk

Pointe beag gur mhaith liom a dhéanamh ná go bhfuil mé ag féachaint ar an tuarascáil cigireachta a rinneadh ag an am agus in 2004 bhí 13%, ní 3%, ann.

Comment on this

Nuair a bhí na ceardchumainn anseo bhí na hionadaithe ag caint faoin uair a rinneadh dearadh ar an gcóras nuair a cuireadh an córas le chéile blianta ó shin. Nílim ag rá go raibh sprioc faoi leith ag an Roinn - ceapaim gur cheart go mbeadh sprioc ag an Roinn ach ní raibh ag an am – ach an smaoineamh a bhí ag daoine ná go mbeadh running rate de 2% nó 3% i gceist go fadtéarmach - gur sin an líon díolúintí a bheadh i gceist. Tá sé soiléir go bhfuilimid imithe ó shin. Ba cheart go mbeadh sprioc ag an Roinn. Ba cheart go mbeadh an Roinn ag rá, ó thaobh an taighde atá déanta ag na hoifigigh, an t-eolas atá acu agus an taithí ar fad atá sa Roinn leis na blianta anuas, go bhfuil sé réadúil go mbeadh díolúintí ag 4% de na daltaí, mar shampla, nó 5% ag an dara leibhéal. D’fhéadfaí a rá go bhfuil sé sin féaráilte agus réadúil ó thaobh na scoláirí ar fad le chéile go mbeadh sprioc ag an Roinn. Gan an sprioc – tá na finnéithe ag caint faoi acmhainní – beidh gá tuilleadh acmhainní a chur ar fáil an t-am ar fad. Fáiltím roimhe sin ach gan sprioc fadtéarmach do líon na ndaoine le díolúintí, níl slat tomhais ag duine ar bith le meastóireacht a dhéanamh.

Ó thaobh na cigireachta de, an gceapann an chigireacht go bhféadfadh ról níos lárnaí a bheith aici ó thaobh ceist na ndíolúintí agus go bhféadfaí breathnú ar na cinntí a rinneadh agus ar roinnt samplaí? Cloisimid an t-am ar fad go bhfuil brú ar na múinteoirí agus na príomhoidí ó na tuismitheoirí chun cinneadh a dhéanamh. An bhféadfadh an chigireacht ról níos lárnaí a ghlacadh le cinnte a dhéanamh go bhfuil na cinntí cearta á ndéanamh?

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Iarrfaidh mé ar an Dr. Kirk teacht isteach maidir le ról na cigireachta agus é sin a mhíniú. Tá ról níos leithne ag an gcigireacht. An bhféadfadh an Dr. Kirk cur síos gearr a thabhairt don Teachta maidir le ról na cigireachta go huile is go hiomlán ó thaobh na Gaeilge de – ní hamháin na díolúintí ach freisin maidir leis an gcaighdeán agus mar sin de?

Comment on this
Dr. Treasa Kirk

Níl ról ag an gcigireacht maidir leis na díolúintí-----

Comment on this
Dr. Treasa Kirk

-----agus sin seasamh láidir na cigireachta de bharr go mbímid ag díriú isteach ar cháilíocht an tsoláthair oideachais i gcoitinne agus ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama, agus go hindíreach go bhfuilimid ag díriú ar aon saincheist atá ag titim amach. Bíodh sé faoi díolúintí nó úsáid acmhainní i scoileanna, bíonn orainn tuairisciú faoi sin más ann dó agus má tá fadhb ag baint leis. Ní bhíonn muid ag díriú isteach ar na díolúintí ach amháin i gcásanna staidéir a ndearna mé tuairisc orthu cúpla nóiméad ó shin. Is an soláthar oideachais i gcoitinne agus teagasc, foghlaim, measúnú, cáilíocht na gceannaireachta agus na bainistíochta na príomhróil atá in aon scoil. Tá sé ríthábhachtach go bhfuil siad sin ag feidhmiú mar is cóir ó thaobh na Gaeilge de freisin agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn. Cuid de ról na cigireachta faoi mhír 13(9) ná úsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus an Ghaeilge a spreagadh sa scoileanna, agus is é sin an sórt cur chuige a bhíonn againn sna scoileanna.

Comment on this

Tuigim sin agus fáiltím roimhe sin. Tá scileanna faoi leith ag an gcigireacht leis na mblianta agus tá ceist ó thaobh na gcinntí seo atá á dhéanamh. Cloisimid an t-am ar fad go bhfuil brú ar na príomhoidí agus ar na scoileanna. D’fhéadfadh an chigireacht ról a bheidh aici ó thaobh breathnú ar na cinntí sin. Níl sé aici faoi láthair. Tuigim cén fáth nach bhfuil sé ag na cigirí faoi láthair ach tá cineál poll ansin. Níl éinne ag breathnú go cuimsitheach ar na ceisteanna sin ó thaobh na gcinntí sin atá á dhéanamh agus na díolúintí atá á thabhairt. Ba rud dearfach é dá bhféadfadh muid sin a dhéanamh. Bheadh sé dearfach ó thaobh na Roinne de dá mbeadh sin á dhéanamh go cuimsitheach nuair atá na príomhoidí agus na scoileanna faoi bhrú. Sin an méid atá agam.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Tá cúpla ceist agam, agus ansin rachaidh mé thar n-ais go dtí mo chomhghleacaithe. Ar dtús báire, an rud is tábhachtaí don Roinn, do na múinteoirí agus dúinn anseo ná go bhfuil torthaí oideachasúil dearfacha do gach uile dalta agus iad ag críochnú na hiarbhunscoile agus ag bogadh ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal, ag dul ag obair nó pé rud. Positive educational outcomes; is é sin atá á rá agam. Ag an am céanna, ní hionann é sin agus gan staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge toisc nach dtaitníonn sé leat, go bhfuil sé ródheacair nó go mbeadh sé níos éasca pointí níos airde a fháil san ardteist gan an Ghaeilge a dhéanamh. An figiúr a sheasann amach ná an figiúir a thug Leona De Khors níos luaithe go bhfuil 19,000 dalta ag déanamh staidéar ar theanga Eorpach nua-aimseartha agus go bhfuil díolúine acu. Tuigim an briseadh síos a thug sí ann. Ní aontaím go hiomlán leis an argóint fúthu siúd a rugadh thar lear má tá an t-uafás daoine óga a rugadh thar lear ag déanamh staidéar ar an nGaeilge agus ní dóigh liom gur chóir díolúine a bheith ar fáil dóibh toisc gur rugadh thar lear iad. Tá daoine óga a bhog go hÉireann ag sé, seacht nó hocht bliana d’aois atá in ann Gaeilge a dhéanamh. Tá Gaeilge á dhéanamh acu agus tá siad go iontach aici. Tuigim an deacracht atá ann do roinnt daoine óga. An pointe atá á dhéanamh agam ná seo: nuair a chloiseann na finnéithe an figiúr sin - 19,000 duine óg atá ag déanamh staidéir ar theanga Eorpach eile gan Ghaeilge - an measann siad go m’fhéidir go bhfuil rud éigin mícheart anseo?

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Go raibh maith agat, a Theachta. Tuigeann muid an pointe atá á dhéanamh agat.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Déanann sé sin ciall agus tuigim sin, ach an príomhphointe ná go bhfuil 19,000 duine óg ag déanamh staidéir ar theanga eile agus tá díolúine acu don Ghaeilge. Nach seasann sé sin amach mar phointe do na finnéithe?

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Mar a dúirt Leona De Khors níos luaithe, agus b’fhéidir go bhféadfadh sí níos mó sonraí a thabhairt air seo, is é sin cuid den fáth go ndéantar monatóireacht agus meastóireacht ar an gcóras. Má thugaimid faoi deara go bhfuil figiúirí ard, go háirithe má bhaineann siad le scoil éigin áit a bhfuil outlier i gceist, cuirtear an cheist ar an scoil cén fáth go bhfuil na figiúirí chomh hard. Mar a dúirt an Dr. Kirk níos luaithe, féachann muid freisin ar na scoileanna ina bhfuil dea-chleachtas ionas go mbeadh siad in ann a rá linn conas mar a oibríonn sé ansin gur féidir le daltaí a thagann isteach ó thíortha éagsúla an Ghaeilge a fhoghlaim. Fiú muna ndéanann siad an Ghaeilge ag leibhéal na hardteiste, faigheann siad an taithí faoin nGaeilge. Is cuid den saol sa tír seo í agus is cóir go mbeadh taithí acu ar an nGaeilge; ní hamháin ar an teanga ach ar an gceol, an cultúr nó na rudaí eile a bhaineann leis an nGaeilge. Iarrfaidh mé ar Leona De Khors teacht isteach ar dtús agus ansin iarrfaidh mé ar an Dr. Treasa Kirk cúpla focal a rá ar an bpointe seo.

Comment on this
Ms Leona De Khors

Regarding foreign languages, I may have mentioned that a lot of schools would have them as mandatory at junior cycle level. Even if a student holds an exemption, they are required by the school to study a foreign language, so they would not have an option.

I have lost my train of thought.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

It is okay. Tugadh freagra dom ag rá go bhfuil fadhb anseo. Dúradh go bhfuil an Roinn ag breathnú ar na scoileanna éagsúla agus b’fhéidir go bhfuil an fhadhb ag teacht uathu. Agus é sin feicthe ag an Roinn, má tá sé soiléir go bhfuil an t-uafás díolúintí ag teacht amach as scoil áirithe, an ndéanann an Roinn aon sórt athbhreithnithe ar na díolúintí atá tugtha amach cheana féin? Má tá trend ann i scoil éigin, an bhfuil an Roinn ag dul isteach agus ag breathnú air? B'fhéidir gur chóir don Roinn breathnú ar na díolúintí seo, agus féachaint ar chóir na díolúintí seo a thabhairt do na daltaí éagsúla sa scoil faoi leith sin. An bhfuil aon sórt athbhreithniú mar sin á dhéanamh ag an Roinn?

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

I dtús báire, níor úsáid mé an focal “fadhb” maidir leis sin. Is gné den chóras é. Tuigimid go gcaithfimid iniúchadh a dhéanamh ar chúrsaí mar sin. Tiocfaidh mé ar ais chuig Leona De Khors ach iarrfaidh mé ar an Dr. Kirk cúpla focal a rá faoin dearcadh a bhíonn ag an gcigireacht maidir leis an gceist seo a luaigh an Leas-Chathaoirleach.

Comment on this
Dr. Treasa Kirk

Tá rud amháin gur mhaith liom a rá maidir leis seo. Dúirt mé ag an tús go mbíonn cigireachtaí ar siúl, dár ndóigh, agus bíonn sprioc ag an gcigireacht díriú isteach ar na gnéithe éagsúla den chleachtas. Má thógaimid na cigireachtaí ábhar, luaitear líon na ndíolúintí sa chomhthéacs. Má fhéachann éinne ón phobal ar na moltaí sa tuairisc céanna, feicfidh siad go bhfuil moltaí láidre ann. Go hindíreach, is é sin an cur chuige a bhíonn ag an gcigireacht - díriú isteach ar an gcleachtas - agus má tá gnéithe le forbairt ann, bíonn moltaí láidre i gceist ansin.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

An moltaí iad ó thaobh na ndíolúintí atá á dtabhairt amach, nó an cleachtas?

Comment on this
Dr. Treasa Kirk

Uaireanta, baineann díolúintí leis an gcleachtas sna seomraí ranga. Bíonn nasc idir líon na ndíolúintí agus an sórt cleachtais atá istigh sna seomraí ranga.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Cén sórt cleachtais? An féidir sampla a thabhairt?

Comment on this
Dr. Treasa Kirk

Mar shampla, muna bhfuil an cur chuige cumarsáide á chur i bhfeidhm i seomraí ranga; muna bhfuil timpeallacht dearfach foghlama i gceist ó thaobh úsáid na Gaeilge de chun na scoláirí a spreagadh an cúpla focal atá acu a úsáid; muna bhfuil tascanna struchtúrtha acu; nó muna bhfuil monatóireacht ar dhul chun cinn na foghlama sna seomraí ranga. Tá an-chuid i gceist ansin, dár ndóigh.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Tá an Dr. Kirk ag rá ansin go bhfuil ceangal idir an mhúinteoireacht, an seomra ranga agus má tá díolúintí á bhfáil ag scoláirí éagsúla.

Comment on this
Dr. Treasa Kirk

Níl sé chomh simplí sin, dár ndóigh.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Ach ón méid atá ráite aici, tá sí ag rá go bhfuil ceangal éigin ann.

Comment on this
Dr. Treasa Kirk

An rud atá á rá agam ná, mar shampla, má tá líon ard díolúintí i scoil agus má tá cigireacht ar an nGaeilge i gceist, tá mé cinnte go mbeidh moltaí láidre i gceist sa scoil chéanna a bhaineann le cáilíocht don teagasc, cur chuige sa seomra ranga, bainistíocht an tsoláthair ó thaobh na Gaeilge de agus le rannóg na Gaeilge. Beidh moltaí sa tuairisc céanna. Is é sin an pointe atá á dhéanamh agam.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

An bhfuil fianaise ann gurb iad na scoileanna a bhfuil na díolúintí is airde ag teacht uathu na scoileanna ina bhfuil caighdeán múineadh na Gaeilge sórt lag iontu?

Comment on this
Dr. Treasa Kirk

Níl fianaise díreach agam. Mar a dúirt mé, ní bhíonn iniúchadh á dhéanamh ag na cigirí ar an gcaoi ina mbronntar na díolúintí ar scoláire; mar sin, ní bhíonn sé sin i gceist. Is féachaint ar cháilíocht an tsoláthair i gcoitinne a bhíonn i gceist, mar a dúirt mé níos luaithe.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Cén fáth nach bhfuil sé sin déanta? Cén fáth nach bhfuil an chigireacht ag breathnú air?

Comment on this
Dr. Treasa Kirk

Ag breathnú ar céard?

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Níl sé soiléir dom anois cén fáth go ndéantar an chigireacht sin. Tá an chigireacht ag féachaint ar an seomra ranga agus ar rannóg na Gaeilge sna meánscoileanna, agus ag tabhairt moltaí dóibh conas rud a fheabhsú, ach ní thuigim cén sórt cigireachta – is dócha go raibh an Teachta Ó Muirí ag cur na ceiste seo chomh maith – atá á déanamh ar an scoil lasmuigh de roinn na Gaeilge, trí breathnú ar an scoil agus suí síos leis an bpríomhoide le fáil amach cén fáth go bhfuil an oiread sin díolúintí ag teacht ón scoil.

Comment on this
Dr. Treasa Kirk

Chun pointe soiléirithe a thabhairt don Teachta, ní bhíonn aon tagairt do dhíolúintí ar chor ar bith ach amháin sna cigireachtaí ábhar. Ní bhaineann sé seo ar chor ar bith leis na cigireachtaí uile-scoile.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

B'fhéidir gur chóir breathnú air sin sa todhchaí. Nílim ag rá aon rud eile ach b’fhéidir gur chóir breathnú air sin. Is léir ó mo thaobh, ó bhaill an choiste agus ó na finnéithe eile a bhí os ár gcomhair, múinteoirí agus daoine eile ina measc, go bhfuil fadhb ann agus go bhfuil an t-uafás díolúintí ag teacht amach. An sampla amháin a luaim agus an chúis go deirim é seo ná go raibh mé féin agus an Teachta Moynihan ag breathnú ar líon na scoláirí atá ag déanamh staidéar ar theangach Eorpacha a bhfuil díolúine acu don Ghaeilge - ní dhéanann sé aon chiall. Tá eisceachtaí ann agus tuigimid iad sin ach tá fadhb ann i mo thuairim. Gheobhaimid cúpla ceist eile. Glaoim ar an Teachta Ó Snodaigh.

Comment on this

Tá roinnt ceisteanna eile agam. Fáiltím roimh na maoin nó na hábhair agus an tacaíocht bhreise atá COGG tar éis a fháil, agus an obair atá an Dr. Treasa Kirk agus Pádraig Mac Fhlannchadha ag déanamh ó thaobh na cigireachta chúng sin. Fáiltím freisin go bhfuil muid ag aithint sa deireadh thiar thall an dea-chleachtas ar chóir go mbeadh i ngach uile scoil. Aithním é sin. Tá mé ag iarraidh fáil amach cad é líon nó céatadán na scoileanna, seachas Gaelscoileanna, atá ag múineadh an dara ábhar as Gaeilge nó atá ag déanamh PE as Gaeilge? Luaitear é sin i gcónaí agus níl a fhios agam an bhfuil sé ag tarlú lasmuigh de Ghaelscoileanna ag leibhéal a dhéanfadh aon mhórdhifríocht.

An dara cheist ná maidir leis an athstruchtúrú atá déanta ar an sraith shóisearach agus a bheidh ag teacht tar éis na hathbhreithnithe. B’fhéidir gur gá eolas a scaipeadh ar na tuismitheoirí ag leibhéal na bunscoile agus leibhéal na meánscoile go bhfuil an t-athrú sin ann, nach bhfuil an bhéim chomh mór sin ar an litríocht is a bhí agus go bhfuil béim bhreise á cur anois ar labhairt agus tuiscint.

Tá an tríú ceann mar fhreagra ar an méid a dúirt Celeste O'Callaghan i slí amháin. Tríd na díolúintí a bheith bronnta, tá an Roinn nó na scoileanna ag déanamh an rud ceannann céanna is atá luaite mar an fáth gur fuarthas réidh leis an leibhéal bunúsach: sé sin, mar a dúirt Celeste, "not to reduce students own expectations at such an early stage of their career". Sin go díreach cad atá na díolúintí ag déanamh. Tá siad ag rá leis na daltaí "your expectations are too high" agus gheobhaimid réidh leis an nGaeilge. Caithfimid rá le daltaí i gcónaí, fiú iad siúd le riachtanais, go bhfuil siad ábalta tabhairt faoi na hábhair atá sna meánscoileanna agus gur féidir leo teacht ar na hábhair sin ina mbealach féin. Má dhúntar amach iad ón leibhéal sin, áfach, agus má deirtear leo sa bhunscoil nó sa mheánscoil nach bhfuil siad ábalta an t-ábhar sin a dhéanamh, tá muid ag ísliú an cur chuige nó an dréim atá acu.

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Iarrfaidh mé ar Leona De Khors níos mó a rá maidir le CLIL nó FCÁT faoi conas mar a oibríonn siad agus faoi líon na scoileanna ina bhfuil ábhair ar nós an corpoideachas nó spórt á mhúineadh trí mheán na Gaeilge iontu.

Beidh Celeste O’Callaghan in ann teacht isteach ar an mbéim nua atá ar chomhrá agus ar thuiscint mar atá sé sa tsraith nua. Iarrfaidh mé ansin ar Brendan Doody teacht isteach ar conas mar a oibríonn sé go bhfaigheann daltaí, fiú mura bhfuil riachtanais speisialta acu, taithí ar an nGaeilge agus nach bhfuil siad dúnta amach. Tá a fhios againn go n-oibríonn sé sin i scoileanna speisialta nó i ranganna speisialta ach go háirithe nuair a bhíonn seans ag na daltaí. Beidh Celeste in ann níos mó a rá maidir leis an leibhéal bunúsach. Tosóimid le Leona De Khors chun níos mó a rá maidir leis an FCÁT, na daltaí atá in ann ábhair eile a fhoghlaim trí mheán na Gaeilge agus conas mar a oibríonn sé sna scoileanna.

Comment on this
Ms Leona De Khors

I mentioned the PE through-Irish resources that have been published by COGG up to second class. They are freely and openly available on COGG’s website but you do have to register for them. I do not have up-to-date figures, but the last we heard, which may have been in the last couple of months, there were over 1,500 registrations. We will get up-to-date data from COGG on how many registrations it has.

Regarding the content and language integrated learning, CLIL, project, which is the one that has sustained support through Oide and COGG for teaching other subjects through Irish, we have 228 primary schools participating in 2025-2026. Twenty-five schools are in year 3 of the project, 56 schools are in year 2, and 147 schools are in the first year of the project. It is currently openly advertised for schools to participate next year, for schools to stay on for a second or a third year of the project or for new schools. Then there are post-primary schools as well. There are a range of subjects that are delivered through the CLIL project. Post-primary schools to date have been across nine curricular subjects depending on the context of the school that is participating. We have had geography, maths, PE, CSPE, SPHE, history, music, home economics and science delivered through Irish under the CLIL project. As more schools come on, COGG and Oide will work with them and with the Irish teachers on what other subjects they have and want delivered through the CLIL project.

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Ba mhaith le Celeste cúpla pointe a dhéanamh ar an gceist a chur an Teachta.

Comment on this
Ms Celeste O'Callaghan

On the changes to the specification at junior cycle, I am not quite sure what the question was, so if I do not address it, please let me know. There were some reductions in the literature. That happened for both the teanga 1 and teanga 2 specifications because they have different amounts of literature. Teanga 2 students in the past would have been expected to study a play. Now they can choose to study a film or a play. They study one short story rather than two. They study four poems or songs rather than five. There is a reduction there to try to allow for more space in the day for the conversational piece. As I mentioned, in the classroom-based assessment, which is interacting through Irish, students participate in a conversation with their teacher and their classmates if they are in T1 about their spoken piece and they respond to questions on it. This is different from the previous situation where they might have been able to do a presentation or some set piece without having questions to answer.

Regarding the awareness of those changes and they impact they have had, there is a review being undertaken at the moment which is being led by SEALBHÚ. It is a three-year study starting with the cohort who entered first year in September 2023. They will complete junior cycle this summer and the review follows them through. It is looking at the experience for the teachers, the school leaders and for the students of learning Irish, and it will engage with the parents. It will gather information about the overall experience but also what, if anything, has changed for students with that greater focus on oral Irish. Members mentioned parents. The views of parents will be captured through that. A first interim report on that study was published last year. It took the views of teachers and school leaders. The second piece of research engaged more with students. That report will be published in the near future and we will get a better sense of what the students’ own experience of this is. At the end of that period we will have some insights into that that may help us to understand, if that is having an effect, what else might be considered.

The broader piece around that is that the Irish specifications sit within the overall framework for junior cycle, so there are broader principles there. I have mentioned the flexible learning outcomes that go across junior cycle, the dual approach to assessment and trying to reflect and report a broader picture of a student’s learning. Not just in Irish but in all subjects, we know students may perform better at project-type work or in spoken interactions than they would in written examinations. Therefore, it is to try to keep the focus for junior cycle on the learning and the student’s own development as a learner rather than having them overly focused on what happens at the end of the three years.

The NCCA has just completed a longitudinal study of the overall framework for junior cycle and how that has been experienced. There will be some work to come out of that to consider some of those areas like assessment. What I am saying is there is a bigger framework piece and then within that there is Irish. It will also be important to look at Irish in that broader context and make sure any findings are considered. If any changes are needed, we have to make sure we are knitting them with the broader framework and making sure they stay aligned and consistent with that and with any changes that may come to that.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Bhí Brendan Doody le teacht isteach ansin.

Comment on this
Mr. Brendan Doody

Tá cúpla rud le rá agam maidir leis seo. Cúig bliana ó shin bhí thart ar 2,800 scoláire i ranganna speisialta sna meánscoileanna. I mí Mheán Fómhair seo caite bhí níos mó ná 6,000. Tá líon na ndaltaí sna ranganna sin, agus tá riachtanais speisialta casta ag gach uile dhuine dóibh, ag méadú. Níl aon amhras faoi sin. Is ionainn sin le rá go bhfuil thart ar 1.5% do na daltaí go léir sna meánscoileanna i ranganna speisialta. Tá díolúintí ag na scoláirí sin, ach mar a luaigh mé cheana, más féidir leo freastal ar ranganna príomhshrutha, ba chóir go dtarlódh sé sin. Tá sé tábhachtach go mbeadh deis ag na daltaí sin teagmháil a dhéanamh, i dtús báire, leis an múinteoireacht agus foghlaim sna ranganna príomhshrutha. Braitheann sé go huile is go hiomlán ar na láidreachtaí atá ag na daltaí sin. Seans go mbeadh sin in ann dul isteach i rang Béarla nó rang mata, ach má tá siad in ann dul chuig rang Gaeilge ba chóir go dtarlódh sé sin. Braitheann sé ar an dalta, ar an gclár ama agus ar na háiseanna atá ag an scoil freisin ach ba chóir go dtarlódh sé.

Comment on this

Ag teacht ar ais chuig an gcigireacht ar feadh nóiméid, ceapaim gur cheart go mbeadh ról ag an gcigireacht ó thaobh na scoile de agus an réimse leathan seirbhísí atá á gcur ar fáil ar gach scoil. Ba cheart go mbeadh ról ag an gcigireacht ó thaobh na ndíolúintí de ó tharla go bhfuil an cumas agus an cur chuige aici.

Deirtear sa ráiteas scríofa a chuir na finnéithe chugainn:

Táimid ar an eolas faoi ábhair imní an choiste maidir le córas na ndíolúintí ó staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge. Tá aird tugtha againn don cheist seo. Cuirimid na hábhair imní sin san áireamh inár n-obair leanúnach ar fad maidir le hathbhreithniú agus forbairt a dhéanamh ar an mbeartas ina leith sin.

Tá ceist agam. Tá an Roinn ag rá go bhfuil sí ag breathnú ar an gceist sin an t-am ar fad i gcomhthéacs na hoibre leanúnaí. An bhfuil aon rud pleanáilte ó thaobh meastacháin ná tuairisc mhór ar na díolúintí chun cinneadh nó athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh seachas obair leanúnach? Má tá an coiste ag rá go gceapann muid go bhfuil fadhb anseo, rud a chloiseann muid go rialta, an bhfuil aon rud difriúil faoi leith pleanáilte ag an Roinn chun dul i ngleic leis an gceist?

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Tá an Teachta ag iarraidh a fháil amach an mbeidh ciorclán nua ann nó an bhfuil ceann á dhréachtú againn agus an mbeidh-----

Comment on this

Is bealach amháin é sin ina bhféadfaí é a dhéanamh. Even roimhe sin, an bhfuil aon rud pleanáilte ag an Roinn chun breathnú ar an gceist? Nílim ag caint faoi obair leanúnach, mar tuigim go bhfuil an Roinn ag breathnú ar gach rud go leanúnach, ach ag cur na ceiste, an bhfuil aird ar leith le tabhairt ar an gceist seo? An bhfuil aon rud mar sin pleanáilte ag an Roinn?

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Iarrfaidh mé ar Leona De Khors teacht isteach air sin. Mar a luaigh mé sa ráiteas tosaigh, is obair leanúnach atá idir lámha againn. Táimid ag tabhairt aird ar na tuairimí agus cúiseanna imní a luaigh an coiste an bhliain seo caite. Tá meastachán agus monatóireacht á ndéanamh againn. Nílim ag rá go bhfuilimid chun an córas iomlán a athrú ó bhun ná go bhfuil pleananna againn chun é sin a dhéanamh. B'fhéidir gur féidir le Leona De Khors níos mó a rá faoi sin.

Comment on this
Ms Leona De Khors

In terms of the 2019 circular, the 1990s circulars were reviewed following the inspectorate report published in 2019. We also undertook an extensive public consultation process at that time. We had 149 written submissions and over 11,000 responses to our survey. That consultation report is available on our webpage. We reviewed the circulars again in 2022, following their implementation in 2019. We again engaged with key stakeholders, including the management bodies of schools, students and disability groups such as Dyslexia Ireland, Féach, Down Syndrome Ireland and AsIAm. We also engaged with Irish language groups, such as Conradh na Gaeilge and Foras na Gaeilge, and with the students, as I have mentioned, their parents and teachers. Some revisions were made to the circulars at that time. At the moment, there are no plans to do another big overhaul of the circulars but we are awaiting the report from the inspectorate on best practice to see if it includes any recommendations that we would need to look at and share with schools. That is the work that is going on at the moment.

Comment on this

Ms De Khors does not know if there will be anything in relation to the exemptions in that report. Based on what the inspectorate is saying, it sounds like there will not be.

Comment on this
Ms Leona De Khors

It is a review of a small number of schools with low numbers of exemptions to determine best practice. The inspectorate is undertaking that review at the moment. We have not seen the report as yet. We are waiting on that work.

Comment on this
Mr. Gavan O'Leary

Iarraim ar Phádraig Mac Fhlannchadha cúpla focal a rá maidir le pillar 3 sa phlean gnímh agus an obair atá idir lámha.

Comment on this
Mr. Pádraig Mac Fhlannchadha

Mar a luaigh mé cheana faoi bhunchloch 3 den phlean gnímh, táimid ag iarraidh tacú le rochtain a bheith ag leanaí agus daoine óga ar fhoghlaim na Gaeilge de réir a riachtanas. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid ag súil go dtabharfar tacaíocht do scoileanna agus do mhúinteoirí maidir le cur chuige teagasc agus acmhainní a úsáid i slite a chabhróidh le gach leanbh agus duine óg rath éigin a bheith acu maidir le foghlaim na Gaeilge de réir a riachtanas agus a gcumais le béim ar leith ar scileanna éisteachta agus labhartha. Mar a luaigh mé cheana, cuireann an plean gnímh béim ar an nGaeilge mar theanga seachas mar ábhar scoile amháin. Táimid den tuairim gur chóir go mbeadh an deis sin ag scoláirí agus go mbeidís in ann na scileanna sin a fhorbairt agus a úsáid de réir a gcumais ag leibhéal áirithe. Is é sin mar atá sa phlean seo. Beimid ag obair le hOide agus le COGG maidir leis na tacaíochtaí cuí a sholáthar. Beimid ag obair freisin leis na hionaid tacaíochta oideachais chun tacú le múinteoirí maidir lena nGaeilge féin agus le cur chuige ionchuimsitheacha a úsáid.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Leis sin, cuirfidh mé clabhsúr leis an seisiún seo. An aontaítear leis sin? Aontaítear. Cuireann sé sin deireadh lenár mbreithniú inniu. Gabhaim buíochas leis na hoifigigh uilig a tháinig anseo ón Roinn oideachais inniu as an bplé fiúntach agus tairbheach a bhí againn. An aontaítear leis sin? Aontaítear. Molaim go gcuirfimid an cruinniú ar athló go dtí 11 a.m. ar 28 Aibreán 2026, nuair a phléifear Eircode agus an conradh nua ina leith le hionadaithe ón Roinn Chultúir, Cumarsáide agus Spóirt agus An Post, agus earcaíocht sa tseirbhís phoiblí le hionadaithe ón gCeardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil. An aontaítear leis sin? Aontaítear. Is é sin deireadh lenár gcruinniú.

Comment on this