Éire Aontaithe: Plé
Rinne an coiste scrúdú ar thaighde Róisín Nic Liam agus ar fhís Chonradh na Gaeilge maidir le hÉire aontaithe mar dheis don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Cuireadh béim ar an ngá le pleanáil luath, le rannpháirtíocht ón mbonn aníos, agus le cur chuige dearfach a tharraingeodh isteach pobail aontachtacha, PUL agus pobail nua freisin. Pléadh géarghá an maoinithe, an nasc idir an teanga agus an t-oideachas, agus an gá an Ghaeilge a shníomh isteach i saol sóisialta agus eacnamaíoch an oileáin. D’aontaigh an chuid is mó gur chóir an comhrá seo a dhéanamh níos poiblí agus go mbeadh tuilleadh taighde agus pleanála ag teastáil sula dtiocfadh aon reifreann.
Déanfaimid ár mbreithniú inniu ar dhá ábhar, is iad sin, Éire aontaithe, deis chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht; agus córas na ndíolúintí. Beidh dhá sheisiún againn. Déanfaidh muid plé ar an píosa taighde agus an obair atá déanta ag Róisín Nic Liam sa chéad sheisiún. Sa dara seisiún, ó 12.30 p.m. ar aghaidh, déanfaidh muid plé ar na díolúintí leis an Ollamh Pádraig Ó Duibhir. Anois, tá Róisín Nic Liam, taighdeoir dochtúireachta in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste, agus Julian de Spáinn, ard-rúnaí Chonradh na Gaeilge, linn.
Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 3 taobh istigh do phurlán Thithe an Oireachtais. Molaim go bpléifidh muid an t-ábhar, Éire aontaithe, deis chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, le Róisín Nic Liam ar dtús. Ina dhiaidh sin, mar a dúirt mé, pléifidh muid córas na ndíolúintí. An bhfuil sé sin aontaithe? Aontaithe.
Tá an píosa seo sórt fada. Tá sé de dhualgas orm na rialacha agus treoracha seo a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe uilig. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste, nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe phoiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiscint ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin, agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint.
Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir leis na finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu, agus má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.
Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí go bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá ar bhféadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, más rud é go bhféadfadh a ráiteas bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéilleann siad leis an ordú sin. An nglactar leis na treoracha sin? Glactar leo. Iarraim ar Róisín Nic Liam a ráiteas tosaigh a dhéanamh.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as an gcuireadh dul i mbun cainte leis inniu. Is taighdeoir dochtúireachta mé in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste. Labhróidh mé inniu faoi thuairisc taighde a scríobh mé le déanaí mar chuid de thogra comhpháirteach idir Ollscoil na Banríona agus Conradh na Gaeilge, Éire Aontaithe: Deis Chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.
D’eascair an tuairisc seo as an tuiscint fhorleathan gur dóchúla Éire aontaithe inniu ná riamh ó críochdheighleadh an tír. Áitíonn an tOllamh Brendan O’Leary, mar shampla, go bhféadfadh 2030 a bheith ina bliain chinniúnach ó thaobh an athaontaithe mar gheall ar athruithe déimeagrafacha sna Sé Chontae. Tá an taighde céanna ina bhunchloch do ghairmeacha leanúnacha ag leithéidí Thodhchaí na hÉireann go reáchtálfaí reifreann ar fhéinchinntiúchán na tíre faoi 2030, ceart a daingníodh sa dlí le Comhaontú Aoine an Chéasta agus a aithnítear i ndlí na na Sé Chontae Fichead agus na Breataine araon.
Sula mbeidh aon reifreann ann, áfach, aontaítear go forleathan gur gá pleanáil stuama chuimsitheach a dhéanamh d’fhonn an chuma a bheadh ar aon socrú polaitiúil nua a shoiléiriú. Bíonn grúpaí ón tsochaí shibhialta agus lucht léinn, mar aon leis na meáin, i mbun na hoibre céanna den chuid is mó go dtí seo. Is iarracht ar chur leis an díospóireacht fheasach phoiblí ó dhearcadh na Gaelainne agus na Gaeltachta atá sa tuairisc seo.
Léirítear sa tuairisc seo go bhfuil ceist na Gaelainne neadaithe sna díospóireachtaí ar Éirinn aontaithe le blianta fada anuas, agus gur gá do phobal na teanga is na Gaeltachta ról réamhghníomhach dearfach a ghlacadh iontu. Áitítear, áfach, gur coitianta i bhfad an Ghaelainn á plé sna comhráití céanna ar bhonn diúltach seachas dearfach go dtí seo.
Is minic go gcuirtear in iúl í mar a bheadh ábhar idirbheartaíochta ann d’fhonn buarthaí roinnt Aontachtach i gcás an athaontaithe a mhaolú. Samhlaítear an Ghaelainn go leanúnach mar a bheadh samhail chonspóideach den náisiúnachas ann dá bharr - nó mar rian cultúrtha de sheantraidisiún - seachas mar theanga bheo phobail, ceist cheartbhunaithe agus seoid náisiúnta a d’fhéadfadh cur le saibhriú an uile dhuine. Athfhrámáil ar cheist na Gaelainne agus na Gaeltachta atá sa tuairisc más ea, a thugann dúshlán don léamh diúltach céanna. Áitítear ina áit sin gur deis stairiúil atá in aontacht na hÉireann oidhreachtaí díobhálacha an choilíneachais a chur ina gceart. Go deimhin, scrúdaítear taithí na nGael sa dá dhlínse ó aimsir na críochdheighilte i leith, agus áitítear nach bhfuil ceachtar den dá pholaití reatha inchurtha le sochaí dhátheangach - go háirithe i gcomhthéacs na ngéarchéimeanna comhaimseartha teanga sa chóras oideachais, sa Ghaeltacht agus i gcúrsaí cearta is maoinithe trí chéile. Maítear gur chun leas na Gaelainne agus na Gaeltachta í Poblacht nua más ea, agus gur deis aon ghlúine é Éire aontaithe ré nua comhionannais a bhaint amach do na Gaeil.
Leagtar sraith moltaí amach do Chonradh na Gaeilge sa tuairisc gur féidir leis an eagraíocht rannpháirtíocht phobal na Gaelainne agus na Gaeltachta i dtogra na haontachta a mhéadú idir seo agus deireadh 2027. Impítear ar lucht léinn agus saineolaithe éagsúla teanga moltaí ó thaobh na Gaelainne agus na Gaeltachta in Éirinn nua a fhorbairt leis. Chuirfeadh na moltaí céanna ón gcosmhuintir agus ó shaineolaithe mar aon go mór le fís fhorásach don teanga is don Ghaeltacht amach anseo. Moltar freisin go seasfadh Conradh na Gaeilge le ceannairí sa tsochaí shibhialta le hachainí a dhéanamh ar Rialtas Bhaile Átha Cliath tús a chur leis an bpleanáil don athrú bunreachtúil, go háirithe mar a bhaineann sé le ceist na Gaelainne agus na Gaeltachta ann. Go deimhin, luaitear tionól saoránach sa tuairisc mar shampla amháin den phleanáil úd, mar a mbeadh ionadaíocht lárnach ag pobal na Gaelainne agus na Gaeltachta air.
Tugaim an moladh céanna do Theachtaí agus do Sheanadóirí. Molaim dóibh fís dhearfach cheartbhunaithe, atá fréamhaithe sa dea-chleachtas idirnáisiúnta agus in uaillmhianta chosmhuintir na teanga, a leagan amach don Ghaelainn agus don Ghaeltacht in Éirinn aontaithe leis. Ba stuama an mhaise é seasamh láidir ceannaireachta a ghlacadh nár cheart, dar leis an gcoiste, go mbainfí de ról na Gaelainne in Éirinn aontaithe, ach gur cheart go dtógfaí air. Molaim mar fhocal scoir go bhfógródh an comhchoiste gur cheart go gcuirfí tús láithreach leis an bpleanáil i dtreo an athaontaithe, díreach mar a dhein comhghleacaithe libh i gComhchoiste Chomhaontú Aoine an Chéasta i dtuairisc leo in 2024. Chuirfeadh a leithéid de thuairisc i gcás na Gaelainne agus na Gaeltachta go mór leis an bplé forleathan ar cheist na teanga in Éirinn aontaithe.
Níl sa tuairisc seo uaim, mar sin, ach bunchloch do thaighde níos cuimsithí agus rannpháirtíocht níos leithne ar cheist na teanga agus na Gaeltachta amach anseo. Túsphointe atá inti agus pobal na Gaelainne agus na Gaeltachta á lonnú sa tuairisc mar a bheadh ailtirí lárnacha ann i dtógáil Éireann nua. Go deimhin, aithnítear sa tuairisc an ról claochlaitheach a d’fhéadfadh an pobal céanna a imirt i bhfeachtas Poblachta nua trí chéile, go háirithe agus taithí na mblianta againn athrú stairiúil sóisialta a bhaint amach ón mbonn aníos. Chonacthas an splanc fhuinniúil úd dar ndóigh ag ard-fheis Chonradh na Gaeilge i mí Feabhra, nuair a vótáil tromlach ollmhór ar son leasú stairiúil bunreachta go ngníomhóidh an conradh i dtreo Éireann aontaithe chun leas na Gaelainne is na Gaeltachta.
Is é príomhtheachtaireacht na tuarascála, mar sin, ná gur deis chlaochlaitheach í Éire aontaithe a d’fhéadfadh an caidreamh idir an Ghaelainn, an Státchóras agus muintir na hÉireann trí chéile a athshocrú ó bhonn - is cuma más Caitliceach, Protastúnach, easaontóir nó duine de phobail nua na hÉireann tú. Is tábhachtaí fós an fhís dhearfach úd nuair a chuimhnítear ar thaighde nua Fhoras na Gaeilge a léiríonn tacaíocht mhóramh mhuintir na hÉireann don teanga - ó Thuaidh agus ó Dheas - taobh leis an ngluaiseacht athghabhála teanga atá fé bhláth ar fud na tíre.
Comment on this
Ó thaobh ama de, toisc go bhfuil uair an chloig againn, tabharfaidh mé seacht nóiméad do gach uile dhuine. Má tá am againn ina dhiaidh, tiocfaimid ar ais don dara babhta.
Comment on this
Gabhaim buíochas le Róisín Nic Liam as an taighde agus an cur i láthair inniu. Tuigim go díreach cad atá á rá aici. An cheist mhór ná seo: an féidir linn an comhrá sin a thosú i gceart? Conas is féidir linn a chinntiú nach dtarlóidh an rud ceannann céanna a tharla nuair a bunaíodh an Stát seo, áit a raibh fís agus cur chuige i gceist maidir leis an nGaeilge? Bhí a lán daoine taobh thiar den iarracht athbheochan a dhéanamh don Ghaeilge agus ansin thit sé go tubaisteach sna blianta amach ansin. Conas is féidir linn a chinntiú, nuair atáimid ag déanamh an chomhrá seo mar leis an teanga seo a athbheochan nó a athréimiú, go n-éireoidh linn? Mar chuid de sin, an cheist mhór a bhíonn ann i gcónaí ná maidir leis an bpobal aontachtach. Conas is féidir linn a chinntiú go bhfuil laghdú tagtha ar an naimhdeas atá le feiscint i gceantair ar leith maidir leis an nGaeilge? Conas is féidir linn a chur ina luí orthu an tuiscint chuí maidir leis an nGaeilge agus nach bhfuil aon dainséar dóibh agus dá bhféiniúlacht féin? Sin atá i gceist i mo thuairim féin. Baineann an cheist sin leis an nGaeilge, ní díreach Éire aontaithe.
Comment on this
Is pointí le dealramh iad sin. Gabhaim buíochas leis an Teachta as an méid sin. Sin an rud. Rud amháin a thagann aníos an-mhinic sna díospóireachtaí ar Éire aontaithe, mar is eol don choiste, ná gur deis é foghlaim ón stair agus na héagóirí a rinneadh i gcaitheamh na mblianta a chur i gceart. An rud a áitítear sa tuairisc ná gur gá don fhís don todhchaí a bheith lonnaithe i stair an choilíneachais in Éirinn le tuiscint cheart chuimsitheach a fháil ar an mbealach a mhúnlaigh sé an tír thiar sa lá, ach go fóill an chaoi a múnlaíonn sé an tsochaí inniu. Mar sin, is dóigh liom go bhfuil deis iontach againn muintir na hÉireann a spreagadh anseo agus fís fhrithchoilíneach a ghlacadh chugainn féin i dtaobh na Gaelainne agus na Gaeltachta. Tá sé sin ag tarlú ag leibhéal na cosmhuintire fud fad na tíre. Tá daoine óga ag caint ar an impiriúlachas, ar an gcoilíneachas agus ar an ngá le díchoilíniú a dhéanamh ar Éire. Is ábhar mór spreagadh é sin. Tugann idé-eolaíocht don tsamhail sin deis dúinn ré nua a bhaint amach don Ghaeilge amach anseo.
Maidir leis an gcóras polaitiúil agus an naimhdeas a bhraitear uaireanta i dtaobh na Gaeilge, is cinnte gur gá dúinn aghaidh a thabhairt air sin. Rud amháin a ritheann liom ná go mbímid ag caint an-mhinic ar saghas buairteanna an phobail aontachtaigh ó thaobh na Gaelainne agus a leithéid sin, ach tá sé an-tábhachtach cuimhneamh nach grúpa aonchineálach é an t-aontachtachas ach oiread. Is mór an difir idir an gnáthaontachtach agus an t-aontachtach polaitiúil. Léiríonn go leor den taighde is déanaí gur mionlach atá sa ghrúpa sin atá ag cur in aghaidh na teanga. Léiríonn taighde Fhoras na Gaeilge a seoladh le déanaí gur cuma le 60% den phobal aontachtach, Protastúnach agus dílseach ann nó as. Níl aon suim ar leith acu sa teanga, ach níl aon naimhdeas ar leith acu ach oiread. Mar sin, is mionlach beag bídeach atá in aghaidh na teanga ach faraor, bíonn an naimhdeas sin an-ghlórmhar agus callánach. Mar sin, tá sé tábhachtach go dtuigimid é sin ón tús agus go leagfaí plean amach dá réir sin le fís dhearfach don phobal aontachtach agus Protastúnach.
Tá a fhios againn ar fad - is eolas seanbhunaithe é anois - go bhfuil stair an-saibhir ag an bpobal PUL agus aontachtach leis an nGaelainn iad féin. Na daoine is túisce a chuaigh i mbun slánú na Gaelainne, ba iad sin na Preispitéirigh radacacha i mBéal Feirste. Mar sin is bréag agus miotas é nach leis an bpobal aontachtach í. Tá deis againn na caidrimh sin agus na naisc a bhris cúrsaí coilíneacha in Éirinn a nascadh in athuair le deimhin a dhéanamh de go mothaíonn an pobal aontachtach agus Protastúnach go bhfuil seilbh acu ar an teanga chomh maith agus gur féidir leo í a athghabháil chomh maith céanna.
Comment on this
Tá a lán oibre le déanamh. An rud atá ar siúl againn ná go bhfuilimid ag iarraidh tús a chur leis an obair sin, cé go bhfuil an obair ar siúl againn le cúpla bliain anuas go pointe. Bhí roinnt díospóireachta againn maidir le dlí na tíre agus cén chuma a bheadh ar dhlí na tíre dá mbeadh an Ghaeilge in Éirinn aontaithe. Céard atá ag teastáil? Caithfear a chinntiú nach gcaillimid aon rud agus muid ag bogadh ar aghaidh. Chomh maith leis sin, bhí caint againn agus cúpla comhdháil againn faoi chúrsaí oideachais freisin, go háirithe an Gaeloideachas. Is rud trasTeorann é sin nach cóir go mbeadh aon fhadhb ann mar go bhfuil an Ghaelscolaíocht comónta ó Thuaidh agus ó Dheas, ach tá deacrachtaí le réiteach. Ceann de na rudaí a bhíomar ag iarraidh déanamh freisin le tamall de bhlianta anois agus an Ghaeilge á úsáid i ndrochshlí sa pholaitíocht ó Thuaidh ná an deis a fháil chun an fheasacht agus an t-aineolas atá amuigh ansin maidir leis an teanga a thabhairt do na pobail ar fad ó Thuaidh.
Ach tá sé fíordheacair é sin a dhéanamh. Tá sé fíordheacair maoiniú a fháil le dul i ngleic leis an obair sin. Mar shampla, tá tionscadal faoi leith againn atá tar éis beagáinín maoinithe a fháil thar na blianta, ach ní riamh a dhóthain maoinithe chun gur féidir rud éigin leanúnach agus céimiúil a dhéanamh sna scoileanna nach bhfuil traidisiún acu ó thaobh na Gaeilge de.
Tá seó bóthair nó clár faoi leith againn ina théann siad isteach agus labhraíonn siad leis na páistí faoi, go dtosaíonn siad le logainmneacha agus le hainmneacha daoine, ar an leibhéal is bunúsaí sna scoileanna sin ionas go mbeadh, faoin am a dtéann na daltaí sin amach as an scolaíocht, taithí, eolas agus feasacht acu ar an teanga. Tá a fhios acu go mbaineann an teanga leo mar tá sé san oidhreacht ar fad timpeall orthu, ach níl sé sin ar siúl faoi láthair. Tá sé fíordheacair an maoiniú a fháil lena leithéid a dhéanamh. Sin na rudaí a gcaithfimid a bheith ag smaoineamh fúthu don todhchaí má táimid chun dul i ngleic leis an obair seo agus tuairimí daoine a athrú, go háirithe chun an Ghaeilge a thógáil amach as an saol polaitiúil i mbealach áirithe, an bealach atá sé á úsáid mar bhac nó mar fhadhb. Caithfear infheistiú a bheith ann freisin. Caithfimid a chinntiú go bhfaigheann gach duine deis leis an nGaeilge a fhoghlaim nó go mbeidh feasacht agus eolas breise acu.
Comment on this
Is ábhar thar a bheith suimiúil é. Tá cur i láthair maith déanta ag Julian de Spáinn agus Róisín Nic Liam faoi. Ní raibh mé róchinnte roimh an gcruinniú céard a bhí i gceist leis. Tá sé soiléir ó seo. Níl mórán ceisteanna agam faoi ach an obair a mholadh. Molaim Julian de Spáinn as an maoiniú a chur an conradh ar fáil le haghaidh é seo a dhéanamh mar tá sé tábhachtach. Luadh na bunchlocha is féidir a dhéanamh chun tús a chur leis an bpróiseas. Ba cheart dúinn mar choiste iad sin a mholadh don Roinn gnóthaí eachtracha nó do Roinn na Gaeltachta chomh maith. Feicim go bhfuil gá leo. Bhí mé ag iarraidh é sin a rá leis na finnéithe go molaim an t-ábhar agus tá sé fíorshuimiúil
Comment on this
Gabhaim buíochas le Róisín Nic Liam agus le Julian de Spáinn as ucht a bheith linn ar maidin agus as a gcur i láthair. Mar a dúirt an Teachta Connolly, bhí sé thar a bheith spéisiúil. Tá ceist agam maidir leis an taighde atá déanta acu. Ceann de na téamaí atá curtha i láthair acu, agus an ceart ar fad acu, ná go bhfuil ceist bhunreachtúil anseo. Tá ceist shocheolaíochta ann freisin, ní hamháin ó thaobh chúrsaí oideachais agus chúrsaí pobail, ach ó thaobh chúrsaí gnó agus chúrsaí fostaíochta agus ag cur na Gaeilge chun cinn mar theanga phobail. Ceann de na gnéithe a bhaineann leis sin ná an saol eacnamaíochta agus comhoibriú agus margadh trasTeorann a chur ar bun ar an oileán. An mbaineann aon chuid den obair agus den taighde atá ar siúl acu - nó an bhfuil sé ar intinn acu a leithéid de thaighde a dhéanamh - ar an gceist sin agus maidir leis an ábhar sin mar sin é a chruthaíonn na snáithe a thugann daoine le chéile agus a chruthaíonn an tsochaí sin? Táim ag iarraidh spéis a chur sa téama sin.
Comment on this
Luaigh mé oscailt an aonad comhroinnte atá ag Roinn an Taoisigh. Tá sé sin le moladh go hard na spéire. Is iontach an taighde atá ar siúl agus an maoiniú atá curtha ar fáil leis na naisc sin a thógáil. Is as cathair Chorcaí dom, ach táim ag maireachtáil i mBéal Feirste le blianta fada anuas. Ní bhíonn an deis ag an-chuid de na daoine i mBéal Feirste agus i gCorcaigh freastal agus cuairteanna a thabhairt ar na ceantair éagsúla sna cathracha. Mar sin, is dóigh liom go bhfuil an maoiniú sin le moladh go hard na spéire. Ní dheachaigh mé i ngleic leis sa tuairisc chéanna. Ní dhearna mé aon saghas póirseáil nó moladh ar leith ar cheist an gheilleagair nó aon ní mar sin. Bunchloch atá ann do thaighde níos cuimsithí. B'fhearr liom go dtiocfadh saineolaithe sna sainghoirt éagsúla chun cinn agus go molfaidís agus go bhforbróidís fís dá gcuid féin bunaithe ar a saineolas féin. Bunús do thuilleadh taighde atá i gceist leis an bpáipéar seo.
Comment on this
An féidir an chreatlach a chur Róisín Nic Liam ar bun sa tuairisc seo a úsáid le haghaidh gnéithe éagsúla. Gan amhras tá an chreatlach taighde atá déanta aici anseo le húsáid ar an gceist bhunreachtúil ach tá ceisteanna eile ag teacht amach as sin - ceisteanna eacnamaíocha, ceisteanna sóisialta, ceisteanna spóirt agus ceisteanna cultúrtha. An bhfuil muinín aici as an gcreatlach sin mar ceapaim go bhfuil creatlach thar a bheith láidir curtha ar bun aici? Ba mhaith liom a meas a fháil ar sin.
Comment on this
Is dóigh liom gur fiú é cinnte. Molaim Conradh na Gaeilge as an rud a chur ar bun agus an fhís a bhí aige i leith an athaontaithe agus é sin a chur chun cinn. Is dóigh liom go bhfuil sé sin ag teacht chun cinn sa tsochaí shibhialta trí chéile. D'fhoilsigh Comhairle Náisiúnta na mBan tuairisc dá samhail cúpla bliain ó shin. Tá grúpaí éagsúla sa tsochaí shibhialta ag leagadh amach a bhfíse. Tá tábhacht nach beag ag baint leis an taighde sin ar fad. Tá baint leis an díospóireacht fheasacht phoiblí sin. I ndeireadh thiar, dá mhéid taighde a bheidh againn, is ea is fearr é. Tá a fhios ag an Teachta cé a dúirt gur gá dúinn an domhan a athrú seachas a thuiscint. Is bunchloch iontach é an taighde leis an díospóireacht a chothú agus daoine a chur ar an eolas. I ndeireadh thiar, ba mhaith liom mar thaighdeoir, mar Éireannach agus mar Ghael céimeanna a fheiscint ag bogadh chun tosaigh i dtreo an athaontaithe agus i dtreo reifrinn ann féin.
Comment on this
An fáth a bhfuil mé ag cur na ceiste ná go bhfuilim ag machnamh ar an méid a dúirt an Teachta Ó Snodaigh níos túisce. Ós rud é go mbeadh rath ar fhás na Gaeilge, pé rud a tharlaíonn ar an oileán, caithfidh an Ghaeilge a bheith fite fuaite i ngach aon ghné den saol, ní hamháin ó thaobh chúrsaí oideachais agus cúrsaí bunreachtúla, ach ó thaobh chúrsaí gnó, cúrsaí spóirt agus cúrsaí sóisialta. Mar pholaiteoirí agus mar shochaí shibhialta caithfimid an teachtaireacht sin a chur ar aghaidh. Teanga pobail is í an Ghaeilge, ní teanga oideachais. Caithfear é sin a léiriú gach aon phíosa den deighilt. Bhí Linda Ervine os ár gcomhair sa chomhchoiste um chomhaontú Aoine an Chéasta cúpla seachtain ó shin. Táim an-tógtha leis an scéal atá aici siúd. Léiriú thar a bheith láidir é sin ar chumhacht na teanga mar theanga phobail. Sin ceann de na príomhchlocha ar mhaith liom a fheiceáil in aon sórt cur chuige atá ann ó thaobh beartais, polasaí nó taighde i leith cheist na Gaeilge ar an oileán - go bhfuil an Ghaeilge fite fuaite i ngach aon ghné den saol.
Ní cáineadh é, ach ní dóigh liom go bhfuil an tuiscint cheannann chéanna againn ar conas is féidir linn an Ghaeilge a chur ar aghaidh ó thaobh chúrsaí gnó agus cúrsaí tráchtála. Tá an-chuid oibre á dhéanamh ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Tá an-chuid oibre ansin. Tá an-chuid oibre déanta ag Gaillimh le Gaeilge. Ó thaobh tuiscint náisiúnta agus tá an locht ar an Rialtas as an méid sin freisin, ní dóigh liom go bhfuil an tuiscint sin againn ar conas is féidir linn an Ghaeilge a shníomh isteach sa saol trádála agus tráchtála. Sin ceann de na bunchlocha atá in easnamh agus muid ag labhairt ar conas a chothaítear an Ghaeilge mar theanga phobail. Cé go bhfuil an-obair ar siúl ag Údarás na Gaeltachta, ní léir dom conas a dhéanaimid é sin a scáileadh amach timpeall na tíre, go háirithe i dtaobh na n-earnálacha nua-aimseartha nach earnálacha déantúsaíochta iad. Is earnálacha iad a bhfuil easpórtáil agus margadh easpórtála acu, ach conas a dhéantar an Ghaeilge a shníomh isteach iontu sin. Ceapaim gurb é sin an bealach a mbainfimid amach rath na Gaeilge amach anseo - é sin a shníomh mar theanga phobail. Tá moladh láidir tuillte ag an obair agus buíochas leis an gconradh as é a eagrú freisin.
Comment on this
Mar eolas, tá taighde ar siúl againn maidir leis an ngeilleagar freisin. Tá súil againn, i gceann tamaillín, go mbeimid in ann teacht ar ais chuig an Teachta ar an ábhar sin. Tá an ceart aige. Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh an geilleagar agus an eacnamaíocht san áireamh agus go mbeidh an Ghaeilge fite fuaite ann freisin agus go bhfeiceann daoine ní hamháin gur teanga bheo í le cumarsáid, ach go bhfuil sé mar chuid den ghnó freisin agus cuid den saol oibre agus cuid de ghairmeacha agus go bhfeiceann daoine go bhfuil sé ar an tábhacht chéanna ó thaobh teanga de. Tiocfaimid ar ais chuig an Teachta air sin freisin.
Comment on this
Iontach. Tá mé an-sásta é sin a chloisteáil.
Comment on this
An sampla a ritheann liom ná Forbairt Feirste i mBéal Feirste. Tá múnla eiseamláireach ansin againn. Dream atá ann ag saothrú le blianta fada anuas le cumhacht gheilleagrach an cheantair a scaoileadh. Cítear é sin in iarthar Bhéal Feirste. Tá an díothú sóisialta ina fhadhb mhór ann, ach úsáidtear an Ghaelainn le saol na ndaoine a fheabhsú. Cítear é sin leis an gceathrú Gaeltachta i mBéal Feirste. Tá múnla eiseamláireach ansin.
Comment on this
Gabhaim buíochas le Róisín Nic Liam agus le Julian de Spáinn as ucht a bheith linn inniu. Ach an oiread leis an Teachta Connolly, níl an oiread sin ceisteanna agam. Tá sé leagtha amach go soiléir ó thaobh an ráitis atá agam. Pléadh na traidisiúin dhifriúla ó Thuaidh agus an tsuim agus an meas atá acu ar an teanga. Ó thaobh a taighde féin, an féidir le Róisín Nic Liam beagán níos mó a mhíniú ó thaobh sin de?
Comment on this
Caithfidh mé a rá nach aon saineolaí mé ag dul siar sa stair ó thaobh na Gaelainne. Tá a fhios agam rud amháin - go bhfuil stair an-saibhir ag an bpobal Preispitéireach leis an teanga. Thagair mé don traidisiún sin den Phreispitéireachas radacach sin i mBéal Feirste. Sula bunaíodh Conradh na Gaeilge in aon chor, is iad na Preispitéirigh i mBéal Feirste a chuaigh i mbun slánú na teanga. Lean sé sin ar aghaidh le himeacht na mblianta. Fiú amháin le linn an chogaidh ó Thuaidh, bhí cimí dílseacha sa Kesh Fada ag foghlaim na Gaelainne. Is dóigh liom gur theastaigh ón gconradh dul isteach agus fáinní a bhronnadh orthu chomh maith, ach b'fhéidir nach ceadaíodh dóibh. Ní chuimhním. Tá stair ar leith ansin.
Ba mhaith liom an comhrá a leathnú amach chomh maith.
Ní hionann gur dhá traidisiún amháin atá ann níos mó. Fud fad na hÉireann tá an t-ádh dearg orainn go bhfuil tír an-ionchuimsitheach, éagsúil againn na laethanta seo. Tá teifigh ag teacht ó gach cearn den domhan, cuid acu teitithe ó chogaidh coilíneacha agus mar sin tá deis againn anseo an caidreamh sin idir gach uile duine in Éirinn, is cuma más Caitliceach, Protastúnach nó eile atá ionat, a fheabhsú. Ba bhreá liom é sin a fheiscint. Is dóigh liom go dtugann pleananna agus tograí ar nós Céad Míle Fáilte an deis dúinn machnamh a dhéanamh ar conas gur féidir linn an Ghaeilge a chur ar bhóthar cruinn arís agus na nascanna sin le gach uile duine atá ag maireachtáil in Éirinn a cheangailt.
Comment on this
Aontaím ó thaobh na tíre de, ach ó thaobh an Tuaiscirt de, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh muid iarracht an meas sin a chothú agus a fhás i ngach traidisiún agus grúpa ó thaobh an Ghaeilge de. Tá sé deimhneach ón méid atá ráite ag Róisín Nic Liam agus ó thaobh na ngrúpaí nua agus an dream atá linn anois nach raibh linn scór bliain ó shin agus na gasúir atá ag foghlaim agus atá breá sásta an Ghaeilge a fhoghlaim agus a labhairt. Tá sé sin an-deimhneach. Gabhaim buíochas le Róisín Nic Liam as ucht an cur i láthair.
Comment on this
Tá sé seo ag teacht leis an bpointe a rinne na Teachtaí Connolly, Moynihan agus Ó Snodaigh níos luaithe. Tagann an-chuid de seo ar ais go dtí an fhíric go gcaithfimid clár oibre a chur le chéile agus tús a chur leis an obair. Is gá dúinn infheistiú san obair seo. Má smaoinímid faoin stair agus an bealach ar thit rudaí amach sna Sé Chontae, an bealach gur bhaineadh an Ghaeilge ón gcóras oideachais agus an sochaí go ginearálta, ó thaobh feiceálacht na teanga nó aon rud eile, tá siad ag tosú ag pointe go bhfuil sé thar a bheith deacair go raibh sé sin ar fad bainte. Níl aon stair nó cultúr ó thaobh teanga de i measc grúpaí áirithe nó grúpaí atá tar éis teacht isteach sa tír le déanaí. Tháinig siadsan isteach sa sochaí céanna nach raibh aon Ghaeilge le feiceáil nó le cloisteáil ann sa chóras oideachais agus eile. Caithfear dul i ngleic leis sin ar fad ach caithfimid infheistiú chun sin a dhéanamh. Tá roinnt mhaith oibre le déanamh air sin. Sin an fáth go bhfuil an taighde againn agus tá plean oibre le bunú air sin agus conas dul i ngleic leis sin.
Comment on this
Gabhaim buíochas le Roisín Nic Liam. Tá aithne agam uirthi ó choiste blianta fada ó shin i mBaile an Chollaigh agus an sár obair a bhí á dhéanamh aici nuair a bhí sí ar scoil i mBaile an Chollaigh. Gabhaim buíochas le Julian de Spáinn chomh maith. Tá an taighde ar fad thar a bheith suimiúil. Bhíos i Londain an tseachtain seo caite agus do bhuaileas le Gavin Robinson agus Nigel Dodds ón DUP agus do chuireas ceist orthu mar gheall ar an nGaeilge agus an seasamh atá ag na haontachtóirí i gcoitinne agus an seasamh atá acu siúd go pearsanta ar thodhchaí na Gaeilge. Bhí sé thar a bheith soiléir domsa go raibh siad buartha mar gheall air. Níl aon amhras ach go gcaithfimid a bheith ag smaoineamh ar thodhchaí níos fearr a bheith againn ar fad ar an dá thaobh den teorainn.
Ó thaobh na Gaeilge de, caithfimid a bheith ag éisteacht leis na daoine ar fad agus caithfimid a admháil nach bhfuil tuairimí láidre ag go leor daoine sa phobal PUL. Níl gach éinne i gceist. Tá fhios againn go léir an sár-obair atá á dhéanamh ag a leithéid de Linda Ervine agus an Reverand Andrew Irvine agus an sár-obair atá faoi lánseol i Scoil na Seolta. Bhí mé ag smaoineamh ar thodhchaí na teanga agus sochaí níos fearr a chothú ina bhfuil meas againn go léir ar a chéile agus na rudaí uafásacha a tharla sna blianta atá caite a fhágáil agus todhchaí agus tír níos fearr a chothú. Cad é meas na bhfinnéithe ar mar shampla an Ghaeilge mar ábhar éigeantach sna scoileanna i dtír aontaithe? Tá tuairimí agam féin mar gheall air sin agus conas gur féidir linn tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge mar atá ráite ag an Teachta Ó Snodaigh ó thaobh na hathbheochana agus leanúint ar aghaidh leis sin. Ó thaobh na Gaeilge mar ábhar scoile i dtír aontaithe, céard is ea meas na bhfinnéithe air sin?
Comment on this
Tá a lán oibre le déanamh, caithfimid dul ar ais go dtí an pointe sin. Mar a dúirt mé, sa chóras oideachais ó Thuaidh faoi láthair, dá mbeadh Éire aontaithe ar maidin, ní bheadh a dhóthain múinteoirí sa chóras chun go bhféadfaí díriú ar aon chóras amháin. Tá obair le déanamh idir an dá linn. Tá a lán traenáil agus feasacht le déanamh agus tá córas le bunú chun gur féidir gníomhú i dtreo sprioc. An rud atá i gceist agam ná, abair go bhfuil siad ag leanúint an córas GCSE agus A leibhéal faoi láthair, níl aon rud le rá nach mbeidh tréimhse áirithe ama ann ina mbeidh siad ag leanúint an córas céanna go dtí go bhfuil a dhóthain múinteoirí sa chóras chun gur féidir leo feidhmiú sa chaoi céanna is a bhíonn siad ó Dheas. B'fhéidir go ndéanfaidh scoileanna áirithe níos tapúla é, scoileanna atá ag iarraidh teacht isteach sa chóras níos tapúla, ach tá a lán machnaimh, pleanáil agus infheistiú le déanamh chun gur féidir linn teacht go dtí an pointe go bhfuil muid ag tabhairt deiseanna Gaeilge do gach duine is nach mbeidh éinne gearrtha amach mar gheall nach raibh an teanga sa chultúr ná sa traidisiún. Tá fáthanna faoi leith nach bhfuil an teanga sa chultúr nó sa traidisiún. Bhí an Ghaeilge sa traidisiún agus sa chultúr roimhe sin, b’fhéidir, ach thit sí amach ar an mbóthar go dtí an áit a bhfuil muid faoi láthair. Cuid de sin ná an Ghaeilge a thógáil amach as a bheith in úsáid mar uirlis le deighilt a dhéanamh agus breathnú uirthi mar uirlis athmhuintearais. Táimid 100% den tuairim gur chóir dúinn bheith ag dul thíos an bóthar sin sa bhealach go raibh an teanga ann roimh an stair ar fad a bhaineann leis an ábhar sin agus cén fáth nach mbeadh sí úsáidte mar bhealach chun gur féidir linn daoine a thabhairt ar ais le chéile sa tslí ceart.
Comment on this
Is fíor é sin agus bhí sé an-suimiúil bheith ag éisteacht leis na finnéithe níos luaithe, go háirithe leis an rud a dúirt Róisín Nic Liam faoi stair na Gaeilge i bpobal na bPreispitéireach. Sin an t-aon rud a dúirt Gavin Robinson liomsa an tseachtain seo caite. Luaigh sé an stair sin.
Cad faoi tuairim na bhfinnéithe ó thaobh an Ghaeilge mar ábhar éigeantach san ardteist i dtír aontaithe?
Comment on this
Tosóidh mé agus deirim nach saineolaí oideachais mé ar an gcéad dul síos. Fágfaidh mé faoi Phádraig Ó Duibhir é an fís a leagan amach. Rud amháin i gceart a dhéanaimse sa tuairisc ná go gcáinimse an cur chuige sin a deir gur gá don Ghaeilge a bheith ina ábhar roghnach amach anseo, mar an rud a chífimíd sna díospóireachtaí seo arís agus arís eile ná go bhfuil an Ghaeilge á lua ar lámh amháin leis an bpobal Náisiúnach agus Poblachtánach agus an Ultais agus an Béarla á lua leis an bpobal aontachtach. Níl sé sin cruinn ar an stair. Má tá uainn arís admháil a dhéanamh ar an teanga go náisiúnta agus í a chur ar bhóthar cruinn, caithfimid na deiseanna agus na nascanna sin le gach uile pobal agus traidisiún agus na pobail nua in Éirinn a cheangailt. Tosaíonn sé sin le feiceálacht.
Luaigh mé sa taighde nach bhfuil oiread agus scoil rialaithe amháin, sé sin scoil atá faoi bhainistíocht na heaglaise Protastúnaigh, a mhúineann an Ghaeilge ó Thuaidh. Mar sin conas gur féidir linn a bheith ag súil gur féidir leis an bpobal sin nascadh leis an dteanga, mura bhfuil sí ar fáil dóibh? Caithfimid an deis sin a sholáthar agus a bheith cróga, misniúil agus dearfach san aois atá againn agus gan a bheith ag tosú amach - agus nílim ag rá gur seo atá á rá anseo - ar ábhar éigin eile seachas a bheith ag caint ar cheart í a bhaint ón chóras oideachais agus an Ghaeilge a bheith ina ábhar roghnach. Ní mór dúinn a bheith samhlaíoch, misniúil agus cróga agus teacht isteach go dtí an comhrá ar bhealach difriúil. Níl an cur chuige reatha in oiriúint. Níl sé ag obair le 30 bliain anuas. Rud amháin a cháintear mar gheall ar Chomhaontú Aoine an Chéasta agus na socruithe atá ann ná go ndéanann sé tuilleadh deighilt sa tsochaí. Táimid 30 bliain ar aghaidh. D'fhás mo ghlúinse aníos faoi scáth Chomhaontú Aoine an Chéasta agus tá deis againn anois rud éigin nua a thriail agus ár gcuid samhlaíocht a úsáid agus an aois dhearfach, mhisniúil sin a leagan amach do gach uile duine in Éirinn ó thaobh na teanga de.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an taighde seo a chur os ár gcomhair. Mar a dúirt an Seanadóir, tá sé tráthúil agus suimiúil. Tá cúpla ceist agam. Deirtear go bhfuil fuinneog féidearthachtaí ag oscailt anois maidir le hÉire ag aontú. I dtuairim na bhfinnéithe, cé chomh hoscailte is atá an fhuinneog sin i ndáiríre, ó Thuaidh agus ó Theas, i ndearcadh na ngnáthdaoine go speisialta?
Comment on this
Is dóigh liom féin go bhfuil an-fonn agus an-suim ag daoine sa chomhrá seo. Is dóigh liom go bhfuil daoine ag iarraidh féachaint i dtreo na dtodhchaí le rud éigin nua a bhaint amach. Léiríonn an taighde, na pobalbhreitheanna agus a leithéid gur i méid a théann an tacaíocht d'Éire aontaithe sna glúnta níos óige. Mar sin, tá an comhrá faoi lán tseoil - níl aon amhras faoi sin - le deich mbliana anuas. Tá sé ag éirí níos práinní fós go mbeadh pleanáil stuama chuimsitheach i gceist. Chíomar é sin sna toghcháin sa Bhreatain le déanaí, nuair a d'éirigh le Plaid Cymru sa Bhreatain Bheag agus le Páirtí Náisiúnta na hAlban chomh maith. Tá an cuma air go bhfuil an tírdhreach polaitiúil ag athrú, agus ní mór dúinn a bheith ullamh chuige sin. Nuair atá daoine ag féachaint ar leithéidí Reform i Sasana, níl siad ag iarraidh a bheith in aon chor nasctha leis an gcóras sin i Westminster. Mar sin, tá an comhrá á leathnú amach de réir a chéile ar bhonn níos fairsinge ná mar a bhí go dtí seo. Tá daoine ag féachaint i dtreo na todhchaí mar deis athrú claochlaitheach a bhaint amach agus é sin a dhéanamh ón mbun aníos chomh maith céanna.
Léiríonn an taighde ar fad ar an ábhar ó ghrúpaí ar nós Todhchaí na hÉireann - Ireland's Future agus na grúpaí éagsúla ón tsochaí shibhialta atá ag glacadh páirte sna comhráite seo go bhfuil sé faoi lán tseoil agus go bhfuil fonn agus éileamh ann i measc na cosmhuintire. An léiriú ba spreagúla ar fad ar sin ná ard-fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana. Tá sé ráite agam míle uair nach déanfaidh mé dearmad riamh ar an fonn agus an fuinneamh - an fís dhearfach sin - i measc na n-óg. Bhí daoine ann ó gach uile chearn den tír - daoine óga den chuid is mó, cé go raibh gach saghas aois ann - ag rá go dteastaíonn uathu tír nua agus poblacht nua a bhaint amach. Bhí sé sin gan dabht le déanamh amach i dtoghchán na hUachtaránachta na bliana seo caite. Tá an-éileamh ann. Cé nach léir go bhfuil mórámh go fóill ar shon Éire aontaithe, tá cúrsaí ag bogadh i dtreo sin de réir na bpobalbhreitheanna.
Comment on this
Ar scála, cén áit a bhfuil an Ghaeilge i gcomparáid le tosaíochtaí eile mar shampla forbairt réigiúnda, eacnamaíocht, neodrachas, córas sláinte agus oideachas?
Comment on this
Má bhreathnaíonn muid ar an bpolaitíocht ó Thuaidh, tá an Ghaeilge mar cheann de na tosaíochtaí a bhíonn á bplé d'fhéadfaí a rá ró-mhinic. Tá an cheist thar a bheith ábhartha nuair a thagann sé go dtí an gnáthdhuine sa phobal mar go bhfuil sé sin á bplé agus tá sé le cúig go dtí deich mbliana anuas. Tá sé ar an gclár oibre polaitiúil ach go háirithe ó Thuaidh. Cuid den rud atá ag tarlú faoi láthair ná - mar a luaigh Róisín Nic Liam - go bhfuil an dream níos óige ag teacht tríd agus tá siad ag iarraidh imeacht ón gcosc nach raibh cead an Ghaeilge a fheiceáil nó a chloisteáil is nach raibh sí mar chuid den chóras oifigiúil. Tá sé sin ar fad ag athrú anois agus is maith an rud é sin a fheiceáil, ach leis sin, tagann na ceisteanna seo a leanas chun cinn: cén bealach chun tosaigh? Cad é an mórphlean? I ndáiríre, tá an Ghaeilge fite fuaite sa cheist seo faoi athaontú na tíre. Mar a luaigh Róisín Nic Liam agus mar atá luaite sa taighde atá aici, tá daoine á úsáid cheana féin mar cheann de na rudaí sa chomhrá sin. Níl siad á húsáid i slí dearfach go fóill, ach táimid ag iarraidh é sin a iompú ionas go mbeidh daoine ag breathnú ar an teanga mar uirlis athmhuintearais, mar a luaigh mé. Is féidir léi bheith mar chuid den dóchas nó den fhís a bheidh ann den athaontú pé am go dtiocfaidh an reifreann sin.
Comment on this
An nglacann Julian de Spáinn leis go bhfuil géarchéim i gcaighdeán muintir na Gaeilge sna bunscoileanna? Má tá, cén tionchar a bheidh aige sin ar an tionscnamh seo maidir le Éire aontaithe agus oideachas aontaithe?
Comment on this
Glacaim leis go bhfuil géarchéim sa chóras oideachas i leith na Gaeilge trí chéile. Dar ndóigh, beimid ag déanamh an cheist sin a phlé níos déanaí agus arís i gceann cúpla seachtain. Breathnaímse freisin air mar deis. Má tá an oiread sin rudaí gur gá dúinn dul i ngleic leo, cén fáth nach bhféadfadh muid é a dhéanamh ar bhonn uile-Éireann? Tá ceachtanna le foghlaim ó Thuaidh agus ó Dheas agus tá dea-chleachtais le foghlaim fud fad na hEorpa. Nach féidir linn iad sin ar fad a tharraingt le chéile agus a bheith in ann bogadh chun cinn le chéile? Luaim rudaí ar nós an bealach ina mbeadh múinteoirí bunscoile níos muiníní as a gcuid Gaeilge. Dá mbeadh an córas ar fad bunaithe ar an bhfráma tagartha comónta Eorpach, bheadh a fhios ag an múinteoir cá háit ar an scála gur gá dóibh a bheith chun go mbeadh siad muiníneach ó thaobh úsáid na Gaeilge sa seomra ranga, bíodh sé sin ar leibhéal B2 nó ar leibhéal C1 - nílim cinnte. Bheidís in ann córas den chineál sin a úsáid sa chaoi sin. Más féidir linn caoi a chur ar an muinín sa bhunscoil, cabhróidh sé sin leis an meánscoil agus leis an gcóras trí chéile. Má táimid ag glacadh leis an bhfráma tagartha - sin an bealach atá á tógáil ag an Bhreatain Bheag ag dul, mar shampla - cabhraíonn sé sin le gach rud. Tá straitéis Gaeilge á cur le chéile ó Thuaidh. Tá sé le bheith curtha le chéile le 20 bliain anuas agus níl sé ann fós, ach sa phróiseas ina raibh mise páirteach, bhí moltaí déanta go láidir go bhfoghlaimeodh muid ón bhfráma tagartha comónta Eorpach, agus go mbeadh sé sin in úsáid freisin. Tá rudaí comónta gur féidir linn a úsáid. Tá deis an-mhór ann gur féidir linn dul chun cinn a dhéanamh ar fhís don tír ar fad agus ní díreach don Sé Chontae Fichead amháin.
Comment on this
Tá mo chuid ama istigh. Gabhaim buíochas leis na finnéithe.
Comment on this
Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Tá sé ar fheabhas go bhfuil siad anseo. Cad as a cheapann siad go mba chóir don mhaoiniú teacht le haghaidh tuilleadh tuairiscí nó pleananna don athaontú? An dtiocfaidh sé ón dtionscnamh um oileán comhroinnte, ó oifig an Taoisigh nó ó choiste ar leith?
Comment on this
Luaigh mé sa tuairisc an obair a dhéanann oifig an Taoisigh leis an tionscnamh um oileán comhroinnte. Is iontach an rud é an taighde atá ar siúl. Tugann sé léargas ar leith dúinn ar na hiarrachtaí timpeall na tíre agus tá siad sin le moladh go hard na spéire. Is cinnte go bhfuil gá le bhfad níos mó taighde ar cheist na Gaeilge sna díospóireachtaí seo ar fad. Níl sé seo ach ina thús. Nuair a thosaíomar amach, bhíomar ag caint ar 6,000 focal, b'fhéidir, agus is é seo an méid a chuaigh sé ó shin. Níl sé ach ina thús go fóill. Mar sin, is ag an aonad sin leis an oileán comhroinnte atá na hacmhainní agus an t-airgead is mó ag teacht as. Molaim d'aonad an Taoisigh taighde a chur ar fáil amach anseo agus maoiniú chuige sin. Caithfimid dul i mbun pleanáil straitéiseach chuige seo. Chímid sna díospóireachtaí ar fad agus sa tuairisc ata curtha ar fáil agam go bhfuil an Ghaeilge sa bhearna bhaoil. Sin lomchlár na fírinne. Tá sé á chur in iúl go leanúnach sna díospóireachtaí ar fad go bhfuil an Ghaeilge mar chuid de samhail conspóideach de náisiúnachas, nó mar rud gur gá a ghéilleadh amach anseo. Ní mór dúinn é sin a athrú. Is é an bealach is fearr inar féidir linn é sin a dhéanamh ná trí gluaiseacht na Gaeilge ag glacadh páirte sna díospóireachtaí. Chomh maith leis sin, ba cheart go mbeadh fianaise agus taighde ar fáil le cur leis na díospóireachtaí sin ar fad. Ní mór dúinn fís dhearfach atá fréamhaithe sna dea-chleachtais idirnáisiúnta agus cur chuige ceart-bhunaithe a chur ar fáil.
Comment on this
Ní hamháin go bhfuil taighde le maoiniú - tá a lán taighde eile le déanamh, mar tá luaite ag Róisín Nic Liam - ach tá gá ann freisin ceist na praiticiúlachta, nó an cur i bhfeidhm, a mhaoiniú. Is maith é go bhfuil an tionscnaimh oileán comhroinnte ar siúl i Roinn an Taoisigh ach ba chóir go mbeadh rud faoi leith ann maidir le conas an teanga a thabhairt isteach sa phróiseas sin. Téann sé ar ais go dtí an clár oibre atáimid ag iarraidh déanamh sna scoileanna nach bhfuil taithí nó cultúr acu ó thaobh na teanga de, ach ní féidir linn teacht ar mhaoiniú leanúnach chun é sin a dhéanamh. An gnáthrud a tharlaíonn nuair nach n-éiríonn leis an Roinn ábhartha - an Roinn gnóthaí eachtracha a bhí ann go dtí seo - níos mó ná páirtmhaoiniú beag a thabhairt dúinn ná go gcuireann sé gach rud ar ais go dtí Roinn na Gaeltachta. Ní raibh an t-airgead ag Roinn na Gaeltachta agus go tobann ní rabhamar in ann aon dul chun cinn a dhéanamh. Dá mbeadh muid in ann breathnú ar chúpla tionscadal faoi leith atá riachtanach agus a chabhródh go mór leis an teanga a chomhroinnt le gach pobal ó Thuaidh agus an bunobair sin a bheith déanta, cabhródh sé go mór.
Comment on this
Cad iad na céimeanna ar ghá glacadh chun pleanáil don athaontú?
Comment on this
Ó thaobh dhearcadh na Gaelainne agus na Gaeltachta, an rud a chloisim i measc na gcosmhuintir i gcónaí ná gur gá go dtiocfadh an fhís don dteanga agus an Ghaeltacht amach anseo ón mbonn aníos. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach. An cur chuige a bhí againn an-mhinic ó thaobh na teanga, ar bunú an tSaorstáit mar shampla, ná gur cur chuige ón mbarr anuas a bhí i gceist an-mhinic agus gur braitheadh go hiomlán ar an gcóras oideachais leis an dteanga a athbheochan agus a athghabháil. Bhíomar ag plé seo níos luaithe chomh maith. Ní féidir linn féachaint ar an dteanga i bhfolús aonair ach oiread. Trasnaíonn sé isteach sna goirt éagsúla ar fad sa tsochaí ina mairimid. Tá sé an-tábhachtach dá réir sin nach bpléifimis leis an nGaeilge léi féin sna píosaí taighde seo ar fad ach leis an tslí go bhfuil sí fite fuaite le réimsí éagsúla sa tsochaí.
Maidir leis an plean chun tosaigh anois i dtaobh Éire aontaithe, is dóigh liom gur gá gur ollghluaiseacht cosmhuintir a bheidh i gceist. Is ansin atá mo dhóchas agus mo mhisneach. Chonaiceamar sin, mar a luaigh mé cheana, ag ard-fheis Chonradh na Gaeilge. Is dóigh liom anois go mbeidh pobal na Gaeilge, gluaiseacht na teanga agus gluaiseacht na Gaeltachta ina gceannródaithe ar an ollghluaiseacht seo atá á tógáil ón mbonn aníos againn. Is ábhar an-mhór dóchais é sin. Cinnte, beidh acmhainní ag teastáil uainn ó na rialtais Thuaidh agus Theas agus ó pholaiteoirí agus uile. I ndeireadh thiar, an t-ábhar spreagadh is mó a bheidh ag daoine ná an ghluaiseacht cosmhuintir sin ón mbonn aníos.
Comment on this
An bhfuil amhras ar na finnéithe go dtabharfaidh na polaiteoirí anseo suas an teanga mar ghéilleadh siombalach don phobal dílseoirí nó mar saghas bargaining chip? An bhfuil an bhuairt sin oraibh?
Comment on this
An rud a léiríonn an taighde ná go bhfuil daoine ó gach uile charn don tsochaí – is cuma más polaiteoir nó lucht léinn atá i gceist – sásta an Ghaeilge a ghéilleadh. Ach táim dóchasach go n-athróidh sé sin. Tá cúrsaí ag athrú. Tá an fhianaise ar fad ag léiriú go bhfuil tacaíocht mhór ó mhuintir na hÉireann ag an dteanga agus ag an nGaeltacht, agus gur ghá dúinn gníomhú dá réir sin. Nuair a thosóidh cosmhuintir na teanga agus na Gaeltachta ag cur an fhís dhearfach sin in iúil, spreagfaidh sé sin daoine eile chomh maith. Tá deis againn anseo fís agus smaointeoireacht útóipeach a chur chun cinn do thodhchaí na teanga seo agus is ábhar ollmhór spreagadh é sin domsa. Tiocfaidh sé sin ón mbonn aníos ach spreagfaidh sé daoine eile le cur leis an bhfís dhearfach úd amach anseo. Táim dóchasach go n-athróidh cúrsaí.
Comment on this
Rud an-bheag atá le cur agam leis sin ná go bhfuil a fhios againn go raibh sé sin ag tarlú le cúpla bliain anuas. Tá na samplaí le feiceáil agus le léamh sa taighde atá déanta ag Róisín Nic Liam. Ach an rud a bhí i gceist leis an taighde a dhéanamh nó a choimisiúnú ag an am ná chun líne a tharraingt agus a rá “Ó anois ar aghaidh, caithfimid a bheith ag breathnú air seo mar rud dearfach”. Caithfimid a chur trasna don phobal cén fáth go bhfuil sé dearfach agus na buntáistí agus na deiseanna atá ann. Sin atá i gceist againn inniu agus gabhaimid buíochas leis an gcoiste as an deis é sin a dhéanamh. Ba bhreá linn an deis chéanna a fháil le comhchoiste Chomhaontú Aoine an Chéasta freisin. Sílim go mbeadh sé an-ábhartha. Ba mhaith linn an teachtaireacht a chraobhscaoileadh chomh mór agus is féidir linn gur féidir leis an nGaeilge a bheith mar chuid den fhís nua don oileán seo ina iomláine ar bhonn dearfach agus ar bhonn athmhuintearais freisin. Ba bhreá linn é sin a dhéanamh agus cabhair an chomhchoiste a fháil chuige sin freisin.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Molaim an dearcadh sin. Tá sé chomh dearfach agus tá Róisín Nic Liam chomh spreagúil i gcónaí. Déanaim comhghairdeas léi as a cuid taighde.
Comment on this
Tá ceist amháin nár luadh go fóill ó thaobh oideachais de. Tá fadhbanna againn leis an nGaeilge sa chóras ardteiste sa Deisceart. Ceapaim go nglacann gach duine leis sin agus nach bhfuil aon argóint i ndáiríre. Tá sé seo feicthe agam - uaireanta ar aon nós - agus b’fhéidir gur an chúis atá leis seo ná an chaoi atá an Ghaeilge roghnach agus go roghnaíonn daoine an Ghaeilge sa Tuaisceart nuair a dhéanann siad í don A-levels. I dtuairim na bhfinnéithe, cén córas atá níos fearr don Ghaeilge idir na A-levels agus an ardteist? An bhfuil aon todhchaí don Ghaeilge i gceachtar don dá chóras sin nó an gcaithfimid córas iomlán nua a chruthú don oideachas nuair a bhainimid amach, le cúnamh Dé, Éire aontaithe?
Comment on this
Níl gach freagra agam ach déanfaidh mé iarracht cuid de fhreagra a thabhairt air seo mar tá an cheist an-leathan ach an-tábhachtach ag an am céanna. Is dócha go bhfuil sé chomh maith a rá gur thóg siad cinneadh i Westminster thar ar thús na mílaoise go raibh siad chun fáil réidh le teangacha sa bhreis a bheith éigeantach sna scoileanna. Nuair a thóg siad an cinneadh sin, thit foghlaim teangacha as a chéile sna limistéir éagsúla a raibh tionchar ag an bparlaimint orthu.
Comment on this
Le soiléiriú, níl mé ag rá gur cheart an Ghaeilge a bheith roghnach sa Deisceart ach díreach go mbíonn beagáinín níos mó fonn ag na daoine a roghnaíonn Gaeilge sa Tuaisceart an Ghaeilge a fhoghlaim uaireanta, i gcomparáid le daoine sa Deisceart atá orthu an teanga a fhoghlaim.
Comment on this
Tuigim. An pointe a bhí mé ag iarraidh a lua leis sin ná go raibh an rogha imithe ó Thuaidh don chuid is mó sna scoileanna. An t-aon rud a choinníonn na figiúirí mar atá siad ó thaobh A-leibhéil agus GCSE ná an dá mheánscoil Ghaeilge. Tá cúpla sruth nó aonaid ach is sin atá ann dáiríre.
Ó thaobh cén córas nua a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm, téim ar ais go dtí an rud go bhfuil an Bhreatain Bheag, mar shampla, ag dul i dtreo an fráma tagartha comónta Eorpach. Tá sé in úsáid in áiteanna eile san Eoraip freisin. Is córas é a d’fhéadfadh cabhrú le haon duine atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim mar tá dréimire ann agus tuiscint cineál réasúnta éasca ar cén áit a bhfuil an foghlaimeoir ar an dréimire sin. Dá mbeadh a leithéid ann bheadh sé i bhfad Éireann níos éasca córas comónta a thabhairt isteach sa tír ar fad; córas a bheadh ann do na múinteoirí chomh maith leis na curaclaim agus don mhúineadh trí chéile.
Comment on this
Tagaim leis an Seanadóir. Rud amháin a luaigh sé ansin ná an fhéidearthacht atá ann rud éigin iomlán nua a chruthú. Is dóigh liom go bhfuil gá leis an athrú claochlaitheach sin. Ní hamháin, dár ndóigh, go bhfuil géarchéim sa chóras oideachais ach tá sé ann freisin sa Ghaeltacht agus i gcúrsaí maoinithe agus cearta trí chéile. Mar sin, caithfimid féachaint arís ar cheist na Gaeilge, í a athshocrú ó bhonn agus an fhís dhearfach, radacach, uaillmhianach sin a chur chun cinn ó thaobh na teanga. Le ceist an oideachais a chíoradh, caithfimid tosnú amach ansin leis an soláthar. Níl ach leathchuid de chontaetha na Sé Chontae Fichead le Gaelcholáiste ag an dara leibhéil. Caithfimid a bheith míle uair níos uaillmhianaí ná sin fiú amháin, agus an soláthar a chur ar fáil dóibh siúd a theastaíonn uathu freastal ar Ghaelcholáiste. Is dóigh liom nach bhfuil ach 6% de dhaltaí an Deiscirt sa chóras Ghaeloideachais faoi láthair. Níl sé sin maith go leor. Arís, caithfimid a bheith i bhfad níos dearfaí agus níos uaillmhianaí agus an fhís útóipeach sin a leagan amach, ní hamháin don chóras oideachais ach do gach uile ghné don tsochaí ina mairimid.
Comment on this
Ní easaontaím le Róisín Nic Liam maidir leis an uaillmhian atá ag teastáil maidir le Gaelcholáistí go príomha. Ach luaigh sí fís útóipeach ansin, agus aontaím léi. B’fhéidir go bhféadfadh na finnéithe cabhrú linn fís útóipeach a chruthú maidir le céard atá ar siúl sna seomraí ranga. Múineann múinteoirí, go háirithe ag an dara leibhéil, i dtreo na scrúdaithe. Cibé atá ag teastáil ón dalta ar lá na hardteiste, déanann an múinteoir iarracht múineadh ina threo sin sa seomra ranga agus scriosann sé sin aon taitneamh a d’fhéadfaí a bhaint as an nGaeilge sa seomra ranga. Tá sé seo luaite agam 20 uair le Julian de Spáinn sa seomra seo ach ceapaim go bhfuil sé tábhachtach nuair atá comhrá ar siúl maidir le hÉire aontaithe go bhfuil fís shoiléir againn maidir le cén córas oideachais a bheidh i bhfeidhm an lá dár gcionn. Luadh Brexit agus nach raibh plean ann don dara lá maidir le céard a bheadh ar siúl. Caithfimid a bheith an-soiléir agus muid ag cur in iúl do mhuintir na tíre a mbeidh ag vótáil ar son Éire aontaithe céard a bheidh i gceist. Tá an-féidearthacht againn don chóras oideachais toisc go bhfuil gach múinteoir bréan den strus atá ag baint leis an ardteist agus an córas sa Deisceart go háirithe. B’fhéidir go mbeadh na finnéithe in ann cabhrú linn an fhís sin a chruthú.
Comment on this
Aontaím go huile is hiomlán. Ba chóir go mbeadh sé mar chuid den fhís don athaontú go bhfuil muid ag dul i dtreo córas a athraíonn ó bhonn an córas atá ann faoi láthair mar níl ag éirí leis faoi láthair agus caithfimid dul i ngleic leis. Tá moltaí ag teacht chun cinn. Beimid ar ais i gceann coicíse le cúpla moladh eile air sin freisin atáimid tar éis a phlé cheanna. An rud atá ag tabhairt dóchais domsa freisin ná go bhfuil an dream óg atá ag teacht taobh thiar dúinn ag scréachaíl le aghaidh athrú sa chóras. Tá siad ag lorg córas a dhéanann freastal ceart orthu. Feicimid seo leis an dream óg. Níl siad ag iarraidh an béalghrá a thuilleadh; tá siad ag iarraidh rudaí substaintiúla a oibríonn.
Sílim, mar a deir an Seanadóir, gur féidir linn le chéile teacht ar an múnla agus ar an fhís sin.
Comment on this
Fiú don vóta a bheadh ar siúl le haghaidh Éire aontaithe, bheadh sé i bhfad níos éasca é a dhíol le daoine atá ar an gclaí má tá fís shoiléir againn don taitneamh a bheadh á bhaint ag daltaí as an nGaeilge sa chóras oideachais.
Comment on this
Is ón mbonn aníos a thiocfaidh an fhís sin. Cloisimid ar fad scéalta ó dhaoine go mion minic faoi dtaithí a bhí acu ar scoil. Léiríonn an fhianaise ar fad a dhéanann leithéidí Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge nach mó ná sásta atá daoine leis an gcóras oideachais reatha. Ach, arís, caithfidh an fhís do rud éigin difriúil teacht ón mbonn aníos amach anseo agus tá dualgas ar an Rialtas pleanáil chuige sin ansin. Níor mhaith liom go dtiocfadh an fhís sin ón mbarr anuas. Tá sé an-tábhachtach gur na cosmhuintir a mhúnlódh an fhís don dteanga agus don Ghaeltacht amach anseo. Ach tá dualgas ar an Rialtas, mar a deir an Seanadóir, pleanáil chuige sin gur féidir cinneadh feasach a dhéanamh faoi thodhchaí na tíre. Bealach amháin a luaitear sa taighde seo agus an taighde ar fad ar Éire aontaithe ná gur cheart tosú amach le rudaí ar nós tionóil saoránach le tuairimí na ndaoine a fháil agus an polasaí agus an fhís a mhúnlú dá réir sin. Luas é sin sa tuairisc. Is faoi Chonradh na Gaeilge a bheidh sé a ghlacadh nó gan glacadh leis na moltaí ach ba cheart go mbeimis ag achainí ar an Rialtas tús a chur leis an bpleanáil sin trí rudaí ar nós na dtionóil saoránach sin.
Comment on this
Tá an t-am istigh. Go raibh maith agat, a Sheanadóir.
Tá cúpla ceist agamsa. Ar an gcéad dul síos, tá an taighde léite agam. Tá an-obair déanta ag Róisín Nic Liam. Molaim í agus molaim an conradh as an taighde a mhaoiniú. Aontaím go láidir le tromlach a bhfuil ann. Tá cúpla fadhb agam ó thaobh na teangeolaíochta de. Luaitear “Rialtas Bhaile Átha Cliath” seachas Rialtas na hÉireann agus rudaí a bheith “nualiobrálach”. Díreach ó thaobh na polaitíochta caithfidh mé é sin a rá mar go n-aontaím leis an tromlach atá ann. Nuair atá géarghá ann obair le chuile páirtí, go háirithe ó thaobh na páirtithe Rialtais Fianna Fáil, Fine Gael, agus ansin Sinn Féin agus na neamhspléachaí chomh maith, tá sé fíorthábhachtach domsa go mbeimis in ann obair le chéile. Is é sin an rud is tábhachtaí.
Tá sé ráite cheana ag Róisín Nic Liam go bhfuil géarghá ann don Rialtas níos mó dhéanamh ó thaobh an obair seo a chur chun cinn. Tá an ról a bhí ag aontaitheoirí – fiú Dubhghlas de hÍde - ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge luaite ag an t-uafás daoine anseo inniu. Ní aontaitheoir a bhí ann ach Protastúnach a bhí ann. Luadh na Preispitéirigh a bhí ann chomh maith agus an t-uafás a rinne siad thar na céadta blianta ó thaobh dul chun cinn na Gaelainne de.
Baineann an chéad cheist atá agam leis an stair sin. Tá Linda Irvine luaite ag cúpla duine anseo cheana féin, agus tá an t-uafás déanta aici, araon le daoine eile i mBéal Feirste agus sa Tuaisceart. Ó thaobh na hoidhreachta chomhroinnte sin, go háirithe ó thaobh stair na bPrespitéireach sa Tuaisceart, conas gur féidir linn é sin a úsáid agus an tuiscint sin a thabhairt thar n-ais go dtí an pobal sin sa Tuaisceart? An bhfuil rud éigin gur féidir linn a dhéanamh chun iad a thabhairt linn ar an turas seo? Tá sé fíorthábhachtach go dtiocfaidh siad linn ar an dturas mar is baill iad don tír nua, an fhís nua, an aisling seo atá againn uilig, nó an fhís Útóipeach atá againn chomh maith?
Comment on this
Tá láncheart ar an Leas-Chathaoirleach. Tá a fhios agam go bhfuil mé ag dul ar ais go dtí an rud faoi chúrsaí maoinithe agus clár tionscadal faoi leith ach tá fíorthábhacht leis an tionscadail a bhfuil mé ag caint faoi. Nuair a bhíonn an obair á dhéanamh sna scoileanna mar shampla, áit nach bhfuil aon traidisiún, aon chultúr nó aon eolas acu i ndáiríre ar an teanga, nuair a théimid isteach chucu bímid ag labhairt faoi logainmneacha agus ainmneacha daoine ach bíonn an méid atá an Leas-Chathaoirleach ag caint faoi an-tábhachtach freisin. Bíonn an stair sin faoi na Preispitéirigh agus na daoine eile a bhí páirteach in athbheochan na Gaeilge agus an Ghaeilge a shábháil thar na mblianta freisin an-tábhachtach. Tá sé ar nós nach bhfuil sé mar eochair-rud nó mar thosaíocht faoi leith clár cosúil leis sin a mhaoiniú. Níor mhaith liom a rá nach bhfuil aon vótaí ann ach b’fhéidir i mbealach áirithe go gcaithfimid breathnú ar mar rud éigin nach bhfuil mórán tairbhe eile chun teacht as. Is rud éigin é ar aon nós - obair chiúin - ar chóir go mbeadh ag dul ar aghaidh ach is gá dúinn é a mhaoiniú. Sílim go bhfuil an ceart ag an Leas-Chathaoirleach go bhfuil rudaí ón stair le tógáil. Tá an oidhreacht timpeall ar dhaoine le tógáil agus an rud a mhíniú do dhaoine. Nuair a deirimid gur le gach duine an teanga, caithfear sin a mhíniú agus tá seo mar chuid den mhíniú sin freisin.
Comment on this
Tagaim le Julian ansin. An rud is tábhachtaí ná an comhrá sin agus é a rá glan amach gur cuma leis an dteanga cén chúlra atá ag duine; is le gach uile duine againn í agus pobal nua na hÉireann san áireamh ansin agam. An bealach is éifeachtaí do sin i ndáiríre ná nuair a thagann sé ón bpobal aontachtach agus ón pobal Protastúnach iad féin. Bhuaileas le fear óg iontach an lá cheana, mac léin in Ollscoil Ulaidh, agus rinne sé tráchtas fochéime, is dóigh liom, ar an ábhar seo – ar athghabháil na Gaeilge i measc an phobail Prespitéirigh, Protastúnaigh agus aontachtach. Na torthaí a bhí aige sin ina chuid taighde ná go mothaím go leor den bpobal sin gur chailleadar amach ar an dteanga. Mar sin caithfimid gach iarracht a dhéanamh na deiseanna a sholáthar gur féidir le gach uile duine in Éireann tabhairt faoi foghlaim agus athghabháil na teanga. Ciallaíonn sé sin gur ghá dúinn dúshlán a thabhairt go leanúnach anois sna comhráití ar Éirinn aontaithe. Aon uair go luann daoine ceist na Gaeilge mar rud roghnach amach anseo, bíodh sé sin sa chóras oideachais nó eile, caithfimid dúshlán a thabhairt don tuiscint sin gur rud conspóideach í. Caithfimid arís malairt na staire a chur ar shúile gach uile duine. Tá obair den scoth ar siúl ag leithéidí Turas agus eile sna Sé Chontae ach is cinnte go bhfuil níos mó oibre le déanamh.
Comment on this
Tá an taighde déanta anois. Tá sé againn agus tá sé léite againn. Bhíomar ag labhairt anseo faoi Roinn an Taoisigh agus Ciste an Oileáin Chomhroinnte. Tar éis na cruinnithe seo, céard iad na céad céimeanna eile? Níl mé ag rá gur chóir do Chonradh na Gaeilge nó d’eagraíocht eile dul i ngleic leis seo agus gur a ról amháin atá ann. Ach cad gur chóir dúinn a dhéanamh anois mar pholaiteoirí agus mar chomhchoiste Oireachtais? Céard iad na céimeanna ar chóir dúinn a bheith ag breathnú air anois tar éis an taighde seo?
Comment on this
Déarfaidh mé dhá rud sula dtagann Róisín isteach. An-deis a bhí ann inniu an t-ábhar seo a phlé le baill an choiste agus muid ag cur seo níos mó os comhair an phobail. Má tá aon deis eile ann é seo dhéanamh i dTithe an Oireachtais nó i struchtúr an Oireachtais, ar nós dul os comhair comhchoiste Chomhaontú Aoine an Chéasta, bheadh sé cabhrach da bhféadfaí an cheist seo a ardú. B’fhéidir go bhféadfaí na ceisteanna seo a ardú nuair a thagann siad chuig an gcoiste oideachais uaireanta nuair atá caint ansin faoin bhfís nó an córas a d’fhéadfadh a bheith i gceist. Is ábhar é sin don choiste oideachais freisin. Rud eile a mholfainn ná struth ioncaim faoi leith i gCoiste an Oileáin Chomhroinnte atá ag breathnú ar an gceist seo freisin agus breathnú ar conas a bhféadfaí an maoiniú a chur ar fáil do na tionscadail éagsúla a mbeadh daoine sásta dul ina mbun, rud a chabhródh leis an rud a bhí an Teachta ag labhairt faoi níos luaithe freisin. Is dhá rud praiticiúil iad sin a d’fhéadfaí a dhéanamh.
Comment on this
Ó thaobh na hoibre sin sa Tuaisceart sna scoileanna a labhraíomar faoi níos luaithe, an raibh sé sin á dhéanamh ag an gconradh cheana féin nó ag cé?
Comment on this
Tá sé ar siúl againn le tamall de bhlianta le clár oibre darb ainm People and Place. Bhíodh sé á mhaoiniú ag an gCéad Aire agus an LeasChéad-Aire agus ansin d’imigh an maoiniú sin. Bhí an Roinn Gnóthaí, Eachtracha agus Trádála á mhaoiniú go pointe ach is airgead thar a bheith páirtaimseartha atá i gceist. Níl aon chlár oibre ceart aige ar nós mar atá ag Gaelbhratach, mar shampla, nó rud éigin mar sin; rud éigin substaintiúil, bliantúil gur féidir tógáil ar-----
Comment on this
Caithfidh mise stopadh mar beidh mé i dtrioblóid. Tá deich nóiméad fágtha againn. An dteastaíonn ó éinne ceist amháin eile a chur?
Comment on this
Is dóigh liom go bhfuil na ceisteanna clúdaithe againn. An príomhrud ná go leanfadh an comhrá ar aghaidh ar gach aon leibhéil. Is tús comhrá é seo. Nuair atá daoine ag caint faoi Éire aontaithe, déanann siad dearmad go minic ar ghnéithe ar leith agus bíonn an Ghaeilge as an gcomhrá agus bíonn daoine ag caint faoi mar rud sa bhreis a bheadh i gceist seachas rud atá chomh lárnach. Is é sin an buntáiste atá leis an taighde atá curtha os ár comhair gur féidir linn cinnte a dhéanamh de go bhfuil an Ghaeilge i lár an aonaigh agus gach uile plé ar siúl.
Comment on this
Mar a bhí ráite ag an Ard-Fheis, is athaontú na tíre atá i gceist seachas aontú na tíre. Muna bhfuil aon cheist eile ag aon duine, fágfaimid ansin é. Gabhaim buíochas leis an mbeirt fhinnéithe as teacht isteach inniu. Déanaim comhghairdeas leo as an méid taighde atá déanta. Tá siad fíorghnóthach anois. Bhí mé ag éisteacht le Róisín Nic Liam ar "How to Gael" le déanaí chomh maith.
Comment on this
Is é sin an alter ego. Mura miste leis an Leas-Chathaoirleach, tá rud amháin agam le cur leis an díospóireacht. Luaigh sé moltaí. Tá trí cinn agam don choiste. Caithfear maoiniú a chur ar fáil do thograí taighde ach, chomh maith leis sin, caithfear é a chur ar fáil d'obair Chonradh na Gaeilge le tógáil air seo. Teastaíonn uainn seó bóthair a chur ar fáil le rannpháirtíocht phobal na Gaeltachta a chothú. Is é an dara rud ná gur cheart go nglacfadh an coiste seo seasamh láidir ceannaireachta agus a rá glan amach nár cheart go mbainfí de ról na Gaeilge in Éirinn aontaithe ach gur cheart go dtógfaí air. Tá múnla agus treoirphlean ar fáil sa chomhchoiste um Chomhaontú Aoine an Chéasta. Leag an coiste seo amach tuairisc an-chuimsitheach bunaithe ar shaineolas agus ar rannpháirtíocht ó shaineolaithe. Chuirfeadh sé sin go mór leis an bhfís dhearfach. Is é an tríú rud ná go labhródh na baill i measc a bpáirtithe féin, a gcairde féin agus a bpobal féin faoi cheist na teanga agus a rá glan amach gur deis é seo tógáil ar chearta phobal an teanga agus an caidreamh sin idir muintir na hÉireann agus an teanga a neartú. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis labhairt leis.