We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

Córas na nDíolúintí: Plé

Summary

Saineolaithe agus ionadaithe daltaí d’iarr athchóiriú mór ar chóras na ndíolúintí ó Ghaeilge, ag rá go bhfuil sé ró-leathan, go háirithe san iar-bhunscoil, agus nach bhfuil sé bunaithe ar fhianaise. Mhol an tOllamh Pádraig Ó Duibhir deireadh a chur le díolúintí sa bhunscoil, díolúintí sealadacha nó páirt-díolúintí a úsáid mar rogha, agus tacaíocht níos fearr don fhoghlaim ionchuimsitheach. D’aithin baill an choiste go bhfuil fás géar tagtha ar an líon díolúintí agus go bhfuil an Roinn ag seachaint admháil go bhfuil fadhb sistéamach ann. Dúradh gur cheart don choiste moladh soiléir a dhéanamh don Roinn agus dul i dtreo sprioc i bhfad níos ísle do dhíolúintí san iar-bhunscoil.

Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Iarraim ar an Ollamh emeritus, Pádraig Ó Duibhir, a ráiteas tosaigh a dhéanamh.

Comment on this
Professor Pádraig Ó Duibhir

Gabhaim buíochas le Leas-Chathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge den Oireachtas, an Teachta Naoise Ó Cearúil, agus le baill an chomhchoiste as cuireadh a thabhairt dom labhairt leo inniu maidir le díolúintí ó staidéar na Gaeilge. Leag mé tuarascáil taighde faoina mbráid a raibh mar sprioc aici cúlra na ndíolúintí sa chóras oideachais a rianú agus cur síos a thabhairt ar an staid reatha maidir leis an bhfás ar líon na ndíolúintí, torthaí ón taighde maidir le páistí a bhfuil riachtanais bhreise acu agus iad ag foghlaim teangacha eile, iniúchadh ar an gcleachtas i dtíortha eile maidir leis an gceist seo, agus an fás ar líon na ndíolúintí a thuar mura nglacfar gníomh. Bunaithe ar an taighde sin rinne mé roinnt moltaí.

Mar achoimre ar an gcúlra, mar is eol do na baill, deonaítear díolúintí ar dhá phríomhchúis. Tugtar díolúintí do dhaltaí a bhfuil míchumas foghlama orthu agus do dhaltaí a fuair a gcuid oideachais bunscoile thar lear suas go dtí aois áirithe. Is é 12 bliain an aois sin faoi láthair.

Maidir leis an staid reatha, léiríonn na staitisticí is déanaí go raibh breis is 73,000 dalta díolmhaithe ó staidéar na Gaeilge sa scoilbhliain 2024-25. Ag leibhéal na bunscoile, tá díolúintí ag 12,131 nó 2.2%. Tá an ráta sin réasúnta seasmhach le seacht nó ocht mbliana anuas. Is cineál toradh dearfach é sin ach fós cheisteoinn an líon sin. Ag leibhéal na hiar-bhunscoile, tá díolúintí ag beagnach 61,000 nó 14.3%. Tá fás as cuimse tar éis teacht air sin ó 2017 i leith. As an mbeagnach 38,000 dalta iar-bhunscoile a raibh díolúine acu in 2024 de bharr míchumas foghlama, rinne os cionn 19,000, 51%, acu staidéar ar theanga iasachta ar nós na Gearmáinise, na Spáinnise, na hIodáilise nó na Fraincise. Léiríonn sé seo nach bhfuil a leithéid de rud agus míchumas foghlama teanga ann. Is fiú a chuimhneamh go raibh ráta díolúine de 2.5% ag leibhéal na hiar-bhunscoile in 1999.

Rinne mé scrúdú ar an taighde, ar pholasaí na Roinne agus ar thaighde thar lear. Cé go bhfógraíonn an Roinn Oideachais agus Óige ina cuid polasaithe go bhfuil cur chuige ionchuimsitheach oideachais aici, ní chuirtear i bhfeidhm é maidir leis an nGaeilge. Séantar na buntáistí agus na tairbhí a bhaineann leis an nGaeilge ar dhaltaí nuair a dheonaítear díolúine dóibh. Léiríonn an taighde idirnáisiúnta go bhfuil ag éirí le daltaí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu dul i ngleic le teangacha breise agus go bhfuil torthaí chomh maith nó níos fearr acu sa chéad teanga is atá ag a bpiaraí nach ndéanann staidéar ach ar theanga amháin. Tá cleachtas na Roinne bunaithe ar dhearcadh aonteangach ar an saol nó monolingual mindset. Bíonn dea-thionchar ag foghlaim scileanna litearthachta an dara teanga ar scileanna sa chéad teanga de bharr gníomhaíochtaí litearthachta a bheith méadaithe seachas laghdaithe. Is cuid den argóint le haghaidh díolúine ná gur gá laghdú a dhéanamh ar an méid litearthachta a chaithfidh daltaí dul i ngleic leis. Tá an taighde ag taispeáint a mhalairt, má dhéantar i gceart é. Tá ag éirí go han-mhaith le daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge agus i nGaelcholáistí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu an Ghaeilge a shealbhú ach an tacaíocht chuí a bheith ar fáil. Ní raibh aon bhunús eolaíoch le scoithphointe an deichiú peircintíl a bheith roghnaithe in 2019 faoin gcóras nua. Léiríonn líon na ndíolúintí atá á ndeonú faoin gcóras ón am sin i leith go bhfuil an critéar ró-scaoilte. Faoi pholasaí ionchuimsitheach, ba chóir an curaclam agus an cur chuige teagaisc a chur in oiriúint do riachtanais an dalta seachas an dualgas a bheith ar an dalta é nó í féin a chur in oiriúint don chóras agus glacadh le curaclam laghdaithe.

Scrúdaigh mé an cleachtas i dtíortha eile. Go han-sciobtha, deonaítear díolúintí sealadacha, páirtdhíolúintí nó curaclam leasaithe sna cásanna eisceachtúla ina mbronntar díolúintí. I gcásanna fíoreisceachtúla, teastaíonn an-chuid fianaise faoi mhúnla cliniciúil, a bheadh ag teacht le moladh an chomhchoiste seo in 2024.

Rinne mé tuar ar an bhfás ar líon na ndíolúintí bunaithe ar an bhfás le cúig bliana anuas. Le cúig bliana anuas, ar an meán, tá 4,800 díolúintí sa bhreis a mbronnadh in aghaidh na bliana. Má leanann an fás sin, beidh 22.5% de dhaltaí iar-bhunscoile díolmhaithe ón Ghaeilge faoi 2030. Is staid thubaisteach a bheadh ansin ach is é sin an treo ina bhfuil cúrsaí ag dul mura nglactar gníomh go práinneach.

Tá roinnt moltaí déanta agam. Ba chóir deireadh a chur le díolúintí ag leibhéal na bunscoile, curaclam na Gaeilge a chur in oiriúint do dhaltaí a bhfuil riachtanais bhreise acu agus tacaíocht foghlama cuí a chur ar fáil. Níl aon scrúduithe Gaeilge sa bhunscoil, mar sin, níl aon ghá le díolúintí. Teastaíonn athrú ar an gcur chuige teagaisc. Mar a dhéantar i dtíortha eile, ba chóir díolúintí sealadacha, páirtdhíolúintí, socruithe réasúnta agus rogha sonraíochta ag leibhéal na hiar-bhunscoile a chur ar fáil. Ba cheart cúrsaí measúnaithe a chur in oiriúint do réimse leathan cumais ar bhealach a thagann leis an bhfráma tagartha comónta Eorpach. Ní mór tacaíocht foghlama san iar-bhunscoil a chomhtháthú leis na hábhair eile, faoi mar a dhéantar sa bhunscoil. Ag fágáil cúrsaí Gaeilge as an áireamh, má tá breis agus 14% de dhaltaí nach bhfuil an siollabas ná an t-ábhar oiriúnach dóibh, caithfear an cheist a chur, céard atá cearr leis an gcóras. Tá an córas bunoscionn nuair atá an oiread sin díolmhaithe ó ábhar agus an líon sin ag dul i méid ó bhliain go bliain. I gcásanna fíoreisceachtúla, mholfainn gurb iad síceolaithe na Roinne Oideachais agus Óige, NEPS, a chinnfeadh go mbronnfaí díolúine ó staidéar na Gaeilge faoi mhúnla cliniciúil, mar a dhéantar thar lear.

Comment on this
Mr. Rónán Ó hIcí

Is mise oifigeach na Gaeilge le hAontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann. Thar ceann an aontais, gabhaim ár mbuíochas ó chroí leis an Ollamh Pádraig Ó Duibhir as a dtuarascáil dhomhain cheannródaíoch. Is léas dóchais an obair seo mar go dtugann sí fianaise shonrach dúinn go bhfuil athrú ó bhonn ag teastáil go práinneach ar chóras na ndíolúintí, córas a chaitheann le daltaí agus daoine óga mar fhadhbanna riaracháin seachas mar thodhchaí na teanga.

Chun croí na héagothroime seo a thuiscint, ba mhaith liom scéalta cúpla dalta a roinnt leis an gcoiste, scéalta a léiríonn taithí na ndaltaí sa chóras reatha. Smaoinigh ar Chaolán, gnáthdhalta meánscoile atá lán de bheocht, a bhfuil disléicse air ach a bhfuil fíorghrá aige don Ghaeilge. Níl aon fhadhb ag Caolán leis an teanga a labhairt ach cruthaíonn an léamh agus an obair scríofa bac dó. In áit an tacaíocht litearthachta cuí a thabhairt dó, bronntar díolúine iomlán air, bealach éasca a aimsíonn an córas chun an deacracht a chur ar leataobh seachas í a réiteach. Trí dhíolúine a bhronnadh air, tá an córas ag caitheamh an tuáille isteach ar oideachas Chaolán. Dúnann an córas an doras ar Chaolán.

Smaoinigh ansin ar Aoife, dalta a chaith ocht mbliana faoi bhláth i nGaelscoil le saibhreas teanga ina glór. Nuair a bhogann sí go dtí iar-bhunscoil Bhéarla, tagann sé chun solais go dteastaíonn tacaíocht foghlama uaithi in ábhar eile agus déanann an scoil sin cinneadh an tacaíocht sin a chur ar fáil ag an am céanna leis an rang Gaeilge. Chun an chabhair acadúil atá uaithi a fháil, gearrtar iachall uirthi a líofacht a íobairt agus díolúine a ghlacadh. Pléann an tuarascáil an t-iompar sistéamach díobhálach seo. Arís, dúnann an córas an doras ar Aoife.

Smaoinigh chomh maith ar Nikolai, dalta a d’éalaigh ón gcogadh san Úcráin agus a tháinig go hÉirinn nuair a bhí sé 13 bliana d’aois ag lorg ancaire sa tsochaí nua seo. In áit é a tharraingt isteach i saol na scoile trí phobal na teanga, bronnann an córas díolúine uathoibríoch air, ag tógáil balla in áit droichid agus ag rá leis gur strainséir é. Seasann an cur chuige docht seo go hiomlán i gcoinne an taighde idirnáisiúnta a léiríonn go gcabhraíonn foghlaim teanga go mór le lánpháirtíocht shóisialta. Teastaíonn cur chuige solúbtha, mar a mholtar sa tuarascáil, a thabharfadh deis dó staidéar a dhéanamh ar chumarsáid na teanga gan brú na scrúduithe. Arís, dúnann an córas an doras ar Nikolai.

Ar deireadh, le croí thar a bheith trom, caithfimid éisteacht le scéal Shorcha, dalta a rugadh sa nGaeltacht, gurb í an Ghaeilge a céad teanga, ach a bhfuil disléicse uirthi. Ní féidir léi díolúine a fháil ón mBéarla chun díriú ar a teanga dhúchais, ach is féidir le dalta sa ngalltacht díolúine a fháil ón nGaeilge láithreach chun díriú ar an mBéarla. Cén saghas teachtaireachta é go gcaitear le cainteoirí dúchais na Gaeltachta mar shaoránaigh den dara grád ina dtír féin? Arís, dúnann an córas an doras ar Shorcha.

Is é seo croí an mheoin iarchóilínigh atá fós ag creimeadh ár n-institiúidí. De réir an Bhunreachta, is í an Ghaeilge ár gcéad teanga náisiúnta ach, i súile an chórais, caitear léi mar theanga thánaisteach ar féidir í a chaitheamh ar leataobh.

Tá daltaí na tíre seo ag iarraidh orthu siúd atá i gcumhacht chun stop a chur leis an leithcheal struchtúrach seo. Is ionann an córas reatha agus teip an Stáit chun an tacaíocht chuí a chur ar fáil sa seomra ranga. Caithfimid seasamh leis an bhfianaise atá curtha ar fáil ag an Ollamh Ó Duibhir agus córas nua a thógáil a osclóidh na doirse dár ndaltaí go léir, córas a deir le Caolán, le hAoife, le Nikolai agus le Sorcha nach bhfuil na doirse seo dúnta rompu, ach go bhfuil na doirse ar oscailt dóibh, gur leosan an Ghaeilge agus go dtacaítear leo agus í á foghlaim acu.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Gabhaim buíochas leis an bheirt fhinnéithe as an méid atá ráite acu. Ní raibh deis agam an tuarascáil a léamh ina hiomláine go fóill ach tá cúpla alt léite agam ar maidin agus tá roinnt cloiste agam ar an raidió. Tá géarghá leis an taighde seo agus gabhaim buíochas ó chroí leis an Ollamh Ó Duibhir as an méid oibre atá déanta aige. Tá súil agam é a léamh ó bhun go barr. Gabhaim buíochas le Rónán Ó hÍcí as na scéalta sin a roinnt linn. Bhí rud suimiúil sa mhéid a dúirt sé agus sa mhéid a dúirt Róisín Nic Liam níos túisce maidir leis an meon iarchóilíneach atá fós ag cuid de na hinstitiúidí Stáit. Aontaím leis sin.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis an mbeirt as a ráitis. Tá sé iontach go bhfuil an taighde seo curtha ar fáil. Ach an oiread leis an Leas-Chathaoirleach féin, níl seans faighte agam é a léamh ó bhun go barr ach tá sé i gceist agam é sin a dhéanamh. Tá ceist amháin agam don Ollamh Ó Duibhir. Bíonn an Roinn againn anseo anois agus arís. Cuirimid ceisteanna uirthi ó thaobh na ndíolúintí de. Ní admhaíonn sí riamh go bhfuil fadhb leis an gcóras. Níl sé sin cloiste agam. B'fhéidir go bhfuil sé cloiste ag daoine eile. Níor admhaigh sí riamh anseo go bhfuil fadhb ann agus muid ag cur ceisteanna uirthi. Deir na hoifigigh gurb é seo an córas atá againn, go reáchtálann siad é i mbealach éigin agus go gcuireann siad eolas éigin ar fáil. Is é sin an méid a deir siad linn. Níor admhaigh siad riamh go bhfuil fadhb ann. Is é sin mo chéad phointe.

Bhí grúpa eile finnéithe anseo. Ceapaim gur ó na ceardchumainn a bhí siad. D'fhiafraigh mé díobh cén sprioc gur cheart a bheadh ann. Agus an córas reatha á dhearadh ag an tús, cheap roinnt acu go raibh sé i gceist go mbeadh 3% ag fáil díolúintí san fhadtéarma. D'fhiafraigh mé cén tuairim a bhí acu óna thaobh sin. Dúirt siad nach raibh tuairim acu ach gur cheart an cheist a chur ar an Ollamh Ó Duibhir. Ainmníodh é mar an saineolaí ó thaobh na ceiste. Cuirfidh mé an cheist air anois. Tá sé an-tábhachtach go leagfadh an coiste seo amach sprioc fhadtéarmach, is é sin, céatadán gur cheart dúinn a bheith ag súil leis. Ón taighde atá déanta ag an ollamh agus ón méid atá feicthe aige, cén sprioc gur cheart a bheith againn, go háirithe ag an dara leibhéal toisc go bhfuil sé soiléir gur ansin atá an fhadhb is mó faoi láthair?

Comment on this
Professor Pádraig Ó Duibhir

Gabhaim buíochas leis an Teachta as an gceist. Freagróidh mé an cheist ach, más féidir liom, tabharfaidh mé míniú ansin. Ní sheachnóidh mé freagra. B'fhéidir gur cheart go mbeadh thart ar 2% agus 3% ag fáil díolúine. Mar a dúirt mé sa ráiteas tosaigh, in 1999, ba é 2.5% an ráta sa chóras. Dar ndóigh, ba é sin sula raibh claochlú ar dhaonra na hÉireann agus daoine ag teacht ó thar lear.

Mar a dúirt mé, tá dhá phríomhchúis go ndeonaítear díolúintí: deacrachtaí foghlama agus páistí ag teacht ó thar lear. Tosóidh mé le páistí a thagann ó thar lear. Ní dóigh liom féin go bhfuil sé maith go leor go ndéanaimid neamhaird orthu ó thaobh fhoghlaim na Gaeilge de tar éis 12 bhliain d'aois. Is páistí ilteangacha iad. Tá siad ag foghlaim Béarla. B'fhéidir nár chóir go mbeimis ag leagan béim ar fhoghlaim na Gaeilge ón gcéad lá a thagann siad isteach chun na scoile muna bhfuil máistreacht acu ar an mBéarla ach ba chóir go ndéanaimid é sin tar éis bliain nó dhó, mar a dhéantar i dtíortha eile. I dtíortha eile, féachtar air mar cheart ag páistí atá ag teacht ó thar lear. Rinne mé iniúchadh ar an mBreatain Bheag, ar an bhFionlainn, ar an gCatalóin, ar Lucsamburg agus ar Mhálta. Sna tíortha sin, féachtar air mar cheart go mbeadh deis ag inimircigh, daltaí a thagann ó thar lear, teangacha iomlána na tíre, is é sin na teangacha mionlaigh agus na teangacha oifigiúla, a fhoghlaim. Mar shampla, i Málta, níl aon cheist ach go bhfoghlaimeoidh tú Máltais agus Béarla. San Fhionlainn, foghlaimeoidh tú an tSualainnis agus an Fhionlainnis agus mar sin de. Féachtar air mar cheart.

Ag dul siar go dtí 2003, 2004 agus 2005, bhí daoine ag teacht chun na tíre agus ní raibh cleachtadh ag an gcóras air sin ach táimid scór bliain ar aghaidh uaidh sin anois. Níl sé maith go leor go bhfuil an córas fós ag rá nach mbacfaidh sé leis an nGaeilge do na páistí sin. Bheadh an-chuid de na daoine sin mar shaoránaigh de chuid na tíre tar éis méid áirithe bliana á chaitheamh ag obair anseo agus mar sin de. Tá píosa de chultúr na tíre á gceilt againn orthu. Cén teachtaireacht atá á tabhairt dóibh? Ó thaobh imeasctha de, mar a thuigfeadh na baill, is é atá i gceist le himeascadh ná go bhfoghlaimeoidh mise faoi do chultúr agus go bhfoghlaimeoidh tusa faoi mo chultúr. Beimid go léir níos fearr as mar thoradh air sin ach is é an teachtaireacht atá ann ná nach bhfuilimid chun an Ghaeilge a roinnt leo; bheidís go breá agus is féidir leo brath ar an mBéarla. An bhfuil suim againn i gcultúr na ndaoine sin muna bhfuilimid ag iarraidh ár gcultúr féin a roinnt leo? Tá deiseanna sóisialta, cultúrtha agus imeasctha á shéanadh againn ar na daoine sin.

An bhfuilimid ag súil go mbainfidh siad an sprioc chéanna amach ag leibhéal na hardteistiméireachta? B'fhéidir go bhfuil sé sin míréadúil ach ba cheart go mbeadh socrú éigin mar chuid den siollabas san iarbhunscoil chun go mbeadh daltaí a thagann déanach in ann staidéar a dhéanamh go dtí leibhéal áirithe. Mar atá ráite ag Conradh na Gaeilge le fada, dá mbeadh na siollabais ailínithe leis an bhfráma tagartha comónta Eorpach, bheadh uirlis agus deis againn é sin a dhéanamh.

Ag dul ar ais go dtí na daltaí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu, mar a mhíním sa taighde, tháinig an córas seo isteach sna nóchaidí le haghaidh páistí an luchta thaidhleoireachta agus mar sin de. Ansin, nuair a bhí páistí á n-imeascadh ó scoileanna speisialta, ní raibh staidéar déanta ar an nGaeilge acu. Is as sin a tháinig an díolúine. Ó thart ar 2010 ar aghaidh, aithníodh go raibh fadhb ann. D'fhoilsigh an chigireacht tuarascáil iontach chun cabhrú leis an gcomhairliúchán poiblí a tharla in 2018. Leagadh amach na dúshláin agus na deacrachtaí a bhain leis an gcóras agus an chaoi nach raibh sé á chur i bhfeidhm i gceart. I suas le 40% de na cásanna a rinneadh scrúdú air, dúradh nár cheart go raibh díolúine bronnta. Níor tugadh aghaidh air sin agus níor cuireadh ceisteanna.

Sna 1990idí, is beag infheistíocht a bhí á déanamh in oideachas speisialta. Bhí mé féin ag múineadh i scoil in 1990 agus ní raibh múinteoir tacaíochta foghlama sa scoil againn. Tá claochlú tar éis teacht ar an gcóras ó thaobh tacaíocht do pháistí a bhfuil riachtanais acu. Tá na milliúin á n-infheistiú in oideachas speisialta in aghaidh na bliana agus is é an toradh atá air sin ná go bhfuil níos mó agus níos mó díolmhaithe ón nGaeilge. Cá bhfuil an return on investment, mar a deirtear i mBéarla? Tá sé craiceáilte go mbeifí ag cur na tacaíochtaí seo ar fáil agus gurb é an toradh ar an tacaíocht ná nach féidir leis na daoine seo an Ghaeilge a dhéanamh a thuilleadh. In áit tacaíocht a thabhairt do na páistí, táimid ag rá leo, toisc go n-aithnítear go bhfuil siad ar speictream nó go bhfuil disléicse orthu, nach gá dóibh staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge. Cá bhfuil an chiall leis sin? Sa chóras 30 bliain ó shin, nuair a bhí i bhfad níos lú infheistíochta á déanamh, bhí 2.5% de pháistí díolmhaithe ón nGaeilge. An bhfuil muid sásta athbhreathnú ar an gcleachtas thar lear agus ar an taighde, rud atá déanta agam sa tuarascáil seo? Ní tharlaíonn an cleachtas mar atá in Éirinn in aon tír eile.

Ní dóigh liom go bhfuil éinne ón Roinn oideachais chun teacht isteach anseo agus a rá leis an gcoiste go bhfuil fadhb ann. Bhreathnaigh mé ar na tuairiscí scríofa agus na rudaí atá ráite. Bhí an tAire oideachais ag an am, an Teachta Norma Foley, ag rá go raibh sí ag samhlú go mbeadh níos mó díolúintí mar go bhfuil níos mó páistí ag fáil measúnú go bhfuil deacracht acu. Níl éinne ag cur na ceiste; díreach má tá deacracht foghlama ag páiste, an gciallaíonn sé sin nach féidir leis nó léi an Ghaeilge a fhoghlaim? Ní chiallaíonn ach glacann na daoine atá ag bronnadh na ndíolúintí nach féidir le daoine le fadhbanna éigin an Ghaeilge a fhoghlaim.

Níl fianaise ann lena aghaidh sin, ach amháin i gcás páistí áirithe a chuimseodh, b'fhéidir, 2% nó 3%, ar a mhéad.

Comment on this

Right, just-----

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Táimid nóiméad thar-----

Comment on this

Níl mé chun ceist a chur ach is mian liom dhá rud a rá. Uimhir a haon, is freagra níos cuimsithí é sin ná mar atá faighte againn ón Roinn.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Aontaím.

Comment on this

Uimhir a dó, ba cheart don choiste seo moladh a dhéanamh go gcuirfimis é ag 3% go fadtéarmach ag an dara leibhéal. Is féidir linn díospóireacht a dhéanamh ag an gcoiste faoi sin ach tá mé i bhfabhar moladh dearfach soiléir a leagan amach don Roinn óna thaobh sin de.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Tá mé sásta leis sin ach beidh orainn díospóireacht a bheith againn eadrainn féin ag an am. Glaoim ar an Teachta Ní Raghallaigh.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht a bheith anseo. Gabhaim buíochas leis an Ollamh Uí Duibhir as an tuarascáil taighde seo. Bíonn ceist na ndíolúintí á plé againn go minic ag an gcoiste seo agus tá an comhrá tosaithe le déanaí sa choiste oideachais, a bhfuil mé mar bhall de. Labhraím faoi mo thaithí pearsanta féin mar mhúinteoir bunscoile i nGaelscoil agus na scórtha páistí againn le diagnóisí éagsúla, lena n-airítear disléicse, uathachas agus rudaí eile nach iad. Fiafraíonn tuismitheoir na bpáistí siúd más gá dóibh a gcuid páistí a bhogadh go scoil Bhéarla. Ní gá agus ní tharlaíonn sé go minic.

Tá ceist an chlár ama ar cheann de na scéalta a roinn Rónán Ó hÍcí linn, agus tagann sí sin aníos go mion minic. Is drochrud é sin. Leigh mé staitistic nua ina léirítear go mbeidh líon na ndaltaí a mbeidh díolúine acu ag 22.5% faoi 2030 má leanann an ráta fáis mar atá sé faoi láthair. Tá sé sin dochreidte. Níl mé in ann mo cheann a chur timpeall air sin.

An miste le Pádraig Ó Duibhir níos mó eolais a roinnt linn maidir leis na múnlaí eile atá in úsáid i dtíortha eile agus cad a deir an litríocht ar an gceist seo?

Nuair a bhíonn oifigigh na Roinne os mo chomhair agus mé ag cur ceiste maidir le díolúintí, is aoibhinn liom a rá cé chomh híseal is atá an céatadán sin sna bunscoileanna. Fiafraím dóibh má tá siad ag fanacht. An gceapann Pádraig Ó Duibhir gurb amhlaidh atá sé? An léirítear é sin taighde, mar níl sé uilig léite agam? An mbíonn múinteoirí ag fanacht go dtí go sroicheann daltaí an mheánscoil? An é sin is cúis leis an léim ollmhór? Ní dóigh liom go mbíonn níos lú díolúintí ag leibhéal na bunscoile toisc go mbíonn siad níos fearr sa bhunscoil. Ba bhreá liom cloisteáil ó Phádraig Ó Duibhir maidir leis sin.

Comment on this
Professor Pádraig Ó Duibhir

Maidir le tíortha eile, sa Bhreatain Bheag, mar shampla, glactar leis go bhfoghlaimeoidh daltaí Breatnais go dtí leibhéal GCSE, nuair a bheidh siad thart ar 16 bliana d’aois. Glactar leis go mbeidh an deis ag duine ar bith a thagann chun na tíre Breatnais a fhoghlaim. Má bhíonn deacrachtaí foghlama ar scoláirí, d’fhéadfaidís Breatnais “laghdaithe” a dhéanamh. Déanann siad staidéar fós ar an mBreatnais, ach tá an t-ábhar laghdaithe. San Fhionlainn, bíonn tréimhse acu chun breith suas ar pháistí eile. I Málta, b’fhéidir go mbíonn roinnt Béarla ag daoine a bhíonn ag teacht, ach fós caithfidh siad Máltais a fhoghlaim. Má bhíonn deacrachtaí foghlama acu, is annamh a bhronntar díolúine.

D’fhéach mé ar an bhFrainc agus ar an nGearmáin, ní ó thaobh mionteangacha de, ach i gcomhthéacs fhoghlaim an tríú teanga nó an dara teanga iasachta. Sa Fhrainc, caithfear measúnú a fháil ó shíceolaí, litir a fháil ó dhochtúir agus mar sin de. Tá an próiseas chomh casta sin go seachnaítear cur isteach air. Is é sin mar atá sé. Cruthaíonn sé sin cur chuige ina síltear go mbeadh scoláirí níos fearr as ag foghlaim an dtríú teanga ná dul síos an bóthar sin mar go mbíonn an bóthar chomh casta. Tá an Ghearmáin mar an gcéanna maidir le foghlaim na dteangacha iasachta. Is saghas páirt díolúine atá i réim sna tíortha sin. Tá sé sin ar cheann de na teachtaireachtaí atá agam.

Bhí leisce orm 3% a lua mar sprioc mar is dóigh liom go bhfuil bealaí eile timpeall uirthi. Tá fadhb agam le múnla na ndíolúintí atá againn mar ní chreidim go bhfuil gá leis. Léirítear é sin san fhigiúr go mbíonn 51% de dhaltaí a bhfuil díolúine ón Ghaeilge acu ag déanamh staidéar ar theanga iasachta. Má tá díolúine ag teastáil, is ceart gur rud sealadach a bheidh ann nó go mbronnfar páirt díolúine. Mar shampla, is féidir páirt díolúine a bhronnadh ó ghnéithe litríochta má tá deacrachtaí tromchúiseacha ag scoláire ó thaobh na litríochta de.

Maidir leis an mbunscoil, b’fhéidir go mbíonn tuiscint níos fearr ag príomhoidí bunscoile toisc go bhfuil Gaeilge acu uilig agus ní bhíonn na brúnna céanna orthu is atá ar phríomhoidí iarbhunscoile. De réir mar a chloisim ó dhaoine a rinne teagmháil liom, tá níos mó agus níos mó iarbhunscoileanna ag sceidealú na n-uaireanta ina gcuirtear tacaíocht foghlama ar fáil ag an am céanna le Gaeilge. Tá an córas tar éis teacht ar réiteach maidir le heaspa acmhainní agus mar sin de, ach níl sé maith go leor go mbíonn an Ghaeilge thíos leis sin. Mar a léirigh Rónán Ó hÍcí, caithfidh tuismitheoirí agus daltaí cinneadh a dhéanamh idir tacaíocht foghlama a fháil nó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge.

Comment on this

Maidir le fadhb an sceidealaithe, an bhfuil an brú sin ag teacht ó thuismitheoirí na scoile? An nós í anois?

Comment on this
Professor Pádraig Ó Duibhir

Ó dhaoine atá tar éis teagmháil a dhéanamh liom, bíonn na príomhoidí ag cur brú ar na tuismitheoirí. Deir siad leo gur fúthu atá sé cinneadh a dhéanamh idir tacaíocht foghlama a fháil nó go leanann a gcuid páiste ar aghaidh ag déanamh staidéar ar an nGaeilge. Bíonn sé seo ag tarlú do pháistí a bhí i mbunscoileanna lán-Ghaeilge a chaith ocht mbliana ag foghlaim na Gaeilge agus a bhfuil togha na Gaeilge acu. Má fhéachtar ar na páistí siúd agus na láidreachtaí atá acu, is cinnte go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na láidreachtaí sin ach tá an córas ag rá leo nach láidreacht í agus go bhfuiltear chun díriú isteach ar an bhfadhb bheag eile seo atá acu. Níl sé sin ag teacht le haon pholasaí ionchuimsitheach oideachais. It is a strength-based approach, mar a deirtear i mBéarla. Dírítear isteach ar na láidreachtaí agus na buanna atá ag duine, seachas ar na laigí. Tá disléicse ar iníon liom. Tuigim an rud seo mar thuismitheoir freisin. Tá disléicse ar m’iníon atá i lár na 30aidí. Tá disléicse uirthi go fóill, ach fós d’éirigh léi dul tríd an gcóras agus oideachas a fháil trí Ghaeilge, an Fhraincis a fhoghlaim agus mar sin de.

Comment on this

Bhuail mé le han-chuid páistí le dyscalculia. Ní raibh aon díolúine acu riamh ón mhata. Tugadh tacaíocht bhreise dóibh. Ní thuigim é seo.

An bhfuil mórán tacaíochtaí nó acmhainní breise ag teastáil chun fáil réidh leis an gcóras seo?

Comment on this
Professor Pádraig Ó Duibhir

Tá cúpla rud le cur san áireamh agus mé ag freagairt na ceiste sin. Maidir leis an ndeichiú peircintíl agus an scrúdú a dhéantar ar dhaltaí ó thaobh na gcritéar seo, is fiú cuimhneamh gur scrúdú ar litríocht an Bhéarla a dhéantar ar pháistí. Ní hamhlaidh go bhfuil scrúdú á dhéanamh ar pháistí sa Ghaeilge agus go socraítear nach bhfuil páiste áirithe in ann Gaeilge a fhoghlaim toisc a laige is atá sé nó sí. Is scrúdú i mBéarla atá i gceist.

Comment on this

Is í sin an áit as ar tháinig an deichiú peircintíl.

Comment on this
Professor Pádraig Ó Duibhir

Is ea. Is litriú, aithint focal agus tuiscint na léitheoireachta atá i gceist. Mar shampla, bhí m’iníon sa chúigiú peircintíl don litriú agus don aithint focal, ach bhí sí sa 65ú peircintíl le haghaidh thuiscint na léitheoireachta. Ní fhéachann na critéir seo ar an bpáiste ina iomláine. Tá brón orm ach tá mé tar éis dearmad a dhéanamh ar an gceist eile a chuir an Teachta orm.

Comment on this

Rinne mé dearmad uirthi freisin. Ná bí buartha fúithi.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis na finnéithe arís. Tá muid tar éis na ceiste seo a phlé ag an gcoiste seo thar na blianta. Tá an ceart ag Pádraig Ó Duibhir maidir leis an Roinn agus leis an Aire. Nuair a chuirtear na ceisteanna seo orthu, ní hé go n-insíonn siad bréaga ach ní insíonn siad an fhírinne ina iomláine. Ní admhaíonn siad go bhfuil fadhb á cothú acu ó thaobh daltaí de. Is é an príomhrud ná nach bhfuil aon bhunús taighde leis an gcinneadh a glacadh chun níos mó díolúintí a thabhairt do dhaltaí, daltaí meánscoile go háirithe. Tá sé sin soiléir sa taighde atá curtha os ár gcomhair. Tá an stad ag leibhéal na bunscoile réasúnta seasmhach. Is ag leibhéal na meánscolaíochta atá an t-athrú mór. Tá mé den tuairim gur chóir go mbeadh an Roinn, agus an tAire dá réir, dírithe ar an gcéatadán sin a ísliú go dtí 0, ní go 2.2% mar atá sé faoi láthair. Sa deireadh thiar, tá gá le hairgead, maoin agus tacaíocht bhreise.

Luaigh Pádraig Ó Duibhir an fhadhb ina bhfuilítear ag cruthú iomaíochta idir amanna tacaíochta breise agus an Ghaeilge. B’fhéidir nach dtuigeann a lán tuismitheoirí an buntáiste leis an nGaeilge dá gcuid páistí. Dá bharr sin, dírítear isteach ar a bheith ag cuidiú le páistí sna hábhair eile agus tá meon ann nach fiú an Ghaeilge. In ainneoin go raibh na príomhoidí os ár gcomhair tamall de bhlianta ó shín ar an gceist seo, measaim nach bhfuil an meas céanna acu ar fad ar an nGaeilge mar ábhar.

Measaim nach bhfuil an meas céanna acu ar fad ar an nGaeilge mar ábhar agus go ndéanann siad cinneadh, uaireanta faoi bhrú ag tuismitheoirí ach uaireanta eile ón amchlár agus na hacmhainní atá acu. Déantar cinneadh nár chóir go mbeadh siad in ann a dhéanamh agus nár chóir go mbeadh an Roinn ag tacú leo a dhéanamh. Ag an staid seo, conas is féidir linn cur ina luí ar an Aire nó an ar an Roinn go bhfuil, mar a dúirt Rónán níos luaithe, an córas ag dúnadh an doras ar na páistí seo? Cad é an chéad chéim eile? Tá sé soiléir ó mo thaobh agus ón taighde ar fad atá déanta go bhfuil an Stát agus an córas ag loic ar na páistí.

Comment on this
Mr. Julian de Spáinn

Ba mhaith liom an taighde atá déanta ag an tOllamh Pádraig Ó Duibhir a mholadh freisin. Tá sé thar a bheith cuimsitheach. Tá grúpa oibre againn a bhíonn le roinnt grúpaí éagsúla a thagann le chéile agus a phléann na ceisteanna seo. Thuigeamar go raibh gá dul i ngleic leis an gceist seo go práinneach agus go bhfuil an tOllamh Ó Duibhir saineolach ar an ábhar. Bhíomar an-bhuíoch dó go raibh sé sásta an tuarascáil a chur le chéile. Tá sé ríthábhachtach, ní hamháin go bhfuil an tuarascáil ann, ach go gcuirfear chun cinn é.

Ceann de na rudaí a bhí ag dul ar aghaidh le roinnt blianta anuas a bhíomar an-bhuartha faoi ná an cur i gcéill ná an seachaint na ceiste. Sampla de sin mar shampla ná nuair a tháinig an ciorclán nua isteach ar na díolúintí, dúradh go mbeadh athbhreithniú ar an gciorclán sin tar éis cúpla bliain. D'fhreastalaíomar ar chruinniú leis an Roinn oideachais agus thaispeáin sé athrú sa téacs agus an cúis breise a bheadh ann le díolúine a bhronnadh an lá sula raibh sé chun é a bhronnadh ar an Aire. Ní raibh aon athbhreithniú nó caint macánta eadrainn ó thaobh geallsealbhóirí sa phróiseas. Chuaigh sé ar aghaidh agus chuireadh leis na fáthanna atá ann le díolúintí a cheadú in ionad aon chóras a chur ar bun. An cheist a bhí againn ag an am ná cén córas a bhí ar bun le dul i ngleic leis an bhfigiúr agus é a laghdú. Ní raibh aon cheist mar sin ann is ceist conas é a mhéadú a bhí ann ag an am.

An rud is déanaí a bhí an Roinn oideachais ag obair air ná plean do na scoileanna meán-Bhéarla agus an cur chuige leis an bplean sin a chur le chéile. Dúradh go sonrach sa chur chuige den phlean sin nach mbeadh na díolúintí pléite sa chur chuige leis an bplean a chur le chéile. Anois agus an plean réitithe, tá an Roinn á úsáid mar fhreagra nuair a thagann an cheist chun cinn maidir leis na díolúintí. Tá sé iorónach nach raibh cead againn labhairt faoi agus an Roinn ag cur an plean le chéile agus anois tá sé á úsáid mar chuid den fhreagra ar na díolúintí. Tá an Roinn tar éis na ceiste seo a sheachaint mar is ceist ollmhór agus ghoilliúnach í agus tuigimid sin, ach caithfear dul i ngleic léi. Mar a luaigh an Teachta Ní Raghallaigh níos luaithe, tá sé dochreidte go bhfuil muid imithe ó 2.5% ar an meán go dtí 22.5%. Sa Bhéarla, tá an "drip affect." Ní hé gur thugamar faoi deara nó gur thug na húdaráis faoi deara go raibh sé ag éirí níos measa gach bliain. De réir mar a tharlaíonn sé sin sa chomhthéacs a bhíonn sé ag cur trasna, níl siad ag dul i ngleic leis. Ní fadhb atá in 1% nó 2% sa bhreis sa bhliain. Tá mé tagtha go dtí an pointe go bhfuil an t-eolas againn ón tOllamh Pádraig Ó Duibhir agus go bhfuil a fhios againn cén treo ina bhfuil cúrsaí ag dul. Caithfear dul i ngleic leis sin. Níl an Roinn ag iarraidh obair a dhéanamh ar an ábhar seo, do sheachain sé é ar feadh tamaill, ach tá an cáipéis ann anois agus tá an taighde déanta. Táim ag súil leis gur féidir leis an gcoiste seo a chur os comhair an Aire agus na hoifigí a bhaineann leis an ábhar ón Roinn agus na geallsealbhóirí eile chun gur féidir dul i ngleic leis seo agus i dtreo na moltaí atá luaite ag an tOllamh Pádraig Ó Duibhir.

Comment on this
Professor Pádraig Ó Duibhir

Gabhaim buíochas leis an Teachta as ucht an cheist. Ceann de na rudaí a théann i bhfeidhm ormsa ná an méid a bhí le rá ag Rónán faoi na glórthaí sin. Sa discourse glactar leis go bhfuil beagán den "Gheobhaidh tú díolúine, ní gá duit staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, is féidir éalú uaidh sin agus gheobhaidh tú pointí sa bhreis.” Sin an cineál port a bhí ann seacht nó ocht mbliana ó shin. Tá athrú tagtha agus tá borradh faoin nGaeilge sa sochaí. Tá daoine á rá leo féin anois nach féidir leo dul go dtí Pop Up Gaeltacht nó cabhrú lena bpáistí leis an obair bhaile mar nár fhoghlaim siad Gaeilge ar scoil agus nár thuig siad ag an am ach dúirt na múinteoirí nach bhféadfaidís Gaeilge a fhoghlaim. Is é sin an teachtaireacht a fuair siad cé go mb'fhéidir nár úsáideach na briathra sin. Leis an gcóras seo, agus ar ais go dtí an 10%, tá múinteoirí agus príomhoidí ann a chreideann má tá páiste faoin 10% nach bhfuil siad in ann Gaeilge a fhoghlaim. Tá córas oifigiúil ag an Stát, ag an Roinn Oideachais agus Óige, tá sé seo i gciorclán aige, gur critéar é seo le díolúine a bhronnadh. Cé nach ndeir sé sa chiorclán nach féidir leis na daltaí seo Gaeilge a fhoghlaim, sin an rud a chreideann múinteoirí. Tá múinteoirí ag tabhairt comhairle do thuismitheoirí go mbeadh siad as a mheabhair a rá lena bpáistí Gaeilge a fhoghlaim toisc nach bhfuil siad in ann agus iad faoin 10%. Sin a deir sé sa chiorclán. Tá an-dochar á dhéanamh ag an rud seo.

Mar atá léirithe agam, níl bunús ar bith leis ó thaobh an taighde idirnáisiúnta de. Níl sé seo ar siúl i dtíortha eile. Caithfidh na glórtha eile teacht chun cinn. Bíonn daoine ag caint faoi “gaming the system” agus mar sin de ach ní bheinn ag caitheamh anuas ar éinne. Is é an Stát atá freagrach. Ní féidir linn an milleán a chur ar na daoine atá ag glacadh le rud éigin mar is é an Stát a chuireann an córas i bhfeidhm. Má bhaineann daoine leas as sin, tá sé sin fúthu féin. Is é an Stát atá freagrach. Tá na glórthaí sin ag teacht chun cinn.

Tá sé spéisiúil gur dhúirt an Roinn Oideachais in 2019 - mar a luaigh Julian de Spáinn - gur rud annamh agus eisceachtúil atá sna díolúintí. Céard atá eisceachtúil faoi 14%? Dúirt muid ag an am go bhfásfadh sé seo, go raibh na critéir ró-scaoilte. Dúradh linn go mbeadh siad annamh agus eisceachtúil. Ó 2019 ar aghaidh cruthaíodh nach raibh an ceart ag an Roinn oideachais. Cathain a bhfuil sé chun freagracht a ghlacadh as sin? Cá bhfuil an taighde aige féin go bhfuil na díolúintí ag obair agus nach bhfuil costas orthu? In áit a rá “cad atá á dhéanamh agaibh ar son na Gaeilge” d'fhéadfadh an Roinn a léiriú go bhfuil an tosaíocht seo nó an polasaí sin aige. Cá bhfuil an taighde atá aige a thacaíonn leis an staid atá aige?

Comment on this

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith linn ar maidin. Rud a rith liom nuair a bhí an tOllamh Ó Duibhir ag labhairt ná, cúpla seachtain ó shin bhí ceardchumann istigh linn agus bhí na hionadaithe ag rá go bhfuil an-chuid acmhainní de dhíth le go mbeidh siad in ann daoine a thraenáil le Gaeilge a fhoghlaim agus sprioc an Rialtais a bhaint amach maidir le cainteoirí Gaeilge a bheith fostaithe san earnáil phoiblí. Mar atá leagtha amach ag an tOllamh Ó Duibhir, is léir nach bhfuil an córas ag féachaint ar an sprioc sin a bhaint amach agus go bhfuil sé ag cruthú níos mó deacrachtaí.

Tá trí rud ar mhaith liom a ardú leis na finnéithe. Baineann ceann de na ceisteanna a chuir mise ar ionadaithe an Roinn oideachas nuair a bhí siad istigh linn leis an easpa maoirseachta ar bhronnadh na ndíolúintí. Ní léir dom in aon chuid eile den Státchóras nó den earnáil phoiblí go bhfuil a leithéid de chóras ann de dhíolúintí agus go bhfuil aon maoirseacht nó seiceáil a dhéanamh air ar phríomhoidí. Agus an tOllamh Ó Duibhir ag féachaint ar thíortha eile ar fud na hEorpa, an bhfuil a leithéid do chóras maoirseachta ann i leith bronnadh na ndíolúintí áit a bhfuil siad i réim?

Ar an dara dul síos, tá fadhb againn fós, cé go bhfuil sé ag athrú, sa chóras oideachais in Éirinn ag gach leibhéal faoin chreidimh agus an smaoineamh nach féidir múineadh agus teagasc a thabhairt trí mheán na Gaeilge do dhaoine a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu cé go ndeir an fhianaise a mhalairt ar fad, agus go léiríonn eispéiris tíortha ar nós an Fhrainc, na hÍsiltíre agus an tSualainn a mhalairt, i dtaca le daoine nach bhfuil Béarla á fhoghlaim acu agus a n-éiríonn go breá leo le hoideachais speisialta.

Baineann an rud deireanach le rud a dúirt státseirbhíseach linn nuair a bhí sé ag plé na ceiste seo cúpla seachtain ó shin. Do chuir mise an cheist, as na daoine a bhronnadh díolúine sa Ghaeilge orthu le haghaidh na hardteistiméireachta, cé mhéad de na daoine sin a bhí ag tabhairt faoi teanga nua-Eorpach? Díreach glacadh leis mar is é sin an bealach atá sé. Iarraim ar na finnéithe freagraí a thabhairt ar na ceisteanna sin má tá aon tuairimí acu.

Comment on this
Professor Pádraig Ó Duibhir

Maidir le heaspa maoirseachta, an rud a fuair mé amach i dtíortha eile ná go bhfuil sé an-deacair díolúine a fháil. Má tá díolúine ar fáil is díolúine shealadach atá ann den chuid is mó. I gcásanna fíor-eisceachtúla má tá díolúine ón dalta, is múnla cliniciúil a bheadh i gceist agus tá dochtúirí, teiripeoirí urlabhra, síceolaithe agus mar sin de mar chuid de.

B'shin an córas a bhí in Éirinn roimh 2019. Bhí lochtanna air sin mar, go bunúsach, má bhí airgead agat bhí seans níos fearr agat díolúine a fháil. Caithfear a bheith airdeallach air sin. Ach sin an córas i dtíortha eile i gcásanna fíoreisceachtúla. Mar a mhol an comhchoiste in 2024, dá mbeadh síceolaithe NEPS i mbun an chórais sin ní bheadh costais air, ach go gcaithfeadh sé a bheith an-eisceachtúil mar nach bhféadfadh NEPS a bheith ag plé leis na mílte iarratas.

Maidir leis an oideachas speisialta, tá an fhianaise ar fad againn in Éirinn agus thar lear go bhfuil ag éirí le páistí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu teangacha eile a fhoghlaim. Mar a dúirt mé i mo ráiteas tosaigh, tá monolingual mindset nó dearcadh aonteangach ar an saol anseo agus, faraor, tá an dearcadh sin i dtíortha ina labhraítear Béarla mar chéad teanga. Tá an dearcadh aonteangach ar an saol an-láidir san Anglo world agus ní fhaigheann tú sin sna tíortha a luaigh mé. D’fhágfainn an Bhreatain Bheag as an áireamh ach luaigh mé leithéidí an Fhionlainn, an Catalóin, Lucsamburg, Málta agus mar sin de.

Comment on this

Cad faoi an Fhrainc agus an Ghearmáin, áit a bhfuil teanga mionlaigh ach ní hé an Béarla an mórtheanga?

Comment on this
Professor Pádraig Ó Duibhir

Sea. Ó mo thaithí ar an bhFrainc, níl stát na Fraince an-tacúil do na mionteangacha agus is rogha tuismitheora é. Cosúil leis an nGaeloideachais in Éirinn, is rogha tuismitheora é agus ní mhúintear na teangacha sin go córasach. Sa Fhrainc agus sa Ghearmáin, is an dara teangacha iasachta a bhíonn i gceist. Caithfidh daoine an Béarla a fhoghlaim, don chuid is mó, agus teanga eile. Arís, bheadh daoine áirithe nach mbeadh fonn orthu. Bheadh siad ag rá gur leor an Béarla agus an Fhraincis dóibhsean, agus ní bheadh suim acu an tríú teanga a fhoghlaim. Tá an fhianaise ar fad ann go bhfuil ag éirí le páistí a bhfuil riachtanais speisialta acu teanga eile a fhoghlaim. Bhí ceist eile ag an Teachta maidir leis an ardteist. Tá dearmad déanta air.

Comment on this

Ceist a bhí ann maidir le líon na ndaoine atá ag tabhairt faoin ardteist i dteangacha nua Eorpacha.

Comment on this
Professor Pádraig Ó Duibhir

Tá 51% de dhaltaí a bhfuil díolúintí acu de bharr deacrachtaí foghlama ag an iarbhunscoil ag déanamh staidéir ar theanga iasachta. Ceann do na fadhbanna ná an díolúine bhuan seo. Ag leibhéal na bunscoile b’fhéidir go bhfuil cás ann do pháistí áirithe atá ag foghlaim na léitheoireachta don chéad uair - sa Bhéarla don chuid is mó - go laghdófaí ar ionchur ó thaobh litearthacht na Gaeilge de, ach gur rud sealadach a bheadh ansin. An fhadhb faoi láthair ná má thagann tú isteach san iarbhunscoil agus go bhfuair tú díolúine ag an mbunscoil, níl aon dul siar air sin. Is rud buan atá ann. Ba cheart go mbeadh sé sin sealadach.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis an Ollamh Ó Duibhir. An bhfuil aon tuairimí ag Rónán Ó hÍcí air sin?

Comment on this
Mr. Rónán Ó hIcí

Díreach go sciobtha, maidir leis an gceist atá curtha ag an Teachta ó thaobh an meon áirithe seo atá ann go forleathan nach féidir le daltaí le riachtanais sa bhreis an Ghaeilge a fhoghlaim, d’fhreastail mise ar Ghaelcholáiste. Don chuid is mó, ba é an Ghaeilge dara teanga chuile dhuine ansin agus d’oibrigh an córas sin dóibh. Anois agus muid san ollscoil nó amuigh sa saol, tá chuile dhuine in ann an Ghaeilge a fhoghlaim. É sin ráite, caithfidh an Roinn oideachais níos mó tacaíochta ar nós leithéidí na SNAs a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Caithfear fís a bheith ann ó thaobh an Ghaeloideachais agus mar sin de. Is gá i bhfad níos mó tacaíochta a chur ar fáil de bharr go n-oibríonn an córas sin.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Ta cúpla ceist agamsa i dtús báire. Bhí Rónán Ó hÍcí ag labhairt faoin mbealach a dúnadh doras an chórais ar Chaolán, ar Aoife, ar Nikolaí agus ar Shorcha. An rud a dúirt an tOllamh Ó Duibhir ansin ná gurb é an Stát atá freagrach as sin. Glacaim leis sin. Ach ar an dtaobh eile, ó thaobh na daltaí sin, agus an méid atá feicthe ag Rónán Ó hIcí, an bhfuil an brú ag teacht ó thuismitheoirí, ón scoil nó ó mhúinteoirí de ghnáth? Cad as a bhfuil an brú sin chun dul leis an díolúine ag teacht de ghnáth? Bhí sé ag labhairt faoi chailín amháin - Sorcha, b’fhéidir – a raibh an Ghaelainn aici agus gur as an nGaeltacht di agus go ndúradh léi an díolúine seo a thógáil. Gan labhairt faoin gcailín sin amháin ach go ginearálta, cad as a bhfuil an brú seo ag teacht de ghnáth?

Comment on this
Mr. Rónán Ó hIcí

Déarfainn gur meascán atá i gceist. Luaigh mé an meon iarchoilíneach sin. Tá tuismitheoirí leis an meon áirithe seo agus níl tuiscint acu ar thábhacht na Gaeilge. Is dócha go bhfuil athrú ag teacht ar an scéal sin ach go háirithe i measc na glúine atá mar thuismitheoirí i láthair na huaire. Tá meon ar leith acu ó thaobh na Gaeilge de. Ach tá brú ollmhór ag teacht freisin ó na scoileanna agus na príomhoidí, agus chuile dhuine ag rá gur chóir glacadh leis na díolúintí seo.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Is cabhair é sin. Gabhaim buíochas leis an bhfinné.

Ag breathnú ar líon na ndaltaí - 51% - a bhfuil díolúintí acu ach atá ag déanamh staidéar ar theanga iasachta, an bhfuil briseadh síos ar an líon dóibh sin a tháinig anseo ó thír eile?

Comment on this
Professor Pádraig Ó Duibhir

Níl. Bímse ag brath ar an Roinn oideachais le staitisticí a chur ar fáil agus thóg sé tamaillín an ceann áirithe sin a fháil mar is dóigh liom go raibh anailís sa bhreis le déanamh. Ach in 2024 bhí beagnach 61,000 scoláire a raibh díolúine acu ag an iarbunleibhéal. Astu sin is de bharr deacrachtaí foghlama a fuair 38,000 díolúine agus bhí 23,000 eile ann a tháinig ó thar lear. Ní heol dom cad a dhéanann an 23,000 eile ach chuirfeadh sé ionadh orm muna raibh teanga iasachta á staidéir acu.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

An argóint a bhíonn an Roinn ag déanamh anseo an t-am ar fad ná go bhfuil na daoine a thagann chuig an tír seo beagáinín níos aosta agus ní féidir leo staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge. Ní aontaím leis sin ar chor ar bith, mar aon leis an Ollamh Ó Duibhir. Bhí an Seanadóir Curley ag caint faoi rud éigin níos luaithe. Dá mbeadh córas ann dóibh siúd atá ag teacht anseo ó thíortha eile, agus iad 12 nó 13 abraimis, go mbeadh Gaeilge ar fáil dóibh ach ní mar scrúdú, an oibreodh rud éigin mar sin? Ní bheadh orthu é a dhéanamh don teastas sóisearach nó don ardteist ach bheadh orthu Gaeilge a dhéanamh mar ábhar chuile lá ar scoil.

Comment on this
Professor Pádraig Ó Duibhir

Sílim féin go mba chóir go mbeadh an deis acu. Tá samplaí áirithe do phríomhoidí bunscoile, i gcead dóibh, agus deir siad leis na daoine a thagann ó thar lear nach bhfuil aon deacrachtaí foghlama acu go mbeidh trial á bhaint acu as an nGaeilge. Tá ag éirí le go leor acu siúd. Bheinn cúramach faoi rá nach mbeadh aon scrúdú ann. Tá a fhios agam go bhfuil sé sin cineál mealltach mar smaoineamh ach an taithí atá agam sa chóras scrúdúcháin atá againn ná go bhfaigheann daltaí aitheantas ar obair. Conas a fhaigheann siad aitheantas ar obair? Le scrúdú. Muna bhfuil aitheantas ar an obair, de ghnáth titeann sé ar leataobh mar bíonn orthu díriú ar na rudaí ar a bhfaigheann siad pointí. Tá mic léinn tríú leibhéal mar an gcéanna. Muna bhfuil rud ar an scrúdú ní bhíonn suim acu. Sin mar atá an saol ina bhfuilimid. An rud atá ann ná go mbeadh scrúdú ann atá in oiriúint don tréimhse a chaith siad ag foghlaim na teanga. Bheadh gá le spriocanna réadúla bunaithe ar an méid ama a chaith siad ag foghlaim na teanga agus nach mbeadh muid ag súil go mbeadh siad ag teacht suas go dtí an leibhéal céanna leis na daltaí eile.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Nílimse a rá nach mbeadh an deis acu. Tá mé ag rá go mbeadh an deis acu má theastaíonn uathu é a dhéanamh agus go ndéanfadh siad é. Ag smaoineamh níos leithne fós ar na páistí sin a bhfuil disléicse orthu agus freisin na páistí atá sna ranganna SEN a bhfuil deacrachtaí acu fiú labhairt i mBéarla agus a bhfuil deacrachtaí ginearálta acu, ba cheart go mbeadh Gaeilge éigin ann mar chuid den churaclam. An gcabhródh rud éigin mar sin leo? Dá mbeadh rud éigin mar sin ar fáil ón Roinn agus da mbeadh Gaeilge mar chuid den churaclam, fiú sna ranganna speisialta, an mbainfeadh sé sin ó uimhreacha na ndíolúintí? An ndéanann sé sin ciall? Ní bheadh díolúine ag na daltaí mar bheadh an Ghaeilge á déanamh acu ach b’fhéidir nach mbeadh sé á déanamh acu mar ábhar scrúdaithe.

Comment on this
Professor Pádraig Ó Duibhir

De réir mar a thuigim, tá díolúintí ag daltaí i ranganna speisialta nó scoileanna speisialta go huathoibríoch.

Bronntar díolúine orthu, agus ní chaithfidh siad cur isteach air. In ainneoin go ndeir sé i gcáipéisíocht na Roinne go mbeadh deis ag scoláirí mar sin an Ghaeilge a fhoghlaim, ní i gcónaí a chuirtear i bhfeidhm é. Caithfimid a bheith an-chúramach mar bíonn beagáinín den meon "ó na créatúir seo, ní chuirimid iachall orthu an Ghaeilge a fhoghlaim". Is meon é sin atá ag teacht ó áit mhaith, mar a deir siad i mBéarla, taobh thiar de sin. Caithfimid a bheith cúramach nach bhfuilimid ag laghdú ár n-ionchas. Mar is eol do na múinteoirí anseo, ceann de na rudaí is tábhachtaí sa chóras oideachais ná ionchas na múinteoirí. Má tá ionchas ard ag an múinteoir, éireoidh níos fearr leis na daltaí. A luaithe is a laghdaítear na hionchais atá ag an múinteoir, titeann an ghnóthachtáil atá ag na páistí. Tá páistí-----

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Tá mise ag ceapadh gur easpa cearta atá ann nach mbeadh an Ghaeilge ar fáil acu sna scoileanna agus ranganna speisialta.

Comment on this
Professor Pádraig Ó Duibhir

Cinnte. De réir cháipéisíocht na Roinne, ba cheart go mbeadh sé ar fáil. Tá páistí a bhfuil siondróm Down's orthu ag fáil oideachas trí Ghaeilge agus ag foghlaim trí Ghaeilge. Tá páistí ar speictream an uathachais ag foghlaim na Gaeilge. Tá páistí eile nach mbeadh sé oiriúnach, b'fhéidir, go mbeadh siad ag foghlaim sa chaoi seo - níl urlabhra acu agus mar sin. Ba cheart go mbeadh an cinneadh á dhéanamh ag daoine cliniciúla seachas príomhoidí i gcás díolúine do na daoine sin. Caithfimid a bheith cúramach nach bhfuilimid ag rá, "ó, an duine bocht sin". Tá beagán de sin ann i dtuismitheoirí agus múinteoirí a fhaigheann amach go bhfuil disléicse ar an bpáiste agus laghdaítear an brú. Féachann sé sin go breá ach ní hionann laghdú brú agus tacaíocht. Sin ceann de na hargóintí a bheadh agam ag leibhéal na bunscoile agus san iarbhunscoil. Deir siad nach gá dóibh staidéar ar an nGaeilge. Tá sé sin go hiontach, ach táthar ag suí ansin fad is atá an rang Gaeilge ar siúl agus níl aon tacaíocht á tabhairt dóibh. Tá sé sin ag tarlú sna scoileanna. Níl sé ag déanamh maitheas ar bith don pháiste sa chás sin.

Comment on this

Bhí mé féin agus an Leas-Chathaoirleach ag caint níos luaithe. Bhí mise ag rá gur ceart fáil réidh leis an ardteist. Creidim i ndáiríre faoi sin. Tá an ardteist tar éis an teanga a scriosadh. Sin an-bhunúsach mar choincheap. Dúirt an tOllamh Ó Duibhir ansin nuair a bhaintear an éigeantacht a bhaineann le scrúdú, faightear réidh leis an tábhacht a bhaineann leis an ábhar go ginearálta. Iarraim air dalta a shamhlú nach bhfuil mórán Gaeilge aige nó aici atá ag streachailt le teangacha go ginearálta agus go bhfuil fíorfhadhb acu maidir le foghlaim teangacha. Tá cineál nocht acu, 40 nóiméad gach lá, cúig lá sa tseachtain, ag suí sa seomra ranga agus fiú ag éisteacht le Gaeilge, seachas a bheith bainte agus a bheith ag déanamh mata sa halla tionól, nó cibé rud a tharlaíonn de ghnáth. Má bhaintear an gá atá orthu an scrúdú a dhéanamh agus má insítear dóibh nach bhfuil aon ghá an ardteist a shuí agus níl aon bhrú orthu H1 nó H2 a bhaint amach, ach caithfidh siad suí isteach sa seomra ranga agus iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a fhoghlaim, an mbeidh rath éigin leis sin mar chur chuige in ionad an stádais atá ann faoi láthair go bhfuil an ceart acu gan a bheith sa seomra ranga go ginearálta agus gan a bheith nochta don teanga?

Comment on this
Professor Pádraig Ó Duibhir

Cinnte ba cheart go mbeadh deis acu an Ghaeilge a fhoghlaim. Is fearr iad a bheith sa seomra ná gan iad a bheith lasmuigh den seomra. Is dócha gur teip an chórais atá ann go bhfuil céatadán áirithe scoláirí ag an iarbhunscoil nach bhfuil suim acu a bheith ag foghlaim na Gaeilge mar gheall ar an taithí atá tar éis a bheith acu suas go dtí an pointe sin ina gcuid scolaíochta. Mothaíonn siad nach bhfuil sé ag oibriú dóibh agus b'fhearr leo gan a bheith ann.

Comment on this

Tá ceist amháin agam air sin. Bhí mé ag caint le Julian de Spáinn níos luaithe. Níl ach thart ar 2% de na daltaí sa bhunscoil ag fáil díolúine. Ardaíonn sé sin go 13% nó 14% anois san iarbhunscoil. An gceapann an tOllamh Ó Duibhir go bhfuil sé sin mar gheall ar an taithí sa bhunscoil? Ní raibh aon fhonn orm díolúine a fháil don Ghaeilge mar gheall ar an taithí dhearfach a bhí agam sa bhunscoil. Bhí an t-ádh liom leis na múinteoirí a bhí agam. Fiú don 2% a fhaigheann díolúine sa bhunscoil, an mbeadh sé chomh hard mura mbeadh duine ag rá leis an tuismitheoir go mbeidh air nó uirthi Gaeilge a fhoghlaim don ardteist agus scrúdú a dhéanamh muna bhfaightear díolúine anois nuair atá an seans acu? An gceapann an tOllamh Ó Duibhir go mbeadh an méid daltaí sa chéad bhliain den iarbhunscoil ag fáil díolúine mura mbeadh an brú scrúdaithe sin orthu?

Comment on this
Professor Pádraig Ó Duibhir

Rud a phléimear beagáinín roimhe seo ná go bhfuil brú ag teacht ó go leor príomhoidí iarbhunscoile rogha a dhéanamh idir foghlaim na Gaeilge agus tacaíocht foghlama a fháil. Tá sé sin ag ardú an fhigiúir. Déarfaidh príomhoidí bunscoile liom go bhfuil an-chuid tuismitheoirí ar dhaltaí i rang a sé ag teacht chucu ag rá gur mhaith leo díolúine anois le go mbeadh sé sa phóca againn don iarbhunscoil. Níl sé sin le feiscint sna figiúirí mar b'fhéidir go ndeir na príomhoidí gur cóir fanacht go dtí an iarbhunscoil chun an díolúine a fháil ag an stad sin. Tá ag teip ar an gcóras agus ar an gcur chuige teagaisc. Léiríonn taighde atá déanta ag comhghleacaithe liom don Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta go bhfuil an-éagsúlacht sa chaighdeán. Tá múinteoirí iarbhunscoile ag rá go bhfuil an-éagsúlacht sa chaighdeán i mbliain a haon.

Comment on this

Tá sé feicthe agam. Bhí mé i mo mhúinteoir meánscoile. Chonaic mé é sin. Bhí bunscoil amháin agus bhí gach dalta ag teacht isteach 70% nó 80% líofa agus scoil eile nach raibh na daltaí in ann abairt a rá.

Comment on this
Professor Pádraig Ó Duibhir

Is teip ar an gcóras é sin. I láthair na huaire, níl aon mhonatóireacht seachas cuairteanna ó chigirí. Níl aon saghas tástáil nó measúnacht náisiúnta ar an nGaeilge ag leibhéal na bunscoile.

Comment on this

Mar choincheap, nach gcaithfimid dul ar ais go dtí an tús? An fáth nach bhfuil an Ghaeilge á foghlaim ag na daltaí sin sa bhunscoil ná nach bhfuil an múinteoir in ann an Ghaeilge a labhairt. An fáth nach bhfuil an múinteoir in ann an Ghaeilge a labhairt ná, de ghnáth, an taithí a bhí acu féin san iarbhunscoil nuair a bhí an seans acu an Ghaeilge a bhrú ar aghaidh d'ardchaighdeán agus níor éirigh leo mar gheall nach raibh an seans acu. Dá mbeadh béim ar labhairt na Gaeilge sa seomra ranga in ionad an 60% ar litríocht, dánta is araile a scriosann taitneamh na ndaltaí, nach mbeadh rath i bhfad níos airde againn maidir le foghlaim na Gaeilge?

Comment on this
Professor Pádraig Ó Duibhir

Is dóigh liom go mbeadh. Sa taighde, tá na scoláirí ag rá sin. Bheadh Rónán Ó hÍcí in ann labhairt faoi sin. Tá scoláirí iarbhunscoile ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim agus an rud a spreagann iad ná an Ghaeilge a labhairt. Ag an am céanna, bheinn cúramach ag nascadh teip an chórais maidir le múineadh na Gaeilge agus díolúintí a bhronnadh sa mhéid is ní raibh ceart go mbeadh díolúintí mar leithscéal ar theip an chórais maidir le múineadh na Gaeilge. B'fhearr plé le múineadh na Gaeilge agus sin a fheabhsú. Go bunúsach, tá sin uainn do gach scoláire. Ba mhaith linn go mbeadh siad ar fad ag baint gnóthachtáil amach de réir a gcumais i ngach aon ábhar.

Comment on this

Aontaím leis an Ollamh Ó Duibhir, ach, i mo thuairim, is siomptóim iad ar fad na díolúintí, an easpa taitnimh sa seomra ranga agus gach rud, ach an galar ná an ardteist agus an córas scrúdaithe atá againn san iarbhunscoil. Níl a fhios agam an aontaíonn aon duine eile leis sin.

Comment on this
Professor Pádraig Ó Duibhir

An t-aon rud a déarfainn i mbealach áirithe ná go mbronnann scrúdú Gaeilge na hardteistiméireachta stádas ar an nGaeilge nach mbeadh aici dá mbainfí é. Braithim go bhfuil sé mealltach mar argóint go mbeadh sé roghnach, ach nuair a rinneadh staidéar ar theangacha sa Bhreatain Mhór a dhéanamh roghnach in 2007 nó 2008 do leibhéal an GCSE, thit an tóin as foghlaim teangacha mar amharctar ar na hábhair sin a bheith níos deacra pointí a bhaint amach le hais cuid de na hábhair eile.

Comment on this

An t-aon rud a dhéarfainn faoi sin ná go raibh mé san Fhionlainn le cúpla duine eile ar an gcoiste seo cúpla mí ó shin. Níl aon scrúdú éigeantach. Níl aon chóras ardteiste acu nó aon rud mar sin san Fhionlainn, ach tá beagnach gach dalta ag teacht amach líofa san Fhionlainnis agus sa tSualainnis. Tá an dá theanga beagnach líofa ag gach dalta ag teacht amach ón scoil cé nach bhfuil aon scrúdú ag deireadh na scoile. Tá córais ann a oibríonn i bhfad níos fearr ná an ceann atá againn.

Comment on this
Professor Pádraig Ó Duibhir

Muna bhfuil dul amú orm, agus d'fhéadfadh a bheith, is dóigh liom go bhfuil sé leagtha síos sa dlí go mbeadh caighdeán áirithe bainte amach ag gach dalta sa dá theanga. I dTír na mBascach, tá sé leagtha síos sa dlí go mbeadh caighdeán áirithe bainte amach. Níl a leithéid againn in Éirinn.

Comment on this

Nach mbeadh sé níos fearr an caighdeán sin a chur sa dlí in ionad an scrúdú a bheith éigeantach?

Comment on this
Professor Pádraig Ó Duibhir

D'fhéadfadh a bheith.

Comment on this
Naoise Ó Cearúil An Leas-Chathaoirleach Fianna Fáil

Go raibh maith agaibh. D'fhéadfainn fanacht anseo ar feadh cúpla uair an chloig sa bhreis ag déanamh plé air seo, ach táimid ag deireadh an chruinnithe. Gabhaim buíochas leis an Ollamh Ó Duibhir, le Julian de Spáinn agus le Rónán Ó hÍcí as a bheith linn inniu agus as an bplé fiúntach agus tairbheach a bhí againn.

Níl an cruinniú ar siúl oíche amárach. Molaim go gcuirtear an cruinniú ar athló go dtí an Mháirt seo chugainn. Beidh grúpa ó Charn Tóchair ó Chontae Doire ag teacht chugainn. Déanfaimid plé leis ansin.

Comment on this