Cur Chuige Charn Tóchair: Pobal Charn Tóchair
Chuir Pobal Charn Tóchair síos ar mhúnla forbartha a nascann Gaeloideachas, pleanáil teanga, obair óige, fiontar sóisialta agus forbairt pobail le hathbheochan na Gaeilge i gceantar tuaithe. Léiríodh gur tháinig fás mór ar líon na ndaltaí trí naíscoileanna, an bhunscoil agus an gaelcholáiste, agus gur ríthábhachtach an comhshaol teanga, an ceannasaíocht óige agus an tacaíocht do theaghlaigh. Luaigh siad go bhfuil an tsamhail ag cruthú poist agus go bhfuil sí inaistrithe, ach go bhfuil easpa maoinithe caipitil agus foirne, agus spleáchas ar chinnteoireacht na n-airí, ina bpríomhdhúshláin. D’aithin na baill gur sampla láidir é de Ghaeilge a normalú sa phobal.
Tá fáilte roimh na finnéithe anseo inniu. Déanfaimid ár mbreithniú anois ar chur chuige Charn Tóchair; na ceachtanna agus na dúshláin; an ceannasaíocht sa chéad ghlúin eile; agus an fhéideartheacht an tsamhail seo a chur i bhfeidhm i gceantair eile. Beidh na ceisteanna seo á bplé againn leis na finnéithe seo a leanas ó phobal Charn Tóchair: Niall Ó Catháin, an Dr. Pádraig Ó Mianáin, Diarmuid de Brún, Aoife Ní Chasaide agus Joe Ó Dochartaigh. Cuirim céad míle fáilte rompu. Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 3 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. An comhaontar leis sin? Comhaontar.
Tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leagan faoi bhráid na finnéithe. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste, nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe phoiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiscint ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin, agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Bá chóir do na finnéithe a chinntiú go mbeidh na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint.
Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir leis na finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu, agus má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.
Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí go bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon ní a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as a ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach bonn. An nglacann na finnéithe leis na treoracha sin? Glacann.
Iarraim ar Joe Ó Dochartaigh a ráiteas tosaigh a dhéanamh.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as ucht an cuireadh anseo inniu. Anseo liom tá Niall Ó Catháin, stiúrthóir an choiste; an Dr. Pádraig Ó Mianáin, stiúrthóir; Aoife Ní Chasaide, oifigeach forbartha Gaeilge; agus Diarmuid de Brún, oifigeach cumasú teanga, agus táim féin i m'oifigeach pleanála teanga i gCarn Tóchair. Sheolamar an ráiteas tosaigh ar aghaidh inné ach shocraíomar go ndéanfadh muid achoimriú air tríd an cur i láthair. Tá scéal fada againn agus níl mórán ama ar fáil, ach déanfaimid ár ndícheall. Má tá aon cheisteanna le linn nó i ndiaidh an cur i láthair iarraimid ar an gcoiste iad a chur ar aghaidh.
Comment on this
Is ceantar tuaithe i ndeisceart na Speiríní é Carn Tóchair. Tá clú agus cáil ar Shleacht Néill as a cuid eachtraí ar pháirceanna Chumann Lúthchleas Gael. Is iarGhaeltacht é; bhí cainteoirí dúchasacha Gaeilge sa cheantar go dtí lár an 20ú haois - na 1940idí nó mar sin. Faoi na 1990idí, bhí an Ghaeilge imithe ó bhéal an phobail. Bhí sí go fóill againn san oidhreacht, sna páirceanna imeartha agus sna slointí agus i leasainmneacha muintir na háite, ach ó thaobh caint na Gaeilge de, bhí sí imithe faoin am sin. Tháinig an coiste le chéile mar bhí an ceantar ag streachailt go mór ag an am sin, mar atá go leor ceantair tuaithe go fóill ag streachailt sa lá atá inniu ann, ó thaobh fostaíocht agus tithíocht de. Go bunúsach, ní raibh daoine óga sa cheantar in ann cur fúthu féin ina gceantar féin, rud atá go hiomlán tubaisteach. Bunaíodh an coiste forbartha le dul i ngleic leis na fadhbanna seo agus dhírigh sé ar cheithre mórthéama: forbairt shocheacnamaíoch don cheantar; airgead agus fostaíocht a chur ar ais sa cheantar; caomhnú timpeallachta agus oidhreachta; agus aischur na Gaeilge mar theanga phobail a chinntiú. Is fiú a lua ag an bpointe seo go bhfuil an coiste féin múnlaithe mar chomharchumann sa Ghaeltacht níos mó ná díreach eagraíocht Gaeilge ann féin.
Spreagtha ag eiseamláir Bunscoil Phobal Feirste i mBéal Feirste, thug an coiste faoin nGaeloideachas mar phríomhghné nó mar phríomhshruth le tabhairt faoin aischur teanga. In 1992, bunaíodh Naíscoil Charn Tóchair; in 1993, Bunscoil Luraigh i Machaire Rátha; agus in 1994, Naíscoil Mhachaire Rátha. Taobh istigh de thrí bliana, bunaíodh trí scoil. Is é sin an cineál dúthracht atá bainte leis an ngluaiseacht ó shin. Tá gach rud a dhéanann muid múnlaithe agus dírithe ar chothú na bpáistí sin. In 1992, bhí seacht dalta laistigh den chóras Gaeloideachas i gContae Dhoire taobh amuigh den chathair. I mí Meán Fómhair na bliana seo, beidh breis agus 350 dalta idir an dá naíscoil, an bunscoil s'againne agus na déagóirí a théann chuig an Ghaelcholáiste. Is méadú faoi 50 é sin. Tá an Ghaeloideachas ina phríomhsruth anois le 20 bliain. Is éacht é sin ann féin. Ní i gCarn Tóchar amháin atá dul chun cinn déanta. Ón bhliain 2000 tá ceithre naíscoil nua-tógtha ar fud an chontae, mar aon le ceithre Ghaelscoil agus an Ghaelcholáiste. Tá cineál teimpléad ar an léarscáil a léiríonn é seo go léir. Tabhair faoi deara fosta go bhfuil oifigigh Gaeilge i mbeagnach achan ceantar anseo, rud atá go hiontach. Tá cuma iontach ar an léarscáil. Is maith dom a lua fosta nach bhfuil na hacmhainní cuí ag achan oifigeach go fóill. Tá oifigigh atá fostaithe thar dhá láthair, srl. Tá obair le déanamh ansin.
Sa chontae ar fad inniu, tá breis agus 1,000 dalta ag freastal ar an nGaeloideachas, páistí ón chathair san áireamh. Tá athrú claochlaitheach tagtha ar shochaí teanga an chontae mar gheall ar iarrachtaí a rinne daoine ar leith go luath sna 1990idí. Thuig an coiste go raibh gá luí isteach ar bhonneagar níos doimhne a thógáil thart ar an nGaeloideachas agus thart ar na páistí seo. Tá a fhios againn ar fad nach leor an Ghaeilge sa seomra ranga amháin. Tháinig athrú claochlaitheach eile in 2008 nuair a bhronnadh oifigeach forbartha Gaeilge ar an gceantar don chéad uair riamh. Don chéad uair, bhí duine éigin fostaithe le tabhairt faoin obair seo agus clár Gaeilge ceart a chur le chéile. Iarradh ar an duine sin réimse imeachtaí a chur ar fáil. Níl an t-am agam dul isteach iontu. Beimid ag plé óige agus na luathbhlianta ar ball. Tá béim mhór againn sa cheantar ar na healaíne: ceol, drámaíocht agus sin ar fad. Le bliain anuas - tá Diarmuid de Brún agus Aoife Ní Chasaide ag plé leis seo go príomha - táimid ag úsáid na taibhealaíne mar deis cumas sa teanga le déanamh cinnte de go bhfuil go leor Gaeilge ag na páistí, go bhfuil siad ábalta feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus go bhfuil deiseanna acu é sin a dhéanamh. Tá clár iomlán ranganna Gaeilge agus dianchúrsaí á cur ar fáil againn. Tá an ceantar iontach saibhir ó thaobh oidhreachta. Ó thaobh fiontar sóisialta de, tá caife, siopa, tithe féinfhreastail, oifig an phoist agus rudaí mar sin againn ar an láthair.
Tarraingíonn siad seo daoine isteach - fiú daoine nach bhfuil Gaeilge acu. Is bealach é iad a mhealladh chuig an phobal.
Rud mór eile ná cúrsaí timpeallachta. Tá tearmann dúlra faoi úinéireacht phobal againn agus bhí roinnt de bhaill an chomhchoiste linn in 2022. Tá 200 acra againn ansin faoi úinéireacht phobail, rud atá thar a bheith luachmhar dúinn agus muid ag tabhairt faoin obair aischur teanga. Aon uair a dhéanfaimid rud ar bith faoin teanga amuigh ar an tearmann, is cineál iolraitheoir é. Éiríonn níos fearr leis na rudaí sin. An rud a cheanglaíonn seo ar fad le chéile ná go bhfuil muid dírithe ar labhairt na Gaeilge. Is é sin an bunsprioc a bhíonn ag achan imeacht a dhéanfaimid. Go bunúsach, táimid ag iarraidh daoine a bhogadh ó smaoineamh gur féidir linn go gur nós linn. Tá an Ghaeloideachas fíormhaith ag tabhairt Gaeilge do pháistí agus is ról s’againne é iad a spreagadh í a úsáid agus go mbíonn sí mar rogha acu í a úsáid.
Ar ndóigh, ní leor liosta gníomhaireachtaí mar a bhí agam ansin le tabhairt faoi aischur teanga mar is ceart, ach tá sé ríthábhachtach go bhfuil bonneagar ceart ar fáil go bhfuil áit éigin ag daoine teacht le chéile go mol nó croí lárnach a bhfuil muid ábalta daoine a mhealladh ann.
Feictear Bunscoil Naomh Bríd ar chlé ar an léarscáil atá á thaispeáint anseo. Ansin tá an príomhfhoirgneamh s’againne, An Carn, ina bhfuil an siopa agus an caifé. Tá an spás comhdhála agus oifige thuas staighre agus ansin tá amharclann, halla spóirt, tithe féinfreastail, naíscoil agus ansin An Coillín a d’oscail muid Dé Sathairn. Is spás úrnua é sin agus cineál áis don Ghaeloideachais. Tá an tearmann dúlra againn ach tá sé sin b’fhéidir míle ar siúl. Tá An Coillín úrnua agus tá sé dochreidte maith. Tá an pobal iontach tógtha faoi. Bhí tuismitheoirí nach raibh Gaeilge acu - achan duine - ag brú go mór le dhá mhí anois agus iad ag déanamh iarracht an áit a ullmhú. Is ré nua An Coillín dúinn. Táimid ag amharc ar na múnlaí ar fud an domhain atá ag na bundúchasaigh ar an bhealach a cheanglaítear teanga, talamh, timpeallacht agus é sin ar fad. Táimid iontach tógtha faoi sin.
Ón tús, bhí sé thar a bheith tábhachtach don choiste go mbeadh aon phleanáil teanga a bhí á dhéanamh ag teacht leis an bpleanáil foghlama agus go mbeadh an dá rud le chéile. Seo an fhís a leagadh síos in 2007 go mbeadh pobal dátheangach á fhorbairt taobh istigh de dhá ghlúin nó roimh 50 bliain, mar a bheidh an Ghaeilge mar mheán cumarsáide aitheanta ag tromlach an phobail. Níl muid ann go fóill ach táimid ag bogadh sa treo ceart. Maidir leis an nasc idir an phleanáil teanga agus plean an phobail, díríonn an phleanáil pobail ar na coinníollacha a chruthú ionas gur féidir teanga a úsáid sa phobal agus díríonn an phleanáil teanga ar cinnte a dhéanamh go bhfuil na hacmhainní agus na foirgnimh agus sin ar fad ann. Ní oibríonn ceann amháin gan an ceann eile agus tá luach ar leith leis sin. Tá go leor grúpaí ar fud na tíre a bhfuil oifig acu ach níl na foirgnimh nó na hacmhainní cuí acu le brú ar aghaidh chuig an chéad céim eile. Tá sé sin ríthábhachtach.
Mol an óige agus tiocfaidh sí, ach an leor moladh amháin? Seo rud ar a mbímid ag luí isteach. Dírímid chuid mhór obair s’againne ar caidé mar a dhéanfaimid cinnte go bhfuil glúin de chinnirí óga ag teacht inár ndiaidh. Caidé mar a dhéanfaimid cinnte gur cinnirí teanga agus cinnirí pobail iad? Tá an fhorbairt, an cheannasaíocht agus an phleanáil comharbais tugtha isteach sa chlár óige leis na blianta fada anuas. Táimid dírithe ar chumasú. An bhfuil na daoine óga ábalta, agus le go leor Gaeilge acu, tabhairt faoin saol trí Ghaeilge? An bhfuil siad ábalta tabhairt faoi rudaí atá siad ag iarraidh, agus a bhfuil muidne ag iarraidh, tabhairt faoi? Go bunúsach, an cheist ná an bhfuil siad ullmhaithe leis an saol atá siad ag iarraidh a bheith acu a bheith acu agus an mbeidh siad sásta; is é sin an bunsprioc.
Tá rannpháirteachas tábhachtach freisin; an mothaíonn daoine óga s’againne go bhfuil siad lárnach i rudaí, an bhfuil áit acu sa phobal, agus, go bunúsach, an bhfuil siad de dhíth. Táimid ag foghlaim de réir a chéile gurb é an príomhrud a cheanglaíonn daoine le gluaiseacht ná go mothaíonn siad go bhfuil siad de dhíth. Tá sé sin iontach lárnach don obair phobail.
Luaim treoir agus tacaíocht arís. An bhfuil muid ábalta a chinntiú go dtig linn luachanna s’againne féin ó thaobh an timpeallacht agus an bealach a dtéann muid iad a aistriú ag ár ndaoine óga? Tá an abairt ansin ag an deireadh, go dtuigfeadh muid óige an lae inniu, ag caint faoi chinnirí agus tuismitheoirí an lae amárach.
An bealach a thógaimid faoi, agus míneoidh mé seo go gasta, ná go mbíonn clubanna óige againn ó ocht go 13 bliana d’aois agus bíonn béim ar an rannpháirteachas sna clubanna agus sna gníomhaíochtaí óige sin. Ó 14 go 18 bliana d’aois tá clár ceannasaíochta óige againn ina bhfaigheann na déagóirí oiliúint agus foghlaim agus sin ar fad agus an bhfuil siad ábalta. Ansin, tá coiste ar leith againn do dhaoine óga idir 18 agus 30. An coiste craiceáilte, a thugaimid air. Ag an tús, ní raibh ach imeachtaí á reáchtáil a bhí lán le craic agus sult ach anois tá siad ag díriú ar fheachtasaíocht tógáil airgid agus ag spreagadh seanóirí an choiste, rud atá go hiontach.
Maidir leis an earnáil réamhscolaíochta, tá achan saineolaí pleanála teanga ar an domhan lánchinnte gurb é an aistriú idirghlúnta a tharlaíonn sa bhaile an ghné is tábhachtaí nó is suntasaí agus go gclúdaíonn sé an trí mór-réimse pleanáil teanga. Ardaíonn sé cumas teanga, cleachtas teanga agus athraíonn sé dearcadh i leith na Gaeilge. Ach go háirithe i gceantar nua Gaeilge cosúil linne, níl mórán teaghlaigh le Gaeilge sa bhaile. Do 95% de na daoine, mé féin san áireamh, ní raibh Gaeilge sa bhaile againn; mar sin, tá cur chuige giota beag difriúil de dhíth. An bealach a thugaimid faoi sin ná tríd an earnáil réamhscoile agus an Ghaeloideachais. Is é sin an chéad chéim a bhíonn ag tuismitheoirí agus an chéad deis a bhíonn acu go minic, muna bhfuil Gaeilge acu, a bheith páirteach i rud éigin. Cuirfimid béim mhór air sin. Sa cheantar anois le cúpla bliain, in áit go mbeidh páiste ag dul chuig an naíscoil ar feadh dhá uair a chloig ar maidin, téann siad ann óna 8 a.m. Tá club bricfeasta ann. Bíonn sé ann ar 9 a.m. don naíscoil. Bíonn seisiún am lóin ann agus seisiún ina dhiaidh sin sa Choillín. Bíonn an-sórt rudaí ann do na clubanna iarscoile éagsúla atá acu. In áit páiste trí nó ceithre bliana d’aois ag fáil dhá uair a chloig Gaeilge in aghaidh an lae, tá siad á fáil ó ocht go dtí a cúig. Ní bheidh muid riamh ábalta an úinéireacht a aistriú ó theaghlaigh go dtí an chóras ach táimid ag déanamh ár ndícheall tacú leis sin nuair is féidir. Má tá aon cheisteanna faoi sin, iarraim ar na baill iad a chur orainn.
Maidir le ceachtanna agus dúshláin, tagaimid ar ais ag an seanrud i gcónaí, is é sin an tábhacht atá le timpeallacht teanga thart ar an Ghaeloideachas. An dtig linn zón glas, tearmann teanga, a chruthú thar ar an Ghaeloideachas le cinnte a dhéanamh go bhfuil níos mó do na páistí seo ná an Ghaeloideachas amháin? Tuigimid ar fad an tábhacht atá le dáimh agus tacaíocht na ndaoine nach bhfuil Gaeilge acu iad féin. Ní raibh Gaeilge ag go leor de na daoine a bhunaigh na naíscoileanna sna nóchaidí. Gan iad, ní bheadh rud ar bith againn. Rinne siad cinnte nár tógadh an rud atá againn ar bhunshraith ghainimh; mar sin, táimid buíoch díobh. Tá comhphobal Gaeilge á thógáil ón bhun aníos.
Tá dúshláin againn maidir le hacmhainní daonna. Táimid ag streachailt faoi láthair, mar atá eagraíochtaí ar fad na tíre. Is dócha go mbeidh sé seo á aithint ag an Rialtas agus an plean atá aici maidir le 25% de na fosaithe sa Státchóras a bheith ina Ghaeilgeoirí. Táimid ag streachailt le daoine a fháil san earnáil óige do rólanna óige agus teagaisc. Tá níos mó daoine de dhíth in achan rud. Tiocfaidh sin de réir a chéile ach táimid ag amharc ar bhealaí go dtig linn sin a bhrostú agus brú a chur air sin. Ansin, tá seancheist na maoinithe ann.
Maidir leis na dúshláin amach anseo, ta gá na hacmhainní a mhaoiniú agus a fhás de réir mar a mhéadaíonn na gclár gníomhaireachtaí. Ní leor é an maoiniú a fhaigheann grúpaí ag an tús. Caithfear é sin a mhéadú de réir a chéile. De réir mar a éiríonn leo, caithfidh na hacmhainní agus an maoiniú ardú nó beidh bac ar chúrsaí. Muna bhfuilimid ag dul chun tosaigh, táimid ag dul siar. Is gá an Ghaeloideachas a dhaingniú mar príomhshruth. Tá sé sin déanta againne. Dá mbeadh sé sin ag tarlú ar fud na tíre, bheadh an tsochaí ag athrú. Dúshláin eile ná an Ghaeilge a fhás mar theanga theaghlaigh. Táimid ag an phointe anois go gcaithfimid dul sa tóir ar mhaoiniú a fháil le hoifigeach teaghlaigh a fhostú. Tá an chéad ghlúin sin a tháinig tríd an chóras Gaeloideachais sna nóchaidí ag tosú páistí a bheith acu. Caithfimid a oibriú amach caidé mar a dhéanfaimid cinnte go dtógann siad a bpáistí i nGaeilge agus go dtig linn na hacmhainní agus na háiseanna a chur ar fáil dóibh.
Don todhchaí, rinne muid giota beag taighde ag tús na bliana le hóige s’againne agus dhá rud mór a tháinig amach as ná tithíocht sa cheantar agus fostaíocht i nGaeilge. Bhí cuid againn ón cheantar ar cuairt anseo i mí Feabhra, agus gabhaim buíochas le hEoghan Ó Cruadhlaoich a d’eagraigh sin dúinn. Bhíomar ag foghlaim faoi go leor den obair atá ag bun ag an chomhchoiste agus na deiseanna fostaíochta atá ann amach anseo. Rinne muid na suirbhéanna an lá ina dhiaidh sin agus bhí siad uilig ag caint faoin fhostaíocht. Mar atá ag peil na mban, if you cannot see it you cannot be it; tá sé sin tábhachtach. Caithfidh daoine a fheiceáil go bhfuil deiseanna amach ansin agus tá muid ag obair sa treo seo.
Ó thaobh an mhúnla inaistrithe, tá an Ghaeloideachas mar bhunshraith den athbheochan teanga. Má tá Gaelscoil áit éigin, is féidir rud éigin, mar atá déanta againn, a thógáil thart air. Luaim freisin an tábhacht atá le timpeallacht agus comhphobal Gaeilge a thógáil thart ar an soláthar Gaeloideachais agus lárionad comhphobail a fhreastalaíonn ar chláir ghníomhaíochtaí. Tá lárionaid de dhíth. Tá easpa airgead caipitil amuigh ansin faoi láthair agus tá infheistíocht de dhíth. Níl ceist ar bith faoi sin. Tá gá le himeachtaí do theaghlaigh, do dhaoine óga agus an comhphobal teanga i gcoitinne. Cibé rud atá go maith don phobal, tá sé maith don Ghaeilge, agus tá a mhalairt fíor. Luaim labhairt na Gaeilge a normalú sa cheantair fosta, rud atá againn mar phríomhchuspóir.
Mar achoimre, agus le scéal fada a dhéanamh gairid arís, is féidir an Ghaeilge a thabhairt ar ais ach caithfimid a bheith uaillmhianach faoi. Tá tacaíocht de dhíth. Caithfidh ceannasaíocht, fís, plean, toil agus tiomantas a bheith ann, agus tacaíocht chuí. Caithfidh seo teacht ón bhonn aníos ach caithfidh na hacmhainní cuí teacht agus sin a mheaitseáil sa lár áit éigin. Is é sin an méid atá agam. Gabhaim buíochas le baill an choiste.
Comment on this
Gabhaim buíochas le Joe Ó Dochartaigh. Tá éacht bainte amach acu i gCarn Tóchair.
Is léir an tábhacht a bhaineann leis an nGaeloideachas agus an mothú pobail sin atá ag na finnéithe. Rachaimid ar aghaidh leis na ceisteanna.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Tá sé go hiontach go bhfuil siad anseo arís. Bhí an coiste leo tamall de bhlianta ó shin. Bhí Catherine Connolly linn ag an am. Thug sé ardú croí dúinn an obair a bhí á déanamh agus déanta acu ag an staid sin. Gabhaimid buíochas leo as sin.
Go minic, nuair atá tú lasmuigh den áit seo, agus fiú istigh anseo, bíonn daoine ag cur na ceiste "cad is fiú don nGaeilge" agus ag rá nach éireoimid riamh. Tá spriocanna leagtha síos, an sprioc maidir le fostaíocht 20% a luaigh Joe Ó Dochartaigh ansin ina measc. Is 20% de na daoine a earcófar. Lorg muid níos mó ach ní raibh an Rialtas sásta glacadh leis sin. Ní shroichfear an 20% sin. Is é sin an drochrud. Go minic, leagann an Stát spriocanna síos dó féin nach bhfuil sé i gceist aige iad a shroicheadh ná a bhaint amach riamh. Bíonn sé go maith ag caint faoi na spriocanna seo. Ní hiad na daoine a bhíonn ag cur chun cinn na spriocanna an fáth go bhfuil mé ag rá nach bhfuil sé i gceist aige. Níl an Státchóras taobh thiar de. Níl an maoiniú, an chur chuige ná an fhoireann ann. Ní chreideann an Stát ann. Tá na finnéithe tar éis a léiriú gur féidir rudaí a dhéanamh nuair atá an cur chuige ceart ann.
Bhí roinnt de bhaill an choiste sa Bhreatain Bheag le déanaí. Tá fís ann ansin. Nuair a rinneadh an cinneadh, bhíothas sásta pé gníomh is gá a dhéanamh chun cuidiú leis. Is léir ón gcur chuige cé chomh tábhachtach atá an Gaeloideachas do na finnéithe agus gur thuig siad sin ón tús. Luadh an luathoideachas. Is ceann de na teipeanna é sin. Dá mbeadh na finnéithe ag déanamh ranking orthu, cad iad na rudaí is tábhachtaí ar an liosta atá siad tar éis a thabhairt - an Gaeloideachas, leibhéil dhifriúla, tearmann teanga agus comhluadar Gaeilge, agus tacaíocht? An féidir a rá go bhfuil ceann amháin níos tábhachtaí ná ceann eile?
Comment on this
Tá freagra casta air sin. Ní oibríonn aon rud i bhfolús. Gan an Gaeloideachas, ní oibríonn an obair óige. Ní éiríonn le pobal a chruthú gan an obair óige. Tá achan rud de dhíth. Tá réimse oibre le tabhairt faoi ag daoine éigin. Céard iad na tosaíochtaí atá le baint amach ag achan phointe ar amlíne eagraithe? Céard atá de dhíth sa naíscoil agus sa Ghaelscoil? Céard faoi ranganna do dhaoine fásta agus seirbhísí timpeallachta? Tá obair le déanamh air sin ag an Roinn nó ag an Stát. Ní oibríonn aon rud i bhfolús ach is cinnte go bhfuil an Gaeloideachas ina phríomhthiománaí d'achan rud a thagann ina dhiaidh. Gan sin, níl rud ar bith agat.
Comment on this
Le cur leis sin, cosúil le hoideas, tá níos mó ná rud amháin de dhíth. Tá an Gaeloideachas iontach maith ag cruthú glúin de dhaoine óga a bhfuil an Ghaeilge acu. Tá achan rud atá déanta againn tógtha ar an nglúin sin ach tá rudaí eile de dhíth. Tá deiseanna labhartha Gaeilge in obair óige taobh amuigh den scoil. Tá na luathbhlianta agus cúrsaí teaghlaigh iontach tábhachtach. Chomh maith leis sin, tá deiseanna labhartha Gaeilge ag an chomhphobal. Tá deis ag daoine a bheith páirteach sa chomhphobal. Tá deis ag na daoine óga. Ag tagairt do rud a luaigh Joe Ó Dochartaigh, is é an rud is fearr a rinne muid le fada ná go bhfuilimid ag forbairt grúpa daoine óga atá ag glacadh úinéireacht ar an chomhphobal óg Gaeilge sa cheantar atá againn. Is rud iontach é sin atá ag dul ar aghaidh. Is é an rud difriúil inár gceantar nach go bhfuil bunús na bpáistí sa cheantar ag freastal ar an Ghaeloideachas. Tá sé sin níos fusa a dhéanamh i gceantar faoin tuath. Bheadh sé sin iontach doiligh a dhéanamh sa chathair. Tá sé píosa beag níos fusa dúinn. Tá sé níos fusa an coincheap a chruthú ó thaobh an Ghaeilge a chur ar ais i mbéal an phobail. Tá sé giota níos fusa é sin a dhéanamh i gceantar faoin tuath mar go bhfuil bunús na ndaoine anois ag freastal ar an nGaeloideachas agus go bhfuil an Ghaeilge ag bunús na bpáistí.
Creideann muid uilig go dtiocfaidh linn an Ghaeilge a chur ar ais i mbéal an phobail, rud nach gcreideann cuid mhór daoine agus an chuid is mó de na polaiteoirí. Ceapann siad go bhfuil sé dodhéanta an sprioc sin a bhaint amach. Táimid ag taispeáint ar an leibhéal atá againn go dtiocfadh leat an sprioc sin a bhaint amach. Tá sé normálta anois an Ghaeilge a labhairt le daoine sa chomhphobal sa cheantar atá againn. Caithfidh daoine fáil trasna na constaice sin nach dtiocfadh leis an Ghaeilge a bheith curtha amach. Caithfimid a bheith réadúil leis an ráiteas sin. Is é an chéad rud ná go gcaithfidh na polaiteoirí, na Ranna Stáit agus achan duine a aithint go dtiocfadh leis an Ghaeilge a bheith ar ais i mbéal an ghnáthphobail ar fud na tíre. Thiocfadh léi a bheith labhartha go laethúil arís.
Comment on this
Tá a lán ceisteanna eile agam ach ní chuirfidh mé ach ceann amháin. Cad é an buntáiste a d'éirigh as a bheith aitheanta mar líonra ag Foras na Gaeilge? Cad iad na fadhbanna ná constaicí a bhaineann le haitheantas mar líonra?
Comment on this
Maidir le fadhbanna ó thaobh an líonra de, tá an oiread sin i gceist lena bheith aitheanta. Tá oifigeach scéim forbartha líonra againn. Bheadh oifigeach óige agus oifigeach teaghlaigh de dhíth fosta. Tá easpa maoinithe ann. Caithfidh an Stát a aithint go bhfuil na líonraí atá ann cheana féin ag déanamh cuid mhór oibre agus ag déanamh go maith ach níl na hacmhainní cuí tugtha dóibh leis an sprioc cheart a bhaint amach. Caithfear é sin a aithint. Is é sin an príomhrud. Caithfimid a bheith cruthaitheach sa dóigh ina bhfaigheann muid airgead leis na rudaí sin a sholáthar sa cheantar atá againn.
Comment on this
Tá foireann oifige óige againn anois. Tá sé sin maoinithe tríd an Údarás Oideachais ó Thuaidh. Nuair a chuir muid isteach ar an maoiniú, chuir muid síos deich ní gur mhian linn a bhaint amach i leith na Gaeilge. Nuair a chuir muid isteach an plean teanga lena bheith faofa, d'iarr muid méid áirithe airgid. Fuair muid thart faoi 60% den airgead sin. Bhí orainn dul tríd an liosta le hoibriú amach caidé nach rabhamar chun baint amach anois. Tá géarghá ann. Tá muid iontach buíoch as an líonra. Tá sé iontach. Tá obair dhochreidte ag tarlú ar fud na líonraí agus i measc na n-oifigigh phleanála teanga i gCluain Dolcáin agus i mBaile Locha Riach. Tá rudaí maithe móra ag tarlú. D'obair na cúig líonra go maith lena chéile. Tá comhchoiste líonra againn ach tá na níos mó acmhainní de dhíth ag achan duine.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith linn inniu. Is scéal an-deimhneach é seo. Tá cúpla ceist agam. Luadh fostaíocht. Cén chaoi a bhfuil na finnéithe ag éirí ó thaobh fostaíocht áitiúil sa cheantar? Is é sin mo chéad cheist. An bhfuil sé deacair? Cén sórt dúshlán atá i gceist ansin?
Comment on this
Ar bhealach, tá sé níos fusa fostaíocht a chruthú ná daoine a fháil don fhostaíocht sin. Tá sé níos fusa an fhostaíocht féin a chruthú ná fostaithe a fháil le dul isteach ann.
Idir An Carn, An Croí agus an siopa, idir lánaimseartha agus páirtaimseartha, déarfainn go bhfuil 30 duine, b'fhéidir, fostaithe san eagraíocht. Níl sé sin ag tagairt do na naíscoileanna, na naíonraí ná an bhunscoil.
Comment on this
Tá Gaelcholáiste amháin ar an léarscáil atá leagtha amach. Tá an fhadhb chéanna againn. Tá cuid mhaith Gaelscoileanna ag na finnéithe ach níl ach Gaelcholáiste amháin acu. Tá an fhadhb chéanna againn i gceantair anseo. Ó thaobh an aos óige ag an mbunscoil atá ag cuardach oideachais trí mheán na Gaeilge ag an dara leibhéal, an bhfuil siad ag imeacht? An bhfuil an pobal gar le greim a choinneáil orthu? Cén chaoi a bhfuil ag éirí leis an eagraíocht óna thaobh sin? An dtuigeann na finnéithe mo cheist? An bhfuil easpa soláthair ag an dara leibhéal don dream atá ag teacht tríd na Gaelscoileanna chun leanúint leis an oideachas sin?
Comment on this
Ag an mbomaite, téann 50% den daonra sa chontae ar aghaidh chuig an Ghaelcholáiste. Tá scoileanna áirithe ina bhfuil an céatadán sin i bhfad níos airde, b'fhéidir 80%, agus tá scoileanna eile, mar shampla, i gcathair Dhoire, ina bhfuil sé iontach íseal. Níl cultúr ann i nDoire ná i Machaire Fíolta ina dtaistealaíonn daoine go scoil. Is é sin an áit ina bhfuil an fhadhb. Tá an-fhás ag an Ghaeloideachas ag leibhéal na bunscoile déanta sa chontae le deich mbliana anuas. Tá an Gaelcholáiste ag dul go fíormhaith faoi láthair. Thosaigh muid amach in 2015 le 13 agus anois tá beagnach 400 ag freastal air. Aithníonn muid an gá le Gaelcholáiste eile i gcathair Dhoire. Má tharlaíonn sé sin, beidh an céatadán i bhfad níos airde mar beidh Gaelcholáiste in aice leis na scoileanna i gcathair Dhoire. Tá an ceart ag an Teachta. Tá an dara Gaelscoil de dhíth am éigin as seo amach.
Comment on this
Cárb as a dtagann an maoiniú? Cén sórt maoiniú a fhaigheann an eagraíocht faoi láthair? Cén cineál struchtúir atá ann? Cé atá ag cur an maoiniú ar fáil?
Comment on this
Tá beirt den fhoireann, mé féin agus Aoife Ní Chasaide, fostaithe faoi scéim forbartha líonraí Gaeilge Fhoras na Gaeilge. Táim féin fostaithe mar oifigeach pleanála teanga trí Fhoras na Gaeilge. Cuireann an eagraíocht isteach ar fhoinsí maoinithe eile, cosúil leis an Údarás Oideachais nó an Chomhairle Ealaíon ó Thuaidh.
Comment on this
Is é Foras na Gaeilge an príomhsholáthraí.
Comment on this
Go teoiriciúil, fostaíonn Foras na Gaeilge beirt den fhoireann de 30 ach, ó thaobh clár na Gaeilge de, is cinnte gurb é Foras na Gaeilge an príomh-mhaoinitheoir.
Comment on this
Tá ár gcroíchostais clúdaithe. Tá cúpla gnó againn. Tá siopa, caifé agus lóistín féinfhreastail. Tá muileann gaoithe againn chomh maith. Tá na croíchostais clúdaithe ag na gnóthaí sin. Ansin, faighimid airgead ón chrannchur, ó údaráis oidhreachta agus mar sin de. Táimid cruthaitheach go leor agus muid ag iarraidh airgead a fháil. Seolaimid begging letters.
Comment on this
An bhfuil mórán infheistíochta ar fáil ón Rialtas ó Thuaidh?
Comment on this
Faighimid airgead tríd an Chomhairle Ealaíon agus tríd an Roinn Pobail. Faighimid airgead ón chrannchur freisin.
Comment on this
Tá sé sin an-mhaith. Bheadh sé go deas cuairt a thabhairt, má tá seans againn am éigin sa todhchaí, chun an córas a fheiceáil. B'fhéidir go dtabharfaimis cuairt, más féidir.
Comment on this
Cuirfimid ar an liosta é. Tabharfaidh mé an obair ar fad don Teachta Shane Moynihan, mar Chathaoirleach, cé nach thosaíonn a jab go dtí amárach.
Comment on this
Cuidím leis na focail dhearfacha atá ráite cheana ag na Teachtaí eile ar an gcoiste seo faoi obair na bhfinnéithe. Tá sé fíorshuimiúil. Ba cheart don obair atá déanta acu le cúpla glúin anois muid ar fad a spreagadh an Ghaeilge a fheabhsú inár bpobail féin. Tá ceist amháin agam maidir leis na Gaelscoileanna. Thosaigh na finnéithe amach le Gaelscoil in 1992. An raibh aon scoil eile sa cheantar ag an tráth sin?
Comment on this
Tá brón orm. Ba í mo cheist ná an raibh aon scoil ar bith sa cheantar.
Comment on this
Bhí scoil Bhéarla ann. D'eagraigh muid an Ghaelscoil mar scoil neamhspleách ar feadh ocht mbliana. Bhí orainn an t-airgead uilig a thógáil don scoil sin ar feadh seacht nó ocht mbliana. Ansin, cheangal muid isteach leis an scoil áitiúil agus fuair muid aitheantas agus airgead. Bhí bóthar crua ann chun an t-airgead a thógáil ó bhliain go bliain le scoil a bhainistiú agus a sholáthar. Ba é sin an baisteadh is fearr go dtiocfadh leat a fháil. Nuair a fuair muid aitheantas don scoil, bhí grúpa iontach láidir ann ag tógáil airgid agus ag eagrú tionscadal. Ní raibh muid ábalta cur isteach le haghaidh deontas don scoil. Níor thug aon chuid de na húdaráis ná an cáiníocóir airgead faoi choinne na scoile. Bhí sé i bhfad níos fusa airgead a fháil don choiste forbartha. Ba bhreá linn dul amach ag bailiú airgid ag na cluichí. Bhíomar ag croitheadh buicéad ag achan cluiche. Fuair muid £500 thart faoi achan cluiche. Bhí sé iontach. Níor chreid muid cé chomh furasta is a bhí sé cúpla oíche a chaitheamh ag líonadh foirmeacha iarratais, iad a chur ar aghaidh agus ansin £5,000 a fháil, an méid a bhailigh muid thar deich gcluiche. Mar gheall ar an bhaisteadh crua sin, bhí sé i bhfad níos fusa imeachtaí comhphobail a eagrú. Dhírigh muid isteach air sin.
Comment on this
An raibh aon Ghaelscoil sna Sé Chontae roimhe sin?
Comment on this
Bhí ceann i mBéal Feirste agus ceann in Iúr Cinn Trá. Bhí roinnt acu ann.
Comment on this
Ag dul ar ais go dtí cás na bhfinnéithe féin, dúirt Niall Ó Catháin go raibh orthu airgead a bhailiú agus rudaí mar sin. Ní raibh sé sin le haghaidh cúrsaí tógála amháin. Bhí ar an ngrúpa múinteoirí a earcú agus a dtuarastail a íoc.
Comment on this
D'eagraigh muid crannchuir agus sheol muid cuid mhór begging letters. Bhí daoine i Meiriceá ag tabhairt airgead. Ag an tús, bhí orainn £30,000 in aghaidh na bliana a fháil. Faoin seachtú bliain, bhí orainn £90,000 a fháil in aghaidh na bliana. Bhí sé crua.
Comment on this
An bhfuil dhá scoil fós sa cheantar: Gaelscoil agus gnáthscoil?
Comment on this
Cheangail muid isteach leis an scoil. Ní raibh muid chun aitheantas a bhaint amach mar, ag an am sin, bhí 20 de dhíth in aghaidh na bliana le haitheantas a bhaint amach. Ní raibh na tithe ann chun é sin a fháil inár gceantar. Cheangail muid isteach leis an scoil Bhéarla ag an am sin mar shruth. Anois, tá 185 ag an sruth agus tá 68 ag an-----
Comment on this
Bheadh scoil neamhspleách deich n-uaire níos fearr. Nuair nach bhfuil Gaeilge sa bhaile ag na páistí, tá tumoideachas de dhíth.
Níl sé foirfe, ach thug sé deis dúinn a bheith ábalta díriú isteach ar imeachtaí comhphobail, imeachtaí óige, imeachtaí comhshaoil agus an obair chomhphobail uilig a dhéanamh thart air. Cuidíonn sé sin go mór le líofacht na bpáistí. Tá éacht iontach maith bainte amach ag an ngrúpa drámaíochta, a chuireann taibhealaíne dochreidte maith ar fáil chun Gaeilge na bpáistí a fhorbairt. Cuireann Diarmuid de Brún agus Aoife Ní Chasaide an-obair isteach. Sin uirlis den scoth chun líofacht agus cumas Ghaeilge na bpáistí a ardú.
Comment on this
Is rud an-suimiúil chomh maith é an clár ceannasaíochta atá ag Pobal Charn Tóchair. Cé a rinne an cur síos ar an gclár?
Comment on this
Sílim gur oibrigh siad go léir air. Rud a raibh an coiste forbartha ceannródaíoch faoi ná gur fhostaigh sé oifigeach óige in 2010. Bhíomar an t-aon cheantar le hoifigeach óige i nGaeilge. Bhí sin múnlaithe ar obair an choiste féin agus ar mhúnla na hoibre deonaí. Bíonn lá ollmhór againn ar an 12 Iúil. Bíonn imeachtaí móra againn ag an tearmann dúlra. Tá tacaíocht an phobail de dhíth. Tá daoine de dhíth atá ábalta cones a chur amach agus dul suas ar dhréimirí agus é sin ar fad. Bhíomar ag aithint de réir a chéile nach raibh rudaí beaga mar sin ag achan dhuine agus go mbeadh deis laistigh den chlár ceannasach ní hamháin ag forbairt cheannasaíocht chlub an óige ach ceannasaíocht phobail freisin. Caidé mar a dhéanaimid cinnte go bhfuil na daoine a bheidh i mbun an chomhphobail amach anseo ag déanamh athruithe ionas go mbeadh Gaeilge acu? Sin mar atá an rud a rinneamar. Tá sé múnlaithe ar teacht aniar, fhorbairt scileanna ceannasaíochta agus meon iontach dearfach i leith na Gaeilge.
Comment on this
An bhfuil difríocht mheoin idir muintir na Gaeltachta sna Sé Chontae agus muintir na gceantar eile ar an oileán?
Comment on this
Níl a fhios agam. Sílim go dtéann sé sin siar chuig an bpointe a rinne Niall Ó Catháin faoi cheantair tuaithe. Sa cheantar ina bhfuilimid, táimid ann agus tá an Cumann Lúthchleas Gael ann. Níl duine ar bith eile ag comhlíonadh dualgais sibhialta nó comhphobail. Má tá clár ceannasaíochta le cur i bhfeidhm, caithfidh An Carn é a dhéanamh. Má tá páistí ag iarraidh tabhairt faoi thraenáil bhoghdóireachta, déanfaidh siad i nGaeilge é agus téann sé tríd An Carn. I gceantair uirbeacha agus sa Deisceart, toisc go bhfuil na struchtúir eagraíochta sin ann cheana féin, caithfidh pobal na Gaeilge brú a chur ar na heagraíochtaí sin agus briseadh isteach ar na struchtúir. Tá sé níos fusa againn rud éigin as an úr a bhunú agus é sin a dhéanamh ón talamh.
Comment on this
Cé chomh tábhachtach is atá an clár ceannasaíochta sin? Dar leis an méid atá léite agam, tá ról thar a bheith tábhachtach aige sin sa cheantar, mar ábhar teanga agus mar ábhar pobail.
Comment on this
Bhí mé ag plé leis an óige agus leis an gclár ceannasaíochta. Bhí siompóisiam ann thíos ar na mallaibh. Bhí fear ann as Albain agus bhí sé ag labhairt ar na céimeanna seo agus na Gaeilgeoirí óga a bhogadh ó chéim amháin go dtí céim eile go dtí go bhfuil siad ceangailte leis an nGaeilge. Bhí mise ag amharc ar an ndóigh ar leag sé amach é ná na céimeanna seo agus ag smaoineamh go bhfuil seo againn cheana féin - is é seo an rud atáimid ag déanamh. Is é an clár ceannasaíochta ceann de na rudaí príomha sin. Mar a dúirt Joe Ó Dochartaigh, caithfear daoine a cheangal le rá go bhfuil siad de dhíth anseo agus de dhíth óna bpobail. Tá sin ag cuidiú go mór agus bhí sé ag cuidiú go mór. Is é sin an fáth a bhfuil an Coiste Craiceáilte anois ann mar gur tháinig na daoine óga sin tríd na céimeanna sin agus tá siad gníomhach agus ag iarraidh a bheith páirteach i saol na Gaeilge. Tá sé ríthábhachtach.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht a bheith linn ar maidin. Tá ceist amháin agam. Is ceist structúrtha agus maoinithe atá i gceist. Rud a sheas amach dom sna ráitis tosaigh ná gurb ionann agus go bhfuil gaol thar a bheith láidir idir an phleanáil teanga agus an phleanáil phobail. Táim ag iarraidh meas na bhfinnéithe a fháil ar cén chuma a bhíonn ar sin go réalaíoch. Cad é an struchtúrú a dhéantar é sin a chur i bhfeidhm? Conas a dhéantar an dá rud a thabhairt le chéile? Cén sórt próisis a chuirtear ar fáil ansin? Tá pleanáil teanga ar siúl i nGaeltachtaí agus i limistéir phleanála teanga ar fud na tíre, ach bhí mé an-tógtha leis an mbealach inar cheap na finnéithe gur cóir an phleanáil teanga agus an phleanáil phobail a chur in aice lena chéile.
Baineann an dara ceist atá agam le maoiniú. An é Foras na Gaeilge a thugann maoiniú? An bhfuil aon tacaíocht á fáil ó Ranna nó áisíneachtaí eile ar an oileán le tacú leis an obair atá idir lámha ag na finnéithe?
Comment on this
Tá daoine áirithe, cosúil le Niall Ó Catháin, an Dr. Ó Mianáin agus Diarmuid de Brún, atá ón ghlúin a tháinig tríd. Mar chodarsnacht, ag dul siar ar an rud faoin Gaeloideachas, nuair a chuaigh mise isteach i rang a haon in 1994, bhí mise i m'aonar. Bhí mise an t-aon duine i rang a haon. I mí Mheán Fómhair na bliana seo, beidh 30 dalta ag dul isteach i rang a haon. Tá an tsochaí ag athrú. Tá múnla agus straitéis córasach iontach láidir ag teacht ón gcoiste i rith an ama. Luaigh mé go bhfuilimid múnlaithe ar na comharchumainn. Ón gcoiste aníos, tá béim iomlán ar an teanga, ach tá na fréamhacha eile amuigh ansin sna hearnálacha eile: na healaíona, an timpeallacht agus forbairt phobail. Nuair atá sin ag tarlú, baineann sin an brú ó Roinn na Gaeilge a bheith ag amharc ar na rudaí sin. Oibríonn an dá rud. Níl fhios agam an míniú maith é sin ar an rud, ach tagann sé ón mbarr aníos.
Comment on this
Míneoidh mé cén uair a thosaíonn pleanáil phobail agus pleanáil teanga. D'aithin muid cúpla bliain ó shin gurb iad na luathbhlianta - teaghlaigh nua ag tosú amach ag tógáil clainne - an pointe iontrála le haghaidh chuid mhór teaghlaigh. Má táimid ábalta greim a fháil orthu ag an bpointe sin agus iad a tharraingt isteach chuig an gcomhphobal, is rud iontach tábhachtach é sin. Má tá siad ann ansin, tá siad againn. Seans nach mbeidh an-suim acu sa Ghaeilge a fhoghlaim agus a bheith líofa sa Ghaeilge, ach caithfear a bheith ábalta tacaíocht a fháil uathu. Má chuireann siad páistí tríd an gcóras Gaeloideachais, agus má théimid i bhfeidhm orthu le déanamh cinnte go gcuireann siad na páistí chuig na himeachtaí óige atá ag tarlú, is é sin an cineál túsphointe. Aithnímid an tábhacht a bhaineann le greim a fháil ar na daoine sin agus iad a tharraingt isteach chuig an gcomhphobal agus a bheith mar chuid den chomhphobal, fiú muna bhfuil an Ghaeilge acu. Mar níl an Ghaeilge ag bunús na ndaoine fásta sa cheantar. Ag bunús na ndaoine óga, áfach, tá an Ghaeilge acu. Tá an comhphobal ag aistriú. Sílim gurb é sin an pointe. Má tá siad againn ag an bpointe sin, táimid ábalta iad a choinneáil.
Comment on this
Tá sampla iontach teicniúil agam. Bíonn trí mhórimeacht againn le linn na bliana. Is iad sin Feis Charn Tóchair, a bhailíonn suas lé 1,000 iontráil; Féile Charn Tóchair, a mhaireann coicís nó mar sin le go leor imeachtaí; agus Féile na Samhna. Is mórimeachtaí iad agus ní féidir rud mar sin a reáchtáil gan an tacaíocht ón mórphobal féin. Mar a luadh cheana féin, má mhothaíonn daoine go bhfuil ról acu, is mó seans go mbeidh siad níos báúla don iarracht leis an nGaeilge a thabhairt ar ais. Tá ról acu uilig ansin.
Comment on this
Go dtí seo, níor chuala mé trácht ar Charn Tóchair ar chor ar bith. Is deas cloisteáil faoin méid atá á dhéanamh ann agus an méid oibre atá idir lámha ann go dtí seo. Cuireann sé mearbhall orm go bhfuil an méid sin bainte amach ag muintir na háite. Tá cúpla ceist agam. Bhí an Teachta Ó Muirí ag labhairt faoi mhaoiniú. Níl mé róshoiléir faoin pharaidím maoinithe atá acu. Idir na naíonraí agus na réamhscoileanna, na bunscoileanna agus an coláiste, cé mhéid múinteoir atá ag Carn Tóchair?
Comment on this
Ag leibhéal na réamhscoile, idir oibrithe páirtaimseartha agus lánaimseartha, tá 28 fostaithe idir dhá sholáthróir.
Tá soláthróir amháin istigh sa bhaile mór agus soláthróir amháin amuigh sa gceantar s'againne. Sa scoil féin, tá seachtar múinteoirí agus b'fhéidir deichniúr cúntóirí ranga.
Comment on this
Cé a íocann as an tuarastal a fhaigheann na múinteoirí sin?
Comment on this
Íocann an Roinn Oideachais agus Óige as.
Comment on this
Íocann an Roinn Oideachais agus Óige as ina iomláine.
Comment on this
Íocann. Ar feadh seacht mbliana ag an tús, toisc nach raibh an scoil aitheanta, ní bhfuaireamar maoiniú. Tá breis agus 30 múinteoir anois ag obair sa Ghaelcholáiste.
Comment on this
I láthair na huaire tá Carn Tóchair ceart go leor faoin tuarastal. Tagann sé ina iomláine ón Rialtas.
Comment on this
Nuair a bhriseann rudaí síos nó nuair a bhíonn deisiúcháin de dhíth i rith an tsamhraidh, cá háit as a dtagann an t-airgead sin? An dtagann sé sin ón Rialtas freisin?
Comment on this
Nuair atá deisiúchán nó nuair a bhriseann rudaí síos.
Comment on this
Sa chóras oideachais, seachas na luathblianta, naíscoileanna agus naíonraí, tagann sé sin ón gcoiste. Caithfidh siad an t-airgead sin a thógáil.
Comment on this
Cathain a tháinig an t-aitheantas isteach don scoil?
Comment on this
Thart faoin mbliain 2000 - mí Eanáir 2001, ach thosaigh muid amach mí Mheán Fómhair 1993. Thosaigh muid an naíscoil bliain roimhe sin.
Comment on this
Bhí orainn an t-airgead uilig a thógáil muid féin ag an am sin chun áit a thógáil agus le híoc as tuarastal na múinteoirí agus gach aon rud.
Comment on this
An bhfaigheann Carn Tóchair aon airgead ó Údarás na Gaeltachta?
Comment on this
Chan ón údarás. Faighimid airgead ó Fhoras na Gaeilge go príomha. Sin an áit go príomha a bhfaigheann muid airgead.
Comment on this
Inis domsa an cheist dheacair anois. Gan dabht tá muintir na n-aontachtaithe sa dúiche chéanna leis an muintir náisiúnach. An bhfuil ciorcal na n-aontachtóirí in aon slí infheistithe sa scoil Ghaelach?
Comment on this
Tagann roinnt daoine ó theaghlaigh a bhfuil tuismitheoir amháin acu ar an taobh náisiúnta agus tuismitheoir eile ar an taobh aontachtach. Is ó theaghlaigh mheasctha iad an corrdhuine. Sa cheantar s'againn, tá breis agus 95% ina náisiúnaigh.
Comment on this
Tá daoine ó chúlra aontachtach ag freastal ar na ranganna Gaeilge d'fhoghlaimeoirí fásta. Tá sin ag tosú. Níor chuir duine ar bith ceist orthu. Tháinig siad chugam leis sin a rá. Tuigeann siad uilig. Cibé eagla a bheadh orthu nó go mbeadh siad neirbhíseach ar dhóigh éigin, tuigeann siad i ndiaidh an chéad ranga go bhfuil fáilte mhór rompu sa cheantar, agus, más mian leo, go bhfuil páirt le himirt acu sa togra seo fosta.
Comment on this
Tá i bhfad níos mó suime ag teacht ón taobh sin den chomhphobal le roinnt blianta anuas.
Comment on this
Tá tionscadal rathúil againn faoi láthair idir muid féin, Cairde Dhroim nDamh, Líonra Leitir Ceanainn agus Cairde Turas in oirthear Bhéal Feirste. Tá airgead againn tríd PEACEPLUS agus táimid ag eagrú comhimeachtaí lena chéile ag plé oidhreacht teanga, fealsúnacht teanga agus é sin ar fad. Tá luach ar leith leis sin.
Comment on this
Cá fhad atá na finnéithe ó Leitir Ceanainn?
Comment on this
Táimid thart ar uair agus 20 bomaite ó Leitir Ceanainn.
Comment on this
Ar an bpríomhbhóthar idir Doire agus Béal Feirste, táimid thart fá 30 míle amach as cathair Dhoire.
Comment on this
Is deacair domsa conceptualise cá bhfuil Carn Tóchair.
Comment on this
Tá ceist amháin nó dhó agam. Cé chomh láidir is a bhí an stair ó thaobh na Gaeilge nuair a thosaigh na finnéithe amach in 1992?
Comment on this
Bhí craobh láidir ag Conradh na Gaeilge sa cheantar s'againn ag dul siar 100 bliain. Tá an-oidhreacht bainteach leis sin. Tá cúpla sciar craobhacha móra ar bhain an chraobh áitiúil sa bhliain 1905. Bhronn Ruairí Mac Easmainn an dá cheann acu ar an gcoiste. Tá an stair sin ann. Bhí i gcónaí ranganna Gaeilge ar siúl sa cheantar le linn an fichiú haois ar fad. Nuair a thosaigh muid ag smaoineamh faoi choiste forbartha a bhunú, ba é sin ceann de na rudaí a bhíomar ag iarraidh a bhaint amach. Bhíomar ag iarraidh coiste comhphobal a bhunú mar bhí bánú na tuaithe i gceist agus bhí an daonra ag titim. Ceann de na rudaí a bhíomar ag iarraidh a dhéanamh ná an Ghaeilge a chur ar ais i mbéal an phobail. Bhí an oidhreacht sin ann agus chuidigh sé sin go mór. Tá líon mór páirceanna ainmnithe go fóill i nGaeilge agus leasainmneacha sa cheantar. Fiú cluineann tú an Ghaeilge sa Bhéarla sa cheantar sna fuaimeanna agus tá go leor Gaeilge fite fuaite tríd an Bhéarla sin.
Comment on this
Bhí cúpla teanga ag an am chomh maith a raibh an Ghaeilge mar ghnáth-theanga acu.
Comment on this
Ní déarfainn. D'fhéadfaí cuntas a dhéanamh ar líon na nGaeilgeoirí líofa sa cheantar ar aon lámh amháin ag an am sin. Bhí an tsuim agus an oidhreacht ann. Chuaigh muid go Bóthar Seoighe le hamharc ar an stuif a bhí ar siúl acu. Chuaigh muid chuig an scoil. Taobh istigh de deich mbomaite i ndiaidh an áit a bhaint amach, bhí a fhios againn go rabhamar ag iarraidh Gaeloideachas a bhunú mar bhí na páistí chomh líofa sin agus iad chomh hóg sin agus gur sin an dóigh is fearr leis an nGaeilge a chur ar ais i mbéal an phobail ón mbun aníos.
Comment on this
Tá ceist ghinearálta agam maidir le cúrsaí teanga sna Sé Chontae. Luaigh an Teachta Ó Muirí é seo cúpla nóiméad ó shin. Nuair a thosaigh muid amach anseo mar chomhchoiste thart ar 18 mí nó bliain go leith ó shin, bhí coimhlint nó easaontas ann sa Rialtas ó Thuaidh maidir le maoiniú don Ghaeilge. An bhfuil sé sin socraithe acu anois?
Comment on this
Chan go bhfios dom. Tá cineál foirmle ann go gcaithfidh an méid airgid a chuirtear isteach ó Dheas a bheith ag teacht leis an méid a chuirtear isteach ó Thuaidh. Chan go bhfios dom.
Comment on this
Tá píosa breise le rá agam air sin. Tá go leor ag brath ar an Aire atá i gceannas ar rannóga ar leith ag an am agus má tá siad sásta airgead a chur inár dtreo. An bhfuil an tAire comhphobail sásta airgead a chur inár dtreo? Tá an rud céanna i gceist leis an Aire oideachais. Tá cumhacht ag na hAirí go fóill le bac nó forbairt de réir pholasaí.
Comment on this
Táimid ag brath ar na hAirí. Sin constaic-----
Comment on this
Go dtí go mbeidh straitéis cheart teanga ó Thuaidh agus polasaithe, sin an tslí.
Comment on this
Sin an fáth ar chuir mé an cheist, le tuiscint a fháil ar an meon go ginearálta ó thaobh na teanga de sa Tuaisceart agus ó thaobh an Státchórais. An méid atá Niall Ó Catháin agus Joe Ó Dochartaigh á rá i ndáiríre ná go mbraitheann sé ar an Aire. B'fhéidir go mbeadh Aire amháin fabharach don Ghaeilge agus sásta infheistíocht a chur ar fáil agus go mbeadh Aire eile nach mbeadh i bhfabhar agus casann siad as an soláthar.
Is é sin an méid atá na finnéithe ag rá. Tá siad ag rá go dteastaíonn plean teanga fadtéarmaí a bheadh maoinithe rialtas i ndiaidh rialtais. Is é sin an bealach chun dul chun cinn a dhéanamh.
Tá ceist amháin eile agam maidir leis na múinteoirí a bhíonn ag múineadh. Tá naíscoil, Gaelscoil agus Gaelcholáiste sa cheantar. Cad as a dtagann na múinteoirí? An bhfuil an soláthar múinteoirí ag teacht ó chuile chearn den tír? An bhfuil aon rud feicthe ag na finnéithe maidir leis na cineálacha daoine a mbíonn an tsuim acu múineadh sa cheantar? An bhfuil aon fhianaise feicthe ag na finnéithe ó thaobh na múinteoirí de, nó an cheist ghinearálta í agus faightear múinteoirí ó gach áit?
Comment on this
Tá muid ar an phríomhbhóthar idir Dhoire agus Bhéal Feirste. Tá muid thart faoi uair a chloig ó Bhéal Feirste agus leath uair a chloig nó trí ceathrú uair a chloig ó chathair Dhoire. Tá muid iontach lárnach. Tagann na múinteoirí ó Bhéal Feirste, Tír Chonaill, Gaoth Dobhair agus áiteanna níos faide i gcéin, cosúil le hArd Mhacha, Contae Aontroma agus cibé áit. Tagann tromlach na múinteoirí ón Tuaisceart. Níl mórán múinteoirí ag teacht ón Deisceart toisc go mbíonn na coinníollacha i bhfad níos fearr ó Dheas. Ní fhaigheann muid ach an corrdhuine ón Deisceart, duine nó beirt ar a mhéad.
Comment on this
Go ginearálta, faightear na múinteoirí go háitiúil sa Tuaisceart, ó tharla an áit a bhfuil an ceantar lonnaithe.
Comment on this
Ar na mallaibh, bhí Coláiste Feirste - an Gaelcholáiste eile atá lonnaithe i mBéal Feirste - linn chun imeachtaí allamuigh a dhéanamh. Tá muid ag iarraidh tógáil ar na háiseanna atá againn ag an tearmann dúlra. Glacann muid le grúpaí Gaeilge atá ag iarraidh imeachtaí allamuigh a dhéanamh. Fríd an chlár ceannasaíochta agus araile, tá muid ag iarraidh cur leis sin mar tchíonn muid go bhfuil éileamh ansin. Tá grúpaí óige ann. Is dócha gurb é rud é seo atá ag teacht ónár ngrúpa féin. Tá muid ag iarraidh teacht ar-----
Comment on this
B’fhéidir gur fearr míniú a thabhairt don choiste cad atá i gceist leis an tearmann dúlra. Chonaic roinnt comhaltaí é, ach b’fhéidir nach dtuigeann gach comhalta é.
Comment on this
Is meascán de sheanchoill agus coill nua-churtha é an tearmann dúlra. Tá cosáin ann. Is leis an chomhphobal agus leis an choiste é. Tá cuid mhór féidearthachtaí chun é a fhorbairt. Tchíonn muid go bhfuil éileamh ann do ghrúpaí óige fud fad na tíre. Tá siad ag iarraidh imeachtaí trí mheán na Gaeilge.
Nuair a bhí an Teachta ag lua múinteoirí, bhí mé ag iarraidh a rá go raibh cuid mhór múinteoirí ó Choláiste Feirste linn. Tá an chuid is mó acu iontach óg. Toisc go bhfuil siad lonnaithe i gcathair agus go ndearna siad staidéar i gColáiste Mhuire i mBéal Feirste, tá siad sásta a bheith lonnaithe ar shiúl ón bhaile. Tá an Gaelscoil píosa beag difriúil, áfach, toisc nach bhfuil sí lonnaithe i gcathair.
Comment on this
Tá muid ag iarraidh lárionad eachtraí lasmuigh a fhorbairt ar an tearmann. Tá muid iontach lárnach ach tá easpa maoinithe le tús a chur leis sin. Is é sin an rud atá muid ag iarraidh déanamh as seo amach. Tá muid ag iarraidh áit atá cosúil leis an ionad atá ag Cumann na bhFiann i nDroim Rí a fhorbairt as seo amach.
Comment on this
Níl áit ar bith ó Thuaidh a dtig le Gaelscoileanna nó clubanna óige Gaeilge páistí a thabhairt chuici le turas ceart taobh amuigh a dhéanamh. Is gné iontach tábhachtach den obair óige é sin. Tá muid ag amharc ar a leithéad sin a fhorbairt, ach tá acmhainní de dhíth.
Comment on this
Is fiú a rá fosta nach bhfuil ach dhá Gaelcholáiste ó Thuaidh, ceann amháin i mBéal Feirste agus ceann amháin i gContae Dhoire i nDún Géibhinn. Tá sruthanna i scoileanna Béarla ach ní sholáthraíonn siad réimse ábhar i nGaeilge ach go dtí an tríú bhliain ar an mheánscoil.
Comment on this
Tá mé ag iarraidh focal a rá maidir leis an rud seo faoin mhúnla maoinithe. Lena cheart a thabhairt don naíolann, is í a bhí ann ag an tús. Nuair a cuireadh tús léi, ní raibh ach beirt nó triúr. Ba í an chéad naíscoil Ghaeilge in aon áit in Éirinn faoin tuath a bunaíodh san am. Is cinnte nach bhfeadfaí leath an mhéid atá bainte amach a bhaint amach gan oifigigh lánaimseartha Gaeilge. Caithfidh mé a admháil go n-oibrím le Foras na Gaeilge, ní go díreach leis an phleanáil teanga mar is Breandán Mac Craith a dhéanann é sin. Tá mé ar an choiste, áfach. Gan acmhainn lánaimseartha, ní féidir le coiste deonach an obair atá le déanamh a dhéanamh. De réir mar a mhéadaíonn an clár, bíonn gá le níos mó acmhainní.
Tá sé contúirteach breathnú air seo díreach mar mhaoiniú. Mar shampla, má tá 30 duine fostaithe sa Charn idir na gnóthaí difriúla agus an Ghaeilge i lár gach rud, is infheistíocht í sin don fhostaíocht, ní go díreach don Ghaeilge. Tá poist cruthaithe do dhaoine sa cheantar. San áit a raibh páirc ghlas 30 bliain ó shín, tá 30 duine ag obair inti anois. Tá sé mar a gcéanna nuair a chuirtear infheistíocht isteach sa Ghaeloideachas. Tá na páistí sin le teagasc áit éigin, bíodh sé i scoil Bhéarla nó scoil Ghaeilge. Is aththreorú seachas maoiniú breise atá i gceist nuair a bunaítear soláthar Gaeloideachais.
I dtaca leis an cheist faoi cad é atá indéanta nó cad atá inaistrithe i gcomhthéacs an mhúnla, bhí an dúshlán ba mhó ag an tús. Ní raibh mé ann ag an am sin. Ba rud thar a bheith réabhlóideach é. Bhí sé chomh réabhlóideach is a rá go mbeifí ag teagasc páistí i nGearmáinis nó teanga eile. Ní raibh an teanga ag daoine. Is gá muinín an phobail a fháil sa Ghaeilge tríd an Ghaeloideachas agus trí chaighdeán an Ghaeloideachais. Ina dhiaidh sin, is féidir pobal a thógáil thart air.
Aon áit a bhfuil soláthar Gaeloideachais bunaithe, ar léir a bhfuil muinín an phobail aige, tá sí deich nó 15 bliain chun tosaigh ar an áit ar thosaigh Carn Tóchair in 1992, go háirithe i gcomhthéacs an Deiscirt. Nuair a chuireann muid an chomhthéacs polaitiúil ó Thuaidh, leis an easpa maoinithe don soláthar, na dúshláin agus gach rud, san áireamh, is í an teachtaireacht atá agam ná go bhfuil sé seo indéanta. Is gá an maoiniú a fhrámú sa bhealach seo a leanas - beidh airgead le caitheamh air seo ar aon nós, cad cúige nach gcaitheann muid é ar shruth Gaeilge? Má tá airgead le caitheamh ar oideachas, daltaí agus rudaí mar sin, is fiú a aithint go gcruthaíonn na rudaí seo fostaíocht agus eacnamaíocht áitiúil. Coinníonn siad daoine ina gcónaí sa cheantar, agus tá dúshlán mór fud fad na tíre maidir le ceantair tuaithe atá á mbánú. Tá daoine ag bogadh chuig na cathracha. Mar sin, is múnla atá ann ina bhfuil an ceantar iomlán, ní hamháin an Ghaeilge, ag cruthú. Is é sin an áit a bhfeiceann an pobal, nach bhfuil Gaeilge acu in amanna, go bhfuil luach leis seo. Tá muid ar fad ag cruthú agus faightear tacaíocht ansin ón phobal áitiúil a thugann faill don tionscadal Gaeilge le bheith ag bláthú agus ag forbairt.
Comment on this
Rud eile is fiú a rá ná, ag an tús, fuair muid go leor airgid fríd na cistí Eorpacha. Thóg muid an foirgneamh s’againn, go bunúsach, le hairgead Eorpach. Ar na mallaibh, suím chomh maith ar bhord chiste infheistíochta Gaeilge atá iontach tábhachtach do ghrúpaí mar tá easpa pointí maoinithe caipitil. Is é an rud atá an ciste ag iarraidh déanamh sna Sé Chontae ó Thuaidh ná lárionaid chomhphobal a thógáil sna ceantair a bhfuil Gaelscoileanna lonnaithe iontu sa dóigh is go mbeidh áiteanna inar bhféadfaidh chomhphobal a fhorbairt le daoine óga, ranganna Gaeilge, imeachtaí teaghlaigh agus achan rud. Tá muid ag iarraidh an múnla céanna, fríd an chiste infheistíochta sna Sé Chontae, is atá ag Carn Tóchair a fhorbairt. Tá sé sin ag dul go fíormhaith. Taobh leis sin, áfach, caithfidh airgead teacht isteach le daoine a fhostú agus clár imeachtaí a eagrú ag na lárionaid sin. Tá sé ag dul go maith ach, ag an bhomaite, toisc nach bhfuil an oiread sin airgid ag teacht ó Roinn an chomhphobal ná Foras na Gaeilge, caithfear a bheith iontach cruthaitheach. Táthar iontach teoranta maidir leis an méid is féidir déanamh mar níl an oiread sin airgid faoi láthair. Tá an creatlach agus an gréasán ann, áfach, agus tá siad siúd ag forbairt de réir a chéile.
Comment on this
Tá ceist nó dhó agam, muna bhfuil aon rud ag aon duine eile.
Agus na finnéithe ag caint ar mhaoiniú, ar chuir siad isteach nó ar lorg siad airgead riamh ón gciste oileán roinnte ar aon cheann de na tograí atá acu?
Comment on this
Chuir muid. D’iarramar sin ar son ghrúpa i nGort an Choirce agus fuair muid airgead fá choinne foirgneamh a bhí againn agus solar panels agus air source heat pump a chur ann agus insliú a dhéanamh ar na ballaí. Chruthaigh muid páirtnéireacht le Cill Ulta.
Comment on this
Is é ceann de na bealaí timpeall ar an sáinn atá Foras na Gaeilge ann ná teacht ar fhoinsí eile atá in ainm agus a bheith ag déanamh an rud céanna, ach go háirithe nuair atá sibh ag léiriú gur féidir an Ghaeilge a ath-thógaint i gceantair tuaithe. Is féidir an rud céanna a dhéanamh i gceantair uirbeacha ach don chuid is mó, bímid dírithe ar an scoil nó Ghaelcholáiste a bhunú seachas na féithe eile atá luaite ag na finnéithe.
Ceann de na príomhbhealaí a bhí aithne ag daoine ar an gCarn ná Sleacht Néill agus an gaol atá idir an Ghaeilge agus an chumainn cháiliúil peile, iomáint agus whatever else atá sa cheantar. Cad é an daonra sa Charn féin faoi láthair?
Comment on this
Tá idir 350 agus 400 teach ann. Tá níos lú ná cúpla míle duine ann.
Comment on this
Táim féin mar chóitsealaí sa chlub, tá trí ghradam Croí na hÉireann ag Aoife Ní Chasaide, agus tá Joe Ó Dochartaigh ag imirt. Tá na daoine céanna agus an-obair ar siúl acu sa chlub le blianta. Tá fhios ag duine ar bith a leanann an chlub ar na meáin shóisialta, mar shampla, go bhfuil sé go hiomlán dhátheangach. Táimid ag obair i dtreo an bonn óir tá súil againn. Is iad na teaghlaigh céanna atá páirteach.
Ceann de na rudaí a léiríonn an normalú atá tagtha ar an teanga sa cheantar le 30 bliain ná go gcloistear Gaeilge go minic. Labhraíonn na daoine atá Gaeilge acu an Ghaeilge. Má tá mise ag scairt ar dhuine éigin ar an bpáirc a bhfuil Gaeilge acu, labhraím i nGaeilge. Bíonn na himreoirí a bhfuil Gaeilge acu ag labhairt i nGaeilge. Is céim thábhachtach i dtaca leis an gcineál tionscadal teanga a bhí i gceist go ndéanfar an teanga a normalú agus go bhfuil daoine óga agus daoine níos sine muiníneach agus compórdach ag labhairt na Gaeilge i suíomh a bhí cineál éiginnte go dtí sin. Mar sin, tá an-teagmháil idir an chlub agus an Carn. Mar a bhí Joe Ó Dochartaigh á rá, roinneamar sa dá eagraíocht sa cheantar na cúraimí sibhialta sin eadrainn le tacú le deiseanna caitheamh aimsire agus rudaí mar sin. Táimid ag obair as lámh lena chéile agus tá feiceálacht agus stádas an-ard ar gach rud dhátheangach timpeall an chlub. Mar chlub, táimid iontach bródúil as an iarracht agus stádas ó thaobh na Gaeilge de a fheiceann gach duine a thagann go dtí an chlub, gach foireann agus club, agus bíonn go leor clubanna ar fud na tíre i dteagmháil linn maidir le polasaithe sa chlub seachas sa Charn féin. Mar sin, ar scáth a chéile a mhaireann an dá ghrúpa, cinnte.
Comment on this
Déanaimid dearmad ar an ról a bhféadfadh a bheith ag an Cumann Lúthchleas Gael ó thaobh na Gaeilge de agus an ról atá aige in a lán cásanna. Tá a lán de na heagrais bunaithe timpeall na clubanna. Cuidíonn sé le scoil beag. Bhí deichniúr sa scoil ina raibh mise, Scoil Lorcáin, bainteach le dhá chlub, Cill Mochuda na Crócaigh agus Cuala, atá tar éis fás mór a dhéanamh. Bhí an Ghaeilge ann ó thús toisc go raibh deichniúr as 20 ar an bhfoireann agus bhíomar ag labhairt Gaeilge. Cuidíonn sí leis an gclub an comhphobal sin a chothú. Tá sé sin tábhachtach.
An fáth atáim ag cur an cheist ná measaim gur féidir linn níos mó a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge a chur chun cinn in eagrais eile. Gabhaim mo bhuíochas leis na finnéithe. Tá éacht á dhéanamh acu agus déanta acu cheana féin. Nuair a bhímid thar lear anois is arís, ag labhairt le daoine a bhíonn ag cur ceist conas mar atá ag éirí linn, is féidir linn a rá gur sampla é seo. Bhíomar ag labhairt le dream ón mBreatain Bheag agus tá an-bhrú i dtuaisceart an Bhreatain Bheag ar an mBreatnais. Tá ag éirí go maith leis i gceantair uirbeacha. Bhíomar á rá gur féidir seo a dhéanamh agus gur sampla é Pobal Charn Tóchar de sin agus le dul i dteagmháil leis na finnéithe mar bhíonn siad flaithiúil lena gcuid ama agus comhairle i gcónaí. Má tá na finnéithe ag iarraidh focal eile a roinnt linn sula dhúnaim an tseisiún seo, is féidir leo dul ar aghaidh.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis na baill as an deis cur i láthair a dhéanamh os a gcomhair inniu. Tá míle fáilte rompu teacht chuig an gceantar pé am ar mhaith leo. Bheadh fáilte rompu.
Comment on this
Níl mé ag iarraidh stró a chur ar aon duine. Tá súil agam freastal ann mé féin. Chímid na finnéithe arís. Mar a dúirt mé, bíonn siad flaithiúil lena gcuid ama agus comhairle. Mura bhfuil aon cheist eile ag aon duine cuirifimid críoch leis an gcruinniú seo go dtí 11 a.m. ar an 23 Meitheamh, nuair a phléfar na hábhair seo a leanas: 20% d'earcaithe sa tseirbhís phoiblí a bheith ina fostaithe dhátheangacha ó 2030 agus na cúrsaí a bheidh gá a sholáthair chun oiliúint dhátheangach a chur ar fáil dóibh. Beidh sé sin le finnéithe ón bhForas Riaracháin. Ar 12.15 p.m. beidh sonraíochtaí nua ardteist na Gaeilge agus an bhfráma tagartha comónta Eorpach idir láimhe againn. Beimid ag caint le Conradh na Gaeilge, Gréasán na Múinteoirí Gaeilge, agus Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Ar 1.30 p.m., beidh múineadh na Gaeilge sa mheánscoil á phlé le finnéithe ó Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann.