An Ghaeilge san Ardteistiméireacht agus an Fráma Tagartha Comónta Eorpach: Plé
Pléadh ailíniú na Gaeilge san Ardteist leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach agus cáineadh an mhíréire idir an curaclam, an measúnú agus an méid a theastaíonn ó dhaltaí chun an teanga a úsáid go fírinneach. D’iarr Aoife Ní Ghloinn, Julian de Spáinn agus Shane Ó Coinn go mbeadh ailíniú cuimsitheach ón tús, le scrúdú béil ceart, samplaí measúnaithe, tacaíocht do mhúinteoirí agus amlíne níos soiléire. Mhol siad freisin go mbunófaí polasaí iomlán don Ghaeilge ón luath-óige go dtí an tríú leibhéal. Ghlac an coiste le moladh chun scríobh chuig an Aire agus chuig an Roinn faoi pholasaí den sórt sin, agus tugadh cuireadh do shaineolaithe breise teacht os comhair an choiste.
Cuirim fáilte roimh na finnéithe chuig an gcruinniú. Is mór agam é a bheith i mo Chathaoirleach don chéad uair ar an gcruinniú seo. Ar an gcéad dul síos, molaim an Teachta Naoise Ó Cearúil, a bhí mar Chathaoirleach sealadach ar an gcoiste seo agus an-jab déanta aige, agus iarChathaoirleach an choiste, Catherine Connolly, a toghadh mar Uachtarán. Is léiriú é sin ar an ardú céime atá i gceist amach anseo d'aon duine a shuíonn sa chathair sa choiste seo. Tá mé ag súil go mór leis sin. Tá mé ag súil le hobair le chomhghleacaithe ó gach aon pháirtí agus muid ag obair le chéile chun cás na Gaeilge a chur chun cinn. Tá mé ag súil leis an obair tras-pháirtí sin a fheiceáil amach anseo.
Tá leithscéalta faighte againn ón Seanadóir Nicole Ryan. Mar eolas do chomhaltaí, tá trí sheisiún againn inniu agus tá sé molta agam go dtógfar mar seo a leanas iad. Baineann seisiún a haon leis na sonraíochta nua curaclaim do Ghaeilge na hardteistiméireachta agus an fráma tagartha comónta Eorpach, FTCE. Pléifear é seo le finnéithe ó Ollscoil Mhá Nuad, Conradh na Gaeilge agus an Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge. Déanfaidh an dara seisiún déileáil leis an sprioc 20% d'earcaithe sa tseirbhís phoiblí a bheith ina fostaithe dátheangacha ó 2030, agus na cúrsaí a bheidh gá leo a sholáthar chun oiliúint dhátheangach a chur ar fáil dóibh siúd, le finnéithe ón bhForas Riaracháin. Déanfaidh an tríú seisiún déileáil le múineadh na Gaeilge ag an iarbhunleibhéal, le finnéithe ó Aontas Daltaí IarBhunscoile na hÉireann. An aontaítear leis sin? Aontaítear.
Déanfaimid ár mbreithniú anois ar an gcéad ábhar inniu: na sonraíochtaí nua ardteiste Gaeilge agus an fráma tagartha comónta Eorpach. Cuirim fáilte roimh Aoife Ní Ghloinn, stiúrthóir ar Lárionad na Gaeilge: Taighde, Teagasc agus Tástáil in Ollscoil Mhá Nuad; Julian de Spáinn, ard-rúnaí, Conradh na Gaeilge; agus Shane Ó Coinn, cathaoirleach, an Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge.
Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 3 taobh istigh do phurlán Thithe an Oireachtais. Sula leanaimid ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe uilig. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste, nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe phoiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiscint ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin, agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint.
Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir leis na finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu, agus má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.
Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí go bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá ar bhféadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, más rud é go bhféadfadh a ráiteas bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéilleann siad leis an ordú sin. An nglactar leis na treoracha sin? Glactar leo. Iarraim ar Aoife Ní Ghloinn anois a ráiteas tosaigh a dhéanamh.
Comment on this
Gabhaim buíochas le baill an choiste as an gcuireadh labhairt leo inniu faoi na sonraíochtaí nua curaclaim do Ghaeilge na hardteiste agus an fráma tagartha comónta Eorpach do theangacha. Is ábhar é seo a ndearna mé plé sách cuimsitheach air i bpáipéar peirspictíochta a scríobh mé ó iarratas ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe, CNCM, anuraidh. Sa pháipéar sin, mhínigh mé céard go díreach atá i gceist le curaclam a ailíniú leis an bhfráma tagartha; nach leor, mar shampla, lipéid ar nós B1 nó B2 a lua leis an gcuraclam ach go gá na torthaí foghlamtha a bhunú ar na tuairiscíní cumais, nó proficiency descriptors, atá sa fráma tagartha, agus a chinntiú go bhfuil an cur chuige ghníomhdhírithe, nó action-oriented approach, ag croílár an churaclaim. Is éard atá i gceist leis sin ná go dtabharfadh an curaclam deis do dhaltaí díriú isteach ar ghníomhaíochtaí cumarsáide a chabhródh leo na scileanna cuí a fhorbairt chun an teanga a úsáid, ní hamháin sa scrúdú ach i ndiaidh na scrúdaithe taobh amuigh den scoil ina saol sóisialta, acadúil, gairmiúil agus pobail. Chuir mé béim ar leith sa pháipéar sin ar an tábhacht a bhaineann leis an ailíniú tógachaíoch, nó constructive alignment, idir an curaclam, an measúnú agus gnéithe eile den chóras, ar nós modhanna teagaisc agus foghlama, téacsleabhair agus acmhainní, agus oiliúint na múinteoirí. Mar a dúirt mé sa pháipéar sin, ní féidir a mhaíomh go bhfuil curaclam ar bith ailínithe leis an bhfráma tagartha, fiú ar bhealach ginearálta nó bunúsach, mura bhfuil gach gné den chóras, go háirithe an measúnú, mar chuid den ailíniú sin.
Creidim gurb é an dúshlán is mó a bhaineann le Gaeilge na hardteiste mar atá sé faoi láthair ná nach bhfuil ailíniú den chineál sin ann, go bhfuil míréir idir na scileanna a theastaíonn ó dhaltaí le go n-éireodh leo sa scrúdú agus na scileanna a theastaíonn chun cumarsáid éifeachtach a dhéanamh trí Ghaeilge sa ghnáthshaol. Is pointe é sin a tháinig chun solais go han-soiléir i bpíosa eile taighde a d’fhoilsigh mé féin agus beirt comhghleacaithe le déanaí ar bhailíocht bhéaltriail Ghaeilge na hardteiste. Léirigh an taighde sin an cúltionchar diúltach, nó negative washback effect, a imríonn an bhéaltriail reatha ar chúrsaí teagaisc agus foghlama. Mar gheall go mbíonn an chuid is mó de na tascanna intuartha nó ar fáil roimh ré, spreagtar daltaí lena gcuid ama agus fuinnimh a dhíriú ar straitéisí cúitimh agus ar an bhfoghlaim de ghlanmheabhair, seachas ar na scileanna cumarsáide atá luaite sa siollabas féin. Tá míréir ann, mar sin, idir an curaclam mar a beartaíodh é, nó the intended curriculum, agus an curaclam mar a chuirtear i bhfeidhm é, nó the enacted curriculum.
Tar éis dom beagnach 20 bliain a chaitheamh ag múineadh na Gaeilge ag leibhéal na hollscoile, tá toradh na míréire sin feicthe agam féin go han-soiléir. Tagann daoine isteach san ollscoil, marcanna maithe san ardteist acu, ach ní bhíonn na bunscileanna teanga acu chun bunchumarsáid a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Tá sé thar am dúinn dul i ngleic leis an bhfadhb sin, agus cuireann an fráma tagartha uirlisí áirithe ar fáil a d’fhéadfadh a bheith cabhrach san obair sin.
Céim mhór chun cinn atá ann, mar sin, go n-aithníonn an CNCM agus an Roinn oideachais anois na buntáistí a bhainfeadh le curaclam na hardteiste, agus an Ghaeilge sa chóras oideachais trí chéile, a ailíniú leis an bhfráma tagartha, le dul i ngleic leis an bhfadhb atá luaite thuas agus lena chinntiú go mbeadh leanúnachas idir céimeanna éagsúla den chóras oideachais, agus idir an curaclam agus an reachtaíocht teanga. Tá soiléiriú le déanamh go fóill, áfach, faoin gcur chuige céimnithe, nó phased approach, agus faoin amlíne atá molta ag an CNCM chun an obair sin a chur i gcrích. Nuair a bhí baill den CNCM os comhair an choiste seo an mhí seo caite, luaigh siad go mbeadh dhá mhórchéim ag baint leis an bpróiseas ailínithe agus gur ailíniú bunúsach a bheadh i gceist leis an gcéad chéim idir seo agus 2028. Ardaíonn sé sin roinnt mhaith ceisteanna dom. Céard atá i gceist acu leis an ailíniú bunúsach seo? Céard iad na gnéithe den bhfráma tagartha a bheidh san áireamh agus céard a bheidh fágtha ar lár? B’fhéidir an cheist is tábhachtaí ná an mbeidh an measúnú agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit lárnach san obair ailínithe ón tús, lena chinntiú nach mbeidh an mhíréir chéanna ann arís idir an curaclam agus an scrúdú, ná aon mhíréir idir céim a haon agus céim a dó den phróiseas. An gcuirfear mionsonraí faoin measúnú - sonraíocht an scrúdaithe nó test specifications – agus b’fhéidir tascanna samplacha ar fáil in éineacht leis na dréachtsonraíochtaí curaclaim a fhoilseofar le haghaidh comhairliúcháin ag tús 2027, ionas go bhfaighidh an pobal léargas ní hamháin ar an gcuraclam atá beartaithe sna torthaí foghlama ach freisin ar an mbealach a bhféadfaí é a chur i bhfeidhm? Mura ndéantar sin, ní bheidh fiúntas ar bith ag baint leis an gcomhairliúchán. Ní féidir comhairliúchán a bhunú ar eolas atá easnamhach.
Cén bunús atá leis an amlíne cúig go deich mbliana atá luaite leis an dara céim den phróiseas ailínithe? Cén uair a thosóidh sí agus cén clocha míle a bheidh i gceist leis an bpróiseas? An bhfuil gnéithe den obair a d’fhéadfaí a thosnú láithreach, ag an am céanna le céim a haon? An bhféadfaí comhairle nó tacaíocht a fháil ó shaineolaithe idirnáisiúnta le cuid den obair seo a stiúradh nó a éascú, chun dlús a chur leis an bpróiseas? An bhfuil ceachtanna foghlama le hocht mbliana anuas maidir leis na gnéithe a d’fhéadfadh moill a chur leis an bpróiseas? An bhfuil an phleanáil chuí chun cinn á déanamh anois chun an mhoill sin a sheachaint arís?
Is am cinniúnach é seo don Ghaeilge. Tá spriocanna uaillmhianacha reachtúla leagtha amach ag an Stát agus tá an pobal báúil, níos mó ná mar a bhí riamh, leis an nGaeilge. Bíonn tionchar nach beag ag an ardteist ar chumas agus ar dhearcadh an phobail i leith na Gaeilge. Tá deis againn anois athrú mór chun feabhais a dhéanamh lena chinntiú gur dea-thionchar seachas drochthionchar a bhainfidh le curaclam agus scrúdú Gaeilge na hardteiste sna blianta atá amach romhainn. Beidh tábhacht, áfach, ag baint leis an saineolas, leis an mbainistíocht éifeachtach tionscadail agus leis an gceannaireacht agus an uaillmhian pholaitiúil lena chinntiú nach gcuirfear an deis seo amú. Go raibh míle maith ag an gcoiste.
Comment on this
Gabhaim buíochas le hAoife Ní Ghloinn as ucht a ráiteas tosaigh a dhéanamh. Iarraim anois ar Julian de Spáinn a ráiteas tosaigh a dhéanamh freisin.
Comment on this
Ba mhaith liom, ar son Chonradh na Gaeilge, buíochas mór a ghabháil le baill an choiste as an deis a bheith anseo inniu, in éineacht le hAoife Ní Ghloinn agus Shane Ó Coinn, beirt de na saineolaithe is tábhachtaí agus na sonraíochtaí nua ardteiste Gaeilge agus an fráma tagartha comónta Eorpach á bplé againn.
Is iomaí éisteacht a bhí ag an gcomhchoiste Oireachtais seo maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais. Glacaim leis go bhfuil a fhios ag na baill go rímhaith, mar sin, go bhfuil éigeandáil eiseach ann faoi láthair don Ghaeilge sa chóras oideachais. Nílim ag iarraidh tógáil ón obair thábhachtach atá ar siúl ag oifigigh sa Roinn oideachais atá ag obair ar pholasaithe nua, idir an plean don Ghaeilge sna scoileanna meán-Bhéarla, an polasaí do na scoileanna lánGhaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, agus an polasaí don oideachas Gaeltachta atá ann le roinnt blianta anuas, ach tá laige ollmhór i ngach ceann acu agus tá an laige sin ag cur na Gaeilge i mbaol sa chóras oideachais trí chéile.
Tá fianaise shonrach againn den ghéarchéim eiseach seo. Tá an córas oideachais ag teipeadh ar bhreis is 60,000 dalta sa mheánscoil atá díolúine ó staidéar na Gaeilge acu. In ionad córas ionchuimsitheach a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar chumas agus cúinsí pearsanta na ndaltaí sin, tá an córas ag séanadh, ag seachaint agus ag teipeadh orthu. Mar a chur an tOllamh Pádraig Ó Duibhir in iúl don chomhchoiste coicís ó shin, de réir na treochtaí atá ann ó 2017 go anois, tá an-bhaol ann go mbeidh an céatadán de na daltaí a bronntar díolúine ó staidéar na Gaeilge orthu méadaithe go 22% faoi 2030. Is ionann sin agus fás measta ó breis is 60,000 dalta, mar atá ann faoi láthair, go breis is 90,000 dalta in 2030. Tá sé seo scanrúil ar fad. De réir thorthaí na hardteiste, ní dhearna 24% de dhaltaí, nó beagnach duine as gach ceathrar, aon scrúdú Gaeilge in 2025. Seo an ceathrú bliain as a chéile go raibh an céatadán daltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge san ardteist os cionn 20%. Ní dhearna 20% de dhaltaí a rinne an teastas sóisearach aon scrúdú Gaeilge in 2025. Ag an am céanna, rinne 99% de dhaltaí a rinne an teastas sóisearach scrúdú Béarla; rinne 98% acu scrúdú matamaitice; agus rinne 97% acu scrúdú staire.
Is é an chead éileamh atá agam ar an gcomhchoiste inniu ná go n-aithneofar an géarchéim eiseach seo don Ghaeilge sa chóras oideachais trí chéile, agus go lorgódh muid ar fad réiteach comhtháite uaillmhianach, atá ar an scála gur gá a bheith le dul i ngleic leis an eilifint sa seomra atá réidh le pléascadh. Céard é an réiteach ar an éigeandáil eiseach seo? Tá an conradh agus roinnt mhaith grúpaí oideachais Gaeilge agus Gaeltachta, ceardchumainn múinteoirí agus aontais náisiúnta mac léinn ag moladh le tamall anuas go bhforbrófar polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón oideachas luath-óige go dtí an tríú leibhéal atá ailínithe ina iomláine leis an bhfráma tagartha comónta Eorpach. D’fhéadfadh polasaí mar seo, ailínithe leis an bhfráma, freastal ar dhaltaí le riachtanais breise. Mar shampla, d'fhéadfadh dalta le deacracht scríbh aige nó aici an scrúdú béil amháin a dhéanamh don ardteist agus na pointí cuí CAO a fháil bunaithe air sin. Chomh maith leis sin, bheadh aon dalta a thagann isteach sa chóras déanach in ann tosú ar an gcéad pointe, A1, den bhfráma, in ionad a bheith fágtha amach as imeascadh cultúrtha na tíre seo faoi mar a déantar faoi láthair. Táimid tar éis éilimh ar Airí oideachais éagsúla ón iarAire, an Teachta Foley, go dtí an Aire, an Teachta Naughton, leis an bpolasaí seo a fhorbairt. Is í an chéad chéim leis an bpolasaí seo a fhorbairt inár dtuairim ná sainghrúpa a chur ar bun láithreach bonn leis an bpolasaí a fhorbairt. Tá an t-éileamh sin déanta arís agus arís eile leis na hAirí oideachais. Faraor, tá idir neamhaird agus easpa freagra mar fhreagra ar na héilimh sin.
Maidir leis na sonraíochtaí ardteiste Gaeilge go sonrach, táimid tar éis éilimh ar an CNCM sonraíochtaí nua ardteiste Gaeilge a ailíniú ina iomlán leis an FTCE, faoi mar a mhol an trí shaineolaí a choimisiúnaigh an CNCM le páipéar a chur le chéile ar na sonraíochtaí ardteiste agus an FTCE, agus síneadh a chur leis an bpróiseas leis seo a bhaint amach. Táimid tar éis éileamh ar an CNCM chomh maith freastal go cothrom ar chainteoirí dúchais agus ar dhaltaí eile le hardchumas sa Ghaeilge trí ábhair bhreise Ghaeilge a chur ar fáil dóibh; tá na héilimh sin diúltaithe. Chomh maith leis sin ar fad, tá an CNCM i mbun próisis maidir le conarthaí nua ardteiste amach anseo agus d’fhéadfadh modúil a bheith mar thoradh ar an obair seo. Caithfear a bheith an-chúramach nach mbainfear stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar iomlán ardteiste mar chuid den phróiseas seo. Ba chóir don Chomhchoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge a bheith airdeallach agus gníomhach air seo agus an próiseas seo ag dul ar aghaidh. Ní ionann modúl agus ábhar iomlán, dar ndóigh.
Mar fhocal scoir, ba mhaith liom roinnt éilimh a fhágáil le baill an choiste. Bheadh sé iontach dá bhféadfadh siad tacú agus gníomhú orthu le práinn. Ar dtús, iarrfaimid go n-aithneoidh an coiste seo go hoifigiúil an ghéarchéim eiseach don Ghaeilge sa chóras oideachais trí chéile, agus go lorgóidh an coiste réiteach comhtháite uaillmhianach atá ar an scála gur gá a bheith ann le dul i ngleic leis an ngéarchéim eiseach. An dara éileamh ná go dtacóidh an comhchoiste lenár n-éileamh arís agus é a chur chuig an Aire Oideachais agus Óige go bhforbrófar polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón oideachas luath-óige go dtí an tríú leibhéal atá ailínithe ina iomlán leis an FTCE, agus go mbunófar sainghrúpa go práinneach leis an bpolasaí a fhorbairt le dul i ngleic leis an ngéarchéim eiseach. Éileamh a trí, maidir leis na sonraíochtaí nua ardteiste, ná go n-éileoidh an comhchoiste ar an Aire oideachais, an Teachta Naughton, agus ar an CNCM síneadh a chur leis an bpróiseas forbartha atá ann faoi láthair le cinntiú go mbeidh na sonraíochtaí nua ag teacht go hiomlán leis an FTCE, faoi mar a mhol an trí shaineolaí a choimisiúnaigh an CNCM le páipéar a chur le chéile ar na sonraíochtaí ardteiste agus ar an FTCE, agus go mbeidh ábhar eile forbartha go comhthreomhar a fhreastalóidh ar chainteoirí dúchais agus ar dhaltaí eile le hardchumas sa Ghaeilge. Éileamh a ceathair ná go mbeidh an comhchoiste an-chúramach faoi na conarthaí nua ardteiste atá á bhforbairt ag an CNCM agus cinntiú nach mbainfear stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar iomlán ardteiste mar chuid den phróiseas seo.
D'fhéadfadh córas ionchuimsitheach, solúbtha, uaillmhianach comhtháite a bheith againn a fhreastalódh ar gach dalta go cothrom, in ionad córas eisiatach, dolúbtha briste mar atá againn faoi láthair, atá an Ghaeilge séanta aige ar na céadta míle dalta agus nach bhfuil tar éis freastail go cothrom ar na mílte chainteoirí dúchais agus ar dhaltaí eile le hardchumas sa Ghaeilge thar na blianta. Gabhaim buíochas le baill an choiste as ucht éisteacht liom inniu. Anois an t-am le gníomhú.
Comment on this
Gabhaim buíochas le Julian de Spáinn as a ráiteas tosaigh a dhéanamh. Iarraim anois ar Shane Ó Coinn a ráiteas tosaigh a dhéanamh.
Comment on this
Gabhaim buíochas le baill an choiste as an deis a thabhairt dúinn teacht i láthair anseo inniu le labhairt leo. Mar mhúinteoir Gaeilge, tá an cheist curtha orm go minic thar na blianta an bhfuil bealach níos fearr ann leis an teanga a mhúineadh ná an córas atá againn faoi láthair.
Bheinn go láidir den tuairim go bhfuil. Le cúpla bliain anuas, tá taighde feicthe againn mar chuid den athbhreithniú luath ar Ghaeilge na sraithe sóisearaí, mar chuid den phlean gnímh don Ghaeilge i scoileanna meán-Bhéarla, agus mar chuid den athbhreithniú leantach ar Ghaeilge na sraithe sóisearaí, in éineacht le neart tuarascálacha eile a foilsíodh thar na blianta. Léiríonn an taighde uilig go soiléir nach bhfuil formhór na múinteoirí, na ndaltaí nó an phobail sásta leis an chóras reatha atá againn do mhúineadh na Gaeilge. Tá ceist atá agam don choiste: cad é atá muid ag déanamh leis an méid atá foghlamtha againn ón taighde seo uilig? An bhfuil muid ag gníomhú ar na príomhthorthaí a tháinig amach agus ar na príomh-mholtaí a tugadh nó an bhfuil muid díreach ag ligean dóibh suí ar sheilf fhíorúil éigin ag bailiú dusta?
Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm againn go mbeadh daoine óga ag teacht amach ón scoil agus iad cumasach i labhairt agus i scríobh na teanga ach níl sé seo ag tarlú minic go leor i láthair na huaire. Tá barraíocht daoine ag teacht amach ón scoil nach bhfuil in ann cumarsáid shásúil a dhéanamh trí Ghaeilge. Ag leibhéal na meánscoile, caithfear amharc go cúramach ar an chóras scrúdaithe agus ar an chóras measúnachta atá againn ach go háirithe. Bheadh neart den tuairim nach gcothaíonn na tascanna scrúdaithe reatha na scileanna cuí atá ag teastáil ó dhaltaí leis an teanga a úsáid go muiníneach go laethúil. Teipeann ar an chóras iomlán mura bhfuil an córas scrúdaithe ceart mar gheall ar an tionchar láidir a bhíonn aige ar an teagasc agus ar an fhoghlaim.
Is féidir le dalta H1 a bhaint amach san ardteist faoi láthair ach bheadh sé deacair ort tuairim a fháil ar cén cineál líofacht atá acu sa Ghaeilge má tá tú díreach ag amharc ar an ghrád sin amháin. Tá seans ann go bhfuil Gaeilge líofa acu ach, ag an am céanna, tá seans chomh maith céanna ann go bhfuil an dalta díreach thar a bheith inniúil ag an scrúdú agus go bhfuil siad thar a bheith maith ag foghlaim píosaí de ghlanmheabhair. Ar ndóigh, ní hionann sé sin agus a rá go bhfuil fíorlíofacht agus muinín acu sa teanga. Tá míréir ann. Dá mbeadh, cur i gcás, leibhéal B1 ag dalta i scrúdú TEG, scrúdú atá ailínithe go dlúth leis an FTCE, bheadh tuairim mhaith agat láithreach cén cineál líofacht atá acu.
Is léir mar sin go bhfuil rud éigin in easnamh leis an chóras reatha agus go bhfuil athrú chur chuige de dhíth. Má tá athrú cur chuige le bheith ann, ní mór gur fíorathrú a bheas ann agus nach cur i gcéill é. Nuair a tugadh isteach Gaeilge na sraithe sóisearaí, luadh sna sonraíochtaí go raibh siad le bheith ailínithe go ginearálta leis an FTCE ach is beag fianaise atá ann go bhfuil siad ailínithe ar chor ar bith leis an FTCE, sa mheasúnú ach go háirithe. Ní fiú lipéad a chur ar shonraíocht ag rá go bhfuil sé ailínithe leis an FTCE mura gcuirtear cleachtais an FTCE i bhfeidhm go dlúth ar leibhéal praiticiúil.
Ar ndóigh, is é ceann de na lochtanna is mó leis an chóras ag leibhéal na sraithe sóisearaí ná nach bhfuil scrúdú cainte ceart ann atá mar chuid de mharc deiridh an scoláire. In ainneoin go bhfuil daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí i ndiaidh a dtuairimí a chur in iúl go láidir gur cheart go mbeadh scrúdú cainte ann, níl aon rud déanta le scrúdú cainte ceart a thabhairt isteach go dtí seo. Mura bhfuil an luach ceart curtha ar an obair labhartha sa mheasúnú, ní chuirfear an bhéim chéanna ar na scileanna seo sa teagasc agus san fhoghlaim. Tuigeann muid sin. Mar sin, cén uair a bhfuil muid dul a ghníomhú ar an taighde agus rud éigin a dhéanamh faoi?
Tá sé tábhachtach ag gach leibhéal den chóras oideachais, an ardteist san áireamh, go gcuirfear an bhéim cheart ar chumarsáid, ar labhairt agus ar úsáid na teanga sa mheasúnú lena chinntiú go mbeimis ag cothú na scileanna atá ag teastáil ó dhaltaí leis an teanga a úsáid go laethúil. Cruthaíonn an FTCE, leis an bhéim a chuirtear ar an chur chuige gníomhdhírithe, deiseanna le heispéireas na ndaltaí a athrú ó bhonn, má chuirtear i bhfeidhm i gceart é. Lena bheith in ann é seo a dhéanamh, ní mór sonraíochtaí d’ardchaighdeán a dhearadh atá ailínithe go dlúth leis an mheasúnú ón tús. Bheadh dearadh droim ar ais le "ailíniú tógachaoích", nó "constructive allignment", inmholta leis seo a chinntiú. Ní mór acmhainní agus tacaíochtaí cuimsitheacha a dhearadh agus a chur ar fáil a thacódh le múinteoirí agus le daltaí dul i ngleic le modhanna teagaisc nua agus le modhanna measúnachta nua chomh maith. Ní mór traenáil phraiticiúil chuimsitheach a chur ar fáil agus scrúdpháipéir shamplacha a fhoilsiú sula gcuirtear aon sonraíocht nua i bhfeidhm fosta, le cuidiú leis na hathruithe a leabú.
Is cosúil nach bhfuil sé i gceist an tsonraíocht nua ardteiste atá á forbairt faoi láthair a ailíniú leis an FTCE ach ar leibhéal bunúsach. Bheinn go láidir den tuairim gurbh fhearr níos mó ama a thógáil agus gur cheart síneadh a chur leis an phróiseas leis an tsonraíocht a ailíniú go cuimsitheach leis an FTCE ar an chéad dul síos. Tá sé tábhachtach fosta go bhfuil foghlaim déanta againn ón easpa ailínithe a bhí ann go praiticiúil ag leibhéal na sraithe sóisearaí. Cé go luaitear sa chlár Rialtais agus sa phlean gnímh do scoileanna meán-Bhéarla go n-oibreofar i dtreo an Ghaeilge a ailíniú leis an FTCE, ag an bhomaite níl sé soiléir go bhfuil aon mhórphlean, fís nó amlíne ann leis an sprioc sin a bhaint amach ina hiomláine. Tá sé sin lárnach má tá muid dáiríre faoin chóras a ailíniú leis an FTCE ar bhealach fiúntach.
Ar a bharr sin, níl plean ag an bhomaite le haon soláthar a chur ar fáil do chainteoirí atá an-inniúil sa teanga. Níl aon chinneadh déanta maidir le hábhar roghnach breise ar nós Gaeilge bhreise a chur ar fáil ag leibhéal na hardteiste do dhaltaí ar mian leo a leithéid a dhéanamh. Bheadh sé le ciall dá mbeadh obair ar siúl le hábhar mar seo a dhearadh go comhthreomhar leis an obair ar an ábhar éigeantach ach, gan cinneadh a bheith déanta, ní bheidh aon soláthar ann.
Tá moladh le dul as na haidhmeanna atá luaite sa phlean gnímh don Ghaeilge sna scoileanna meán-Bhéarla agus sa pholasaí don oideachas lánGhaeilge i dtaca le dearfachas i leith na Gaeilge a chothú ach, cé gur tháinig an t-ábhar seo aníos go soiléir sa taighde a rinneadh, luaitear go sonrach sa phlean gnímh nach mbeidh sé ag plé le croí na faidhbe, is é sin, an curaclam agus na measúnuithe. Le go mbeadh rath ar an phlean gnímh, ní mór aghaidh a thabhairt ar na nithe seo ag an am céanna, má tá muid dáiríre faoi rudaí a fheabhsú. Tá mórphlean, fís agus amlíne shoiléir de dhíth leis na leasuithe atá ag teastáil ar an churaclam agus ar na scrúduithe a chur i gcrích. Tá seo uilig in easnamh faoi láthair. Is léir go bhfuil polasaí iomlánach do mhúineadh na Gaeilge ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal de dhíth le treoir a thabhairt dúinn agus le cur chuige comhtháite a chinntiú idir na heagrais Stáit difriúla. Tugann curaclam agus measúnuithe atá ailínithe go dlúth leis an FTCE féidearthachtaí móra le heispéireas na ndaltaí a fheabhsú agus le cur leis an dea-obair ar fad eile atá ag tarlú maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Mar sin, tá sé thar am againn gníomhú ar an taighde ar fad atá déanta agus tabhairt faoin obair seo i ndáiríre le plean agus fís shoiléir agus spriocanna intomhaiste.
Comment on this
Gabhaim buíochas le Shane Ó Coinn as a ráiteas tosaigh. Toisc go bhfuilimid faoi bhrú ar maidin, molaim go mbeidh cúig nóiméad ar a mhéad ag gach comhalta le ceisteanna a chur agus freagraí a fháil. Tá cúpla comhalta tar éis a chur in iúl dom go bhfuil siad ag iarraidh labhairt. Tosóimid leis an Seanadóir Curley.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad as a gcuid ráiteas agus as a bheith linn inniu. Le déanaí, bhí mé ag caint le Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn maidir le measúnú go ginearálta, measúnuithe iontrála agus an ardteist. Ag eascairt as an gcomhrá sin, an bhfuil sé sodhéanta córas scrúduithe ar nós córas na hardteiste a ailíniú leis an bhfráma tagartha comónta Eorpach ar chor ar bith? Tuigim go gcuireann an fráma le cur chuige éifeachtach maidir le múineadh agus foghlaim teanga a chur i bhfeidhm ach an féidir leis an bhfráma daltaí a ullmhú do scrúdú teirminéalach ar nós na hardteiste ar chor ar bith?
Comment on this
Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as an gceist. Is cinnte go bhfuil sé réadúil. Ní fheicim cén fáth nach bhféadfaí é a dhéanamh. Mar gheall go mbíonn scrúdú seachtrach, scrúdú Stáit, ag deireadh na hardteiste, baintear úsáid as sin mar leithscéal gan cuid den dea-chleachtas a chur i bhfeidhm. Ní fheicim cén fáth nach bhféadfaí. Is é an rud atá i gceist leis an bhfráma tagartha ná go mbeadh daoine dírithe ar an gcumarsáid dhílis agus ansin go mbeidh na tascanna scrúdaithe bunaithe ar an gcumarsáid dhílis chomh maith. Ní fheicim cén fáth nach bhféadfaí é sin a dhéanamh. Má tá daoine ag rá nach féidir, is leithscéal é seo.
Comment on this
Cuirfidh mé dhá rud leis sin. Tá sé sa reachtaíocht sa Bhreatain Bheag. Tá na leibhéil agus céard lena bheith déanta leagtha síos sa reachtaíocht. Ó leathanach 13 go leathanach 18 den cháipéis sin a chuir Aoife Ní Ghloinn le chéile, leagtar amach conas gur féidir é a ailíniú leis an bhfráma tagartha comónta Eorpach. Tá an dá cháipéis eile a cuireadh le chéile ag an am fíorthábhachtach agus fíorphraiticiúil. Is trua nach bhfuilimid ag leanúint na moltaí sa taighde agus go bhfuilimid sa suíomh ina bhfuil muid. Táimid ag iarraidh teacht amach as an suíomh sin.
Comment on this
Tá ceist agam do Julian de Spáinn. An bhfeiceann sé fadhb le córas na bpointí? An ligfeadh daltaí atá fíorlíofa sa teanga agus iad ag dul isteach san ardteist orthu nach bhfuil focal ar bith acu chun éalú ón ábhar nua a mholtar sa ráiteas do dhaltaí atá líofa sa Ghaeilge nó atá ina gcainteoirí dúchais? An bhfeiceann sé fadhb ansin mar gheall ar na pointí? Dá mbeadh 100 pointe ar fáil do dhalta a théann isteach sa ghnáthrang Gaeilge atá ann faoi láthair agus 100 pointe ar fáil do dhalta a théann isteach i gceann atá ar leibhéal i bhfad níos airde, an ndéanfadh siad cinntí mar gheall ar saol éasca agus easpa struis? An bhfuil laigí ansin?
Comment on this
Nuair a bhí an cheist seo á plé in 2021, bhí moltaí éagsúla ar an mbord, T1 agus T2 san áireamh. Bhí dhá phríomhmholadh ag teacht chun cinn chun í a fhreagairt. Ba é an chéad mholadh ná go mbeadh sárleibhéal ann, is é sin, go mbeadh leibhéal níos dúshlánaí fós sa chóras a aithneofaí an cainteoir ardchumais nó cainteoir dúchais. Bheadh pointí bónais ag baint leis an ábhar chun daoine a mhealladh ina threo. Thabharfaí aitheantas don méid breise. Tá muid cúig bliana ar aghaidh agus tá an cuma ar an scéal go bhfuil an chaint ar fad imithe faoi mharcanna bónais a thabhairt do dhaoine don ardteist. B’fhéidir gurb é an rud a thit amach le mata is cúis leis sin. Tá sé ar nós go bhfuil daoine tar éis bogadh ar aghaidh uaidh sin. Is é sin an fáth go bhfuil an dara mholadh á mholadh againn, is é sin, ábhar breise roghnach a bheith ar fáil do dhaoine. Dá mbeadh an t-ábhar déanta i gceart i mbealach atá measctha idir rudaí a bhaineann le saíocht agus litríocht chomh maith le rudaí praiticiúla ó thaobh gairmeacha de agus eile, bheadh sé thar a bheith mealltach mar bheadh pointí CAO ag dul leis an ábhar. Bheadh daltaí ag teacht ó áit ina bhfuil siad láidir ó thaobh teanga de le hábhar a d’fhéadfadh cur leis na pointí a bheadh acu san ardteist. Bheadh orainn an t-ábhar a fhorbairt i gceart le daoine a mhealladh. Aontaím leis an Seanadóir go bhfuil buairt ann, ach is féidir dul i ngleic leis an mbuairt sin tríd an rud ceart a dhéanamh.
Comment on this
Tá cheist thapa eile agam. Níl ach 15 soicind agam. Maidir leis an moladh chun am a thógáil agus gan a bheith faoi bhrú dul isteach leis an athrú a tharlófar amach anseo, an bhfuil Conradh na Gaeilge ag moladh go bhfanfaidh muid leis an gcóras mar atá sé faoi láthair idir an dá linn? Le gach bliain a théann thart, bíonn cohórt eile de dhaltaí a mbíonn drochthaithí acu leis an nGaeilge. An bhfuil Conradh na Gaeilge ag moladh go bhfanfaidh muid leis an gcóras atá ann idir an dá linn, nó ar chóir go ndéanfar athraithe beaga a thabhairt isteach diaidh ar ndiaidh?
Comment on this
Iarraim ar na finnéithe freagra na ceiste seo a choinneáil chomh beacht agus is féidir.
Comment on this
Tá muid ag moladh go dtabharfaí faoin rud seo a dhéanamh i gceart anois. Mar a dúirt an Shane Ó Coinn liom níos luaithe, dá mbeadh rud éigin tógtha isteach i gceann dhá bhliain in 2028, mar shampla, leanfaí leis sin ar feadh deich nó 20 bliain ina dhiaidh. Ní fhéachtar dúinn go ndéanfaí athrú arís air tar éis cúpla bliain eile. Caithfear é a dhéanamh i gceart ón tús.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a gcuid oibre leanúnaí. Aontaím leis an méid atá ráite acu, go háirithe leis an bpointe a bhí ag Aoife Ní Ghloinn maidir leis an FTCE sa chóras oideachais anseo in Éirinn. Bhíomar sa Bhreatain Bheag níos luaithe sa bhliain. Bíonn muid ag labhairt faoin Bhreatain Bheag go minic sa choiste seo. An bhfuil aon tír eile san Eoraip a bhfuil an t-ailíniú seo leis an FTCE déanta aici, ó na luathbhlianta go dtí an tríú leibhéal?
Comment on this
Baintear úsáid as an FTCE ar fud na hEorpa. Labhair mé le saineolaí mór air seo i rith na seachtaine agus níor chreid sé nach raibh curaclam na Gaeilge ailínithe cheana féin. Is eisceacht é sin. Bíonn an FTCE in úsáid gach áit. Sa tír seo, ag leibhéal na bunscoile, roinnt mhaith blianta ó shín, chruthaigh an tOllamh David Little cúrsa i múineadh an Bhéarla a bhí dírithe orthu siúd a bhí ag teacht isteach a raibh an Béarla acu mar dhara teanga. Bhí an cúrsa sin bunaithe ar an FTCE. Is córas é seo a úsáidtear ar fud an domhain. Is beag tír agus áit nach bhfuil sé seo in úsáid iontu. Tá sé i bhfeidhm chuile áit. Is é seo an gnáthrud a úsáidtear. Is féidir é a chur in oiriúint do chomhthéacsanna éagsúla. Is é sin an rud is tábhachtaí atá le rá faoi.
Comment on this
Taispeánann sé sin go seasann muid amach go hidirnáisiúnta ó thaobh an ailínithe sin de.
Is mian liom rud amháin a lua. Tá sé i taighde Aoife Ní Ghloinn ach b’fhéidir gur féidir le Shane Ó Coinn labhairt air seo. Baineann sé le hatraenáil mhúinteoirí. Bheadh sé sin go breá do mhúinteoirí meánscoile Gaeilge, mar shampla. Ní bheadh fadhb ar bith acu atraenáil a dhéanamh ó thaobh an mhúinte de. Is í an áit a bhfeicim an fhadhb - níl mé cinnte más fadhb é - ná leis na múinteoirí bunscoile nach bhfuil Gaeilge láidir acu. Bheadh brú i gceist leis an atraenáil seo. An bhfeiceann na finnéithe é sin? An bhfeiceann siad go mb’fhéidir go mbeadh sé sin ina fhadhb?
Comment on this
Tá muid ag amharc ar chóras na hardteiste anseo. Go cinnte, nuair atá muid ag caint ar an chóras a ailíniú an bealach ar fad tríd an chóras, caithfidh muid amharc ar leibhéal na bunscoile agus leibhéal na sraithe sóisearaigh chomh maith le leibhéal na hardteiste. Ag an bhomaite, áfach, tá muid ag amharc ar leibhéal na hardteise. Caithfidh muid é sin a chur in oiriúint i dtús báire. Go cinnte, tá traenáil de dhíth. Tá muid ag caint ar athrú cur chuige anseo. Ag an bhomaite, ní bhíonn ach lá traenála amháin ag múinteoirí sula dtosaíonn sonraíocht nua. Ba cheart go mbeadh níos mó traenála ag múinteoirí sular gcuirtear aon sonraíocht nua i bhfeidhm, go háirithe nuair atá muid ag caint ar athrú mar seo leis an FTCE.
Is é an rud atá muid ag rá, má tá muid a dhul athrú a dhéanamh, ná gur fearr am a thógáil chun é a dhéanamh i gceart agus an traenáil chuí a chur ar fáil. In áit a bheith ag deifriú chun sonraíocht nua a bheith i bhfeidhm faoi 2028, cad chuige nach dtabharfar cúpla bliain eile le go mbeidh sí ailínithe go cuimsitheach agus go mbeidh neart ama chun traenáil a chur ar fáil do mhúinteoirí? An bhfuil muid i ndáiríre chun sonraíocht nua a athrú arís cúpla bliain ina dhiaidh sin? De ghnáth, bíonn na sonraíochtaí istigh ar feadh 15 bliain nó níos mó. Smaoinigh ar cé chomh fada is a thiocfadh linn a bheith ag fanacht ar an ailíniú cuimsitheach seo muna dtógann muid am lena dhéanamh anois.
Comment on this
Ba chóir go mbeadh an córas ailínithe ó na luathbhlianta go dtí an tríú leibhéal, agus tar éis sin chomh maith. Tar éis taighde Aoife Ní Ghloinn a léamh, is léir gurb é sin todhchaí na teanga ó thaobh an oideachais de chun go mbeidh an Ghaeilge mar theanga labhartha na tíre seo. Dá bhrí sin, a Chathaoirligh, molaim go scríobhann an coiste seo leis an Aire, leis an Roinn agus leis an gcoiste oideachais le cur in iúl gur chóir polasaí a chur le chéile ó thaobh ailíniú an FTCE de, ó na luathbhlianta go dtí an tríú leibhéal. Araon leis sin, ba chóir go mbeadh spriocanna agus amlínte leis an bpolasaí sin.
Comment on this
An bhfuil sé sin aontaithe? Aontaithe. Glacann muid leis sin mar ghníomh.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an gcur i láthair. Tá mé tar éis a bheith ag cíoradh na ceiste seo le tamall de bhlianta anuas agus tagaim ar ais go leigheas na faidhbe céanna. Aontaím leis na finnéithe ar fad maidir leis seo. Cé mhéad bliain a thógfadh sé chun an córas a ailíniú dá mbeadh Aire ann ag tabhairt treorach don CNCM, do mhúinteoirí agus dóibh siúd atá i gceannas ar na meánscoileanna? Abair go dtosódh an obair sin i gceann bliana, mar ní thosódh aon rud i mbliana. An dtógfadh sé sé bliana sula bhfeicfeadh muid aon éifeacht?
Is é an fáth a gcuirim an cheist ná go bhfuil 20% de líon na n-earcaithe sa Státchóras in ainm is a bheith inniúil sa Ghaeilge, ag leibhéal B2, faoi 2030. Ní chreidim go sroichfidh muid é sin toisc nach bhfuil na céimeanna ar fad glactha, lena n-airítear ailíniú an chórais oideachais leis an FTCE ó thaobh na Gaeilge de.
Comment on this
Braitheann aon amlíne réadúil ar na hacmhainní a chuirfear ina threo, ar an saineolas atá ag na daoine a dhéanfaidh an obair agus ar an mbainistíocht tionscadail. Tá sé deacair. Labhair mé le roinnt saineolaithe idirnáisiúnta faoi seo i rith na seachtaine. Dúirt duine amháin dá mbeadh grúpa saineolach ag plé le rud éigin mar seo, go bhféadfaí curaclam réasúnta a leagadh amach taobh istigh de bhliain. Dúirt duine eile go dtógfadh sé idir bliain agus dhá bhliain. D’fhéadfadh grúpa saineolach rud éigin mar seo a leagadh amach. Ar ndóigh, tá comhthéacs níos leithne i gceist anseo mar ní curaclam amháin atá i gceist. Bheadh an measúnú le cur san áireamh, rud atá fíorthábhachtach. D’fhéadfaí é a dhéanamh dá ndéanfaí bainistíocht cheart ar an tionscadal agus dá mbeadh na daoine cearta ag plé leis a bhfuil tacaíocht cheart acu. Tá foireann an-bheag sa CNCM a bhíonn ag plé leis seo.
Níl ach beirt ag plé leis an obair, agus bíonn tacaíocht acu on meitheal. B’fhéidir go bhféadfaí saineolas níos mó a thabhairt isteach le tacú leo. Tá daoine ann a bhfuil taithí acu ar obair den chineál seo a dhéanamh timpeall an domhain. Tá beirt de na saineolaithe is mó ar domhan ar an ábhar seo anseo i mBaile Átha Cliath. Tá siad in Éirinn. Téann siad ar fud an domhain ag cabhrú le rialtais i dtíortha eile chun obair den chineál seo a dhéanamh. Tá siad anseo in Éirinn agus níl úsáid á baint as an saineolas atá acu.
Dá mbeadh an saineolas cuí le tacú leis an obair, d’fhéadfaí sonraíocht don churaclam agus don mheasúnú a bheith deartha taobh istigh de chúpla bliain. Ar ndóigh, tá comhthéacs ann. Tá ceisteanna ann, cosúil leis na cinn a bhí ag an Teachta Ó Cearúil maidir le hoiliúint na múinteoirí agus acmhainní. Chaithfí na hacmhainní cearta a chur ar fáil. Is féidir cuid den obair sin a thosú láithreach. Tá ceisteanna móra maidir le cumas teanga na múinteoirí. Is féidir tosú láithreach air sin. Dá mbeadh Gantt chart á leagadh agam amach don obair seo ar fad, bheadh an obair ar chumas teanga na múinteoirí ag tosú láithreach. Ansin, bheadh an saineolas cuí le thabhairt isteach le tacú leis an obair forbartha a bheadh ar siúl as sin go gceann dhá bhliain.
Ar ndóigh, ta próiseas ag an CNCM. Bíonn comhairliúchán poiblí ag teastáil. Ní mór bainistíocht cheart tionscadail a dhéanamh air sin, áfach, go háirithe má tá anailís le déanamh. Mar shampla, reáchtáladh comhairliúchán poiblí ar na dréachtshonraíochtaí, agus tháinig deireadh leis an tréimhse comhairliúcháin sin i mí na Samhna 2021. Níor foilsíodh anailís ar an bpróiseas sin go ceann dhá bhliain ina dhiaidh sin. Cé gur cuireadh deireadh leis an anailís dhá bhliain ina dhiaidh, thóg sé bliain eile arís go dtí gur fhoilsigh an CNCM an t-athbhreithniú a rinne sé féin. Mar sin, bhí próiseas trí bliana idir deireadh an comhairliúcháin agus toradh na hoibre. Tá moill á cur sa phróiseas in áiteanna mar sin. Is féidir foghlaim ón taithí sin agus a chinntiú nach dtarlóidh sé arís.
Dá ndéanfaí an obair i gceart, d’fhéadfaí an-chuid a dhéanamh taobh istigh de dhá bhliain. Níor mhór bainistíocht cheart a dhéanamh ar an gcomhairliúchán agus tús a chur le cur i bhfeidhm an churaclaim. Ag an am céanna, chaithfí tacaíocht chuí a thabhairt agus an obair sin ar fad a dhéanamh maidir le hoiliúint na múinteoirí, in áit í a fhágáil go dtí pointe níos deireanaí sa phróiseas.
Comment on this
Le cur leis sin, scaip muid plean leis an gcoiste cheana a bhí aontaithe idir na grúpaí ar fad, lena n-airítear cheardchumainn, múinteoirí, grúpaí atá ag suí anseo agus grúpaí eile, mic léinn agus daltaí san áireamh. Ba phlean sealadach é. Ba dhréachtphlean é a leag amach an bealach lena dhéanamh seo thar tréimhse cúig nó sé bliana. Dá nglacfaí leis an bplean nó coincheap sin nuair a chuir muid chun tosaigh ar dtús é, bheadh muid nach mór ag an bpointe ina mbeadh sé sna scoileanna agus ag feidhmiú anois.
Tagann cuid de seo ar ais go tosaíochtaí. Tuigim don CNCM, mar is é atá freagrach as gach uile ábhar atá sa chóras oideachais. Ní féidir leis ach méid áirithe acmhainní agus tosaíochta a chur ar fáil don Ghaeilge. Tá tábhacht agus tosaíocht níos mó ag teastáil ón Stát le dul i bhfeidhm ar an nGaeilge trí chéile. Tá níos mó tábhachta ag baint léi, d’fhéadfaí a rá, má tá polasaithe Rialtais le baint amach, ar nós na hearcaíochta 20% a bhí luaite níos luaithe agus a bheith freagrach agus ag tacú leis an nGaeltacht níos mó amach anseo freisin. Tá tosaíocht agus próiseas faoi leith ag teastáil don Ghaeilge. Ní bhfaighidh muid é sin sa stad reatha leis an CNCM mar bíonn sé ag breathnú ar an nGaeilge ar nós ábhair amháin i measc na n-ábhar ar fad eile ar gá dó dul i ngleic leo.
Comment on this
Fanfaidh mé leis an ábhar sin mar gheall ar an amlíne agus an plean, nó easpa plean. Labhair Shane Ó Coinn faoi rud a dhéanamh go cuimsitheach agus ansin rud éigin a dhéanamh faoi dheifir. Cad é an difir idir an dá rud? Cad é an difir idir é a dhéanamh i mbliain amháin i gcomparáid le cúig bliana nó mar sin? Ó bheith ag éisteacht le hAoife Ní Ghloinn, is cosúil gur féidir an-chuid oibre a dhéanamh taobh istigh de dhá bhliain.
Comment on this
Is é sin an rud a bhfuil muid go díreach ag caint faoi. Thosaigh obair ar shonraíocht nua a chur le chéile i Meán Fómhair 2025. Tá sé in ainm is a bheith istigh in 2028. Tá muid ag rá ag an bhomaite nach mbeidh sé ailínithe ach go bunúsach. Tá ceisteanna ina thaobh sin. Cad is brí le “ailíniú bunúsach” a dhéanamh? Níl na freagraí sin againn.
Ag leibhéal na sraithe sóisearaigh, luadh ag an am go mbeadh na sonraíochtaí ailínithe go ginearálta leis an FTCE. Ní léir sin, áfach. Tá trí phíosa taighde a léiríonn nach raibh siad ailínithe mar ba cheart leis an FTCE. Tá imní orainn má leantar ar aghaidh ar an dóigh seo.
Is tábhachtach go bhfuil foghlaim ón méid a tharla roimhe. Má tá sé seo chun trí bliana a thógáil, nach mbeadh sé níos fearr an dhá bhliain eile sin a thógáil leis an rud a ailíniú go cuimsitheach in áit é a dhéanamh, mar a dúirt mé, faoi dheifir agus gan é a bheith ailínithe ina iomláine? Ó thaobh an measúnaithe de go háirithe, thógfadh sé am chun é a ailíniú i gceart. Tá am i gceist leis an traenáil a chur ar fáil agus na hacmhainní a chruthú. Is fearr níos mó ama a thógáil leis an rud a ailíniú go cuimsitheach. Arís, ní a fhios againn fiú cad is brí leis an “ailíniú bunúsach” seo.
Comment on this
Is é sin an rud. Ní raibh amchlár cuimsitheach ar fáil nuair a chuir muid an cheist. Chuir muid ceist arís is arís eile mar gheall ar an amchlár sin.
Luaigh Aoife Ní Ghloinn saineolaithe atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. An mbíonn siad ag obair sa Roinn nó in eagraíochtaí eile?
Comment on this
Tá lámhleabhar idirnáisiúnta a mhíníonn an chaoi le curaclam, nó cúrsaí oideachais go ginearálta, a ailíniú leis an FTCE. Is é an British Council a d’fhoilsigh é in 2022. D’fhoilsigh sé imleabhar breise in 2025. Is iad na daoine a scríobh an lámhleabhar idirnáisiúnta sin, atá aistrithe go teangacha timpeall an domhain, ná an tOllamh David Little, a bhí ina ollamh emeritus i gColáiste na Tríonóide leis an teangeolaíocht fheidhmeach, agus an tOllamh Barry O'Sullivan, a bhí i gceannas ar chúrsaí taighde agus forbartha maidir leis an tástáil teanga sa British Council ar feadh 35 bliain. Chaith sé chuid mhaith dá shaol oibre sa Bhreatain, ach tá sé tar éis bogadh abhaile anois. Is iad seo daoine a bhíonn ar fáil agus a bhíonn ag tacú le tograí den chineál seo ar fud an domhain. Tá beirt de na húdair a bhí bainteach leis an lámhleabhar sin anseo. Déarfainn go bhfuil spéis acu maidir leis seo agus sásta tacaíocht a thabhairt ina leith.
Comment on this
N’fheadar an raibh aon chomhrá idir na fir sin agus an CNCM nó an Roinn.
Comment on this
Rinne an CNCM coimisiúnú ar pháipéar. D’iarr sé ar an Ollamh David Little páipéar a scríobh, cosúil leis an gceann a scríobh mé. Bhí trí pháipéar i gceist, agus scríobh an tOllamh Little ceann acu. Tá difir idir taighde a choimisiúnú agus taighde a chur i bhfeidhm, áfach. Mar shampla, scríobh mé cur síos ar na céimeanna éagsúla atá i gceist le curaclam a ailíniú leis an FTCE. Tá srianta áirithe ar an CNCM. Tá dúshláin ag baint leis an gcóras. B’fhéidir go mbeadh sé úsáideach suí síos leis an CNCM ionas go bhféadfadh sé míniú dúinn go bhfuil roinnt de na rudaí a scríobhadh dúshlánach agus roinnt eile indéanta. B’fhéidir go mbeadh díospóireacht agus plé againn faoi ábhair na bpáipéar sin. Bheadh sé sin úsáideach, seachas an CNCM a bheith ag breathnú ar chuid de na céimeanna agus a rá nach ndéanfar sin toisc go dtógadh sé deich mbliana. Dá mbeadh sé ag iarraidh bogadh ar aghaidh go luath seachas go mall, bheinn in ann céimeanna áirithe a mholadh a thógfainn taobh istigh de dhá bhliain, cosúil le caighdeánú agus bailíochtú a dhéanamh ar an leibhéal atá i gceist. B’fhéidir go bhféadfaí é a chur siar go dtí go mbeadh an chéad cohórt imithe tríd an gcóras agus scrúdaithe agus torthaí ar fáil. Tá rudaí mar sin is féidir a dhéanamh. In amanna, b’fhéidir go mbeidh an plé sin úsáideach. Chomh maith leis sin, d’fhéadfaí saineolaithe a bheith páirteach sa phróiseas, seachas a bheith ag scríobh rud éigin a bheidh, mar a dúirt Shane Ó Coinn, fágtha ar sheilf ait éigin agus nach gcuirfear i bhfeidhm é.
Comment on this
Ní mór tosaíocht a dhéanamh den rud.
Comment on this
Tá ceist agam mar gheall ar an reachtaíocht. Dúirt Julian de Spáinn go suíonn sé sa reachtaíocht sa Bhreatain Bheag. Cén reachtaíocht í sin?
Comment on this
Tógadh Acht nua isteach sa Bhreatain Bheag le déanaí a bhaineann leis an mBreatnais. Tá tagairt shonrach inti faoi na scoileanna éagsúla atá sa Bhreatain Bheag agus na leibhéil den FTCE a mbeidh siad ag dul ina dtreo. Is comhartha é sin go bhfuiltear á thógáil seo go dáiríre agus ag gníomhú dá réir.
Feictear an toradh a bhaineann leis sin. Tá sé ceangailte leis an bplean chun 1 milliún cainteoirí Breatnaise a bheith ann. Táthar ag ceangal an mórphictiúr leis an oideachas.
Comment on this
Molaim go dtabharfaimid cuireadh don bheirt saineolaithe sin teacht os ár gcomhair.
Comment on this
B'fhéidir gur féidir linn ainm an lámhleabhair sin a fháil freisin. An aontaítear leis an moladh sin? Aontaítear.
Comment on this
Tá ceist agam faoi na staitisticí i ráiteas Julian de Spáinn. Dúirt sé nach ndearna 24% de dhaltaí an ardteist in 2025. Tá sé sin níos airde ná an líon daltaí a bhfuil díolúine acu, dar leis an Ollamh Ó Duibhir. Cárb as a dtagann an bhearna sin?
Comment on this
Tá cuid de na daoine ag déanamh na hardteiste arís. Ní dhéanann siad ach méid áirithe ábhar agus níl siad ag déanamh na Gaeilge arís. Tá cuid eile ann nach ndéanann an Ghaeilge ar an lá. Níl sé riachtanach. Ag an deireadh, ní chaithfidh tú an Ghaeilge a dhéanamh nuair a théann tú isteach sa seomra leis an ardteist a dhéanamh. Socraíonn daoine áirithe gan an Ghaeilge a dhéanamh agus iad ina suí sa seomra.
Comment on this
Níl. B'fhéidir go mbreathnaíonn siad go bhfuil an Ghaeilge ródheacair. B'fhéidir nach bhfuil spéis acu inti nó go gceapann siad nach bhfuil sí bainteach leis an rud a bhfuil siad ag iarraidh a dhéanamh amach anseo. B'fhéidir go gceapann siad nach bhfuil siad réidh chuici.
Comment on this
An gcuireann sé sin bac orthu tar éis sin?
Comment on this
D'fhéadfadh sé bac a chur orthu má tá siad ag iarraidh dul go dtí ceann de na coláistí a bhfuil an Ghaeilge mar chuid dá bpróiseas iontrála.
Comment on this
Dar leis an ollamh, tá díolúine ag níos lú ná 15%. Tá ardú de beagnach deich bpointe céatadáin air sin sa líon nach ndéanann an ardteist.
Comment on this
Ag leibhéal na sraithe sóisearaí, is é 20% an figiúr. Ag an am céanna, tá 97% ag déanamh stair.
Comment on this
Fiú ansin, tá bearna idir an 14% agus an 20%. Táimid ag rá don 6% sin, nuair a théann siad go dtí an t-ionad scrúduithe, nach gá dóibh é a dhéanamh.
Comment on this
Chomh maith leis sin, mar chuid den ardteist fheidhmeach, is féidir a roghnú gan an Ghaeilge a dhéanamh.
Comment on this
Ní saineolaí ar an ardteist fheidhmeach mé ach sílim go bhfuil féidearthachtaí breise ansin.
Comment on this
Maidir leis an dara hábhar atá á mholadh, bheadh sé sin mar rogha do chuile dhalta, an mbeadh?
Comment on this
Tá ceist dheireanach agam. Maidir leis na teangacha idirnáisiúnta a bhfuil na daltaí ag déanamh staidéar orthu sna meánscoileanna, an mbaineann na curaclaim sin leis an FTCE? An bhfuil an próiseas sin ann cheana?
Comment on this
Tá. Tá an chuid is mó de na curaclaim i gcomhair teangacha idirnáisiúnta nó Eorpacha anois ailínithe leis an bhfráma tagartha ar bhealach ginearálta. Is é sin an fhoclaíocht a úsáidtear. Tá seans ann go bhfuil cuid acu ailínithe ar bhealach níos cuimsithí ná cuid eile.
Comment on this
Chuir an Seanadóir Curley ceist níos luaithe maidir le córas na bpointí agus rudaí mar sin. Cén chaoi a n-oibríonn sé sin? Dúirt an Seanadóir gur féidir fadhb a bheith ann le córas na pointí má leanann muid an FTCE. Dúirt sé go bhféadfadh deacrachtaí a bheith ann ansin. Cén chaoi gur féidir linn pointí a thabhairt do na daltaí atá ag déanamh leibhéal B1 nó C1?
Comment on this
I gcomhthéacs na hollscoile, áit a bhfuil mé féin ag obair, tá curaclam Gaeilge i bhfeidhm sna hollscoileanna ar fad atá bunaithe ar B2 don chuid is mó ach atá ag dul i dtreo C1. Is é sin an curaclam. Is iad sin na torthaí foghlama. Ansin, tá na tascanna measúnaithe bunaithe ar an leibhéal sin, B2 go C1. Ansin, tá an córas grád. Tá taighde áirithe neamhfhoirmiúil déanta agam féin go hinmheánach san ollscoil. Is é an rud a tháinig amach as an taighde sin ná gurb iad na daoine a fhaigheann céadonóracha sna cúrsaí seo atá ailínithe leis an bhfráma tagartha na daoine a bhfuil C1 acu. Tá B2.2 ag na daoine a fhaigheann 60% agus tá B2 ag na daoine a fhaigheann 50%. Leis na gráid ansin, is féidir le daoine caighdeáin éagsúla a léiriú. Leis an bhfráma tagartha, tá dhá rud éagsúla i gceist. Tá na gníomhaíochtaí cumarsáide agus na caighdeáin agus scileanna teanga ann. Go minic, is féidir na critéir mheasúnaithe a bhaineann le scéim marcála nó na táscairí a bhaineann le gráid éagsúla a bhunú ar na tuairisceoirí, nó descriptors, a bhaineann le scileanna teanga ach na gníomhaíochtaí céanna a bheith ar siúl ag gach duine.
Comment on this
Tá cúpla ceist agam. Leanfaidh mé ar aghaidh ón méid a dúirt an Teachta Connolly. Baineann mo cheist leis an gceist a chur an Teachta maidir le hailíniú churaclaim na nuatheangacha Eorpacha leis an FTCE. Agus Shane Ó Coinn ag labhairt, rith sé liom nach féidir muinín a bheith againn go bhfuil líofacht ag dalta a fhaigheann H1. An bhféadfaimis an rud ceannann céanna a rá faoin bhFraincis, faoin nGearmáinis ná faoin Spáinnis? Ag eascairt as an méid a dúradh, más rud é go bhfuil an t-ailíniú sin ag tarlú, ba chóir go mbeadh muinín éigin againn go bhfuil líofacht sna teangacha sin ag daltaí a fhaigheann H1 iontu. An bhfuil an mhuinín sin ann?
Comment on this
Tá gach seans ann go bhfuil. Is é an príomhrud ná go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil muid ag déanamh measúnú ar na scileanna atá ag teastáil ó dhaltaí leis an teanga a úsáid go laethúil. Is í sin an fhadhb atá ann faoi láthair. Ní hionann na tascanna scrúduithe ag leibhéal na hardteiste agus na scileanna atá de dhíth ar dhaltaí leis an teanga a úsáid go laethúil. Déanann Aoife Ní Ghloinn comparáid leis an scrúdú tiomána go minic. Sa scrúdú tiomána, déantar measúnú ar na scileanna atá ag teastáil lena bheith in ann tiomáint. Is é sin an cineál ruda atá de dhíth ag an leibhéal seo. Má athraíonn muid na tascanna scrúduithe, athróidh sé sin an cleachtas sa seomra ranga, an teagasc agus an fhoghlaim. Is é sin an fáth go bhfuil míréir ann ag an bhomaite. Níl muid ag déanamh measúnú mar is ceart ar na scileanna teanga. Bíonn tionchar aige sin ar an chleachtas sa seomra ranga. Caithfimid a bheith ag amharc ag gach rud - an curaclam agus na tascanna scrúduithe le chéile - lena chinntiú go bhfuil siad ailínithe leis na scileanna atá de dhíth ar dhaltaí leis an teanga a úsáid go laethúil. Caithfimid amharc ar an phróiseas chun a chinntiú go bhfuil sé sin ailínithe. Athróidh sé sin modhanna teagaisc agus an dóigh a bhfuil daltaí ag foghlaim na teanga.
Comment on this
Tá dhá ghné ag baint leis seo, mar sin. Tá an t-ailíniú leis an gcuraclam faoi mar a chuirtear ar bun é agus ansin an bealach ina ndéantar measúnú ar an gcúrsa.
Comment on this
Is é sin an rud a bhfuilimid ag rá. Ba chóir go mbeadh dearadh droim ar ais ann. Caithfimid amharc ar thascanna scrúduithe samplacha nuair atáimid ag dearadh na sonraíochtaí. Ní tharlaíonn sé sin ag an bhomaite. Ag an bhomaite, amharcaimid ar na sonraíochtaí agus ansin amharcaimid ar an mheasúnú ina dhiaidh. Is é sin an fáth go bhfuil míréir ann. Tuigimid go bhfuil fadhb ann. Má leanaimid ar aghaidh ag déanamh an ruda chéanna arís agus arís, ní athróidh rudaí. Caithfimid an dearadh droim ar ais le hailíniú tógachaoích a úsáid. Caithfimid amharc go domhain ar na tascanna scrúduithe lena chinntiú go bhfuil siad ailínithe leis na haidhmeanna, na torthaí foghlama agus gach rud eile.
Comment on this
Is é sin an rud a bhfuilim ag iarraidh tuiscint a fháil air. Caithfidh an dá rud sin a tharlú le chéile - an t-ailíniú agus an scrúdú. Is cosúil nach ionann H1 sa Fhraincis agus líofacht sa Fhraincis, fiú má tá an curaclam ailínithe leis an FTCE. An bhfuil sé sin fíor?
Comment on this
Nílim i mo shaineolaí ar chúrsaí Fraincise-----
Comment on this
-----ach, ag teacht leis an rud atá ráite ag Shane Ó Coinn, bíonn an measúnú fíorthábhachtach. Ní féidir a rá go bhfuil curaclam ailínithe leis an bhfráma tagartha mura bhfuil an measúnú ailínithe. Ar bhealach, is é bun agus barr an fhráma tagartha go mbíonn an dá rud ag teacht le chéile.
Comment on this
An bhfuil an nasc láidir sin ann idir measúnú agus ailíniú i dtíortha Eorpacha eile? I dtíortha ina ndéantar an Béarla a theagasc do dhaoine nach bhfuil Béarla acu mar theanga dhúchais, an bhfuil an nasc láidir sin ann idir measúnú agus ailíniú agus iad ag tabhairt faoin teanga sa scoil?
Comment on this
Braitheann sé ar an gcomhthéacs. Tá éagsúlacht in áiteanna éagsúla. Is cinnte gur cheart go mbeadh sé sin ann. Is é sin an sprioc i gcónaí.
Comment on this
Glacaim leis go mbeadh sé níos comónta i dtíortha eile ná mar atá in Éirinn.
Comment on this
Tá fadhb ar leith ag baint le cúrsaí measúnaithe i gcás na Gaeilge ag leibhéal na hardteiste.
Comment on this
Bhí Julian de Spáinn ag labhairt faoi na modúil a bhfuil an CNCM ag féachaint orthu. An féidir leis samplaí de shubstaint na modúl sin agus de shubstaint an ábhar bhreise atá á mholadh a thabhairt dom? Cén cruth a bheadh orthu?
Comment on this
Níl a fhios againn fós. Tá an CNCM fós i mbun comhairliúcháin le roinnt scoileanna.
Níl siad feicthe againn. Tá baol ann. Bhí comhairliúchán ag an CNCM tamall ó shin le féachaint ar an líon ábhar a bhí ann don ardteist. Bhí sé ag breathnú ar dhul i dtreo an líon ábhar a laghdú, mar atá sé ó Thuaidh. Tháinig an t-aiseolas ar ais agus ba é tuairim láidir na bhfreagróirí go bhfuil oideachas maith leathan againn agus gur fiú leanúint leis na seacht n-ábhar. Tá an cuma ar an scéal go bhféadfadh go leor fadhbanna a bheith leis an mbealach a bhfuilimid chun dul leis, na modúil ar mhaithe le rogha a chur ar fáil sa bhealach ina gcuirtear trasna é. B'fhéidir go mbeidís ag rá nach ábhar iomlán an Ghaeilge a thuilleadh agus gur modúl é amach anseo. Caithfear a bheith airdeallach air sin agus cúramach nach dtarlóidh sé. Nílim ag rá go dtarlóidh sé ach caithfimid a bheith airdeallach air.
Comment on this
Tá cur chuige suimitheach de dhíth in áit cur chuige laghdaitheach. Tá cúpla bomaite fágtha againn. An bhfuil aon duine ag iarraidh aon cheist eile a chur? An bhfuil aon rud eile le rá ag na finnéithe sula gcuirim clabhsúr leis an seisiún seo?
Comment on this
Tá rud beag amháin le rá agam. Na rudaí ar fad a bhfuilimid ag caint orthu - curaclam agus measúnú a bheith ailínithe le chéile, an cumas cuí teanga a bheith ag múinteoirí, agus an curaclam a bheith dírithe ar scileanna atá luachmhar sa ghnáthshaol - is gnéithe a bhaineann leis an bhfráma tagartha iad. Is gnéithe iad a bhaineann leis an dea-chleachtas i gcuraclam ar bith. Ní dóigh liom gur cheart dúinn a bheith ag iarraidh "An bhfuilimid chun an fráma tagartha a chur i bhfeidhm?" nó "An mbeadh dúshláin mhóra romhainn agus an mbeadh acmhainní ag teastáil chun é sin a dhéanamh?" Níl i gceist leis na rudaí sin ach na bunphrionsabail a bhaineann leis an dea-chleachtas i dteagasc teangacha go ginearálta. Fiú mura mbeadh an fráma tagartha luaite leis an gcuraclam ar chor ar bith, ba cheart go mbeadh na bunrudaí sin ar siúl. Mura bhfuil, tá fadhb againn.
Comment on this
Leis sin, cuirfidh mé clabhsúr leis an seisiún seo. Cuireann sé sin deireadh leis an seisiún. Gabhaim buíochas lenár bhfinnéithe as an bplé fiúntach agus tairbheach a bhí againn leo inniu. Cuirfidh mé an cruinniú ar fionraí ar feadh cúpla nóiméad chun deis a thabhairt dár gcéad fhinnéithe eile teacht isteach agus a suíocháin a ghlacadh.