Múineadh na Gaeilge ag an Iarbhunleibhéal: Plé
Díríodh ar mhúineadh na Gaeilge ag an iarbhunleibhéal, go háirithe na fadhbanna le Gaelcholáistí agus scoileanna lán-Bhéarla: easpa múinteoirí cáilithe, easpa acmhainní, curaclam agus scrúdú ró-dhírithe ar mheabhrú, agus an córas díolúintí a chuireann daltaí áirithe ar leataobh. D’iarr na finnéithe oideachas lán-Ghaeilge níos leithne, tacaíocht agus traenáil níos fearr do mhúinteoirí agus do chúntóirí riachtanais speisialta, agus reachtaíocht chun an córas a dhíchoilíniú agus cearta teanga daltaí a chosaint.
Tá muid anois chun breathnú ar mhúineadh na Gaeilge ag an iarbhunleibhéal. Tá an-áthas orm fáilte a chur roimh na finnéithe seo a leanas ó Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann: Rónán Ó hÍcÍ, oifigeach na Gaeilge, Cú Chulainn Ó Faoláin, oifigeach na Gaeilge tofa agus Labhaoise Ní Thirial, oifigeach idirnáisiúnta.
Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 3 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Sula leanaimid ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe uilig. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste, nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint.
Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir leis na finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu, agus má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á phlé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.
Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí go bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá ar bhféadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, más rud é go bhféadfadh a ráiteas bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéilleann siad leis an ordú sin. An nglactar leis na treoracha sin? Glactar leo.
Le tús a chur leis an seisiún seo, iarraim ar Rónán Ó hÍcí a ráiteas tosaigh a léamh.
Comment on this
Thar ceann Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann, gabhaim ár mbuíochas ó chroí leis na gcoiste as an gcuireadh agus as an deis luachmhar seo. Is pribhléid é a bheith os gcomhair an chomhchoiste arís in éineacht le mo chomhghleacaithe, Labhaoise Ní Thíreal, ár n-oifigeach idirnáisiúnta, agus Cú Chulainn Ó Faoláin, oifigeach Gaeilge tofa an aontais. Leanfaidh Cú Chulainn mé chun taithí phraiticiúil phobal na nGaelcholáistí a roinnt. Ina dhiaidh sin, roinnfidh Labhaoise an fhírinne shearbh faoin taithí a bhíonn ag daltaí i scoileanna lán-Bhéarla agus scéal Valeria, teifeach ón Úcráin, a léiríonn an chaoi a ndúntar doras na teanga ar dhaoine óga sa chóras docht reatha seo.
Caithfimid staid na teanga sa gcóras oideachais a phlé trí lionsa stairiúil agus struchtúrach. Go pearsanta, is é an córas oideachais a mhúscail grá ionam don Ghaeilge, ach is é an córas céanna anois atá ag scoilteadh mo chroí. Chaith mé mo shaol scoile ar fad sa Ghaeloideachas, ag tosú amach sa Ghaelscoil i mBaile Chill Mhantáin go dtí mo lá deiridh i nGaelcholáiste na Mara.
Agus mé ag déanamh machnamh air sin, braithim gur goideadh an deis uaim agus ó thromlach na ndaoine timpeall na tíre seo an Ghaeilge a labhairt ó dhúchas mar chéad teanga sa mbaile nuair a rinneadh coilíniú ar an tír seo. Thug an córas oideachais an deis dom mé féin a thumadh sa teanga agus í a fhoghlaim. In ainneoin an ghrá sin a cothaíodh, fágann an córas muid gan chothrom na Féinne. Chaith mé m’aistear ar fad sa chóras oideachais i bhfoirgnimh shealadacha. Ní raibh leabhair trí Ghaeilge agam don chuid is mó de m’ábhair, agus bhí an chuid is mó de na cinn a bhí ar fáil as dáta. Tá ganntanas múinteoirí le feiceáil go forleathan, go háirithe sa Ghaeloideachas. Caithfear níos mó infheistíochta a dhéanamh sa gcóras seo agus d’eagraíocht ar nós an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, chun na hacmhainní a chur ar fáil. Cloisfidh comhaltaí tuilleadh faoi seo ó Chú Chulainn Ó Faoláin ar ball.
Labhair mé cheana faoin meon iarchoilíneach atá ag creimeadh ár n-institiúidí náisiúnta. Is léiriú soiléir ar an meon iarchoilíneach seo iad na liostaí feithimh ollmhóra do Ghaelcholáistí ar fud na tíre. Tá éileamh ollmhór ann ó theaghlaigh, ach teipeann ar an Stát leanúnachas a chinntiú. Tá daltaí i ngach cearn den tír fágtha ar liostaí feithimh nó ag dul ar aghaidh go dtí iarbhunscoileanna Béarla de bharr easpa soláthair agus spáis. Mar sin, cuireann sé díomá dhomhain orainn san aontas éisteacht leis an ráiteas ón Aire oideachais, an Teachta Naughton, ag maíomh nach mbeidh aon scoil nua lánGhaeilge á tógáil go dtí 2032. Cad as a dtiocfaidh na cainteoirí nua chun na spriocanna in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Léasú) a bhaint amach má dhúnann an Rialtas an doras ar an nGaeloideachas arís? Má theastaíonn uainn léas dóchais a fheiceáil agus briseadh saor ón meon iarchoilíneach seo, ní mór dúinn an córas oideachais a dhíchoilíniú ón mbonn.
Breathnaímis ar an mBreatain Bheag, tír ar éirigh léi athrú struchtúrach a dhéanamh trí reachtaíocht shoiléir agus spriocanna daingne. I mí Eanáir 2025, bhí thart ar 21% de dhaltaí i scoileanna lánBhreatnaise, chomh maith le 5% i scoileanna dátheangacha. Is é sin an chaoi a ndéantar polasaí teanga rathúil nuair atá fís cheart ann a dhiúltaíonn don mheon iarchoilíneach. Is é sin an fáth a seasann Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann go daingean le feachtas IMEASC agus go n-éilíonn muid Acht oideachais lánGhaeilge. Mar a léirítear i dtuarascáil an eacnamaithe Jim Power, tá tairbhe eacnamaíoch agus sóisialta ollmhór ag baint leis an infheistíocht seo, ach caithfear reachtaíocht a rith chun an ceart sin a thabhairt dár ndaltaí seachas iad a fhágáil ag brath ar pholasaithe sealadacha an Rialtais.
Agus muid ag caint ar chearta, caithfimid casadh ar phobal na Gaeltachta, an dream a mhothaíonn an meon iarchoilíneach atá ag institiúidí an Stáit go dlúth agus iad ag maireachtáil lá i ndiaidh lae trí Ghaeilge. Tá sé scannalach go raibh, agus go bhfuil, ar mhuintir na Gaeltachta troid i gcomhair chuile rud, ó chearta teanga go hoideachas. Tá sé in am iad a thógáil san áireamh agus na cinntí seo á ndéanamh, go háirithe i struchtúr nua churaclam na hardteistiméireachta.
Ní féidir an t-uisce céanna a thairiscint don iasc atá ag snámh sa doimhneacht agus don duine atá ag foghlaim conas snámh don chéad uair. Ní mór dúinn an córas a dhíchoilíniú sa gcaoi go dtabharfar dúshlán ceart acadúil do dhaltaí na Gaeltachta sa churaclam nua chun caighdeán iomlán na teanga a ardú ar fud na tíre ionas go mbeidh luach a gcuid oibre agus saibhreas a n-oidhreachta á bhfáil acu sa seomra ranga seachas a bheith thíos le meon atá as dáta.
Tá gealltanais faighte againn le blianta, ach tá na spriocanna leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge fágtha mar ghealltanais agus spriocanna folmha. Tá sé thar am ag an Rialtas an Ghaeilge a thógáil san áireamh ina bheart agus ina bhriathar. Tá sé in am ag an Rialtas an córas a dhíchoilíniú agus cothrom na Féinne a thabhairt do dhaltaí na tíre seo. Níl na glúnta óga ag iarraidh go ngearrfaí amach as oidhreacht a dtíre iad. Cloisfidh comhaltaí anois ó Chú Chulainn Ó Faoláin atá chun taithí phraiticiúil na nGaelcholáistí a leagan amach. Ina dhiaidh sin, míneoidh Labhaoise Ní Thirial conas mar a oibríonn an córas i leith scoileanna lánBhéarla agus scéal Valeria maidir le conas is féidir linn na doirse go léir a oscailt dár ndaltaí ar fad.
Comment on this
Is oifigeach na Gaeilge tofa mé in Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann. Gabhaim buíochas ó chroí leis an gcoiste as an gcuireadh seo. Is deis iontach é seo chun ár dtaithí a roinnt. Bhí ról lárnach ag an nGaeilge i mo shaol ó bhí mé i mo pháiste. É sin ráite, bhí dúshláin ann a chuaigh go mór i bhfeidhm orm mar chainteoir Gaeilge agus duine óg. Roinnfidh mé cuid de na dúshláin sin leis an gcoiste.
Agus mé ag labhairt ar mo thaithí, labhróidh mé faoin taithí a bhí agam ar an meánscoil. Tá staid na Gaeilge i bhfad níos fearr i scoileanna lánGhaeilge ná i scoileanna lánBhéarla. Thuig mé é sin a luaithe is a shroich mé an chéad bhliain. Bhí an Ghaeilge ar mo thoil agam toisc gur labhair mé í sa mbaile agus toisc gur fhreastail mé ar bhunscoil lánGhaeilge. Cé nár tógadh mé sa nGaeltacht, bhí an Ghaeilge mar ghnáththeanga sa mbaile agam. Rinne mé mo chuid oideachais trí Ghaeilge. Bhí mé sna ranganna céanna le daltaí nach raibh an leibhéal céanna acu, áfach, agus chruthaigh sé sin deacrachtaí do chuile dhuine. Ní cuirim an milleán ar na daltaí ná ar na múinteoirí. Tá múinteoirí faoi bhrú agus tá ábhair le múineadh acu. Tá easpa múinteoirí cáilithe i roinnt áiteanna. Uaireanta, is fíor go gcuirtear múinteoirí isteach i róil nach acmhainn dóibh. Is ansin a theipeann an córas ar dhaltaí na hÉireann. Gan múinteoirí cáilithe a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu, bíonn sé deacair do dhaltaí meas agus suim a fhorbairt sa teanga. Mura bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag múinteoirí, ní féidir leo Gaeilge a mhúineadh do dhaltaí. Ní bhíonn caighdeán Gaeilge ag roinnt múinteoirí agus ní féidir leo an Ghaeilge a mhúineadh sa rang Gaeilge ná ábhair eile a mhúineadh trí mheán na Gaeilge, gan aon locht orthu. Ba chóir tuilleadh tacaíochta agus oiliúna atá ar ardchaighdeán a chur ar fáil ón Roinn do mhúinteoirí ionas gur féidir linn dul i ngleic leis an bhfadhb seo.
Cé go bhfuilim ag labhairt ar mo thaithí féin, is mian liom labhairt faoin Ghaeltacht freisin. Tá géarghá le múinteoirí atá ar ardchaighdeán agus a bhfuil na scileanna acu chun an teanga a chur chun cinn i measc daoine óga. Ní leor daoine a chur isteach i gcóras lánGhaeilge díreach chun an t-éileamh a shásamh. Caithfimid córas ceart cothrom a chruthú a oibríonn do lucht foghlama na hÉireann.
Mar dhuine a fheidhmíonn trí Ghaeilge, is minic a bhíonn deacrachtaí agam ag plé leis an Stát i ndomhan an Bhéarla. Cé go dtugann Bunreacht na hÉireann stádas níos airde don Ghaeilge, ní léirítear é sin i saol an lae inniu, faraor. Mura bhfuilimid ag cruthú cainteoirí muiníneacha Gaeilge tríd ár gcóras oideachais, beidh streachailt againn san am atá amach romhainn ag líonadh na ról seo.
Mar dhuine a tógadh le Gaeilge sa mbaile, tuigim cé chomh tábhachtach is atá an córas oideachais maidir le cainteoirí muiníneacha a chothú. Má tá fuath cothaithe don Ghaeilge i measc dhaltaí na hÉireann, cén chaoi a mbeidh an Ghaeilge in ann forbairt? Is é an córas oideachais an deis is mó atá againn chun an Ghaeilge a chur chun cinn, go háirithe taobh amuigh den Ghaeltacht, ach nílimid ag caitheamh leis cosúil leis sin i láthair na huaire. Tá rian an choilíneachais greanta inár sochaí go fóill.
Ina theannta sin, tá a fhios againn go léir go bhfuil géarghá le cúntóirí riachtanais speisialta chun tacaíocht cheart a thabhairt do theagasc agus d’fhorbairt na Gaeilge inár nGaelcholáistí.
Bíonn ar na cúntóirí seo obair go dlúth le daltaí a bhfuil riachtanais bhreise acu, agus mar aon leis sin, bíonn siad ag tabhairt tacaíochta i ngach gné de shaol na scoile. Mura bhfuil Gaeilge ag na cúntóirí seo, cén chaoi gur féidir linn a bheith ag súil go mbeidh na daltaí féin in ann Gaeilge a labhairt go nádúrtha agus go héasca? Ní luíonn sé le réasún. Tá muid ag cur constaicí os comhair na ndaltaí in áit cabhrú leo. Tá sé tábhachtach go mbeadh cúntóirí riachtanais speisialta le hardchaighdeán Gaeilge ar fáil i scoileanna Gaeltachta. Má táimid chun tacú le cainteoirí óga Gaeilge agus an teanga a choinneáil láidir mar theanga bheo, ní mór an tacaíocht cheart a chur ar fáil dóibh sa seomra ranga agus taobh amuigh de. Níl cáilíocht Gaeilge ar bith ag teastáil ó na cúntóirí seo chun post a fháil i nGaelcholáiste. Ní gá dóibh ach agallamh go dátheangach a dhéanamh. Má táimid dáiríre faoi oideachas lánGhaeilge a chosaint, caithfimid aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo láithreach. Is léir domsa go bhfuil gá le forbairt ar na dianchúrsaí Gaeilge sa Roinn oideachais chun na scileanna riachtanacha teanga a chur ar fáil do na cúntóirí seo. Ní hamháin go gcabhródh sé seo leis na cúntóirí féin, ach cruthódh sé timpeallacht níos fearr agus níos cothroime do dhaltaí.
Is léir go bhfuil ag teipeadh ar an gcóras reatha. Ní thiocfaidh feabhas air mura dtógfaimid aghaidh air go práinneach. Sular gcuirim deireadh le mo chuid cainte, ba mhaith liom buíochas mór a ghabháil leis an gcoiste as an deis iontach seo a thabhairt dúinn ár dtaithí a roinnt ar mhaithe le hathrú sa chóras. Míle buíochas agus táim lánsásta forbairt a dhéanamh ar na pointí atá luaite agam má tá ceisteanna ag na baill.
Comment on this
A Chathaoirligh, a Theachtaí Dála, a Sheanadóirí agus a chairde Gael, táim mar oifigeach idirnáisiúnta Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann. Is as Contae Chill Mhantáin dom agus táim ag déanamh staidéar ar an nGaeilge, ar an socheolaíocht, ar an bpolaitíocht agus ar chearta an duine in Ollscoil na Gaillimhe. Ba mhaith liom mo thaithí phearsanta a roinnt leis an gcoiste maidir le taithí na ndaltaí atá ag foghlaim na Gaeilge i scoileanna lánBhéarla timpeall na tíre.
D'fhreastail mé féin ar scoileanna lánBhéarla le linn mo chuid oideachais go léir. Is léir domsa as an taithí sin go bhfuil gá práinneach le córas a bhfuil i bhfad níos solúbtha, tacúla agus ionchuimsithe d'ár ndaltaí. Go sonrach, díreoidh mé ar chóras na ndíolúintí agus na héifeachtaí forleathana a bhíonn acu. Ar an gcéad dul síos, caithfimid breathnú ar na staitisticí scanrúla atá curtha ar fáil i dtuairisc an tOllamh Pádraig Ó Duibhir. Mar is eol dúinn, léiríonn an taighde seo go bhfuil fás as cuimse tagtha ar líon na ndíolúintí le blianta beaga anuas. Mura bhfuil athrú ar an scéal, beidh 22.5% de dhaltaí le díolúine ón nGaeilge faoi 2030. Léiríonn tuairisc an tOllamh Ó Duibhir go soiléir go bhfuil an córas reatha ag teipeadh ar phobal na scoileanna lánBhéarla mar nach bhfuil an tacaíocht chuí sa seomra ranga chun na daltaí seo a choinneáil laistigh de phobal na teanga.
Chun aghaidh a thabhairt ar na staitisticí teo seo, ba mhaith liom cúpla scéal a roinnt. Tá deartháir níos óige agam atá díreach tar éis an dara bhliain sa mheánscoil a chríochnú. An samhradh seo, tá seisean agus a chairde ag dul go dtí Coláiste Uisce i nGaeltacht Mhaigh Eo. Is é seo an fíoreispéireas Ghaeltachta a bhíonn ag daoine óga chuile bhliain. Ach, tá duine dá chuid cairde fágtha ina dhiaidh sa bhaile; dalta a bhfuil disléicse air. Toisc go bhfuil díolúine iomlán faighte aige ón nGaeilge ar scoil, dúnadh doras na teanga air go hiomlán. Mothaíonn sé nach mbaineann an Ghaeilge ná saol sóisialta na Gaeltachta leis. Cén fáth go bhfuil an córas ag deighilt cairde óna chéile ar an mbonn seo? I gcodarsnacht leis seo, is féidir liom scéal mo chara Ciara a lua. Bronnadh díolúine oifigiúil ar Chiara ar scoil, agus disléicse uirthi. In ainneoin na ndíolúine sin, d'fhan sí sa seomra ranga agus lean sí uirthi ag éisteacht agus ag glacadh páirte sna ranganna Gaeilge. Inniu, tá Ciara in ann Gaeilge a labhairt go bríomhar. Cruthaíonn cás Chiara an rud atá ráite i dtuarascáil an Ollaimh Ó Duibhir, sé sin go bhfuil go leor dalta a bhfuil díolúine acu atá in ann barr feabhais a bhaint as an gcumarsáid labhartha, fiú má bhíonn streachailt acu leis an léamh nó leis an scríobh.
Agus muid ag caint ar ionchuimsiú, caithfimid spás a thabhairt do dhaltaí nua na hÉireann agus do dhaoine atá ag lorg tearmainn sa tír seo, cosúil le Valeria, teifeach ón Ucráin atá ag freastal ar mheánscoil lánBhéarla agus atá mar oifigeach san aontas. Tugtar díolúine uathoibríoch do dhaltaí a thagann isteach sa tír tar éis aois áirithe, rud a insíonn dóibh nach cuid den sochaí seo iad. Mar a dúirt Valeria liom:
I deeply wish I could write this statement as Gaeilge, but as a refugee I see I was robbed of the true opportunity to learn and integrate through Ireland’s native tongue. Coming from Ukraine, I immediately recognised that only Gaeilge can offer a proper, accurate insight into Irish traditions and allow a person to truly connect with the culture and its people. Navigating daily life in a coloniser’s language felt intensely awkward and even triggering as the painfully similar histories of our two countries made me fear a future where my own native Ukrainian might be entirely supplanted by a dominant force. True connection, humour and cultural understanding belong in the native language of the land, and it is vital that we protect and prioritise it.
Léiríonn an taighde idirnáisiúnta i dtuarascáil an Ollaimh Ó Duibhir go gcabhraíonn foghlaim an dara nó tríú teanga go mór le lánpháirtíocht shóisialta na dteifigh agus na n-inimircigh. Teastaíonn córas solúbtha bunaithe ar chomhchreat tagartha na hEorpa um theangacha. Má tá daltaí ag streachailt leis an ngné acadúil, ba cheart go mbeadh cead acu díriú ar an nGaeilge ó thaobh cúrsaí cumarsáide de, seachas an doras a dhúnadh orthu go hiomlán le díolúine iomlán.
Chun críochnú, ba mhaith liom filleadh ar mo thaithí féin. Chaith mé na blianta fada i gcóras oideachais an Bhéarla. Nuair a bhí mé níos óige, theastaigh uaim freastal ar scoil lánGhaeilge nó ar Ghaelcholáiste ach ní raibh an deis sin ar fáil i mo cheantar de bharr easpa soláthair an Stáit. Ní raibh mé in ann an Ghaeilge a labhairt go nádúrtha go dtí gur thosaigh mé ar an ollscoil mar gur múineadh an teanga ar bhealach iomlán difriúil ansin, mar theanga bheo chumarsáideach, seachas mar ábhar scoile amháin go bhfuil ort na focail a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Níor cheart go mbeadh ar dhaltaí feitheamh go dtí an tríú leibhéal chun saoirse labhartha na Gaeilge a bhlaiseadh. Táimid ag iarraidh córas solúbtha, ionchuimsitheach a thabharfaidh deis do chuile dalta, idir daltaí le disléicse agus daltaí ar nós Valeria, a bheith ina gcuid de phobal na Gaeilge.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as na ráitis sin a roinnt linn. Rachaidh mé anois go dtí na comhaltaí. Glaoim ar an Teachta Ó Snodaigh. Tá seacht nóiméad an duine ag na comhaltaí.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as na cur i láthair sin. Bhí rud nó dhó ansin nár rith liom go dtí seo. Tiocfaidh mé ar ais chucu sin.
Ag déileáil leis an méid a bhí á rá ag Labhaoise Ní Thirial, níl a fhios agam an raibh na finnéithe ag éisteacht nuair a bhí an chéad dream istigh linn níos luaithe as Conradh na Gaeilge, ach leag siad amach go bhfuil an staid níos measa fiú ná mar atá leagtha amach ag an Ollamh Pádraig Ó Duibhir. Dúradh nach bhfuil 24% ag suí an Ghaeilge ag staid na hardteiste. Tá roinnt daoine nach dtagann isteach don scrúdú. Tá géarchéim ann ó thaobh ceist na ndíolúintí. Tá sé go maith go ndearna Labhaoise Ní Thirial na samplaí sin a leagan os ár gcomhair faoi theifigh agus daltaí le disléicse. Níl bac ar bith orthu - tá bacanna orthu, ar ndóigh - ó thaobh foghlaim na teanga de. Is féidir aon teanga a fhoghlaim, ach uaireanta bíonn deacrachtaí againn.
Maidir leis an gcuid dheireanach a bhí le rá aici faoin teip atá ar an gcóras reatha agus an slí a chaitheann sé leis an ábhar agus an teanga, luadh níos luaithe go bhfuil gá dúinn an fráma comónta tagartha a bheith againn, dírithe ar an teanga a fhoghlaim sa scoil le hí a labhairt agus a choimeád beo, seachas mar rud éigin stairiúil. Conas is féidir linn é sin a dhéanamh? Sin í mo cheist.
Comment on this
Tá roinnt oibre déanta agam i mbliana leis an gcoiste oideachais i gConradh na Gaeilge ar an gceist seo. Ní muidne na saineolaithe, ach is é an teachtaireacht atá againn don Roinn oideachais ná a bheith ag éisteacht linn. Cé go bhfuilimid thar a bheith buíoch as an gcoiste inniu, is léiriú é an easpa Seanadóirí agus Teachtaí Dála atá anseo ar an suim atá ann bheith ag éisteacht leis na daltaí.
Glacaim go mbíonn roinnt tacaíocht á thabhairt dúinn ach ó am go chéile, bímid ar choistí agus mar sin de agus ní bhíonn siad ag glacadh leis an méid atá á rá againn. Caithfidh mé coiste oideachais Chonradh na Gaeilge a mholadh mar gheall air sin, bíonn na baill go léir ag éisteacht linn. É sin ráite, agus muid ar an gcoiste, bímid ag déanamh an cheist seo a phlé agus caithfear níos mó béime a chur ar chúrsaí cumarsáide. Chuala an coiste tuilleadh air sin ó Aoife Ní Ghloinn. Tá orainn níos mó a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta, don dream le disléicse, agus mar sin de. Tá curaclam amháin ann atá ag déanamh a dhícheall a bheith ann do chohórtanna difriúla agus ní oibríonn sé sin. Sin an fhadhb is mó atá ann. Tá an CNCM tar éis a rá nach bhfuil sé chun an dara ábhar a chur ar fáil. Bheadh sé sin nó leibhéal áirithe ar nós sár leibhéal an-fhiúntach.
Comment on this
Comhghairdeas le Ciara, cara le Labhaoise Ní Thiarial. Tháinig sí tríd an disléicse agus an neamhaird a dhéanfadh ar an ngrá atá ag beagnach gach uile páiste scoile ar ábhar a fhoghlaim, is cuma cén ábhar. Ceann de na fadhbanna a tháinig tríd na ráitis ná an t-easpa scileanna teanga atá ag roinnt múinteoirí. Luadh níos luaithe go bhfuil daltaí ag críochnú na h-ardteiste agus ag dul go dtí an ollscoil agus tá marc maith acu sa Ghaeilge ach níl scileanna teanga acu. Is drochrud é sin.
Ó thaobh na múinteoirí de, conas gur féidir linn déanamh cinnte de go bhfuil an tAire oideachais agus an córas i gcoitinne ag díriú isteach ar an easpa scileanna seo? An bhfuil tuairimí ag na finnéithe faoi sin?
Comment on this
Bheadh sé fiúntach dá gcoinneoimis súil nuair atá an traenáil ar siúl agus nuair atá daoine ag dul isteach ar an CAO go bhfuil na cúrsaí seo maith go leor chun dul isteach agus múineadh a dhéanamh. Feicim daoine ag críochnú sa scoil agus ní féidir le Gaeilge a labhairt tar éis sé bliana a chaitheamh á labhairt agus á fhoghlaim. Níl sé sin ceart ná cóir. Feicim nuair atá daoine i rang Fraincise go mbíonn an scrúdú go hiomlán difriúil. Ní bhíonn prós nó dánta air. Tá dánta agus prós an-fhiúntach ar fad, ach ba chóir go mbeadh an scrudú ag díriú ar scileanna labhartha na teanga seachas scileanna scríofa nó foghlaim de ghlanmheabhair. Ní rud é sin. Is é bun agus barr gach uile teanga ná cumarsáid.
Comment on this
Tá píosa agam ar an dá cheist atá ag an Teachta. Go pearsanta, d'fhreastail mé ar scoil lán-Bhéarla ar son mo shaol oideachais go léir, mar a luaigh mé. Gabh mo leithscéal, tá deacrachtaí agam fós le cúrsaí gramadaí. Níl mo Ghaeilge chomh cruinn céanna le Gaeilge Rónán agus Cú Chulainn, ach bhí múinteoir den chéad scoth agam. Áfach, dúirt sé liom go raibh orm m’aiste a fhoghlaim de ghlanmheabhair don H1 a theastaigh uaim. Sin an fhírinne. Caithfidh na daltaí rudaí a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Is é an caighdeán Gaeilge atá agamsa an caighdeán is airde i mo scoil. Bhuaigh mé an gradam Gaeilge i mo scoil agus fós ní raibh mé ábalta dul isteach sa scrúdú agus scríobh i mo chuid focal féin. Caithfidh mé rudaí a fhoghlaim.
Tá deacrachtaí agam le múinteoirí dár ndóigh ach ag an am céanna, tá an córas fós briste. Níl an curaclam ag tabhairt tacaíocht do dhaltaí a gcuid focal féin a úsáid le scileanna labhartha a fhorbairt. Mar shampla, i dtaca leis an tsraith shóisearach agus an tsraith shinsearach, níl béaltriail ann go dtí an ardteistiméireacht. Níl sé sin ag tabhairt tacaíocht do na scileanna labhartha, mar a deir Cú Chulainn. Sin mo thuairim. Tá go leor fadhbanna ann leis na hacmhainní ach níl an fhadhb leis na hacmhainní amháin.
Comment on this
Luaigh Aoife Ní Ghloinn níos luaithe go bhféadfaí an curaclam agus an scrúdú féin a nascadh. Sin an rud ba mhó. Tá chuile rud dírithe ar an scrúdú ach caithfimid na cuspóirí agus spriocanna ar leith a chur sa curaclam agus iad sin a chur sa scrúdú freisin.
Comment on this
Bímse i gcónaí sásta éisteacht a thabhairt do dhaoine atá níos gaire don chóras oideachais ná mar atá mise. Tá mise imithe ón meánscolaíocht le tamall maith de bhlianta. Tá na daoine atá ann tábhachtach agus tá múinteoirí san áireamh ansin. Tá na múinteoirí agus na mic léinn agus iad siúd atá ag cuidiú níos tábhachtaí ná mise. Is féidir liom suí anseo pontificating nó a leithéid. Is féidir liomsa sin a dhéanamh go héasca ach táim ag iarraidh an fhadhb seo sa tír a leigheas. An bealach chun é sin a dhéanamh ná an t-eolas a fháil ó na daoine atá ag dul tríd an córas.
Comment on this
Tá blas álainn Chonamara ag Labhaoise Ní Thiarial. Tá sé le cloisteáil agus tá sé go hálainn. Táim an-tógtha leis.
Ar an ábhar céanna, chuaigh mé go dtí bunscoil lán-Bhéarla agus meánscoil lán-Ghaeilge agus cé gur cheap mé go raibh an-cumas agam sa Ghaeilge sa bhunscoil, ní raibh sé go dtí go ndeachaigh mé go dtí an meánscoil agus chuala mé an Ghaeilge á labhairt - go híorónta is ag foghlaim mata agus tíreolaíocht trí mheán na Gaeilge a chur le mo chuid Gaeilge in áit an Ghaeilge a fhoghlaim. Aithním sin go beacht.
Ceann de na rudaí a sheas amach domsa leis na cúntóirí riachtanais speisialta ná an traenáil atá muid ag cur orthu. Céard é meas na bhfinnéithe ar conas gur féidir linn cur leis sin? Ceann de na rudaí atá ag dul isteach go dtí an díospóireacht agus an caint seo ar fad faoi dhíolúintí ná nach féidir le daoine a bhfuil riachtanais bhreise oideachais orthu foghlaim trí mheán na Gaeilge; rud a chuireann isteach ormsa go mór mar níl aon fhianaise ann le tacú lena leithéid. Ceann de na bealaí gur féidir linn déileáil leis sin ná cinntiú go bhfuil cúntóirí riachtanais bhreise againn a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu, nó mura bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu, go bhfuil fáil acu ar chúrsaí nó ar theagasc chun cur lena gcuid Gaeilge. An ábhar é seo atá na finnéithe tar éis smacht nó díriú a dhéanamh air? Conas gur féidir linn cur le líon na cúntóirí speisialta a bhfuil Gaeilge acu?
Comment on this
Is ceist thar a bheith mór é sin. Rinne mise machnamh air sin le cúpla duine agus ar dtús, n'fheadar an féidir cúpla múinteoir atá ag dul ar scor a fháil ar feadh cúpla bliain a bhfuil Gaeilge acu a bheadh sásta an post sin a dhéanamh.
Caithfimid a bheith réalaíoch agus i láthair na huaire, níl a dhóthain daoine ar an oileán seo ina iomlán le Gaeilge atá ar fáil chun a leithéid den phost sin a dhéanamh, agus mar sin, tá ar an Rialtas fís ar leith a bheith aige. Tá orainn breathnú ar an mBreatain Bheag agus mar sin de agus an chaoi a bhfuil an plean sin aige i gcomhair 2050, agus ceist a chur conas gur féidir linn sin a dhéanamh leis na postanna go léir a líonadh le daoine atá iomlán oilte trí mheán na Gaeilge. Ní féidir roinnt de na hoiliúint a fháil trí Ghaeilge, agus mar sin, conas gur féidir leo é a dhéanamh trí Ghaeilge? Mar shampla, agus níl sé seo bainteach leis an gceist áirithe seo, táim ag freastal ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath anois. Tá dlí le Gaeilge idir lámha agam ach ní féidir liom an dlí a dhéanamh trí Ghaeilge. Bheadh orm dul go dtí Corcaí nó Doire agus níl sin d'acmhainn agam. Conas gur féidir liom mo shaol oibre a chaitheamh trí Ghaeilge mura bhfuil an oiliúint sin agam trí Ghaeilge? Is é sin an rud ba mhó; oiliúint a chur ar fáil trí Ghaeilge.
Comment on this
Is rud é sin a bhí idir lámha againn sa mhír roimhe seo ag labhairt leis an IPA. Ní hamháin gur gá dúinn cúrsaí a chur ar fáil a dhéanann teagasc ar an nGaeilge, ach caithfimid cúrsaí a chur ar fáil a dhéanann teagasc ar disciplíní eile trí mheán na Gaeilge.
Comment on this
Sin an fráma tagartha comónta ón luathoideachais ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal.
Comment on this
Caithfidh an Rialtas é sin a dhéanamh. I láthair na huaire, táimid ag díriú ar an ardteist ach ba chóir go mbeadh muid ag díriú ar an gcóras ar an iomlán.
Comment on this
Tá athrú meoin de dhíth freisin. Nuair a labhraítear faoi oideachas agus Gaeilge, an chéad rud a smaoiníonn daoine ar faoi láthair ná an Ghaeilge í féin, in áit an oideachas a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Ní ceist í sin amháin do chúrsaí ollscoile ach ceapaim gur ceist í sin do chúrsaí breisoideachais. Cén fáth nach féidir le leictreoirí nó pluiméirí a gcuid printíseachtaí a dhéanamh trí mheán na Gaeilge? Beidh ganntanas de na hoibrithe sin sna ceantair Ghaeltachta agus beidh fáil ar na hoibrithe sin i gceantair a bhfuil níos mó cainteoirí Gaeilge iontu freisin. Tagaim leis an méid atá ráite.
Ó thaobh cheist na ndíolúintí, faoi mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh tá na finnéithe i bhfad níos giorra den chóras oideachais ná mar atá muidne faoi láthair. Agus iad ag labhairt lena gcomhghleacaithe agus le daltaí atá ar scoil faoi láthair, cén meon atá ag daoine maidir le díolúintí? An bhfuil meon ann i measc daltaí sna meánscoileanna faoi láthair go bhfuil sé thar a bheith éasca díolúintí a fháil? An gceapann siad gur féidir leo iad a fháil, go laghdóidh sé sin an strus a bhéas orthu don ardteist agus nach mbeadh an t-ualach oibre céanna orthu is atá ar dhaoine eile sa rang? An dtuigeann siad más rud é go mbronntar díolúine orthu nach mbeadh siad in ann cur isteach ar phoist sna Garda Síochána nó mar múinteoir bunscoile, seans, agus poist mar sin? Ba bhreá liom tuairimí na bhfinnéithe a fháil air sin agus maidir le céard atá á rá ag an nglúin ina bhfuil siad i leith na ndíolúintí agus an meon atá acu ina leith.
Comment on this
Freastalaím ar Ghaelcholáiste agus tá aithne agam ar chúpla cara a bhfuil disléicse orthu agus níl fadhb ar bith acu. Deir siad nach bhfuil gá leis na díolúintí sin. Labhraíonn siad Gaeilge go sármhaith agus ní bhíonn fadhb ar bith acu. Níl a fhios agam faoi na meánscoileanna lán-Bhéarla. Déarfainn go mbeidh tuairim níos fearr ag Labhaoise Ní Thirial faoi sin. Ach i mo scoil féin ní bhíonn trácht ar na díolúintí in ár ranganna toisc nach bhfuil an rogha ansin. Ba chóir go mbeadh an rogha ansin do dhaoine ach caithfimid é a athrú. Ní féidir linn a rá nach féidir le daoine an Ghaeilge a fhoghlaim toisc go bhfuil riachtanais bhreise acu. Níor chóir go mbeadh an rogha sin ann. Mar a luaigh an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, ní bheidh 22% de dhaltaí ag staidéar na Gaeilge agus ní dóigh liom go bhfuil sé sin ceart ná cóir. B’fhéidir go bhfuil tuairimí ag Labhaoise air seo.
Comment on this
Ag brath ar an gcomhthéacs, tá go leor tuairimí difriúla ann. Tá aithne agam ar dhaoine a bhíonn ag lorg díolúintí mar tá sé níos éasca agus níl disléicse nó rud ar bith orthu. Níl aon fíordheacrachtaí acu ach tá siad ag iarraidh díolúine agus bíonn siad ag insint bréag nó rud éigin mar sin chun díolúine a fháil go héasca. An meon atá ann ná go bhfuil sé an-éasca díolúine a fháil ach ag an am céanna tá go leor daoine nár theastaigh díolúine uathu agus a fuair ceann. Arís, mar shampla, bhí mo chara Ciara ag iarraidh a bheith ina múinteoir bunscoile. Tá ardchaighdeán Gaeilge labhartha aici ach tá an tairseach chun an scrúdú a fháil ró-ard so ní raibh sí in ann duine éigin a fháil chun a scrúdú a léamh. Ní raibh sí in ann an scrúdú a dhéanamh mar ní raibh sí ábalta é a léamh. Seachas na deacrachtaí seo, mar a dúirt Rónán Ó hÍcí cheana, tá an cúrsa céanna ann do gach uile dhuine. Tá roinnt daoine ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim – mar shampla, Valeria. Tháinig sí isteach sa tír ag aois áirithe agus ní raibh an rogha ann an Ghaeilge a fhoghlaim ar bhealach difriúil; fiú an Ghaeilge labhartha amháin a fhoghlaim, nó an Ghaeilge shóisialta. Tá sé an-deacair do a lán daoine a bheith ag díriú ar an bprós agus ar na dánta, ach tá sé tábhachtach, mar a dúirt Cú Chulainn Ó Faoláin, dár gcultúr agus dár n-oidhreacht ag an am céanna.
Comment on this
Tá go leor rudaí eile. Ní raibh mé ag súil go mbeadh an Cathaoirleach ag teacht ar ais chugam. Gheobhaidh mé mo chuid nótaí amach arís. Tá fadhb ann ó thaobh múinteoirí a bheith cáilithe, agus nach bhfuil siad cáilithe ar leibhéil maith go leor chun a bheith in ann múineadh trí Ghaeilge. Fiú, i gcásanna áirithe bíonn siad ag múineadh Gaeilge agus níl siad cáilithe chuige. Níl a fhios agam conas is féidir linn cuidiú leo. An cuimhin leis na finnéithe múinteoirí a bheith ar saoire oibre chun freastal ar chúrsaí Gaeilge nó chun cuidiú leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge?
Comment on this
I láthair na huaire, suím ar bord COGG. Tá cúrsa áirithe ag COGG chun tacú leis na múinteoirí i dtaobh na Gaeilge de. Ach an fhadhb a bhíonn ann ná gur i rith an tsamhraidh a bhíonn sé agus bíonn rudaí eile ar siúl ag na múinteoirí. Ba chóir don Roinn oideachais rud éigin a chur ar fáil ag am éigin eile. Dá mba rud é go bhféadfaí pá a thabhairt do na múinteoirí chun freastal ar an nGaeltacht ar feadh míosa, nó fiú coicíse, bheadh sé sin thar a bheith fiúntach. Bheadh siad in ann iad féin a thumadh sa teanga. Bhí an t-ádh orm agus ar Chú Chulainn roinnt múinteoirí gurb as an nGaeltacht dóibh a bheith againn. Ach ní hiad sin na múinteoirí atá ann go forleathan agus níl an tuiscint acu mar sin ar an gcultúr agus ar an teanga de bharr nach raibh siad sa Ghaeltacht ar feadh tréimhse. Bheadh sé sin thar a bheith fiúntach agus is dócha go bhféadfaí an Roinn oideachais rud éigin a dhéanamh air sin.
Comment on this
Bhí sé spéisiúil nuair a bhí oifigigh ón bhForas Riaracháin, IPA, os ár gcomhair idir an dá sheisiún. An rud a bhí siad ag caint faoi ná go raibh an IPA dírithe ar na státseirbhísigh faoi láthair agus go raibh siad ar tí conradh a shíniú a bheadh dírithe ar an seirbhís phoiblí. Más fíor sin, agus má thagann sé, bheadh múinteoirí in ann na cúrsaí a dhéanamh saor in aisce. Bheadh ar an Roinn oideachais íoc as sin le go bhféadfadh siad cúrsa atá aitheanta agus ag staid níos fearr go mbeadh sé ina chuidiú dóibh sin. Mar chuid den fheachtas i leith na rudaí seo b’fhiú go mbeadh daoine ag díriú isteach ar bhrú a chur ar an Roinn oideachais cuidiú le múinteoirí níos mó. Aontaím le Rónán Ó hÍcí ó thaobh saoire seachtaine, saoire coicíse nó fiú níos faide, a bheith ar fáil ionas gur féidir linn líon na múinteoirí a ardú chomh tapa agus is féidir linn le go mbeadh an buntáiste atá ag dul le foghlaim na teanga ar fáil do chuile pháiste sa tír seo.
Comment on this
Ar an bpointe sin, ó thaobh na Státseirbhíseach agus mar sin de, tá ar an Rialtas fís ar leith a bheith ann más rud é go bhfuiltear ag iarraidh na státseirbhísigh agus na spriocanna atá ann i gcomhar 2030 a bhaint amach. Ní spriocanna réalaíoch iad i láthair na huaire. An fhadhb atá ann ná nach bhfuil na rannóga éagsúla sa Rialtas ag obair le chéile. An rud atá déanta acu thall sa Bhreatain Bheag ná go bhfuil an roinn oideachais, an roinn ardoideachais agus chuile roinn tar éis plean a chur le chéile agus é a chur isteach sa reachtaíocht. I láthair na huaire, tá pleananna againn agus tá sé mar aidhm ag an Rialtas é seo a dhéanamh. Ach ba chóir é a chur isteach sa reachtaíocht ionas go mbeidh dualgas ar an Rialtas é a dhéanamh, agus go mbeidh ar na rannóga éagsúla, ar nós an Roinn ardoideachais, an Roinn oideachais, agus leithéidí an Roinn Airgeadais agus cibé Roinn eile, obair a dhéanamh le chéile agus go mbeidh fís againn don iomlán - go mbeidh fís ag an Rialtas agus ag an tír.
Comment on this
Cuirfimid clabhsúr leis an seisiúin. An aontaítear leis sin? Aontaítear.
Cuirfimid an cruinniú ar athló go dtí an tseachtain seo chugainn nuair a phléimid an ceart atá ag gach duine oideachas lán-Ghaeilge a bheith ar fáil dó agus an dualgas atá ar an Stát é sin a chur ar fáil i ngach ceantar sa tír, le finnéithe ó IMEASC. Pléimid freisin Ráiteas Deireadh Bliana Údarás na Gaeltachta 2025, straitéis Údarás na Gaeltachta 2026-2030, agus plean gníomhaíochta do sheirbhísí poiblí Gaeilge 2026-2028 le finnéithe ó hÚdarás na Gaeltachta. Go raibh maith agaibh ar fad.