We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

Gnó an Chomhchoiste

Summary

The committee agreed to place Aoife Ní Ghloinn’s clarification on the official record, correcting her earlier evidence on the timeline for the 2021 Irish Leaving Cert consultation and reaffirming her view that the process had been lengthy.

Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Sula mbogfaimid ar aghaidh, tá mír chomhfhreagrais ón seisiún príobháideach a gcaithfimid déileáil leis. Baineann sé le hiarratas ó Aoife Ní Ghloinn, stiúrthóir lárionad na Gaeilge: taighde, teagasc agus tástáil in Ollscoil Mhá Nuad, Ollscoil na hÉireann. Iarrann sé ar an gcomhchoiste ceartúchán a dhéanamh maidir leis an bhfianaise ar thug sí dó ag an gcruinniú den chomhchoiste ar an 23 Meitheamh 2026. Molaim go léifear amach an comhfhreagras sin anois i seisiún poiblí chun an ceartúchán sin a chur ar an taifead oifigiúil. Iarraim ar an gcléireach é sin a dhéanamh.

Comment on this
Clerk to the Committee

Is teachtaireacht é sin a seoladh ó Aoife Ní Ghloinn, Ollscoil Mhá Nuad, chuig comhchoiste na Gaeilge ar 24 Meitheamh 2026.

A ... [Chléirigh], a chara,

Tá súil agam go bhfuil tú go maith ar maidin.

Tá mé tar éis a thabhairt faoi deara go raibh pointe amháin eolais a luaigh mé leis an gcoiste inné nach raibh iomlán cruinn agus bheinn an-bhuíoch dá bhféadfaí an soiléiriú seo a leanas a lua le baill an choiste agus/nó a chur ar an taifead sa trascríbhinn a bhaineann leis an seisiún.

Maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin a bhain le dréachtsonraíochtaí Gaeilge na hArdteiste in 2021, luaigh mé go raibh tréimhse 2-3 bliana ann sular foilsíodh torthaí an chomhairliúcháin sin. Tá mé tar éis na dátaí sin a sheiceáil arís agus is i Márta 2023 a foilsíodh na tuairiscí sin - 16 mí i ndiaidh dheireadh an chomhairliúcháin. Bhí tréimhse breis is dhá bhliain ann ina dhiaidh sin ina ndearnadh coimisiúnú ar thaighde sular foilsíodh eolas maidir leis an gcéad chéim eile in 2025.

Seasaim go fóill leis an mbunphointe a bhí á dhéanamh agam gur tréimhse an-fhada a bhí i gceist leis an bpróiseas sin agus leis an tréimhse 8 mbliana atá ann ó cuireadh tús le hathfhorbairt na sonraíochtaí in 2018, ach bheinn buíoch dá bhfeadfaí an soiléiriú thuas a chur ar an taifead.

Míle buíochas,

Aoife

Aoife Ní Ghloinn

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

An aontaítear leis an moladh go gcuirfimid é sin ar an taifead? Aontaítear.

Comment on this