Cur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030: Oifig an Choimisinéara Teanga
Díríodh ar chur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 agus ar an ngá le hearcaíocht chomhordaithe d’fhoireann dhátheangach ar fud na seirbhíse poiblí. Dúirt an Coimisinéir Teanga nach raibh fianaise aige go raibh an sprioc earcaíochta 20% á cur i bhfeidhm ar bhonn córasach, agus gur gá fo-thionscadal náisiúnta pleanála fórsa saothair, le tacaíocht ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus ó bhord ceannaireachta na seirbhíse poiblí. Ardaíodh imní freisin faoin moill ar na caighdeáin teanga agus faoin soláthar lag Gaeilgeoirí ón gcóras oideachais. Chomhaontaigh an coiste go raibh gá le cur chuige níos láidre agus gur cheart na dréachtchaighdeáin a fhoilsiú gan mhoill.
Déanfaimid ár mbreithniú anois ar an ábhar "Cur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 agus earcaíocht na bhfostaithe dátheangacha a bheidh de dhíth fud fad na seirbhíse poiblí" le finnéithe ó Oifig an Choimisinéara Teanga. Cuirim fáilte roimh Séamas Ó Concheanainn Uasal, an Coimisinéir Teanga; Séamus Ó Coileáin Uasal, an stiúrthóir oifige; Eibhlín de Paor Uasal, an bainisteoir imscrúduithe; agus Maggie Ní Chadhain Uasal, an bainisteoir oibríochtaí.
Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 3 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Sula leanaimid ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe uile. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll i gcás cruinnithe phoiblí gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint.
Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir leis na finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu, agus má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.
Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí go bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá ar fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, más rud é go bhféadfadh a ráiteas bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéilleann siad leis an ordú sin. An nglactar leis na treoracha sin? Glactar leo.
Iarraim ar an gCoimisinéir Teanga a ráiteas tosaigh a dhéanamh.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le baill uilig an choiste as an gcuireadh a theacht ina láthair chun plé a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 agus earcú foirne atá inniúil i nGaeilge sa tseirbhís phoiblí. I mo theannta inniu tá: Séamus Ó Coileáin, stiúrthóir na hoifige; Eibhlín de Paor, bainisteoir imscrúduithe; agus Maggie Ní Chadhain, bainisteoir oibríochtaí m’oifige.
Den chéad uair riamh i stair an Stáit, leagadh amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 go bhforbrófaí plean reachtúil náisiúnta trína ndéanfaí comhordú ar straitéis náisiúnta an Stáit chun seirbhísí poiblí i nGaeilge a fheabhsú. Leagadh cúram faoin reachtaíocht teanga leasaithe ar an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge an plean náisiúnta sin a ullmhú agus a fheidhmiú. Clochmhíle shuntasach a bhí i seoladh an phlean i mí Dheireadh Fómhair 2024. Tá scóip agus téagar an phlean náisiúnta le moladh. Luaitear cúig mhór-théama straitéiseacha sa bplean a chuirfear i bhfeidhm trí dhá phlean gníomhaíochta ar leithligh. Foilsíodh an chéad cheann de na pleananna sin don tréimhse ó 2026 go 2028 ar 20 Eanáir i mbliana.
Is coiste reachtúil é an coiste comhairleach a bhunaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i Meitheamh 2022 leis an bplean náisiúnta a fhorbairt agus fheidhmiú. Is faoi chathaoirleacht na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta a reáchtáiltear an coiste agus tá deichniúr comhaltaí eile air freisin. Tá ionadaíocht ar an gcoiste ó eagraíochtaí Stáit atá lárnach i bpleanáil agus i bhfeidhmiú bheartas poiblí na seirbhíse poiblí in Éirinn.
Chomh maith leis sin, is comhlachtaí poiblí iad na baill atá ag soláthar cuid de na seirbhísí poiblí is forleithne agus is mó a bhfuil éileamh an phobail orthu. Is dualgas reachtúil de mo chuid é tráchtaireacht a dhéanamh ar obair an choiste chomhairligh agus tá mo chuid tráchtaireachtaí do na tréimhsí ó 20 Meitheamh 2022 go 31 Nollaig 2023 agus ó Eanáir go Nollaig 2024 faoi seach á gcur ar fáil agam leis an ráiteas tosaigh seo.
Tá géarghá le fo-thionscadal pleanála fórsa saothair náisiúnta a chur sa siúl gan mhoill mar chroíchuid den phlean náisiúnta lena chinntiú go mbeidh dóthain foirne a bhfuil inniúlacht i nGaeilge acu á n-earcú chun críoch na forála earcaíochta 20%. Caithfidh an tionscadal pleanála fórsa saothair sin cur chuige córasach a leagan síos trína saineofar na cineálacha ról agus grád agus an líon foirne a theastóidh leis na seirbhísí poiblí a leagfar síos faoi chóras na gcaighdeán teanga a chur ar fáil. Is den bhunriachtanas é freisin go snífear gníomhaíochtaí earcaíochta foirne a bhfuil inniúlacht i nGaeilge acu isteach i bpleanáil eagraíochtúil agus fórsa saothair na gcomhlachtaí poiblí, a bhfuil breis is 500 acu ann, a thagann faoi scáth na reachtaíochta teanga.
Léiríonn figiúirí náisiúnta a d’fhoilsigh an Roinn caiteachais agus athchóiriúcháin seirbhíse poiblí go raibh 408,895 duine i bhfostaíocht leis an tseirbhís phoiblí i ndeireadh na bliana 2024. Is méadú de 13,309 fostaí in aghaidh na bliana ar an meán a tháinig ar an tseirbhís phoiblí idir 2018 agus 2024 é sin. Forordaítear le leasú ar an Acht teanga a chuimsítear san Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024, a achtaíodh ar 1 Iúil i mbliana, gur féidir baill foirne a fhaigheann ardú céime laistigh de chomhlacht poiblí a áireamh anois freisin chun críoch na forála earcaíochta 20%. Fiú leis an soláthar breise foirne is féidir a áireamh mar thoradh ar an leasú seo, léiríonn na figiúirí atá luaite agam maidir leis an méadú a thagann ar líon na bhfostaithe sa tseirbhís phoiblí gach bliain go bhfuil géarghá ann anois an tionscadal pleanála agus earcaíochta fórsa saothair atá luaite agam a chur sa siúl ar bhonn náisiúnta gan mhoill.
Níl aon fhianaise chrua á feiceáil ag m’oifig i láthair na huaire, áfach, go bhfuil earcú foirne atá inniúil i nGaeilge chun críoch na forála earcaíochta 20% ag tarlú ar bhonn comhordaithe agus náisiúnta. Gan ach sampla praiticiúil amháin a lua, tuairiscíodh i dtuarascáil an choiste chomhairligh don tréimhse ó Mheitheamh 2022 go Nollaig 2023 gur 411 iarratasóir a chuir isteach ar seacht gcomórtas lenar bhain riachtanas d’inniúlacht i nGaeilge a reáchtáil Poist Phoiblí don Státseirbhís i gcaitheamh 2022 agus 2023. Ar bhonn comparáide leis an mbliain ina dhiaidh sin, 2024, thuairiscigh an coiste comhairleach gur 205 iarratasóir a chuir isteach ar chomórtais Ghaeilge sa Státseirbhís. Dá réir sin, ní féidir a ríomh ó na figiúirí go bhfuil aon dul chun cinn á dhéanamh ar earcú foirne atá inniúil i nGaeilge a fhad agus a bhaineann sé le comórtais earcaíochta na Státseirbhíse, cé go bhfuil an fhoráil earcaíochta 20% i bhfeidhm ó Mheitheamh 2022. Tá géarghá ann anois breathnú go fuarchúiseach ar fheidhmiú na forála earcaíochta 20% i gcomhthéacs straitéis náisiúnta an Rialtais maidir le forbairt na seirbhíse poiblí in Éirinn sna blianta beaga amach romhainn. Chuige sin, tá straitéis shonrach ag an Rialtas dar teideal Seirbhísí Poiblí Níos Fearr: Straitéis Chlaochlaithe na Seirbhíse Poiblí 2030. Is é an bhunaidhm atá ag an straitéis ná seachadadh seirbhísí poiblí a fheabhsú ar mhaithe le freastal ar riachtanais chomhaimseartha shochaí na hÉireann. Tá an straitéis seo ailínithe freisin le Straitéis Athnuachana na Státseirbhíse 2030.
Bunaíodh Bord Ceannaireachta na Seirbhíse Poiblí in 2018 chun ceannaireacht straitéiseach fhoriomlán a sholáthar d'fhorbairt agus do nuálaíocht na seirbhíse poiblí ar fud na seirbhíse poiblí. Tá ionadaíocht ar an mbord ó Ranna Rialtais agus ó raon leathan eagraíochtaí seirbhíse poiblí. Anuas air sin, tá ról lárnach agus leanúnach ag an rannán um sheachadadh claochlaithe seirbhíse poiblí laistigh den Roinn caiteachais agus athchóiriúcháin seirbhíse poiblí le pleanáil fórsa saothair agus eagraíochtúil a threorú ar fud na seirbhíse poiblí. Níl m’oifig tar éis aon fhianaise a fheiceáil, áfach, gur iarradh ar na páirtithe leasmhara náisiúnta seo ról ceannaireachta a ghlacadh i bhfeidhmiú na forála earcaíochta 20% i gcomhar leis an gcoiste comhairleach a bhunaigh Aire na Gaeltachta i Meitheamh 2022 d’fhonn forbairt agus feidhmiú an phlean náisiúnta.
Creidim go láidir gur chóir don Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, trí fheidhmeanna an choiste chomhairligh, achainí a dhéanamh ar Bhord Ceannaireachta na Seirbhíse Poiblí agus ar na rannáin phleanála cuí laistigh den Roinn caiteachais agus athchóiriúcháin seirbhíse poiblí a ngualainn a chur leis an gcéachta chun fíorú na forála earcaíochta 20% a chinntiú. Mura dtarlóidh sé sin, tá riosca mór ann go bhfeicfear cliseadh córasach i bhfeidhmiú an phlean náisiúnta i gcomhthéacs na gcuspóirí náisiúnta a leagadh síos dó i reachtaíocht na hÉireann. D’fhéadfadh sé gurbh é an toradh céanna a bheadh ar an bplean náisiúnta ar deireadh agus an toradh a bhí ar chóras na scéimeanna teanga, córas a bhí dírithe ar chur go mór le líon na seirbhísí poiblí a bhí ar fáil i nGaeilge. Is córas leathbhruite scaoilte gan aon chomhordú náisiúnta a bhí i gcóras na scéimeanna teanga. Tá toradh a easnaimh le feiceáil sna mantanna tromchúiseacha atá i seirbhísí poiblí i nGaeilge go fóill.
Fágann an mhoill shuntasach atá ar bhunú chóras na gcaighdeán teanga go bhfuil bunchloch phlean náisiúnta 2024 an Rialtais chun feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge fós gan réiteach. Ba í mí na Nollag 2024 an spriocdháta reachtúil chun córas na gcaighdeán teanga a thabhairt i bhfeidhm. Cé gur maith ann an leasú a rinneadh leis an Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 go leanfaidh feidhm le scéimeanna teanga go dtí go dtiocfaidh córas na gcaighdeán teanga i bhfeidhm, níl i gcóras na scéimeanna teanga ach sop in áit na scuaibe maidir leis an idirbheartaíocht a theastaíonn anois le bonn seasmhach a chur faoi sheirbhísí poiblí ar ardchaighdeán. Is minic le comhlachtaí poiblí a bheith i dteagmháil le m’oifig agus iad ag áitiú go bhfuileadar ag feidhmiú i bhfolús de cheal fhoilsiú chóras na gcaighdeán teanga agus gan treoir shonrach lárnach a bheith á fháil acu maidir le feidhmiú na forála earcaíochta 20%.
Beidh ról criticiúil freisin ag earnáil na hollscolaíochta Gaeilge agus ag córas na Gaelscolaíochta trí chéile chun a chinntiú go bhfuil sruth leanúnach d’acmhainn dhaonna ar fáil d’fhonn fíorú na forála earcaíochta 20% a chinntiú. Tá leibhéal an tsoláthair ag leibhéal na hiar-bhunscolaíochta lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht á imscrúdú ag m’oifig faoi láthair agus beidh tuarascáil ar leith le foilsiú ar an ábhar seo i bhfómhar na bliana seo.
Mar fhocal scoir, táim dóchasach gur féidir leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus leis an gcoiste comhairleach dul i ngleic leis na rioscaí suntasacha atá luaite agam maidir le dea-fheidhmiú an phlean náisiúnta. Tá cinntí criticiúla le déanamh anois áfach maidir leis na socruithe cuí a chinnteoidh é sin a fheidhmiú gan tuilleadh moille. Táim tar éis tuilleadh mionchíortha a dhéanamh ar na hábhair thábhachtacha atá faoi chaibidil againn anseo inniu i mo thuarascáil bhliantúil do 2025, a thug mé ar lámh don Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta ar 10 Aibreán 2026. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis na baill as a n-éisteacht.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis an gcoimisinéir as a ráiteas tosaigh. Tabharfaidh mé seacht nóiméad in aghaidh an duine.
Comment on this
Gabhaim buíochas le Séamas Ó Concheanainn as an taispeántas sin. Luaigh sé gur chuir 411 duine le Gaeilge iarratais isteach ar sheacht gcomórtas idir Meitheamh 2022 agus Nollaig 2023.
Luaigh sé chomh maith nach raibh ach 205 iarratas in 2024, ach cé mhéad comórtas a cuireadh ar fáil an bhliain sin?
Comment on this
Tá mé ag ceapadh go raibh sé isteach agus amach ar líon na gcomórtas céanna. Beidh muid in ann é sin a shainmhíniú. Is dócha gurb é an pointe criticiúil ná go raibh na figiúirí tuairiscithe i dtuarascáil an choiste comhairligh, a chuirtear ar fáil dom le go mbím in ann teachtaireacht a dhéanamh uirthi, mar atá leagtha síos faoin Acht. Thóg mé amach an dá shampla sin i gcomhthéacs na ndúshlán atá romhainn méadú as cuimse a chur ar líon na ndaoine atá á bhfostú sa tseirbhís phoiblí. Cuimhnímis nach bhfuil sa Státseirbhís ach idir 35,000 agus 40,00 fostaí as 491,000 duine atá sa tseirbhís phoiblí trí chéile. Mar sin, is scáthán atá sna figiúirí ar an leibhéal earcaíochta atá laistigh den seirbhís, nó an easpa leibhéal earcaíochta atá taobh istigh den Státseirbhís i láthair na huaire. Tá na mionsonraí sin againn agus beidh mé in ann iad a chur ar fáil maidir le líon na gcomórtas.
Comment on this
Go bunúsach, is fadhb iad na figiúirí sin mar tá laghdú ag teacht ar líon na ndaoine atá ag cur isteach ar phoist ina bhfuil gá le Gaeilge. Má théann muid níos doimhne ná sin, má thagann sé amach go raibh níos lú comórtas ar fáil in 2024 i gcomparáid leis an tréimhse roimhe sin nuair a tháinig 411 iarratas isteach, ciallaíonn sé nach bhfuil muid ag tabhairt na deiseanna céanna amach le cur isteach ar phoist agus nach bhfuil na deiseanna fostaíochta céanna á gcur ar fáil bliain ar bhliain. An dtuigeann an Coimisinéir Teanga é sin?
Comment on this
Tuigim. Bhí an figiúr sin de 411 iarratas bunaithe ar uimhreacha 2022 agus 2023. Tá dhá bhliain i gceist ansin. Bhí an figiúr de 205 iarratas, mar a thuairiscigh an coiste comhairleach, bunaithe ar uimhreacha 2024 amháin. Mar sin, má roinntear 411 ar a dó, tá na figiúirí an-ghar dá chéile. I gcomhthéacs na forála 20%, áfach, tá siad i bhfad ró-íseal.
Comment on this
I mbealach eile, ciallaíonn sé go raibh méadú beag ann. Is tréimhse 18 mí atá i gceist leis an tréimhse inar cuireadh 411 iarratas isteach. Tá muid ag caint faoi mhéid thar a bheith íseal ar aon nós. Ní dhéanann sé mórán difríochta. Is tábhachtach go gcuireann an Roinn níos mó deiseanna ar fáil in iarracht a bheith cinnte go bhfuil na deiseanna ann, ar a laghad, fiú muna bhfuil na Gaeilgeoirí ann.
Comment on this
Is é sin an fáth go díreach gur luaigh muid go dteastaíonn fo-thionscadal náisiúnta ar leith don earcaíocht. Tá an plean náisiúnta ag brath ar dhá ghné criticiúil, is iad sin, dóthain foirne a bheith ar fáil le Gaeilge mhaith leis na seirbhísí a chur ar fáil; agus córas na gcaighdeán teanga, a bheidh ag leagadh síos na seirbhísí nua go gcaithfear a chur ar fáil trí Ghaeilge. Tá an dá ghné sin ag brath go huile is go hiomlán ar a chéile. Tá folús ann faoi láthair toisc nach ann do na caighdeáin teanga. Is é an príomhghníomh atá ag teastáil, mar atá curtha i láthair agam, ná cur chuige náisiúnta a bheith againn ina mbeidh boird na n-áisíneachtaí náisiúnta atá freagrach as forbairt na seirbhísí poiblí in Éirinn, boird cheannaireachta na seirbhísí poiblí agus na rannáin atá taobh istigh den Roinn uilig páirteach agus go ndéantar formhaoirsiú, monatóireacht agus tuairisciú leanúnach ar líon na ndaoine atá á n-earcú.
Tá muid ag caint ar uilephobal de 500 comhlacht poiblí a thagann faoi scáth na reachtaíochta. Tá breis agus 400,000 duine fostaithe sa tseirbhís poiblí. Is é sin an comhthéacs ina mbíonn muid ag feidhmiú go náisiúnta. Is é an pointe atá mé á dhéanamh, muna bhfuil géaga an Stáit agus na háisíneachtaí a bhíonn ag plé go laethúil le pleanáil agus forbairt na seirbhísí poiblí, ina bhfuil an earcaíocht mar chroí-chuid de, i lár an aonaigh agus ag tacú leis an gcoiste comhairleach agus leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta, tá sé an-deacair a fheiceáil cén chaoi a mbeidh bunchloch láidir córasach faoin phlean náisiúnta sna blianta amach romhainn.
Comment on this
Tá ceist eile agam. Tuigim gur gá na poist ina mbeidh an Ghaeilge mar chuid díobh a shoiléiriú. Tuigim go bhfuil gá le pleananna agus araile. É sin ráite, an bhfuil muid ag díriú isteach an iomarca ar phleananna, riarachán, straitéisí agus tuairiscí? Níl mé ag tabhairt amach, ach feicim nach bhfuil ach alt beag amháin i ráiteas an Choimisinéara Teanga a luann an ról atá ag an dara leibhéal agus na hollscoileanna. Luíonn an fhadhb ag an stad sin mar níl an soláthar Gaeilgeoirí ag teacht amach, go háirithe ó na hiarbhunscoileanna T2. Nach é sin an tús?
Comment on this
Is é sin croílár an dúshláin atá romhainn. Tá an cheart ag an Seanadóir faoi seo. Tá thart ar 1% de mhic léinn tríú leibhéal ag freastal ar chúrsaí ollscolaíochta trí Ghaeilge, lena n-áitrítear cúrsaí múinte Gaeilge agus ábhair trí Ghaeilge. Tá an céatadán sin fíoríseal. Caithfear é sin a mhéadú as cuimse. Is é sin an fáth go bhfuil sé luaite go sonrach sa teachtaireacht atá déanta againn. Tá caibidil ar leith inti faoin tábhacht go mbeadh an tÚdarás um Ard-Oideachas agus an Roinn ardoideachais, i gcomhairle leis an gcoiste comhairleach agus leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta, i mbun straitéise fadtéarmaí maidir le céimithe a chur ar fáil. Dar ndóigh, luíonn an ról sin leis an Roinn oideachais don chéad agus don dara leibhéal. Tá muid ag breathnú go sonrach ar leibhéal an tsoláthair lánGhaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ag an dara leibhéal. Tá sé sin i gcroílár na straitéise.
Ní mór tosú ag tomhas líon na foirne a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu faoi láthair. Rinneadh obair an-mhaith sa phlean náisiúnta maidir leis seo. Mar chuid de thaighde an phlean náisiúnta, luadh go raibh leibhéal inniúlachta sa Ghaeilge, idir B2 agus C1, ag 3,800 duine. Tá an staidreamh sin anois roinnt blianta d’aois, mar foilsíodh an plean i mí Dheireadh Fómhair 2024. Bhí an staidreamh sin á chur le chéile le linn 2022 agus 2023. Is é ceann de na pointí criticiúla sa chomhthéacs seo ná an bhfuiltear ag tiomsú agus ag cothú an staidrimh ar bhonn leanúnach le go bhfuil na pointí a leanas soiléir: na háiteanna ina bhfuil an fhoireann le Gaeilge; an feabhas atá ag teacht ar a gcuid cumas sa Ghaeilge; agus na gráid agus róil atá acu. Muna bhfuil an pleanáil fórsa saothair sin ar fáil, beidh sé an-deacair an fhoireann a bheidh ag teastáil chun córas na gcaighdeán teanga a fheidhmiú a aithint. Is é sin an fáth go bhfuil mé ag leagan an oiread béime ar an tionscadal náisiúnta-----
Comment on this
-----a bhaineann le pleanáil fórsa saothair.
Comment on this
Gabhaim buíochas le Séamas Ó Concheanainn as an macántacht atá sa ráiteas sin. Feicim an tábhacht a bhaineann le ról na bhfinnéithe. Gabhaim buíochas leo. Rith mé amach as am.
Comment on this
Tá fáilte roimh na finnéithe. Is deacair a bheith dearfach faoina bhfuil i dtuairisc an Choimisinéara Teanga maidir leis an méid atá déanta ag an Stát chun an sprioc seo a bhaint amach. Sa ráiteas, dúirt an Coimisinéir Teanga nach bhfeiceann sé aon fhianaise chrua go bhfuil "earcú foirne atá inniúil i nGaeilge chun críoch na forála earcaíochta 20% ag tarlú ar bhonn comhordaithe agus náisiúnta." An bhfaigheann an Coimisinéir Teanga aon fhreagra ar an teachtaireacht a dhéanann sé ar obair an choiste comhairligh? An bhfaigheann sé freagra ón choiste sin?
Comment on this
Mar atá leagtha síos sa reachtaíocht, cuireann an coiste comhairleach teachtaireacht ar fáil dom roimh dheireadh mhí an Mheithimh chuile bhliain. Ansin, eisím teachtaireacht ar an ábhar. Tá sé sin tarlaithe faoi dhó. Is dócha gurb é an próiseas atá ann ná go bhfreagraíonn an coiste comhairleach na ceisteanna atá ardaithe agam i mo theachtaireacht sa teachtaireacht ina dhiaidh sin. Go dtí seo, sna teachtaireachtaí atá faighte agam ón choiste comhairleach, tá siad ag leagadh síos an comhthéacs straitéisigh atá ag an gcoiste, na feidhmeanna atá aige agus an chaoi a bhfuil sé ag tógáil struchtúir le dul i ngleic leis seo. Is é an príomhphointe a bhfuil me ag leagan béim air ná go dteastaíonn staidreamh agus staitisticí leanúnacha uainn maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ar an bhforáil earcaíochta 20%. Mar atá luaite agam sa ráiteas tosaigh sin, tá tacaíocht ag teastáil ag leibhéal an Stáit, fríd bhoird cheannaireachta na seirbhísí poiblí agus na rannáin atá taobh istigh den Roinn caiteachais agus athchóiriúcháin seirbhísí poiblí, le déanamh cinnte go bhfuil an cur chuige náisiúnta ag tarlú mar is ceart.
Tá sé sin ar cheann de na dúshláin is mó a bhfuil mo mhéar leagtha agam orthu sa teachtaireachtaí go dtí seo. Tá scála an tionscadail ollmhór. Tá 400,000 duine ag obair sa tseirbhís poiblí. Tá 500 comhlacht poiblí, 18 Roinn Rialtais agus 31 údarás áitiúil i gceist, chomh maith le háisíneachtaí ollmhóra, cosúil le Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte. Is é sin scála na hoibre atá le déanamh.
Comment on this
Maidir lena ról féin, an bhfeiceann an Coimisinéir Teanga dea-chleachtais i gcuid de na 500 comhlacht poiblí?
Comment on this
Tá dea-chleachtais ann. Bhí an-bhéim ar sheirbhísí poiblí scríofa sna forálacha a bhí san Acht in 2023, is é sin, má scríobhann duine go comhlacht poiblí, gheobhaidh sé nó sí freagra i scríbhinn sa teanga oifigiúil céanna. Bhí béim ar fheiceálacht agus ar an tírdhreach teangeolaíochta ó thaobh comharthaí de. Bhíothas ag siúl, tríd na scéimeanna teanga, go dtiocfaí chun cinn le seirbhísí poiblí a raibh an gné labhartha ag baint leo, cosúil le seirbhísí tacaíochta custaiméara, seirbhísí teileafóin nó na seirbhísí idirghníomhacha.
Tá roinnt samplaí le feiceáil, ach tá sé deacair a bheith diongbháilte go bhfuil an caighdeán leanúnach mar gheall ar na bearnaí a bhí sna scéimeanna teanga. Is minic go bhfuil gealltanais tugtha, ach tá aguisín curtha leo ar nós “obair ar acmhainní” nó “ag brath ar fhoireann”. Is é sin an fáth a bhfuil muid i suíomh criticiúil le go gcuirfear córas na gcaighdeán teanga i bhfeidhm, a leagfaidh síos go soiléir na seirbhísí agus, chomh tábhachtach céanna, leibhéal cumais na foirne a bheidh ag seachadadh na seirbhísí sin. Muna dtarlaíonn sé sin, tá muid ag fheidhmiú i bhfolús, cheal soiléireachta.
Comment on this
Is é an príomh-mholadh ná an "fo-thionscadal pleanála fórsa saothair náisiúnta a chur sa siúl”. Céard go díreach atá i gceist leis sin? An féidir leis an gCoimisinéir Teanga cur síos a dhéanamh air sin?
Comment on this
Mar a luaigh mé ar ball, rinneadh taighde an-mhaith mar chuid den phlean náisiúnta. Cuireadh suirbhé amach go 112 as na 500 comhlacht poiblí. Líon 81 comhlacht poiblí an suirbhé sin. Is ionann 81 comhlacht poiblí agus 16% de na comhlachtaí poiblí a thagann faoin reachtaíocht teanga. Bhí go leor den taighde sin á dhéanamh le linn 2022 agus 2023 nuair a bhí an plean teanga á ullmhú. Tá muid anois in 2026 agus, go bhfios dom, ní dheachthas ar ais le breathnú ar an gcéatadán suntasach eile de na comhlachtaí poiblí. Cad iad na cleachtais atá acu?
Comment on this
Is é an coiste comhairleach a rinne an taighde sin.
Comment on this
Is é. Is é an coiste comhairleach atá freagrach as ullmhú an phlean, rud atá déanta, agus as feidhmiú an phlean faoin Acht teanga. Is cohórt an-tábhachtach iad an 16%, ach is é atá muid in Oifig an Choimisinéara Teanga ag rá ná go dteastaíonn uainn dul ar ais agus mionanailís a dhéanamh ar na cleachtais earcaíochta atá ar siúl ag na 500 comhlacht poiblí trí chéile. Muna dtarlaíonn sé sin, cén chaoi ar féidir a rá go bhfuil plean náisiúnta reachtúil córasach á chur i bhfeidhm nuair nach bhfuil an pictiúr iomlán againn?
Is é sin an fáth go leagaim an oiread béime ar an bhfolús náisiúnta earcaíochta. Ní fheicim an plean náisiúnta ag bláthú agus ag forbairt ag an leibhéal ba chóir dó muna ndéanfar an taighde sin gan mhoill. Is é sin an fáth go leagaim béim ar na háisíneachtaí a bhfuil an saineolas agus an fhoireann acu a bhíonn ag plé leis an gcúram seo ó lá go lá; an Roinn caiteachais agus athchóiriúchán seirbhísí poiblí; agus an bord ceannaireachta seirbhísí poiblí i gcomhthéacs aidhmeanna an choiste comhairligh. Tá cumhachtaí thar a bheith suntasach ag an gcoiste comhairleach maidir le comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí faoi líon agus gráid na bhfoirne ba cheart a earcú agus feidhmiú na bhforálacha 20%. Tá na feidhmeanna uilig ansin.
Tá an-mholadh ag gabháil do Roinn na Gaeltachta agus do na hAirí éagsúla a chuir an reachtaíocht le chéile ach is é an dúshlán anois ná an reachtaíocht a chur i bhfeidhm go córasach ar bhonn náisiúnta agus a chinntiú go dtiocfaidh na himreoirí, is iad sin, na scairshealbhóirí náisiúnta, ar bord. Is é sin an fáth go ndearna mé aighneachtaí ar an Aire chun cúnamh a lorg ón mbord ceannaireachta seirbhísí poiblí agus na rannáin sin taobh istigh de Roinn le tacú leis an gcoiste comhairleach.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht a bheith linn arís. Ó thaobh an choiste chomhairligh de, mar a thuigim é, cuireann sé tuairisc bhliantúil ar fáil d’Oifig an Choimisinéara Teanga ag deireadh mhí an Mheithimh. Ansin, déanann Oifig an Choimisinéara Teanga tuairisc ar an eolas sin. Ar bhealach, níl tuairisc bhliantúil iomarcach. Ar bhealach, ní mórán atá ar siúl ansin. An gcuirfeadh na finnéithe fáilte roimh engagement níos mó agus níos leithne? Mar shampla, d’fhéadfaí go mbeadh tuairisc againn gach tríú mhí. Tá an t-am ag druidim an t-am ar fad. Scríobhfaidh Oifig an Choimisinéara Teanga tuairisc, gheobhaidh an coiste comhairleach í agus tiocfaidh sí ar ais chuig Oifig an Choimisinéara Teanga tar éis bliana eile. Is é sin an chaoi a n-imeoidh an t-am. An bhfuil an córas mar atá sé ag oibriú?
Comment on this
Tá an próiseas reachtúil, a ndearna an Teachta cur síos air, leagtha amach san Acht. Baineann cuid mhaith den phlé atá déanta againn leis an gcur chuige córasach, is é sin, go mbeadh foireann ag cothú agus i mbun taighde agus monatóireachta ar bhonn laethúil maidir le staid reatha na hearcaíochta agus an chaoi a bhfuil na caighdeáin teanga fite fuaite san earcaíocht, is í sin, na seirbhísí a leagtar síos agus an leibhéal inniúlachta. Má breathnaíonn muid ar na fo-earnálacha, más cúrsaí leighis, oideachais nó na húdaráis áitiúla atá i gceist, ba cheart go mbeadh tomhas leanúnach laethúil á dhéanamh ar dhul chun cinn sa chomhthéacs sin. Ba cheart go mbeadh an próiseas sin ag rith chomhthreomhar leis an bpróiseas reachtúil trína ndéanann an coiste comhairleach tuairisciú ar ais chugam mar Choimisinéir Teanga. Feicim go bhfuil bearna idir an próiseas reachtúil agus an cur i bhfeidhm laethúil, ar thagair mé dó. Is í sin an bhearna a chaithfear dúnadh le go mbeidh toradh suntasach le feiceáil ar an bplean náisiúnta sna cúpla bliain amach romhainn.
Comment on this
Faoin Acht, tá an cumas sin ann chun é sin a dhéanamh ach níl sé ag tarlú. Níl i gceist ach próiseas bliantúil faoi láthair.
Comment on this
Tá cumhachtaí agus feidhmeanna suntasacha ag an gcoiste comhairleach mar choiste reachtúil. Ar an gcéad dul síos, is faoi atá sé: an plean náisiúnta a ullmhú agus a fheidhmiú; comhairle a chur ar chomhlachtaí poiblí maidir leis an bhforáil earcaíochta 20% le foireann le hinniúlacht sa Ghaeilge; comhairle a chur maidir le líon agus gráid na foirne ar chóir dóibh a earcú; agus comhairle a chur ar an Aire faoi chaighdeáin teanga, is iad sin, na seirbhísí a aithníonn an coiste comhairleach ar chóir caighdeán teanga a ordú ina leith.
Arís, tá an reachtaíocht an-mhaith ach is é an dúshlán atá romhainn anois ná an bhfuil a dhóthain acmhainní, foirne agus saineolais á gcur ar fáil ag an Stát. An bhfuil an cúnamh sin iarrtha i gcomhar le feidhmeanna an choiste comhairligh agus foireann na Roinne, atá ag obair go dian dícheallach air seo, le déanamh cinnte go bhfuil an scála agus an scóip náisiúnta atá leagtha síos don phlean náisiúnta sa reachtaíocht á chomhlíonadh? Tá amhras faoi na hacmhainní atá ar fáil i láthair na huaire. Tá obair an-chrua á déanamh, ach i gcomhthéacs an scála náisiúnta atá fite fuaite sa phlean trí dhlí agus teanga na tíre, tá amhras orm faoi sin i láthair na huaire.
Comment on this
Tá sé san Acht, ach tá dhá cheist mhór anois ó thaobh an chur chuige agus na n-acmhainní de. An bhfuil sé sin féaráilte?
Comment on this
Tá sé sin cruinn. Má breathnaítear ar an scála atá i gceist anseo, tá muid ag caint faoin tseirbhís poiblí in Éirinn uilig. Tá na céadta míle daoine ag obair inti. Ar a bharr sin, tá fo-earnálacha agus 500 comhlacht poiblí. Cén chaoi ar féidir plean náisiúnta le seirbhísí poiblí i nGaeilge a chur chun cinn muna bhfuil duine éigin ag obair ar bhonn leanúnach ó thaobh anailíse, monatóireachta agus tuairiscithe de?
Mar shampla, cuireann an foras riaracháin amach tuairiscí an-mheáite ar threochtaí na seirbhísí poiblí maidir le cén líon daoine atá á earcú le Béarla in earnáil na sláinte. Ag teacht ar ais go dtí an pointe, tá mise go láidir den tuairim gur cheart go dtiocfadh tuairisc amach uair sa ráithe maidir le cén chaoi a bhfuil an méadú nó dul chun cinn ar an 20% ag tarlú, agus go léireofaí é sin ag leibhéal na hearnála seirbhíse poiblí, na n-údarás áitiúil agus Ranna Rialtais. Sin iad na comhlachtaí poiblí is mó atá ag cur na seirbhísí ar fáil agus a bhfuilimid ag tarraingt orthu chuile lá. Tóg, mar shampla, MyGovID, a bhaineann le Ranna Rialtais agus údaráis áitiúla agus na seirbhísí a dhéanann bainistiú ar an gcaidreamh idir an saoránach agus an Stát. Mura bhfuil mapáil agus tomhais leanúnach á ndéanamh ar dhul chun cinn maidir leis na seirbhísí poiblí i nGaeilge a fheabhsú, tá sé an-deacair a shamhlú cén chaoi a mbeidh greim nó radharc againn ar an rud iomlán mar tá an scála rómhór. Tugadh an tAcht teanga i bhfeidhm i mí na Nollag 2021. Táimid anois in Iúil 2026. Tá sé admhaithe ag an Roinn go bhfuil an scála agus is áiteamh é a bhfuil bunús leis, ach caithfear na hacmhainní cuí náisiúnta - náisiúnta - a chur ag obair ar an bplean náisiúnta.
Comment on this
Tá dhá cheist eile agam. Maidir leis an Roinn caiteachais phoiblí, chualamar sa choiste cheana féin más maith léi, d'fhéadfadh sí ról an-lárnach a bheith aici ó thaobh chur chuige. Beidh an Roinn anseo go luath linn. An aontaíonn na finnéithe? Ó thaobh na Roinne de, an bhfuil ról lárnach le himirt aici anseo?
Comment on this
Go huile is go hiomlán, tá. Tá an rannán um sheachadadh claochlaithe seirbhísí poiblí ina rannán taobh istigh den Roinn caiteachais phoiblí atá ag plé go laethúil le pleanáil agus forbairt na seirbhísí poiblí in Éirinn. Tá trí chrann taca mar chuid den phlean le seirbhísí poiblí in Éirinn a fheabhsú idir seo agus 2030. Tá ceann acu sin ag déileáil go sonrach le pleanáil fórsa saothair agus le forbairt eagraíochtúil. Tá uirlisí ag an Roinn a chabhraíonn le pleanáil fórsa saothair, áit a bhfuil teimpléad leagtha amach aici maidir leis an bpleanáil agus poist sainithe, bíodh sé i gcúrsaí athrú aeráide nó cosaint sonraí, mar a chonaiceamar siar sna blianta. Is éard a theastaíonn le déanamh ná go mbeadh na múnlaí agus na huirlisí atá ag an Stát á bhfeidhmiú go laethúil maidir le feidhmiú an phlean náisiúnta agus an fhoráil 20% agus go bhfuil foireann ag obair air go lánaimseartha i gcomhar leis an gcoiste comhairleach agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta le gur féidir scála na hoibre a láimhseáil.
Comment on this
Ó thaobh chóras na gcaighdeán teanga, cá bhfuil an bac air sin faoi láthair? Tá sé sin cloiste againn arís is arís eile nach bhfuil sé sin críochnaithe. Cá bhfuil an bac air sin faoi láthair?
Comment on this
Arís, is scáthán atá sna caighdeáin teanga ar an bplean náisiúnta. Tá an scála ollmhór. Tá 500 comhlacht poiblí ann. Tá na fo-earnálacha uilig ann. Samhlaím go bhfuil an t-am atá á chur isteach ag foireann na Roinne ann ag iarraidh a bheith cinnte nuair a fhoilsítear na dréachtchaighdeáin, rud a chaithfidh tarlú ar dtús, go bhfuil siad ag dul i ngleic leis na bearnaí uilig atá aitheanta i seirbhísí poiblí i nGaeilge faoi láthair. Is údar imní atá sa mhoill atá i gceist sa mhéid gurb é an spriocdháta reachtúil deiridh a bhí luaite le tabhairt i bhfeidhm na gcaighdeán teanga ná mí na Nollag 2024. Tá sé sin píosa ó shin. Rinneadh leasú ar Acht an údaráis, 2024, le dearbhú a dhéanamh go bhfuil córas na scéimeanna teanga fós beo, ach is cinnte go bhfuil scála na hoibre ollmhór agus go bhfuil baint aige sin leis an moill. Tá tuar dóchais mór ann má bhreathnaímid trasna ar mhuintir na Breataine Bige. Bhí mé ag breathnú ar thuarascáil choimisinéir na Breatnaise le gairid. Tá rátaí sástachta custaiméara mar gheall ar na caighdeáin teanga a bheith i bhfeidhm ansin le deich mbliana idir 80% agus 90% le rudaí ar nós foirmeacha oifigiúla a bheith ar fáil, seirbhísí tacaíochta custaiméara a bheith ar fáil agus doiciméid atá á bhfoilsiú. Mar sin tá dea-scéal i ndán dúinn. Mar a luaigh mé i mo thráchtaireacht agus mo thuarascáil bhliantúil anuraidh, áfach, tá sé práinneach go bhfoilsítear na dréachtchaighdeáin anois gan mhoill.
Comment on this
Tá na comhaltaí ar an gcoiste bréan dá bheith ag éisteacht liomsa ag gearán faoi chaighdeán na Gaeilge sna bunscoileanna. Chaith mé féin mo shaol gairmiúil ag múineadh i mbunscoileanna agus ag deireadh an réimse sin mar phríomhoide sa bhunscoil. Bhí mé scartha ón seomra ranga agus ag obair le ceann de na coláistí oideachais. Thug sé sin seans dom dul thall is abhus sa tír seo ag déanamh feitheoireachta ar ábhar múinteoirí sna scoileanna. Níorbh fada go raibh mé ann ansin gur thug mé faoi ndeara go raibh an caighdeán líofachta i measc na n-ábhar oidí go hainnis go ginearálta. Is deacair aon dul ar aghaidh a dhéanamh leis an teanga agus tú ag éisteacht le múinteoirí atá neamhliteartha go feidhmiúil - functionally illiterate - sa teanga. Nuair atáthar ag caint faoin earcaíocht seo, an bhfuil na finnéithe ag déanamh tógáil ar ghainimh? Cad é tuairimí an choimisinéara faoi sin?
Comment on this
Tá sé lárnach sna moltaí atá déanta againn maidir le forbairt earnáil na hollscolaíochta Gaeilge go mbeadh oideachas tosaigh múinteoirí, na cúrsaí d'ábhair oidí san áireamh. Ceann de na moltaí atá an-mhaith atá sa phlean náisiúnta ná go mbeadh tréimhsí Gaeltachta a bheadh i bhfad níos faide. Is dhá choicís atá ann faoi láthair do na hábhair oidí. Ba cheart go mbeadh an tréimhse tumadh teanga do na hábhair oidí sa Ghaeltacht. Ról a bhí agam sular tháinig mé ag obair le hOifig an Choimisinéara Teanga ná a bheith ag obair le hOllscoil na Gaillimhe agus leis an Acadamh maidir le tréimhsí Gaeltachta a chur ar fáil d'ábhair oidí. Chonaic mé na dúshláin cheannann chéanna is a luaigh an Seanadóir. Mar sin, caithfimid breathnú ar oideachas tosaigh múinteoirí mar chuid de na fo-earnálacha criticiúla a theastaíonn laistigh d'earnáil na hollscolaíochta Gaeilge. Tá ceist acmhainní ansin. Tá ceist ann maidir leis an tréimhse Ghaeltachta a fhadú.
Tá ceist na n-acmhainní tacaíochta a bhíonn ar fáil do na hábhair oidí lena gcuid cumas sa Ghaeilge a fheabhsú nuair nach bhfuil siad ag freastal ar na tréimhsí Gaeltachta. Sin an fáth ar mhol mé go sonrach gur cheart don choiste comhairleach den Údarás um Ard-Oideachas agus den Roinn bhreisoideachais agus ardoideachais suí síos. Tá sé molta sa phlean náisiúnta, lena cheart a thabhairt do Roinn na Gaeltachta, go dtarlódh sé sin. Ach an oiread leis an bplé a bhí againn ar ball beag faoin bplean náisiúnta, bheifeá ag súil go mbeadh tuairisc eisithe maidir leis an dul chun cinn in earnáil na hollscolaíochta Gaeilge maidir leis an bpleanáil náisiúnta agus go mbeadh sonraí suas go dáta ann maidir leis na dúshláin atá ann do na hábhair oidí le Gaeilge ar ardchaighdeán.
Togra a raibh baint agam leis sular thosaigh mé ag obair san oifig ná an Erasmus Gaeltachta, áit a raibh deis ag mic léinn fochéime in Ollscoil na Gaillimhe seimeastar iomlán a chaitheamh sa Ghaeltacht. Cén fáth nach bhféadfaí Erasmus Gaeltachta a chur ar fáil do na hábhair oidí? Tá an bonneagar ann. Tá infheistíocht ollmhór déanta ag an Stát i mbonneagar Gaeltachta agus ollscolaíochta Gaeilge sa Ghaeltacht le 30 bliain. Is luach maith ar airgead a bheadh ann anois don Stát na tréimhsí Gaeltachta do na hábhair oidí a fhadú. Dar ndóigh, bheadh comhaontú ag teastáil leis na coláistí oiliúna go mbeadh sé sin fite fuaite sa churaclam acadúil atá ann.
Comment on this
Céard é meas an choimisinéara air seo?
Agus mé ag breathnú ar na múinteoirí sin - formhór dóibh is múinteoirí óga iad go hiondúil, agus ansin múinteoirí meánaoise, agus iad siúd a bhí ag dul ar aghaidh go dtí a scoradh, is deacair dom a thuiscint gurb iadsan an todhchaí don teanga. Má bhreathnaímid ar an Sualainn nó ar an bhFionlainn agus an cineál múinteoireachta atá dhéanamh ansin, bíonn oidí speisialta i ngach scoil a bhfuil ardcháilíocht sa teanga acu agus tá an dualgas ar na múinteoirí sin féachaint ar gach rud atá ag tarlú i ngach rang. Tógann siad an jab go formhór ón na hoidí ginearálta. Níl na daoine seo ábalta aon rud a dhéanamh don Ghaeilge, do chur chun cinn na Gaeilge agus do thodhchaí na Gaeilge mar tá siad neamhliteartha. Muna n-athraíonn an córas atá againn, tá an cluiche caillte againn. Níl aon dul ar aghaidh. Tá sé ag imeacht níos faide siar. Ag caint ar earcaíocht sa Státseirbhís, ní bheidh na mac léinn ansin mar fhoinse a mbeidh ábalta páirt a ghlacadh sa Státseirbhís agus an Ghaeilge a úsáid ansin.
Comment on this
Thiocfainn leis an Seanadóir. Léiríonn an taighde idirnáisiúnta le hinniúlacht a shealbhú in aon sprioctheanga go bhfuil an tumadh teanga criticiúil. Tá struchtúr na dtréimhsí Gaeltachta ann do na hábhar oidí cheana ach tá an tréimhse tumadh teanga sa nGaeltacht róghearr agus ba cheart breathnú ar shocraithe a dhéanamh anois le go bhfadófaí an tréimhse tumadh teanga sin sa sprioctheanga áit a bhfuil deis ag ábhar oidí, ní hamháin an ghné acadúil den chúrsa a dhéanamh sa nGaeltacht ach freisin an idirghníomhaíocht uilig a tharlaíonn leis an bpobal, más siúlóidí nó caitheamh aimsire atá ann, an ghné shóisialta a tharlaíonn timpeall ar na tréimhsí Gaeltachta. Tá tréimhse coicíse faoi dhó i bhfad róghearr leis na dúshláin a bhfuil a mhéar leagtha ag an Seanadóir orthu a shárú. Ceapaim gur cheart breathnú air sin mar thosaíocht mar chuid den tionscadal náisiúnta ar phleanáil fórsa saothaireach. Teastaíonn staidreamh maidir le cá bhfuil muid faoi láthair, agus cén chaoi a féidir linn méadú céatadánach a dhéanamh ar an soláthar le dul i ngleic leis na dúshláin atá luaite ag an Seanadóir. Tá isteach agus amach ar 8% do dhaltaí na tíre ag freastal ar an mbunscolaíocht lán-Ghaeilge in Éirinn. Titeann sé sin go suntasach ag leibhéal na hiar-bhunscolaíochta. Tá m’oifig ag breathnú air sin agus beidh tuarascáil á fhoilsiú againn sa bhfómhair maidir leis an titim sa ráite aistrithe ón mbunscolaíocht go dtí an iar-bhunscolaíocht lán-Ghaeilge.
Comment on this
An féidir leis an gcoimisinéir insint dom faoi sin? Nuair a bhí mé ag múineadh-----
Comment on this
Tá cúpla ceist agam féin ar an gcoimisinéir. Baineann siad leis an pointe a dhéanann sé sa ráiteas tosaigh maidir leis an easnamh córasach atá ann. Cár chóir go dtitfeadh an cur chuige córasach sin? Cén Roinn ar chóir go mbeadh an fhreagracht sin uirthi le cinntiú go bhfuil an cur chuige córasach sin á chur i bhfeidhm?
Comment on this
Tá sé leagtha amach sa reachtaíocht gur bunaíodh coiste ar leith, an coiste comhairleach um sheirbhísí poiblí Gaeilge, le maoirseacht a dhéanamh ar forbairt an phlean. Tá sé luaite go soiléir go bhfuil sé de chumhacht ag an gcoiste comhairleach cibé acmhainní a theastófar leis an bplean a fheidhmiú go córasach go mbeidh siad ar fáil, agus fiú amháin gur féidir taighdeoirí nó cúnamh a thabhairt isteach le cabhrú leis an bplean náisiúnta a chur i bhfeidhm. Is sa chomhthéacs sin go ndearna mé an pointe gur gá dúinn breathnú go fuarchúiseach ar an ról atá ag bord ceannaireacht na seirbhísí poiblí agus ag na rannáin taobh isteach den Roinn chaiteachas poiblí agus athchóirithe, le tacú leis an gcoiste comhairleach a chuid dualgais reachtúla a chur i bhfeidhm.
Comment on this
Tá cathaoirleach an choiste chomhairlí faoin Roinn Gnóthaí Tuaithe, Pobail agus na Gaeltachta i láthair na huaire.
Comment on this
Tá, agus ó Phoistphoiblí, ón Roinn oideachais agus ón nGarda Síochána. Tá na scairshealbhóirí, mar a luaigh mé i m’aitheasc, a chuireann na seirbhísí poiblí ollmhóra ar fáil sa Stát ar an gcoiste comhairleach.
Comment on this
Cén roinn a chuireann an rúnaíocht agus an oibríocht ar fáil don choiste comhairleach?
Comment on this
An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
Comment on this
Mar sin an t-aon bhaint atá ag an Roinn caiteachas phoiblí leis an gcomhairle comhairleach sin ná go mbíonn ionadaithe dá cuid ina suí ar an gcoiste. Ach, ó thaobh cúrsaí oibríochta agus rudaí a chur i bhfeidhm, titeann sé faoi riarachán agus tacaíocht riaracháin ón Roinn Forbartha tuaite agus pobail, an ea?
Comment on this
An gceapann an coimisinéir gur easpa é sin? Nár chóir go mbeadh níos mó freagrachta ag an Roinn caiteachas phoiblí?
Comment on this
Mar gheall ar scála an phlean, nuair a léimid an reachtaíocht tá siad ag caint ar phlean náisiúnta trasna na seirbhíse poiblí. Tá 500 chomhlacht poiblí ann. Mar atá luaite go mion minic tá os cionn 400,000 duine ag obair. Ní fheicim aon bhealach gur féidir tabhairt faoin bplean náisiúnta gan a bheith i mbun oibre ag an leibhéal sin. Má tá áisíneachtaí Stáit a bhfuil saineolas agus cúram orthu na seirbhíse poiblí a fhorbairt ó lá go lá, agus an saineolas sna háisíneachtaí sin – an bord ceannaireachta seirbhíse poiblí agus na rannáin atá taobh isteach den Roinn chaiteachas phoiblí - tá buncheist ann cén fáth nach bhfuil sé níos feiceálaí go bhfuil siad gníomhach ó lá go lá ag tacú leis an Stát an reachtaíocht teanga a chur i bhfeidhm tríd an bplean náisiúnta. Sin í an cheist.
Comment on this
An fáth go bhfuil an cheist á ardú agam ná go bhfuil mé ag smaoineamh ar an obair atá déanta ag an tseirbhís phoiblí maidir le ionchuimsitheacht agus éagsúlacht a spreagadh ina measc agus i gcomhthéacs na spriocanna atá le baint amach ó thaobh inscne, cúlra eitneach agus a leithéid. Bhí ar gach córas poiblí cloí leis an reachtaíocht a bhain leis an tuairisc ar an mbearna atá idir tuarastail. Tá mé ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh air rud amháin. Is cosúil go n-oibríonn an cur chuige sin agus go bhfuil éifeachtaí agus spriocanna á bhaint amach acu ach nach bhfuil an cur chuige céanna á léiriú i dtaobh obair an choiste comhairle. Ní cáineadh é seo ar an gcoimisinéir. Níl ann ach go bhfuil mé ag iarraidh tuiscint a fháil air sin. Is cosúil go dtiteann an cur chuige maidir le hionchuimsitheacht faoin Roinn caiteachas phoiblí go bhfios dom, ach ní thiteann an rud seo. B’fhéidir gurb é sin an easpa córasach atá léirithe ag an gcoimisinéir.
Comment on this
Is dóigh liom go gcaithfear na páirtnéirí náisiúnta sin a thabhairt timpeall an bhoird gan mhoill agus go dtiocfar aníos le socruithe praiticiúla faoi cén chaoi a gcabhródh siad leis an gcoiste comhairleach an plean náisiúnta a chur i bhfeidhm agus tomhais leanúnach. Mar shampla, tá mórthéama uimhir a cúig sa Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028 go maith sa mhéid is go n-iarrfar go mbeidh sonraí á mbailiú ó chomhlachtaí poiblí. Ach sin ag deireadh an phróisis. Céard atá ag tarlú ar bhonn náisiúnta anois le hanailís ó lá go lá a dhéanamh ar na pátrúin earcaíochta atá ag comhlachtaí poiblí? Cén chaoi a bhfuil siad ag tabhairt inniúlachta chun cinn taobh istigh den tseirbhís phoiblí do na comhlachtaí poiblí? Mura bhfuil an cur chuige córasach ag an scála náisiúnta ag tarlú beidh sé an-deacair a rá gur plean náisiúnta atá ann. Táimid tar éis an-bhéim a leagan anseo air sin. Níl muid ag iarraidh breathnú ar leagan a dó do chóras na scéimeanna teanga atá scaoilte, go bhfuil easpa leanúnachais ann agus nach bhfuil aon bhealach gur féidir a áiteamh gur idirbheartaíocht náisiúnta atá ann. Tá an ceart go hiomlán ag an gCathaoirleach. Chuir an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, OECD, béim ar luachanna ar leith, nó tá an Rialtas tar éis glacadh le luachanna agus prionsabail ar leith, maidir leis an straitéis chlaochlaithe do sheirbhísí poiblí do 2030, rudaí ar nós trédhearcacht, infheictheacht agus cothroime a bheith sna seirbhísí. Tá muid ag rá go bhfuil sé an-deacair ar leibhéil córasach go bhfuil na luachanna sin a n-áireamh nuair atá seirbhísí poiblí i nGaeilge á bpleanáil faoi láthair. Mar sin, tá an taighde déanta. Tá na moltaí ann. Tá an mhonatóireacht á déanamh ar go leor de na gnéithe a bhaineann le forbairt na seirbhíse poiblí.
Níl ról na scairshealbhóirí i bhforbairt na seirbhíse poiblí in Éirinn trí chéile le feiceáil go fóill ar bhonn córasach ó lá go lá i bhfeidhmiú an phlean náisiúnta, áfach.
Comment on this
Tá ceist thar a bheith sciobtha agam maidir le hoifig an choimisinéara. An mbeadh sé de chumas ag an oifig fiosrúchán nó iniúchadh a dhéanamh go proactive i dtaobh comhlachtaí poiblí atá ag léiriú dea-chleachtais agus iad ag ullmhú le seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil? Is é an léamh atá agam air ná go ndéanann an oifig iniúchadh ar ghearáin a thagann isteach. An mbeadh sé de chumas ag an oifig dea-chleachtas agus bearnaí a aithint?
Comment on this
Tá sé de chumas againn go huile agus go hiomlán. Táimid in ann faireacháin a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí maidir leis an gcaoi ina bhfuil siad ag cur na caighdeáin i bhfeidhm ach táimid anois san idirthréimhse idir córas na scéimeanna teanga a bheith ag teacht chun críche agus teacht isteach na gcaighdeán teanga. Tá sé an-deacair faireacháin a dhéanamh ar chóras nach bhfuil ann fós mar gheall nach bhfuil na caighdeáin ann. Is iad na caighdeáin cnámh droma an chórais i ndáiríre. Leagfaidh siad síos na seirbhísí poiblí, mar shampla, seirbhísí idirghníomhacha agus seirbhísí tacaíochta do chustaiméirí, atá lena bheith ar fáil agus an leibhéal inniúlachta, de réir an chomhchreat tagartha Eorpach um theangacha, a bheidh de dhíth chun na seirbhísí sin a chur ar fáil. Tá sé criticiúil go bhfoilseofar na dréachtchaighdeáin anois. Is tréimhse réasúnta í ceithre bliana go leith. Is cinnte go bhfuil an obair ollmhór ach caithfidh an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta abhóg mhisniúil a thógáil anois agus na dréachtchaighdeáin a fhoilsiú. Tá dea-thorthaí le feiceáil ar an reachtaíocht teanga nua, mar shampla, an fhoráil ó thaobh na fógraíochta. Caithfear 20% den fhógraíocht a dhéanann aon chomhlacht poiblí a bheith i nGaeilge. Léirigh an tráchtaireacht a rinne muid air in 2024 gur caitheadh €19 milliún ar fhógraíocht i nGaeilge don chéad uair riamh i stair an Stáit. Beidh sé sin níos airde do 2025. Mar sin, nuair a thógann an Stát beart atá misniúil, tá an toradh le feiceáil. Bhí go leor oibre i gceist maidir le feidhmiú na forála sin. Tá sé criticiúil go bhfeiceann muid na caighdeáin teanga gan mhoill agus go gcuirfear an cur chuige córasach náisiúnta i bhfeidhm ar fheidhmiú na forála earcaíochta 20%.
Comment on this
Cuireann sé sin deireadh lenár mbreithniú inniu. Gabhaim buíochas lenár bhfinnéithe as an bplé fiúntach agus tairbheach a bhí againn inniu. An aontaítear leis sin? Aontaítear. Sula gcuirfimid an cruinniú ar athló, tapóidh mé an deis fáilte a fhearadh roimh an Teachta Dála Brian Stanley, atá ina chomhalta den chomhchoiste anois. Tá an suíochán a bhí ag Catherine Connolly anois aige. Tá fáilte agus fiche roimhe. An aontaítear leis sin? Aontaítear. Cuirfimid an cruinniú ar athló go dtí 11 a.m. ar 22 Meán Fómhair, nuair a phléifear an t-ábhar a bhí á phlé againn inniu le hoifigigh ón Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus ón Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta. Tá an-chuid ábhar machnaimh tugtha dúinn ag an gcoimisinéir agus muid ag ullmhú don chruinniú sin. Bíodh samhradh deas ag comhaltaí an chomhchoiste. Feicfidh mé iad i Meán Fómhair.