We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 agus Earcaíocht Fostaithe Dátheangacha: Plé

Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Tá leithscéal faighte againn ón Seanadóir Nicole Ryan. Anois déanfaimid ár mbreithniú ar chur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2024-2030 agus earcaíocht na bhfostaithe dátheangacha a bheidh de dhíth fud fad na seirbhíse poiblí. Cuirim fáilte roimh na hoifigigh ón rannóg um acmhainní na seirbhíse poiblí sa Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin: Fergal Costello Uasal, príomhoifigeach; Marta Alvarez Uasal, príomhoifigeach; agus Taís Cadore Uasal, oifigeach riaracháin. Tá oifigigh linn ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta: an Dr. Aodhán Mac Cormaic, rúnaí cúnta; Sadhbh Ó Cinnseala Uasal, príomhoifigeach aonad na dteangacha oifigiúla san earnáil phoiblí; Sharon Ó Ceallaigh Uasal, príomhoifigeach i leith na gcoláistí samhraidh Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus cur i bhfeidhm an phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge; Conor Keane Uasal, príomhoifigeach cúnta in aonad tacaíochta na seirbhíse poiblí; Niamh Ní Dhomhnaill Uasal, príomhoifigeach cúnta i leith chur i bhfeidhm an phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge; agus Méidhbhín Ní Ruiséil Uasal, ardoifigeach feidhmiúcháin i leith chur i bhfeidhm an phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge. Tá oifigigh linn ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí freisin: Paul Geraghty Uasal, príomhfheidhmeannach; Michelle Noone Uasal, ceannasaí na straitéise um earcaíocht tallainne; Amy Mitchell Uasal, ceannasaí fhoireann na Gaeilge agus oifigeach Gaeilge; agus Aaron O'Connell Uasal, aistritheoir. Cuirim fáilte rompu ar fad.

Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 3 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Sula leanaimid ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe uile. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir leis na finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu, agus má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí go bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá ar fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, más rud é go bhféadfadh a ráiteas bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéilleann siad leis an ordú sin. An nglactar leis na treoracha sin? Glactar leo.

Sula mbogaim ar aghaidh, tá cúpla rud beag le rá agam. Ar an gcéad dul síos, gabhaim buíochas leis na hionadaithe ó na Ranna difriúla a chas liom roimh an deireadh seachtaine a bhí ag iarraidh ceisteanna a shoiléiriú maidir leis an gcruinniú chomhchoiste seo. Cuirim fáilte roimh an idirghabháil sin. Ar an dara dul síos, cuirim in iúl don chomhchoiste go bhfuil seans ann go mbeidh orm an seomra a fhágáil le haghaidh vóta le linn an chruinnithe. Cuirfidh muid an cruinniú ar fionraí lena aghaidh sin, nó b’fhéidir go dtógfaidh ball éigin den chomhchoiste an Cathaoir i m’áit. Ar an tríú dul síos, tréaslaím leo siúd ar fad a bhain teastas Eorpach na Gaeilge nó teastas gairmiúil sa Ghaeilge amach. Bhí bronnadh na dteastas de chuid Ghréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí ar siúl inné. Bhí an-slua i láthair agus bhí mé an-tógtha leis an díograis agus an paisean a léirigh na daoine a fuair na teastais inné. Tá moladh mór tuillte acu.

Agus é sin uilig ráite agam, iarrfaidh mé anois ar Fhergal Costello a ráiteas tosaigh a léamh.

Comment on this
Mr. Fergal Costello

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le comhaltaí an chomhchoiste as an gcuireadh chun plé a dhéanamh ar ról mo Roinne i gcur i bhfeidhm an phlean náisiúnta do sheirbhísí poiblí Gaeilge 2024-2030 agus earcaíocht na bhfostaithe dátheangacha a bheidh de dhíth fud fad na seirbhíse poiblí. Tá Marta Alvarez agus Tais Cadore in éineacht liom inniu.

Mar chúlra ar an mbeartas earcaíochta sa Státseirbhís, tá sé úsáideach achoimre a thabhairt ar na príomhstruchtúir le haghaidh earcaíochta sa tseirbhís phoiblí. Leis an Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004, socraíodh príomhghnéithe an chreata dhlíthiúil reatha maidir le hearcaíocht sa tseirbhís phoiblí agus sa Státseirbhís. Tá an creat seo comhdhéanta de chomhlacht maoirseachta, ar a dtugtar an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, CPSA, agus comhlacht earcaíochta láraithe, an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, nó publicjobs. Déantar foráil ann freisin do chóras de cheadúnú earcaíochta deonach do chomhlachtaí aonair trínar féidir leo daoine a fhostú go díreach.

Is é an CPSA an príomhrialtóir earcaíochta agus roghnúcháin i seirbhís phoiblí na hÉireann agus cinntíonn sé go bhfuil na ceapacháin cothrom, trédhearcach agus bunaithe ar fhiúntas. Mar a cheanglaítear faoin Acht, tá earcaíocht faoi cheadúnas faoi réir chóid chleachtais dréachtaithe ag an CPSA ina leagtar amach na prionsabail is ceart a leanúint agus ceapachán á dhéanamh. Socraítear le hAcht 2004 freisin go bhfuil an tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin freagrach as cúrsaí a bhaineann le hearcaíocht sa Státseirbhís. Áirítear leis sin critéir incháilitheachta, líon na mball foirne, grádú, pá agus coinníollacha oibre eile. Foráiltear leis go bhfuil freagracht ar Airí eile maidir le fostaithe sa tseirbhís phoiblí a earcú i gcomhlachtaí faoi choimirce a Ranna.

Mar is eol don choiste, bunaíodh an coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge ar an 20 Meitheamh 2022 faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú). Ó bunaíodh é, dhírigh príomhfhócas an choiste ar an gcéad phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí na Gaeilge 2024-2030 a dhréachtú agus a chur i bhfeidhm. Cuirfear an plean náisiúnta i gcrích trí dhá phlean gníomhaíochta. Leagtar béim ar leith sa chéad phlean gníomhaíochta, a chlúdaíonn an tréimhse 2026-2028 agus a foilsíodh ar an 20 Eanáir i mbliana, ar na bearta is gá le ceann de phríomhchuspóirí an Achta a bhaint amach, is é sin, a chinntiú, faoi dheireadh 2030, gurb ionann daoine atá inniúil sa Ghaeilge agus 20% ar a laghad de na ceapacháin i gcomhlachtaí poiblí, cibé acu trí earcú nó ardú céime.

Bím páirteach sa choiste i ndáil le mo chuid freagrachtaí as beartas earcaíochta na Státseirbhíse. Sa ról seo, tá ról gníomhach agam leis an bhfoghrúpa earcaíochta atá ag forbairt treorach maidir le cleachtais earcaíochta Gaeilge agus ag fiosrú úsáid conairí malartacha, amhail intéirneachtaí agus socrúcháin oibre eile. I bhfianaise uaillmhian an phlean, áfach, tá roinnt réimsí sa Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin rannpháirteach sna struchtúir cur chun feidhme a bunaíodh faoin bplean náisiúnta, ag tacú le forbairt, comhordú agus seachadadh beart atá dírithe ar spriocanna a bhaint amach. Soláthraíonn rannán an lucht saothair de chuid na Roinne sin ceannaireacht bheartais agus maoirseacht straitéiseach ar ghealltanais Ghaeilge an Rialtais sa chlár oibre foghlama sa tseirbhís phoiblí. Tá rannpháirtíocht ard ar fad i bhfoghlaim na Gaeilge tríd an ardán OneLearning, a aistríodh chuig an bhForas Riaracháin in 2024, agus tá leibhéil arda glactha agus deimhniú rathúil ar fud na Ranna, le tacaíocht ó leathnú na gcúrsaí ardleibhéil agus acmhainní nua foghlama san ionad oibre. Tá na tionscnaimh sin ag cabhrú le cumas Gaeilge a neartú ar fud na Státseirbhíse agus tacaíonn siad le cuspóirí an Achta a bhaint amach.

Tríd an Oifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais, OPOFR, nó OGCIO, cuireann an Roinn le hobair na meithle teicniúla, a bunaíodh i mí Dheireadh Fómhair 2025 faoi cheannas na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Cuireann sé soláthar tacaíochtaí feabhsaithe don Ghaeilge chun cinn ar fud na seirbhísí digiteacha atá dírithe ar an bpobal, lena n-áirítear gov.ie agus an bonneagar poiblí digiteach níos leithne.

Tá comhoibriú idir an oifig um sholáthar ginearálta agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta tríd an straitéis náisiúnta um sholáthar poiblí leis na treoirlínte um sholáthar poiblí earraí agus seirbhísí a thabhairt cothrom le dáta le cuspóirí an phlean gníomhaíochta náisiúnta um sheirbhísí poiblí sa Ghaeilge agus na nAchtanna um theangacha oifigiúla a léiriú faoi dheireadh 2026.

Tá an rannán claochlaithe ag tacú freisin le cur i bhfeidhm an phlean náisiúnta trína chuid oibre ar an tionscadal um imeachtaí saoil sa tseirbhís phoiblí, rud a chuidíonn lena chinntiú go gcuimsítear cúrsaí seirbhíse trí Ghaeilge i dtionscnaimh deartha agus claochlaithe seirbhíse. Ina theannta sin, tá iniúchadh á dhéanamh le rannpháirtíocht leanúnach ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta chun réimsí ina bhféadfadh saineolas claochlaithe tacú le seachadadh an phlean, agus tá tuilleadh oibre comhoibritheach á forbairt.

Tá sé tábhachtach a shonrú gur cuspóir seirbhíse poiblí uile é an sprioc 20%. Déantar leibhéil foirne sa tseirbhís phoiblí a bhainistiú trí bheartas de cheadú tarmligthe, a tugadh isteach in 2015 le solúbthacht a thabhairt do Ranna agus oifigí le riachtanais ghnó aitheanta a bhainistiú laistigh de na huasteorainneacha pá foriomlána a comhaontaíodh tríd an bpróiseas buiséid agus meastachán. Ina theannta sin, tá creat straitéiseach pleanála don lucht saothair i bhfeidhm ar fud na seirbhíse poiblí ó 2020 i leith faoi chlár oibre um athnuachan na Státseirbhíse 2030. Soláthraítear leis an gcreat seo an bonn do Ranna agus do chomhlachtaí poiblí le measúnú a dhéanamh ar a riachtanais oibre sa todhchaí, lena n-áirítear an soláthar foirne agus na scileanna a theastaíonn le gealltanais faoin bplean náisiúnta um sheirbhísí poiblí sa Ghaeilge agus faoin reachtaíocht um theangacha oifigiúla a chomhlíonadh. Leanfaidh an Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin leis an dlúthobair leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, le comhlachtaí poiblí agus le páirtithe leasmhara eile chun tacú le cur i bhfeidhm ghealltanais an Rialtais maidir leis an nGaeilge agus chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na sprice 20% a bhaint amach. Tá mé sásta aon cheisteanna a d'fhéadfadh a bheith ag an gcoiste a fhreagairt.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Gabhaim buíochas le Fergal Costello. Iarraim ar an Dr. Aodhán Mac Cormaic a ráiteas tosaigh a léamh.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Ar dtús báire, gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as cuireadh a thabhairt dúinn chun labhairt inniu maidir leis an bplean náisiúnta. In éineacht liom inniu tá mo chomhghleacaithe Sadhbh Ó Cinnseala, Sharon Ó Ceallaigh, Conor Keane, Niamh Ní Dhomhnaill agus Méidhbhín Ní Ruiséil. Ócáid chinniúnach a bhí in achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, maidir le dualgais an Stáit i leith seirbhísí poiblí a chur ar fáil trí Ghaeilge a neartú. Tá obair shuntasach déanta ag oifigigh na Roinne agus oifigigh na n-eagraíochtaí eile atá linn inniu, i gcomhar le páirtithe leasmhara ar an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge agus páirtithe leasmhara eile nach iad, ó shin i leith chun an Ghaeilge a neadú i seirbhísí poiblí an Stáit agus seirbhís phoiblí dhátheangach a chothú.

Bunaíodh an coiste comhairleach faoin Acht i mí an Mheithimh 2022 agus is é a d’ullmhaigh an chéad phlean náisiúnta agus an chéad phlean gníomhaíochta um sheirbhísí poiblí Gaeilge i stair an stáit bunaithe ar an taighde cuimsitheach a tugadh faoi ina leith. Leag na pleananna seo amach na cuspóirí ardleibhéil, mar aon leis na bearta sonracha agus praiticiúla a bhí le tabhairt fúthu i leith na hoibre seo, faoi chúig mhórthéama straitéiseacha. Mar fhreagra ar bhearta luaite sa phlean náisiúnta agus gníomhaíochta, cuireadh na struchtúir eile seo a leanas ar bun: bunaíodh grúpa oibre teicniúil i mí Dheireadh Fómhair 2025 chun riachtanais na Gaeilge a neartú inár seirbhísí digiteacha. Bunaíodh grúpa oibre earnála chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais oideachais threasaigh don Ghaeilge san earnáil phoiblí. Bunaíodh foghrúpa earcaíochta faoin gcoiste comhairleach, atá ag obair faoi láthair ar pháipéar dea-chleachtais chun earcaíocht le Gaeilge a threisiú. I measc ollchuspóirí an mhéid seo, tá dar ndóigh, an sprioc go mbeidh 20% ar a laghad de na daoine a cheapfar i gcomhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh na bliana 2030 – ar mhodh earcaíochta nó ardú céime, rud a soiléiríodh tríd an Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2026 a achtaíodh i rith an tsamhraidh. Tabharfaidh sé seo spreagadh sa bhreis do chomhlachtaí poiblí cúrsaí uasoiliúna Gaeilge a chur ar fáil ar bhonn réamhghníomhach dá gcuid fostaithe.

I measc na n-éachtaí suntasacha atá bainte amach i gcomhthéacs na sprice 20% go dtí seo, tá forbairtí éagsúla déanta ar chúrsaí oiliúna Gaeilge don Státseirbhís tríd an bhforas riaracháin. De bharr na bhforbairtí seo, tá méadú as cuimse tagtha ar líon na ndaoine atá ag tabhairt faoi chúrsaí Gaeilge sa Státseirbhís le roinnt blianta anuas. Tá mol ar leith don Ghaeilge cruthaithe anois ag an bhforas riaracháin ar a shuíomh OneLearning chomh maith, a mbeifear ag forbairt sa tréimhse amach romhainn. Bunaíodh freisin Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí, ar thagair an Cathaoirleach dó níos túisce, chun tacú leo siúd a bhfuil Gaeilge acu nó atá ag foghlaim Gaeilge agus atá ag obair san earnáil phoiblí – le breis is 3,000 fostaithe de chuid na hearnála poiblí cláraithe leis go dáta. Cuireadh tús le reáchtáil searmanais bhronnta d'fhoghlaimeoirí Gaeilge san earnáil phoiblí i mbliana chomh maith agus reáchtáladh an dara ceann aréir, mar a luaigh an Cathaoirleach. Anuas air sin, thosaigh printísigh inár Roinn le déanaí ar an sruth Gaeilge den phrintíseacht nua - Gnó agus Oibríochtaí don Státseirbhís. Tabharfar deis do na printísigh seo cur lena gcuid scileanna Gaeilge mar chuid dá gcuid taithí ar an láthair – an chéad uair a leithéid de shruth a dhéanamh agus féidearthachtaí ann an múnla a úsáid i gcomhthéacsanna eile má éiríonn go maith leis.

Is rud suntasach a bhí ann le déanaí chomh maith reáchtáil comórtas oscailte do ghrád an Ardoifigigh Feidhmiúcháin sa Státseirbhís den chéad uair, le sruth Gaeilge an áireamh ann – rud a chruthaíonn níos mó deiseanna daoine le scileanna Gaeilge a mhealladh isteach sa Státseirbhís. Is de bharr dlúthchomhoibriú le Ranna Stáit, comhlachtaí poiblí agus páirtithe leasmhara eile, ar fud an chórais, a d’éirigh linn na nithe thuasluaite a chur chun cinn. Agus is amhlaidh atá i gcomhthéacs bearta eile feasachta atá ar na bacáin sa tréimhse amach romhainn. Mar shampla, tá maoiniú curtha ar fáil ag an Roinn, i gcomhar le COGG, d’fhorbairt mol lárnach do ghairmeacha le Gaeilge trí Careersportal nó Saoloibre. Tá obair sa tsiúl chomh maith maidir le comhdháil FÍS - comhdháil úrnua do dhaoine óga a léiríonn ár dtodhchaí dhátheangach san oideachas, sa saol gairmiúil agus sa saol sóisialta, a chuirfear ar bun arís i mí an Mhárta 2027. Agus beidh feachtas feasachta náisiúnta ar dheiseanna fostaíochta san earnáil phoiblí leis an nGaeilge, le seoladh sa chéad ráithe de 2027.

Ó thaobh dul chun cinn a thomhas, bunaíodh aonad gnó nua sa Roinn a bhfuil sé de chúram air tuairisciú ar an bplean gníomhaíochta a chomhordú agus tionscnaimh thaighde a eascraíonn as an bplean a choimisiúnú. Dá bharr, tá creat tuairiscithe náisiúnta i bhfeidhm anois chun an dul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm an phlean gníomhaíochta a rianú agus beifear ag súil le níos mó a thuairisciú faoin dul chun cinn faoin bplean, ar fud na hearnála poiblí, amach anseo.

Gabhaim buíochas arís leis an gcomhchoiste as an deis a thabhairt dom féin agus do mo chuid comhghleacaithe cuntas a thabhairt ar an obair ar an bplean Náisiúnta. Agus muid anois ag lárphointe an tionscnaimh naoi mbliana seo, is cinnte go bhfuil go leor déanta agus go leor eile le teacht. Ba mhaith liom an pointe sin a threisiú go bhfuilimid i lárphointe i dtogra naoi mbliana anseo. Shínigh an tUachtarán an tAcht ag deireadh 2021. D'fhág sé sin idir 2022 agus deireadh 2030 go bhfuil naoi mbliana i gceist. I mí an Mheithimh seo caite, bhíomar ag ceithre bliana go leith. Tá go leor struchtúr curtha ar bun agus bunaithe anois againn. Táimid ag súil le toradh na hoibre sin a fheiceáil sna blianta amach romhainn. Cinnteoidh na struchtúir atá bunaithe agus an obair atá déanta go dtí seo go mbeidh rath ar an obair amach romhainn agus go gcruthófar éiceachóras leis an teanga a neadú mar chuid de ghníomhaíochtaí laethúla gnó an Stáit. Fáiltím roimh aon cheisteanna atá ag an gcomhchoiste ina leith seo.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Iarrfaidh mé anois ar Paul Geraghty a ráiteas tosaigh a thabhairt.

Comment on this
Mr. Paul Geraghty

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh. I will ask Amy Mitchell, our head of foireann na Gaeilge in the Department, to read a statement on behalf of PublicJobs.

Comment on this
Ms Amy Mitchell

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as an gcuireadh a thabhairt dúinn a bheith anseo inniu. Tá mo chomhghleacaithe, Michelle Noone agus Aaron O'Connell anseo chomh maith. Léifidh mé an ráiteas ar son Paul Geraghty.

Tá an-áthas orm eolas a thabhairt don choiste faoi poistphoiblí.ie, an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus achoimre a thabhairt ar ár ról agus ar an obair atá á déanamh againn chun tacú le gealltanais an Stáit maidir leis an nGaeilge. Is é poistphoiblí.ie an soláthraí lárnach seirbhíse earcaíochta do chliaint sa Státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí. Aimsíonn muid iarrthóirí cumasacha do chliaint, lena n-áirítear Ranna Rialtais, údaráis áitiúla, An Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus comhlachtaí eile. Déanann muid na hiarrthóirí sin a mheas agus cuireann muid ar fáil dár gcliaint iad. Anuas air sin, molann muid iarrthóirí do cheapacháin ar bhoird na ngníomhaireachtaí Stáit.

Tá muid tiomanta go hiomlán ár ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh agus tacú le baint amach na sprice earcaíochta reachtúla, is é sin go mbeidh 20%, ar a laghad, d’earcaithe chuig an tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge roimh 2030. Ní thuigtear an sprioc earcaíochta mar riachtanas comhlíonta amháin in poistphoiblí.ie; is tosaíocht thábhachtach í maidir le pleanáil don fhórsa saothair, maidir le mealladh tallainne agus maidir le soláthar seirbhíse. Tá sé mar aidhm againn cabhair a thabhairt maidir le seirbhís phoiblí atá in ann seirbhísí ardchaighdeáin a chur ar fáil don phobal i nGaeilge a fhorbairt. Ag an am céanna, ba mhian linn a chinntiú go mbíonn próisis earcaíochta cothrom, inrochtana agus mealltach don linn tallainne is leithne is féidir.

Tar éis dúinn teacht os comhair an choiste seo roimhe seo, i mí Eanáir 2024, tá muid ag leanúint ar aghaidh go seasmhach leis an obair a dhéanann muid chun ár gcumas eagraíochta agus ár gcur chuige i leith na hearcaíochta Gaeilge a neartú. Go hinmheánach, tá obair déanta againn lenár bhfoirne in poistphoiblí.ie chun iad a spreagadh chun tabhairt faoi chúrsaí Gaeilge. Lena chois sin, déanann muid suirbhéanna chun inniúlacht ár mball foirne sa Ghaeilge a mheas agus chun na baill foirne sin a bhfuil suim acu a bheith ag obair trí Ghaeilge a aithint. Rinneadh athstruchtúrú ar fhoireann na Gaeilge in poistphoiblí.ie chun seirbhísí aistriúcháin agus tacaíocht earcaíochta araon a chur ar fáil; ceapadh baill foirne bhreise chun dul i ngleic le héileamh méadaithe agus ainmníodh ball foirne ar leith chun tacú le comhlíonadh ár ndualgas teanga agus le cur i bhfeidhm fhorálacha na reachtaíochta.

Glacann muid páirt ghníomhach chomh maith i struchtúir an choiste chomhairligh um sheirbhísí Gaeilge agus san fhoghrúpa earcaíochta a bunaíodh chun gníomhartha earcaíochta a chur chun cinn.

Leagadh béim shuntasach ar phróisis earcaíochta a fheabhsú agus ar linn na n-iarrthóirí a bhfuil Gaeilge acu a leathnú. Reáchtáil Poistphoiblí comórtais Ghaeilge ag gach grád suas go dtí leibhéal an Ard-Rúnaí Chúnta, agus bíonn an rogha ag iarrthóirí a chuireann isteach ar gach comórtas do na gráid ghinearálta Státseirbhíse a chur in iúl gur mhaith leo go ndéanfaí iad a mheas do róil Ghaeilge. Le blianta beaga anuas, bhí sruth Gaeilge againn sna comórtais do Ghardaí faoi oiliúint agus, in 2026, reáchtáil muid comórtais Ghaeilge ar leith do na poist sin. Thug muid tacaíocht chomh maith do shruth Gaeilge nuálach sa chomórtas don phrintíseacht ghnó agus oibríochtaí. Tríd an sruth sin, is féidir iarrthóirí atá inniúil go leibhéal B1 a earcú agus tacú leo dul ar aghaidh chuig leibhéal B2 le linn na printíseachta. Ag leibhéal sinsearach, oibríonn muid go dlúth le heagraíochtaí cliaint chun riachtanais teanga ar leith a aithint agus chun próisis mheasúnaithe a dhearadh bunaithe air sin - mar shampla, An Coimisinéir Teanga, príomhfheidhmeannach, Foras na Gaeilge, mar aon le ceapacháin ar bhord TG4 agus ar bhord Údarás na Gaeltachta. D’ainneoin an mhéadaithe sin sa leibhéal gníomhaíochta, níl ach líon beag daoine ag cur isteach ar na comórtais agus sruthanna sin go fóill agus tá dúshláin ann maidir le daoine ag a bhfuil na cáilíochtaí cuí, i dtaca le scileanna an róil agus scileanna Gaeilge araon ag an leibhéal cuí, a aimsiú.

Tá muid ag obair chun a chinntiú go bhfuil ár gcur chuige níos seasmhaí agus bunaithe níos mó ar fhianaise. Cuireadh i gcrích cleachtadh mapála a chlúdaigh próisis earcaíochta Ghaeilge a reáchtáladh le blianta beaga anuas agus baineadh úsáid as na ceachtanna a foghlaimíodh ó gach comórtas chun feachtais a tháinig ina ndiaidh a bheachtú. Socraíodh foclaíocht chaighdeánach faoin reachtaíocht, faoin sprioc earcaíochta agus faoin mbogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach agus cuirtear isteach sna leabhráin do chomórtais státseirbhíse í. Tá muid ag obair chomh maith le comhpháirtithe ar mhodhanna measúnaithe níos caighdeánaithe a thagann le Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha, CEFR. Mar chuid den obair sin, déanann muid teagmháil le Teastas Eorpach na Gaeilge nuair atá measúnú atá aitheanta go foirmiúil ag teastáil.

Aithníonn muid go mbeidh an obair a dhéanfar chun iarrthóirí a mhealladh agus chun tuiscint daoine ar na deiseanna atá ann chomh tábhachtach leis an obair mheasúnaithe féin. Dá bharr sin, tá muid ag díriú níos mó ar lucht spéise le Gaeilge agus ar ábhar Gaeilge inár ngníomhaíochtaí meallta tallainne. Forbraíodh ár mórfheachtas meallta tallainne, a cuireadh i bhfeidhm níos luaithe i mbliana, go dátheangach, agus leagadh béim ann ar dheiseanna gairme le Gaeilge. Bhí cainteoir Gaeilge páirteach san fheachtas agus bhain muid úsáid as meáin Ghaeilge mar aon le hábhair chruthaitheacha Ghaeilge agus Bhéarla a scaipeadh. Tá muid ag leanúint orainn leis an obair atá á déanamh againn chun comórtais earcaíochta a fhógairt go dátheangach agus, sa chás go bhfuil an Ghaeilge riachtanach nó inmhianaithe do ról, cuireann muid ábhar earcaíochta bainteach ar fáil agus reáchtálann muid céimeanna den phróiseas go dátheangach nó trí Ghaeilge amháin, de réir mar is cuí. Ina theannta sin, tá publicjobs.ie á fhorbairt againn mar thairseach lárnach chuig eolas faoi ghairmeacha seirbhíse poiblí agus ar ábhar dátheangach a chur ar fáil. Maidir le comórtas do phoist ina mbíonn scileanna Gaeilge riachtanach nó inmhianaithe, cuireann muid micreashuíomhanna ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla mar aon le postálacha sa dá theanga.

Tá tábhacht mhór ag baint leis an obair atá sa phíblíne againn chomh maith. I bpacáiste acmhainní Poistphoiblí do scoileanna, cuirtear acmhainní dátheangacha don seomra ranga agus don fhoghlaim fhéinstiúrtha ar fáil, lena n-áirítear pleananna ceachta, conairí gairme, teistiméireachtaí agus físeáin i nGaeilge, chun cabhrú le daltaí agus oideoirí tuiscint a fháil ar na gairmeacha éagsúla atá ar fáil ar fud na seirbhíse poiblí. Lena chois sin, cuireann muid Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí chun cinn lenár mbaill foirne agus trí chomhfhreagras eagraíochta, agus baineann muid leas as gréasán earcaitheoirí na seirbhíse poiblí chun tuiscint ar na himpleachtaí earcaíochta a bhaineann le hAchtanna na dteangacha oifigiúla a fheabhsú agus chun dea-chleachtas a phlé le comhlachtaí poiblí eile.

Tá obair sa bhreis ar siúl againn chun liosta de chainteoirí Gaeilge a bheadh oiriúnach mar chomhaltaí de bhoird agallaimh a fhorbairt agus a uasdátú go leanúnach, chun oiliúint a chur ar fáil do bhoird agallaimh trí Ghaeilge, agus chun treoir níos soiléire a thabhairt maidir le Gaeilge labhartha a mheas de réir chaighdeán an CEFR. Tá muid ag cur chomh maith le hobair ar na sonraí a chuirtear ar fáil ar fhoirmeacha iarratais, lena n-áirítear an bealach is fearr chun eolas a bhailiú faoi inniúlacht na n-iarrthóirí sa Ghaeilge, faoin bhfonn atá ar iarrthóirí obair a dhéanamh trí Ghaeilge agus faoin tsuim atá ag iarrthóirí a gcuid scileanna teanga a fheabhsú.

Tá muid ag obair i gcomhar le Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad ar uirlis teicneolaíochta chomhroinnte chun tacaíocht a thabhairt do chliaint an leibhéal inniúlachta ar an CEFR a bheadh oiriúnach do phoist éagsúla a aithint agus an inniúlacht sin a mheas agus tá triail bainte againn as an uirlis sin le cliant amháin cheana. Beidh sé tábhachtach sonraí níos fearr a bhailiú chun tuiscint a fháil ar an linn tallainne atá ann, chun pleanáil a dhéanamh do chomórtais amach anseo agus chun dul chun cinn a thomhas agus muid ag obair chun an sprioc earcaíochta a bhaint amach faoi 2030. Tá Poistphoiblí sásta na ceisteanna seo a phlé go hoscailte leis an gcomhchoiste. Aithníonn muid go bhfuil dúshlán mór romhainn ach, ag an am céanna, go dtugann an reachtaíocht deis ar leith dúinn, is é sin inniúlacht Ghaeilge inbhuanaithe a fhorbairt ar fud na seirbhíse poiblí, rochtain ar sheirbhísí Gaeilge a fheabhsú agus a chinntiú go bhfuil gairmeacha sa tseirbhís phoiblí níos feiceálaí agus níos mealltaí do chainteoirí Gaeilge. Tá muid tiomanta comhoibriú leis an gcomhchoiste, le Ranna Rialtais, leis an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge, le heagraíochtaí cliaint agus le comhpháirtithe eile chun dul chun cinn praiticiúil a chinntiú.

Beidh mé lánsásta aon eolas sa bhreis atá ag teastáil ón gcomhchoiste a thabhairt agus tá mé ag súil leis na ceisteanna seo a phlé libh inniu agus amach anseo.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Gabhaim buíochas le hAmy Mitchell as an ucht an ráitis tosaigh sin a dhéanamh. Mar nótaí tí do chomhaltaí an chomhchoiste, tá mé ag moladh go mbeadh seacht nóiméad an duine ag gach aon chomhalta agus go gcuirfeadh na comhaltaí in iúil dom más rud é go bhfuil siad ag iarraidh labhairt. Tosóidh mé anois leis an Teachta Ní Raghallaigh.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad as na ráitis tosaigh agus cuirim fáilte rompu inniu. Tá ceist nó dhó tapa agam le cur ar Fheargal Costello ar dtús. Cén céatadán d’oibrithe sa Státseirbhís atá inniúil sa Ghaeilge faoi láthair? Cén réamhaisnéis atá ag an Roinn chun sin a fhás sna cúig bliana amach romhainn?

Comment on this
Mr. Fergal Costello

An féidir liom caint as Béarla for this question? In terms of the current percentage, the best data we have available comes from the survey that was done developing the national plan and that indicated 11% were around about the standard required and a further 12% were just below and hoping to improve. That is quite a good base in terms of working. That survey also indicated quite a lot of interest for people to take up training. Regarding projection, we are conscious of the 20% target. It is a very challenging target but that is what we aiming towards. We are encouraged in terms of the training by the data coming through from OneLearning, the representatives of which were, I think, at the committee recently. There is uptake there with 700 or 800 doing the training already this year. There have been 4,000 or 5,000 doing it over the last number of years. We would look to continue to supports our employees in accessing that quality training to continue to improve proficiency.

Comment on this

Ó foilsíodh an plean an raibh mórán ardú céime? Cén céatadán dóibh siúd le Gaeilge atá ag leibhéal sinsearach?

Comment on this
Mr. Paul Geraghty

I do not have that data, I am afraid. Last year, there was something like 6,000 recruitments into the Civil Service and of those about 1,200 were promotions within the Civil Service, but in terms of the Gaeilge proficiency I do not have that data today.

Comment on this

Okay, go raibh maith agat. Ag breathnú ar rudaí ó thaobh oideachais de, tá an-suim agam sna oideachas agus ceapaim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach dúinn chun an sprioc seo a bhaint amach. Ní dóigh liom go bhfuil na beartais atá á gcur chun cinn sách láidir. Mar a deir an Dr. Aodhán Mac Cormaic táimid ag an lárphointe sin ó tosaíodh an tionscnamh. Tá an dul chun cinn díomách, go háirithe sa Ghaeloideachas. An nglacann na finnéithe leis gur gá cur leis an soláthar oideachais lán-Ghaeilge chun an sprioc sin a bhaint amach? Ní mothaím go bhfuil dóthain infheistíochta agus maoinithe curtha isteach ag an Roinn. Caithfimid breathnú air ó thaobh an Ghaeloideachais de, ón luathoideachais ar aghaidh. Ba mhaith liom cloisteáil ón Roinn faoi sin.

Comment on this
Mr. Paul Geraghty

The national plan itself in 2024 recognised that the actions are part of a wider ecosystem. In my particular area we are looking at recruitment avenues, trying to make sure there are sufficient pathways to come in; not just the traditional but new pathways as well. The Deputy is right in terms of the wider ecosystem and the need to support the learning of the language at lower levels. The advisory committee has a subgroup working with the third level system and that is under way. Work has already started there. Colleagues from the Department of education, who, again were with the committee in the last year or so, have a number of initiatives both in the Gaeltacht and outside the Gaeltacht, supporting through education. All those things are really important and there is a lot of work to be done to try to ensure we build that capacity.

Comment on this

Tháinig na staitisticí amach le déanaí ón tuairisc. Tá duine as triúr a leanann ar aghaidh leis an nGaeloideachas ag an meánscoil tar éis dóibh freastal ar Ghaelscoil.

Tá 13 contae againn atá gan Ghaelcholáiste so ní dóigh liom go bhfuilimid ag dul sa treo ceart. An bhfuil idirbheartaíocht ar siúl ag an Roinn chun maoiniú a chinntiú i mbuiséad 2027? Cad iad a tosaíochtaí?

Comment on this
Mr. Fergal Costello

I do not have access to the budget discussions between the Department of education and our own Department. Those discussions are still under way and we will see the results shortly. In addition to the data on the second level and third level systems the Deputy has described, there is also the data from the census and the proportion of the population as a whole who say they have good Irish and those who are interested in using Irish. There are different ways to address this challenge. We will be looking towards making more use of that Irish capacity in the population in general day-to-day business. That is really important in driving demand for Irish in public services. That helps in making recruitment more attractive because then there are jobs where it is very clear that Irish will be an important part of the role from day to day. The Deputy's question is very good but there are different ways to address this challenge and drawing on all of those resources is probably part of the answer.

Comment on this

Phléamar an tríú leibhéal chomh maith. Tá an rud céanna fíor faoi oideachas lán-Ghaeilge ag an tríú leibhéal. Tá an soláthar reatha ró-íseal. Caithfimid é sin a ardú chomh maith. Tá dhá nóiméad agam so bogfaidh mé ar aghaidh chuig an Dr. Aodhán Mac Cormaic. Maidir leis an dá phlean gníomhaíochta, cén dul chun cinn atá déanta ar an gcéad cheann?

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tá tuairisc inmheánach againn féin - bíonn ionchur ag na heagraíochtaí agus páirtithe leasmhara inti - i dtaobh gníomhaíochta a chur i bhfeidhm chuile thrí mhí. Tá an chéad cheann de na tuairiscí sin againn. Tá cúpla rud ann nach bhfuil dul chun cinn déanta orthu ach, go ginearálta, tá dul chun cinn maith á dhéanamh leis an gcuid is mó acu. Tá an chéad tréimhse de thrí mhí eile suas anois. Táimid ag bailiú an eolais maidir leis an dara trí mhí den bhliain faoi láthair. Ag deireadh na bliana, beimid ag foilsiú plean. Tabharfaimid tuairisc ar thorthaí an chéad bhliain don Rialtas. Beimid ag foilsiú gach rud faoin gcéad bhliain ansin. Go ginearálta, tá ag éirí go maith leis. Luaigh an Teachta earnáil an oideachais. Is le deireanaí a thosaigh an coiste earnála sin ar a chuid oibre. Tá na himreoirí uilig san earnáil tríú leibhéal istigh ansin, an HSE, an Foras Riaracháin agus go leor de na hinstitiúidí tríú leibhéal san áireamh. Tá obair fhónta ar bun ansin ach níl sé ach ina thús. Is cuid de na struchtúir atá bunaithe é sin. Tá sé díreach ag cur tús lena chuid oibre.

Chomh maith leis sin, le cúrsaí oideachais a lua, tá tionscnamh ardscileanna Gaeilge ag ár Roinn le beagnach 20 bliain anuas. D'úsáid muid an tionscnamh sin le haghaidh réimse cúrsaí tríú leibhéal a chur ar bun. Ó 2015 go dtí 2021, bhí sé sin uilig dírithe ar dhaoine a chur ar fáil don Aontas Eorpach. D'éirigh linn deireadh a chur leis an maolú ar úsáid na Gaeilge sna hinstitiúidí ansin, go príomha de bharr na hoibre sin agus na daoine a bhí ag teacht tríd na cúrsaí sin. Tá an rud atáimid ag déanamh anois ag scála i bhfad níos airde. Agus é sin ráite, beidh ról lárnach le himirt ag an tionscnamh sin. Tá athbhreithniú air sin ar siúl faoi láthair. Tá súil againn go mbeidh sé ag críochnú taobh istigh de mhí. Beimid ag athrú fhócas an tionscnaimh sin go dtí cúrsaí a bhaineann le daoine a chur ar fáil don Státchóras in Éirinn. Tá go leor de na struchtúir sin bunaithe anois. Táimid ag súil leis na torthaí a fheiceáil amach anseo.

Comment on this

Gabhaim buíochas as sin. Seans go mbeidh-----

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Beidh dara babhta ann.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as a bheith anseo inniu. I am going to ask Mr. Costello a couple of questions. We have had witnesses here in the past who have identified the Department of public expenditure and reform as a key player at strategic level in the delivery of the 20% target by 2030. I am interested in a couple of things. Is Mr. Costello the Department's representative on the Irish language services advisory committee?

Comment on this
Mr. Fergal Costello

I am.

Comment on this

When I asked previously how often that group meets, I got a list of meetings and a total number but I did not get a sense of how often it met. How often does the group meet?

Comment on this
Mr. Fergal Costello

The group met very frequently in its early gestational period. It meets more on an issue by issue basis now. We have met a couple of times this year already and we are meeting again. There have been 26 meetings over the lifetime of the group.

Comment on this

Is it typically four times a year now?

Comment on this
Mr. Fergal Costello

It was more front-loaded towards the beginning of the committee. I can get the data for the Deputy.

Comment on this

Let us put it another way. How many times did the committee meet last year, in 2025?

Comment on this
Mr. Fergal Costello

Unfortunately, I took up my role in January so I will have to look to my colleagues in the Department to see if they have that information.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Bhuail sé le chéile ceithre nó cúig huaire. An bhfuil an Teachta ag iarraidh briseadh síos de réir bliana?

Comment on this

Níl. Tá suim agam fáil amach cé chomh minic a bhíonn na cruinnithe because tá an sprioc ag teacht. Tá 2030 ag teacht. Go nádúrtha, go háirithe má tá fadhbanna ann, cheapfá go mbeadh sé ag-----

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Bhí go leor obair ar bun ag an gcoiste le haghaidh an plean náisiúnta agus an plean gníomhaíochta a chur le chéile. Anois, agus an plean gníomhaíochta foilsithe, titeann go leor oibre ar rannóga Sharon Ó Ceallaigh, Niamh Ní Dhomhnaill agus Méidhbhín Ní Ruiséil le comhordú a dhéanamh chun na spriocanna sin a bhaint amach.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tá an rud leathnaithe amach. Ní bhaineann sé lenár Roinn féin, an Roinn caiteachais phoiblí agus athchóirithe agus PAS amháin.

Comment on this

I will come back to the point that the Department of public expenditure and reform is seen as a key enabler of all of this, which is very clear from previous meetings. Mr. Costello has been in position since January of this year. I have been looking at his background. He certainly has the right background. He is responsible for senior pay, public service numbers and recruitment policy. The target, 2030, is not very far away. I have not seen a plan as to how we are going to increase the numbers year by year, target by target, net of retirements and everything else so that, by 2030, we will hit the right number. I expect that would be the Department's discipline, given Mr. Costello's background. Does such a plan exist? If it does not exist, when will we see a clear breakdown of targets year by year so that we know where we are going as regards 2030?

Comment on this
Mr. Fergal Costello

The law is there. The 20% target is there. All of the Departments are aware of that. From our perspective, the focus of the work has been looking at pathways to attract in the people who will help us meet that target. This year, the Department approved a new open HEO competition with a dedicated Irish stream. That is the first time that has happened at HEO level. That is a pathway we can use this year and in future years to bring in-----

Comment on this

I accept that but may I just stop Mr. Costello there? On the question I am asking, a target at the end of 2030 is not enough. To get there, you need yearly targets or breakdowns. For example, if there was a target for 2027 that was not met, you could overshoot the following year. We do not want to reach 2030 and find ourselves way off. Nobody is willing to say that. The Department can bring discipline through such planning, manpower planning. We talk about climate targets. There is a question mark as to whether we are going to hit our climate targets. There is a similar question here. We need detailed information. We should be planning on a yearly basis to see where we are going rather than saying, the target is 20%, let us do everything we can to get there.

Comment on this
Mr. Fergal Costello

I accept the point. I would go back a step further. To make the targets real, the foundations for delivery must be put in place. In fairness, the challenge is big. Some of those foundations were not there. We have very good processes for open recruitment to the Civil Service. We have had them for generations. They have not been tremendously effective in bringing in Irish speakers. That is why we are looking at different strands. One is the open HEO competition. There are open competitions for other grades. We are looking at ideas like internships. Could we have dedicated internships to bring in Gaeilgeoirí at an tríú leibhéal? It is about having those things there. Otherwise, the targets could be set in a vacuum and be very aspirational.

Comment on this

Okay. I understand that ach ceapaim go bhfuil spriocanna bliantúla an-tábhachtach chun go mbeidh sé soiléir dúinn cá bhfuil muid ag dul.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Le cur leis sin, an bhliain seo chugainn, don chéad uair, beidh gach comhlacht poiblí le tuairisciú ina tuarascáil bhliantúil ar an ngné seo den obair atá ar bun aige.

Beidh siad le leagan amach líon na ndaoine iomlán a d’earcaigh siad don bhliain sin, líon na ndaoine le Gaeilge a d’earcaigh siad agus nithe eile. Tabharfaidh sé sin bunlíne faoin leibhéal a bheidh na comhlachtaí seo ag baint na spriocanna sin amach.

Leasaíodh an reachtaíocht roimh an samhradh. Beidh an sprioc 20% seo le tuairisciú de réir gach eagraíocht. Beidh ar gach eagraíocht tuairisc a chur ar fáil. Beidh an Coimisinéir Teanga in ann breathnú ar na tuairiscí agus na cinn nach bhfuil á chur seo i bhfeidhm a aithint, chomh maith leis na cinn a bhfuil ag éirí go maith leo agus na cinn atá-----

Comment on this

Is é an Coimisinéir Teanga a dhéanfaidh sin.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Is é. Tá ról lárnach ag an gcoimisinéir anseo.

Comment on this

Tá beagán ama fágtha agam. Tá an Dr. Mac Cormaic mar chathaoirleach ar an ngrúpa seo.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tá.

Comment on this

Inis dom beagán faoi sin. Tá sé suimiúil gur ritheadh comórtas oscailte don ghrád ardoifigeach feidhmiúcháin le sruth Gaeilge áirithe den chéad uair. Cén chaoi ar éirigh leis an gcomórtas sin? An bhfuil sé ar bun faoi láthair? Cén torthaí a tháinig amach as?

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Is iad na finnéithe ón Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, nó Paul Geraghty ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, atá níos cáilithe chun an cheist sin a fhreagairt. Go bhfios dom, tá an spriocdháta thart anois. B’fhéidir go mbeidh Paul Geraghty in ann níos mó eolais a thabhairt don Teachta faoi sin.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Is féidir le Paul Geraghty freagra gonta a thabhairt air seo. Bogfaidh muid ar aghaidh ina dhiaidh sin.

Comment on this
Mr. Paul Geraghty

We had 160 applicants under the Irish stream of the recent higher executive officer, HEO, competition, which closed last Thursday.

Comment on this

Tá sé sin deimhneach. Gabhaim buíochas leis na finnéithe.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis an bhfinnéithe as a bheith linn. Maidir le ráiteas na bhfinnéithe ón Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin, caithfidh mé a admháil go raibh sé casta dom. Ní raibh sé éasca é a leanúint toisc an oiread sin téarmaí, coistí agus straitéisí. Tá mé ag iarraidh dul tríd an ráiteas arís agus iad ar fad a chur ar leathanach amháin. Maidir leis na hoifigí atá i gceist, tá rannán an lucht saothair; Oifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais; an meitheal teicniúil; an oifig um sholáthar ginearálta; agus an rannán claochlaithe. Tá na coistí ar a bharr sin. Tá an coiste comhairleach um seirbhísí Gaeilge agus an grúpa earcaíochta. Sílim go bhfuil dhá fhoghrúpa nó dhá fhochoiste uaidh sin chomh maith. Tá an oiread pleananna agus straitéisí freisin. Tá an plean náisiúnta é féin, dhá phlean gníomhaíochta agus an straitéis náisiúnta um sholáthar poiblí. Tá an oiread sin i gceist. Cé atá ag déanamh an chomhordaithe eatarthu ar fad?

Comment on this
Mr. Fergal Costello

The key committee is the language advisory committee. That is the statutory committee set up under the Act. It is chaired by the Department and we are members of it along with other public service representatives. The key thing is that we are trying to draw in all the stakeholders under the umbrella of that committee. I mentioned a number of organisations within my Department, such as the Office of the Government Chief Information Officer, OGCIO, the workforce planning division or the Government procurement service. All of those have roles to play and we are trying to co-ordinate and harness those activities. I am not convincing the Deputy.

Comment on this

Is deacair é a leanúint.

Comment on this
Mr. Fergal Costello

It is a complex problem. It is challenging. To try to address all the aspects, we need to bring in the stakeholders. It is a challenge. So far, as Dr. Mac Cormaic mentioned, a lot of work has been achieved under the language committee. The advisory committee has done a fair bit as well. If we do not do that, we are running the risk of not putting in place the proper strategy to address the challenge.

Comment on this

Maidir leis an dúshlán agus an méid atá bainte amach go dtí seo, mar a dúirt an Dr. Mac Cormaic agus duine de mo chomhghleacaithe, tá muid leath bealach tríd an tréimhse. Fiú amháin inniu, níor chuala mé éinne ag déanamh tagairt de líon sonrach fostaithe atá san earnáil phoiblí a bhfuil an chaighdeán cuí acu le seirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar do dhaoine. Ní féidir le héinne aon fhigiúr a thabhairt don chomhchoiste anois faoin áit ina bhfuil muid maidir leis an sprioc 20%. Cá bhfuilimid?

Comment on this
Mr. Fergal Costello

We could be better on data. We will be better next year as the other requirements come through. However, I refer back to the research that was carried out for the plan which looked at the existing public service cohort, the numbers that replied and the data that we can drive from that. There were some comforting signs in that regard. A total of 12% to 13% already have a high standard of Irish within the public service. Another 12% or 13% are at the level below that but are eager or interested in progressing. It is a daunting challenge but figures like that should give us some degree of comfort that there is a basis on which we can develop.

Comment on this

An bhfuil aon mholadh nó sprioc sa phlean gníomhaíochta chun seirbhísí a dílárú chuig ceantair Ghaeltachta, más rud é go bhfuil muid ag lorg daoine a fhostú a bhfuil caighdeán maith Gaeilge acu? Is as na Gaeltachtaí iad daoine mar sin. Tá taithí againn ar fad le cúrsaí teicneolaíochta, agus tá an méid sin díláraithe déanta san earnáil phoiblí go dtí seo. An mbeidh muid in ann cur leis sin agus tuilleadh díláraithe a dhéanamh le go mbeidh na seirbhísí, na hoifigí agus na ceannárais a bheidh ag seachadadh na seirbhísí seo lonnaithe i gceantair Ghaeltachta?

Comment on this
Mr. Fergal Costello

There are a couple of things in that regard. While I will not speak to a wider decentralisation plan, we are introducing the language stream competitions. The open HEO competition is looking for people qualified as Gaeilge who want to work as Gaeilge. They will be drawing from Gaeltacht and other areas where people are qualified, but they will also be working in those areas where they are providing services.

With regard to the distribution of various Departments and agencies, Departments have quite a degree of flexibility as to how they organise their work. They can use remote work and other ways to position staff in Gaeltacht areas or not as the case may be. There are opportunities to do the sort of thing the Deputy is talking about.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Cuirfidh mé leis sin. Tá trí staidéar féidearthachta le déanamh i mbliana maidir leis an rud atá an Teachta ag moladh. Is é an chéad cheann acu ná staidéar féidearthachta maidir le seirbhís chomhroinnte aistriúcháin. D’fhéadfadh rud mar sin a bheith lonnaithe i gceantar Gaeltachta, mar shampla. Tá muid ag iarraidh cuid de na poist seo a thabhairt go dtí na háiteanna ina bhfuil na cainteoirí Gaeilge, seachas na cainteoirí Gaeilge a thabhairt chuig na háiteanna ina bhfuil na poist.

Tá staidéar eile le bunú i gceann cúpla seachtaine maidir leis an bhféidearthacht go mbunófaí hubs sna Gaeltachtaí do na comhlachtaí poiblí a bhíonn ag cur seirbhísí ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Tá muid ag smaoineamh ar na Gteiceanna atá ag Údarás na Gaeltachta. B’fhéidir go mbainfí úsáid astu siúd le haghaidh seirbhísí poiblí. Mar shampla, bheadh daoine ag dul amach ó Revenue, an Roinn s’againne nó an Roinn talmhaíochta chun iad féin a lonnú ansin ar feadh leathlae nó mar sin chun seirbhísí a chur ar fáil don phobal trí Ghaeilge sna Gaeltachtaí.

Baineann an tríú cheann le seirbhísí cúloifige a chur ar fáil. Tá muid ag breathnú go háirithe ar na ceantair nach bhfuil Údarás na Gaeltachta lonnaithe iontu. Tarraingíonn Údarás na Gaeltachta na multinationals isteach, ach bíonn sé deacair air comhlachtaí príobháideacha a mhealladh isteach le lonnú sna ceantair is iargúlta, amhail Leitir Mór agus Ros Muc. Tá muid ag ceapadh go bhfuil lear mór daoine ansin - na empty nesters agus daoine mar sin - a bheadh toilteanach dul amach agus seirbhísí poiblí a chur ar fáil sna ceantair sin. Bheadh Údarás na Gaeltachta ar fáil le haghaidh na bhfoirgneamh a chur ar fáil, mar a dhéanann sé go han-mhaith. Is iad sin cuid de na rudaí atá ar bun. Tá trí staidéar féidearthachta. Tá na cáipéisí réitithe agus le glanadh ag an mbord bainistíochta s’againne agus ag an Aire. Tá muid ag súil go mbeidh muid réidh le dul amach le tairiscint le haghaidh na dtrí staidéar sin taobh istigh de mhí.

Maidir leis na coistí, tá mé 40 bliain sa Státseirbhís an mhí seo chugainn agus níor tháinig mise trasna ar phíosa oibre chomh casta leis an bpíosa oibre seo atá ar bun don togra seo uilig. Luaigh an Teachta na coistí éagsúla. Tá liosta ann. Tógaimis an coiste a cuireadh ar bun le déanaí leis an earnáil tríú leibhéil mar shampla. Tá an Roinn breisoideachais, an Roinn forbartha tuaithe, muid féin, an Roinn oideachais, an Roinn leanaí, Roinn an Taoisigh, an tÚdarás um Ard-Oideachas, SOLAS, An Foras Riaracháin, Foras na Gaeilge, seisear ionadaithe ó na hollscoileanna ainmnithe, ceathrar ionadaithe ó hearnáil na hollscoile teicneolaíochta, ionadaithe ó hearnáil na mbord oideachais agus oiliúna, agus ionadaithe ón tionscnamh ardscileanna Gaeilge. Níl i gceist ansin ach coiste amháin. Scaití, tagann cáineadh toisc nach mbíonn “joined-up government” ann. Is é seo an sampla is fearr a chonaic mé de “joined-up government” le linn mo 40 bliain. Níl i gceist ansin ach coiste amháin. Tá an oiread sin coistí ag gníomhú agus ag feidhmiú agus ag plé le ceisteanna éagsúla.

Chuile uair a osclaíonn muid doras ar an togra, feiceann muid líne de dhoirse eile atá le clúdach agus le hoscailt againn. Tá an obair seo fíorchasta, mar atá le feiceáil sa phlean náisiúnta agus na cúig philéar ar a bhfuil plean náisiúnta agus an plean gníomh tógtha.

Is obair fíorchasta é, ach táimid sásta anois go bhfuil na páirtithe leasmhara uilig istigh ag caint timpeall ar na boird éagsúla agus go bhfuil an obair sin á comhordú ag leibhéal an choiste chomhairligh.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Cuirfidh mé mo cheisteanna féin anois. Dúirt an Dr. Mac Cormaic le linn a ráiteas tosaigh go bhfuilimid leathbhealach tríd an tionscnamh seo. Ceapaim gur comhthéacs tábhachtach atá ann. An rud a ritheann liom, mar atá ráite ag na Teachtaí Ó Muirí agus Connolly, ná nach léir dom céard iad na táscairí atá á n-úsáid le dul chun cinn a thomhais ar an gceist seo. Cé go bhfuilimid leathbhealach tríd an tionscnamh, níl aon táscaire nó tacair táscairí ann a léiríonn an dul chun cinn atá déanta, cé gur léir dom go bhfuil a fhios againn cé mhéad duine atá ag baint amach na dteastas gairmiúil seo. Tá a fhios againn cé mhéad duine atá ag tabhairt faoi chúrsa Gaeilge. An é an suirbhé an t-aon bhealach a dhéantar tomhais ar an gceist seo? Cén sórt bealach a bhfuil na coistí seo ar fad ag casadh le chéile agus ag déanamh tomhais ar na táscairí atá á n-úsáid? Céard iad na táscairí atá á n-úsáid? Cá bhfuilimid? Sin an cheist atá agam

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Ar an gcéad dul síos, bíonn daoine ag caint faoin mbunlíne atá sa Státseirbhís faoi láthair. Luaigh Fergal Costello an 11% atá sa bhunlíne. Ar bhealach, ní hé an bhunlíne sin is tábhachtaí-----

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Sin an bhunlíne ó 2021, an ea?

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Seo ó 2024. Sin bunlíne de na daoine atá ag obair sa Státseirbhís agus sa Státchóras faoi láthair. Is éard a theastaíonn uainn ná an bhunlíne de na daoine a earcófar seachas na daoine sin. Níl an bhunlíne sin chomh tábhachtach. Is é líon na ndaoine a earcófar. Is é sin an fáth a bhfuilimid ag breathnú ar na figiúirí sin a bhailiú i ngach tuarascáil bhliantúil ón gcéad bhliain eile, bunaithe ar an mbliain reatha ón gcéad bhliain eile ar aghaidh. Má tá 20 duine earcaithe ag X comhlacht poiblí, caithfidh Gaeilge a bheith ag 20% de na daoine a earcaíodh.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Níl an uimhir sin á bailiú faoi láthair.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Níl. Is í seo an chéad bhliain a bheimid ag bailiú-----

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Cén fáth a ndearnadh an cinneadh sin?

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Na struchtúir a cuireadh ar bun le haghaidh é sin a bhailiú atá i gceist. Ar an gcéad dul síos, b'éigean dúinn na hoifigigh faoi alt 4B faoin Acht a fháil ainmnithe. Tá siad sin uilig, beag nó mór, ainmnithe. Bhí struchtúr le cur ar bun le haghaidh é sin a dhéanamh. Is í seo an chéad bhliain atáimid ag déanamh sin.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Faoin am seo an bhliain seo chugainn, beidh tuairisc againn agus beidh táscaire againn.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Faoi lár na bliana, nuair a thagann na tuarascálacha bliantúla amach, feicfear na figiúirí sin.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Ní hamháin don earnáil phoiblí ina iomláin ach ag leibhéal an chomhlachta phoiblí freisin.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Beidh ar gach comhlacht poiblí an t-eolas sin a chur ar fáil i ngach tuarascáil bhliantúil.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Beidh níos mó eolais againn an bhliain seo chugainn.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Is é sin an bhunlíne is tábhachtaí faoin méad a earcófar.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Gan amhras. Cuireann sé iontas orm gurb í seo an chéad bhliain a dhéantar é a bhailiú. Cé a dhéanann monatóireacht ar an bhfigiúr sin?

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Beidh muid ag bailiú na bhfigiúirí sin. An Coimisinéir Teanga a bheidh ag déanamh monatóireacht agus cigireacht ar chur i bhfeidhm an Achta. Beimid ag bailiú an t-eolas sin freisin.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

An mbeidh an Roinn caiteachais phoiblí ag cur spéis san uimhir seo agus ar cur brú ar Ranna agus comhlachtaí Stáit beart de réir a mbriathar a dhéanamh?

Comment on this
Mr. Fergal Costello

More fundamentally, as part of Civil Service renewal, this is specifically called out in terms of the changes happening in terms of Irish-language legislation. All Secretaries General and Departments have signed up to that. There is an imperative in each Department, as Dr. Mac Cormaic has said, there will be scrutiny on an organisation-by-organisation basis. We will be interested, but ultimately Departments will have to account for their actions and activities in respect of the target.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Ó thaobh an t-idirghníomhú idir an Roinn caiteachais phoiblí, na Ranna agus na comhlachtaí poiblí eile, an mbeidh an Roinn ag ordú dul chun cinn ar an gceist seo leo agus an Roinn ag dul i ngleic leo? Is é sin an caidreamh atá ag an Roinn le go leor Ranna eile ó thaobh chúrsaí caiteachais, athstruchtúir agus athchóirithe ar an tseirbhís phoiblí agus digitiúcháin.

Comment on this
Mr. Fergal Costello

We manage the funding through the Estimates process. In terms of ordering Departments to do individual things, we get into possibly dangerous territory. At the moment, in terms of staffing allocations, there is delegated sanctions. Departments have a degree of autonomy in managing recruitment up to certain levels of the Civil Service.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

B'fhéidir in áit ordaithe gur spreagadh go láidir atá ann.

Comment on this
Mr. Fergal Costello

We are in the space of incentivising, encouraging and making people aware of the obligations and the duties required on institutions. In terms of incentivisation, there has been some work looking at how incentives work. I do not think it is terribly clear that these incentives can go the wrong way. Incentives have been tried in places and turned into entitlements rather than actual behaviour-changing activities. As we have mentioned already, in terms of the training that has been provided through OneLearning and the IPA, that training has increased. Two or three years ago, they were not doing any, now 600 are coming through in the autumn term this year. They are planning to expand that further to go from 50,000 civil servants to 100,000 public servants by 2030. Providing incentives in the form of high-quality training and time off work to do it is important. Again, it goes back to the survey in terms of the interest among the body of public servants. That might be more popular.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Casfaidh mé anois go dtí publicjobs.ie. Ó thaobh na hearcaíochta atá ar siúl faoi láthair, an bhfuil aon eolas nó sonraí bailithe aige ar céard iad na poist is éasca le hearcú ó thaobh chúrsaí Gaeilge de? An bhfuil difríocht le feiceáil idir na gráid agus na cineálacha Ranna a mbíonn daoine ag obair iontu? An bhfuil sé níos éasca daoine le Gaeilge a mhealladh chun obair in earnálacha, Ranna nó gráid dhifriúla? An bhfuil na sonraí sin bailithe ag publicjobs.ie?

Comment on this
Mr. Paul Geraghty

I do not really have a sense of where it would be easier to recruit Irish speakers to. What we are trying to do in a general sense is to make the overall public and Civil Service a much more welcoming place for Irish speakers and market ourselves in that way. We have a range of actions under the plan in that regard. In relation to talent attraction, Michelle is probably more qualified to speak on that, but I do not think we have data specific to different Departments.

Comment on this
Ms Michelle Noone

No, but what I would say in relation to the question is that, typically, for the more general type competitions, it is probably easier to attract candidates. Recruiting for roles that require specialist niche skills such as with an accountant or something very specific like that can be a lot more challenging. For us in terms of publicjobs.ie, we are well used to dealing with challenging roles across the board. Specifically for Irish competitions, we have had a good look at the broader picture with a three-pronged approach. One is around the whole talent attraction piece. The second bit is around recruitment and how you do recruit. The third piece is around the actual staff and the skills that they have in order to deliver on that objective. First, in terms of the talent-----

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

An ndéanann publicjobs.ie anailís ar na talent pools a bhíonn ar fáil do gach aon phost agus ansin idirdhealú a dhéanamh má tá na talent pools beag nó mór le haghaidh post ag brath ar an leibhéal Gaeilge atá ag teastáil nó an earnáil? Is í sin an cheist atá á cur agam.

Comment on this
Ms Michelle Noone

Yes, we do. We analyse all talent pools across the board.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

An mbíonn difríocht eatarthu ó thaobh chúrsaí teanga? Is í sin an cheist atá á cur agam.

Comment on this
Ms Michelle Noone

In terms of attracting for the Irish language, there is.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Céard iad na Ranna is mealltaí agus na Ranna nach bhfuil chomh mealltach sin do chainteoirí Gaeilge?

Comment on this
Ms Michelle Noone

In terms of the recruitment that we have done, the roles and whether they are more attractive or not, but the ones that demand more are more the front-line services. Departments that are offering front-line services to the general public.

Comment on this

Tá brón orm, bhí mé ag baint triail as éisteacht ach tá rud éigin mícheart le mo ríomhaire. Chuala mé roinnt rudaí. Ceann de na príomhcheisteanna ná an fhadhb é nach bhfuil na caighdeáin leagtha síos do na Ranna agus na comhlachtaí Stáit go fóill? Tá na caighdeáin sin in ainm is léiriú do na Ranna, comhlachtaí Stáit agus comhlachtaí poiblí cad é leibhéal na seirbhíse a bheifear in ann cur ar fáil as Gaeilge don phobal. Mura bhfuil sé sin acu, tá sé deacair earcú a dhéanamh ar an líon cuí daoine ar dtús báire. Tá a fhios agam go bhfuil an leibhéal 20% ann, ach b'fhéidir gur gá níos mó ná sin a earcú i roinnt comhlachtaí Stáit.

Tá aithne agam ar chúpla duine atá tar éis a bheith earcaithe le déanaí ar an bpainéal Gaeilge. Bhí siad earcaithe. Dúradh leo go raibh tar éis éirí leo agus ansin shuigh siad ansin ar feadh cúig nó sé mhí ag fanacht ar phost. In aon áit eile bheadh siad imithe ach amháin gur díograiseoirí iad agus go raibh siad ag iarraidh post as Gaeilge.

An fadhb é sin, áit a bhfuil daoine earcaithe ag an Státchóras ag publicjobs.ie go bhfuil moill ansin idir iad a bheith curtha i pé Rannóg nó pé áit ar mian leis na finnéithe go gcuirfí iad? De ghnáth is earcú ar leibhéal cuíosach leathan a bhíonn i gceist.

Rud amháin a léiríodh dom thar na blianta ná go raibh drogall ar roinnt Ghaeilgeoirí cur isteach ar phoist atá gafa leis an nGaeilge mar nach raibh siad ag iarraidh a bheith mar an token Gaeilgeoir istigh sa Roinn agus dá réir go mbeadh gach uile ualach curtha orthu. Bhí siad ag iarraidh post sa Státchóras ach ní gá go mbeadh siad ag iarraidh a bheith gafa go huile is go hiomlán leis an nGaeilge. Níl a fhios agam ar léiríodh é sin. Tagann roinnt de na Gaeilgeoirí a mbeadh tú ag súil go mbeadh sa Státchóras isteach tríd an ghnáthphainéal nó an ghnáthshruth, coimeádann siad a gcloigne síos ar feadh tamall de bhlianta agus ní bhíonn siad sásta a fhógairt go bhfuil Gaeilge acu mar nach siad ag iarraidh go mbeadh siad gafa ansin. Tá trí ceist ansin.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Ar an gceist dheireanach faoin token Gaeilgeoir, má thagann glaoch teileafóin isteach sa Roinn nó má tá píosa aistriúchán le déanamh go ndíreofar chuig an nGaeilgeoir sin é, aontaím go huile is go hiomlán. Tá sé feicthe againn síos tríd na blianta. Sin ceann de na rudaí a rinne mé sular thosaigh muid ar an bpróiseas seo. Chuaigh mé féin agus comhghleacaithe liom timpeall ag na bainisteoirí acmhainní daonna sa Státseirbhís uilig agus labhair muid leo faoi na fadhbanna a bhí acu. Ceann de na fadhbanna a d’ardaigh siad ná nach raibh daoine le Gaeilge sásta lámh a chur in airde agus a rá go raibh Gaeilge acu mar gheall ar an bhfadhb sin. An rud a shocraímid ná leis an 20% gheobhaidh tú níos mó daoine isteach sa chóras so beidh níos mó ná an Ghaeilgeoir amháin istigh in aon eagraíocht; beidh scata daoine istigh a bhéas in ann seirbhísí a chur ar fáil. Is é sin atá taobh thiar de choincheap an 20% - go mbeidh níos mó daoine trasna an chórais uilig. In imeacht ama is ceart go gcuirfeadh sé sin deireadh leis an gcineál deacracht sin.

Tabharfaidh mé Sadhbh Ó Cinnseala isteach le labhairt faoi na caighdeáin. Tá próiseas fada faoi na caighdeáin. Tá súil againn go bhfuil sé ag teacht chun deiridh anois.

Comment on this
Ms Sadhbh Ó Cinnseala

Aontaím go gcuirfidh na caighdeáin soiléireacht ar fáil faoi na tosaíochtaí a bhaineann le daoine le Gaeilge a fháil isteach. Mar a luaigh an Dr. Mac Cormaic ansin, tá súil againn anois go bhfuil muid réidh le fógra a dhéanamh go luath go bhfuil tús curtha leis an gcomhairliúchán orthu sin. Tá sé mar thosaíocht ag an Aire freisin. Bhí sé ag caint faoi ar RnaG seachtain nó dhó ó shin. Táimid ag súil le fógra a dhéanamh go luath go bhfuil tús curtha leis sin. Tá cúpla céim ag baint leis an gcomhairliúchán. An chéad chéim ná go mbeidh siad ag dul amach ag an gcoiste comhairleach. Ansin, tá comhairliúchán le Ranna Rialtais agus ansin comhairliúchán poiblí agus leis na comhlachtaí poiblí ábhartha, ag brath ar cén earnáil agus mar sin de.

É sin luaite, tá roinnt aird tarraingthe ar na caighdeáin teanga sa phlean gníomhaíochta. Tá beartas amháin sa phlean gníomhaíochta a leagann amach an cineál creat nó an saghas cuma a bhéas orthu agus ansin tá go leor rudaí luaite sa phlean gníomhaíochta a deir go bhforordófar iad seo tríd na caighdeáin teanga. Tá gach iarracht déanta againn é sin a threisiú leis na comhlachtaí poiblí nuair atáimid ag déanamh seimineár faisnéise leo, ag cur amach nuachtlitir le rá gur féidir tosú ag gníomhú ar na rudaí seo. Tá roinnt rudaí a bhaineann le struchtúr ar leith a chur ar bun agus a thacóidh le cur i bhfeidhm na gcaighdeán. Tá gach iarracht déanta é sin a threisiú leis na comhlachtaí poiblí fad is atáimid ag cur críoch leis an bpróiseas seo. Ach táimid ag súil le fógairt go bhfuil tús curtha leis an gcomhairliúchán tríd an gcoiste comhairleach go luath.

Comment on this

An cheist eile a bhí agam ná an gceist do publicjobs.ie, maidir leo siúd atá earcaithe tríd an bpainéal Gaeilge nach bhfuil post ann dóibh láithreach nó laistigh de thréimhse gairid.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

An é sin cuid den chóras atá ag publicjobs.ie, b’fhéidir?

Comment on this
Mr. Paul Geraghty

Go raibh maith agat, Deputy. We have a demand-led service so we recruit for our clients - An Garda Síochána and all the Departments - on the basis of their Irish-speaking requirement at any one time. Our job is to respond quickly to that demand and put panels in place as quickly as possible. As clients then require people to come off those panels, there can be some delays sometimes but that would be normal across both English-speaking and Irish-speaking roles. Our role is to put the panels in place. We do plan to have an open, rolling entrance point into the Civil Service via an ongoing competition at the CO and EO grades. We will start that in quarter one of next year whereby Irish speakers will not have to wait for a competition to come up. They will be able to get on to our website and enrol and hopefully get onto panels.

Comment on this

Ag teacht ar ais go dtí an plean náisiúnta-----

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Go han-tapa ar fad; tá nóiméad fágtha.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Faoi sin, tá feachtas feasachta beartaithe againn anois. Tá sé á phleanáil le cúpla bliain ach ní raibh muid ag iarraidh rith leis go dtí go mbeadh muid réidh. An rud deireanach atá tú ag iarraidh ná go mbeadh feachtas ar na meáin agus ansin téann daoine isteach ar shuíomh agus nach bhfuil tada ann. Tá muid ar tí a bheith réidh agus rith leis sin ag tús na bliana.

Comment on this
Ms Sadhbh Ó Cinnseala

Cabhróidh an rud atá Paul Geraghty ag caint faoi ansin le Poistphoiblí má tá comórtas ann leis an bhfeachtas feasachta go mbeidh áit ann ag daoine le dul.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Tá mé chun teacht ar ais le haghaidh an dara babhta. Glaoim ar an Teachta Ó Muirí.

Comment on this

Ba mhaith liom teacht ar ais chuig an Dr. Mac Cormaic mar chathaoirleach ar an gcoiste comhairleach. Ó thaobh na spriocanna seo, ceapaim go bhfuil sé tábhachtach go mbíonn na spriocanna bliantúla seo ag an Roinn. Ó thaobh an plean aeráide náisiúnta, mar shampla, tá spriocanna ansin. Déanann an EPA iad a mheas chuile bhliain agus tá sé soiléir cá bhfuilimid ó thaobh na hastaíochtaí carbóin gach bliain. Ar bhealach, tá an cheist seo chomh tábhachtach céanna ó thaobh na hearcaíochta agus na Gaeilge de. An aontaíonn sé gur cheart go mbeadh spriocanna bliantúla idir seo agus 2030? Labhair sé ó thaobh an eolais ar an earcaíocht a dhéanfaidh comhlachtaí agus mar sin de, ach is eolas stairiúil é sin, ar bhealach. Dá mbeadh spriocanna ag an Roinn idir seo agus 2030, agus ansin go bhféadfaí cinntí a dhéanamh ó thaobh acmhainní a chur i dtreo amháin nó treo eile má tá fadhb in áit amháin ó thaobh na spriocanna de mura bhfuil ag éirí le grúpa iad a bhaint amach, an aontóidh sé leis sin?

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tháinig muid trí phróiseas mar seo cheanna. Rinne muid bainistiú sa Roinn ar an deireadh a cuireadh leis an maolú san Aontas Eorpach. Bhí an rud an-teoranta ansin. Bhí 200, nó 180, duine le cur amach agus bhí sé bliana againn len é sin a dhéanamh - cé gur daoine le hardcháilíochtaí a bhí i gceist. Ach bhí na poist aitheanta. Bhí macasamhail de rud acu ó na haonaid eile a bhí sna hinstitiúidí eile san Eoraip ag plé leis na teangacha eile. Bhí a fhios acu go díreach cad a bhí uathu ag tús an phróisis sin in 2015 agus cad a bhí uathu ag deireadh 2021. Tá sé níos casta sa chás seo. Ó bhliain go bliain, níl a fhios ag eagraíochtaí Stáit cén líon daoine atá le hearcú acu nó cé mhéid daoine a thiocfaidh isteach, a fhágfaidh nó a imeoidh ar scor. Bíonn daoine óga ag teacht agus ag imeacht anois. Tá sé an-deacair, dar le héinne sa Roinn caiteachas phoiblí, go bhfuil sé an-deacair daoine a choinneáil sa chóras. Níl sé ar nós nuair a tháinig mé féin isteach nuair a bhí daoine ann, fuair siad life-sentence agus bhí siad ann ar feadh a saoil beagnach. Ach tá an saol chomh difriúil anois. Dá mbeadh muid ag breathnú fiú ar ár Roinn s’againne anois, bheadh sé deacair dúinn a rá céard go díreach an céatadán de dhaoine nó cén 20% de dhaoine a bheadh againn an chéad bhliain eile nó an bhliain ina dhiaidh sin mar gheall ar an oiread cúinsí ag athrú. An rud is tábhachtaí ná go mbaileoimid an t-eolas atá ann. Beidh muid ag bailiú an t-eolas don bhliain reatha agus an bhliain seo chugainn beidh na figiúirí sin againn. Ansin, munar thug an comhlacht áirithe aird ar an sprioc 20% then táimid in ann dul ag oibriú leis agus rá “céard iad na fadhbanna atá anseo?” Is rud difriúil é seo le hais nuair a tháinig an tAcht i bhfeidhm in 2003. Aontaíodh scéimeanna agus fágadh comhlachtaí le haghaidh na scéimeanna a chur i bhfeidhm. Faoi láthair má fheicimid fadhbanna leis an HSE or whatever, táimid ag dul i ngleic leis. Táimid ag cuidiú leis na heagraíochtaí agus ag cur comhairle orthu chun dul i ngleic leis na deacrachtaí sin atá acu.

Is é sin an difríocht atá ann anois. Feicfimid na torthaí ón mbliain reatha an chéad bhliain eile. Má fheicimid go bhfuil fadhbanna ann, beimid in ann dul i ngleic leo.

Comment on this

Ní dóigh liom go n-aontóimid ar an gceist seo.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Ní dóigh liom é.

Comment on this

Tá taithí ag an Roinn ó thaobh earcaíochta agus mar sin de. Ba cheart go mbeidh sí in ann é sin ar fad a chur le chéile agus meas nó estimate a dhéanamh chun cineál plean a dhéanamh. Ar a laghad, ba chóir go mbeidh plean ag gach éinne don tréimhse ó inniu go dtí 2030. San áireamh anseo, bheadh an t-eolas ar fad mar aon le assumptions agus gach rud eile. Tuigeann gach duine go bhfuil siad sin ann. Ar a laghad, ba chóir go mbeadh sé sin ann toisc gurb í an fhadhb ná go mbeimid ag 2029 nó 2030 agus ní bheidh aon tomhas againn ar cé chomh gar is atáimid. Fágfaidh mé mar sin é.

Comment on this

Tá ceist amháin agam. Baineann sé leis an gceist a bhí agam roimhe. An bhfuil sprioc sa phlean gníomhaíochta go mbeimid chun seirbhísí poiblí a dhílárú do na ceantair Ghaeltachta? Dúradh go bhfuil trí staidéar féidearthachta ar siúl faoi láthair. An bhfuil an sprioc sin ann chun cuidiú leis an iarracht an 20% a bhaint amach? An féidir é sin a dhéanamh?

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Is é an sprioc atá ann ná go ndéanfar staidéar féidearthachta air sin i mbliana. Ag brath ar thorthaí an staidéir, feicfimid céard a tharlóidh.

Comment on this

Maidir leis an bhfeachtas feasachta, an bhfuil sé mar chuid den fheachtas go rachaidh an Roinn ar cuairt ar scoileanna Gaeilge chun daoine a mhealladh? An bhfuil tuilleadh dreasachta ag teastáil? Bhíomar ar cuairt go dtí an Bhreatain Bheag agus is cuimhin liom go raibh an-chuid dreasachtaí ann ó thaobh an Bhreatnais a chur chun cinn agus daoine a mhealladh isteach. Tá córas an-difriúil ag an mBreatain Bheag agus tá na fadhbanna saghas mar an gcéanna. Níl ansin ach dhá cheist bheaga.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

I dtaobh na ndreasachtaí, tá rudaí ag tarlú i dtaobh an chomhaontaithe phá náisiúnta deiridh. Bhí local bargaining i gceist. B'fhéidir go bhfuil an Roinn caiteachais phoiblí agus athchóirithe ag iarraidh labhairt faoi sin. An bhfuil Sadhbh Ó Cinnseala ag iarraidh labhairt faoin bhfeachtas feasachta?

Comment on this
Ms Sadhbh Ó Cinnseala

Tá gluaiseacht atá á riar ag Conradh na Gaeilge ag dul isteach sna scoileanna cheana féin. Tá reach ar thart ar 42,500 duine óg in aghaidh na bliana aige. Is seó bóthair é. Is díreach an rud atá an Teachta ag caint air é. Téann sé isteach ag meánscoileanna. Tá sé maoinithe ag ár Roinn. Bíonn sé ag freastal ar na coláistí samhraidh chomh maith. Téann sé isteach ag na mic léinn tríú leibhéal. Le cúpla bliain anuas, tá sé ag freastal ar aontaí gairmeacha thar ceann na Roinne chomh maith. Táimid ag obair leis sin chun fís na comhdhála le haghaidh daoine óga a chur ar bun arís. Bhí sé ann i mbliana. D'éirigh go han-mhaith leis. D'fhreastail os cionn 4,000 duine óg air. Tá sé lena bheith ann i mí an Mhárta an chéad bhliain eile chomh maith. Táimid ag súil go mbeidh feachtas feasachta in ann ceangal isteach leis na gníomhaíochtaí sin chomh maith. Tá obair-----

Comment on this

Cathain a thosaigh sé sin le Conradh na Gaeilge?

Comment on this
Ms Sadhbh Ó Cinnseala

Tá sé ar siúl le deich mbliana ach tá sé ag fás bliain ar bhliain. Bhí sé go hiomlán dírithe ar dhaltaí iarbhunscoile ar dtús ach anois tá sé leathnaithe amach. Tá cineál ramping-up déanta le cúpla bliain anuas.

Comment on this
Mr. Fergal Costello

To follow up on what the Deputy said earlier, I spoke earlier about the effectiveness of general incentives perhaps not being very clear-cut but, in terms of those delivering services in the Gaeltacht or to the Irish-language community, as part of the local bargaining process under the last pay agreement, allowances are now in place in respect of nursing and education professionals working in the Gaeltacht areas. Those allowances are in place now and will be of benefit in supporting workers and communities in those areas.

Comment on this

Tá sé sin ann dóibh siúd atá ag múineadh agus mar sin ach cad faoi na daoine atá ag obair sa Státseirbhís nach múinteoirí ná altraí iad? An bhfuil aon dreasachtaí ar leith ann?

Comment on this
Mr. Fergal Costello

The main incentive is the provision of that dedicated training through the IPA and OneLearning. That is a very valuable resource for civil servants and it is being taken up in bigger and bigger numbers.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Chomh maith leis sin, is féidir a bheith aitheanta mar chuid den 20%. Mar sin, tá cás ar leith agat i leith ardú céime a fháil.

Comment on this

Is dreasacht ar leith atá ann sa Bhreatain Bheag ná go bhfuil siad ag fáil pá sa bhreis agus airgead chun freastal ar oideachas tríú leibhéal nó cúrsaí a dhéanamh trí mheán na Breatnaise. Bhí an-chuid rudaí suimiúla ar siúl.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Chuirfeadh muidne fáilte mhór roimh airgead breise as Gaeilge a labhairt sa Státseirbhís.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Bheadh cluasa na Roinne caiteachais phoiblí agus athchóirithe ardaithe. Bheadh sé an caidreamh is láidre idir Roinn Rialtais amháin agus Roinn eile.

Comment on this

Gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad. Tá brón orm go raibh orm rith amach. D'éist mé leis an gcéad dhá ráiteas tosaigh agus ansin bhí orm imeacht. Sheas rud amháin amach dom. Tuigim gur gá i gcónaí pleanáil a dhéanamh sula dtéann tú isteach le gníomhaíocht. Bhí go leor béime ar phleanáil. Bhí an méid ar fad ar léigh mé dearfach. An bhfuil eolas ag na finnéithe anois maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge a bhí san earnáil phoiblí sular thosaigh na pleananna ar fad? Cén dul chun cinn atá déanta anois? Céard é líon na gcainteoirí Gaeilge atá ann anois? Cén dul chun cinn atá déanta idir an dá linn? An bhfuil data ag an Roinn ar an gceist sin?

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Tá a fhios agam gur chlúdaigh na finnéithe é sin ach an ndéarfaidh siad arís é don Seanadóir?

Comment on this

Tá brón orm.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Beidh sé de dhualgas ar gach comhlacht poiblí eolas maidir leis an mbliain reatha a fhoilsiú ina tuarascáil bhliantúil don chéad bhliain eile. Beidh eolas maidir le 2026 le foilsiú i lár na bliana seo chugainn nuair a thosóidh na tuarascálacha bliantúla ag teacht amach. Beidh sé de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí tuairisciú a dhéanamh air seo.

Comment on this

Agus é sin á fhoilsiú, an mbeidh comparáid sna tuarascálacha idir líon na gcainteoirí Gaeilge a bhí sa Roinn sular thosaigh an plean agus líon na gcainteoirí Gaeilge atá inti anois? An mbeidh eolas ar an dul chun cinn atá déanta ó thosaigh an ghluaiseacht seo sa tuarascáil?

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tá sé dírithe ar an líon daoine a earcófar mar is é sin an sprioc atá san Acht.

Comment on this

Cathain a bheidh figiúirí cruinne againn ar an dul chun cinn? Is é sin an rud atá ag teastáil uainne mar pholaiteoirí. Ba mhaith linn a fheiceáil go bhfuil dul chun cinn a bhaint amach ag an infheistíocht atá an Rialtas ag tabhairt i leith na faidhbe seo.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Rinne muid taighde ar an mbunlíne, an líon daoine a bhí ag obair sa Státchóras a dúirt go raibh Gaeilge acu ag an gcaighdeán ceart le seirbhísí a chur ar fáil. Rinne muid an staidéar sin in 2024 mar chuid den bhailiúchán réamheolais don phlean náisiúnta. Déanfaimid é sin arís. Níl a fhios agam go bhfuilimid réidh chun é sin a dhéanamh go fóill. Le ceithre bliana go leith, tá go leor béime curtha ar struchtúir a bhunú. Mar a dúirt mé níos túisce, beimid ag dul amach le feachtas feasachta ag tús na bliana seo chugainn. Bheinn ag súil go gcothódh sé sin éileamh, go spreagfadh sé daoine chun iarratas a chur isteach ar na poist agus go gcruthódh sé tóir ar na poist seo. Ní dóigh liom go mbeimid réidh an chéad bhliain eile. B'fhéidir go mbeimid réidh chun a leithéid de staidéar a dhéanamh arís an bhliain ina dhiaidh sin le breathnú ar an dul chun cinn atá á dhéanamh. Is staidéar mór atá i gceist. Fuair muid 35,000 freagra ar an gceistneoir sin. Is taighde mór millteach atá i gceist.

Comment on this

Tá sé sin go maith. Tá sé sin dearfach. Tá sé sásúil é sin a chloisteáil. Tuigim go bhfuil meon dearfach i leith na Gaeilge san earnáil phoiblí go ginearálta agus go bhfuil sé sin ag feabhsú. Tá buairt amháin orm. Chuala mé faoi na fochoistí ar fad a cruthaíodh nuair a tosaíodh é seo. An bhfuil an Dr. Mac Cormaic muiníneach nach bhfuil an iomarca pleanála agus fochoistí ann agus go bhfuil a dhóthain daoine ann chun múinteoireacht a chur i bhfeidhm? An bhfuil sé cinnte go bhfuil cothromaíocht ann idir pleanáil agus déanamh agus gníomh?

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tá go leor gníomhaíochtaí ag tarlú faoi láthair, mar a fheicfidh na baill nuair a thiocfaidh an tuairisc ar an gcéad bhliain den phlean gníomhaíochta amach. Is é mo bharúil ná go bhfuil muid ag an leibhéal go bhfuil na coistí cearta againn, go háirithe an ceann don tríú leibhéal, a bhfuil na páirtithe leasmhara uilig istigh ann anois. An bhfuil an iomarca ann? Ní dóigh liom é. Táim 100% cinnte nach bhfuil an iomarca coistí againn. Tá gníomhaíochtaí agus téarmaí tagartha ar leith leagtha amach do na coistí éagsúla sin. Murach iad, ní dóigh liom go mbeadh muid in ann an sprioc atá leagtha amach romhainn a bhaint amach.

Comment on this

Tá an Dr. Mac Cormaic muiníneach go bhfuil an pleanáil ar fad atá á déanamh ríthábhachtach agus go mbainfidh sí amach an sprioc i gceann tamaill.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tá.

Comment on this

Okay. Sin é. Tá brón orm má chuir mé ceist a cuireadh cheana féin. Bhí orm imeacht agus teacht ar ais.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tá sé sin all right.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Is cinnte go bhfuil sé sin i gceart.

Comment on this

Tagaim ar ais chuig na caighdeáin agus an plean náisiúnta. Is é ceann de na fadhbanna a fheicim ná go bhfuil tréimhse comhairliúcháin na gcaighdeán le foilsiú. Beidh na caighdeáin le foilsiú arís ina dhiaidh sin. Beidh sé thart ar deireadh 2027 faoin am go mbeidh sé sin ar fad críochnaithe. Fágann sé sin bliain amháin do roinnt de na spriocanna atá leagtha síos sa phlean náisiúnta. Mar sin, tá súil agam go mbeidh síneadh á thabhairt do na pleananna sin mar, i gcás roinnt acu, toisc go bhfuil siad gafa leis na caighdeáin-----

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tá muid ag súil go mbeidh na caighdeáin goite tríd an bpróiseas comhairliúcháin agus foilsithe sa chéad ráithe. Is é sin an sprioc atá leagtha amach dúinn. Tá an tAire ag iarraidh-----

Comment on this

Go n-éirí an t-ádh libh mar sin.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tá sé ráite linn gur ardtosaíocht é seo don Aire, an Teachta Calleary, agus go mbeidh muid ag dul sa treo sin.

Comment on this

Tuigim don Aire agus dá oifigigh, ach tá tuiscint agam agus ag an Dr. Mac Cormaic faoi cé chomh mall is atá an Státchóras nuair a bhíonn sé ag tabhairt freagra ar chomhairliúchán, go háirithe má tá athraithe de dhíth. Is í an fhadhb atá ann ná nach bhfuil na caighdeáin foilsithe go fóill. Ar a laghad, tá a fhios againn go bhfuil siad ag teacht. Beidh muid in ann iad a chíoradh ag an am sin.

D’ardaigh mo chomhghleacaí ceist faoi bhuntáistí breise a bheith ann chun daoine a mhealladh isteach sna poist seo. B’fhéidir gur féidir smaoineamh níos mó ar an mbealach ar féidir cuidiú leo siúd a bheidh, nó atá, sa Státchóras oibriú ó cheantair Ghaeltachta agus fanacht sa bhaile. Tá ceisteanna móra tithíochta sna Gaeltachtaí, ach fágaimis é sin ar leataobh. Déanaim trácht ar dhaoine ag oibriú in aonaid chianoibre nó Gteiceanna, is iad sin, láithreacha atá slán agus sábháilte ina mbeadh an trealamh agus gach rud eile. Bheadh sé seo dírithe orthu siúd a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht, a bhfuil flúirse na Gaeilge acu dá réir. Bheadh tacaíochtaí breise á dtabhairt don phobal áitiúil.

Tá roinnt dreamanna ó cheantair Ghaeltachta tar éis teacht os ár gcomhair ag moladh dúinn gur chóir níos mó cuidithe a thabhairt dóibh chun a leithéid a dhéanamh, fiú maidir le daoine atá ag foghlaim na Gaeilge. Chuirfeadh sé ar a gcumas oibriú agus a bheith lonnaithe i gceantar Gaeltachta ag an am céanna agus freastal ar ranganna ag an deireadh. In éineacht leis sin, ba chóir lucht Gaeltachta a mhealladh chun a bheith ag obair i gceantair Ghaeltachta, seachas iallach a bheith orthu teacht go Baile Átha Cliath, nó pé áit a bhfuil an Roinn lonnaithe, agus an ceantar s’acu a thréigean i rith na seachtaine. Ba chóir go mbeadh siad in ann iomlán a gcuid oibre a dhéanamh ina gceantair féin. Is buntáiste breise é sin nach buntáiste airgid é. Tá liúntais ar fáil do roinnt post chomh maith. B’fhéidir gur chóir go mbeadh sé níos airde, ach is ceist eile í sin. Is bealach é seo ar féidir leis an Státchóras cuidiú leis na daoine seo agus le ceantair Ghaeltachta araon.

Comment on this
Mr. Fergal Costello

To comment generally, I understand the point the Deputy is making and the benefits he is describing with remote working opportunities and so forth. Departments have a degree of flexibility in the way they organise themselves to best meet their mission and service delivery requirements, including the way they work with their staff in terms of using remote working. More generally, as Dr. Mac Cormaic mentioned earlier, it is in the action plan to carry out research on locations within Gaeltacht areas. From the point of view of the Department of Public Expenditure, Infrastructure, Public Service Reform and Digitalisation, we will be interested in the outcomes of that research and consider them further. I am not sure there is an awful lot more I can say at this stage, however.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Fillfidh mé ar chúpla ceist. Tuigim go maith an pointe atá á dhéanamh ag an Dr. Mac Cormaic faoi na struchtúir atá curtha ar bun, lena n-airítear na coistí agus grúpaí oibre a bhaineann leis seo. An bhfuil tuairiscí foilsithe ag na grúpaí agus coistí difriúla sin ar féidir leis an gcoiste féachaint orthu, ar mhaithe le dul chun cinn a mheas? B’fhéidir nach bhfuil siad foilsithe go poiblí, ach bheadh siad úsáideach don choiste seo mar chomhthéacs. Ón méid a dúirt an Dr. Mac Cormaic, is í an tuiscint atá agam ná gur thóg sé am chun an meaisín a chur le chéile leis an earcú seo a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Tá muid anois réidh chun an t-eolas a bhailiú le cinntiú go bhfuil an meaisín seo ag oibriú leis an dul chun cinn seo a bhaint amach. An mbeidh rochtain againn ar na tuairiscí difriúla? Glacaim leis go mbíonn tuairiscí á gcur le chéile ag na grúpaí éagsúla a bhíonn ag plé leis an gceist seo. An féidir na tuairiscí sin a chur faoinár mbráid?

Comment on this
Ms Sadhbh Ó Cinnseala

Bíonn tuarascáil bhliantúil ag an gcoiste comhairleach agus déanann an Coimisinéir Teanga tráchtaireacht a scríobh uirthi. Nuair atá siad foilsithe, cuirtear ar an suíomh iad. Cuirtear ar Documents Laid iad chomh maith. Níl an grúpa oibre teicniúla ach bliain ar an bhfód. Beidh muid ag iarraidh tuarascáil a dhéanamh bunaithe ar a bhfuil bainte amach aige le bliain anuas. Baineann go leor don obair atá ar bun aige faoi láthair le treoir a chur ar fáil maidir leis an tairiscint gníomhach a neadú isteach i gcóras digiteach. Bíonn muid ag obair in éindí leis an oifig um sholáthar poiblí ó thaobh treorach de maidir le riachtanais Ghaeilge a neadú isteach i gcóras agus mar sin de. Tá na miontuairiscí agus na cláir ar fáil go hoscailte ar an suíomh idirlín. Cuireadh an grúpa oibre earnála don oideachas treasach ar bun sa samhradh, agus beidh na miontuairiscí agus gach rud á bhfoilsiú ar an suíomh. Gach bhliain, beifear ag iarraidh tuairisc a dhéanamh faoin dul chun cinn atá déanta le linn na bliana sin.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Mar mholadh, ba mhaith liom go gcuirfeadh an comhchoiste litir chuig na grúpaí éagsúla – an dá ghrúpa oibre agus an coiste comhairleach - le cur in iúl, díreach ar mhaithe le bonn eolais, go ndéanfaí cóip de na miontuairiscí a chur chuig an gcomhchoiste nuair a fhoilsítear iad. Foilsítear go poiblí iad ar aon nós, ach bheadh sé sin áisiúil chun baill an chomhchoiste a choinneáil ar an eolas. An bhfuil sé sin inghlactha?

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Beidh go leor den obair atá ar bun agus na spriocanna atá leagtha amach do na grúpaí sin le tuairisciú tríd an tuairisc bhliantúil ar an plean gníomhaíochta.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

An bhfoilsítear í go poiblí?

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Foilsítear. Téann sí chuig an Rialtas ag deireadh na bliana agus foilsítear í.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Okay. An bhfuil an moladh sin aontaithe? Aontaithe.

Tá ceist eile agam. Ní ceist dhiúltach í, ach tá mé ag iarraidh a bheith ar an taobh eile den chlaí ar feadh nóiméid. Céard é an plean B má bhailíonn muid na sonraí seo ar fad an bhliain seo chugainn agus léiríonn siad go bhfuil an earcaíocht ag 5%? Céard iad na struchtúir agus an plean le dul i ngleic leis sin? Ón méid atá ráite, agus ón méid atá feicthe agam, tá dul chun cinn á dhéanamh. Chonaic mé an dul chun cinn sin aréir ag ócáid de chuid Ghréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí. Tá daoine ag cur lena gcuid Gaeilge. Ní dóigh liom go bhfuil muid ag 20%, áfach. Tá sé tábhachtach go ndéantar soiléiriú gur 20% d’earcaithe atá i gceist, ní hamháin 20% de Státseirbhísigh. Ní dóigh liom go dtuigtear é sin go poiblí go fóillín. Más rud é nach n-éiríonn linn agus go léiríonn na sonraí tar éis an tsuirbhé an bhliain seo chugainn nach bhfuil an earcaíocht ach ag 6%, céard é an plean B le dul i ngleic leis sin?

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Níl an sprioc le baint amach go dtí deireadh 2030.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Turas fada a bheadh ann.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Leis na struchtúir atá againn, tá muid dóchasach go bhfeicfidh muid torthaí ag teacht de réir a chéile, go háirithe agus na caighdeáin foilsithe, mar a luaigh an Teachta Ó Snodaigh. Cruthóidh sé sin éileamh. Beidh sé soiléir do na comhlachtaí poiblí go gcaithfidh siad tuilleadh daoine le Gaeilge a fhostú chun na seirbhísí atá leagtha síos sna caighdeáin a chur ar fáil. Ní dóigh liom go bhfuil plean B i gceist anseo. Tá muid ag díriú ar an bplean seo a chur i bhfeidhm.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

In áit a rá go bhfuil sé dóchasach, an bhfuil an Dr. Mac Cormaic muiníneach?

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Tá mé dóchasach muiníneach. Ag deireadh an lae, rinneadh an cinneadh an reachtaíocht sin a achtú agus tugadh an jab dúinn na struchtúir a chur le chéile le go mbainfear an sprioc 20% amach. Is é sin an ról atá againn mar Státseirbhísigh. Tá sé ráite go bhfuil an sprioc le baint amach faoi dheireadh 2030, ar a dheireanaí. Is féidir é a bhaint amach - más féidir agus má tá gach rud ag dul go maith - roimhe sin. Lámh ar mo chroí, ní dóigh liom go mbainfear amach é roimhe sin. Tá sé chomh dúshlánach sin go dteastaíonn am. Basically, tá muid ag athrú chultúr an Státchórais anseo. Ní dhéanfar é sin thar oíche.

D’fhreastail an Cathaoirleach ag an ócáid sin aréir. Is struchtúr nua amháin é sin atá bunaithe do dhaoine le Gaeilge. Feictear an dearfacht atá ag teacht tríd rudaí mar sin. Tá an oiread ag tarlú taobh thiar de na scenes anseo, cosúil leis na comhdhálacha agus leithéidí Fís, Gluaiseacht agus na ceardlanna a bhíonn á reáchtáil againn. Tá gach duine ag oibriú as lámha a chéile leis an rud seo a bhaint amach. Tá cúrsaí i bhfad níos dearfaí sa Státchóras anois. Feictear domsa go bhfeiceann daoine go bhfuil deacrachtaí ann agus tá siad ag iarraidh plean feidhmiúil a chur le chéile chun iad a chur ina gceart.

Beidh sé dúshlánach.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

An fáth a chuirim an cheist ná go bhfuilim ag iarraidh tairbhe a fheiceáil as ucht obair na finnéithe. Sin é an fáth go bhfuilim á chur. Ag teacht leis an méid a dúirt an Teachta Ó Muirí níos túisce, is ábhar iontais dom é nach mbeidh spriocanna bliantúla á fhorbairt nuair atá an t-eolas sin bailithe, mar beidh a fhios ag na finnéithe céard is é an bunlíne ansin. Tuigim go bhfuil bunlíne ann de 11% de dhaoine sa Státseirbhís le Gaeilge acu, ach ar mhaithe leis an toradh sin a bhaint amach, faoi mar a dúirt an Dr. Mac Cormaic, an bhfuil aon fhéidearthacht ann go bhféadfaí spriocanna bliantúla a dhearadh bunaithe ar na sonraí a thagann ar ais tar éis an taighde an bhliain seo chugainn?

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Dá mbeadh spriocanna le leagan síos bheadh siad bunaithe ar cén earcaíocht a bheidh le déanamh do na blianta ina dhiaidh sin.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Sin atá á rá agam.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Bheadh sé sin thar a bheith dúshlánach mar b’fhéidir go mbíonn fhios ag na comhlachtaí poiblí ag an meánleibhéal, ach le leithéidí an HSE, bíonn spriocanna fadtéarmach agus an oiread sin dúshláin acu i dtaobh daoine a earcú go gcaithfidh siad pleanáil deich mbliain chun cinn ar mhaithe le dul thar lear agus a bheith ag spreagadh daoine le bheith ag smaoineamh ar teacht go hÉirinn agus poist a thógáil agus mar sin de. Leis na heagraíochtaí ag an meánleibhéal, b'fhéidir nach bhfuil an leibhéal sin pleanála ag tarlú le breathnú cúig bliana chun cinn – b’fhéidir go bhfuil an workforce planning ag tarlú ach is próiseas amháin atá ansin. Dá mbreathnódh muid ar an togra seo in 2022 nuair a thosaigh muid amach, ní bheadh leath de na rudaí atá ag tarlú anois feicthe againn. Déanann muid athbhreithniú i gcónaí ar an obair atá ar bun againn. Má fheicimid go bhfuil deis rud mar sin a dhéanamh, déanann é. Is obair fíor-chasta é.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Tuigim sin. Is léir sin ón méid atá curtha in iúl ag na finnéithe. De réir a chéile agus na finnéithe ag cur na struchtúr seo ar bun, an bhfuil mórán samplaí de dhea-chleachtais feicthe acu ó na comhlachtaí poiblí lena mbíonn siad ag déileáil leo, nó an ndéanfar an dian scrúdú sin amach anseo nuair a thosófaí leis an t-eolas a bhailiú?

Comment on this
Ms Sadhbh Ó Cinnseala

De réir a chéile tá samplaí de dhea-chleachtais ag teacht chun cinn. Mar shampla, táimid ag obair go dlúth le Gaeilge 365 atá lonnaithe anseo i mBaile Átha Cliath idir an ceithre údarás áitiúil. Déantar gach iarracht aon dea-shampla, fiú mion dea-shampla a lua. Táimid ag obair le hOifig na bPasanna mar shampla, a d'fhostaigh cúigear nua le Gaeilge leis an bhfón a dhéanamh agus tháinig ardú as cuimse ar líon na ndaoine atá ag úsáid an tseirbhís mar bhí fhios ag daoine go raibh caighdeán maith ann. Aon uair a fheicimid dea-shampla mar sin - agus is rud simplí é sin - déanfaimid é a phoibliú sa nuachtlitir a théann amach go dtí na comhlachtaí poiblí agus déanfaimid é a lua sna seimineáir faisnéise.

Bhí sampla sa Roinn Coimirce Sóisialaí mar shampla. Chuaigh sé chuig na fostaithe le ceistiú an raibh aon duine sa bhreis a bhí sásta seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil. Do chuir 300 duine breise suas a lámh le rá go raibh siad sásta sin a dhéanamh. Tá dea-shamplaí ann. Dar ndóigh, táimid ag féachaint trasna an uisce sa Bhreatain Bheag. Nuair a bhímid ag déanamh seimineár faisnéise, tugann muid daoine isteach ó thar lear le dea-shamplaí a léiriú. Is diaidh ar ndiaidh atá na dea-shamplaí ag teacht chun cinn. Déanaimid iarracht iad sin a phoibliú sna nuachtlitir a théann amach agus tríd seimineár faisnéise agus ceardlanna.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Críochnóidh mé ar an gceist seo. Ó thaobh inniúlacht sa Ghaeilge, nuair a chuirtear an cheist seo sa Roinn Coimirce Sóisialaí agus cuireann 300 duine suas a lámh, an é go bhfuil siad ag tuairisciú a gcuid inniúlacht féin nó an ndéantar tástáil air sin?

Comment on this
Ms Sadhbh Ó Cinnseala

Go bhfios dom sa chás sin is féin-thuairisciú a bhí ann. Tá siad chun seirbhísí a chur ar fáil don phobal agus mar sin is acu féin é.

Comment on this
Dr. Aodhán Mac Cormaic

Maidir leis an scéim printíseachta atá tugtha isteach anois, inár Roinn féin táimid ag tabhairt daoine isteach. Tá sé luaite sa phlean náisiúnta printíseachta go ndéanfar forbairt ar phrintíseacht na Gaeilge, rud nár rinneadh riamh. Táimid tar éis triúr nó ceathrar a thabhairt isteach mar rud píolótach. Cuirfear iad sin ag foghlaim Gaeilge suas go dtí an caighdeán. Beidh siad ag déanamh modúil maidir le polasaí cuntasaíochta poiblí, stuif mar sin. Bheinn ag súil leis tar éis cúpla bliain go dtiocfaidh siad amach le cáilíocht ag leibhéal 6 agus go mbeidh tóir ar na daoine sin. Má dhéanfaimid é sin mar rud píolótach tá súil agam go mbeidh tóir ar na daoine sin. Beidh na scileanna acu le feidhmiú mar oifigigh feidhmiúcháin ag an leibhéal is airde den ghrád leis na scileanna breise sin.

Comment on this
Mr. Fergal Costello

I was going to mention apprenticeship but also a training initiative in the context of the Presidency. There are three or four short training programmes available for civil servants handling meetings and using Irish as part of the Presidency. It is important as part of the opportunity we have to reflect that back to Europe.

Comment on this
Shane Moynihan An Cathaoirleach Fianna Fáil

Bhfuil éinne ag iarraidh teacht isteach ar an gceist sin? Níl. Gabhaim buíochas le gach éinne. Cuirfidh mé clabhsúr leis an seisiún. An gcomhaontaítear leis sin? Comhaontaítear. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as ucht an plé fiúntach agus tairbheach a bhí againn inniu. Tréaslaím leo as ucht an obair atá ar siúl acu leis an sprioc ar a bhfuilimid ar fad ar aon intinn go bhfuilimid ag iarraidh a bhaint amach ar son na Gaeilge a bhaint amach, agus í a chur chun cinn. Gabhaim buíochas leo as ucht an t-am a dhéanamh a bheith linn.

Comment on this