Soláthar Tithíochta agus Cúrsaí Bonneagair i gCeantair Ghaeltachta: Plé (Atógáil)
Officials outlined Government plans to expand housing and infrastructure in Gaeltacht areas while protecting Irish as a community language. A draft national planning statement, now proceeding through environmental assessment before public consultation, proposes language-related occupancy conditions and reserved homes for Irish speakers; officials said the final approach must balance language protection with viable housing development. Members raised gaps in data on housing starts and short-term lets, while officials said new registration and planning rules should improve oversight and that vacant-home grants do not support short-term letting. Officials described ongoing local projects but confirmed Údarás na Gaeltachta is expected to retain a secondary housing role, with delivery depending on local authorities and infrastructure providers.
Déanfaidh muid ár mbreithniú ar sholáthar tithíochta agus cúrsaí bonneagair i gceantair Ghaeltachta le hoifigigh ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Cuirim fáilte roimh na hoifigigh seo a leanas ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta: John Twamley, príomhoifigeach san aonad um tithíochta inacmhainne seachadta straitéiseach; Douglas Kelly, príomhoifigeach; Karen Kenny, comhairleoir sinsearach san oifig gníomhachtaithe tithíochta; agus Pauline Riordan, pleanálaí sinsearach don phleanáil straitéiseach náisiúnta. Chomh maith leis sin, cuirim fáilte roimh na hoifigigh seo a leanas ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Gaeltachta: an Dr. Aodhán Mac Cormaic, rúnaí cúnta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht; Sharon Ó Ceallaigh, príomhoifigeach i leith Údarás na Gaeltachta, chur i bhfeidhm an phlean náisiúnta agus coláistí Gaeilge; Maryanne Uí Chualáin, príomhoifigeach don Ghaeltacht agus don phleanáil teanga; agus Saera Ní Fhinneadha, príomhoifigeach cúnta don phleanáil teanga.
Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe go léir ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 3 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Sula leanaimid ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe uile. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh a chinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag caint.
Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Is fíric é nach féidir leis na finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu, agus má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir dóibh amhlaidh a dhéanamh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.
Iarrtar ar fhinnéithe agus ar chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, iarrtar orthu gan aon rud a rá a bhféadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, más rud é go bhféadfadh a ráiteas bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéilleann siad leis an ordú sin. An nglactar leis na treoracha sin? Glactar leo.
Iarraim ar Pauline Riordan an ráiteas tosaigh a dhéanamh thar ceann na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Comment on this
Is pleanálaí sinsearach mé sa rannán pleanála sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. In éineacht liom, tá mo chomhghleacaithe, John Twamley, príomhoifigeach sa rannán tithíochta inacmhainne; Douglas Kelly, príomhoifigeach sa rannán uisce; agus Karen Kenny, comhairleoir sinsearach san oifig ghníomhachtaithe tithíochta. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh chun cur leis an bplé tábhachtach maidir le soláthar tithíochta i gceantair Ghaeltachta. Mura miste le chomhaltaí an comhchoiste, b'fhearr liom an chuid eile de mo ráiteas a léamh i mBéarla.
First, I acknowledge the valuable work undertaken by the committee in supporting Irish-speaking communities and in highlighting the challenges and opportunities facing Gaeltacht areas. The Government recognises the importance of ensuring that Gaeltacht communities remain vibrant and sustainable places in which people can live, work, raise families and contribute to local economic, social and cultural life. The availability of an appropriate mix of housing and the supporting infrastructure is central to achieving this objective. The Government's housing plan, Delivering Homes, Building Communities, commits to increasing housing supply across all tenures and in all parts of the country, including rural and Gaeltacht areas. The plan recognises that supporting housing delivery in Gaeltacht communities is essential to sustaining population growth, supporting local services and protecting Irish as a living community language. These objectives are related across a range of housing, planning and infrastructure policies. The Government continues to make significant levels of capital investment in housing programmes and infrastructure delivery. Record levels of funding are being invested to support social and affordable housing, the regeneration of towns and villages and the provision of enabling infrastructure that will support new homes and sustainable communities across the country, including in Gaeltacht areas.
The Government also recognises that affordability remains a significant challenge for many people. Rising housing and construction costs have created pressures for home buyers and renters, including in rural and Gaeltacht areas. In response, a range of affordability measures are being delivered, including the affordable purchase scheme, cost rental, the first home scheme and other targeted supports designed to assist individuals and families to access housing at an affordable cost.
In addition to scaling up the supply of new homes, another key element of the Government's response has been the focus on bringing existing housing stock back into use. The vacant property refurbishment grant continues to provide important support for the refurbishment of vacant and derelict properties. It provides a 20% uplift for eligible properties on offshore islands under the national Our Living Islands policy. The scheme is helping to increase housing supply, revitalise rural communities and make better use of existing buildings. It has generated strong interest throughout the country, including in many Gaeltacht communities. As previously reported to Oireachtas committees, hundreds of grant applications have been approved within Gaeltacht areas, demonstrating the value of the scheme in supporting local housing needs.
Infrastructure delivery is equally important in enabling housing development. The Government is making substantial investments in infrastructure through the national development plan. Significant funding has been committed to water and wastewater infrastructure through Uisce Éireann, recognising the critical role these services play in supporting housing delivery and sustainable development. The rural water programme continues to support rural communities through investment in group water schemes and rural water infrastructure and services. This programme can play an important role in strengthening rural infrastructure and supporting housing development in areas where connection to public networks may not be feasible. Group water schemes are an important part of rural water services infrastructure, supplying homes and communities in areas that are not serviced by public water supplies. Significant funding has been approved under the rural water programme for projects across the country, including in counties with Gaeltacht areas, supporting the development and improvement of rural water infrastructure. Separately, the 2027–29 capital funding programme for the rural water sector represents a new cycle of capital funding, with applications currently open for new projects. This programme will further support investment in rural water infrastructure, helping to improve drinking water quality, strengthen the resilience and reliability of water supplies and support the sustainable development of rural communities.
The Government has also committed to invest in Ireland's electricity grid to ensure that communities have the energy capacity needed to accommodate future housing and economic growth. The housing infrastructure investment fund, managed by the housing activation office, further supports investment in infrastructure projects needed to unlock housing sites in towns and cities nationwide and accelerate the delivery of new homes.
Planning policy also has a vital role to play. In June 2026, the Government agreed a proposed policy direction for rural and Gaeltacht housing, enabling a proposed draft national planning statement on sustainable rural and Gaeltacht housing to proceed to environmental assessment and public consultation prior to its final approval by the Government. This draft statement, when finalised, will provide greater clarity, consistency and certainty regarding housing development in rural and Gaeltacht areas. The statement seeks to support housing delivery while balancing environmental considerations, infrastructure capacity and the protection and promotion of the Irish language. It reflects the Government's commitment to ensuring that Gaeltacht communities can develop sustainably while retaining their distinctive linguistic and cultural heritage. The proposed policy approach for housing in Gaeltacht areas was developed in close collaboration with the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht, as the Department with statutory responsibility for language planning under the Gaeltacht Act 2012.
This Department continues to work closely with our colleagues in the Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht, along with Údarás na Gaeltachta, local authorities and infrastructure providers, to support the delivery of housing and associated infrastructure in Gaeltacht areas. A co-ordinated approach across Government remains essential to addressing the housing challenges facing these communities.
I once again thank an Cathaoirleach agus na comhaltaí for the opportunity to address them. I thank them for their attention. My colleagues and I are pleased to respond to any questions or comments members may have.
Comment on this
Sula dtéim ar aghaidh, ba mhaith liom a aithint go bhfuil na Teachtaí Connolly agus Ní Raghallaigh linn go fíorúil. Iarraim ar an Dr. Mac Cormaic a ráiteas tosaigh a thabhairt.
Comment on this
Ba mhaith liom an deis a thapú ar dtús buíochas a ghlacadh leis an gcoiste as an gcuireadh teacht os a gcomhair le ceist an tsoláthair tithíochta agus cúrsaí bonneagair i gceantair Ghaeltachta a phlé. Tá riachtanas soiléir ann a chinntiú go bhfuil tithíocht sásúil, inacmhainne agus cuí ar fáil le go mbeidh daoine in ann cónaí, obair agus a gclann a thógáil sa Ghaeltacht. É sin ráite, caithfidh aon bheartas tithíochta comhthéacs cultúrtha agus teangeolaíochta uathúil na Gaeltachta a thabhairt san áireamh, agus an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge a chaomhnú mar theanga bheo pobail a thuiscint. Caithfear dul i mbun na gcuspóirí seo a bhaint amach ar bhealach stuama ina ndéantar cúram don riachtanas gan dochar a dhéanamh do cheachtar acu. Ba chóir d’aon bheartas tithíochta Gaeltachta dul i ngleic le riachtanais tithíochta na bpobal áitiúil, tacú le hinmharthanacht fhadtéarmach na bpobal sin agus cosaint a thabhairt do na coinníollacha riachtanacha a theastaíonn chun a chinntiú go leanfar le húsáid agus le seachadadh na Gaeilge mar theanga pobail.
Is fiú dom a lua go bhfuil neart tuairimí á gcloisteáil ag an Roinn maidir leis an dréachtráiteas náisiúnta pleanála a foilsíodh le déanaí. Sa bhreis air sin, tá foilseachán eisithe ag Coláiste na Tríonóide le cúpla seachtain anuas maidir le cúrsaí tithíochta i gCiarraí thiar. Tá réimse leathan moltaí déanta sa cháipéis seo agus tá an Roinn á scrúdú. Níl aon mhodh comhsheasmhach ann d'údaráis phleanála nuair a bhíonn forbróirí ag cur céatadán d'fhorbairt tithíochta atá beartaithe in áirithe do chainteoirí Gaeilge. Tá an modh atá molta sa dréachtráiteas chun líon aonad a chur in áirithe bunaithe ar chéatadán na gcainteoirí Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais móide 10%. Is éard atá i gceist leis seo ná cinnteacht a thabhairt do phleanálaithe agus do dhaoine ar mian leo fanacht ina gcónaí ina bpobail tuaithe nó filleadh orthu, agus ag an am céanna tacú le pobal tuaithe bríomhar inbhuanaithe in Éirinn. I gcás cainteoir Gaeilge nach bhfuil aon cheangal teaghlaigh aige nó aici leis an nGaeltacht agus atá ag iarraidh bogadh ann, beidh feidhm ag riail chónaithe cúig bliana, le hais riail deich mbliana do chainteoirí Béarla.
Faoin gcur chuige molta beidh cead ag cainteoirí Gaeilge bogadh idir limistéir pleanála teanga laistigh den chontae céanna agus idir chontaetha chomh maith. Ina theannta sin, tá i gceist go bhféadfadh an t-údarás pleanála leibhéal solúbthachta a chur i bhfeidhm maidir le measúnú a dhéanamh ar riachtanais shóisialta áitiúla inar féidir an leibhéal riachtanach inniúlachta teanga a léiriú. Sa bhreis air sin, tá sé tugtha le fios ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil comhordaitheoir tithe folmha, post atá maoinithe ag an údarás i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Mhaigh Eo, i mbun oibre anois. Dheimhnigh Údarás na Gaeltachta go bhfuil clár oibre cuimsitheach leagtha amach ag an gcomhordaitheoir le haghaidh tithe folmha don tréimhse amach romhainn.
Is é cuspóir uileghabhálach na Roinne ná a chinntiú go mbíonn pobail Ghaeltachta bríomhar agus inbhuanaithe ann, áit gur féidir le daoine teach a bheith acu agus go leanfaidh an teanga ag fás mar theanga pobail laethúil sna ceantair sin. Leanfaidh an Roinn ag obair leis na páirtithe leasmhara ar fad chun an chuspóir seo a fhíorú. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an gcoiste arís as an deis a thabhairt dom agus do mo chomhghleacaithe labhairt inniu agus cuirim fáilte anois roimh cheisteanna.
Comment on this
Rachfaimid ar aghaidh go dtí an chuid den chruinniú ina gcuirfear na ceisteanna. Táimse sásta na ceisteanna a chur agus ansin rachaidh mé go dtí an Seanadóir Conway agus na Teachtaí Connolly agus Ní Raghallaigh atá ar líne. Tabharfaidh mé seacht nóiméad an comhalta.
Baineann an chéad cheist atá agam leis an taighde a luaigh an Dr. Mac Cormaic a d’fhoilsigh na taighdeoirí i gColáiste na Tríonóide le déanaí. Ceann de na rudaí a tháinig amach sa tuairisc ná go bhfuil brú á cur ar thithíocht sa Ghaeltacht de bharr tithe atá ar fáil ar chíos gearrthéarmach. Iarraim ar an Dr. Mac Cormaic níos mó a rá faoi sin, mar aon le tuairimí na Roinne faoi, agus na himpleachtaí a bhaineann leis do phleanáil sa Ghaeltacht amach anseo. Cuirim fáilte roimh cur isteach ón Roinn tithíochta freisin.
Comment on this
Is léir go bhfuil go leor tithe ligthe ar chíos gearrthéarmach sa Ghaeltacht. Tá níos mó eolais ag mo chomhleacaithe sa Roinn eile ar an ábhar seo. B'fhéidir go dtabharfaimid éisteacht dóibh siúd.
Comment on this
I can take that question. In June, the Department of housing published a proposed draft national planning statement on short-term letting. This is intended to align with the commencement of the short-term letting Bill by our colleagues in the Department of Enterprise, Tourism and Employment. That was developed to provide clear, consistent guidance for operators of short-term lets nationwide as to how they can become planning compliant following the introduction of a registration system which will be operated by Fáilte Ireland.
Comment on this
An bhfuil aon taighde déanta ag ceachtar den dá Roinn an bhfuil na tithe seo ar chíos gearrthéarmach ag cur ruaig ar mhuintir nó pobail Ghaeltachta an ceantar a fhágáil? B'fhéidir gur féidir é sin a leathnú amach go dtí daoine atá ina gcónaí i bpobal tuaithe, ní hamháin i bpobal Gaeltachta.
Comment on this
Tá taighde déanta ag Údarás na Gaeltachta maidir leis an líon tithe folmha sa Ghaeltacht, ach níl ar líon na Airbnbs nó tithe atá ligthe go gearrthéarmach, go bhfios dom.
Comment on this
The registration process will provide more clarity as to where the short-term letting activity is concentrated. That will be in place by the end of the year. I do not have any information to hand on any specific research that has taken place. Certainly the regulation will provide for clarity on where the activity is taking place. I ask my colleague, Ms Kenny, to come in on that.
Comment on this
I thank Ms Riordan. It is worth mentioning that the dual approach of the legislation being progressed by the Department of Enterprise, Tourism and Employment and the policy position being advanced by our own Department, the Department of housing, will provide for better regulation in relation to short-term letting across all areas, including in Gaeltacht areas. It will allow for better visibility of properties that are active in the short-term letting business and there will also be a requirement for regularisation of them within the planning system. If somebody is operating a short-term letting in any location and does not have valid planning permission, which is a requirement for registration under the Fáilte Ireland approach, he or she will be required to regularise that. In determining those applications, that is where the proposed national planning statement comes in. It will set policy and guidance for local authorities in their assessment of applications. There will certainly be a much better system in place overall early next year for the regulation of short-term letting, having regard to its impact on housing provision in all areas, not just Gaeltacht areas. That is very much in line with the approach across Europe and legislation that has been enacted at a European level in relation to short-term letting.
Comment on this
Cuirim fáilte roimh na rialacha. Tuigim ón mhéid atá cloiste agam nach bhfuil tuiscint againn ar cén éifeacht a bhfuil ag tithe ar chíos gearrthéarmach ar ghluaiseacht agus ar thithíocht sa Ghaeltacht faoi láthair. An bhfuil sé sin mícheart?
Comment on this
Anecdotally, tá brú ann. Tá go leor den stoc ar fáil go gearrthéarmach.
Comment on this
Tá ceist agam faoi na deontais do na tithe folmha a bhíonn á riaradh ag an Roinn tithíochta. An féidir le duine atá ag cur teach amach ar chíos gearrthéarmach leas a bhaint as na deontais sin? Más rud é go gcuireann duine éigin isteach ar dheontas do theach folamh, an gcaithfí go mbeidh sé nó sí mar principal private residence?
Comment on this
There are two kinds of tenures that can be applied to the vacant property refurbishment grant, VPRG. The first is that it is a principal residence and second is that the property can be let, but not as a short-term letting. The grant itself does not encourage or facilitate short-term lets.
Comment on this
An ndéantar monatóireacht nó seiceáil air sin i ndiaidh don teach a bheith athchóirithe?
Comment on this
That is under the remit of the local authorities. It is a difficult task but the local authorities are tasked with and have responsibility for monitoring the conditions under which the VPRG is approved. It is difficult to enforce that but there are vacant property officers in each local authority who are tasked with enforcement.
Comment on this
Cén sórt obair atá ar siúl idir an Roinn tithíochta agus an oifigeach tithe folmha atá fostaithe ag Údarás na Gaeltachta i gcomhpháirt leis na húdaráis áitiúla?
Comment on this
Does the Deputy mean in relation to individual vacant properties, as things stand?
Comment on this
Tá oifigeach fostaithe ag an seacht údarás áitiúil a bhfuil Gaeltacht acu ina gceantar agus tá sé de chúram ag an oifigeach seo tithe folmha a aithint. An bhfuil idirghabháil idir an Roinn agus an oifigeach sin?
Comment on this
I am not aware specifically of anything in relation to the Gaeltacht, so I will just speak about the role of the vacant property officer more generally. He or she is tasked with administering the VPRG within his or her area, which, as the Deputy knows, has a very considerable uptake-----
Comment on this
Tuigim é sin, ach is oifigeach faoi leith atá anseo agus is cosúil nach bhfuil aon chaidreamh idir é nó í agus an Roinn.
Comment on this
Bíonn an Roinn ag obair leis na hoifigigh atá fostaithe ag na húdaráis áitiúla. Faoi láthair, tá an duine atá fostaithe le maoiniú ón údarás i gcomhar le Comhairle Chontae Mhaigh Eo ag déanamh staidéar le tuiscint agus léiriú a fháil ar an gcomhthéacs cultúr agus teanga leis an nGaeilge mar thosaíocht. Tá sé mar ról ag an oifigeach seo maoin cónaithe folmha a aithint agus eolais a scaipeadh faoi na buntáistí a bhaineann le tithe folmha a úsáid arís. Tá siad chun teagmháil agus caidreamh a chothú le húinéirí maoine, deiseanna a aimsiú agus a mheas i ngach ceantar Gaeltachta, agus comhoibriú leis na húdaráis áitiúla sna ceantair Ghaeltachta sin mar aon le heagraíochtaí pobail eile. Tá siad ag glacadh páirt sa líonra náisiúnta d'oifigigh tithe folmha freisin. Tá an teagmháil sin ann.
Comment on this
Gabhaim buíochas leis na finnéithe agus na comhaltaí atá ar líne as a bheith anseo. Cuirim fíorfháilte roimh an Teachta Kyne. Cheap mé ar feadh tamaill go raibh sé de phribhléid agam iomaire aonair a threabhadh.
Comment on this
An chéad rud atá i gceist agam ná na figiúirí nó na staitisticí. B'fhéidir go bhfuil siad ag duine éigin anseo nó mura bhfuil, b'fhéidir go bhféadfaí iad a sheoladh chugainn chomh luath agus is féidir. Baineann na staitisticí atá á lorg agam leis na starts atá déanta i dtithe nua i ngach Gaeltacht ó thús na bliana. An bhfuil siad le fáil in aon áit nó an bhfuil siad ag na finnéithe?
Comment on this
Tá figiúirí againn le haghaidh cead pleanála agus na rátaí cead pleanála atá tugtha le trí bliana anuas. I dtaobh na starts, níl siad sin againn. Níl fhios agam an bhfuil siad ag ár gcomhghleacaithe. Táim in ann figiúirí a thabhairt don Teachta maidir le ceadanna pleanála má tá siad á lorg aige.
Comment on this
Táim beagnach cinnte go dtugann na seirbhísí dóiteáin teastais do na starts i ngach údarás áitiúil. Nuair a bhí mé ag tógáil teach cúpla bliain ó shin, bhí sé sin riachtanach.
Comment on this
Ní chuirtear na teastais sin ar fáil dúinne i Roinn na Gaeltachta. B'fhéidir go bhfuil an ceart ag an Teachta.
Comment on this
Cá háit a bhfuil siad sin ar fáil? An bhfuil siad ar fáil sna húdaráis áitiúla?
Comment on this
Seans maith go bhfuil siad ar fáil sna húdaráis áitiúla.
Comment on this
Tá sé trioblóideach dul thall agus abhus ag lorg na staitisticí sin. Nár chóir don Roinn na figiúirí a bhailiú le chéile?
Comment on this
Bhailíomar roinnt staitisticí a bhaineann le leibhéal na gcead pleanála atá tugtha agus leis na scéimeanna deontais do dhaoine atá ag iarraidh tithe a thógáil nó a cheannach. Níl na staitisticí againn i dtaobh tithe atá an obair tógála tosaithe orthu. Táim beagnach cinnte go bhfuil siad ar fáil in áit éigin agus gur féidir iad sin a chur ar fháil.
Comment on this
Táim beagáinín imníoch nach bhfuil siad ar fáil don choiste. Tá na figiúirí sin bunúsach go leor maidir leis na starts in aghaidh na bliana. Ar aon nós, níl siad ar fáil ach b'fhéidir go mbeidh amach anseo.
Comment on this
From the Department of housing's perspective, we have figures available nationally and also broken down by local authority for the number of new completions and planning permissions. I can give the Deputy the average figures nationally and I can get him a note on the local authorities. We do not have specific figures on the Gaeltacht per se. I can let the Senator know that the level of new single rural dwellings has remained relatively stable over recent years at approximately 4,000 to 5,000 completions nationally. That figure is published by the Central Statistics Office, which breaks it down in various ways, in particular to local authority level. The Department keeps statistics on rural housing permissions as well, based on returns from local authorities. They are primarily to local authority level and have averaged between 5,000 and 7,000 nationally over the past five years or so. I ask my colleague, Ms Kenny, to give the Senator some more information on that.
Comment on this
Before a development commences, there is a requirement for the developer to submit a commencement notice to the relevant local authority. Local authorities hold that information, and I am sure they are in a position to break it down on an area basis. However, that information is not collected centrally by the Department of housing.
Comment on this
Ar chóir go mbeadh sé ar fáil dúinn? Is staitistic bunúsach atá ann. Ligeann sé dúinn féachaint ar céard a tharla in 2026 agus brú ar aghaidh go dtí 2027 agus an dá bhliain a chur i gcomparáid agus féachaint an bhfuil muid ag dul ar aghaidh nó ag titim siar. Tá sé sin bunúsach go leor.
Comment on this
Rud atá gaolta leis sin ná go mbreathnaíonn na staitisticí i dtaobh cead pleanála an-dearfach nuair a bhreathnaimid ar na Gaeltachtaí. Is fiú cúpla soicind a chaitheamh air seo. Maidir le figiúirí do 2025, ba é an ráta ceadaithe i nGaeltacht na Gaillimhe ná 86%; i nGaeltacht Dhún na nGall 96%; i nGaeltacht Mhaigh Eo 89%; i nGaeltacht na Mí 100%; i nGaeltacht na nDéise 90%; i nGaeltacht Chiarraí 92%; agus i nGaeltacht Chorcaí tá meán-fhigiúr de 87% i gceist idir 2024 gus 2026. Tá sé ráite go minic go bhfuil sé an-deacair cead pleanála a fháil sa Ghaeltacht. Léiríonn na figiúirí sin nach bhfuil sé chomh deacair sin agus go bhfuil ráta ceadúcháin an-ard ann.
Comment on this
Cuireann an scéal sin borradh i mo chuisle agus is deas é sin a chloisteáil. Rachaidh mé ar aghaidh go dtí an pointe seo. Dúradh linn níos túisce go bhfuil sé "tugtha le fios ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil comhordaitheoir tithe folmha, post atá maoinithe ag an údarás i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Mhaigh Eo, i mbun oibre anois."
Cá háit a bhfuil an duine seo i bpost?
Comment on this
Tá an duine lonnaithe sa chomhairle contae i Maigh Eo ach tá siad ag obair i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta. Mar a luaigh mé leis an gCathaoirleach ar ball, tá siad ag oibriú go dlúth leis an ngréasán de dhaoine atá fostaithe-----
Comment on this
Cá fhad a bhfuil an duine seo i bpost? Cathain a-----
Comment on this
Okay. An bhfuil aon torthaí sealadacha foilsithe ag an duine sin go fóill?
Comment on this
Thug an t-údarás le fios dúinn gur reáchtáladh deich seisiún eolais ar na tacaíochtaí agus na deontais. Tá an duine seo ann chun daoine a chur ar an eolas faoi na tacaíochtaí atá ar fáil. Reáchtáladh deich seisiún eolais timpeall na nGaeltachtaí idir Aibreán agus Meán Fómhair 2026. Rinne an oifigeach seo suirbhé tithíochta chomh maith. Tá mé in ann roinnt torthaí ón tsuirbhé sin a roinnt leis an Seanadóir. Tá na torthaí cineál fada agus níor mhaith liom an iomarca ama a thógáil á bplé anseo.
Comment on this
Gabhaim leithscéal go raibh mé deireanach; bhí mé ag freastal ar chruinniú de chuid choiste na mara a thosaíonn ag an am céanna leis an gcruinniú seo. Cuirim fáilte roimh na finnéithe. I dtús báire, is mian liom ceist a chur ar an Dr. Mac Cormaic faoi ról an údaráis. Bhí BÁNÚ agus Tinteán os comhair an choiste seo thart faoi choicís ó shín. Ní chuimhin liom cé orthu an tAire, an Teachta Calleary, nó oifigigh na Roinne a bhí siad ag cur an mhilleáin toisc nach bhfuil an maoiniú á thabhairt don údarás agus go bhfuil bac á chur ar earcaíocht san údarás chun tithíocht a bhrú ar aghaidh sa Ghaeltacht. Cén ról díreach atá ag an údarás maidir le tithíocht? Tá a fhios agam go bhfuil post mar chomhordaitheoir ar thithe folmha á mhaoiniú aige, oifigeach atá lonnaithe i Maigh Eo, ach an mbíonn ról díreach aige? An mbeadh Údarás na Gaeltachta sásta go mbeadh ról díreach aige? An mbíonn an Roinn ag plé na rudaí sin leis an údarás?
Comment on this
Ar an gcéad dul síos, tá ról ar leith tugtha don údarás faoi láthair le haghaidh fostaíocht a chruthú do phobail na Gaeltachta, agus tá jab den scoth á dhéanamh aige sa réimse sin. Ag deireadh na bliana seo chaite, bhí os cionn 9,000 post i gcliantchomhlachtaí an údaráis. De réir mar a thuigim, beifear ag dul i dtreo 10,000 post ag deireadh na bliana seo. Is léir go bhfuil obair an-mhaith ar siúl aige maidir le cruthú fostaíochta. Chomh maith leis sin, tá beagnach 100 duine ag obair san earnáil pleanála teanga, nuair a chuirtear na hoifigigh pleanála teanga, OPT, san áireamh, chomh maith leis na grúpaí eile atá á mhaoiniú againn nó ag an údarás, cosúil le Comhar Naíonraí na Gaeltachta, Muintearas agus grúpaí mar sin. Tá thart ar 100 duine ar leith ag obair go heisiach ar fhorbairt na teanga ar fud na Gaeltachta.
Tá an tAire, an Teachta Calleary, thar a bheith soiléir ar an gceist seo. Tá sé ag iarraidh go mbeidh ról tánaisteach ag an údarás maidir le forbairt tithíochta sa Ghaeltacht. Bíonn leithéidí BÁNÚ agus Tinteán ag maíomh gur cheart go mbeadh ról níos lárnaí aige. Sílim go ndúradh ag pointe amháin gur cheart go mbeadh an t-údarás freagrach as pleanáil sa Ghaeltacht. Is léir ó na figiúirí a léigh mé amach don Seanadóir Conway go bhfuil ag éirí go maith leis na húdaráis áitiúla. Tá an leibhéal pleanála a cheadaítear thar a bheith ard. Ní fheicim aon chúis go bhféadfaí é a mholadh don Aire go mbeadh an chumhacht sin - is cumhacht de chuid an Aire tithíochta, an Teachta Browne, é faoi láthair - ag an údarás. Dá mbeinn ag machnamh an bhfuil cás ann an cúram sin a thógáil ó na húdaráis áitiúla agus é a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta, bheinn ag rá nach bhfuil.
Ar na rudaí eile, tá punann maoinithe ag an údarás agus tá sé ag oibriú le páirtithe éagsúla maidir le cuid de na punanna maoinithe atá aige. Mar shampla, tá suíomhanna aige a d’fhéadfadh a bheith feiliúnach do thithíocht agus is féidir leis an údarás iad siúd a chur ar fáil do pháirtithe eile, cosúil leis na húdaráis phleanála, údaráis thithíochta nó comhlachtaí tithíochta, le haghaidh tithe a thógáil. Tá an tAire an-soiléir nach bhfuil sé ag iarraidh go mbeidh an t-údarás ag tógáil tithe. Níl sé ag iarraidh tógáil ón ról lárnach atá ag an eagraíocht, a bhfuil ag éirí go maith leis é a bhaint amach - sé sin, fostaíocht a chruthú do phobail na Gaeltachta - ná ó na róil eile atá aige i dtaobh pleanáil teanga, maoiniú na gcomharchumann agus forbairt pobail áitiúil. Is iad sin na príomhróil atá ag an údarás agus tá an tAire ag rá linne gurb iad siúd na róil atá sé ag iarraidh fágáil leis an údarás.
Comment on this
Sa phlé a bhíonn ag an Dr. Mac Cormaic le príomhfheidhmeannach an údaráis, an bhfuil sé, nó bord an údaráis, ag iarraidh cumhachtaí breise maidir le tithíocht?
Comment on this
Níl mé in ann labhairt ar son phríomhfheidhmeannach an údaráis nó-----
Comment on this
------ar son chathaoirleach nó bhord an údaráis. Ag deireadh an lae, tá cúram na reachtaíochta ag an Aire. Má dhéanann sé cinneadh go bhfuil cúraimí breise le tabhairt don údarás, beidh acmhainní le tabhairt don údarás chomh maith. Chaithfí breathnú ar na acmhainní a theastódh dá dtabharfaí ról níos leithne don údarás. Bheadh go leor daoine breise le fostú in áit a bhfuil jab maith á dhéanamh ag na húdaráis áitiúla cheana féin. Tá an frása "reinventing the wheel" ann sa Bhéarla. Cén fáth a ndéanfaí arís é má tá sé ag oibriú go breá mar atá?
Comment on this
Gabhaim buíochas leis an Dr. Mac Cormaic.
Bogfaidh mé chuig na finnéithe ón Roinn tithíochta. Cuirim fáilte rompu. Bhí athrú polasaithe maidir le hionaid shéarachais shealadaigh. Tá cead anois ag tógálaithe tithe a thógáil le séarachas sealadach. Cuirim fáilte roimh an athrú polasaithe sin. Is é ceann de na fadhbanna atá ann ó bunaíodh Uisce Éireann - aontaím gurb é an rud ceart a bhí ann agus tá jab maith á dhéanamh aige - ná go gcaithfidh sé dul trí phróiseas cead pleanála chun ionaid séarachais nua a thógáil. Nuair a bhí an chumhacht sin ag an gcomhairle contae roimhe, áfach, bhí sé níos éasca don chomhairle contae dul chun cinn a dhéanamh. An bhfuil an Roinn ag smaoineamh ar aon athrú ar an bpolasaí sin?
Comment on this
I will take that on the water side of the Department. There have been discussions about possibly looking at that. It has come up in conversations and discussions with Uisce Éireann but we are conscious that we do not want to jump head-first into this. There are discussions ongoing on whether this is a wise way of moving, particularly with regard to existing wastewater treatment plants and building onto them. There is potential for that type of planning derogation. Discussions are ongoing; that is as much as I can say.
Comment on this
Gabhaim leithscéal go raibh mé déanach ach bhí mé ag éisteacht ar líne. Bhí cruinniú eile ar siúl ina raibh mé istigh is amuigh. Tá mé chun cúpla ceist a chur i dtús báire, má tá sé sin okay. Tá clog againn anois. Cuirfidh mé dhá nó trí cheist le chéile ar dtús and ansin is féidir leis na finnéithe iad a fhreagairt. Tá ceist eile agam ag an deireadh má tá an t-am againn chun rud amháin eile a phlé.
An bhfuair na Ranna saineolaithe neamhspleácha chun cabhrú leo maidir le coinníollacha teanga agus an ráiteas náisiúnta pleanála a chur le chéile? Cén saineolaithe? Cad a dúirt siad? Cé a bhí sa seomra?
Baineann mo dhara cheist le coinníollacha teanga chomh maith. Cén dóigh a ndéanfar cinnte go gcomhlíonfar na coinníollacha cuí in iarratais phleanála, go háirithe gan treoir phraiticiúil sa dréachtráiteas náisiúnta pleanála maidir le cur i bhfeidhm na gcoinníollacha? Cén stad reatha atá ag an dréachtráiteas náisiúnta pleanála?
An mbeidh próiseas comhairliúcháin leis an bpobal Gaeltachta, mar a bhí molta agus ráite ag Roinn na Gaeltachta agus an Roinn tithíochta arís is arís eile ó 2021 go dtí 2026, nuair atá an ráiteas foilsithe ar deireadh?
Comment on this
Tógfaidh mise an chéad cheist maidir le saineolaithe. Táimid ag obair anseo i gcomhar leis an Roinn tithíochta le roinnt blianta ó chuaigh mé féin agus an tAire, an Teachta Chambers, ag caint leis an Aire, an Teachta O’Brien, ag iarraidh tús áite a thabhairt do na treoirlínte pleanála a bhí ann ag an am agus iad a thiontú isteach i ráiteas náisiúnta. Fuaramar saineolaí in 2023. Ní cuimhin liom an t-ainm a bhí ar an duine ach is duine a chaith na blianta ag obair sa chóras pleanála in údarás áitiúil le cuidiú linn an ráiteas tionchair teangeolaithe a chur ar fáil. Ciarán Ó Loinsigh an t-ainm a bhí ar an duine sin. Chuir sé iontas orm nuair a chuala mé ag cruinniú eile den choiste seo an rud seo faoi saineolaithe. Tá an oiread saineolas againn idir Roinn na Gaeltachta, an Roinn tithíochta agus Údarás na Gaeltachta, le daoine atá ag cleachtadh na pleanála teanga le blianta fada. Cé go bhfuil saineolas ag teastáil ón taobh amuigh scaití, tá go leor saineolas taobh istigh de na heagraíochtaí chomh maith agus úsáidimid é sin de réir mar is gá.
Comment on this
Go neamhsplách, bíonn siad de ghnáth taobh istigh den Roinn?
Comment on this
Aon uair a fheicimid go bhfuil gá le saineolas nach bhfuil ar fáil dúinn taobh istigh - ní féidir liomsa ach labhairt ar son an Roinn againne ach táim nach mór cinnte gur amhlaidh atá sé sa Roinn tithíochta agus in Údarás na Gaeltachta - mura bhfuil an saineolas taobh istigh den teach, ceannaímid an saineolas sin isteach.
Comment on this
Gabhaim buíochas. Céard faoi na coinníollacha teanga?
Comment on this
Is é sin monatóireacht ar na coinníollacha teanga. An ceann is tábhachtaí ná an coinníoll go mbeadh an leibhéal B2 ar an CEFR ag daoine a bheadh i dtithí aonaracha nó mar cheann an tí, agus an rud céanna ó thaobh na tithe sna heastáit. Don chéad uair riamh beidh an córas foirmeálta le cur i bhfeidhm trasna na Gaeltachtaí uilig. Sin dul chun cinn an-mhaith agus bheinn ag samhlú go ndéanfaidh sé an-difríocht trasna an chórais.
I dtaobh monatóireacht, nuair atá sé sin déanta, leis an ráiteas tionchair teanga, i dtaobh daoine ag bogadh isteach in eastát tithíochta, bheimis ag samhlú go mbeadh sé luaite sa ráiteas go mbeadh tuiscint acu ar an tionchar a d'fhéadfaidís imirt ar an bpobal áitiúil agus iompar teanga ina measc. Tá sé sin tábhachtach.
I dtaobh tithe a bheith ligthe amach, b'fhéidir go bhfuil Pauline Riordan ag iarraidh teacht isteach air sin.
Comment on this
I will come in on that. To answer the Deputy's second question on how the conditions will be implemented, there is provision through the planning Acts for occupancy restrictions to be attached to any grant of permission, for example, in a rural or Gaeltacht area. That could take the form of an occupancy clause that would restrict the use of the proposed development, for example, for it to be used as the main private residence of the applicant or to reserve one or more dwellings for the use of Irish speakers. That is commonly referred to as a language enurement clause. There is provision for that to be implemented as set out in the planning Acts. That is also reflected in the proposed policy direction in the draft national planning statement.
To the Deputy’s third question as to the current status of the planning statement, as of 30 June of this year, the Government agreed the proposed policy direction for rural and Gaeltacht housing. That enabled the proposed draft to the national planning statement on sustainable, rural and Gaeltacht housing to proceed to environmental consultation. That is the stage we are at. It is subject to environmental assessment. There will be a public consultation before that draft is finalised. The Minister will need to bring that for Government approval before he issues it under section 25 of the Planning and Development Act 2024.
Comment on this
An bhfuil dáta ar leith againn maidir leis public consultation? Do we have a date?
Comment on this
It is difficult to give an exact timing while the statement is undergoing environmental assessment but I can confirm there will be a consultation.
Comment on this
Faoin reachtaíocht faoina bhfeidhmíonn Foras na Gaeilge, tá cúram tugtha do Chonradh na Gaeilge bheith ag feidhmiú mar abhcóide ar son pobal na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta. I Roinn na Gaeltachta táimid ag caint faoi cúpla cruinniú inar foilsíodh an dréachtráiteas. Bhí cúpla cruinniú againn le dul tríd áiteanna ar chonaic na heagraíochtaí sin go bhféadfaimis feabhas a chur air. Táimid ag déanamh sin a phlé sin faoi láthair. Tá an comhairliúchán sin ag dul ar aghaidh go neamhfhoirmeálta.
Comment on this
Tá an-chuid eolas acu. Coimeádfaidh mé na ceisteanna eile go fóill.
Comment on this
Nuair a bhíomar ag plé Bille an údaráis leis an Aire, an Teachta Calleary, sa Dáil thart ar mhí na Bealtaine nó mí an Mheithimh, bhíomar ag plé cumhachtaí. Bhí moltaí ón bhFreasúra faoi sin agus tá sé sin ceart go leor. Bhíomar ag caint faoi dul chun cinn maidir le tithíocht sa Ghaeltacht. Phléamar scéim píolótach leis an Aire le go mbeadh comhoibriú idir an Roinn, an t-údarás, agus Comhairle Chontae na Gaillimhe i gcás Gaeltacht na Gaillimhe. Faraor, ní fheicim mórán dul chun cinn ó shin. Ní fhéadfaí a rá go bhfuil plean d'áit éigin sa Ghaeltacht - an Tulach mar shampla, nó Ros a' Mhíl, Carna, Cill Chiaráin, nó Cois Fharraige. Tá a fhios agam go bhfuil scéim séarachais nua sa Spidéal agus go bhfuil siad ag breathnú ar Bhearna agus An Spidéal. Sin a dúirt Liam Hanrahan, an stiúrthóir pleanála ag an gcruinniú le déanaí. An bhfuil an chomhoibriú sin nó caint faoin scéim phíolótach sa Ghaeltacht maidir le tithíocht agus an chomhpháirtíocht sin?
Comment on this
Le dul tríd rudaí atá tarlaithe, nó a bhfuil Údarás na Gaeltachta ag tabhairt faoi faoi láthair, tuigtear domsa go bhfuil suíomh ag an eagraíocht atá oiriúnach le haghaidh tithíocht sa Cheathrú Rua i gContae na Gaillimhe, mar shampla, agus go mbeidh sé in ann gníomhú air seo chomh luath is atá córas séarachais poiblí in áit sa cheantar. Chomh maith leis sin, tá plé ar siúl le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Uisce Éireann maidir le hinfreastruchtúr uisce a fheabhsú ar suíomh sa Tulach chun tacú le comhlacht ceadaithe tithíochta tithe a thógáil. Tuigim go bhfuil sé ag plé le suíomh ar An Spidéal chomh maith a d'fhéadfadh a bheith oiriúnach d'fhorbairt tithíochta ach chaithfí bóthar faoisimh a thógáil chun go mbeidh rochtain chuí ar an suíomh. Thíos i nDaingean Uí Chúis agus i gCorca Dhuibhne tá an t-údarás ag tacú le forbairt chomharchumann Chorca Dhuibhne ina mbeidh tithe do theaghlaigh a bheidh ag glacadh le scoláirí a bheidh ag freastal ar na coláistí samhraidh. Maidir leis an gCillín Liath tá plé ar bun idir Chomhairle Chontae Chiarraí, Údarás na Gaeltachta agus pobal an cheantar faoi shuíomh a bheidh oiriúnach d’fhorbairt píolótach do thithíocht pobail a bheidh faoi stiúradh an chomhairle chontae. Ar Oileán Chléire, tá tithe ag an eagraíocht forbartha pobail agus tuigtear ón údarás go mbeidh sé ag tacú le hiarrachtaí an eagraíocht forbartha pobail an comharchumann chun na tithe sin a úsáid chun teaghlaigh a mhealladh chuig na hoileáin chun an bunscoil a choinneáil oscailte. Sna Déise tá an t-údarás á rá linn go bhfuil ionad fiontraíochta á fhorbairt aige i mBaile na nGall agus go bhfuil súil aige ionad pobail a fhorbairt ar an suíomh céanna
Tá an t-údarás den tuairim go bhfuil deis tithíocht a fhorbairt ar an láthair ach tá suíomh ag Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus beidh sé ag scrúdú na bhféidearthachtaí ina leith sin ar dtús. Feictear ansin go mbíonn roinnt oibre ar siúl idir Uisce Éireann, na húdaráis áitiúla agus an t-údarás. Dar ndóigh, tá duine fostaithe i gComhairle Contae Mhaigh Eo, le maoiniú ón údarás agus an comhairle contae, chun breathnú ar na tithe folmha. Bíonn an comhoibriú sin uilig ag dul ar aghaidh faoi láthair.
Comment on this
Cuirim fáilte roimh an eolas sin. Ní bheidh aon scéim shéarachais sa Cheathrú Rua go gceann trí nó cúig bliana. Táthar ag fanacht leis an mbóthar nua chun dul chun cinn a dhéanamh sa Spidéal. Tá Gaillimh ar an liosta sin, ach níl ann ach An Tulach. Tá sé sin luaite go minic agam mar tá a lán rudaí sa cheantar sin. Tá TG4, scoileanna, séipéil, siopaí, árasáin do dhaoine aosta agus an t-ionad teicneolaíochta. Tá a lán rudaí ann. Is é sin an t-aon rud ón liosta sin i gConamara a bhfuil plean leagtha amach dó sa ghearrthéarma. An bhfuil an Roinn ag breathnú ar scéim phíolótach chun an scéim sin a bhrú ar aghaidh?
Comment on this
Níl a fhios agam céard atá i gceist le scéim phíolótach. Tá muid in ann oibriú leis na páirtithe agus comhlachtaí poiblí éagsúla a bhfuil an cúram sin orthu. Ag deireadh an lae, mar a dúirt mé níos túisce, tá an tAire fíorshóiléir go mbeidh ról tánaisteach ag an údarás.
Comment on this
B’fhéidir go bhfuil rudaí eile ag tarlú i gContae na Gaillimhe nach bhfuil an t-údarás ar an eolas fúthu. Níl muid ach ag caint faoi thalamh agus maoin atá i seilbh an údaráis nó faoi úinéireacht an údaráis. B’fhéidir go bhfuil stuif eile ag tarlú timpeall an chontae nach bhfuil aon bhaint ag an údarás leo.
Comment on this
Yes. Tá tógálaithe príobháideacha ag breathnú ar scéimeanna le hionaid shéarachais shealadaigh, mar shampla, i gCarna agus áiteanna mar sin, agus tá suim ag an gcomhairle contae. Cuirim fáilte roimhe sin.
Tá a fhios agam, ag deireadh an lae, gurb iad an comhairle contae agus an Roinn atá freagrach as tithíocht. Tá talamh ag an údarás agus tá suim ag chuile dhuine tithe a thógáil. Ba cheart go mbeadh an comhoibriú sin ann agus go mbeadh brú mór chun scéim a thosú chomh luath agus is féidir sa Ghaeltacht, i gConamara agus in áiteanna eile. Is é sin an fáth ar mhol mé é sin ag an am agus go raibh an plé sin agam leis an Aire, an Teachta Calleary.
Regarding the Department of housing, while there is a focus on all parts of the country, is there a particular focus and acknowledgment, through Uisce Éireann, of the need for investment in sewerage and wastewater schemes on, for example, some of our offshore islands, such as Inis Mór, where there are particular problems, or Inis Oírr, in order to allow for small schemes to be built? Small schemes could mean some five houses. That would make a huge difference to an island community. They could be rented out to seasonal workers or permanent residents. Is there that sort of focus within the Department and Uisce Éireann?
Comment on this
Uisce Éireann has assured us - we have been speaking to it regularly and constantly - about prioritising Gaeltacht areas if and when that is the right thing to do on its end. What we have done as a Government in March of this year with the implementation of the new developer-led infrastructure initiative will lend to that as well. It is a complete change inasmuch that Uisce Éireann is going to own these pieces of kit that will be built by developers for those types of small areas the Deputy speaks of. The Gaeltacht is an example of where these types of things will be seen. It has been a hard slog to get there in March with everyone, but we are there now and the initiative will be in place. It is simplistic in its nature and how it goes about being done. Uisce Éireann has a dedicated team set up ready and waiting to go. It is working on implementing it.
Comment on this
Léigh mé alt thar a bheith suimiúil thar an deireadh seachtaine le David McWilliams, agus is mian liom tuairimí nó ráitis na bhfinnéithe a chloisteáil maidir leis. Luaigh sé roinnt beartas a d’fhéadfadh an Rialtas tógáil chun daoine óga a mhealladh chuig ár n-oileáin i gceantair Ghaeltachta. Tá cúpla ceann scríofa síos agam agus is mian liom cloisteáil ó na finnéithe maidir leo. Mhol sé díolúine ó cháin gnóthachan caipitiúil chun soláthar a fhás; buntáiste bhreise cánach do cheannaitheoirí Gaeltachta, mar a rinneadh le cónaitheoirí in Temple Bar sna nóchaidí; agus an saol ar ár n-oileáin a dhéanamh saor ó cháin do Ghaeilgeoirí oileánda chun cúiteamh a dhéanamh as costas maireachtála níos airde ar na hoileáin. Is é seo an chaoi a gcaitheann muid le comhlachtaí móra idirnáisiúnta. Tá rud radacach ag teastáil chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo. Tá tuairimí nó ráitis na bhfinnéithe á lorg agam ina leith seo.
Comment on this
Níl muid anseo le tuairimí a thabhairt ar rudaí-----
Comment on this
Is féidir ráiteas a thabhairt.
Comment on this
Tá mé in ann mo chaipín eile a chur orm i dtaobh fhorbairt na n-oileán. Tá a fhios agam gur thóg muid roinnt cinntí, ag dul siar roinnt bliana, chun tionchar a imirt ar an gcostas maireachtála ar na hoileáin, ar chostas ábhair thógála agus stuif mar sin. Thosaigh sé ar na hOileáin Árann. Rinne muid laghdú 50% ar na táillí lastais ar na hábhair a bhí le tabhairt amach chuig na hOileáin Árann. Tá sé sin ag dul siar roinnt blianta ach tá sé curtha i bhfeidhm trasna an bhoird. Tá na táillí céanna trasna an bhoird ar na hoileáin uilig anois. Is rud é sin a bhí muid ag déanamh 15 bliain ó shín.
Tá a fhios agam go mbeadh na hoileánaigh, dá mbeadh siad anseo os mo chomhair, ag maíomh go bhfuil tuilleadh laghdaithe de dhíth. Déanann muid gach iarracht, go háirithe ar na hoileáin, áit a bhfuil costas breise ar leith. Aithníonn chuile dhuine go bhfuil costas breise i gceist le maireachtáil ar na hoileáin. Tá sé an-deacair daoine a fháil fiú le dul amach. Bíonn sé deacair pluiméir nó aon duine a bhfuil ceird mar sin acu a fháil le haghaidh jabanna beaga a dhéanamh ar theach ar an mórthír, ach bíonn sé seacht n-uair níos measa daoine a fháil chun lá a chaitheamh ar na hoileáin mura bhfuil sé nó seacht jab le déanamh ag an duine.
Rinne muid é sin roinnt blianta ó shín, ach bíonn muid i gcónaí, taobh istigh de na hacmhainní do na hoileáin agus na seirbhísí farantóireachta, ag breathnú ar dheiseanna chun tuilleadh a dhéanamh. Scaití, ní bhíonn muid in ann de bharr na n-acmhainní atá ar fáil. Tá na costais a bhaineann leis na seirbhísí sin an-ard mar gheall ar chostas breosla, an cogadh san Úcráin agus an cogadh leis an Iaráin. Tá na costais chun na seirbhísí a choinneáil ag imeacht, de réir mar atá conarthaí nua le cur i bhfeidhm, ag dul tríd an díon.
Comment on this
I will come in to make a point regarding the vacant property refurbishment grant. There is an uplift of 20% for those who apply from the islands. That has been in place for a while now. It is to reflect the increased cost of, for example, transporting building materials to the islands. It is a genuine cost. That helps to alleviate it to some extent.
More broadly, it is worth noting that there are a range of affordability schemes that are administered by the Department. They are available to those on the islands and, obviously, those in Gaeltacht areas, as much as they are available nationally. The Revenue-administered help to buy scheme is one such example. For an individual purchasing or, indeed, if it is a self-build, they can get, subsequent to the recent budget, a tax rebate or refund of €35,000, which is quite significant. The purpose of the first home scheme is to help purchasers and those who are building to bridge the gap between their mortgage and the cost of the purchase or project.
That is available, obviously, on the islands too where opportunities arise to purchase. It is also available in the Gaeltacht generally. There are supports. There are other affordable schemes as well which we might talk about later. There are financial schemes in place to assist in these cases.
Comment on this
When witnesses from the local authorities were before this committee on 6 October, the Cathaoirleach asked each local authority what they were doing to progress both social and affordable housing in their Gaeltacht areas. It is their function to progress many of those schemes. They provided numbers across each of the areas in terms of what they are doing, which showed quite significant delivery across all of the local authority areas.
Comment on this
Tá brón orm go raibh mé deireanach ach bhí mé ag breathnú ar an gcruinniú ar líne. Gabhaim buíochas as na ráitis tosaigh a chuir na finnéithe os ár gcomhair. Tosóidh mé leis na finnéithe ó Roinn na Gaeltachta. Tá sé ráite go bhfuil go leor cainte faoi láthair faoi na treoirlínte pleanála a foilsíodh níos luaithe sa bhliain. An ndearna ceachtar den dá Roinn aon taighde idir an stádas reatha agus an méid seo atá molta anois sa dréachtráiteas chun íoslíon aonad a chur in áirithe bunaithe ar chéatadán de chainteoirí Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais móide 10%? An bhfuil taighde déanta idir an stádas reatha sna Gaeltachtaí faoi láthair agus an moladh sin?
Comment on this
Go bhfios dom, tá muid ag plé leis seo le roinnt blianta. Go bhfios dom, ní dhearnadh taighde ar an gceist áirithe sin. Má bhreathnaítear ar an taighde a d’fhoilsigh Coláiste na Tríonóide cúpla seachtain ó shin, aontaíonn sé leis an rud atá istigh sa ráiteas maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge móide 10%. Tá sé sin ag teacht ó shaineolaithe teangeolaíochta freisin.
Comment on this
Tá siad ar aon tuairim faoin mholadh seo.
Comment on this
Is é sin atá ráite. An leagan atá agam anseo-----
Comment on this
Dar leis an taighde sin, an déanfaidh sé sin feabhas ar líon na gcainteoirí Gaeilge sna ceantair?
Comment on this
Tá sé sin ar cheann de na rudaí. Tá mé agus an Roinn ag caint le Conradh na Gaeilge maidir le rudaí a fheiceann sé gur féidir a fheabhsú sa ráiteas náisiúnta. Tá na céatadáin sin atá luaite sa ráiteas ar cheann de na rudaí atá muid ag plé leis. Mar a dúirt mo chomhghleacaithe sa Roinn tithíochta, beidh muid ag breathnú ar na ceisteanna seo uilig sula n-eiseofar an leagan deiridh den ráiteas.
Comment on this
Maidir leis seo, an taighde agus na huimhreacha, an bhfuil taighde déanta ar na háiteanna sna Gaeltachtaí ina bhfuil sé seo ag tarlú faoi láthair, is é sin, líon áirithe tithíochta a chur ar fáil in aon eastáit nó aon fhorbairt? An bhfuil figiúirí againn ina leith sin?
Comment on this
Tá na figiúirí againn do ghach Gaeltacht.
Comment on this
Níl a fhios agam an bhfuil siad foilsithe. Fuair muid iad ó na húdaráis áitiúla. Ní dóigh liom go mbeidh aon deacracht iad a chur ar fáil. Déarfainn go bhfuil siad ar fáil sna pleananna contae éagsúla.
Comment on this
An bhfuil na huimhreacha ar fáil?
Comment on this
Glacaim leis go bhfuil an céatadán agus na polasaithe ann, ach an bhfuil na huimhreacha ar fáil? Bhí finnéithe ó Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge os comhair an choiste cúpla seachtain ó shin agus bhí siad ag rá linne go ndéanfaidh sé seo rudaí níos measa ó thaobh a phlean forbartha i gContae Phort Láirge. Nuair a d’fhiafraigh mé díobh cén uair a bhain an comhairle úsáid as an bpolasaí reatha in aon eastát, ní raibh siad in ann sampla a thabhairt dúinn.
Comment on this
Is rud áitiúil é sin. Maidir leis na céatadáin sin, caithfidh muid cothromaíocht a fháil. Ní mór cosaint a thabhairt do na cainteoirí, don Ghaeltacht agus don teanga istigh sa Ghaeltacht agus, ar an taobh eile, a bheith cinnte go dtógfar tithe sna Gaeltachtaí. Dar liom, dá mbeadh Gaeltacht lag ann, ní bheadh aon mhaith coinníoll teanga le céatadán an-ard a chur isteach mar ní bheadh na cainteoirí Gaeilge ann chun na tithe a cheannach. Bhí ionadaithe ó Comhairle Chontae na Gaillimhe os comhair an choiste seo an tseachtain seo chaite nó an tseachtain roimhe sin agus luaigh siad an rud céanna, is é sin, gur chuala siad anecdotally go raibh deacrachtaí ag na forbróirí, in áiteanna áirithe, maoiniú a fháil ó na bainc le haghaidh eastát a thógáil.
Is é an rud faoi phobal na Gaeltachta - tá an ceathrar againn ón Roinn inár gcónaí sa Ghaeltacht agus tuigeann muid é seo uilig – ná go bhfuil formhór phobal na Gaeltachta ag iarraidh a bheith ina gcónaí amuigh faoin tuath i ngarrantaí atá ag a gcuid teaghlaigh nó garrantaí a cheannaíonn siad amuigh faoin tuath. É sin ráite, beidh daoine nach bhfuil garrantaí ag a muintir. Tá ról le himirt ag na heastáit tithíochta. Caithfidh muid a bheith cinnte nach gcuirfear coinníollacha agus céatadán i bhfeidhm a chuireann stop nó cosc ar fhorbróirí airgead a fháil ó na bainc le haghaidh tithe a thógáil. Is cuid den réiteach iad na heastáit thithíochta d’aon fhadhb tithíochta sa Ghaeltacht. Caithfidh muid a bheith cinnte go mbeidh eastáit thithíochta ann. Seachas cúpla áit sa Ghaeltacht, cosúil le leithéidí Maigh Cuilinn, An Daingin agus áiteanna mar sin, is eastáit beaga a thógtar, le deich nó 15 teach. Níl muid ag caint faoi eastáit mhóra mhillteanacha. Tá ról le himirt ag na heastáit ar bhealach teoranta mar ní bheidh garrantaí ag clann chuile dhuine.
Comment on this
An bac é mar sin? An gcuirfidh sé seo deireadh le comhlachtaí forbartha ag tógáil sa Ghaeltacht má tá an Dr. Mac Cormaic ag rá go bhfuil bac ann anecdotally?
Comment on this
Níl mé ag rá go bhfuil aon bhac ann faoi láthair. Nuair atá muid ag cur an leagain dheireanaigh den ráiteas náisiúnta le chéile agus ag déanamh moltaí chuig an Roinn tithíochta, caithfidh muid a bheith airdeallach go mbeidh cothromaíocht idir an gá le tithe a bheith tógtha in eastáit bheaga agus an gá leis an teanga a chosaint. Is cothromaíocht atá ann agus caithfidh muid an chothromaíocht sin a bhaint amach.
Comment on this
Fáiltím roimh an soiléireacht atá faighte againn ar an ábhar eile atá sna treoirlínte maidir leis an nGaeltacht agus an buntáiste a bheidh ag cainteoir Gaeilge, nó duine ón Ghaeltacht, teach a thógáil in aon cheantar Gaeltachta. Bhí míthuiscint sna treoirlínte ag tús an tsamhraidh nuair a tháinig siad amach ar dtús. Is maith an rud é go bhfuil an soiléiriú sin faighte againn.
An bhfuil aon rannóg infreastruchtúir i Roinn na Gaeltachta?
Comment on this
Tá rannóg againn a bhíonn ag plé le forbairt pobail. Tá Maryanne Uí Chualáin i gceannas ar an rannóg sin.
Comment on this
Cuireann an rannóg maoiniú ar fáil do thograí agus eagraíochtaí pobail sa Ghaeltacht nuair a bhíonn siad ag tógáil-----
Comment on this
Níl aon rannóg a bhíonn ag plé le cúrsaí infreastruchtúir, ar nós na mbóithre, cúrsaí-----
Comment on this
Níl faoi láthair. Roimh am Maryanne sa Roinn - tá mé sách sean le cuimhneamh air seo - bhíodh muid ag déanamh scéim na mbóithre áise. Tá gealltanas i gclár an Rialtais go dtiocfaidh an scéim sin ar ais agus go ndéanfar-----
Comment on this
Bhí an rannóg sin le haghaidh na scéime sin amháin.
Comment on this
Ní raibh. Bhí scéim na mbóithre straitéiseacha chomh maith. Abair, i gConamara, an bóthar sin idir Leitir Mealláin agus Bearna-----
Comment on this
Is é Roinn na Gaeltachta a chuir an t-airgead isteach leis an mbóthar sin a athnuachan. Níl an t-airgead ná scéimeanna mar sin againn a thuilleadh. Fágtar iad faoi na húdaráis áitiúla agus faoin Údarás um Bóithre Náisiúnta.
Comment on this
Cén uair a tharla an t-athrú sin?
Comment on this
Déarfainn gur tharla sé thart faoi 20 bliain ó shin. Bhí infreastruchtúr foirne istigh sa Roinn ag an am le déileáil leis an réimse seo. Bhí foireann innealtóirí agus maor againn. Bhí scéimeanna tithíochta againn an t-am sin freisin. Bunaíodh na scéimeanna sin in 1929 nuair a bhí fíor-drochchaighdeán ar an stoc-tithíocht. Cuireadh an scéim sin ar bun chun an caighdeán tithíochta sa Ghaeltacht a thabhairt suas go caighdeán ceart, rud a d’oibrigh.
Chuidigh sé ag an am. Má bhreathnaíonn an Teachta ar na scéimeanna eile atá ag an Roinn tithíochta agus ag na húdaráis áitiúla, tá siad ag tabhairt faoi sin. Léiríonn na figiúirí go bhfuil pobal na Gaeltachta ag tarraingt go maith ar na scéimeanna sin. Tá na húdaráis áitiúla agus an National Roads Authority ag plé leis na bóithre freisin. Tá an gealltanas ansin i gclár an Rialtais-----
Comment on this
----- scéim amháin a athbhunú. Táimid ag obair air sin faoi láthair.
Comment on this
Dúirt Pauline Riordan gur féidir coinníoll a chur i dtaobh rudaí éagsúla san Acht Pleanála. An féidir coinníoll a chur i bhfeidhm gur le daoine a labhraíonn Gaeilge go mbíonn tithe dara láimhe le díol nó an tithe nua amháin ar féidir an coinníoll a chur orthu?
Comment on this
The draft national planning statement for rural and Gaeltacht housing applies to new development proposals. The language inurement clause or occupancy clause I referenced earlier would apply in the case where a grant of permission is given for a new residential development.
Comment on this
I suspect for second-hand homes, that would not be possible. You would have to go back to the original planning grant. Even then, it may not be legally possible.
Comment on this
It would generally apply for a period in the draft statement. It is proposed to apply for a period of ten years. There are provisions in the Planning Act for the local authority to enter into a legal agreement with the developer or owner of the property. That would be entered as a burden on the property. The local authority would keep a register for that property for the specified period.
Comment on this
Cuireann sé sin deireadh leis an seisiún seo. Gabhaim buíochas leis na finnéithe go léir as an bplé fiúntach agus tairbheach a bhí againn leo inniu. Molaim go gcuirimid an cruinniú ar athló go dtí 11 a.m. ar an 3 Samhain 2026, nuair a bheidh Coláiste na Tríonóide os ár gcomhair. An aontaítear leis sin? Aontaítear.