We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

DEMOCRATIC PROGRAMME.

Cathal Brugha AN CEANN COMHAIRLE Sinn Féin

Iarraim ar an dTeachta ó Chluain Tairbh an méid sin do chur i dtairgsin don Dáil.

Comment on this
Richard James Mulcahy RISTEÁRD Ó MAOLCHATHA (Cluain Tairbh) Sinn Féin

A Chinn Chomhairle agus a lucht na Dála, deinimse an clár so a thairgsin díbh agus iarraim oraibh glacadh leis go fonnmhar agus a bhrígh do chur i bhfeidhm go beacht i nbhur ngníomharthaibh agus i nbhur ndlighthibh. Tá ár dtír agus ár muinntir le fada fé dhaorsmacht agus fé cheangal ár námhad. Táimídne indiu ag briseadh na gceangal agus ag cur na smachta ar neamhnídh, acht tá rian na gceangal agus na hannsmachta uirthe. Siad an obair agus an tráchtáil mór-chuislí na tíre. Insna cuislibh sin a théidheann fuil na tíre, an fhuil sin a thugann beatha agus sláinte dá corp agus spionadh dá hanam. Táid siad san i leith na brúidhte agus na briste againn de bhárr na hannsmachta. Níl an rith ceart sa bhfuil agus dá bhárr san tá atanna gránda ann annso agus annsúd ar chorp na tíre, insna catharachaibh, insna bailtibh agus fé'n dtuaith féin. Comhartha dhúinne na hatanna san ar ghalar a raghaidh i méid agus a dhéanfaidh, b'fhéidir, ár dtír do mharbhú mara leighstear é. Má tá uainn ár dtír a mhaireachtaint agus bheith beo i dteannta í d'fhuasgailt caithimíd í shlánú. Deinimís é go cruinn agus go h-ealadhnta. Tuigimís go cruinn sa ghnó san cad is í ár dtír - an Éire seo a bhíonn mar thaidhbhreamh agus mar thairngearacht ag an uile dhuine dá clainn ó thús a óige. Tuigimís gur ab í an tír seo í, áluinn mar a dhein Dia í, saidhbhir le saothar a muinntire, geal le na ngáire, aoibhinn le n-a meidhir, naomhtha le n-a gcreideamh agus a ndeagh-mhéinn. Tuigimís gur ab í an mhuinntir seo againn ag maireachtaint go meidhreach agus go síothchána imeasg an tsaidhbhris a bhronn Dia ortha agus ghá oibriú chun a gcothuighthe í. Agus nuair a chuirfimíd chun an oibriú san do réidhteach agus do riaghlú, deinimís é ar shlighe a chosgfaidh éinne de lucht miosgais agus foghla ar theacht ag guidh an tsaidhbhris dóibh féin ag bochtanú na ndaoine.

Ní féidir le náisiún bheith saor an fhaid agus tá an chuid is lugha dá mhuintir gan saoirse. Ní féidir le náisiún bheith beo agus 'na bheathaidh an fhaid agus a dhiúltuighthear d'aon chuid des na daoine a gcion ceart féin den mhaoin agus den tsaidhbhreas a bhronn Dia orainn go léir chun sinn a dheunamh beo, agus chun na beatha bhuanú ionainn. Dá bhrigh sin iarraim oraibh glacadh leis an rún so. Cuirimís i bhfeidhm i nár reachtaibh é, agus bíodh cuimhne againn i n-ár ngníomharthaibh i gcomhnuidhe ar na daoine gur cúram dúinn iad do theagasg agus do chosaint.

Comment on this
Conor Collins CONCHUBHAR Ó COILEÁIN, An Teachta ó Iarthar Luimnigh Sinn Féin

Do léigheadh an clár sa dá theangain agus dá bhrigh sin is beag duine annso ná tuigeann an scéal. Is mór an t-áthas damhsa cur leis an dtairgsin. Badh mhaith liom a chur ar a súilibh do lucht na Dála cad é a ndualgas i dtaobh an chláir seo. Do cuireadh os bhur gcomhair indiu mórán nidhthe, agus isé bhur ndualgas an cúrsa do leanamhaint go dlúth. Agus budh mhaith liom a chur ina luighe ar mhuinntir na tíre gur chóir dóibh cabhrughadh go dian is go dlúth, ionnas go mbeadh ar a gcumas é chur i ngníomh mar ba cheart.

Comment on this
Cathal Brugha AN CEANN COMHAIRLE Sinn Féin

Do chualabhair go léir an méid sin. An toil libh glacadh leis an dtairgsin? ["Is toil"] Tá glacaithe leis d'aonghuth.

Comment on this