We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

3. AN ROLLA.

Cathal Brugha AN CEANN COMHAIRLE - Sinn Féin

Léighfead anois ainmneacha na ndaoine a fuair cuireadh chum na Dála. A bhfuil i láthair freagróchaid dá n-ainmneacha, agus éinne ná fuil annso gheobham míniughadh 'na thaobh ó n-ár gcléireach.

Comment on this
Cathal Brugha AN CEANN COMHAIRLE - Sinn Féin

Braitheann sibh a lán de sna daoinibh sin d'ainmnigheadh ná fuilid annso. Do fuaireadar cuireadh chum teacht i láthair chum an ruaig do chur ar an nGall agus níor ghlacadar an cuireadh. Mar adubhairt Tiobóid Bholf Teón, na daoine sin in Éirinn nách fonn leo obair do dhéanamh ar mhaithe le hÉirinn, ní fuláir é dhéanamh ina n-éaghmuis. Agus déanfar é.

Tá mórán eile gur léigheadh a n-ainmneacha agus isé an freagra do fuaireas ina dtaobh ná go bhfuilid fé ghlas ag Gallaibh. Is eól díbh go bhfuil an Gall tar éis iad do ghabháil is iad do chur i bpríosún gan éan choir do chur ina leith. Agus na " gaiscídhigh " do rinn an obair sin, sin iad na daoine d'fhógraidh don domhan gur ab iad féin cáirde na náisiún mbeag. Agus i bpríosún i Sasana iseadh atá an bhean is misneamhla 's is cródha dár rugadh riamh in éin tír,.i. an Chonntaois Marceibhic.

Léighfead díbh anois:-

Comment on this