We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

DECLARATION OF INDEPENDENCE.

Cathal Brugha AN CEANN COMHAIRLE Sinn Féin

A Theachtaí na Dála, tuigfidh sibh ó n-a bhfuil dearbhaighthe annso go bhfuilmíd scartha anois le Sasana. Bíodh a fhios san ag an saoghal, agus ag daoine go mbaineann an scéal leo. Pé nídh a thiocfaidh as a bhfuil ráidhte annso - imirt anma nó bás- tá deire le ré na cainnte in Éirinn, agus má's maith é is mithid é - tá deire le ráiméis.

Tá teachtairí ó fhurmhór a bfhuil de náisiún sa domhan, ag Bhersailles mar seo, agus is é rud a thug ann iad, ar a n-admháil féinidh, ná chum síothcháin do dhéanamh do chiníbh an domhain ionnus ná beadh a thuilleadh gábha le cogadh choidhche arís. Deirimídna leó anois, agus san go dána, má tháid dá ríre, go gcaithfear briseadh do dhéanamh ar an gceangal so idir an dútha so is Sasana. Muna ndéuntar san ní bheidh aon tsíothcháin ann.

Athchuingím orraibh ionntaoibh do bheith agaibh as a chéile. Tá lámh Dé in ár n-obair : is léir san as ar thárla le dhá bhliain anuas. Dhá bhliain is an Cháisc seo d'imthigh tharainn do bunuigheadh Saorstát Éireann. Ní gábha dhúinn anois acht seasamh le chéile, moladh is buidheachas le Dia. Cuirimís le chéile agus ná déineadh éinne sinn do dheighilt, agus ní baoghal dúinn.

Iarraim ar an dTeachta ó Oirthear Chiarraighe cur leis an dtairgsint.

Comment on this
Piaras Béaslaí PIARAS BÉASLAOI (ó Oirthear Chiarraighe) Sinn Féin

Is mór an onóir damhsa gur iarradh orm cur leis an ndearbhú ar Fhaisnéis Shaorstáit Éireann. Bhí sé d'amhantar agamsa is ag cuid agaibhse a bheith láithreach nuair do bunuigheadh an Saorstát Seachtmhain na Cásca, 1916, agus bhí laochraidhe cródha ann an uair sin - na daoine do rinn gníomh do réir a dtuairme. Ní mhairid na tréinfhir sin indiu: an namhaid do mhairbh iad. Acht na tréinfhir úd b'iad fé ndear sgéal an lae indiu. Acht bíodh gur mór an truagh ná fuilid na laochraidhe sin in ár measc annso is deimhin dúinn go bhfuil spioraid gach n-aon aca annso in ár dteannta ar an nDáil seo, agus le congnamh Dé leanfaimíd an sompla d'fhágadar san in ar gcomhair.

Deireann an Fhaisnéis go gcuirfam chum cinn an Saorstát ar gach slighe atá in ár gcumas. Cialluigheann san gníomh, agus ní bhfaighmíd staonadh ó éingníomhra, is cuma cad is deire dhóibh, príosún nó dortadh fola. Agus tá muinighin ag muinntir na hÉireann asainn-na, agus againn-na asta san. Déanfaidh Dáil Éireann gach éinnídh chum saoirse do bhaint amach agus chum an Fhaisnéis seo do chur chum críche.

Comment on this
Cathal Brugha AN CEANN COMHAIRLE Sinn Féin

Iarraim orraibh éirighe in bhur seasamh agus bréithre na móide seo do rádh im' dhiaidh:-

" Aontuighmíd an Fhaisnéis Neamhspleádhchuis seo agus cuirimíd sinn féin fá gheasaibh ár ndícheall do dhéanamh chum í chur i bhfeidhm ar gach slighe ar ár gcumas. "

Do rinneadh amhlaidh.

Comment on this