AN ROLLA
A Chinn Chomhairle agus a lucht na Dála, is eól dúinn go bhfuil congnamh ag teacht chughainn le fada ó gach áird;tá congnamh fé leith ag teacht chughainn le fada ó Mheirioca agus anois tá an congnamh san níos mó agus níos tréine ná mar bhí sé riamh.
Tá Coimisiún anso i láthair indiu ó n-ár gcáirde i Merioca; chun cabhair do thabhairt dár gcúis a thángadar, agus cuirim os bhúr gcóir go gcuirfear gnáth-riaghalacha na Dála so i leithtaoibh go fóil, i dtreó go dtiocfadh an Coimisiún os comhair na Dála agus go dtabharfadh siad cúntas dúinn ar an obair atá ar siubhal ag ár ndaoine thar lear.
Comment on this
A Chinn Chomhairle agus a lucht na Dála, cuidighim le lán-chroidhe leis an dtairiscint sin. Is áthas linn agus is áthas le muintir na hÉireann ar fad, fáilte fíor do chur roimh ár gcáirde ó Mheirioca.
Comment on this
Chualabhair an moladh san, ár gcáirde do sgaoileadh isteach san Dáil. Is dóigh liom gur ar éigin gur gádh dhom moladh don tsórd so do chur fé bhrághaid na Dála, mar tá fhios agam go gcuirfar i bhfeidhim le lúthgháir, agus le lán-chroidhe é.
Cuireadh an rún i bhfeidhim d'aon-toil agus le lúthgháir.
Ansan do threoruigh an Príomh-Aire lucht an Choimisiúin go dtí an tÁrdán mar ar shuidheadar le hais an Chinn Chomhairle. Do tháinig Labhrás Ó Néill, Árd-Mhaor Áth Cliath, ar an Árdán leis.