We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

AIREACHT COSANTA.

Eoin MacNeill AN CEANN COMHAIRLE Sinn Féin

Glaodhaim anois ar an Aire Cosanta chun cuntas a thabhairt dúinn.

Comment on this
Cathal Brugha AN TAIRE COSANTA (CATHAL BRUGHA) Sinn Féin

Tá fhios agaibh ná fuil sé de nós agam cuntas a sgríobha cé go bhfuil sos cogaidh ann fé láthair. Is leór a rá go bhfuilim-se agus go bhfuil an Aireacht lán-tsásta le n-a bhfuil déanta ag an Arm go dtí so. Dubhairt an tUachtarán go bhfuilimíd ullamh chun bás d'fháil ar son an tSaorstáit, agus isé mo dhualgas a rá go bhfuil na hOglaigh ag seasamh taobh shiar den Dáil. 'Sea, agus déanfaimíd feasta gach uile iarracht chun sinn féin do neartú agus feabhas do chur ar an obair. Ní chun bheith ag bagairt atá mé á rá so, ach ní misde é rá. Ní cuirfear siar sinn le bagairt Sheáin Bhuidhe ná le bagairt ó éinne eile.

Comment on this
Frank Fahy PROINSIAS O FATHAIGH Sinn Féin

Tairgim go ndéanfar díospóireacht ar an tuairisc seo ag an Siosón Príomháideach. Tá fhios againn ná beadh sos cogaidh ann mara mbeadh obair na hAireachta Cosanta.

Comment on this

Aontuím leis sin.

Ceist curtha agus aontuithe.

Comment on this