PLACE OF DAIL MEETING.
Tagan sé seo beagán déanach anois. Ní doigh liom go bhfuil puinn maith ann anois ó táimíd comhgarach do dheire an tSiosoin seo den Dáil. Ní theastuíonn uaim acht beagán a rá. Béidir ná héistfeadh sibh liom. Cuirim an abhar rúin romhaibh go mbeidh an chéad chruinniú eile—má bhíonn cruinniú eile againn— go mbeidh sé i halla níos oiriúnaí ná an seomra so. Gan amhras ní ball oiriúnach duinn é seo. Níl sé oiriúnach duinne ná do lucht na bpaipear na don bpobal. Ceapam go bhfuil gach éinne sásta leis sin. Rud eile, tá morán daoine amuigh gur mhaith leo éisteacht linn (gáire) agus cé ná fuil cuid againn ró-dhathúil ba mhaith leo féachaint orainn. Ba mhaith liom cead a thabhairt doibh teacht isteach anso agus béidir go bhfoghlumoidís rud éigin uainn. Deirim go mbeadh tairbhe éigin acú as bheith ag féachaint orainn anso, agus ar an slí a dhinimíd ár ngnó.
Comment on this
On a point of order, is it possible for this Dáil to decide what the next Dáil is to do?