We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - OIFIG AN PHUIST (CILL DA LUA).

Patrick Hogan Díafruigh PADRAIG O hOGAIN (An Clár) Labour Party

don Aire Phuist agus Telegrafa cé tá i gceann Oifig an Phuist i gCill dá Lua anois; cathain a fuair an té sin an post, agus cé mhéid duine i gCill dá Lua a bhí istigh ar an bpost; an bhfuil Gaedhilg ag an duine a fuair an post agus ar luadhadh go gcaithfeadh Gaedhilg do bheith ag duine a gcóir an phosta; an fios don. Aire gur diúltuigheadh orduighthe airgid ar dhaoine d'iarr iad as Gaedhilg agus go ndubhradh leo ná deanfaí freastal ortha muna labharfaidís Béarla; ar ghádh d'iarrathóirí tigh d'fháil i gcóir Oifig an Phuist i gCill dá Lua; an raibh tigh ag an duine do ceapadh sul a bhfuair sé an post, no an bhfuil tigh aige anois; cad é an teolas atá ag an duine do ceapadh ar obair an Phuist.

Comment on this
James Joseph Walsh AIRE AN PHUIST (Seumas Breathnach) Cumann na nGaedheal

Do ceapadh Inghin ní Aithchir mar Mháistreás Puist i gCill dá Lua ar an 17adh lá den mhí seo caithte. Bhí fiche iarrthóirí istihg ar an bpost.

Níl Cill dá Lua sa Ghaeltacht agus dá bhrí sin ní raibh Gaedhilg riachtanach. Tá eolas ar an nGaedhilg, amh, ag an Máistreás Puist agus ag an gCongantóir. Níl sé ar eolas agam gur deineadh aon diúltadh ar orduithe airgid do dhíol, fé mar atá ráite.

Tá taithtí trí bliana déag ar obair an Phuist ag an duine atá ceaptha, agus do bí a b'fherr a bhí istigh ar an bpost.

Comment on this