We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

CEISTEANNA—QUESTIONS. ORAL ANSWERS. - ACHT DEOCHA MEISCIULA (GENERALTA), 1924.

den Aire Airgid an bhfuil sé réidh aontú le hísliú do dhéanamh ar an airgead atá le díol as a gceadúnaisí ag daoine ceadúnuithe do réir an ghiorraidh a dineadh ar an am ina dtig leo a n-aitreabhacha ceadúnuithe a choinneáil ar oscailt mar a h-achtuítear leis an Acht Deocha Meisciúla (Generálta), 1924.

Comment on this
Ernest Blythe AIRE um AIRGEAD (Earnán de Blaghd) Cumann na nGaedheal

Ní heol dom go dtáinig aon chailliúint do thrádálaithe ceadúnuithe de dheascaibh an ghiorraidh uaireanta dá dtagartar agus ar aon chuma nílim toilteanach glaca le mola an Teachta.

Comment on this

Ag eirighe ar an freagra sin—bhfuil a fhios ag an Aire gur dearnadh seo ag na Sacsanaig—de 's bhí siad nuair a rinneadh an rud ceadna ar daoinibh ceadúnuighthe an t-am go rabh an cogadh mór ar siubhal.

Comment on this

Is eol dom go dtugtí faoiseamh sealadach den tsórt so le linn an Chogaidh Mhóir nuair a dintí díolachán deocha meisciúla do chur ar fionnraí i gcás trádálaí no trádálaithe áirithe i líomatáiste áirithe. Níor dineadh aon luíodú ná lomháil ar scór diúité ceadúnais nuair a dineadh giorradh generálta ar na huaireanta trádála i Sasana i 1921.

Comment on this