We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deisiú Scoile i nDún na nGall.

Michael Óg McFadden Mícheál Óg MacPháidín Fine Gael

den Aire an bhfuair an Roinn Oideachais iarratas ó Bhainisteor Scol Seanaigh agus Scol Bhaile Dhiarmuda i gCeanntar Bhaile an tSratha i nDún na nGall cuideadh a thabhairt dó deis agus díon a chur ar na scolta sin agus an bhfuil an Roinn toilteannach cuideadh a thabhairt dó.

Comment on this
Thomas Derrig An tAire Oideachais (Tomás Ó Deirg) Fianna Fáil

D'iarr Bainisteoir Scoil Náisiúnta a' tSeanaigh deontas chun an scoil sin do dheisiú. Tá an Roinn seo 'gamsa i gcómhfhreagarthas le Coimisinéirí na nOibreach bPuiblidhe faoi láthair d'fhonn a fhagháil amach cad is féidir a dhéanamh sa chás.

Maidir le Scoil Bhaile Dhiarmada, níl aon scoil den ainm sin ann faoi láthair. Sé is dóichighe go dtagrann an Teachta do scoil nuadh atá le tógáil le h-aghaidh daltaí Caitileachacha i gCeanntair Bhaile Dhiarmada agus go bhfuil iarratas ar dheontas do thabhairt 'na leith fáighte ó'n Sagart Paróiste. Tá ah t-iarratas sin dá bhreithniú faoi láthair.

Comment on this