Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Meath Talún i dTír Chonaill.
den Aire Talmhaíochta an bhfuil a fhios aige go bhfuil meath ag teacht ar an talamh chois farraige i dTír Chonaill agus nach dtig barr préataí a thógáil ar an talamh so mar go gcríonann na gais nuair a bhíonn siad ceithre horlaí ar airde, agus an bhfuair a chuid oifigeach amach caidé is siocair don aicíd seo agus an bhfuair siad leigheas ar bith uirthi.
Comment on this
Do réir an colais atá agamsa is beag an méid aicíde atá ar na préataí ar an talamh chois farraige i dTír Chonaill. Tá an barr préataí i dTír Chonaill i mbliana chomh folláin agus bhí riamh agus táthar ag súil go mbeidh an toradh measartha maith.