We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Scoil Nua i bPaite Gabha.

Michael Óg McFadden Micheál Óg Mac Pháidín Fine Gael

den Aire Oideachais an bhfuil a fhios aige go bhfuil mór-riachtanas le scoil nuaidhe i bPaite Gabha mar tá an tsean-scoil ar tí tuitim, go bhfuil sí mífholláin ag páistí agus ag múinteoirí mar tá sí suite i logán tais ar chúl na gréine, agus go bhfuil locht ag cigire agus dochtúir uirthi; agus an dtig leis tuairim a thabhairt cén uair a chuirfidh an Roinn tús ar scoil nuaidhe a thógáil i bPaite Gabha.

Comment on this

Tá fhios agam go bhfuil gá le scoil nua sa chás seo agus cuireadh litir chuig an mBainisteoir ag iarraidh air suíomh scoile do sholáthar agus iarratas do chur isteach chun deontas d'fháil chun scoil nua do thógáil. Nuair a gheobh-far an t-iarratas ón mBainisteoir, cuir-far an cás chun cinn chómh tapaidh agus is féidir.

Comment on this