We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Díobháil Crith Talaimh i dTir Chonaill.

Michael Óg McFadden Mícheál Óg Mac Pháidín Fine Gael

den Tire Tailte cad é an deis atá an Roinn a chur ar na gabháltais i Mín an Chearrbhaigh i dTír Chonaill a scriosadh le crith talaimh i dtús an earraigh; agus cad é chabhair atá siad a thabhairt do na muiríneacha a fágadh gan talamh curaíochta sa cheanntar sin.

Comment on this
Seán Moylan Seán O Maoláin Fianna Fáil

Tá Coimisiún na Talún réidh leis an scéal so do bhreithniú go fabharach d'fhonn cúpla muirín nó trí de na muiríneacha ar chuir an sciorradh talún i Mín an Chearrbhaigh as dóibh d'aistriú go dtí gabháltais ar thailte an Choimisiúin i gCúige Laighean má tá oiread sin díobh fóirstineach le haghaidh aistrithe agus sásta aistriú. Ní dóiche go bhfuil rud ar bith eile ann a fhéadfadh Coimisiún na Talún a dhéanamh, a chuideodh leis na daoine sin.

Comment on this