Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tráiléiri Galach i mBaigh Dhún na nGall.
den Aire Talmhaíochta an bhfuil fhios aige go bhfuil neart éisc le fáil i mbáigh Dhún na nGall ar siocair go bhfuair sé scíste ó na tráiléirí móra galach a thigeadh thar sáile chugainn, agus go bhfuil saothrú maith anois ag ár n-iascairí féin chois cladaigh, agus an bhféachaidh an Rialtas leis na tráiléirí móra galach a choinneáil amuich ar fad as báigh Dhún na nGall nó an teora a leathnu dhóibh ó thri mhíle go dtí deich míle ó thalamh.
Comment on this
Is eol dom a fheabhas chun iascaigh an áit atá i gceist ag an Teachta agus féachfaidh mé chuige go ndeanfar oiread cosanta agus is feidir ar ár gcuid báigheanna agus ár gcuid uisci cladaigh gan socruithe eadarnáisiúnta do shárú.