Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tionscail sa nGaeltacht.
den Aire Tailte an dtabharfaidh sé cuntas ar an méid daoine atá ag obair sa Ghaeltacht faoi Ghaeltarra Éireann, taobh amuigh de Stát-Sheirbhísigh, sna tionscail seo a leanas: (1) bréidín (snáth innil); (2) báinín (snáth baile); (3) cniotáil; (4) bróidnéireacht agus lása; (5) bréagáin agus bábóga; agus (6) ceilp agus carraigín; cad é an méid airgid a saothraíodh i ngach tionscal faoi leith ar feadh na bliana a chuaigh thart nó an bhliain is maille a bhfuil cuntas air; agus cá mhéad a híocadh mar choimisiún díolacháin ar feadh an ama chéanna.
Comment on this
Tá an freagra i bhfoirm ráitis táibhleach a foillseofar sa Tuarascáil Oifigiúil.
Tá an ráiteas mar seo leanas:—
Baineann na figiúirí is maille atá ar fáil leis an mbliain 1944/45.
(1)Bréidín (snáth innill)—Is ina dtithe féin a oibríonn na hoibrithe.
(2)Báinín (snáth baile)—Tugtar mar an méid airgid a saothraíodh an méid a híocadh as an mbáinín a ceannaíodh. Ní féidir a rá caidé an méid daoine a bhí ag obair sa tionnscal.
(3)Cniotáil—Airítear ar líon na n-oibrithe tuairim is sé céad oibrithe a bhí ag obair ina dtithe féin.
(4)Bróidnéireacht agus Lása—Is ina dtithe féin a oibríonn an chuid is mó de na hoibrithe.
(6)Torthaí Mara—Tugtar mar an méid airgid a saothraíodh an méid a híocadh as na torthaí mara a ceannaíodh. Ní féidir a rá caidé an méid daoine a bhí ag obair sa tionnscal. Baineann an coimisiún díolacháin le cairrgín bídh a díoladh i bpaicéidí ach níor cheannaigh an Roinn aon chairrgín ar feadh na bliana.