We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Breitheamh Dúiche.

Michael Óg McFadden Mícheal Óg Mac Pháidín Fine Gael

den Aire Dlí agus Cirt an feasach dó gurbh éigean don Bhreithamh Dúiche, Seán Treo, as Dún Garbhán, éirí as a phost nuair a bhí a ghnáth-thréimhse istigh bíodh go raibh sé ag freastal ar cheantar Ghaelach; agus cad chuige nár tugadh an sínteanas ama ina phost don Bhreitheamh seo do réir mar atá leagtha amach dá leithéid faoin Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936.

Comment on this
Gerald Boland Aire Dlí agus Cirt (G. Ó Beoláin) Fianna Fáil

Fé mar is eol don Teachta, cúig agus trí fichid an gnáth-aois chun dul as oifig i gcás na mbreithiún den Chúirt Dúiche. Is fíor go bhfuil cumhacht ag an Rialtas chun cur leis an aois sin nuair is breitheamh i gceanntar Gaelach a bhíonn i gceist. Ní maith leis an Rialtas áfach é sin a dhéanamh ach amháin nuair a bhíonn dian-ghá leis, toisc, cuir i gcás, gan éinne oiriúnach, go mbéadh an Ghaeilge go maith aige, do bheith ar fáil le ceapadh. Bhreithnigh an Rialtas an scéal go cúramach i gcás an Bhreithimh Treo, ach bhíodar sásta nar ghá an chumacht speisialta d'úsáid agus gur cheart leigint don Bhreitheamh éirghe as oifig nuair do shrois sé an ghnáth-aois.

Comment on this

Tá Gaeilge ag an Aire.

Comment on this

Tá, gan dabht.

Comment on this