We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cabhair do hlascairí Thír Chonaill.

Michael Óg McFadden Mícheál Óg Mac Pháidín Fine Gael

den Aire Talmhaíochta an bhfuil a fhios aige go bhfuil scaifte mór iascairí ar dhá thaobh chuan Theilinn i nGaeltacht Thír Chonaill atá díomhaoin de dhíobháil bádaí agus gléasraí oiriúnach, agus mar tá an cuan breá seo ar imeall na hiascaireachta is fearr ar chóstaí an iarthair an gcuideoidh an Roinn leis na hiascairí seo a ghléasadh le slí bheatha a bhaint as an fharraige.

Comment on this
James Ryan Séamus Ó Riain Fianna Fáil

Is féidir le hiascairí Teidhlinne comh maith le na hiascairí uile thart fá'n gcósta buntáiste do bhaint as an gcórus cíos-cheannaigh atá i bhfeidhm ag Comhlachas Iascaigh Mhara na hÉireann. Breithnóidh an Comhlachas go fábharach ach an t-airgead a bheith ar láimh chuige ag an uair sin, iarratas ó aon bhall atá toilteannach na coinnióllaca do chomhlíonadh. Tuigtear dom áfach go bhfuil liosta feithimh de iarrathóirí ó go leór áiteacha ag an gComhlachas fé láthair.

Comment on this