Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scrúdú na Meán-Scol.
den Aire Oideachais an bhfuil ar intinn aige scrúdú i labhairt na Gaeilge a dhéanamh riachtanach do mhic léinn na meán-scol i mbliana.
Comment on this
Tá scéim i bhfeidhm anois fén a mbeidh deontais speisialta iníoctha le meán-scoileanna a mbeidh caighdeán árd i labhairt na Gaeilge sroiste iontu. Chun críche na scéime sin, tá cigiríocht speisialta á déanamh ar na scoileanna i láthair na huaire agus tá triail i labhairt na Gaeilge á cur ar furmhór na scoláirí i ngach scoil. Níl beartaithe, ámh, trial i labhairt na Gaeilge bheith ina cuid éigeantach de na Scrúdúcháin Teistiméireachta.