We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Mí-shásamh ar Dheantóirí Báinin.

Michael Óg McFadden Mícheál óg Mac Pháidin Fine Gael

den Aire Tailte an bhfuil a fhios aige go bhfuil mí-shásamh mór i mease déantóirí báinín baile i nGaeltacht Thír Chonaill de thairbhe an ionghabhála atá Gaeltarra Éireann a thabhairt ar mheascadh na holla agus ar an dathú sa chruth nach bhfuil cuid den éadach indíolta; agus an bhféachfaidh sé chuige go rachaidh oifigigh na Roinne i gcomhairle leis na déantóirí fán scéal.

Comment on this
Seán Moylan Seán Ó Maoláin Fianna Fáil

Níl a fhios agam go bhfuil mí-shásamh ar na déantóirí báinín baile i dTír Chonaill de thairbhe cóimheascadh agus dathú na holainne atá Gaeltarra Éireann ag díol leo. Ní de thairbhe an tsóirt olainne sin a diúltaíodh d'aon chuid den bháinín a cheannach ach de thairbhe gan margadh a bheith ann ach don stuif is fearr déanamh maidir le sníomh agus fí. Tá Oifigigh na Roinne réidh i gcónaí chun comhairle a ghlacadh leis na déantóirí maidir lena ndeacrachta.

Comment on this
Richard James Mulcahy Risteárd Ua Maolchatha Fine Gael

An amhlaidh ná fuaradh aon ghearán ó Dhún na nGall ina thaobh?

Comment on this
Seán Moylan Seán Ó Maoláin Fianna Fáil

Ó, fuaradh a lán gearán.

Comment on this