Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gramadach Úr Gaeilge.
den Aire Oideachais an fíor go bhfuiltear le Gramadach úr Gaeilge d'fhoilsiú; má táthar, an iarrfar ar scoláirí maithe Gaeilge lámh a bheith acu san obair ar dhóigh go mbeadh lánmhuinín ag muintir na hÉireann as toradh na hoibre.
Comment on this
An bhfuil fhios ag an Aire an bhfuil baint ag aon Roinn eile den Rialtas go hoifigiúil leis an Ghramadach seo?
Comment on this
Ní dóigh liom go bhfuil—d'airíos-sa féin mar d'airigh daoine eile go raibh a leithéid beartaithe ag an Rialtas deireanach. Ach ní féidir liom eolas cruinn a fháil. Ní dóigh liom go bhfuil aon ní déanta. Agus ní dóigh liom gur ceart aon ní a dhéanamh gan an tAire Oideachais do dhéanamh machnaimh air.