Dáil
Written Answers. - Comhlucht Cuan na Gaillimhe—Airleacan.
den Aire Tionscail agus Tráchtála an abróidh sé (a) cé mhéad d'airleacan inaisíoctha a tugadh as airgead an Stáit do Chomhlucht Cuan na Gaillimhe i leith na seirbhíse galtán idir Cathair na Gaillimhe agus Oileáin Árann, (b) cé mhéad de atá gan aisíoc, fós, agus (c) cén t-urrús atá taobh thiar den airleacan sin.
Comment on this
Níor tugadh aon airleacan inaisíoctha as cistí Stáid do Chomhlucht Loingeas Chuan na Gaillimhe, Teoranta, maidir le seirbhís ghaltáin idir Cathair na Gaillimhe agus Oileáin Árann.