We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoil Nua i gConndae Tiobrad Árann.

den Aire Oideachais cén fáth nach bhfuiltear ag tosnú ar obair thógála na scoile nua in Fhaill, Ceapach na bhFaoiteach, Co. Thiobrad Árann, agus an bhfuil fhios ag an Aire cathain a tosnófar ar an obair.

Comment on this
Richard James Mulcahy Aire Oideachais (Risteárd Ua Maolchatha) Fine Gael

Tá beartaithe scoil nua a thógáil in ionad na sean-scoile náisiúnta sa bhFaill, Ceapach na bhFaoiteach, Co. Thiobrad Árann. Tá suíomh oiriúnach tairgthe ag an mbainisteoir agus tá súil agam go bhféadfar deontas a cheadú go lánluath i leith costais tógála na scoile nua.

Is fé Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí a bhéas na socraithe chun an foirgneamh a thógáil. Beidh ortha san na pleananna agus an áirmheacht d'ullmhú sul a mb'fhéidir leo tairiscintí do Iorg.

Ní thig liom a rá i láthair na huaire cathain a tosnófar ar an obair tógála.

Comment on this