We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Saoire do Dhaltaí Scol.

Peadar Duignan Peadar Ó Duignéain Fianna Fáil

den Aire Oideachais an bhfuil sé ar intinn aige saoire speisialta a thabhairt i mbliana do dhaltaí na Scol Náisiúnta leis an bhfómhar a shábháil.

Comment on this
Seán Moylan Seán Ó Maoláin Fianna Fáil

Ní léir dom go mba chóir furmhór mór na scoileanna do dhúnadh mar sin ar feadh coicíse i mí Meán Fómhair nó i mí Deireadh Fómhair muna mbeadh géar-ghá faoi'n am sin leis. Ní bhíonn na daltaí ach tar éis teacht ar ais chun scoile i ndiaidh saoire fada an tsamhraidh, agus ar aon nós, is iad na daltaí sinnsearacha amháin—iad siúd atá ós cionn aon bhliain déag, abair—a bheadh ábalta ar aon chabhair cheart do thabhairt ar an bhfeirm. In a dhiaidh sin is uile, áfach, má thárluigheann droch-shíon ar feadh i bhfad sa bhFómhar i mbliana do b'fhéidir an cheist do bhreithniú as an nua d'fhonn socrú a dhéanamh chun light do na daltaí sinnsearacha fanúint ón scoil ar feadh scathaimh chun cabhair a thabhairt ag sabháil an fhómhair ar fheirmeacha a dtuistí féin.

Comment on this