We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Uisce do Shráidbhaile í gConamara.

Peadar Duignan Peadar Ó Duigneáin Fianna Fáil

den Aire Rialtais Áitiúil an míneoidh sé fáth na moille maidir le soláthar uisce a chur ar fáil do shráidbhaile Ros an Mhíl, Casla, Conamara.

Comment on this
Michael J. Kennedy Rúnaí Parlaiminte an Aire Leasa Shóisialaigh (Seosamh Ó Cinnéide) (ar son an Aire Rialtais Áitiúil) Fianna Fáil

Tá dhá chúis leis an moill sa sgéal so. Ar an gcéad dul síos, tá sé riachtanach na sean-phleanannaí d'athrú agus i láthair na huaire táim ag fanacht le scribhní nua ón gCómhairle Contae.

Ar an dtarna dul síos, táim ag fanacht freisin le breis eolais ón gCómhairle Contae i dtaoibh cearta uisce atá beartuithe ag an gCómhairle a thógaint le haghaidh na scéime.

Comment on this