Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Limistéiri na Gaeltachta.
d'Aire na Gaeltachta an bhfuil beartaithe aige ná téarmaí "Fíor-Ghaeltacht" agus "Breac-Ghaeltacht" a chur ar ceal agus na límistéirí go léir a ghrúpáil faoin teideal "Gaeltacht", agus an fhóirithint chéanna a thabhairt don límistéar nua sin.
Comment on this
Níl tagairt ar bith d'Fhíor-Ghaeltacht nó do Bhreac-Ghaeltacht san Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956, faoinar bunaíodh Roinn na Gaeltachta. Nil tagairt ann ach do Ghaeltacht. Mar sin, ní éiríonn an dara chuid den cheist.
Comment on this
Cé nach bhfuil trácht ar Fhíor-Ghaeltacht nó Breac-Ghaeltacht, caithfear difríocht a dhéanamh eatorra. An bhfuil an tAire chun na scéimeanna chéana a chur ar siúl ar fud na Gaeltachta ar fad, sé sin, ar fud na Fíor-Ghaeltachta agus na Breac-Ghealtachta mar atá luaite aige?
Comment on this
Tá sé soileír nár léigh an Teachta an Bille nuair a bhí sé ag dul tríd an Dáil.
Comment on this
Ní freagra é sin ar mo cheist. D'fhiafraigh me de'n Aire an mbeidh na scéimeanna céana ar síul ar fud an limistéir ar fad go dtugtar Gaeltacht uirthi faoin Acht.
Comment on this
Má tá an tAire chun na scéimeanna céana do chur ar siúl, an bhfuil fhios aige go bhfuil sé sin i gcoinne gach comhairle de gach ball de Comhdháil Náisiúnta na Gaelige, de gach ball de Comhalta Uladh, agus mar sin, agus go bhfuil sé i gcoinne gach polasaí atá acu?
Comment on this
An abróidh an tAire gur thóg sé air féin cúramaí i leith limistéiri atá níos leithne ná na limistéiri atá luiate ins an Ordú a rinne sé le deannaí?
Comment on this
Even though the subject matters of Questions Nos. 21 and 22 may be relatively unimportant, nevertheless, in view of the principle involved in these questions, that an outside——