Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Printíseacht Ceirde: Buncháilíocht Oideachais.
den Aire Tionscail agus Tráchtála an inseoidh sé maidir leis an litir dar dáta Márta, 1961, Ó Chathaoirleach na Ceard-Chomhairle ag foilsiú do thuismitheoirí an bhuncháilíocht oideachais a chinn an Chomhairle a bheith riachtanach d'ógánaigh a rachaidh le printíseacht ceirde tar éis an chéad lá de Mheán Fómhair, 1963 (1) (a) na limistéir tíre agus (b) aois na n-ógánach go mbaineann an litir leo, (2) an méid cóipeanna den litir a clóbhuaileadh, (3) an méid cóipeanna a cuireadh amach lena scaipeadh, agus (4) córas a scaipthe.
Comment on this
Baineann an cheist seo le riarachán na Ceard-Chomhairle a bunaíodh faoi'n Acht Printíseachta, 1959. Ba cheart do'n Teachta an cheist a sheóladh díreach chun an Chathaoirligh, An Cheard-Chomhairle, Sráid Cill Dara, Baile Átha Cliath.
Comment on this
Níl cumhacht aige ach tá suim aige inti. Tá an Bord a bunaíodh faoin Acht ag obair. Dé ghná, ní tugtar eolas den tsaghas seo.
Comment on this
An bhfaca an tAire an litir a cuireadh amach chun na tuismitheoirí agus ar thuig sé cad a bhí inti?
Comment on this
An bhfuil a fhios ag an Aire gur thug an litir foláireamh do thuismitheoirí gur ceart dóibh mac léinn ar bith a chríochnaíonn san séú rang i mbliana a aistriú go dtí an scoil idir-mheánach nó an ceárd scoil?
Comment on this
An abrann an tAire gur dea-chomhairle é sin a thabhairt do thuismitheoirí maidir le daoine atá ag dul le ceárd? Iarann an tAire orainn scríobhadh go dtí Cathaoirleach an Cheárd-Chomhairle ach tuigim anois go molann sé do thuismitheoirí na buachaillí a thógaint as an scoil náisiúnta nuair a bhéas siad san séú rang.
Comment on this
Ní mise a mhol sin ach An Ceárd Chomhairle, agus is dócha go dtuigeann siad a ngnó féin.