Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Breithniú ar Chlár Teagaisc Sna Scoileanna Náisiúnta.
den Aire Oideachais an inseoidh sé an bhfuil beartaithe aige an clár teagaisc i gcóir páistí ó dhá bhliain déag suas sna scoileanna náisiúnta a bhreithniú, agus, má tá, cé a dhéanfaidh an breithniú sin; cathain a thosófar air; agus cathain is dóigh leis a bheidh an tuarascáil ar fáil.
Comment on this
Tá na cláir léinn ar fad do na ranganna go léir agus do na habhair go léir ins na bunscoileanna fé bhreithniú ag an Roinn do réir a chéile.
Mar sin, nílim tagaithe ar aon chomhairle chinnte fós fén rud ar fad.
Comment on this
Os rud é go bhfuil sé bliain imithe anois ó fuair an Roinn an tuarascáil ón gComhairle Oideachais mar gheall ar an chláir 12 bliana d'aois, an bhfuil aon breithniú faoi leith á dhéanamh ar na neithe sin?
Comment on this
Tá machtaomh á dhéanamh agam ar an gceist faoi láthair ach níl mé tagaithe ar aon socrú fós.