Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Blacksod (Mayo) Toy Factory.
asked the Minister for the Gaeltacht if his Department have proposals for an extension to the toy factory at Ellybay, Blacksod, County Mayo; what is the nature of these proposals; what is the cost of the extension; and if in view of the unemployment in the area he will expedite these proposals.
Comment on this
De réir forálacha an Achta Um Thionscail na Gaeltachta, 1957, is gnó do Bhord Ghaeltarra Éireann amháin stiúradh na Monarchan Bréagán i gCuan Éilí. Tuigim ón mBord gur cinneadh cóiríocht bhreise stórála a chur ar fáil don mhonarchain agus go bhfuil tosnaithe ar fhoirgint nua a thógáil chuige sin. Measann an Bord go gcosnóidh an fhoirgint nua tuairim £7,500.
38.
Comment on this
asked the Minister for the Gaeltacht the amount in cash which the toy factory at Ellybay, Blacksod, County Mayo, received from London for each of the years 1955 to 1960 for toys.
Comment on this
Ní féidir an t-eolas atá á lorg ag an Teachta a thabhairt i leith na mblianta 1955, 1956 agus 1957, tráth a raibh cúram na monarchan ar Sheirbhísí na Gaeltachta, toisc nach bhfuil mion-taifid na bhfáltas ar fáil anois. Tá Bord Ghaeltarra Éireann i gcúram Oifige Ó 1 Aibreán, 1958, agus ós rud é go mbaineann an gnó atá luaite ag an Teachta le mion-chúrsaí trádála an Bhoird, ní mheasaim go mba chuí dom a iarraidh ar an mBord eolas ina thaobh a sholáthar.
Comment on this
Would the Minister say why the accounts for the years 1955 and 1956 are not available now?
Comment on this
Tá an Teachta ag fiafraigh eolais uaim a bhaineas leis na blianta 1955, 1956 agus 1957, blianta nach raibh Bord Ghaeltarra Éireann i gcuraim na hoibre seo. Deireann Rúnaí na Roinne nach bhfuil an teolas sin le fáil. Tá sean nós, is dócha, sa Roinn gan na mion-taifid seo a choinneál chomh fad a sin.