We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Iarratas ó Chontae Luimnigh ar Phinsean Ranníocach.

den Aire Leasa Shóisialaigh cé mhéid iarratas ó Chontae Luimnigh ar phinsean ranníocach a tháinig go dtí a Roinn ó thús na scéime seo; cé mhéid pinsean díobh a bronnadh ar na hiarratasóirí; cé mhéid iarratas a diúltaíodh; agus cé mhéid cás atá faoi bhreithniú fós.

Comment on this
Kevin Boland Caoimhghín Ó Beoláin Fianna Fáil

Go dtí an t-ochtú lá ar fhicead d'Fheabhra, 1962, fuarthas 2,574 éileamh éifeachtach ar phinsean (ranníocach) seanaoise ó dhaoine a bhfuil cónaí ortha i gContae Luimnigh. Dámhadh pinsin i gcás 2,044 díobh san, diúltaíodh 527 éileamh agus tá 3 éileamh faoi bhreithniú fós.

Comment on this