We use Google Analytics to see which pages are read and how the site is used, so we know what to improve. This only runs if you accept. See our privacy notice for details.

Dáil

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéim Shiltín Na Máighe.

den Aire Airegeadais conas atá an scéal i láthair na huaire i dtaobh scéim Shiltín na Máighe i gContae Luimnigh; agus an féidir leis a rá cathain a chuirfear tús leis an scéim seo.

Comment on this

Tá scéim shiltín le haghaidh liomatáiste gabhála na Máighe á ullmhú ach ní béifear réidh tús a chur leis an obair go ceann roint bliana eile. Ní misde a rá go bhfuil na claífoirt in Inbhear na Máighe á deisiú fé láthair mar aon le deisiúchán na gclaífort in Inbhear na Sionainne.

Comment on this

An féidir leis an Rúnaí Parlaiminte a rá an mbeidh sé réidh i gceann bliana?

Comment on this

Beidh.

Comment on this